[Adtimchiol an chreidimh comhaghalluidhedar an maighiser, agas an foghluinte:] [aghon, minisder an tsoisgeil, agas an leanamh].

About this Item

Title
[Adtimchiol an chreidimh comhaghalluidhedar an maighiser, agas an foghluinte:] [aghon, minisder an tsoisgeil, agas an leanamh].
Author
Calvin, Jean, 1509-1564.
Publication
[Edinburgh:: J. Wreittoun,
1631].
Rights/Permissions

To the extent possible under law, the Text Creation Partnership has waived all copyright and related or neighboring rights to this keyboarded and encoded edition of the work described above, according to the terms of the CC0 1.0 Public Domain Dedication (http://creativecommons.org/publicdomain/zero/1.0/). This waiver does not extend to any page images or other supplementary files associated with this work, which may be protected by copyright or other license restrictions. Please go to http://www.textcreationpartnership.org/ for more information.

Subject terms
Reformed Church -- Catechisms -- Early works to 1800.
Link to this Item
http://name.umdl.umich.edu/B07434.0001.001
Cite this Item
"[Adtimchiol an chreidimh comhaghalluidhedar an maighiser, agas an foghluinte:] [aghon, minisder an tsoisgeil, agas an leanamh]." In the digital collection Early English Books Online 2. https://name.umdl.umich.edu/B07434.0001.001. University of Michigan Library Digital Collections. Accessed May 29, 2024.

Pages

DOMHNAC. 34.

234. O Dodhespoireadh & o dho chomh∣choilloideadh nj is lór adtimchiol an dara codach do n'onoir & don tservis diadha; ne∣och ata arna suidhjughadh an gcélleamhain & an úmhla, labhram anois adtimchiol an treas codach?

Adubhramar gurab é sin an'eadarghuidhe, an tan do chomhthetheam chuigeson is in uile e∣gcantus.

235. Ane go bhfuil tu ag breathnughadh gurab esean jna aonar is jn eadarghuidhthe?

Atam choidbche: oír ata se aga thin diairaidh sin dò fein, amhail onoir, & sheruis aîrithe adh∣iadhachta fein.

Page 63

236. Mas amhlaidh sin ata an tadhbhar cia an cor len cheadaigheach daoine d'aslách do thab∣airt cujdjghe duínn?

Is mhor adhbhal an teadardealughadh ata e∣dir an diasa: oir an tan eadarghuidheam Dia a∣tamaid ag fiadhnaissiughadh gan armbeth agfh∣eathamh mhaitheasa ar bjodh do thaobh ele, ach da thaobhson, & gan ar mbeth acur ar n'vile mhuinine, & chadhais a'nait ele, ach andson: gi∣dheadh atamaid isin ámsin fein ag jairaidh gcu∣jdighe, an mhéd legas se dhuínn, & tug se cn∣mhacht, & neart doibh ar gcuidinghadh.

137. Maseadh an mhéd go bfuilmid coimh∣thetheamh do chum cuidighe, & firínde daoine a∣der tú nach bacand sin maoin, jondas gomadh lo∣ighide do fédmaois en Dia dheadarghujdhe: O nach fuil ar ndóchas feast agabail fosa jonta, & nach mó achuncheam ar mhodh ele jad, acht ar son ar mboth arna gcludach dhoibh le comas, & le neart do dhénamh mhaitheasa: gur hordaigh Dia iad ar modh égin jna ministribh adheagh th∣ioghlaiceadh fein dhuínne, neoch is tre lamhaibh do b'ail les ar gcuiding ghadh & na conganta do chuir se adtaisge lamh riu, diairaidh tara nais duinn

Is amhlaidh sin thuigim: & ar son gach de∣aghthioghlacadh ata maid d'fagail vadhadhson, is re Dia is coír dhuînn ambuidhe do bhreth a∣mhail is se fein jna aonar ata aga dtabhairt vile dhuínne da ririhh tre bfreasdalson.

238. Gidheadh ane nach jn bhrethe abhuidhe re daoinibh coimhmenic do dhendaois maó in do shao∣thar

Page 64

dhuínn: oir ata cothrum, &, ceart ua nad∣uire, & lagh na daonachta aga dheachtadh so dhuínn?

Is coir & is in thabhartha bhuidheachas doibh ar gach aon mhodh; muna abheth acht ar son an'∣en adbhair se, gurab fhiu, & gurab airidhe le DIA jad ar an onoirse, aghon, na maitheasa shî∣leas, & shnidheas as tobar edtraidhtheach O a∣oinighsin tre laimhaibhsin amhail: tsruthain tre thuiraidhe do tharraing chugaind oir ata se ar an gcorsa ag'ar gceangal ríu, & is ail les sinde d'∣aithne aneach sin fein ar an adhbhar sin antí na∣ch fhuil aga thabhairt fein buidheach do dha∣oinibh; ata se ag nochtadh a nembhuidhechais maraon ar an modhsa do Dhia.

139. Ane nach ceadaigheach athionol as so gurab egcneasta eadarguidhthear ajngle no nao∣mhsherbhontadha an tighearna do jmirighidh as an mbeathaidhse?

Is ceadaigheach: oir nir dhiuraigh, & nir thug Dia na cotchasa do dhaoinibh diadha, jondas go bfedis cuidinghadh linde: & an mhêd bheanas ris na hainglibh, ge ata se acleachtadh ashaothar d'ar slanughadhne, gidheadh nj hail les an'edar∣ghuidhe lind.

140. Maseadh ader tu gach ni nach fhuil go des, & go haontadhach ag teacht les an or∣dughadh, & ris an statuid do rindheadh le Dia, a bheth acathughadh an'aghaidh athoile?

Adirim marsin: oir is comharrtha dearbh ne∣amhdhochais, & nemhchredimh gan abheth to∣ileamail

Page 65

les na nethibhsin ata an tigearna da th∣abhairt dhnínn jna dhiaidh sin mase go mbear∣am sind fein go muinighin naomh, no Aingeal, abhail bfuil Dia ag'ar n'gairm chuige jna aon∣ar, mase go dtiobhram thairis cuid égin don dó∣chas sin do dhligh anmhuin, & suidhe vile an Dia amhain, atamaid ag faidshleamhnughadh, & ag tuitim síos an'iodholacht, an tan, vmaro; roindfeam eatoirason a'ní do bhi Dia da bhreth ch∣uige fein go hairidhe.

Do you have questions about this content? Need to report a problem? Please contact us.