An Biobla Naomhtha iona bhfuil leabhair na Seintiomna ar na ttarruing as an Eabhra go Goidheilg tré chúram agus dhúthrachd an Doctuir, Uilliam Bedel, Roimhe so Easbug Chille móire a Néirinn: agus na Tiomna Nuaidhe, ar na ttabhairt go fírinneach as Greigis go Goidheilg, re Uilliam O Domhnuill. Noch atá anois chum maitheas coitcheann na nGaóidheail Albanach, áthruighte to haireach as an litir Eíreandha chum na mion-litre shoi-léighidh Romhanta; maille re suim agus brígh na ccaibidleach ós a ccionn, a nTiodaluibh aithghearr; re claraibh fós, ag míniughadh na mfocal budh deacraigh ré na ttuigsin, le R.K. M.A.

About this Item

Title
An Biobla Naomhtha iona bhfuil leabhair na Seintiomna ar na ttarruing as an Eabhra go Goidheilg tré chúram agus dhúthrachd an Doctuir, Uilliam Bedel, Roimhe so Easbug Chille móire a Néirinn: agus na Tiomna Nuaidhe, ar na ttabhairt go fírinneach as Greigis go Goidheilg, re Uilliam O Domhnuill. Noch atá anois chum maitheas coitcheann na nGaóidheail Albanach, áthruighte to haireach as an litir Eíreandha chum na mion-litre shoi-léighidh Romhanta; maille re suim agus brígh na ccaibidleach ós a ccionn, a nTiodaluibh aithghearr; re claraibh fós, ag míniughadh na mfocal budh deacraigh ré na ttuigsin, le R.K. M.A.
Publication
A Lunnduin :: ar na chur a gcló re R. Ebheringhtham, ag na seachd réultaibh sa tsráid da ngoirthear, Ave-Maria, abhfochair Luid-gheata, an bhlía. daóis an Tigh,
1690.
Rights/Permissions

To the extent possible under law, the Text Creation Partnership has waived all copyright and related or neighboring rights to this keyboarded and encoded edition of the work described above, according to the terms of the CC0 1.0 Public Domain Dedication (http://creativecommons.org/publicdomain/zero/1.0/). This waiver does not extend to any page images or other supplementary files associated with this work, which may be protected by copyright or other license restrictions. Please go to http://www.textcreationpartnership.org/ for more information.

Link to this Item
http://name.umdl.umich.edu/A28067.0001.001
Cite this Item
"An Biobla Naomhtha iona bhfuil leabhair na Seintiomna ar na ttarruing as an Eabhra go Goidheilg tré chúram agus dhúthrachd an Doctuir, Uilliam Bedel, Roimhe so Easbug Chille móire a Néirinn: agus na Tiomna Nuaidhe, ar na ttabhairt go fírinneach as Greigis go Goidheilg, re Uilliam O Domhnuill. Noch atá anois chum maitheas coitcheann na nGaóidheail Albanach, áthruighte to haireach as an litir Eíreandha chum na mion-litre shoi-léighidh Romhanta; maille re suim agus brígh na ccaibidleach ós a ccionn, a nTiodaluibh aithghearr; re claraibh fós, ag míniughadh na mfocal budh deacraigh ré na ttuigsin, le R.K. M.A." In the digital collection Early English Books Online 2. https://name.umdl.umich.edu/A28067.0001.001. University of Michigan Library Digital Collections. Accessed June 17, 2024.

Pages

Page [unnumbered]

An Soisgeul do reir MHATHA.

CAIB. I. Sinfiorrachd, 18 geineamhuin, 21 breith, 23 & miniughadh ainm Chriosd.

LEabhar geinealuigh Jósa Críosd mhic Daibhí, mhic Abraham.

2 Do ghein Abraham Isaac. Agus do ghein Isaac Jácob. Agus do ghein Jacob Iúdas agus a dhearbhráithre.

3 Agus do ghein Júdas Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Phá∣res Esrom. Agus do ghein Esrom Aram.

4 Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Náasson. Agus do ghein Náasson Salmon.

5 Agus do ghein Salmon Bòos ó Ra∣chab. Agus dó ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse.

6 Agus do ghein Iesse Dáibhí an Rí. Agus do ghein Dáibhi an Rí Solo∣mon ón mnáoi do bhí ag Urías.

7 Agus do ghein Solomon Robóam. Agus do ghein Robóam Abía. Agus do ghein Abía Asa.

8 Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghéin Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Osías.

9 Agus do ghein Osías Ióatam. A∣gus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Acha Esechías.

10 Agus do ghein Esechías Manas∣ses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosías.

11 Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhraithre ag bruid na Ba∣bilóine.

12 Agus tar éis bhruide na Babilóne do ghein Iechonías Salatiél, agus do ghein Salatiel Sorobabel.

13 Agus do ghein Sorobabel Abiúd. Agus do ghein Abiúd Eliáchim. Agus do ghein Eliáchim Asor.

14 Agus do ghein Asor Sádoc. Agus do ghein Sádoc Achim. Agus do ghein Achim Eliúd.

15 Agus do ghein Eliúd Eleasar. Agus do ghein Eleásar Mátan. Agus do ghein Mátan Iácob.

16 Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire as ar geineadh Iósa, dá ngoirthear Críosd.

17 Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre geinea∣luigh dég íad: agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúinè dég: agus ó bhruid na Babilóne go Críosd ceithre glúine dég.

18 Agus is mar so do bhí geineamh∣uin Iósa Críosd, óir tar éis daingin do thabhairt edir a mhathair M••••re agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá chéile fríoth torrach í ón Spiorad náomh.

19 Achd ar mbeith do Ióseph a fear na dhuine comhthrum, agus nar bháill leis isiomplair do dhéanamh dhí, bá mían ris a cur úadha ós íseall.

20 Agus ag smuaineadh na neithise dhó, féuch, do fhoillsigh aingeal an Tighearná é féin dó a naislinn, ag rádh, A Ioseph mhic Dáibhi, na biodh eagla ort do bhean féin Muire do gha∣bháil chugad, óir an i atá ar na ghein∣eamhuin innte, is ón Spiorad náomh é.

21 Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iósa dainm air, óir sláineo∣chadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh.

22 Agus do rinneadh so uile do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna tré san bhfaidh, ag rádh.

23 Tabhair dod aire, bíaidh maigh∣dean tórrach agus béaruidh si mac, agus do bhéaruidh tú Emmanúel dainm air (is ionann sin ré rádha, ar na mhìniugh∣adh, agus, Día maille rinn.)

24 Agus ar músgladh do Ióseph as a chodladh, do rinne sé mar do aithin aingeal an Tighearna dhe, & do ghabh sé chuige a bhean.

25 Agus níor aithin sé í no go rug fí a céudmhac, agus tug sé Iósa dainm air.

CAIB. II. Donóruigh na draóithe Criosd; 14 Theich Joseph leis don Egipt, 16 & mharbh Jo∣ruaith na leanba.

AGus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thìre Iúdaighe a laith∣ibh Iorúaith an rí, Féuch, tangadar Dráoithe ó náird shoir go Híarusalem.

2 Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Nîúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncámairne a réalt san aird shoir, agus tangamar dá onórugh∣adh.

3 Achd an tráth do chúaláidh an rí Iorúaith sin, bhi sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.

4 Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhô, agus sgríobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhiobh, Cía a náit ann a mbéartháoi Críofd.

5 Agus a dubhradarsan ris, a Mbeit∣leem thíre Iúdaighe, óir is mar so atá sé sgríobhtha ag an bhfaigh:

6 Agus tusa a Bheitleem talamb Iúda, ní tú is lugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad tiocfas an duibhce sdúireóchus mo phubal Israel.

7 Agus ann sin do ghoir Iorúaith na dráoithe òs íseal chuige, agus do

Page [unnumbered]

fhíafruigh sé dhíobh go roighér cía a naimsear ionar foillsigheadh an rélt.

8 Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthighe agus iárruigh an náoidhe go dithchiollach, agus tar eís a fnaghla dháoibh, innisigh dhamhsa é, do chum go rachainnsi féin, agus go dtiobhruinn onóir dhò.

9 Agus ar gcluinsin an ríogh dhóibh do imthigheadar: & féuch, an rélt do chunncadair sa náird shoir, do chuáidh sé rompa no go dtaínic sé agus gur chomh∣nuigh sé òs cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.

10 Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáirdeachus romhór iád.

11 Agus ar ndul a steach don tigh fúaradar an náoidhe a bhfochair a mha∣thar Muire: agus agá léigean air a nglúinibh dhóibh, do onóruigheadar é, agus ar nosgladh a gcisdeagh, tugadar tioghluicthe dhó, ór, agus tùis, agus mirr.

12 Agus ar bhfagháil teaguisg ó Dhía a naisling gan casadh dionsuighe Jo∣rúaith, do fhilleadar a slighe eile da dtír féin.

13 Agus ar nimtheachd air a nais dóibh, féach, do taibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag rádh, Eírigh & gabh a náoidheanán & a mhathair chugad, agus teith do Néi∣gipt: agus bi ann sin no go labhruidh misi riot, óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte.

14 Agus ar néirghe dhósan do ghabh sé an náoidhe chuige agus a mhathair ann sa noidhche, & do imthigh sé do Neigipt.

15 Agus do bhi se ann sin go bás Io∣rúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac féin as a Néighipt.

16 Ann sin an tan do chunnairc Io∣rúaith gó ndearnadar na dráoithe fonó∣mhad faoi, do las sé lé feirg: agus ar gcur [luchd dicheanta] úadh, do mharbh sé a raibh do léanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a tórànnaibh uile ó áos a dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoi∣thibh.

17 Is annsin do coimhliónadh an ní a dubhairt Ieremías an fáigh, a deir,

18 Do chlos guth a Ráma, caoi agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, & níor bháil lé sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar [na mbeathaidh.]

19 Agus an tan fúair Iorúaith bás, feúch do toibhreadh aingeal an Tigh∣earna a mbrionglóid do Ioseph sa Néi∣ghipt,

20 Ag rádh, Eirigh, gabh chugad an leanabh & a mhathair, & imthigh go talamh Iósrael, óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh, bás.

21 Agus do eírigh seísean, agus do ghabh sé an leanabh & a mhathair chuige, & tainic lé go talamh Iósraél.

22 Agus an tan do chúaluidh sé Arche∣láus do bheith na Rí attír lúdaighe a nionadh Iorúaith a athár, do bhí eagla air dul innte: achd cheana ar bhfaghail teaguisg ó Dhía dhó a mbrionglóid, do niompóidh sé go críochaibh na Galilé.

23 Agus an tan táinic sé ann sin, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret, do chum go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na Fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe.

CAIB. III. Teagasc & caithe beatha Eóin Bhàisde. 13 neach re ar baisdeadh Josa Criosd.

AGus ann sna laithibh sin do bhí Eoín baisde ag déanamh seannmóra a bhfasach thíre Iúdaighe,

2 Agus ag rádh: Déanuidh aithríghe, oír do dhruid ríoghachd Dé ribh.

3 Oír a sé so an té úd air ar labhair Isaias faígh, ag radh, Guth an té éimh∣gheas air an bhfasach, Ullmhuighih slighe an tighearna, déanuidh a chasain díreach.

4 Agus a sí culuigh do bhí uime Eóin; éadach do rúaidhneách chámhall, agus crios leathair a ttimcheall a leas∣ruigh, & a sé do budh bíadh dhó, lócuiste & mil fhiáin.

5 Do chûaidh Iarusaléim a mach chuige an tansoin, agus Iudéa uile, agus luchd na tálmhan atá a ttimcheall Ior∣dán uile:

6 Agus do ghabhadar baisdeadh úadha ann Iordán ag admháil a bpeacadh.

7 Agus an tan do chunnairc sé mórán do na Pháirisineacaibh agus do na Sa∣dûiseachaibh ag teachd do cum a bhais∣digh féin, a dûbhairt sé riu, A shiol na naithreach neimhe; cía do fhoillsigh dhá∣oibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd?

8 Ar a nadhbarsoin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh do naithrighe.

9 Agus na fmúainidh a rádh ionnaibh féin, Atá Abraham na athair aguinn: óir a deirim ribh, gurab éidir lé Dia clann do dhéanamh Dabrahám do na clochuibhsi.

10 Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air à nadhbhursoin giodh bé crann nach iom∣chrann toradh maith, gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.

11 Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhiaigh is láidire é ná mé, & ni fíu misi a bhróga diómchur: baisdfe feisean leis an spioraid náomh agus lé teinigh, sibh:

12 Agá bhfuil a chríathar ann a láimh, & glanfuigh sé urlár a bhúailte: agus crulnneochuigh sé a chruithneachd a nait thaisgidhe, & loisgfidh sé an cháidh lé tei∣nigh nach eídir dho mhúchadh.

Page [unnumbered]

13 Taínic Jósa an tansoin on Nga∣lilé go Jordán do chum Eóin, ìonnas go mbaisdfeadh sé é.

14 Achd cheana do thoirmeisg Eóin go gér é, ag rádh, Atá a ríachdanus o∣ramsa thusa dom bhaisdeadh, & an bhfuil tusa ag teachd chugamsa?

15 Agus do fhreagair Jósa é, agus a dubhairt sé ris, Léig dhó a nóis: oir is mar so is íomchubhaigh dhúinn gach uile cheart do choimhlionadh: do fhuluing sé dhó an tansoin.

16 Agus ar mbeith ar na bhaisdeagh Díosa, do chúaidh sé air ball súas as a nuisge: Agus féuch do hósgladh neamh dhó, agus do chunnnairc sé spiorad Dé ag tuirrling a gcosamhlachd choluim, & ag teachd air sion.

17 Agus féuch guth ó neamh, ag rádh, Ag so mo mhac grádhach sa, dhá bhfuil mo mhórthoil.

CAIB. IV. Do chuir an taidhbhirsehir cathughadh ar Chriosd, déis fadthrogadh. 17 Tar êis Iòsa do bhûadhughadh air, do thionnsgain sê a mhiniostralacht.

ANn sin do threóruigh an spiorad Jósa gus an bhfásch, do chum go gcuir∣feadh an Diabhal cathughadh air.

2 Agus an tan do throisg sé dá fhichiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin.

3 Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa mac Dé, aithin do na clochuibhsi bheith ná narán.

4 Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, ata sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.

5 Tug an Díabhal é an tanfoin don chathruigh naomhtha, agus do chuir sé air bheinn an teampuill é.

6 Agus a dubhairt sé ris, Mas tú mac Dé, teilg thú féin sios: óir a tá sé sgríobhtha. G ttiobhruigh sé aithne dá ainglibh ad thimcheall, agus toigeabh∣uidh siád thú ann a lámhaibh do chum nach búailfeá do chos fá chloich.

7 A dubhairt Jósa ris, Atá sé sgriobh∣tha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathughadh ar an tighearna do Dhia féin.

8 Rug an Díabhal a rís é do chum sléibhe roáird, agus do thaisbeín se dnó ríoghachda an domhain uile, agus a nglóir.

9 Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise íád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh.

10 A dubhairt Jòsa ris annfoin, Imigh romhad a chathuightheóir óir ata sgriobh∣tha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus as dó na áonar do dhéu∣na tú seirbhí.

11 Do fhágaibh an díabhal é an tan∣oin: & féuch, tangadar na haingil, & do rinneadar friotholamh dhó.

12 Agus an tan do chùaluidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé.

13 Agus ar bhfágbháil Nasarét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capear∣náum, do bhí chois na fairge a leithimeal Shabulon agus Neaphtailim.

14 Do chum go gcoimhlionfuidhthe an ní a dubhairt Esaias Faigh, noch a deir,

15 Talamh Sabulon, talamh Neph∣talim, slighe na fairge, ar an dtáobh thall do Jordan, Galilé na gcinea∣dhach:

16 An pubal do bhí na shuidhe a ndor∣chadus, do chunnairc se soillse mhór, agus atá solus ar neirghe do na daoinibh atá na suidhe a gcrích agus a sgáile an bháis.

17 O sin a mach do thionnsgain Jósa seanmóir do dhéanamh, ag rádh, Déa∣nuidh aithrighe, oír do dhruid an rio∣ghachd neamhdha ribh.

18 Agus ag siobhal Diósa ré táobh fhairge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lin san bhfairge (oir dob íasg∣airighe iád.)

19 Agus a deir sé ríu, Leanaigh misi, agus do dhéana mé íasgairighe air dhaoi∣nibh dhibh.

20 Agus ar bhfagbhail a lióntadh air ball dóibh, do leanadar eis••••a.

21 Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé díus eile dearbhrathar, Scú∣mas mhac Sébedé, agus Eóin a dhear∣bhráthair, a mhád a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a hontah: agus do ghoir sé iad.

22 Agus ar bhfagbháil an bhaíd & a nathar fein dhóibhsean, do leanadar é.

23 Agus do ghabh Jósa a dtimcheall na Galilé uile ag teagasg ann a Sionagó∣guibh agus ag seanmóir shoigéil na rio∣ghachda, & ag slánaghadh gach tinnis & gach éagcrúais a measg an phubail.

24 Agus do chúaidh a chlû feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán, agus ar na gcui∣bhreadh lé galruighthibh agus le pián∣túibh, éugsamhla, agus agá mbidis dea∣mhain ionnta, agus do bhiodh tinn lé goin na Ré, & luchd pailirile, agus do shlanuigh sé iád.

25 Agus do lean cuideachda mhór é, ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ja∣rusalém, agus ó Judéa, agus ó na ció∣chaibh atá don táobh thall do Jórdán.

CAIB. V. Seanmôir Chriosd ar an tslèibh, in a bhfuil na hocht beannuigheadh, & mîaiughadh an reachd.

AGus an tan do chunnairc Jósa an slúagh, do chuáidh sé suás ar shlíabh, agus ar suighe dhó, tangadar a dheisgío∣buil chuige.

2 Agus ar nosgladh a bhéil dó, do thea∣gaisg sé iád, ag radh:

Page [unnumbered]

3 Is beannuighthe na boichd a sbio∣ruid, óir is leó ríoghachd neimhe.

4 Is beannuighthe na daóine do ní do∣brón: oír do gheabha siád sólás.

5 Is beannuighthe na daóine ceannfai∣ghe: óir biaidh oighreachd na talmhan aca,

6 Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sai∣seochthar iád.

7 Is beannuighthe na daóine trócairea∣cha: óir do gheabha siád trócaire.

8 Is beannuighthe na dáoine atá glan na geroidhe: óir do chifid siád Día.

9 Is beannuighthe luchd na siothchána do dhéanamh: óir goirfidhthear clann Dé dhíobh.

10 Is beannuighthe an dream fhuiln∣geas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd neimhe.

11 Is beannuighthe bheithí an tan im∣dheargfuid daóine sibh, agus dhibeoruid sibh, & a déuruid gach uile dhrochfho∣cal ribh go bréugach, ar mo shonsa.

12 Biodh gairdeachas agus luáthgháir óruibh, óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

13 Is sibhsi salann na tálmhan: gidh∣eadh dá mbé an salann gan bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shaltairt fá chosaibh dáoine.

14 Is sibhsi solus an domhain: ní héi∣dir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach.

15 Agus nî lasaid dáoine coinnèal do chum go gcuirfidís fa bhéul buiséil í, achd a gcoinnléoir agus do ní fi solas dá a mbíonn a stigh.

16 Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhf iaghnuisi na ndáoine, a geruth go bhfaicfid siád bhur ndeaghoib∣righthe, agus go dtiobhruid glóir dá bhar nathaír atá ar neamh.

17 Na measaidh go dtaínic misi do sgáoileadh an dlighidh nó ná bfaigheann: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlíonadh.

18 Oír a deirim ribh go fírinneach, no go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh énjota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlion∣tar gach éin ní.

19 Ar a nadhbharsoin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh roibheaga so, agus theagaisgfeas na dáoi∣ne mar sin, goirfidhthear dhe, an duine is lugha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas & theagaisgfeas [iád], goirfidhthear duine môr dhe a rioghachd neimhe.

20 Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bhur bhfíreantachdsa fíreantachd na Sgríobuigheadh agus na Bhphairisíneach. nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.

21 Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na deúna dúnmhar∣bhadh, & gidh bé do dhéanas dúnmhar∣bhadh, biáigh sé cionntach ò bhreithea∣mhnas.

22 Achd á deirimsi ribh, gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adh∣bhar, budh ciontach don bhreitheamhnus é: & giodh bé neach a déuruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: & giodh bé a déuruidh, A amadaín, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

23 Uime sin ma thugann tú do tha∣bhartus do chum na haltora, & go gcuimh∣neochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair ad haghaidh.

24 Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiadhnuisi na haltóra, agus imthigh, & ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, & tar eisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodhlacadh.

25 Réidhigh go lúath réd easgcaruid, an feadh bhiás tú na fhochair sa tslighe: deagla go dtiobhradh teascara don bhrei∣theamh thù, agus go dtiobhradh an breitheamh thú don mháor, agus go dteilgfidhthi a bpríosún tú.

26 A deirim riot go firinneach, nach rachaidh tú as sin a mach, nó go nioca tú an fheóirling dheigheanach.

27 Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas.

28 Achd a deirimsi ribh, giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sann∣taighthe, go ndearnuidh sé adhaltranna lé cheana ann a chroidhe.

29 Ar a nadhbharsoin mas coinntach do shúil deas le hoilbhéim dfagháil duit, ban asad í, & teil uáit í: óir is fearr dhuit, aonbhall dod bhallaibh do dhul a mugha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.

30 Agus má bheir do lámh dheas sga∣nnail dhuit, gearr dhiót í, agus teilg uait í. Oír is fearr dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a mugha, na do chorp uile theilgean go hifearn.

31 Agus a dubhradh, Giodh bé leig∣theas a bhean phôsda, tabhradh sé lei∣tir dhealaighthe dhi.

32 Achd cheana a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean-phósda féin (ach amháin ar son adhaltrannais) go dtugann sé uirrthe adhaltrannas do dheu∣namh, & an té do bhéaraidh an bhean∣soin do léigeadh, do ní sé adhaltrannas.

33 Mar an gcéadna do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Ní thio∣bhruidh tú héitheach: achd do dhéana tú do mhóid go maith don Tighearna.

34 Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar mhodh ar bith: na tabhruidh neamh, òir a lé caithír Dé é.

35 Na tabhraidh an talamh, óir a sé Idól a chos é: na tabhruidh Iarusaléim, óir a si cathair an Riogh mhóir í.

36 Na tabhair do cheann fein mar mhionna, óir ní héidir riot àonruibe geal na dubh do dhéanamh.

Page [unnumbered]

37 Achd go madh é bhús comhrádh dhaoibh, A seadh, a seadh, ni headh, ni headh: achd gidh bé ni bhías as a gcionn so, is ó nolc atá sé.

38 Do chúalabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fiacail ar son siacaile.

39 Achd cheana a deirimsi ribh, Na culridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige an gíall oile.

40 Agus an té lêr ab aill cúis bhreitheamhnuis do chuir ort, agus do chóta do bhúain díot, leíg leis do chlóca fós.

41 Agus giodh bé bhéuras leis ar feadh míle ar éigin tú, imthigh leis ar feadh dhá mhile.

42 Tabhair ní don té iárfus ort é, agus giodh bé le nab mián airleagadh dfaghail uáid, na fill uáid é.

43 Do chúalabhair go ndubhradh, Gráidheóchuigh tú do chomharsa, agus bíaidh fúath agad dod námhaid.

44 Achd a deirimsi ribh, Bíogh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannai∣ghidh na dáoine mhallaigheas sibh, deúnaidh maith do na dáoinibh air ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas, agus dhíbreas sibh.

45 Do chum go mbeith sibh bhur geloinn ag bhur nathair féin atá air neamh, óir do bheir seisean fa deara go néirgheann a ghrían féin air na drochdhaoînibh & air na deagh dhaói∣nibh, & do nì sé fearthuinn air na fìréu∣nachaibh & air na neimhthíréunchuibh.

46 Oir ma bhíonn grádh agaibh don mhuinntir agá bhfuil grádh dháoibh, creúd é an lúaidheachd do ghéubhthaói? a né nach déunaid na Publiocáin an ní ceúdna.

47 Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin, créud do níthí do bhárr air chách? a né nach deùnuid na puibliocáin féin mar a gcéudna?

48 Ar a nadhbharsoin bídhidhsi deang∣mhálta, mar atá bhur nathair atá air neamh deangmhálta.

CAIB. VI. Leaidh an tseanmòir ar dhaònacht 5 Ʋr∣nuighe. 16 Throsgadh, 24 Shaidhbhrios, 33 & Righeachd De.

TAbhraidh bhur naire nach deún∣táoi bhur ndeirc a bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthi lúaidheachd ó bhur nathair atá air neamh.

2 Ar a nadhbharsoin a núair do nì tú déirc, na cuir galltrompa dha sheinm romhad, mar do nî luchd an fhùarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís gloir ó dhaóinibh go sirinneach a deirimsi ribh, go bhfuil a dtúarasdal aca.

3 Achd cheana an tan do ní túsa deírc, na biodh a fhios agad laímh chlí créud do ní do lámh dheas.

4 Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh hathaír do chí a bhfolach luáidheachd dhuit ós áird.

5 Agus an tan do nî tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábhaigh; oír is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh, agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád: go deimhin a deirimsi ribh, go bhfuil a dtúarusdal aca.

6 Achd cheana an tan do ní tusa ur∣nuighe, imthigh a sdeach ann do sheóm∣ra, agus ar níadhadh do dhoruis duit, guidh hathair féin ata a bhfolach: & do bhéaraidh hathair do chí a bhfo∣lach luáigheachd ós áird duit.

7 Achd cheana ag déunamh urnuighe dháoibh, na bithí rochainnteach mar na cineadhacha, óir saoílidh slád go néisd∣fidhthear riu ann a niomad bríathar.

8 Uime sin na samhlaighthear sibh riu: óir atá a fhios ag bhur nathair fein cía híad na neithe atá duireas∣bhaigh oruibh, ní is táosga na iárfui∣ghthí air iád.

9 Air a nadhbharfoin, déanaidhfi bhur nurnuighe mar so. Ar nathair atá ar neamh, náomhthar hainm:

10 Tigeadh do rioghachd. Deúntar do thoil ar an ttalámh, mar do nithear ar neamh.

11 Ar narán laéathamhail tabhair dhúinn a niu.

12 Agus maith dhúinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhféitheamhnuibh féin.

13 Agus na léig finn a ceathughadh, achd sáor inn ó olc. Oir is leachd féin an ríoghachd, & an cumhachd, agus an ghloír go siórruighe. Amen.

14 Oír ma mhaithtí a gcionnta do dháoinibh, maithfidh bhur nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna.

15 Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur nathair féin dáoibhfi bhur gcionta.

16 Agus an tan do níthí trosgadh, na bidhidh grúama mar luchd an fhúar∣chrábhaidh; oír dorchuidhid siád a naighthe do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh: a deirimsi ribh go fírinnneach, go bhsuil a ttúarasdal aca.

17 Achd cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, & ionnail haghaidh.

18 Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod athair atá a bhfolach: a•••••• do bhéuraidh hathair do chí a bhfolach, luáidheachd dhuit ós aird.

19 Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúailleann an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttoch∣laid agus mar a ngoidid na biothamh∣nuigh.

20 Achd cruinnigbidh ionmhas dháoibh

Page [unnumbered]

féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míol críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe.

21 Oir giodh bé ball iona bfuil bhur nionnmhas, ís ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.

22 Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhionn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach.

23 Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha: air a nadh∣bharsoin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin?

24 Ní héidir lé neach air bith seirbhís do dhéunamh do dha thighearna, óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, & grádh don duine eile: nó ceangalfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fear: ní héidir libh seirbhís do dhéunamh do Dhía agus do Mhammon.

25 Ar a nadhbharsoin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttim∣cheall bhur mbeatha, créud íosdáoi nó iobhtháoi: na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd ehuirfí umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach?

26 Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oir ní chuirid siól, agus ní bheanuid fiád, agus ní chruinnighid siád ann a sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur nathair neamhdhasa iád: a né nach fearr sibhsi go mór na iadsan?

27 Agus cía agaibh lé na iomad cúruim fhéadas áonbhannlámh do chur lé na aírde féin?

28 Agus créud fa a bhfuiltí rochú∣ramach a ttimcheall bhur gculadh? foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachuire: ní dhéunaid siád saóthar, agus ní shníomhaid siád.

29 Gidheadh a deirimsi ribh, nach raibh Solomh fein gon a uile ghlóir, ar na eúdughadh mar aón diobh lo.

30 Agus ma eúduigheann Día mar sin luibh an mhachaire atá a niugh ann, agus a márach ar na theilgein s núamhain, a né nach mó na sin sibhsi, A dhaóine beigchreidmheacha?

31 Uime sin na bhidhidh lán do chúram, ag rádh, Créd Jósam? no créd Jobhom? nó créd chuirfeam umainn?

32 (Oír a siád so uile Járruid na cinidheacha) óir atá a fhios ag bhur nathair neamhdha sa go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh.

33 Achd íarraigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan & teilgfidhthear na neithesi uile chugaibh.

34 Uime sin na biodh rochùram cruibh timcheall an laói máruigh, oìr biaidh a sháith cúruim air an lá a márach timcheall a neithe fein: is lór don lá a olc féin.

CAIB. VII. Criochnuigh an tseanmòir um bhreath dhian, 6 gan ní naomhtha chur a neamhshuim, 15 & fháigh aithniughadh ar thrdall a bheathaidh.

NA beiridh breath, do chum nach béarthaói breath oraibh.

2 Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrthar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheós∣fuidhthear dháoibh a ris.

3 Achd créd fá a bhfaiceann tû an broth atá a súil do dhearbhráthar, agus nach ccuireann tú à numhail an tsail atá ann do shùil féin?

4 No cionas a deúra tú réd dhear∣bhráthair, Fulaing dhamh an broth do bhúain as do shûil, agus féuch an tsail ann do shùil féin?

5 A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin, agus ann sin budh léir dhuit an broth do bhuáin as sûil do dhearbhrathar.

6 Na tabhraidh an ní naómhtha do mhadruighibh, agus na teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfiadhnuisi na muc: air eagla go suilteóraidís orrtha lé na gcosuibh, agus, ar bhfilleadh dhóibh go dtarrongaidís sibh féin as a chéile.

7 Jarruigh agus do bhéurtar dhaóibh: lurgairidh agus do gheabh∣tháoi: búalidh [an dorus] agus ois∣géolthar dháoibh.

8 Oîr gach uile neach iárrus, gla∣cuidh sé agus giodh bé lurgaireas, do ghéibh sé: agus is don té bhúaileas [an dorus] oisgéoltar.

9 Oir cía an duine agaibhsi, ma a∣tá go níarrfuigh a mhac arán, do bhéuraidh cloch dhó?

10 Agus mas iásg iárrfus sé, an aithir neimhe do bheúraidh sé dhó?

11 Ar a nadhbharsoin ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tioghluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur nathairse atá air neamh, neithe maithe don dreim iárrus air iád.

12 Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dheunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oir a sé so an dligheadh agus na faighe.

13 Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is fairsing an dorus, agus is leathan an tslighe thréraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thrîche.

14 Achd is cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.

15 Tuilleadh eile, coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidhibh állta fhúaduigheacha.

Page [unnumbered]

16 Air a ttórrthaibh aítheóntaoi íad, an gcruinnighid daóine caóra fineamhna do dhriseach, no fígighe do na foth∣annánaibh?

17 Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórtha maithe, achd do bheir an drochchrann drochthórrtha.

18 Ní héidir leis an gcrann maith drochthórtha diomchar, na leis an gcrann gcríon tórtha maithe do tha∣bhairt.

19 Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith, gearrthar é, agus teilg∣thear san teinidh é.

20 Ar a nadhbharsoin is air a ttór∣thaibh aitheontaói íad.

21 Ní é gach uile neach a deir riom∣sa, A thighearna, A thighearna, ra∣chas a sdeach sa rióghachd neamhdha, achd an té do ní toil mhatharsa ata áir neamh.

22 As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd: A thighearna, a thi∣ghearna, a né nach ad hainmsi do rin∣neamar fáigheadóireachd, & ad hainm∣si do theilgeamar a mach na deamhain, & do rinneamar iomad míorbhaileadh?

23 Achd cheana aidmhéochuidh misi ós aird dhóibh an tansoin, Níor aithin mé a ríamh sibh, imthighidh uáim a luchd déunta na heugcóra.

24 Ar a nadhbharsoin gach uile neach do chluin na bríathrasa agamsa agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig.

25 Agus do thùirling an fhearthainn agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaòtha, agus do bhùailea∣dar ar an ttigh úd, agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinníméd air charraig.

26 Agus gach uile neach do chlúin mo bhríathrasa, agus nach ccoimhlíonann ìad, saimhléochthar é lé duine leamh, neoch do thógaibh a thigh air ghaineamh.

27 Agus do thuirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéid∣eadar na gaótha, agus do bhuàileadar air an ttigh úd, agus do thuit sé, agus bá mór a thuitim.

28 Agus tárla an tan do chríochnaigh Jósa na briathrasa, gur ghabh úathbhas an pubal tré na theagasgsan.

29 Oir do theagaisg sé iad mar neach agá raibh cumhachda, agus nì mar na Sgríobuighe.

CAIB. VIII. Do leighis Josa an lòbhar, &c. 23 choisc sé an anfa, 28 & dfùadaigh sè na deamham as na daoinibh.

AGus tar éis teachda núas don tllíabh dhò, do leanadar cuideachda mhór é.

2 Agus féuch, tainic lóbhar chuige & do shléachd sé dhó, ag rádh, A thighearna, mádh áill leachd, ís éidir leachd misi do ghlanadh.

3 Agus ar síneadh a láimhe do bhean Iósa ris, ag rádh, Is áill, bí glan: & ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghla∣nadh.

4 Agus a deir Iósa ris, Tabhair dod aire gan a innisin do dhuine ar bhioth: achd imthigh, taisbein thú féin don tsa∣gart, & beir chuige an tiodhlacadh do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.

5 Agus ar ndul Diosa a sdeach go Capernáum táinic Scantúrion chuige dá ghuidhe,

6 Agus ag rádh, A thighearna atá móglach na luighe a sdigh a bpairilis, agus ar na phiánadh go roiomarcach.

7 Agus a deir Iósa ris, A teachd dhamhsa slainéochaigh mé é.

8 Agus ar bhfreagra don chaiptin, a dubhairt sé, a Thighearna, ní fíu misi thusa do theachd a sdeach fam chleith, achd a mháin abair an focal, agus slain∣éochthar mhóglách.

9 Oír is duine misi féin atá fá chu∣mhachdaibh, agá bhfuilid saighdíuirigh fúm; agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighidh sé: agus ris an bhfear oilesi, Tárr, agus tig sé: agùs rém shearbhfhoghantaigh, Déuna so, & do ní sé é.

10 Achd ar na chluinsin so Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na dhiáigh. Go frinneach a deirim ribh, nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh a Nío∣sráel féin.

11 Agus a deirim ribh, go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abraham agus Isaac agus Jácob sa rioghachd neamhdha.

12 Agus teilgfidhthear clann na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáigh ann sin gul agus gear∣radh fíacal.

13 Agus a dubhairt Iósa ris an gcaip∣tín, Imthigh romhad, agus bíodh dhuit do réir mar do chreid tù; agus do slánuigheadh a shearbhfoghantaidhe ar a núair sin.

14 Agus an tan tháinic Iósa go tigh Pheadair, do chunnairc sé mathair a mhná ná luighe, agus ì a bhfíabhrus.

15 Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí agus do rinne sí friothó∣lamh dhóibh.

16 Achd an tan do bhí déireadh an láoi ann, tugadar chuige móran ann a rabhadar deamhain, agus do theilg sé na spioruidighe a mach lé na fhocal, agus do shlánaigh sé gach uile dhuine dá raibh easlán.

17 Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias faigh, a deir: Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.

18 Agus an tan do chunnairc Iósa slúagh mòr na thimcheall, do aithin sé dul don táoibh oile.

19 Agus ag teachd do Sgríoba aírighe, a dubhairt sé ris: A mhaighisdir, lean∣fuigh misi thú giodh bé ar bhith ball ann a rachaidh tú.

Page [unnumbered]

20 Agus a deir Iósa ris, Atáid fúach∣aisighe ag na sionnchaibh agus neid ag éanlaithibh a naiéir: achd ní bhfuil áit ag mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann fáoi.

21 Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh fein ris: A thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús, agus mathair daghlacadh.

22 Achd a dubhairt Jósa ris, Lean misi, agus léig dona márbhuibh a mairbh fein daghlacadh.

23 Agus an tan do chúaigh sé a luing do leanadar a dheifgiobuil é.

24 Agus Féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gur fhol∣aigheadar na tonna an long: achd do bhi seisean na chodladh.

25 Agus ar ndul chuige dá dheis∣giobluibh, do dúisgeadar é, ag rádh. A thighearna, sabháil inn; a támáoid air fágbháil.

26 Agus a deir seisean rìu, Créud sá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chrei∣dimh bhig? ar néirghe dhósan an tansoin do bhagair sé air an ngáoith, agus air an bhfairge, agus thainic ciúnas mór ann.

27 Agus do ghabh iongnadh na daói∣ne, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó.

28 Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar dias do dháoinibh air, ann a rabha∣dar deamhain, ag teachd as na tuá∣maighibh, agus do bhí rofhíoch∣mhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tflighesin do ghabháil.

29 Agus Féuch, do éimhgheadar, ag rádh, Créud è ar gcuidne dhiót a Jòsa mhic Dé? an dtainic tú ann so dhár gcéusadhne roimhe a naimsir?

30 Agus do bhí sealbh mhór mhuc a bhfad úatha ag inghilt,

31 Agus do íarradar na deamhain achchuinghidh airsean, ag rádh, Ma theilgeann tú a mach sinn, léig dhúinn dul sa tréud muc úd.

32 Agus a dubhairt feisean ríu, Im∣ighe: agus ar nimtheachd dóibh do chúadar ann sa tréud muc, agus Féuch, do thuit an tréud uile do náill a ndiáigh a geinn sa bhfairge, agus fuáradar bàs ann sna huisgidhibh.

33 Agus do theitheadar na búach∣illighe, agus do chúadar don chath∣raigh, agus do inniseadar na neithesi uile, agus fós na neithe do éirigh don suchd ann a rabhadar na deamhain.

34 Agus Féuch, do chùaidh an chathair uile a mach do theagmháil air Iosa: & an tan do chunncadar é, do íarradar air imtheachd as a ttórannaibh féin.

CAIB. IX. Do shaor Criosd daóine ô pheacadh, ó Phai∣rilisi, & iomdha galar. 36 Diarr se fós, Dia ghuidhe do, chur buachaille amach dha Eagluise.

AGus ar ndul a loing dhó, do chúaigh sé tar uisge, agus thainic se da chathraigh féin.

2 Agus Feuch, tugadar fear pairilise na luighe air a l••••baidh chuige: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh, a dubhairt fé re fear na pairilisi, Biódh muinighin mhaith agad, a mhic, ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.

3 Agus Féuch, a dubhradar cuid áir∣ighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso ag labhairt blaspheime.

4 Agus an tan do chunnairc Iósa a smúaintighthe, a dubhairt sé, Créud fí smúaintighthisi uilc ann bhur gcroidh∣thibh?

5 Oír cía is usa a rádh, A taid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit: nó a rádh, Eirigh agus siobhail?

6 Achd do chum go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag mac an duine peacaigh do mhatheamh ar an ttalamh (a deir sé an tansoin ré fear na pairilise) Eirigh, tógaibh do leab∣aigh, agus imhthig dod thigh.

7 Agus ar néirghe dhósan do chúaigh sé dhá thigh féin.

8 Achd an tan do chunnairc an pubal [an nísi] do ghabh iongantas iad, agus tugadar glóir do Dhía thug a leithede sin do chumhachdaibh do dháoinibh.

9 Agus an tan do chúaigh Iosa as a náitfin, do chunnairc sé óglach na shui∣ghe ag bord an chusduim, dar bhainm Matha, agus a dubhairt sé ris, Lean misi, agus ar néirghe dhó do lean sé é.

10 Agus tainic chum críche ar suidhe dhósan chum bídh san tigh, Féuch, tangadar iomad puibliocánach, agus peac∣thach, & do shuigheadar chum bidh ma raón ré Híosa agus ré na dheisgiobluibh.

11 Agus an tan do chunncadar na Phairisinigh sin, a dubhradar ré na dheisgiobluibhsean, Créud fa nitheann bhur maighisdirsi a bhfochair na bpui∣bliocánach agus na bpeacach?

12 Agus an tan do chualaigh Iósa [so] a dubhairt sé ríu, Ni ag an muintir a tá slán a tá féidhm ar an líaigh, achd ag an mninntir a tá easlán.

13 Achd imdhigh, agus foghlomaigh a chíall so: Trócaire is áill leam, agus ní hiódhbuirt: oir ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeac∣ach do chum aithrighe.

14 Ann sin tangadar deisgióbail Eóin chuige, ag rádh, Créud fa a ndéun∣maóidne agus na pháirifinigh iomad troisge, agus nach ttroisgid do dheis∣giobail sé?

15 Agus a dubhairt Iósa rìu, A néidir lé cloinn tseomra an fhir nùaphosda bheith dóbronach an feadh bhíos an té do pósadh na bhfochair achd cheana tiocfuidh lá ann a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid síad trosgadh.

16 Agus ní chuireann duine ar bhith

Page [unnumbered]

preaban déudach gan chórughadh air sheinédach, óir beanuidh sé a lán féin as a néadach, agus do nithear an bris∣eadh ní is measa.

17 Agus ni chuirid daòine fion núa a seanbhuidéulaibh, nó brisdear na buidéil agus doirtear an fion, agus téid na buidéil a mugha: achd cuirid siad síon núa a mbuideulaibh núadha, agus bid síad a ráon slán.

18 Agus ag labhairt na neitheannso dhò, ríu, Feuch, ar tteachd dúachdarán aírighthe [chuige] do onóruigh sé é, ag rádh, Fuáir minghean bás ar an mball, ach tarrsa agus cuir do lámh uirrthe, agus biáidh sí béo.

19 Agus ar neirghe Diósa do lean sé féin & a dheisgiobail é.

20 (Agus Féuch táinic bean ar a raibh dórtadh fola re dhá bhliághain dég táobh fhíar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh.

21 Oír a dubhairt si innte féin, Ma bheanaim lé na eúdach a mhain, bi∣aídh mé slán.

22 Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé. Biódh muinighin mhaith agad, a inghean, do shlánaigh do chreideamh thú, agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)

23 Agus an tan thainic Iósa go tigh a nùachdaraín, agus do chunnairc sé an luchd céoil agus an chuideachda ag dèunamh míoshúaimhnis,

24 A deir sé riu, Imthighidh romh∣aibh: óir ní bhfuil an cailín marbh, achd na codladh, agus do rinneadar∣san fonómhad faoi.

25 Agus an tan do cuireadh an chui∣deachda a mach, do chúaidh sé a sdeach agus rug sé air láimh uirrthe, agus do éirigh an cailin.

26 Agus do chuáigh an tásgsa a mach ar feadh na talmhansoin uile.

27 Agus an tan do imthigh Iósa as sin do leanadar días dall é, ag éimhghe agus ag rádh, Déuna trocaire oruinn a mhic Dáibhi.

28 Agus an tráth thainic sé a sdeach don tigh, tangadar na doill chuige, agus a deir Iósa ríu, An gcreidtí gur ab eidir leamsa so do dhéanamh? a deirid siádsan ris, Creidmíd, a Thighe∣arna.

29 Ann sin do bhean sé ré na súilibh, ag rádh, Teagmhadh dháoibh do réir bhur gcreidimh.

30 Agus do hosgladh a suile: agus do bhagair Iósa go géur orrtha ag rádh, Tabhraidh dhá bhur naire nach bhfuighe duine ar bith a fhios [sò.]

31 Achd ar ndul a mach dhóibhsean do leathnuigheadar a chlúsan fán ttal∣amhsoin uile.

32 Agus an tan do chúadarsan, a mach, Féuch, tugadar duine balbh chuige ann a raibh deamhan.

33 Agus tár éis an deamhuin do theilgean a mach, do labhair an balbh∣án, & do ghabh iongantas an pubal, ag rádh, Ní facas a leithéide so a Níos∣ráel ríamh.

34 Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé a mach na deamhain.

35 Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus bhaile, ag tea∣gasg ann a sionagógaibh, agus ag sean∣mòir shoifgéil na rioghachda, agus a slánughadh gach uile easláinte agus éag∣cruáis a measg an phubáil.

36 Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghér dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leath∣nughadh & ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.

37 A deir sé an tansoin re na dheis∣gioblaibh, Go deimhin is mór an fógh∣mhar agus is beag an luchd oibre.

38 Uime sin, guidhidh Tighearna an fhóghmhair, luchd oibre do chur a mach chum a fhóghmhair féin.

CAIB. X. Gairm, 5 múnadh, 16 & comhfhurtacht an dá Dhisciobail déag.

AGus ar ngairm a dhá dheisgiobal dég, tug sé cumhachda dhóibh a naghaidh na spiorad neamhghlan, do chum go tteilgfeidís a mach iad, agus go sláneochaidis gach uile easláinte agus éágcrúas.

2 Agus a síad so anmanna an dá easbal déug: an chéadduine [dhíobh] Síomón dá ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair, Séumas mhac Sebedé, agus Eóin a dhearbhra∣thair.

3 Philip agus Bartalomeus, Tomás agus Matha fear cruinnighthe an chusduim, Séumus mhac Alpheus agus Lebéus, dara comhainm Tádéus.

4 Siomòn ó Chánaan, agus Júdas Iscari∣ótes, an té fós do bhraíth eisean.

5 Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh ag rádh, Na gabhaidh go slighe na gcin∣eadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach.

6 Achd go madh táosga rachtáoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a mugha.

7 Agus ar nimtheachd dháoibh, déu∣nuidh seanmóir ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe [ribh.]

8 Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain. A naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.

9 Ná soláthruigh ór, na airgead, na umha in bhur gcreasaibh,

10 Ná mala chum na slígheadh, na dhá chóta, na bróga, na bata: óir is fiu an fear oibre a chuid [dfhaghail.]

11 Achd giodh bé ar bith cathair, no baile ann a rachuidhe a sdeach, fíafrui∣ghidh cía bhias deangmhalta innte, &

Page [unnumbered]

fanaidh ann sin, nó go bhfágtháoi [í.]

12 Agus ar ndul a sdeach don tigh dháoibh, beannuighidh dhó.

13 Agus mas fíu an tighsin é, go bhfoghnuigh bhur mbeannughadh dhó: agus muna fíu, go bhfillidh bhur mbean∣nughadh chugaibh féin a rís.

14 Agus giodh bé neach nach géubh∣aidh sibhsi, agus nach éisdfidh bhur mbriathra, ar ndul a mach as an teagh, nó as an gcathruighsin dibh, craithidh [dhíbh] lùaithreadh bhur gcos.

15 A deirim ribh go deimhin, go madh socamhluidhe do thalamh luchd Shodóm, agus Ghomorra a ló an bhrei∣theamhnus, nó don chathruighsin,

16 Féuch, cuirimse sibhse mar cháor∣chaibh a measg mhadradh állta: ar a nadhbharsoin bídhidh glic mar na hai∣threacha neimhe, agus neamhurchóid∣each mar na colama.

17 Achd bídhidh ar bhur gcoimhéd ar na dáoinibh: óir do bhéuraid síad a láimh sibh do chomhairleachaibh, agus sgíursfuid sibh ann a siónagógaibh.

18 Agus fós béarthar sibh chum úachdarán agus chum rioghtheadh ar mo shonsa, mar fhínné dhóibhsean agus do na cineadhachuibh.

19 Achd an tan do bhéaraid síad úatha a láimh sibh, na bíodh na ro∣chás oruibh cionnas, no créd laibhéor∣tháoi, óir do bhéarthar dháoibh ar a núairsin féin an ní laibhéortháoi.

20 Oír ní sibhsi labhrus, achd spiorad bhur nathar féin labhrus ionnaibh.

21 Agus do bhéaruidh an dearbhra∣thair a dhearbhrathair chum báis, agus an tathair, an mac; agus éireochuidh an chlann a naghuidh a naithreach, & a maithreach, agus do bhéuraidh fá deara a gcur chum báis.

22 Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son mhanmasa: achd giodh bê fhuiléongas go dti deireadh, a sé so shlainéochthar.

23 Agus an tan ghéarleanfuid síad sibh sa ccathruighsi, teithidh go cath∣ruigh eile; oir go dearbhha, a dei∣rimsi ribh, Nach géubhtháoi timcheall chaithreach Israel fuil thiocfas mac an duine.

24 Ní bhfuil an deisgiobal ós cionn a mhaighisdir, ná an searbhfhóghan∣tuighe ós cionn a thighearna.

25 As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdir, agus don tfhearbhfhogh∣antuidhe bheith mar a thighearna: má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin [ghoirfid é] dá mhuinntir?

26 Ar a nadhbharsoin na bíodh a neagla oraibh; óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe nach dtiocfuidh chum soillsi: agus ní bhfhuil énní ar ceilt nach aithéontar.

27 An ní a deirimsi ribh ann sa dor∣hadus, abruidhsi é ann sa tsolus: A∣gus an nì do chluinntí in bhar gclúais foillsighe é air mhullach na dtigthe.

28 Agus na bíodh oruibh eagla na muinntíre mharbhas an corp, agus leis nach éidir an tanam do mharbhadh: Achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh lenab éidir an corp agus an tanam do mhilleadh a nifearn.

29 A né nach reacthar dhá gheal∣bhann ar fhéorling, agus ní thuitfidh áon aca ar an dtalamh gan bhur nathairse?

30 Achd cheana atá grúag bhur gceinn∣se uile ar na comháireamh.

31 Ar a nádhbharsoin na biodh ea∣gla oraibh: is fearr sibhsi ná mórán gealbhann.

32 Ar a nadhbharsoin giodh bé aid∣mhéochas misi a bhfiághnuisi na ndáoine aidmhéochuidh misi eision a bhfía∣ghnuisi mhathar atá ar neamh.

33 Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean a bhfíaghnuisi mhathar a tá ar neamh.

34 Ná meafaigh, go dtáinic misi do chur shìothchána ar an dtalamh: ní do chur shiothchána tháinic mé, achd do chur cloidhimh.

35 Oir tháinic mé do chur dhuine a naghuidh a athar, agus na hinghine a naghuidh a mathar, agus mná an mhic a naghuidh mathar a céile.

36 Agus budh naimhde do dhuine a luchd éintighe féin.

37 Agus giodh bé ghrádhuigheas a athair, no a mhathair, ni is mó na misi, ní fiu é misi: agus giodh bé ghradh∣uigheas a mhac no a inghean ós mó chionnsa, ní fiu é misi.

38 Agus an tè nach glacann a chros, agus nach leanann misi, ní fiu é misi.

39 Giodh bé gheabhas a anam, caill∣fidh sé é: agus giodh bé chaillfeas a anam air mo fhonsa, do gheabhaidh sé é.

40 An té ghabhas sibhse chuige, ga∣bhaidh sé misi, agus giodh bé ghabhas misi, gabhuidh sé an té do chuir úadh mé.

41 An té ghabhas fáidh a nainm fáidhe, do gheabhuidh sé túarasdal fhái∣dhe: agus giodh bé ghabhas fíréun a nainm fhíréin, do gheabhaidh sé túar∣asdal fhíréunaigh.

42 Agus giodh bé bhéuras cupán duisge fhúar amháin re na ól déinneach do na daóinibh beagasa a nainm deif∣giobuil, a deirimsi ribh go fírinneach, nach ccaillfidh sé a lúaidheachd.

CAIB. XI. Teachdaireacht Eoin go Hiosa. 20 & sear∣moin shearbh do dhaoinibh doitheagaisc, 28 achd mhuirneach, do nirisiol, umbal.

AGus tárla a núair do chríochnuigh Iòsa aitheanta do thabhairt dá dhá dheifgiobal déug, gur imthigh sé as sin do sheanmóir, agus do theagasg ann a gcaithreachuibh fúd.

Page [unnumbered]

2 Agus an tan do chúalaigh Eóin ann a phrìóún gníomhartha Chriosd, ar gcur deisi dá dheisgiobluibh ùadh,

3 A dubhairt sé ris, An tusa an té úd do bhi chum teachda, nó an mbía súil againn réd atharrach?

4 Agus ar bhfreagra Díosa a dubh∣airt sé ríu, Imthighidh & innisigh Déoin na néithe do chluinnti & do chithi:

5 Do gheibhid na doill radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.

6 Agus is beannuighthe an té nach bhfuighe scandail ionnamsa.

7 Agus ar nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris an gcoimhthionól, [ag rádh] Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? an giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?

8 Achd créd é an ní agá ndeachabh∣air a mach dá fhéuchuin? duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh míne? Féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe míne iompa, is a dtighthibh na ríogh∣theadh bhíd siad.

9 Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach dá fhéuchain? fáidh? a deirim ribh go deimhin, & ní as mó ná fáidh:

10 Oír a sé so an té air a sgriobhthar; Féuch, cuirimsi mo theachdaire romh∣ad, neach uiilmhéochas do shlighe ro∣mhad.

11 A deirim ribh go fírinneach, nach ar éirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin baisde: achd cheana giodh bhé is lugha ann sa rioghachd neamhdha, is mo é ná eisean.

12 Agus ó láethibh Eóin baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúadui∣ghid luchd an fhoiréigin í.

13 Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin.

14 Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias do bhí chum teachda.

15 Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éifdeachda, éisdeadh sé.

16 Achd cía lé a famhlóchuidh mé an geinealachso? is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimh∣gheas ar a gcompánachoibh,

17 Agus a deir, Do rinneamar céol dáoibh, agus ní dhearnámhair dámhsa: do cháoineamar dháoibh, agus ní dhear∣namhair gul.

18 Oír tháinic Eóin, ní ag ithe ná ag ól, & a deirid siad A tá deamhan ann.

19 Tháinic mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch, an duine cráosach agus pótaire fìona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach: gidheadh a tá an gliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.

20 Do thionnsgain fé an tansoin mill∣eán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidh∣ibh, ar son nach dearnadar aithríghe.

21 Is anáoibhinn duit a Chorasin, is anáoibhinn duit a Bheitsáida: óir dá madh a Ttirus & a Sídon do dhéan∣tuidhe na miorbhuile do rinneadh ion∣naibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin & a lúaith.

22 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus & do Shídon a ló an bhreitheamhnus, ná dháoibhsi.

23 Agus tusa a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilg∣fidhthear síos go hifearnn thú, óir dá madh a measgluchd Shodoim do dhéan∣tuidhe na míorbhuile do rinneadh ion∣natsa, do anfaidís [gan sgrios] gus a níu.

24 Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socambluighe do dhuthaidh luchd Shodoim a ló an bhreitheamhnuis, ná dhuitsi.

25 Do fhreagair Iósa a nuáirsin & a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a athair, a Thighearna neimhe & talmhan, ar son gur fholuigh tú na nei∣these ó dhaoinibh eagnuidhe & tuigsea∣nacha, & gur nocht tù íad do leanbaibh.

26 A seadh athair, do bhríogh gur ab mar sin do bhí do dheaghthoilse.

27 A tá gach uile ní ar na thabhairt dhamhsa ó máthair: & ní háithnidh déinneach an mac achd do náthair: & ní háithnidh deinneach an tathuir achd don mhac, & dá gach áon dár ab áill leis an mac a fhoillsiughadh.

28 Tigidh chugamsa uile a bhfuiltí tuirseach, agus fa anúalach, & do bhéa∣raidh mé fúaradh dháoibh.

29 Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, & foghlamuigh úaim, óir a táim ceannsai∣ghe & umhal a gcroidhe: & do gheabh∣tháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.

30 Oir a tá mo chuingsi sóiomchur, & a tá múalach éadtrom.

CAIB. XII. Gur fearr tròcaire no iodhbairt, 22 gur chuir Criosfd anaghaidh na ndeamhan, mar fhúath riu, 31 & gur ro bhaoghlach bith tarcuisneach ar an Spiorad naoimh.

DO chuáidh Iósa fá námsoin an sá tsáoire thrid na gortaibh: & do bhí ocaras air a dheisgiobluibh, & do thionnsgnadar déasach do bhúain, & a nithe.

2 Agus an tan do choncadar na Phái∣risinigh so, a dubhradar risean, Féuch, do ní do dheisgiobail ní nach cóir dhéanamh ann sá tfáoire.

3 Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhí an tan do bhí ocaras air féin, & ar an muinntir do bhí ná fharradh?

4 Ciondas do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, & do ith sé aráin ná híodh∣bartha, nár cheaduightheach dhó féin, ná

Page [unnumbered]

don droing do bhí na fhochair dithe, achd do na sagartaibh a mháin?

5 Nó a né nar léaghabhair ann sa dligheadh, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsaoire lá na sabboide, agus go bhfuilid neimhchiontach?

6 Achd a deirim ribh, Go bhfuil neach is mó na an teampoll ann so.

7 Agus da mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam agus nì hiodhbairt, ni dhaimneochadh sibh na daoine neimhchionntach.

8 Oír a sé mac an duine Tighearna na sabbaide féin.

9 Agus tar éis imtheachda as sin dó, táinic sé dá sionagóig súd.

10 Agus Féuch, do bhi duine ann ag a raibh lamh sheargthuighe: agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An cea∣duightheach leigheas do dhéanamh ann∣sa tsaoire.

11 Achd a dubhairt séisean ríu, Cía agaibhsi duie agá mbiadh áoncháora a mháin, agus dá dtuiteadh sí air an tsaoire a bpoll, nach béaradh uirrthe, agus nach dtòigeabhadh a niós í?

12 A né nach mór is fearr duine na cáora? ar a nadhbharsoin is ceaduigh∣theach maith do dhéanamh air an tsáoire.

13 Ann sin a deir seisean ris an duine agá raibh an lamh sheargthuighe, Sín a mach do lámh, & do shin: & do bhí sí ar na haiseag slan mar an láimh eile.

14 Agus ar ndul a mach do na Phairi∣sineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfiis é.

15 Agus an tan do aithin Iosa so, do imthigh sé as sin, agus do lean slúagh mór é, agus do shlànaigh sé íad uile.

16 Agus do rinne sé bagar orrtha do chum nach déanaidis follus é.

17 Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir:

18 Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé, mo ghradh féin dá bhfuil toíl mhór ag mhanam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, & inneósuidh sé breitheamhnus do na cineadhachaibh.

19 Ni dhéanaidh sé ceannairc, ní dhéanaidh sé éimhghe, agus ní chluinfidh neach ar bith a ghuth air na sráidibh.

20 Ní bhrisfidh sé giolcach brúite, agus ní mhúchaidh sé líon do ní deat∣ach, nó go dtuguidh sé breitheamhnus chum bùadha:

21 Agus is ann a ainmsean bhiás mui∣nidhin ag na cineadhachuibh.

22 Tugadh chuige an tansoin duine ann a raibh deamhan, do bhí dall, agus balbh: agus do shlánaigh sé é, ionnus gur labhair an balbhán, agus go bhfacuidh an dall.

23 Agus do ghabh iongantus an pu∣bal uile, agus a dubhradar, A né nach é só Criósd mac Dháibhì?

24 Agus an tan do chúaladar na Phai∣risinigh [so,] a dubhradar, Ni theilg∣eann an fearso na deamhain amach, achd tré Bheiliebub prionnsa na ndeamhan.

25 Achd an tan do aithin Iosa a smú∣aintighthe, a dubhairt sé ríu, Gach rio∣ghachd atá roinnte na haghaigh féin, biáidh si na fásach: agus gach uile chathair, nó theagh, a tá roinnte na aghaidh fein, ni sheasfuidh sé.

26 Agus ma theilgeann diabhal, dí∣abhal a mach, a té sé roinnte na agh∣aidh fein: ar a nadhbharsoin cionnus anfus a rioghachd na seasamh?

27 Agus mas le cumhachdaibh Bheil∣sebub theilgimsi a mach na deamhain, cia lé a dteilgid bhur gclannsá a mach [íad]? air a nadhbharsoin béid siádsan na mbreitheamhuin orabhse.

28 Achd más le spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic riogh∣achd Dé chugaibhsi go deimhin.

29 No cionnas is éidir le héinneach dul go tigh dhuine láidir, & a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tus an duine láidir, agus ann sin sladfuidhe sé a thigh.

30 Giodh bé nach bhfuil leamsa, a tá sé a maghaidh: agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa, scabuighe sé.

31 Air a nadhbharsoin a deirim ribh, Go maithfidhthear gach peacadh agus gach blaspheíme do na dáoinibh: gidh∣eadh nì maithfidhthear do na dáoinibh, blaispheíme a naghaidh an spiorad naóimh.

32 Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh mhic an duine, maith∣fidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an spiorad naóimh, ni maithfidhthear dhó é ann sa tsháogh∣also, ná ann sa tsaoghal a tá a teachd.

33 Ceachdar do dhá ní, déanaidh an crann maith & a thoradh maith nó déanaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann.

34 A shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do la∣bhairt, ó a tá sibh féin go holc? óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul.

35 Do bheir an duine maith neithe maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.

36 Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreith∣eamhnuis ar son gach aóinbhreithre diomhaoinighe dá laibhéoraid síad.

37 Oìr is as do bhríathruibh sháor∣fuidhthear thú, agus is as do bhriath∣ruibh daiméontar thú.

38 Ann sin do fhreagradar dream do na Sgríobuidhibh agus do na Phairisín∣eachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir is mian linn comhartha dfaicsin úait.

39 Achd ar bhfreagra dhósan, a dú∣bhairt sé ríu; Jarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach, comhartha: agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd

Page [unnumbered]

an comhartha úd lónás an faidh.

40 Oír mar do bhi Iónas a mbroinn an mhíl mhoir trí lá agus tri hoidhche, is mar sin bhías mac an duine a gcroidhe na talmhan trí lá agus trí hoidhche.

41 Eiréochaidh luchd Niniué a mbrei∣theamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochaid síad é oír do rinnea∣darsan aithrigh ag seanmoir Iónas: agus féuch a tá neach is mó ná Iónás ann so.

42 Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe bhudh dheas a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh fí é: óir tainic sisi ó leithimea∣luibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh: agus féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so.

43 Achd cheana tar eís dul don fpioraid neamhghlain as an duine a∣mach, siobhluidh se trí ionadaibh tíor∣ma, ag iárraidh suáimhnis: agus ní fhaghann.

44 A deir sé an tansoin, Fillfidh mé dom thigh féin, as a ttainic mé. Agus tar éis teachda dhó, do gheibh sé fo∣lumh, sgúabtha, deaghmhiseach é.

45 Imthighidh sé an tansoin, agus do bheir sé seachd spioraide eìle is measa ná é féin leis: agus ar ndul a sdeach áitrighid síad ann sin, agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach: agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.

46 Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch do sheasadar a mha∣thair, & a dhearbhraíthreacha a muigh ag iárruidh labhartha ris.

47 Agus a dubhairt neach eigin ris, Féuch, a tá do mhathair agus do dhear∣bhraithreacha na seasamh a muigh ag sarraidh labhartha riot.

48 Agus ar bhfreagra dhósan a du bhairt sé ris an té do innis [so] dhó, Cia hí mo mhathair, agus cía hiad mo dhearbhraithreacha?

49 Agus ar sìneadh a láimhe chum a dheisciobal dó, à dubháirt sé, Féuch mo mhathairsi, & mo dhearbhraithreacha.

50 Oir giodh bé neach do dhéanaidh toil matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, & mo dheirbhshíur, agus mo mháthair.

CAIB. XIII. Seanmôir um an tsioladóir, 18 ar na foillsiu∣ghaub; 53 & Josa fa neimhchion, amháin ag muintir a thir féin.

AGus ar nimtheachd Díosa a mach as an dteach an lásoin do fhuigh sé láimh ris an bhfairge.

2 Agus do chruinnigheadar sluaighthe móra chuie, ionnas ar ndul a sdeach a luing gur shuidh sé: agus do sheas an slùagh uile ar an dtráigh.

3 Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuaidh sioladóir a mach do chur shíl:

4 Agus ag cur an tsil dó, do thuit cuid dhe chois na sligheadh: agus tangadar a néanlaith, agus a dúadar é.

5 Agus do thuit cuid eile dhe a bhfea∣ran chlochach mar nach raibh mórán úire aige & do fhás sé go lúath do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan.

6 Agus ar néirghe don ghréin do dóidheadh é, & ar son nach raibh fréumh aige, do shearg sé.

7 Agus do thuit cuid eile dhe eidir mhuineach, agus do éirghe an muineach súas, agus do mhúch sé é.

8 Agus do thuit cuid eile dhe a dta∣lamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céud, agus cuid trì fichid, águs cuid eile 〈◊〉〈◊〉 deich fichead.

9 Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, èisdeagh sé.

10 Agus tangadar a dheisciobuil chuige agus a dubhradar ris: Créd fa labhrann tu riu a gcosamhlachduibh?

11 Agus ar bhfhreagra dhósan a du∣bhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.

12 Oír giodh bé neach agá bhfuil [ní], is dó do bhéarthar, & biaidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan ní, toig∣éabhthar ûadh fòs an ní a tá aige.

13 Air a nadhbharsoin labhraim ríu a gcosamhlachdaibh, óir giodh a tá radharc aca ní fhaicid siad, agus giodh a tá éis∣deachd aca, ní chluinid síad, agus ní thuigid siad.

14 Agus cóimhlíontar ionnta fáigh∣eadóireachd Esaiás, a deir, Le héis∣deachd do chluinfidhe, & ní thuigfidhe: agus ag amharc do chífidhe, agus ní budh leir dhaóibh.

15 Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chùaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chao∣chadar a fúile, deagla go bhfaicfid is lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís lé na gcroidhe, agus go bhfillfidis, agus go leighéosainnse iad.

16 Achd as beannaighthe bhur súilesa, do bhigh go bhfaicid síad, agus bhur gclúasa do bhrígh go gcluinid siad.

17 Oír a deirimsi ribh go firinneach, Gur ab iomdha faidhe & firéanuigh lé ar mhían na neithesi o chíthisi dfhaicsin, agus ní fhacadar; & na neithe do chluin∣ti do chloisdin, agus ní chùaladar.

18 Air a nadhbharsoin éisdigh ré cos∣amhlachd an tsioladóra.

19 Coimhmioca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtui∣geann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe sé an ní do cuireadh ann a chroidhe: ag so an duine úd ann ar cui∣readh an siol chois na sligheadh.

20 Agus an té ùd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas

Page [unnumbered]

chuige é do láthair maille re gáirdea∣chas.

21 Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig triobulóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oil∣bhéim.

22 Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh, ag so an té do chluin an bhríathar: & múchaidh róchúram an tsaoghailsi, & mealltói∣reachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bi sé gan toradh.

23 Agus an té úd ann ar cuireadh an fíol a bhfearann maith, a sé so an té do chluin agus thuigeas an bhriathar, agus iomchras toradh, agus do bheir cuid céad, cuid tri fichid, agus cuid eile a deich fichead.

24 Do chuir sé cosamhlachd eile chu∣ca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chuir síol maith ann a fhearann.

25 Agus an tan do bhádar dáoine na gcodladh, táinic a námhaid agus do chuir sé cogal thríd an gcruithneachd, agus do imthigh sé roimhe.

26 Agus an tan do fhás an geamhar, agus tug sé a thoradh, ann sin do fhoill∣sigh an cogal é féin.

27 Achd ar dteachd do shearbhfhó∣ghantaóibh fhir an tighe, a dubhradar ris: A thighearna, a né nach síol maith do chuir tú ann tfearann? air a nadh∣bharsoin, cáit as a bhfaghann sé an cogal?

28 Agus a dubhairt seision ríu, Easg∣cara éigin do rinne so; agus a dubhra∣dar na searbhfhóghantuidhe ris, A náill leachd air a nadhbharsoin go ndeach∣máoisne & go gcruinneochamaois a bhfo∣chair a chéile íad?

29 Agus a dubhairt seisean ríu, Ní háill: air eagla ag cruinneagbudh an chogail daóibh go mbeanfadh sibh an chruithneachd as a fréumhaibh a naóin∣fheachd ris.

30 Fuilngidh dhóibh a ráon fás no go dtí an fóghmhar, agus a naimsir an fhóghmhair déara misi rém luchd búana, Cruinnighidh ar tús an cogal, & ceang∣luidh é na phunnannaibh, do chum a loisgthe, agus cruinnighidh an chruith∣neachd dom sgíoból.

31 Do chuir sé cosamhlachd eile chuca ag rádh: Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne musdaird do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann.

32 A sé go deimhin as lugha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, & do nithear crann de: ionnas go ttigid éan∣laith a naiéir, & go ndèanaid a nid ann a ghéagaibh.

33 Do labhair sé cosamhlachd eile ríu: as cosmhail rioghachd neimhe ré laibhín do ghlac bean, & do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.

34 Do labhair Iósa na neithesi uile ris an bpubal a gcosamhlachdaibh: & níor labhair sé ríu achd a gcosamhlachdaibh.

35 Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ni a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oifgéoluidh mé mo bhéul tré chosamh∣lachdaibh: nochdfuidh mé na neithe a tá foluighthe ò thosach an domhain.

36 Air léigean an tsluáigh úadh an tansoin, táinic Iósa a sdeach a dtigh: & tangadar a dheisciobail chuige, ag rádh: Minigh dhúinne cosamhlachd chogail an fhearainn.

37 Agus ar bhfreagra dhósan, a du∣bhairt sé ríu, An té chuireas an siol maith, a sé mac an duine é.

38 Agus a sé an fearann an domh∣an, agus a sé an siol maith, clann na rioghachda: agus a sé an cogal, clann an droichspioraid.

39 Agus an námhaid do chuir é, a sé an díabhal é: agus a sé an fóghmhar, deireadh an tsáoghail, agus a síad na búanuidhe, na haingil.

40 Agus amhail mar chruinnighthear an cogal, & loisgthear é lé teinidh: is mar sin bhias a ndeireadh an tsáoghailsi.

41 Cuirfidh mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid siad as a riogh∣achd gach uile scandail, agus an dream do ní éagcóir:

42 Agus teilgfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal.

43 Soillséochaid na fréanaigh an tansoin mar an ngréin, a rioghachd a nathar féin; giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé.

44 Mar an gcéudna, is cosmhail rio∣ghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann: noch tar éis a fhaghála do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdea∣chus do bhí air ar a shon, imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuìl aige uile, agus ceannuidh sé an fearannsoin.

45 A rís is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úalsle.

46 Agus ar bhfagháil áon neamhnaide mhórlúaighe dhó, do imthigh sé agus do reac se a raibh aige uile, agus do cheannaigh sé í.

47 A ris is cosmhail ríoghachd neimhe ré líon ar na theilgean ann sa bhfairge, & chruínnigheas da gach uile shórt [éisg:]

48 Noch an tan do lionadh, do thairrn∣geadar na [hiasgairighe] chum na trâgha & ar suidhe dhóibh, do chruinnigheadar na héisg mhaithe a soithighibh, achd do theilgeadar na droichéisg amach.

49 Is mar sin bhías a ndeireadh an tsáoghail: rachaid na haingil a mach, agus dealóchuid na drochdháoine as lár na bhfíréanach.

50 Agus teilgfid íad a núamháin théineadh: mar a mbiá gul agus gíosgán fiácal.

51 A deir Iósa ríu, Nar thuigeabháir na neithese uile? a deiridsion ris, Do thuigeamar, A thighearna.

Page [unnumbered]

52 Agus a dubhairt seisean ríu, Ar a nadh bharsoin gach uile Sgríoba atá fógh lomtha chum ná ríoghachda neamhdha, is cosmháil é ré fear tighe, do bheir as a chisde neithe núadha & sean.

53 Agus an tan do chríochnáigh Iósa na cosamhlachdasa, tárla dhó, gur fhágaibh sé a náitsin.

54 Agus an tan tháinic sé dá dhuth∣uidh féin: do theagaisg sé íad ann a Sionagoig: ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, & go ndubhradar, Cáit a bfhúair an fearso a neagnaso, & ná subháilce.

55 A né nach é so mac an tsaoir? a né nach dá mhathair ghoirthear Mui∣re, a né nach íad a dhearbhraithrea∣cha Séumas, & Jóses, & Simon, & Júdas?

56 Agus a né nach bhfuilid a dheirbh∣sheathracha uile éadruinne? air a nadh∣bharsóin cáit ann a bhfúair sé íad so uile?

57 Agus fúarardar óilbhéim annsan: achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil faidh fá neimhchion, achd ann a dhuth∣aidh féin, & ann a thigh féin.

58 Agus ní dhearnuidh sé mórán mior∣bhuileadh ann sin air son a míchiredimh.

CAIB. XIV. Baramhail Jorùaith ar Iosa, 3 Di-cheannadh Eoin Bhaisde arson a cheart-theagasc, 15 & tuille miorbhuilte Chriosd.

FA a námsoin, do chúalaidh Jór∣úaith an Téatrarca clú Josa.

2 Agus a dúbhairt sé ré na shearbh∣fhóghantuidhibh, A sé so Eóin baisde: déirigh sé ó mharbhaibh, & is dá bhrigh sin a táid subháilcighe ag oibreaghadh ann.

3 Oír do ghlac Jorúaith Eóin, & do cheangáil sé é, & do théilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mhna Phi∣lib a dhearbhráthar féin.

4 Oír a dubhairt Eóin ris, Ní dligh∣theach dhuit a beith agad.

5 Agus an tan do budh mían leis a chur chum báis, do bhí eagla an phu∣bail air, óir do bhí meas fáidhe aca air [Eóin.]

6 Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rugadh Jorúaith, dá dhéanamh, do rinne inghean Heródias damhsa ná bhfiadhnuisi: & do thaitin sí ré Hior∣úaith:

7 Ionnas gur gheall sé maille lé mion∣naibh go dtiobhradh sé dhí giodh bé ar bhith ní do íarrfadh sí.

8 Agus air bhfagháil teagaísg ó ná ma∣thair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin baisde air mhéis.

9 Agus do ghabh doilgheas an Ri: achd ar son a mhionn & ná muintire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt [di.]

10 Agus ar gcur [fhir dícheanta] úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.

11 Agus tugadh a cheann air mhéis, & tugadh don chailin é, & tug sisi dá mathair é.

12 Agus tangadar a dheisciobáil an tansoin, & rugadár a chorp léo, & do adhlacadar é, & tangadar & do inni∣seadar [sin] Díosa;

13 Agus an tan do chúalaidh Jósa so, do chúaídh sé as sin a luing a nionad fhásamhail air leith: & an tan do chùa∣laidh an pubal sin, do leanadar dá gcois é só na caithreachaibh.

14 Agus ar ndul a mach Díosa, do chonnairc sé coimhthionól mór, & do ghabh trúaighe mhor dhóibh é, & do shlánaigh sé a ndáoine easlána.

15 Agus an tan tháinic deireadh an láoi, tangadar a dheisciobuil chuige, ag rádh, Ait fhásamhail so, & do chúaidh a na m∣sear tharainn cheana: léig úait an slúagh, do chum go niméochaidís do na bailtibh, & go gceannochaidis bíadh dhóibh féin.

16 Ach a dubhairt Jósa ríu, Ní rigid síad a leas imtheachd: tabhruidhsi dhóibh ní lé na ithe.

17 Agus a dubhradarsan ris, Ní bhfuil againn ann so ach cúig arain & dá iasg.

18 Achd a dubhairt seisean riu, Tabh∣raidh chugamsa íad ann so.

19 Agus ar na áithne don phubal sui∣dhe air an bhféur, & ar nglacadh ná gcúig narán & an dá íasg, ag féachain súas air neamh, do bheannaigh sé, & ar ná mbriseadh tug sé ná harain do ná deiscioblaibh, & [tugadar] ná deisciobail don tshíagh [íad.]

20 Agus a dúadar uile [ni,] & do sá∣suigheadh íad; & do thógbhadar lán dhá chliabh dhég don bhíadh bhrisde do bhí dfoigheall aca.

21 Agus an mhuinntir do bhí ag ithe, do bhádar a dtimcheall chúig mhile fear, leith a muigh do mhnáibh & do lean∣baibh.

22 Agus air ball do chuir Jósa dfhia∣chaibh ar a dheisciobluibh dhul a luing & dul romhe féin don táoibh bile, no go léigeadh se an pubal úadh.

23 Agus an tan do léig sé an pubal úadh, do chúaidh sé súas air shlíabh ná áonar do dhéanamh urnuighthe, & an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí sé an sin ná áonar.

24 Agus do bhí an long fá a námsoin a meadhón ná fairge, dá teilgean a nunn & a nall ag na tonnaibh: óir do bhí an gháoth na naghaih.

25 Agus a gcionn an ceathramhadh faire do noidhche do chúaidh Iosa na nionnsaidh ag siobhal air an bhfáirge.

26 Agus an tan do chunncadar a dheis∣ciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádar air na mbuaidhreadh, ag rádh. Is gósda é: & do éimhgheadar lé heagla.

27 Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Bíodh meisneach maith agaibh: is misi a tá ann, ná bíodh eagla oraibh.

28 Agus tug Peadar freagra air, & a dubhairt sé, a Thighearna, más tú atá ann áithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.

Page [unnumbered]

29 Agus a dubhairt seisean, Tárr: & an tan do chúaidh Peadar sios as a luing do shiobhail sé ar na huisgidhibh, do chum teachd go Híòsa.

30 Achd an tan do chonnairc sé an ghaoth laidir, do ghabh eagla é: agus a núair do thionnsgain sé dul a nìcchar, do sgread sé, ag rádh, A thighearna, fóir orum.

31 Agus ar sineadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thù.

32 Agus an tan do chúadar a sdeach ann sa luing, do choisg an gháoth.

33 Agus tangadar an luchd do bhí fa luing, agus donóruigheadar é, ag rádh, Go fírinneach is tusa mac Dé.

34 Agus an tan do chúadar tar uisge, tangadar go talamh Genesaret.

35 Agus an tan do aithnidheadar luchd na háitesin é, do chuireadar fios air feadh na tírefin uile ar gach táobh dhiobh: agus tugadar gach a raibh easlán chuige.

36 Agus do chuireadar impidhe air, go mbáinfidís lé himeal a éaduigh a∣mháin: agus an mhéid díobh do bhean, do slánaigheadh íad.

CAIB. XV. Gur hé peacadh do shalchas duine. 21 agus gu dfuáir greim dhaingion chreidimh na mná ò Chanaan, a hiarratus di.

ANN sin tigid Sgriobuighe agus Phai∣risinigh ó Jerusalem go Hiósa, ag rádh.

2 Créd fá a sáruighid do dheisciobailsi gnáthughadh na sinnsear? oír ní ionnluid siad a lámha a núair ithid arán.

3 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Créd fá fáruigheann sibhsi leis, aithne Dé, lé bhur ngnáthughadh féin?

4 Oír tug Dia áithne, ag radh, Onó∣ruigh hathair agus do mhathair: Agus giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é.

5 Achd a dheartháoisi giodh bé neach a déara re na athair nó ré na mhathair, gach tabhartus dá dtuguimsi uaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi: agus ní onórfuidh sé a athair nó a mhathair.

6 Agus [mar sin] do chuireabhair a neimhmbrígh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin.

7 A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith do rinne Esaías fáigheadóireachd bhar dtimcheall, ag rádh.

8 Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh: achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe.

9 Achd is a ndiomháineas onóruighid síad misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg.

10 Agus ar ngairm an tsloigh, a dubhairt sé ríu, Eisdigh agus tuigìdh.

11 Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine, achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine.

12 Ann sin thangadar a dheiscio∣buil chuige, agus a dubhradar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisinigh do chuala an glórsa, oil∣bhéim [ann?]

13 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Gach uile phlanta nach ar chuir mathair neamhdhasa, beanfuigh∣thear as a fhréamhach é.

14 Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad, agus ma thréo∣ruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa dig.

15 Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ris, Minigh dhúinne an chosamhlachdsoin.

16 Agus a dubhairt Iósa, An bhfuiltísi leis fós ainbhfeasach?

17 A ne nach dtuigthísi fós, giodh bé ní théid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid sé sa mbolg, agus go dtéilgthear as sin don chamra é?

18 Achd na neithe theid a mach as an mbéal, is as an gcroidhe thigid siad, & is siad fin shaluigheas an duine.

19 Oír is as an gcroidhe thigid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhadh, adh∣altrannas, stríopachas, gauidheachd fíaghnuisighe brèige, blaisphemighe.

20 Is íadso na neithe shalchas an duine: achd biadh dithe lé lámhuibh gan ionnladh, ní shaluigheann sé an duine.

21 Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus, agus Shídon.

22 Agus féuch, táinic bean do Châ∣naan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si ag rádh ris, Déana trócaire oram A thi∣ghearna, a mhic Daibhí, a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan.

23 Achd nî thug seisean freagra ar bith uirthe, agus tangadar a dheiscio∣bail chuige, agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í: óir a tá sí ag eighmhe ar ndíaigh.

24 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cuireadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.

25 Gidheadh táinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A thighearna fóir orum.

26 Agus ar bhfreagra dhósan, a du∣bhairt sé, Ní cóir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngadhar.

27 Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin a thighearna: gidheadh fós, ithid no coilén cuid don sbrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.

28 Ar bhfreagra Diósa an tansoin, a dubhairt sé ria; O a bhean, is mór

Page [unnumbered]

do chreideamh, teagmhadh dhuit mar is toil leachd: agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.

29 Agus ar nimtheachd Diósa as sin, taínic sé láimh ré fairrge na Gailele: & an tan do chúaidh sé suas ar shliabh, do shuidh sé ann.

30 Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus mórán eile: agus do theilgeadar fá chosaibh Iosa íad: agus do shlanaigh sé íad.

31 Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na bal∣bháin ag labhairt, agus na dáoine cior∣thuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloîr do Dhîa Israel.

32 Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diôsa, a dubhairt sé, A tá trúai∣ghe agam don tslúagh: oir do fha∣nadar a nois ré tri lá am fhochair, agus ni bhfuil ní aca do iósaidis: agus ni háill leam a leigean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidís a nanbhfainne ar a tslighe.

33 Agus a deirid a dheiscioball ris, Cía a nait as a bhfuigheamáois ar an bhfa∣sach a noireadsoin darán, lé a saiseócha∣máois a chomhmór do shlúagh?

34 Agus a deir Iosa ríusan, Gá mhéad arán a tá agaibh? agus a dubhradarsan, A seachd, agus beagan diásgaibh beaga,

35 Agus do aithin seisean don tsluagh suidhe siós ar an dtalamh.

36 Agus ar nglacadh na seachd na∣rán agus na niasgsoin dó, ag tabhairt buidheachais, do bhris sé [íad], agus tug sé dhá dheisciobluibh féin; & [tu∣gadar] na deisciobail don tslúagh [íad.]

37 Agus do itheadar uile [ní], agus do fasuigheadh iád: & do thógbhadar lán sheachd gcliabh dfuigheall do bhiádh bhrisde.

38 Agus do bhádar an luchd a dúaidh [é] ceithre mhìle sear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh.

39 Agus ar léigean an tslúaigh úadh, do chúaidh sé a luing, agus taínic sé go leithimlibh Mhagdála.

CAIB. XVI. Droch theagasc na Bparisineach, insheachanta; 16 admhail ghlórmhar Pheadair; 24 & gu bfuil dfhiachaibh ar lucht leanmhuin Chríosd an nainmhian do chrosadh.

AGus ag teachd do na Phairisineachaibh agus do na Saduichíneachuibh, a cur chathuighthe air, do iárradar air comh∣artha do thaisbéaadh ó neamh dhóibh.

2 Agus ar bhfreagra dhósan a dubh∣airt sé riu, An tráth thig déireadh an láoi a deartháoi, [bíaidh sé] na shoininn: óir a tá an taiér dearg.

3 Agus ar maidin, [bíaidh] droch∣aimsear ann a nín; oir a tá an taier ag deargadh [agus] ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naiér do bhreathnughadh: achd a né nach éidir libh comharthuidhe na naimsearach [do thuigsin?]

4 Iárraidh an droichchineadh adhal∣trannach comhartha▪ & nî tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an faidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé.

5 Agus an tráth thangadar a dheiscio∣bail a dtír ann sa phort thall, do dhear∣madar arán do bhreith [léo.]

6 Agus a dubhairt losa ríu, Tabhruidh dá bhur naire agus coimheaduidh sibh ó laibhín na Bhpairisíneach agus na Saduichineach.

7 Agus do thagradarsan eatorra féin, ag rádh, Is ar fon nach dtugamar arán linn.

8 Agus ar na thuigsin sin Diósa a du∣bhairt sé ríu, A luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh?

9 A né nach dtuigthí fós, no nach ccuimhnighthí na cúig aráin na gcúig mhìle fear, agus ga mhed cliabh do thóg∣abhair?

10 Nó na seachd naráin na gceithre mhile fear, agus ga mhéd cliabh do thógabhair?

11 Cionnas nach ttuigthí nach a dtim∣cheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhín na Bhpairisíneach, & na Saduichineach?

12 Annsin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, ach ar theagasc na Bhpairisineach & na Saduichineach.

13 Agus a dteachd Diosa go críochaibh Shesaria Phi••••••í, do fhíafruidh se dá dheisciobluibh, 〈◊〉〈◊〉 rádh, Créd a deir na dáoine, cia misi mac an duine?

14 Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh, gur ab tú Eóin baifde, & cuid eile Elías, agus cuid eile Ieremías, nó áon do na faidhibh.

15 A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?

16 Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt fé, Is tusa Criósd, mac Dé bhí.

17 Agus ar bhfreagra Diósa an tráth∣soin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna, oír ní féoil ná fuil do fhoillsigh [sin] duit, achd mathairsi a tá air neamh.

18 Agus a deirimsi riot, gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin: & nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirthe.

19 Agus do bhéara m dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha, agus giodh bé ní cheingéolus tú ar talamh, biáidh se ceanguilte ar neamh: agus giodh bé ní sgáoilfeas tú ar talamh, biaidh sé sgáoilte ar neamh.

20 Ann sin do aithin sé dá dheiscio∣bluibh

Page [unnumbered]

gan innisin déin neach, gur bhé féin lósa Criosd.

21 O a núairsin amach do thionsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh gur ab éigin dó dhul go Hiarusaleim agus móran dfulang ó na sinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart, agus ó na Sgriobuidbibh, agus bas dfulang, agus eiséirghe an treas lá.

22 Achd do ghabh Peadar é, agus do thionnsgaín se achmhusan do thabhairt dó, ag rádh: A bhfad uaidse sin, a Thi∣ghearna: ní theigeobha so dhuit se.

23 Achd ar gcasadh dhósan a dubh∣airt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh a Shátain, is scandail dhamh thú: oír ní thuigeann tú na neithe [bheànas ré] Diá, achd na neithe [bheanas ré] dáoinibh.

24 A dubhairt Iosa an tansoin ré na dheisciobluibh, Mas áill lé neach teachd am dhiáighsi, diultadh sé dhó fein, agus tógbhadh sé a chros, agus leanadh se misi.

25 Oír giodh bé neach lé nab mían a anam fein do chumhdach, caillfidh sé é, agus giodh bé neach chaillfeas a anam ar mo shonsa, do gheabha sé é.

26 Oír créd é a tharbha do dhuine da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? no créd i án mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin?

27 Oír tiocfuih mac an duine a nglóir a athar féin maille lé na ain∣glibh: & do bhéara sé an tráthsoin dá gach neach do réir a ghniomharthadh.

28 Go firinneach a deirimsi ribh, go bhfuil cuid don luchd a tá na seasamh ann so, nach blaisfidh bás no go bhfaicid mac an duine ag teachd ann a rió∣ghachd féin.

CAIB. XVII. Athrughadh agus deallrughadh cruth Chriosd. 22 a thairrgir um a cheasadb. 24 agus iocadh an chanachais.

AGus a gcionn shé lá beiridh Iósa Pea∣dar agus Séumas agus Eóin a dhear∣bhráthair, agus tréoruighidh sé íad ar leith go slíabh árd.

2 Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiahnuisi, agus do dhealiruigh a agh∣uidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas.

3 Agus féuch, do taidhbhrigheadh dhóibh Máoise, agus Elias, a comhrádh ris.

4 Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ré Hiosa, A thighearna is maith dhúinn bheith ann so: mas áil leachd, déanam trí botha ann so, both dhuitsi, both do Mháoisi, agus both Dhelías.

5 Suil do sguir seisean do labhairt, féuch, do theilg néull soillseach sgáile orrtha: agus féuch, [táinic] guth as an néull, ag rádh, Ag so an mac grádhach úd agamsa, an a bhsuil mo thoil mhaith: Eisdigh ris.

6 Agus an tráth do chúaladar na deisgiobuil [so,] do thuiteadar air a nagh∣uidh agus do ghabh eagla romhór íad.

7 Agus ar dteachd Diósa, do bhean sé ríu, agus a dubhairt sé, Eirghidh, agus na biodh eagla oruibh.

8 Agus ar dtógbháil a súl dóibh, ni fhacadar éin neach, achd Iósa na áonar.

9 Agus an tráth thangadar a núas don tsliabh, do aithin Iósa dhióbh, ag rádh, Na hinnisidh dhéinneach an ní do taidhbhridheadh dháoibh, no go néirghe mac an duine ó mharbhaibh.

10 Agus do fhiafruigheadar a dheis∣ciobail dheisean, ag rádh, Maseadh créd fa a nabruid na Sgríobhuidhe, gur ab éigin Elias do theachd air tùs?

11 Agus ar bfreagra Diosa a du∣bhairt fe ríu, Tiocfuidh Elías gó fí∣rinneach ar tús, agus aiseocuidh sé gach éin ní:

12 Achd a deirimsi ribh go dtáinic Elías cheana, & nach ar aithnigheadar é, achd go ndearnadar a dtoil féin ris: is mar sin fhuiléongas mac an duine mar an gcéadna úatha.

13 Do thuigeadar na deisciobuil ann sin gur ab a dtimcheall Eóin baisde do labhair sé riú.

14 Agus an tan tangadar a gceann an choimhthionóil, do chuaidh neach ai∣righe chuige, ag sléuchduin ar a ghlúi∣nibh dhó.

15 Agus ag rádh, A Thighearna déana trocaire ar mo mhac, oir bhídh sé tinn lé goin na Ré, & is mor dolc fhuilngeas sé: óir tuitidh sé a dtenidh go minic, agus a nuisge go minic.

16 Agus do thairg mé dod dheiscio∣bluibhsi é, & níor fhéadadar a leigheas.

17 Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé, A chineadh dótheaguisg gan chrei∣deamh, gá fad fós bhías mé bhar bhfo∣chair? gá fad fos fhuiléongas mé fibh? tabhruidh chugamsa ann so é.

18 Agus do spreag Iósa an deamhan, agus do imthigh se as: agus do bhí an leanabh slán ó núansin a mach.

19 Ar dteachd do na deisciobluibh chum Iosa an tráthsoin fa leith, a dubh∣radar, Créd é an fáth nach ar fhéada∣mairne súd do theilgean a mách?

20 Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach: dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an, flíabhso, Athruigh as so ann súd a nunn: agus athrrochuidh sé: agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.

21 Achd cheana ni théid an sórt [deamhanso] a mach, achd lé hurnuigh∣the agus lé trosgadh.

22 Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar mac an duine a lá∣mhaibh na ndáoine.

Page [unnumbered]

23 Agus muirfid síad é, achd an treas lá eiréochaidh sé: agus do ghabh do∣brón romhór íadsan.

24 Agus ar dteachd dhóibh go Caper∣náum, tangadar luchd na cióschána do ghlacadh, go Peadar: agus a dubhradar, Nach íocann bhur maighisdirsi an cios∣cháin?

25 A deir seisean, Iócuidh: agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, da labhair Jòsa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman ciós, no cànáchas? an ó na gcloinn féin? nó ó choimhthighe?

26 A deir Peadar ris, O choimhthighe: a dubhairt Jósa ris, ar a nadhbharsoin A táid an chlann sáor.

27 Achd ionnas nach dtiobhramáois oilbhéim dhóibh, imthighsi chum na fáirge, agus teilg [innte] dubhán: & tóg an cédiásg thiocfas a niós: agus ar nos∣gladh a bhéoil, do gheabha tú piósa airgid: glac sin agus tabhair dhóibh é ar mo shonsa agus ar do shon féin.

CAIB. XVIII. Sèimheachd & neimh-dhioghaltas na leanba inleanmhuinne. 15 & ordughadb smachta na Heagluisi.

ANúairsin tangadar a dheisciobuil chum Jósa, ag rádh, Cia is mó ann sa rioghachd neamhdha?

2 Agus ar ngairm léinibh bhig chuige Diósa, do chuir sé an a lársan é.

3 Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, muna shilltí, agus muna bheithí mar leanbána, nach rachdéoi a sdeach don rioghachd neamhdha.

4 Ar a nadhbharsoin giodh bé ísléo∣chus é féin mar an leanbánso, a sé sin is mó a rioghachd neimhe.

5 Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán dá leithid so am ainmsi, gabh∣uidh sé misi chuige.

6 Agus gidh bé neach bhéaras oil∣bhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfhearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fa na mhuinél, agus a bháthadh a ndubhai∣gén na fairge.

7 Is mairgneach don domhan ar son oilbhéimeann, oír is éigin do na hoilbhéi∣meanraibh teachd: achd cheana is an∣oibhinn don duine tré a dtig an toil∣bhéim.

8 Achd má bheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr dhiót & teilg uaít [íad]; is fearr dhuit dul a sdeach don bheatháidh ar leathchois nó ar lea∣thláimh, ná dhá láimh agus dá chois do bheith agad agus do theilgean ann sa teiné shiorruidhe.

9 Agus má bheir do shúil adhbhar oil∣bhéime dhuit, bean asad & teilg uáit í: is fearr dhuit dul don bheathaidh ar lebth∣shúil, na dhá shúil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.

10 Tabhruidh dá bhur naire nach dta∣bhartháoi tarcuisne air éinneach don mhuinntir bhigsi: oír a deirim ribh go bhfaicid a naingilsion air neamh do ghnáth aghaidh mhatharsa a ta ar neamh

11 Oír táinic mac an duine do shabháil an neithe do chúaidh a mugha.

12 Créd do chithear dháoibh? dá mbeith céad cáora ag áonduine, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na nàoi gcáoiridh déag & ceithre fichid, & nach rachadh sé ar na sléibthibh diárruidh [na cáorach] do chúaidh air seachrán.

13 Agus ma theagmhann go bhfaghann sé í, a deirimsi ribh go fírinneach gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndèg & cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.

14 Mar an gcéadna ní hí toil bhur na∣tharsa a tá ar neamh, go rachadh éin∣neach do na dáoinibh beagasa a mugha.

15 Achd má pheacuigheann do dhear∣bhrathair ad aghuidh, imthigh & spreag é eadrad féin agus é féin amháin: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.

16 Agus muna éisde sé riot, beir leachd fós duine no días eile: do chum go mbí∣odh gach éinní seasmhach a mbéul deisi no trír dfíadhnuisibh.

17 Agus ma dhíultann sé iádsan déis∣deachd, innis do neagluis: & ma dhíul∣tann sé a neagluis déisdeachd, biodh meas pagánuigh & puibliocaín agad air.

18 Go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé ar bith neíthe cheangóltáoi ar talamh, biáidh síad ceangailte ar neamh, agus gidh bé ar bith neithe sgáoilfidhe ar ta∣lamh, bíaidh sgáoilte ar neamh.

19 A rís a deirim ribh Má theagmhann días agaibh ar áon fhocal ar talamh, a dtimcheall gach uile ni íarruid síad, go bhfuighid síad é ó mathairse a tá ar neamh

20 Oir gidh be aít ann a bhsuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainm∣si, a táimsi ann sin ann a lár súd.

21 Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth soin, a dubhairt sé, A thighearna, gá a mhioncachd do dhéana mo dhear∣bhráthair coir a maghaidh, & mhaithfeas. mé dhò? an go nuige an seachdmhadh húair?

22 A deir Jósa ris, Ni abruim riot gus an seachdmhadh hùair [a mháin,] achd go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.

23 Ar a nadhbharsoin is cosmhuil río∣ghachd neimhe ré Rí airighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbh∣fóghantuidhibh.

24 Agus an tráth dó thionnsgain sé cùntas do dhéanamh, tugadh chuige neach dár dhligh sé deich míle tallann.

25 Agus an tan nar bhèidir leis na fié∣chaso ióc, do aithin a thighearna, é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige do ntsaoghal do reie, do chum na bhfíach do dhíol.

Page [unnumbered]

26 Ar a nadhbharsoin ag déanamh úmhla don tsearbhf hoghantuighe sin, do íarr sé athchuinghidh air, ag rádh, A thighearna, déana foighid riom, agus do bhéara mé an tiomlán dhuit.

27 Ann sin ar ngabhail trúaighe moíre tighearna a nógláoich úd, do léig sé úadh é, agus do mhaith sé na fíacha dhó.

28 Agus ag dul a mach don tsear∣bhfhoghantuigh úd, fuáir sé áon dá choimhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd pighinn: & ar na fhosdadh, rug sé ar sgórnuigh air ag rádh, Díol rium an ní dhligheas tú.

29 Agus ag tuitim dá chomhshear∣bhfhogantuidhe agá chosuibhsean, do ghuidh sé é, ag rádh, Déana foighid riom, agus do bhéara mé an tiomlan duit.

30 Achd nior bháill leisean sin: achd ar nimtheachd dó, do theilg sé a bprio∣sún é, no go niócadh sé na fíacha.

31 Agus an tráth do chonncadar a choimhshearbhfoghantuidhesion na neithe do rinneadh, do ghabh doilgheas romhór íad, & thangadar, & do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann.

32 Annsin do chuir a thighearna fios áirsean agus a deir sé ris, A dhroich∣shearbhfhoghantuidh, do mhaith mé na fíacha úd uile dhuit, do bhrígh gur chuir tú impidhe oram:

33 Agus a né nar chóir dhuitsi tró∣caire do déanamh ar do choimhshearbh∣foghantuidh féin, amhail & mar do rinne misi trócaire ortsa?

34 Agus ar ngabháil féirge a thigh∣earna, tug sé do na céasadóiribh é, no go niócadh sé a fhíacha uile ris.

35 Agus is mar sin do dhéana mhá∣thair ne amhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh dá dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh, á gcionnta.

CAIB. XIX. A ttimchioll Dhealughadh, 10 phôfadh & gheanmnaòidheacht; 10 & gu ttormiscionn grádh shaidhbhris, duine ô righeacht Dê.

AGus tarla an tráth do chrochnuigh Iósa na comhraitesi, gur sgáoil sé a luing on Ghalilé, agus táinic se go críochuibh Iúdéa tar Iordan.

2 Agus do lean cuideachda mhór é: agus do shlánuigh sé íad ann sin.

3 Tangadar na phairisínigh chuige an tráthsoin do chur cathuigh air, agus ag rádh ris; An ceaduightheach do dhuine a bhean do léigean trí gach uile adhbhar?

4 Agus ar bhfeagra dhósan a dubháirt sé riu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe [iád] o thús, gur fear agus bean do rinne sé íad?

5 Agus go ndubhairt sé, Ar a nadh∣bharsa fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus bèid a ràon na néinfhéoil a mhaín.

6 Ar a nadhbharsoin ní bhfuilid feas∣da na ndís, achd na néinfhéoil: uime sin, an ní do cheanguil Dia, ná sgáoileadh duine é.

7 A dubhradarfan ris, Máfeadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighte do thabhairt, agus ise do léigean?

8 A deir seisean riu, Do fhuluing Máoisi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mna do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thús.

9 Achd a deirimsi ribh, Gidh bé neach léigfeas a bhean, achd ar son striopachuis agus do bhéara bean eile, go ndéanann sé adhaltrannas; agus gidh bé phósas an bhean do léigeadh, go ndéanann sé adhal∣trannas.

10 A deirid a dheisciobuil risean, Ma sé sin is cor don fhior ré na mhnáoi, ní maith an posadh ré a dhéanamh.

11 Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é.

12 Oir a taid dáoine coillte noch a rugadh mar sin as broinn a mathar: a∣gus a taíd cailltéanuigh agar bheanadar dáoine asda: agus a táid cailltéanuigh do bhean asda féin ar son na rióghachda neamhdha: gidh bé fhéadus a ghabháil chuige, gabhach.

13 Tugadh chuige an tráthsoin, lei∣nibh bheaga, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deis∣ciobuil íad.

14 Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh teachd chugamsa, oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.

15 Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin.

16 Agus féuch, a dubhairt neach ái∣righthe ag teachd chuige, ris, A mhai∣ghisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?

17 Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngoireann tú maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith, ach amhain Día? achd mas mían leachd dul chum na bea∣tha, coimhéd na haitheanta.

18 A deir seisean ris, Cía híad? agus a dubhairt Iósa, Ní dhéana tú dun∣mharbhadh, nî dhéana tú adhaltrannas, ní dhéana tù gaduidhachd, ní dhéana tú fiadhnuisi bhréige.

19 Onóruigh hathair agus do mhathair agus grádhuigh do chomharsa mar th•••• féin.

20 A deir an tógánach ris, Do choi∣mhéd mé na neithesi uile ó moíge, créd a tá duireasbhuidh oram fós?

21 A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhála, imthigh, reac a bhfuil agad, & tabhair do na bochd∣uibh [é:] agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tárr, lean misi.

22 Agus an tráth dó chúaluidh a tógánach an còmhradhsoin, do imthigh sé

Page [unnumbered]

go dobrónach: oír do bhí iomad saidh∣bhris aige.

23 Agus a dubhairt Iósa ré na dheis∣ciobluibh, A deirim ribh go fírinneach gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a sdeach a ríoghachd neimhe.

24 Agus a rís a deirim ribh, gur ab ufa do chámhall dul tré chró na sná∣thuide, ná do dhuine sháidhbhir dul a sdeach go flaitheamhnus Dé.

25 Agus ar na chlos so dá dheis∣ciobluibh, do ghabh iognadh mór íad, ag rádh; Ar a nadhbharsoin cía is éidir do shlánughadh?

26 Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar cumas do na dáoinibh: achd cheana a tá gach uile ní ar cumas do Dhía.

27 Ar bhfreagra do Pheadar an tráthsoin, a dubhairt sé ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa: ar a nadhbhar∣soin créd do gheabham?

28 Agus a dubhairt Iòsa ríu, A dei∣rimsi ribh go deimhin, an tráth shuidh feas mac an duine a gcaíthir a ghlóire féin, go suidhfidhe sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéag Isráel.

29 Agus gidh bé neach do thréig tigh∣thè, nó dearbhráithreacha, nó deirbhshea∣thracha, nó athair, nó mathair, nó be an phósda, nó clann, nó dúthuidh ar son mhanmasa, do gheabha sé a gcéad oirid, & an bheatha mharthanach mar oidh∣reachd.

30 Achd cheana a tá mórán ar tosach, bhias fa dheireadh: agus fa dheireadh, bhiás ar tosach.

CAIB. XX. An Egluís ar na samhlughadh re fineamhuin 20 & iarratas uáibhreach mhathar chloin∣ne Shebedei, ar na chur far ccùl.

OIr is cosmhuil an rióghachd neamh∣dha ré fear tighe áirighthe, do chuaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar tùarasdal ann a fhineamhuin.

2 Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad.

3 Agus ar ndul a mach dhó timcheall an treas úair, do chonnairc sé drong eile díomháoineach na seasamh ar an mar∣gadh.

4 Agus a dubhairt sé ríu, Imdhighsi leis don fhíneamhuin, & gidh bé ní bhús ceart do bhéara mé dhíbh [é.]

5 Agus do imdhigheadarsan. A rís ar nimtheachd a mach dhó, timcheall an seiseadh & an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.

6 Agus ar ndul a mach dhó a dtim∣cheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh diomháoineach, & a deir sé rí. Créad fá bhfuiltísi bhar seasamh ann so feadh an láoi díomháoi∣each?

7 A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imdhighsi mar an gcéadna don fhíneamhain, & gidh bé ní bhus cóir do ghéubhtháoi [é.]

8 Agus ar dteachd don trath nóna a deir tighearna na fineamhna ré na sdío∣bhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fá dheireadh, go soithe na céaddáoine.

9 Agus ar dteachd don druing úd [tháinic] a dtimcheall an áon∣mhadh húair déag, súair gach duine dhióbh pighinn.

10 Agus ar dteachd don chéiddreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mó: achd cheana fúair gach á on díobh, mar an gcéadna, pighinn.

11 Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir an tighe.

12 Ag rádh, An dreamso tháinic fa dheireadh, ni dhearnadar [obair] achd áonúair a mháin, agus do chuirisi íad a gcoimhmeas rinne, diomchuir muiridhin agus teasbhach an láoi,

13 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé ré fear dhíobh, A chompánuigh, ní bhfuilim ag déanamh éagcóra ortsa; a né nár reidhigh tú ríom ar phighinn?

14 Tógaibh leachd do chuid féin, agus imdhigh, a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fá dheireadh mar [thug mé] dhuitsi.

15 A né nach ceaduigheach dhamhsa an ní is toil leam féin do dhéanamh rém chuid fein? an bhfuil do shúilsi go holc air son go bhfuilimsi maith?

16 Is màr sin béid na dáoine deigh∣ionach air dtosach: & na céad dáoine air deireádh, Oir a tá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha.

17 Agus ag dul sùas Diosa go Hiáru∣salém, rug sé an dá dheisciobal dé ag leis fa leith ann sa tslighidh, agus a dubhairt sé ríu.

18 Féuch a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim, agus do bhéarthar mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na Scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air;

19 Agus do bhéaruid síad do na cin∣eadhachuibh é do chum go ndéindís fonámhad fàoi, & go sgiursfaidís agus go gcrochfaidìs [é:] achd an treas lá éi∣réochaidh sé a rís.

20 Táinic máthair chloinne Shebedei chuige an tráthsoin, maille ré na cloinn, dá onórughadh agus ag iárruidh neithe áirighe air.

21 Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? a deir sisi ris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, fear aca ar do láimh dheis, agus fear eile ar do láimh chlé, ad ríoghachd.

22 Agus ar bhfreagra Diósa a du∣bhairt sé, Ni bhfuil a fhios agaibh créd

Page [unnumbered]

iárrtháoi, a neidir libh an cupán íobhas misi dhól, agus bhur mbaifdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? a dubhradarsan ris, Is éidir.

23 Agus a deir seisean ríu, Iobh∣tháoi go deimhin dom chupánsa agus baisdfidhthear sibh leís an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi: achd suighe ar mo láimh dheis agus chlé, ní leamsa a thabhairt, achd don dreim dá bhfuil sé ar na ullmhughadh ó mathair.

24 Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar [eile so,] do bhí neimh∣chion aca ar an días dearbhráthar.

25 Agus ar na ngairm chuige Diò∣sa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearn∣uibh ar na cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.

26 Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mòr eadruibh, bíodh fé na sheirbhiseach agaibh.

27 Agus giodh bé neach lé nab áill bheith na ûachdarán éadruibh, bíodh sé na shearbhfhoghantuidhe agaibh.

28 Amhail as nach dtáinic mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh feirbhìsi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.

29 Ar ndul a mach dhóibh an tráthfoin as Jericó, do lean slúagh mór eisean.

30 Agus féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na sli∣gheadh, an tráth do chúaladar go raibh Jósa ag gabháil thársa, do éigh∣mheadar ag radh, Déana trócaire oruinn, a thighearna a mhic Dábhí.

31 Achd do spreagadar an slûagh íad do chum go gcoisgfidís: achd cheana is móide do eíghmheadarsan sin, ag rádh, Déana trócaire oruinn, a Thi∣ghearna a mhic Dábhi.

32 Agus ar seasamh Diósa, do ghóir sé íad, agus a dubhairt sé, Cred is áill libh do dhéanamh dhamhsa dháobh?

33 A deiridsean ris, A thighearna, ar sùile dhosgladh.

34 Agus do ghabh trùaighe Jósa dhòibh, agus do bhean sé ré na sùilibh: agus taínic radharc da súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean.

CAIB. XXI. Poimp rioghamhail Chriosd, 12 noch do sciùrsuigh lucht gnothuighthe, as an Teampuill. 33 & thairrgir um dhíoghla na Scolôa eùgcorach.

AGus an tráth do dhruideadar ré Hía∣rusalem, & tangadar go Betpháge go sliabh na noluidheadh, ann sin do chuir Jósa idiás deisciobal úadh,

2 Ag radh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte [ann] agus fearrach na fhochair: sgáoi∣lidh agus tabhraidh chugamsa [íad.]

3 Agus má labhránn áonnduine ní ar bith ribh, abruidhsi go bhfuil féidhim ag an Dtighearna orrtha: agus léigfidh sé úadh ar an mball íad.

4 Agus táinic so uile chum críche ionnas go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,

5 Innisidh dinghin Tsión, féuch atá do Rí ag teachd ad choinne go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh mac a nasail.

6 Agus do imthigheadar na deif∣ciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Jósa dhíobh,

7 Agus tugadar an tafail agus an bromach léo, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a muin.

8 Agus do leathnuigheadar mórán do dháoinibh a mbruit ar a tslighe: agus do ghearradar drong eile géaga dó chrannaibh, agus do leagadar ar a tslighe [íad.]

9 Agus do thógaibh an flúagh do bhi roimhe agus na dhiaigh gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dáibhí: is bean∣nuighthe an té thig a nainm an Ti∣ghearna, Hósanna annsna hârdaibh.

10 Agus ag dul Díosa a fdeach go Híarusaléim, do bhi an chathair uile ar na comhmogadh, ag rádh, Cía hé so?

11 Agus a dubhairt an coimhthionól, A sé so Jósa an fáidh ó Násarét na Galilé.

12 Agus do chúaidh Jósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ag ceannach ann∣sa teampoll: agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithíreácha luchd reactha na gcolum.

13 Agus a dubhairt sé riu, Atá fgrîobhtha, Goirfidhthear teach ur∣nuighthe dom theachsa: achd do rin∣neabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe.

14 Tangadar chuige an tráthsoin doill, agus bacaigh annsa teampoll: agus do shlánaigh sé íad.

15 Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na Sgríob∣uidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhác Dálbhi, dó ghabhadar chuca go feargach é.

16 Agus a dubhradar ris, An gcluin tú créd a deirid an mhuinntir∣so? agus a deir Jósa ríu, Do chluinim. A né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanan cíche do chriochnuigh tú moládh?

17 Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia, agus do fhan sé ann sin.

18 Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é,

19 Agus a núair do chonnairc sé, crann Fige ar a tslighe, táinic fé chuige & ní fhúair sé ni ar bith air achd duil∣leabhar a mháin: & a deir sé ris, Nar fhása toradh ò so amach go bráth or

Page [unnumbered]

Agus do chrión an crann fíge ar an mballsoin.

20 Agus ar na fhaicsin do na deis∣ciobluibh, do ghabh iongantus íad, ag rádh, Cionnus do mheath an crann fige ar an mball?

21 Agus ar bhfreagra Diósa a dubh∣airt sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithi cunntabhairt ann, ni hé a mháin an nisi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an slíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú, bîidh sin deanta.

22 Agus gidh bé ar bith neithe iárr∣fuidhthe ann bhur nurnuighe, má chreid∣tî, do gheabhtháoi [íad.]

23 Agus an tráth thaínic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear an phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh [ris,] Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?

24 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Fiafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe: agus dá ninnisdi dhamh ê, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdar∣rás ré a ndéanuim na neithesi:

25 Ga háit as a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? achd do smuaineadarsan ionnta fêin, ag rádh, Má deirmîd, O neamh: a déara sé rinn, Ar a nadhbharsoin créd fa nar chreidea∣bhairse dho?

26 Agus má deirmid, O dháoinibh: a tá eagla an phobail oruinn: óir a tá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.

27 Agus ag tabhairt freagartha ar Iósa a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios agui••••: & a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an tughdarrás ré a ndeanuim na neithesi.

28 Achd créd do cíthear dháoibhsi? do bhádar días mac ag duine aírighe: agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt sé, A mhic, imdhigh, dêana obair a niu am fhineamhain.

29 Agus ar bhfreagra dhófan a dubhairt sé, Ni dhéanad: achd na dhiáigh sin an tráth do ghabh aithreachas é, do im∣dhigh sé.

30 Agus ag teachd gus an dara mac, a dubhairt sé mar an gcéadna. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sê, Do dhêun a Thighearna; gidheadh niòr imdhigh sé.

31 Cía don dísse do rinne toil a athar? a deiridsean ris, An céadfhear. A deir Iósa rìusan, a deirimse ribh go firinneach, go dtêid na puiblicáin agus na sdríopacha romhaibhsi go flaitheas Dé.

32 Oir táinic Eóin chugaibh a slighe na córa, agus niôr chreideabhair dhó: achd do chreideadar na puiblicain agus na sdriopacha dhó: achd gé do chonn∣cabhairsi [so], ní dhearnabhair aith∣righe na dhíaigh sin, do chum go gcreidfeadh sibh dhó.

33 Eísdigh rê cofamhlachd eile, do bhí fear tighe áirighthe ann, Do chuir fíneamhuin, agus do chuir fé fal na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor agus tug fé do fgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích.

34 Agus an tráth do dhruid aim∣fear na dtórtha [ríu,] do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe chum na sgológ, do ghlacadh na dtórtha.

35 Agus rugadar na sgológa ar a shearbhfhoghantuidhibh, agus do gha∣bhadar ar fhear dhióbh, agus do mharbhádar fear eile, agus do ghabha∣dar do chlochaibh ar fhear eile.

36 A ris do chuír sé searbhfhoghan∣tuidhe eile úadh búdh lía na an chéad∣chuideachda: agus do rinneadarsan mar an gcéadna riu.

37 Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, ag rádh, Do bhéaruid fíad onóir dom mhac.

38 Agus ar bhfaicsin an mhic do na sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre, tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.

39 Agus ar mbreith air, do theilgea∣dar as an bhfìneamhuin a mach é, agus do mharbhadar [é.]

40 Ar a nadhbharsoin an tráth thioc∣fas Tighearna na fíneamhna, créd do dhéana sé ris na sgológaibh ùd?

41 A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine ûd: agus do bhéara sé a fhíneamhuin air chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha [dhó] an a naimsearaibh féin.

42 A deir Iósa ríu, Nar léghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na fáoir, a si a tá ar na déanamh na ceann ann sa chúainne? a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar sùilibhne.

43 Ar a nadhbharsoin a deirim ribh Go dtoigeóbhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í do chineadh bhéaras toradh úatha.

44 Agus gidh bhé neach thuitfeas ar an gcloichse, brisfithear é: agus giodh bé ar a dtuitsi sì, do dhéana sí mion∣luaithreadh dhe.

45 Agus an tráth do chúaladar úachda∣ráin na sagart agus na Phairisinigh an chosmhalachd sin, do aithnigheadar gur ab na dtimcheall féin da labhair sé.

46 Agus an tráth do shantuigheadar breith air, do bhí eagla an phobail orrtha: óir do bhí meas fáidhe aca air sean.

CAIB. XXII. Cuíreadh chum banais phôsda Mhic an Rìgh mhòir. 15 agus fregartha, iona cceosiannaibh craiplidheach.

AGus ar bhfreagra Diósa, do labhair sé a rís ríu a gcosmhalachdaibh, ag rádh.

Page [unnumbered]

2 Is cofmhuil an flaitheas neamhdha ré rígh aírighthe, do rinne banais phósda dhá mhac féin.

3 Agus do chuir sé a shearbhf hoghan∣tuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór báill leófan teachd.

4 A rís do chuir sé searbhf hoghan tùi∣dhe eile chuca, da rádh, Abruidhsi ris an muinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mo dhínnéir, á táid mo dhaimh agus mhainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnfe.

5 Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann fein, agus fear eile chum a cheannuigheachda.

6 Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, [agus] tugadar easonóir [dhóibh], agus do mhar∣bhadar [íad.]

7 Agus an tan do chúalaidh an rí [so] do ghabh fearg é: agus ar gcur a fhlúaighte úadh, do sgrios sé an luchd dùnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair.

8 A deir sé an tansoin ré na shearbh∣fhoghantuíghibh, Go fírinneach a tà an bhanuis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh, niór bhfiú iád é.

9 Ar a nadhbharsoin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtáoi ann, goiridh chum na bainnse [íad.]

10 Agus ar ndul a mach do na searbhfogha tuidhibh ar na slighthibh, do chruinnigheadar gach uile dhuine dá bhfuaradar, eidir olc agus mhaith: agus do lionadh teagh na bainnse do dháoi∣nibh do shuidh chum bídh.

11 Agus ar ndul a sdeach don rígh dféachain ar a luchd cuiridh, do chonn∣airc sé duine ann ag nach raíbh éadach bainnse uime:

12 Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas thâinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? achd ní raibh áonfhocal aigesean.

13 A dubhairt an Rí ré na ghiollaidhibh an tráthsoin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é & teilgidh ann sa dorchadus a muich [é], mar a mbía gul agus giosgán fíacal.

14 Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha.

15 Ag imtheachd ann sin do na Phai∣risíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas do ghéabhadís é iona bhriath∣ruibh.

16 Ar a nadhbharsoin cuirid fíad a ndeisceobuil féin chuige maille ré muinn∣tir Jóruaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tâ a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slighe Dé go firinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.

17 Ar a nadhbharsoin innis dúinn•••• créd do chíthear dhuit, an cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt••••

18 Agus ar naithne a mailise Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cath••••∣ghadh oram a luchd an fhúar chrá∣bhaigh?

19 Taisbéanuidh dhamh airgead an chío∣sa, agus tugadarsan pighinn chuige.

20 Agus a dubhairt sé ríu, Cía dár ab íomháigh so, agus cía ré a mbeanann an sgríbhinn so na timcheall?

21 A deiridsean ris, ré Séasar. A deir seisean ríu an tráthsoin, Ar a nadhbhar∣soin tabhruidh do Shéasar na neithe is lé Séasar, agus na neithe is lé Día, do Dhía.

22 Agus ar na chluinsin [so] do ghabh iongantas íad: agus ar sgur dhe, do imdhigheadar.

23 An lásoin féin tangadar na Saduisi∣nigh, a deir nach bhfuil eiseirghe ann, chuige: agus do chuireada ceisd air.

24 Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, dá bhfaghadh áonnduine bás gan chloinn aige, pôsfuidh a dhearbhrathair a bhean do dhligheadh comhfhoguis, & tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhrâthair.

25 Agus do bhádar móirsheiscar dear∣bhráthar eadrainne: agus tar éis mhná do thabhairt don chéaduine, fúair sé bás agus an tan nach raibh sliochd aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair.

26 Agus déirghe mar an gcéadna don dara, & don treas [dearbhráthair] go foithe an seachdmhadh [dearbhráthair].

27 Agus na ndiáigh uile fúair an bhean bâs.

28 Ar a nadhbharsoin ann sa neiféir∣ghe, cía don mhóirsheisear dá madh bean í? òir do bhí sí aca uile.

29 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na Sgrioptúr, na chumachd Dé agaibh.

30 Oír ann sa neiséirghe, ní thabh∣ruid fir mná, agus nî tugthar mná dfea∣raibh: achd a táíd fìad mar ainglibh Dé ar neamh.

31 Achd a né nach ar léaghabhair an ní a dubhairt Día ribh a dtimcheall éis∣éirghe na marbh, ag rádh.

32 Is misi Día Abraham, agus Día, Isáac, agus Día Jácob? ni hé Dia, Dia na marbh, achd na mbéo.

33 Agus an tráth do chúaluidh an po∣bal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgsan.

34 Agús an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile:

35 Agus do chuir doctúir dlighe ái∣righthe dhióbhsan ceisd air dá theas∣dughadh agus ag rádh,

36 A Mhaighisdir, cia hí a naithne is mó sa dligheadh?

37 Agus a dubhairt Jósa ris, Gráidh∣eóchuidh

Page [unnumbered]

tú do thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile.

38 A sí so an chéadaithne, agus a naithne mhór.

39 Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.

40 Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfidheadh.

41 Agus an tan do bhádar na Phairi∣sinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhiobh,

42 Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriosd? cia dhár mac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí,

43 A deir seisean ríu, Ma seadh cion∣nas ghoireas Daibhí san spioruid Tigh∣earna dhe? ag rádh,

44 A dubhairt an Tighearna rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis no go gcuire mé do náimhde na sdól fad chosuibh.

45 Ar a nadhbharsoin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige?

46 Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air: agus níor lamh éinneach ón lasoin suás ní ar bith dfíafruighe dhe.

CAIB. XXIII. Teagasc & caitheamb-beatha na Bparisineach, ar na mion-fhoillsiughadh.

DO labhair Iósa an tráthsoin ris an bpobal agus ré na dheisceobluidh féin,

2 Ag rádh, A táid na Sgríobuidhe & na Phairisínigh na suidhe a gcaithír Mháoisi:

3 Ar a nadhbharsoin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimh∣éaduidh agus déanaidh [íad:] achd ná déanuidh do réir a noibrighthe: Oir a deirid síad, agus ní dhéanuid.

4 Oír ceangluid úaluighe troma dó∣lomchuir, agus cuirid íad ar shlinnéa∣nuibh na ndáoine: gidheadh ní háill léo féin cor do chur dhíobh ré háon da méaruibh.

5 Achd cheana is do chum go bhféach∣faidís dáoine órrtha do níd síad a noi∣brighthe uile: óir do níd siad a bhpio∣lactérighe leathna, agus do níd siad imeal a neaduigheadh taidhbhseach.

6 Agus as ionmhuin léo an céadionad fuidhe ann sna féasduidhibh: agus na céadchaithíreacha annsna coimhthionó∣luibh.

7 Agus fáiltighe dfagháil ar na mar∣guidhibh, agus dáoine do ghairm Rábbi, Rábbi, dhióbh.

8 Achd ná goirthear Rábbi dhíbhsi: oír is aónmhaighisdir a tá agaibh, Criósd: & is dearbhráithreacha dhá chéile sibh féin uile.

9 Agus na goiridh bhur nathair do dhuine ar bith ar talamh: oír is áonathar a tá agaibh, noch a tá ar neamh.

10 Na goirthear doctúiridhe dhibh óir is áonndoctúir a tá agaibh, Criósd.

11 Achd an té is mó eadruibh, biodh sé na óglach aguibh.

12 Oír giodh bé áirdeochus é féin isl∣eochthar é, & giodh bé isleochas é féin, airdeochthar é.

13 Ach is anáoibhinn dáoibhsi a Sgrío∣buidhe & a Fhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh, do bhrígh go ndruid∣thí rioghachd neimhe rés na dáoinibh oír ní théighthi féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luchd a tá ag dul a sdeach, dul ann.

14 Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe & a Fhphairisíneacha, a luchd an fhúar∣chrábhaidh, oir ithtí tíghe na mbain∣treabhach, & sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: ar a shon so do geabh∣tháoi an breitheamhnus is truime.

15 Is anáoibhinn dáoibh á Sgríobuighe & a Fhphairisíneacha, a luchd an fhúar∣chrábhaidh, oír gabhtháoitimcheall mara & tire do chum go ndéunadh sibh áonn∣duine ar bhar ríaghail féin, & an tráth bhíos sé déanta, do níthí mac ifeirnn de ní sa mho fá dhó ná dhíbh féin.

16 Is anáoibhinn dáoibh a thréoruigh∣the dalla, a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é: achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach.

17 A dháoine leamha, dalla: an mó an tór, ná an teampoll náomhas an tór?

18 Agus gidh bé duine bhéaras a nal∣tór mar mhionna; ni bhfuil éfeachd ann: ach gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir.

19 A dháoine leamha dalla, an mó a nòthráil nà a naltóir naomhas a nothráil?

20 Ar a nadhbharsóin gidh bé bheir a naltóir mar mhionna, do bheir sé 〈◊〉〈◊〉 féin, & gach ní dhá bhfuil uirrthe mar mhionna.

21 Agus gidh bé bheír an teampoll mar mhionna, do bheir sè é féin, & an té a tá na chomhnuidhe ann, mar mhionna.

22 Agus gidh bé neach do bheir neamh mar mhionna, do bheir sé caithir Dé & an tí a tá na shuidhe uirrthe, mar mhionna.

23 Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe & a Fhphairisneacha, a luchd an fhúar∣chrábhaidh, oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais, & na hainíse, & an choi∣min; & leigthí tharuibh an chuid i tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, & trocaire, & fírinne: do budh cóir dháoibh íad so do dhéanamh, & gán íad súd dfágbháil gan déanamh.

24 A threoruighthe dalla, sgagus an mhíoltóg, & shluigeas an cámhall.

25 Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe & a Ehphairis íneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh, oír glantáoi an chuid a muigh don chupán & don mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracai∣reachd & déagcóir.

Page [unnumbered]

26 A Fhphairisínigh dhoill, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhìobh glan mar an gcéadna.

27 Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe agus a Fhphairis íneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh, oir is cosmhuil sibh ré túamuidhibh fionnáolta a tá deaghmhai∣seach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar.

28 Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfìadhnuisi na ndáoine bhar bhfiréanchuibh, achd don táobh a fdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh & déagcóir.

29 Is anáoibhinn dáoibh a Sgríobuidhe, agus a Fhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh, oír do nithí tùamuidhe do na Fáidhibh, & deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach:

30 Agus a deirtí, Da mbémís [ann] a láithibh ar naithreach, ní bhémís páir∣teach riu a bhfuil na bhfáidheadh.

31 Agus is mar sin do níthì fíadh∣nuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clann na muintire úd do mharbh na faidhe.

32 Agus líonuidhsi mar an gcéadna miosúr bhar naithreach féin.

33 A naithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?

34 Ar a nadhbharsoin, féuch cuirim∣fe chugaibh fáidhe, agus daoine glioca, agus Sgríobuidhe, agus cuirfidhísi chum báis, agus crochfuidhthí cuid dhíobh, agus sgiúrsfuidhthí cuid éile ann bhur sionagógaibh, agus dibéortháoi íad ó chathair go cathair.

35 Do chum go dtiocfadh oruibh gach uile fhuil fhiréanta dar dóirteadh ar an dtalamh, ó fhuil Abél fhíréanta go fuil Shacharías mhic Barachías, noch do mhar∣bhabhairsi eidir an teampoll & a naltóir.

36 Go firinneach a deirimsi ribh, go dtiocfuid na neithesi uile ar an dínesi.

37 A Járusaléim, a Járusaléim, mhar∣bhus na fáidhe, agus ghabhus do chlo∣chuibh ar an luchd chuirthear a ttíon∣saidh, créd a mhionca do budh áill leam do chlann do chruinníughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa sgiathánaibh, & níor bháill leachd?

38 Féuch, fagfuithear bhur dtigh a∣gaibh na fhásach.

39 Oir a deirimfi ribh, nach bhfaic∣fithí misi feasda, no go nabartháoi, Is beannuighthe an tí thig a nainm an Ti∣ghearna.

CAIB. XXIV. Comharthadha roimh scrios Jarusalem. 29. & roimh dheireadh an domhain.

AGus ar bhfágbháil an teampuill Diósa, do ímthigh sé: agus tangadar a dheisciobuil chuige do thaisbéanadh oi∣breach an teampuill dó.

2 Agus a dubhairt Jósa riu, An bfaic∣thí íad so uile? go firinneach a deirim∣si ribh, nach bfúigfidhthear cloch ar muln chloiche ann so, nach sgaoilfidhthear.

3 Agus ar suidhe dhó ar shlíabh na no∣luidheadh, do chuadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Inn•••• dúinne, gá húair thiocfuid na neithesi chum criche, & créd é comhartha do theachdasa, & dheiridh an tsáoghail?

4 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé rìu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eínneach sibh.

5 Oir tiocfuid móran am mainmsi ag rádh, Is misi Criósd, agus meallfuid mórán.

6 Do chluinfithí cogthuidhe, agus tùa∣rasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: Oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche: achd ní bhfuil deireadh ann fós.

7 Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh cinidh, & ríoghachd a naghaidh ríogh∣achda: & beíd górta, & pláigheanna, & crioth talmhan a mórán dáitibh.

8 Achd ní bhfuil ionnta so uile achd tosach amhgar.

9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíaidh fúath ag na huile chineadhachuibh dháoibh ar son mhanmasa.

10 Ann sin do gheabhuid móran adh∣bhar oilbhéime, & braithfid dáoine a chéile, & bíaidh fúath aca dhá chéile.

11 Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, & meallfuid mhórán.

12 Agus do bhrígh go mbía a néag∣cóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin.

13 Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.

14 Agus do dhéantar an soisgèulsa na ríoghachda, do sheanmóir ar feadh an domhain uile, mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh: & ann sin tide∣fuidh an deireadh.

15 Ar a nadhbharsoin an tráth do chifidhe adhúathmhuireachd an Léirsgris air ar labhair Dániél fáidh, na seasamh ann sa nionad choisearga: (tuigeadh an té léaghas.)

16 Ann sin an luchd bhías a ttír Jú∣daighe, teitheadh siad fá na sléibhtibh:

17 An té a tá ar mhullach an tighe, na tigeadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh.

18 Agus an té a tá ar an machaire, na filleadh sé ar ais do thógbháil a éa∣duighe leis.

19 Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.

20 Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa t••••baid.

21 Oír bíaidh amhgar mór ann an tráthsoin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach bia go bráth.

22 Agus muna ngearruighthí na

Page [unnumbered]

laéthe úd, ní rachadh feóil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha.

23 Ann sin ma deir áonduine ribh, Féuch a tá Críosd ann so, nó ann súd, ná creididh [é.]

24 Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidhe fallsa, & do dhéanuid co∣mharthuidhe & miorbhuile móra: ionnas go meallfuid siad (dá madh éidir é) na dáoine toghtha féin.

25 Féuch, tug mé sgéula dháoibh roi∣mhe a naimsir.

26 Ar a nadhbharsoin dá nabruid siad ribh, Féuch a tá sé ar an bhfásach, na himdhigh amach: Féuch ata sé a seómrui∣dhibh úaigneacha, ná creididh [sin.]

27 Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar: mar sin bhías teachd mhic an duine.

28 Oír gidh bé ball ann a mbía an conablach, is ann sin chruinneochthar na hioluir.

29 Ar an mball a ndíaigh trioblóide na laitheadh úd, bíaidh an ghrían ar na dorchughadh, & ni thiobhra an ghealach a soillsi [úaithe,] agus tuitfid na réulta do neamh, agus craithfidhthear fubháil∣cidhe neimhe.

30 Ann sin do chífidhthear comhartha mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid mac an duine, ag teachd a néul∣laibh neimhe maille ré cumhachdaibh, agus ré glóir mhóir.

31 Agus cuirfidh sé a aingil le trom∣pa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.

32 Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fige: a núair bhíos a ghéag máoth & fhásas a dhuilleabhar, áitheant ar gur ab fogas an samhradh.

33 Mar an gcéadna bíth afhios agaibhsi, an tráth do chifidhe na neithisi uile, go bhfuil fé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh.

34 A deirim ribh go fírinneach, nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithesi uile.

35 Rachuidh neamh agus talamh thort: achd ní rachuid mo bhríathrasa thort go bráth.

36 Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós ag aing∣libh neimhe, achd ag mathairse amháin.

37 Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd mhic an duine.

38 Oír mar do bhádar ann sna laé∣thibh ré ndilinn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban & ag tabhairt ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Náoi a sdeach ann sa Naírc:

39 Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáinic an dile, & gur thógaibh si lé íad uile; is mar sin bhías teachd mhic an duine.

40 Béid días ar an machaire an tráth∣soin: géubhthar lé fear aca, agus fuig∣fidhthear an fear eile.

41 Béid días ban ag meilt ann sa mhui∣leann: géubhthar lé mnáoi aca, & fuig∣fidhthear an bhean eile.

42 Ar a nadhbharsoin déanuidhfi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna.

43 Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cia an uair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuiléon∣gadh sé a thigh do thochailt tríd.

44 Agus ar a nadhbharsoin bithisi ul∣lamh: oír is ann sa núair nach fáoilti∣thiocfas mac an duine.

45 Uime sin cía a tá na óglach fhí∣rinneach ghlic, noch do chuir a Thighear∣na ós cionn a mhuinntíre do thabhairt bhídh dhóibh na am féin?

46 Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a Thighearna ag teachd, e dhá dhéanamh mar sin.

47 Go fírinneach a deirimsi ribh, go gcuirfe sé os cionn a bhfuil aige é.

48 Achd má a deir an drochshearbh∣foghantuidhe úd anna, chroidhe, A tá mo Thighearna ag cur a theachda a ríghneas.

49 Agus má thionnsgnann sé a chomh∣shearbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus fós bheith ag ithe agus ag ól a bhfochair luchd meisge:

50 Tiocfuidh Tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, & ann sa núair nach bhfuil a fhios aige▪

51 Agus roinnfidh sé é, & do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúar∣chrábhaidh, mar a mbîa gul agus gíosgán fiacal.

CAIB. XXV. Cosmhalacht na ndeichneabhar maighdean, 14 na ttallanna, 31 & foirm an mhoìr-bhrei∣theamhnuis.

ANn sin budh cosmhuil rioghachd nei∣mhe ré deichneabhar maighdean do ghlac a lampuidhe, & do chúaidh a mach do theagmhail ar an bhfear nùaphósda.

2 Agus do bhî cúigear dhióbh glic, & cúigear eile cînmhideach.

3 Agus an chuid do bhí oinmhideach, ar nglacadh a lampuidhe ní rugadar ola léo;

4 Achd an chuid do bhí glic, rugadar ola ann a soithighibh léo ré cois a lampuidhe.

5 Agus ar ndéanamh moille don fhior núaphósda, do thuit smédearnach chodal∣ta orrtha uile, agus do chodladar.

6 Agus ann sa meadhón oidhche, do rinneadh gáir, Féuch, a tá an fear nuaphos∣da ag teachd, imdhighidh a mach do theagmháil air.

7 Ann sin do eirgheadar na hógha uile, & do dheasuigheadar a lampuidhe.

8 Agus a dubhradar na hoìnmhide ris an gcuid nglic, Tabhruiidh dhúinne cuid da bhur nola: oír a tád ar lampuidhene ar ndul as.

9 Achd do fhreagradar an cuid ghlic,

Page [unnumbered]

ag rádh, Ar eagla nach bíadh ar sáith a∣guinn féin, & aguibhsi; imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe [ola] dhibh féin.

10 Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda: & an chuid ùd do bhí ullamh, do chúa∣dar leis a sdeach chum an phósda, & do híadhadh an dorus.

11 Agus na dhíaighsin tángadar na hógha eile, ag rádh, A Thighearna, a Thighearna, osguil dùinne.

12 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, nach bhfuil a fhios agam cía sibh.

13 Ar a nadhbharsoin déanuidh faire, oír ní bhfuil fios an láoi ná na húaire gaibh an a dtiocfuidh mac an duine.

14 Oír amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe [chuige] & tug sé a shaidhbhreas dóibh:

15 Agus tug sé cúig tallanna do dhuine aca, & do dhuine eile a dó, agus a háon do dhuine eile: do gach neach do réir a acfuinne: agus ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích.

16 Agus do imthigh an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuigh∣eachd leó, agus do ghnodhuigh sé cúig tallanna eile leó.

17 Agus ar a nós gcéadna an té fúair an dá thallainn, do ghnodhuigh séisean dá thalluinn eile.

18 Achd do imthigh an té úd fúair a náontallunn, agus do rinne sé tochuilt ann sa talamh, agus do fholuigh sé air∣gead a thighearna [ann].

19 Agus tar éis aimsire faide, táinic tighearna na searbhfhoghantuidheadh úd, agus do ni sé cúntus ríu.

20 Agus ar dteachd don té fúair na cúig tallanna, tug sé cúig tallanna eile leis, ag rádh, A thighearna, cúig tallanna tug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé cúig tallanna eile léo.

21 Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbfhoghantuidhe mhaith fhírinnigh, do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfidh mé ós cionn mhóraín thú: ímthigh a fdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.

22 Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thallann, a dubhairt sé, A thi∣ghearna, is dá thallann tug tú dhamhsa: féuch do ghnodhuigh mé dhá thallann eile leó.

23 A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a fhearbhfhoghantuidhe mhaith ionn∣ruic: do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuir∣fidh misi ós cionn mhoráin thú, imthigh a fdeach a ngáirdeachas do thighearna fein.

24 Agus ar dteachd don té úd fúair a náontallan a dubhairt sé, A thighearna, do bhí a fhios agam gur dhuine crúaidh thû, bhéanus ann sa náit nar chuir tú siól, agus chruinnigheas ann sa náit nach ar eathnuigh tú:

25 Uime sin do ghabh eagla misi, & do imthigh mé agus do fholuigh mé do thallánn ann sa talamh: féuch, ag sin do chuid féin agad.

26 Agus ar bhfreagra dhá thighearna, a dubhairt sé ris, A dhroichshearbhfho∣ghantuidhe fhallsa, do bhí a fhios agad go mbeanuimsi ann sa náit nach dearna mé siólchur, agus go gcruinnighim ann sa náit nar leathnuigh mé:

27 Uime sin do budh cóir dhuitsi mo chuid airgid do thabhairt do luchd iom∣luit, agus ag teachd damh do gheabhuinn mo chuid féin maille lé biseach.

28 Ar a nadhbha soin beanuigh dhe an tallann, agus tabhruidh é don tí ùd aga bhfuilid na deich dtallanna.

29 (Oir do bhéarthar do gach duine agá bhfuil [ni] aige, agus bíaidh a sháith aige: achd an té a tá gan ní aige, toíg∣eabhthar úadh fós an ní a tá aige.)

30 Agus teilgidh an searbhfhoghan∣tuidhe neamhtharbhach ann sa dorcha∣dus a tá leith a muich mar a mbía gul agus giósgan fíacal.

31 Agus an tráth thiocfas mac an duine an a ghlóir féin, agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidh∣fidh sé ar chaithír a ghlóire féin.

32 Agus cruinnéochthar na huile chi∣nidheacha an a fhíadhnuisi: agus dealó∣chuidh sé ó chéile íad, mar dhealuigheas an táoghaire na cáoirigh ó na meannáin.

33 Agus cuirfidh sé na cáoirigh ar a láimh dheis, agus na meannáin ar a láimh chlé.

34 Ann sin a déara an Rí ris an luchd bhías air a láimh dheis, Tigidh a dháoine beannuighthe mhatharsa, gabhuidh chu∣gaibh oighreachd na rioghachda a tá ar na hullmhughadh dhaoibh ó thosach an domhuin.

35 Oir do bhí ocarus oram, agus tu∣gabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, & tugabhai áoidheachd dhamh.

36 [Do bhí mé] lomnochd, & do chui∣reabhairsi éadach umam do bhí mé tinn, & tangabhair dom fhéachuin: do bhí mé a bpriosún, & tangabhuir dom jonnsaidh.

37 Ann sin freagóruid na firéanuigh é, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocaras ort, & do shasa∣mar thù? nó tart ort, agus tugamar deoch dhuit?

38 Agus gá húair do chonncamar ad choigcîch thú, agus tugamar áoidheachd dhuit? nò lomnochd, agus do chuireamar éadach umad?

39 Nó gá húair do chonncamar tinn, no a bpríosùn thú, agus tangamar chugad?

40 Agus freagóruidh an Rí, & a déa∣ra sé rîu, A deirim ribh go firinneach, an feadh do rinneabhair é don duine is lu∣gha do na dearbhráithreachaibhsi agum∣sa, go ndearnabhair dhamhsa é.

41 Ann sin a déara sé mar an gcéadna ré luchd na láimhe cli, A dháoine mal∣luighthe, imthidhidh ûaim ann sa teinidh

Page [unnumbered]

shiorruidhe, atá ar na hullmhughadh don diabhal agus dá ainglibh:

42 Oír do bhí mé ocrach, agus ní thugabhair bíadh dhamh: do bhi tart oram, & ní thugabhuir deoch dhamh.

43 Do bhî mé coigcríche, agus ní thugabhair áoidheachd dhamh: do bhí mé lomnochd & níor chuireabhair éadach umam: do bhí me éagcrúaidh & a bprío∣sún, & ní thangabhair dom fhéachuin.

44 Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thi∣ghearna, gá húair do chonncamaire oca∣rach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún tú, agus nach dearnamar frio∣tholamh dhúit?

45 Ann sin do bhéara seisean freagra orrtha, ag rádh, A deirim ribh go firin∣neach, an mhéid nach dearnabhair é dhéinneach don mhuinntir roibhigsi, nach dearnabhair dhamhsa é.

46 Agus iméochuid so a bpeannuid shiorruidhe: achd [iméochuid] na fí∣rénuigh don bheathuigh mharthanuigh.

CAIB. XXVI. Na preafáide ar pháis Chriosd. 26 & ordu∣ghadh na Comainigh naomhtha.

AGus tárla an tan do chríochnuigh Iósa na bríathrasa uile, go ndubhairt sé ré na dheisciobluibh.

2 A tá a fhios agaibh go bhfuil an Chaísg tair éis dá lá, & go dtiobharthar mac an duine dá chrochadh.

3 Ann sin do chruinnigheadar úachd∣aráin na sagart & na Sgríobuidhe agus seinnsir an phobuil go halla a nârdsha∣gairt, dà ngòirthior, Cáiaphas.

4 Agus do rinneadar comhairle ré chéile, do chum go mbéaraidís ar Iósa a bhfeill, agus go muirfidîs é.

5 Achd a dubhradar, Na déanam [é] ann sa bhféasda, deagla go mbíadh búaidhreadh a measg an phobuil.

6 Agus an tráth do bhí Iòsa a Mbetá∣nia a dtigh Shimóin an Ióbhair,

7 Tainic bean chuige agá raibh boxa dola rouásuil, & do dhóirt si [é] ar a cheannsan, & é na shuidhe ar an mbórd.

8 Agus ar na fhaicsin sin dá dheisciob∣luibhsean, do rinneadur micheudfuidh, ag rádh, Créd da bhfoghnann an diombhailsi?

9 Oir do béidir a nolasa do reic ar mhórán, & a tabhairt do na bochduibh.

10 Agus an tan do aithin Jósa [so], a dubhairt sé rîu, Créd fa gcuirthí búaidh∣readh ar an mnáoi? oír do rinne sí obair mhaith am thimcheallsa.

11 Oír béid boichd do ghnáth agaibh: achd ní bhía misi do ghnâth bhur bhfo∣chair.

12 Oír ar ndórtadh na holasa ar mo chorpsa dhi, is fa chomhair madhluice do rinne sì é.

13 A deirim ribh go fírinneach, gidh bé ar bith ball ar feadh an domhuin a ndéantar an sóisgéulsa do sheanmóir, go naithréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an bheansa, mar chuimhne uirrthe.

14 Ann sin do imthigh fear don dá fhear dhég, dar ab ainm Iúdas Iscairi∣ótes, chum úachdarán na sagart.

15 Agus a dubhairt sé ríu, Créd do bheartháoi dhamhsa agus braithfidh mé dháoibh é? agus do mheadhuigheadar dhó deích bhpíosa fhichead airgid.

16 Agus ó sin a mach, do iarr sé úain airsean do bhrath.

17 Agus an céadlá a naráin gan laibhín, tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh ris, Cia a náit an a toil leachd sinne do dhéanamh ullmhuighthe dhuit do chaitheamh na Cásga?

18 Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an maighisdir, A tá maimsear ag drud riom, is ad thighsi do dhéana mé fein, agus mo dheisciobuil an Cháisg.

19 Agus do rinneadar na deisciobuil mar do aithin Iôsa dhíobh: agus do ullmuigheadar an Chàisg.

20 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do shuidh sé a bhfochair an dá fhear dhég.

21 Agus ar mbeith ag ithe [bídh] dhóibh, a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, go mbraithfi fear dhíbh, misi.

22 Agus do ghabh dobrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fa leith a radh ris, An misi é a Thi∣ghearna?

23 Agus ar bhfreagra dhósan, a du∣bhairt sé, An té thumas a lámh ann sa méis am fhochairsi, a sé bhraithfeas misi.

24 Go deimhin a tá mac an duine ag imtheachd do réir mar sgriobhthar air, achd is anáoibhinn don té lé mbraithtear mac an duiue: do budh maith dhó nach béartháoi é.

25 Agus ar bhfreagra do Iúdas, do bhraith eisean, A dubhairt sé, an misi é, a mháighisdir? a dubhairt seisean ris, A dubhairt tú [é.]

26 Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, do ghlac Iósa aran, agus tar éis a bheannuighthi, do bhris, & tug sé dhá dheisciobluibh [é], agus a dubhairt sé, Glacuidh, ithidh, a sé so mo chorpsa.

27 Agus ar mbreìth ar an gcupán dó, agus ar dtabhairt bhuidheachuis, tug sé dhóibh é, ag rádh, lbhidh uìle as so.

28 Oir is í so mfuilsi na tiomna núaidhe dhoírtear ar son mhóráin chum maith∣eamhnuis na bpeacadh.

29 A deirim ribh, Uadh so súas, ni íobha mé don toradhsa na fineamha, go soithe an lá ùd an a niobha mé é go nú▪ máille ribhsi a ríoghachd mathar.

30 Agus a núair do chanadar salm, do chuadar a mach go slíabh na no∣luidheadh.

31 Ann sin a deir Iósua ríu, Do gheabhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: Oír a tá sgríobhtha, Buailfidh mé an táodhuire, agus scabfuidhthear cáoi∣righ an tréada.

Page [unnumbered]

32 Agus tar éis misi eiseirghe, rachuidh mé romhuibh don Ghalilé.

33 Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ris, Da mbeith go bhfuighidis cách uile oilbhéim ionnad, ní bhfui∣ghe misi oilbhéim ionnad go bráth.

34 A dubhairt Iósa risean, A deirim riot go firinneach, suil ghláoidhfeas an coileach a nochd, séanfa tú mé trí húaire.

35 A deir Peadar ris, Go deimhìn más éigin damh bás dfulang ad fhóchair, ní shéanfa mé thú: agus a dubhradar na deisciobuil uile mar an gcéadna.

36 Do chúaidh Iósa léo an trathsoin do nionadh dà ngoirthear Gédsémane: agus a deir sé ré na dheisciobluibh, Suidhighsi ann so, go ndeacha misi do dhéanamh urnuighthe ann súd a nunn.

37 Agus ar mbreith Pheadair agus deisi mac Sebedei leis, do thionnsgain sé bheith go dobrónach agus go rothuir∣seach.

38 Ann sin a deir sé riu, A tá mha∣nám lán do dhobhrón go soithe an bhás: fanuidhsi ann so, agus déanaidh faire am fhochair.

39 Agus ar nimtheachd dó beagán [as sin] do leig sé é féin siós ar a aghuidh ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa, achd cheana na biodh sé már is toil leamsa, achd már is áill leatsa.

40 Agus tig sé chum a dheisciobal, & do gheibh sé na gcodladh íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin nar bhéi∣dir libh faire do dhéanamh áonuáir a mháin am fhochairsi?

41 Déanuidh faire & urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh. A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.

42 Do imthigh sé an dara húair, & do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram gan mé dhá ol, deantar do thoilse.

43 Agus ar dteachd dhó, fúair sé a ris na gcodladh íad; Oir do bhádar a súile tróm.

44 Agus ar na bhfagbháil, do im∣thigh sé a rís, agus do rinne sé urnuighe an treas úair, ag rádh na mbríathar gcéadna.

45 Ann sin tig sé chum a dheisciobal, agus a deir sé riu, Codluidh feasda, agus comhnuighidh; féuch do dhruid a núair rinn, agus a tá mac an duine agá tha∣bhairt a lámhaibh na bpeacach.

46 Eirghidh, bíom ag imtheachd, féuch, is fogus [duinn] an té bhraitheas misi.

47 Agus an feadh do bhí sé ag rádh ná mbriatharsa, féuch, táinic Júdas duine don da fhear dhég, & cuideachda mhòr na fhochair maille lé cloidhmhibh & lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnsearuibh an phobail.

48 Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a s sin é: beiridh air.

49 Agus ar an mball a núair thái∣nic sé chum Iósa, a dubhairt sé, go mbeannuighthear dhuit a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó.

50 Agus a dubhairt Iósa risean, A chara, créd fá dtaínic tù? tangadarsan an tráthsoin, agus do chuireadar lámh a Niosa, agus do ghabhadar é.

51 Agus féuch, ar sìneadh a láimhe dfior don mhuintir do bhí a bhfochair Iosa, do tharraing sé a chloidheamh a mach & ar mbúaladh shearbhfhoghan∣tuighe a nárdshagairt do bhean sé a chlúas de.

52 Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: Oir gach uile dhuine ghlacus cloidheamh, is le cloidheamh thuitfeas sé.

53 A né nach saoileann tú gur ab éidir leamsa mathair do ghuidhe a nois & do bhéaradh sé dhamh do láthair ní sa mhó ná dhá léghión dég dainglibh?

54 Achd cionnas do coimhlionfuidhthe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a bheith.

55 A dubhairt Iósa ris a tslúagh a núairsin, Tangabhair a mach amhuil chum biothumhnaigh le cloidhmhe agus lé ba∣tuidhe dom ghlacadhsa; do bhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll ag teagasg, & ní rugabhair oram.

56 Achd táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlionfuidhthe sgrioptúi∣ridh na hfaidheadh. Ar na thréigean dá dheisciobluibh uile ann sin, do theith∣eadar.

57 Agus ar mbreith ar Iósa dhóibh∣sean, rugadar léo chum Caipháis an tárd∣shagart [é,] mar a rabhadar na Sgríobuidhe agus na sinnsir cruinn.

58 Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go halla a nárdshagairt: agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfo∣chair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh.

59 Agus do iarradar úachdaráin na sa∣gart & na seinnsir & an chomhairle uile fiadhnuisi bhréige a naghuidh Jósa, ion∣nas go gcruirfidis chum báis é.

60 Agús ní fhúaradar; agus fós gé thangadar mórán dfíadhnuisibh fallsa, ní fhúaradar. Agus fa dheireadh ar dteachd do dhiás dfiadhnuisibh bréagacha,

61 A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá.

62 Agus ar neírghe do nárdshagart, a dubhairt sé ris, Créd fa nach ttugann tú freagra éigin úait? créd fa bhfuilid so ag déanamh fíadhnuisi ad aghuidh:

63 Gidheadh níor labhair Jósa áonfho∣cal. Agus do fhreagair an tárdshagart, agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innsin dúinn, an tú Críosd mac Dé.

64 A deir Iosa ris, A dubhairt tusa

Page [unnumbered]

[é:] achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiáigh so do chifidhe mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néulluibh neimhe.

65 Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blais∣phéime créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mó? féuch do chúala∣bhair a nois a bhlaisphéime.

66 Créd do cìthear dháoibhsi? agus ar bhfreagra dhóibhsean, a dubhradar, Do thuill sê bás.

67 Ann sin do ghabhadar do sheili∣dhibh an a éadan, & do ghabhadar do bhasuibh air: & do ghabhadar dream eile do shlataibh air,

68 Ag rádh, Déuna faidheadoíreachd dhúinn a Chriosd, cía bhúail thú.

69 Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin airidhe chuige, ag rádh: Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.

70 Achd do shéan seisean a bhfiadhnuisi cháich uile, ag rádh: Nî fhidir mé créd a deir tú.

71 Agus ar ndul a mach dhó ann sa phôirsi, do chonnairc [cailin] eile é, agus a dubhairt si rís an luchd do bhí a lá∣thair: Do bhí an fearsa leis a bhfochair Iôsa Násardha.

72 Agus do fhéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin,

73 Agus tamall na dhìaigh sin tan∣gadar an dream do bhí na seasamh a lá∣thair, agus a dubhradar ré Peadar, Go firinneach is diobh súd féin thusa: óir a tá do chainnt féin dod bhrath.

74 Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh, agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine: agus ar an mball do ghláoidh an coileach.

75 Agus ann sin do chuimhnigh Pea∣dar ar bhríathruibh Iósa a dubhairt ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí húaire. Agus ar ndul a mach dhó do ghuil sé go gér.

CAIB. XXVII. Eachdardha a ttáobh phis, 50 Bhdis, 66 & Adhlaicthe Chrosd.

AGus ar tteachd na maidne, do chúa∣dar na hárdshagairt, & sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iòsa, ionnas go ccuirfidís chùm báis é.

2 Agus ar na cheangal dóibh rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an tùachdarán é.

3 Ann sin mar do chonnairc Iúdas do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, & do aisig sé na deich bpiósa fhichead airgid do na hárdsha∣gartuibh, agus do na sinnsearuibh:

4 Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh: achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? féuch féin [dó sin.]

5 Agus ar dteilgean na bpiosadh a ir∣gid úadh ann sa teampoll do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd, do thachd sé é féin.

6 Achd ar nglacadh an airgid do na hárdshagartuibh a dubhradar, Ní cóir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad.

7 Agus ar ndêanamh comhairle dhôibh∣sean, do cheannchadar léo fearann do bhí ag fear soighthigheadh críadh do dhéa∣namh, do chum eachdrann dadhlucadh ann.

8 Ar a nadhbharsoin goirthear don fhearunn ód, Fearann na fola, gus a niugh.

9 (Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías faidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhichead, lúach an tê do measadh, do bhí ar nà mheas ó chlannuibh, Israél.

10 Agus tugadar íad ar fhearann fhir na soidhthigheadh gcríadh do dhéanamh, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.)

11 Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin, agus do fhíafruigh an tùachdarán de, ag rádh, An tusa an rí úd na Niúdaighe? agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa [sin.]

12 Agus an tan do éligheadar na hárdshagairt agus ná sinnsir ê, níor fhreagair sé én ní.

13 A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú crèd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfiadhnuisi ad aghaidh?

14 Agus ní thug sé freagra ar éan∣fhocal dó, ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán.

15 Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leígean a mach lá an fhéusda chum an phobuil, an té budh áill léo.

16 Agus do bhi aca an tan soin braíghe roóirdheirc dar bháinm Barabbás.

17 Ar a nadhbharsoin ar na gcruinniu∣ghadsan a dubhairt Píoláit ríu, Cia is toil libh do léigean chugaibh, Barabbás, nó Iósa, ré nabarthar Críosd.

18 Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnùth tugadar úatha é.

19 Agus ar suidhe dhôsan ann a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teach∣duireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a niugh a mbriong∣lóid ar a shon.

20 Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diárruigh, agus Iósa do chur chum báis.

21 Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días d is mían libh do leígean chugaibh dhamh? achd a dubhradarsan, Barabbás.

22 A dubhairt Píoláid ríu, Ar an nadh∣bharsoin créd do dhéana me ré Hiósa, re nabarthar Críosd? a dubhradarsan uile ris, Crochthar é.

23 Agus a dubhairt an túachdarán, Créd é an tolc do rinne se? achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar ê.

24 Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní achd gur mó

Page [unnumbered]

an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige do ionnail sé a lámha a bhfiadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi nemhchiontach ó fhuil an fhiréan∣uigh so, féuchuidhsi dhibh féin.

25 Agus ar bhfreagra don phobal uile a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne agus air ar gcloinn.

26 Do léig sé chuca an tan soin Barabbás, agus ar sgiúrsadh Jósa tug sé chum a chrochda é.

27 Ann sin rugadar saighdiúiri an úachdaráin Jósa léo don halla choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall.

28 Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.

29 Agus do fhígheadar coroín spíne, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat giolcuigh an a láimh dheis, agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhíadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Día do bhea∣tha, a Rí na Niudaigheadh.

30 Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiol∣cuigh, & do bhúaileadar an a cheann [é.]

31 Agus an tan do rinneadar fo∣námhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, & do chuireadar a éuduighe féin uime, & rugadar a mach é chum a chrochda.

32 Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ò Shiréne dar bhainm Simón, agus do chuireadar dfiachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.

33 Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne.)

34 Tugadar bhíneìgre agus domblas tri na chéile ré nól dó, agus an tan do bhlais sé é nior bháill leis a ól.

35 Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe ag cur cranch∣uir [orrtha] ionnas go gcoimhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh: Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chuluidh.

36 Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin.

37 Agus do chuireadar a choir bháis sgriobhtha ós a chionn: IS E SO JOSA RI NA NIUDAIGHEADH.

38 Do crochadh dias gaduidhe maille ris an tan soin, fear ar a dheis, agus sear ar a láimh chlí.

39 Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é ag cro∣thadh a gceann.

40 Agus ag rádh, Thusa leagus an teampoll agus chuirios súas a dtrí lá é, fóir ort féin: mas tú mac Dé tárr a núas as an gcroich.

41 Agus mar an gcéadna a dubhra∣dar úachdaráin na sagart maille ris na Sgríobuidhibh, agus ris na sinn∣searuibh ag fonámhad fáoi,

42 Do fhóir sé ar dháoinibh eile, & ni héidir leis é féin dfhóirighin: más é Rí Israél é, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich & creidfiomáoidne dhó.

43 Do bhí a dhóchus a Ndía, sao∣radh sé é a nois mas áill leis é, óir a dubhairt sé, Is misi mac Dé.

44 Agus tugadar na gaduighthe do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó.

45 Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go soithe an náomhadh húair.

46 Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Jósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Eli, lamá Sabactání: sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhìa, créd far thréig tú mé.

47 Agus ar na chloisdin sin a dubhra∣dar cuid dá raibh na seasamh a lâthair ann sin, Atá an fearso ag gairm Elías.

48 Agus do rith fear dhiobh ar an mball agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól.

49 Achd a dubhradar an chuid eile, Léig dhó, faiceam an dtiocfa Elias dá sháoradh.

50 Agus ar néigheamh a ris Díosa do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as.

51 Agus féuch do réub brat roinnte an teampoill na dhá chuid ó úachdar go hióchdar, & do chriothnuigh an ta∣lamh & do sgoilteadar na cairgeach.

52 Agus dosgladar na tuámaidhe, & déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh.

53 Agus ar ndul a mach as na tuám∣uidhibh dhóibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach don chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.

54 Achd ar bhfaicsin an chreatha tal∣mhon & na neitheadh do éirigh ann, don Chaptín & dá raibh na fhochair ag coimhéad Jósa, do ghabh eagla mhór íad, ga radh, Go fírinneach dob é so mac Dé.

55 Agus do bhádar ann sin móran ban, ag féachain air, a bhfad úadh, noch do lean Jôsa ón Ghalilé, ag déanamh seirbhise dhó.

56 Eidir a raibh Muire Mágdalén, agus Muire mathair Jácob, agus José, agus máthair chloinne Sebedeí.

57 Achd an tan do bhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó Ari∣matéa dár bainm Jóseph, do bhí fós na dheisciobal ag Jósa.

58 Agus do chúaidh sé dionsuighe Phioláid, agus díarr sé corp Jósa. Ann sin a dubhairt Pioláid, an corp do thabhairt dó.

59 Agus an tan fúair Jóseph an corp, do fhill sé línédach glan na thimcheall:

60 Agus do chuir sé an a thuáma núa féin é, noch do thochuil sé a gcarruig, agus ar niompodh leice móire dhó air dhoruis an túama, do imhthigh sé roimhe.

Page [unnumbered]

61 Agus do bhí Muire Magdalén, agus an Mhuire eile ann sin na suidhe as comhair an túama.

62 Agus an lá a ndíaigh a noll∣mhuighthe, do chruinnigheadar úachd∣aráin na sagart, agus na Phairisinigh go Píoláid,

63 Ag rádh, A thighearna, is cumhain linn an tan do bhí an mealltóir úd béo, go ndubhairt sé, Eireóchuidh mé tair éis thrí lá:

64 Ar a nadhbharsoin aithin coimhéad do chur ar a ttúama go ceann an treas lá: ar eagla go dtiucfaidis a dheiscio∣bail annsa noidhche, agus go ngoidfidís é, agus go naibéoradis ris an bpo∣bal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an céudsheachrán.

65 A dubhairt Pioláit ríu, Atá faire agaibhsi: imthighidh, daingnighidh mar is éol dáoibh [féin é.]

66 Agus ar nimtheachd dóibhsean do dhaingniodar an tùama ar gcur chomhar∣tha ar an gcloich, maille ré faire.

CAIB. XXVIII. Eiseirghe Chriosd, 19 le órdughadh an Bhaisde, & na Nabsdal.

AGus a ndeireadh na sábbaide, an tan do shoillsigh an céud [lá] don tseachdmhuin, tâinic Muire Mhagdalén, & an Mhuire eile, dféachain an túama.

2 Agus féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oir ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ô neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón doras agus do shuigh sé uirrthe.

3 Agus do bhí a ghnúis mar theinn∣teach, & a éadach geal mar shneachda.

4 Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh.

5 Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná biodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam gur ab é Jósa do crochadh a tátháoi díarruigh.

6 Ní bhfuil sé ann so: óir do éirigh sé mar a dubhairt sé, tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na Iuighe.

7 Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh, gur éirigh sé ó mharbhuibh, & féuch atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin e: Féuch, a dubhairt misi ribh [é.]

8 Agus ar nimtheachd ón túama go deithneafach dhóibh maille ré heagla, & ré gáirdeachus mór, do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.

9 Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochaidis sin dá dheis∣ciobluibhsion: féuch, tárla Jósa orrtha, ag rádh, Go mbeannuighe Día dhéoibh. Achd tangadarsan, & rugadar ar a cho∣faibhsion agus do onòruigheadar é.

10 A deir Jósa an tansoin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh, beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé: agus do chifid misi ann sin.

11 Agus ar nimtheachd dóibhsean: féuch, tangadar cuid don luchd faire don chathair, & do innisidear dúachdarán∣uibh na sagart gach uile ní dá ndear∣nadh ann.

12 Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus ar ndéanamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na saighdiúiribh,

13 Ag rádh, Abruidh, Tangadar a dheisciobuil annsa noidhche, agus do ghoideadar é, an feadh do bhá∣muirne ar gcodladh.

14 Agus má chluin an túachdarán an ní so, do bhéaruimne fa deara dhó, nach bía gùasachd ar bith oruibhsi.

15 Agus ar ngabháil an airgid dòibh∣sion, do rinneadar mar do múineadh dhóibh, agus aithrisdior an glórsa a measg na Niuduigheadh go soithe an lá a níugh.

16 Achd do imthigheadar an táoin∣deisciobail dég don Ghalilé chum a tsléibhe mar ar órduigh Jôsa dhóibh.

17 Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhí amharus ag cuid díobh air.

18 Agus ar dteachd Diósa do labhair sé ríu, ag rádh; Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar neamh, & ar talamh.

19 Ar a nadhbharsoin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacha, dá mbaisdeadh a nainm a nathar, agus an mhic, agus an Spiorad náoimh.

20 Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár aithin misi dhíbh do choimhéud: & féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éanlé go deireadh an tsáoghail. Amen.

AN SOISGEUL DO REIR MHARCUIS.

CAIB. I. Beatha chrúaidh, & seanmòir Eóin um leasughadh beatha, 14 le Soisgeil aoibhinn Chriosd a ttaobh shàoradh na nanmann.

TOsach shoisgeil Jósa Chríosd mhic Dé:

2 Mar atá scríobhtha annsna fáidhibh, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, noch uill∣mheochas do shlighe romhad.

3 Guth an tí éimhgheas ar an bhfá∣sach, Ollmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.

4 Do bhí Eoin ag baisdeadh ar an bhfásach, & ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe do chum maithmheachuis na bpeacadh.

5 Agus do chuaidh tír Júdaighe uile, & luchd Járusaléim a mhac chuige: & do baisdeadh leis íad uile a sruth Jordáin, ag admháil a bpeacadh.

Page [unnumbered]

6 Agus do bhí Eóin ar na éadughadh do rúainneach cámhall, agus crios lea∣thair timcheall a leasruigh, agus a sé bíadh do itheadh sé, lòcuisdighe, agus mil choillteamhail.

7 Agus do rinne sé seanmóir, ag rádh, Tig am dhiáighsi neach is neart∣mhuire na misi, ag nách fíu mé cro∣madh, & íallach a bhróg do sgáoileadh.

8 Go deimhin do bhaisd misi sibh lé huisge, achd cheana baisdsidh seision sibh leis an spiorad náomh.

9 Agus tárla ann sna laéthibh sin go dtainic Jósa ó Nasarét na Gali∣lé, agus gur baifdeadh é a Iórdán lé Héoin.

10 Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do chonnairc [Eóin] neamh ar ná sgolthadh ó cheile, agus an Spiorad ag tuirrling air sion a riochd choluim.

11 Agus tainic guth ó neamh, Is tusa mo mhac grádhachsa, an a bhfuil mo mhór-thoil.

12 Agus ar an mball do tharruing an spiorad é ar an bhfásach.

13 Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhichead lá, ág fulang cha∣thuighthe ó Shátan: & do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta: & do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.

14 Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalílé, ag seanmoir soisgéil ríoghachda Dé:

15 Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul.

16 Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, do chonnairc sé Sío∣món, agus Aindrias a dhearbhráthair ag teilgean lín ann sa bhfairge, (óir do budh íasguireadha íad.)

17 Agus a dubhairt Iósa ríu, Lea∣naidh misi, agus do dhéana mé íasgui∣readha ar dháoinibh dhíbh.

18 Agus ar bhsagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.

19 Agus ar nímtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Se∣bede, & Eóin a dhearbhráthair, agus ad a luing ag córughadh a líontadh:

20 Agus do ghoir sê íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion ann sa luing maille ris an luchd tuarasdail, do leanadar é.

21 Agus tíaghuid a sdeach go Ca∣pernáum. Agus ar an mball sa tsabbóid do chúaidh Iósa don tsionagóig, águs do theaguisg sé [ann.]

22 Agus do ghabh iongnadh íadsan sá na theagasg: òir do theaguisg sé iad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.

23 Agus do bhí an a sionagóigsion neach an a raibh spiorad neamhghlan, agus do éigh sé,

24 Ag radh, O, créd í an bhúain atá aguinne rìotsa, a Iósa Nasardha? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a fhios agamsa cia thù, Neach náomhtha Dé.

25 Agus do bhagair Iósa air, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as.

26 Agus do réub an spiorad neamh∣ghlan é, agus ag éimhghe do ghuth árd, táinic sé a mach as.

27 Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagulg núa so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, & go númhluighid dho?

28 Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtim∣cheall na Galilé.

29 Agus mar is lúaithe do chuádar as an tsionagóig, tangadar go tigh Shíomóin, agus Aindriáis, ma ráon ré Séumas agus ré Héoin.

30 Agus do bhí mathair mhná Shió∣móin na luighe a bfiabhrus, & do labh∣radarsan do láthair risean na timcheall.

31 Agus táinic seision na cionn, agus do thóg sé í, ag breith ar láimh uirrthe: agus do dhealuigh an fiabhrus ría ar an mball, agus do rinne si frio∣thólamh dhòibh.

32 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin faoi, tuga∣dar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.

33 Agus do bhí an chathair uile ar gcruinníughadh chum an doruis.

34 Agus do shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghné∣theacha: & do theilg sé amach mó∣rán deamhan, & níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.

35 Agus air maidin go romhoch ar néirghe dhò a ndeireadh na hoidhche, do chuaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.

36 Agus do lean Siómón é, agus an dream dó bhí na fhochuir.

37 Agus an tan fúaradar é, a du∣bhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.

38 Agus a deir seision rîu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmóir an sin leis: óir is chuige so tháinic mé a mach.

39 Agus do rinne sê seanmóir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach:

40 Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, & dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.

41 Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar síneadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sè ris, Is toil: bí glan.

42 Agus ar labhairt dósan do imthigh an lubhra úadh ar ball, agus do bhí sé ar na ghlanadh.

Page [unnumbered]

43 Agus tar eís bagar air, do chuir sé ùadh é do lathair:

44 Agus a dubhairt sé ris, Tabhair dod aire nach innéosa tú déinneach é: im∣dhigh, taisben thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, na neithe do aithin Máoise, mar fhíadhnuisi dhóibh.

45 Agus ar nimtheachd dósan a mach do thionnsgain sé mórán dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aírd, ionnas nach raibh neart ag Jósa dul a sdeach sa gcath∣ruigh ós aird: achd bheith a muigh a nionadaibh fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aírd.

CAIB. II. Josa ag suighe chum bídh le peacachaibh, 18 do ghabh sé leithsgeul a dheisciobal.

AGus a gcionn beagáin aimsire na dhíaigh sin, do chuaidh sé a rís go Capernáum, agus do clos eisean do bhéith a dtigh.

2 Agus ar an mball do chruinníghea∣dar móran a gceann a chéile, ionnas nar thuilladar ann sna hionadaibh a dtim∣cheall an doruis: agus do rinne sé an bhriathar do sheanmóir dhóibh.

3 Agus tangadar chuige dream ag iomchar fhir pairilisi, agá raibh ceathrar dá iomchar.

4 Agus do bhrígh nár béidir léo teachd a ngar dhó ón tslúagh, do nochadar mullach an tighe an a raibh sé: agus ar na pholladh dhóibh do léigeadar síos lé téuduibh an leabuidh ann a raibh fear na pairilisi na luighe:

5 Agus an tan do chonnairc Jósa a gcreideamh, á dubhairt sé ré sear na pai∣rilisi, A mhic, a táid do pheacaidh ar na maitheamh dhuit.

6 Achd do bhádar drong áirighe do na Sgríobuidhibh na suidhe ann sin, & íad ag smuaintiughadh an a gcroidhthibh fein,

7 Créd fá labhrann an fear so blais∣pheimighe mar so? cía fhêudus peacuigh do mhaitheamh achd Dia na áonar?

8 Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spioraid féin, go rabhadar∣san ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé rìu, Créd fá smuáintísi na neithesi an bhur gcroidh∣thibh?

9 Cía is usa a rádh ré fear na Pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit: na a rádh, Eirigh agus tóguibh do leaba, agus siobhail?

10 Achd ionnus go mbeith a fhios a∣gaibh go bhfuil cumhachda ag mac an duine peacuigh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi)

11 A deirimsi riot, Eirigh, & tóg∣uibh do leabuidh, & imthigh dod thigh.

12 Agus do éirigh seisean ar an mball, & ar dtógbháil a leabtha, do chuaidh sé a mach na bhfiadhnuisi uile: ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtuga∣dar glóir do Dhia, ag rádh, Ní facamair∣ne a leitheid so a ríamh.

13 Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge: agus táínic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.

14 Agus ag gabhail thairis dó, do chonnairc sé Lébhi [mhac] Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim: agus a dubhairt sé ris, Lean misi.

15 Agus ar néirghe dhósan, do lean sé é, agus tárla an tan do shuidh Jósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mó∣rán puibliocán, & peacach fós ma ráon ré Hiósa, & ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran do lean é.

16 Agus an tan do chonncadar na Sgrío∣buidhe, & na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpublio∣cán & na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann, & fá nibheann bhur maighisdir a bhfochair na bpubliocán & na bpeacach?

17 Agus an tan do chualuidh Jósa [so] a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré líaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpea∣cach chum aithríghe.

18 Agus do throisgeadar deisciobail Eóin, agus na Bhpairismeach: agus ti∣gid agus a deirid risean, Créd fá dtrois∣gid deisciobail Eóin agus na Bhpairisi∣neach, agus nach déunuid do dheiscio∣bailsi trosgadh?

19 A dubhairt Jósa ríu an tan fin, A néidir lé cloinn tséomra an fhir núa∣phósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair, trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair ní héidir leo trosgadh do dhéanamh.

20 Achd tiocfuid na laéthe an á mbéur∣thar úatha an fear núaphósda, agus ann sin do dhéanuid trosgadh ann sna laé∣thibh sin.

21 Agus ní fhùaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an preabán núa úd cuid don tseinéudach, & is móide an briseadh.

22 Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fion núa na buidéil, agus dóirtear an fion, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fíon núa do chur.

23 Agus tárla ag gabháil tré ghor∣tuibh dhó isin tsabbaóid, gur thionnsgna∣dar a dheisciobail ag siobhal na slígh∣eadh déusa do bhúain.

24 Agus a dubhradar na Phairisinigh ris, Féuch, créd fa ndéanuid síad sa tsab∣bóid an nî nach ceaduightheach?

25 Agus a dubhairt seisean ríu, An né nar léughabhair a ríamh créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí riachdanus air, & do bhí ocrus air féin, & ar an muinn∣tir do bhí maille ris?

26 Cionnas do chúaidh sé a sdeach a dtigh Dé an tan do bhí Abiáthar na árdshagart, agus do ith sé arán na fiadhnuisi, nach ar cheaduightheach dithe

Page [unnumbered]

achd do na sagartuibh: agus fós tug sé é don dréim do bhí maille ris?

27 Agus mar an gcéadna a dubhairt sé ríu, Is ar son an duine do hórdui∣gheah an tsabbóid, agus ní ar son na sabbóide an duine.

28 Ar an nadhbharsoin is Tighearna mac an duine ar a tsáobaid féin.

CAIB. III. Do Leighis Josa gach tinneas, 13 & thogh an da dhisciobal dég.

AGus dó chúaidh Jósa a sdeach a rís don tsionagòig: agus do bhi neach ann sin agá raibh a lámh ar na seargadh:

2 Agus do bhádar agá bhrath, an sláineochadh sé é san tsabbóid, ionnus go gcuirsidís cúis air.

3 Agus a deir sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthaigh, Eirigh ad sheasamh a meadhón [cháich.]

4 Agus a dubhairt sé riusan, An ceaduightheach maith ná olc do dhéa∣namh san tsabbóid? anam do shlànughadh, nó do mharbhadh? achd do éisdeadarsan.

5 Agus ar bhféachain go feargach orrthasan na thimcheall, ar ngabhail doil∣ghis chuige ar son chrúais a gcroidheadh∣san, a dûbhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh, & do shín: & do hai∣seagadh a lámh slán mar an láimh eile.

6 Agus ar ndul a mach do na Phai∣risineachuibh do rinneadar comhairle ar an mball re muintir Jorúaith na aghaidh∣sion, cionnas do mhillfhidís é.

7 Achd do chúaidh Jósa maille ré na dheisciobluibh do leath táoibh chum na fairge; & do lean slúagh mór ón Ghalilé, agus ó thír Júdaighe é,

8 Agus ó Jerusaléim, agus ó Idu∣méa, agus ón táobh thall do Jórdán, agus an dream do [aitreabh] timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne, tangadar chuige buidhean mhór.

9 Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.

10 Oír do shlánuigh sé mórán, ion∣nus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha do chum go gcuiméolaidìs ris.

11 Agus an tan do chidís na spio∣raidighe neamhghlana é, do shléachdai∣dís dó, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa mac Dé.

12 Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoillfeochai∣dís é.

13 Agus do chúaidh sé súas an tansoin ar shlíabh, agus do ghoir sé chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige.

14 Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go gcuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad.

15 Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do leigheas, agus deamhain do theilgean amach.

16 Agus air Shiômón tug sé Peadar mar ainm.

17 Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis, (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe.)

18 Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomas, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canánach.

19 Agus Júdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.

20 Agus do chruinnigheadar an slúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fiu an bhidh do chaitheamh.

21 Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar go raíbh sé ar míchéill.

22 Agus a dubhradar na Sgrîo∣buidhe tháinic a núas ô Jarusaléim, go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.

23 Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan, Sátan do theilgean a mach?

24 Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh:

25 Agus ma bhíonn tigh roinnte na aghaidh fein, ní héidir leis a tigh sin seasamh:

26 Agus is amhluigh sin, má éir∣gheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis sea∣samh, achd atá deireadh aige.

27 Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir ùd: & agus ann sin sladfuidh sé a thigh.

28 A deirim ribh go firinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:

29 Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an spioraid náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shíorruighe.

30 Oîr a dubhradar, Is spió ad neamhghlan atá aige.

31 Uime sin tangadar a dhear∣bhráithre agus a mhathair: agus ar seasamh a muigh dhóìbh, do chuireadar fios chuigesion, dá ghairm.

32 Agus do shuidh an slúagh na thimcheall agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh.

33 Agus ar bhfreagra dhòibh a dubhairt sé: Cia hí mo mhathair nó mo dhearbhraithre?

Page [unnumbered]

34 Agus ar bhféachain ar an muintir do bhí na suidhe na thimcheall a deir sé, Féuch mo mhathairsi, agus mo dhearbh∣bhraithre.

35 Oír gidh bé neach do dhéana toil Dé, is é so mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mhathair.

CAIB. IV. Cosmhalacht, ar an tsìoladòir, 26 & fhás an tsîl ô; siol, gan fhios cionnas.

AGus do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh láimn ris an bhfairge: agus do chruinnigh slúagh mór chuige, ionnas go ndeachuidh sé a sdeach a luing, agus gur shuidh sé ar an bhfhairge: agus do bhí an slúagh uile ar tir a naice na fairge.

2 Agus do theaguisg sé mórán dóibh a gcosamhlachduibh, agus a dubhairt sé rìu an a theagasg:

3 Eisdigh, tabhruigh dá bhur naire: do chúaidh an sioladóir amach do chur shíl:

4 Agus tárla ag cur an tlíl dô, gur thuit cuid de chois an sligheadh: agus tangadar éanlaith an aiéir, agus ditheadar é.

5 Agus do thuit cuid eile dhe a náit clochaidh, mar nach raibh doimhne thalmhan aíge:

6 Agus ar néirghe don ghréin do dóigheadh é le teasbhach, agus do bhrigh nach raibh fréumh aige, do shearg sé.

7 Agus do thuit cuid eile dhe eidir mhuineach: agus déirghead ar an mui∣neach súas, agus do thachdadar é, agus ní thug sé toradh úadh.

8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith: agus tug sé toradh úadh déirigh súas agus dfás, agus tug cuid dhe a deich fichead, agus cuid trì fichid, agus cuid eile céud:

9 Agus a dubhairt sê riu, Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éis∣deadh sé.

10 Agus an tan do bhí sé na áonar, do fníafruigheadar an mhuinntir do bhi na fhochair maille ris an dá fhear dhéug, an chosamhlachd dhe.

11 Agus a dubhairt sé ríu, Is dáoibhsi a tugadh éolus ar sheicréid rioghachda Dé: achd ris an dréim atá leith a muigh deirthear gach éinní a ccosamhlachduibh.

12 Ionnas ag féachain dóibh go bhfaicfidís, agus nach tiubhraidís dá naire; Agus ag cloisdin doibh go gcluin∣fidis, agus nach dtuicfidis: deagla go bhfillfidis uáir ar bith, agus go maith∣fighe a bpheacuigh dhóibh.

13 A rís a dubhairt sé ríu, An bhfuil ainbhfios na cosamhlachda so oruibh? Agus [ma a tá,] cionnas thuigfidhe a nuile chosamhlachd?

14 An sioladóir úd, is í an bhría∣thar shíolchuireas sé.

15 Agus is íad so an drong a tá láimh ris a tslighe, ann a gcuirthear an bhriathar, agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, & tógbhuidh sé úatha an bhriathar do sióladh an a gcroidhthibh.

16 Agus mar an gcéudna is iad so an dream an ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, nocha éisdeas an bhriathar, agus ghabhus chuca ì do láthair maille ré gáirdeachus.

17 Agus ní bhfuil fréumh aca ionnta féin, achd fanuid ar feadh tamuill 〈◊〉〈◊〉 & na dhiáigh sin an tan éirgheas trio∣blóid, & buáidhirt tríd an mbréithir, ar an mball do gheibhid siad oilbhéim.

18 Agus is íad so an dream ghabhus an siol chuca an sa muineach, nocha éisdeas ris an mbreithir,

19 Achd téid rochúram an tsáoghail so, agus mealltóireachd an tsaidhbhris, agus míanghus na neitheadh eile a steach, agus tachduid an bhríathar, agus bhí sí neamhthoruigheach.

20 Agus is íad so an dream an ar cuireadh an síol ann sa talamh maith, nocha éisdeas agus ghabhus chuca an bhríathar, agus do bheir toradh úatha, áon a deich fichead, áon trí fichid, agus áon eile céud.

21 Agus a dubhairt sé ríu, An dtig an choinneall dá cur fáoi bhéul soighthigh nó fáoi leabuigh? an né nach do chum go gcuirfídhe a gcoinnléoir í?

22 Oír ní bhfuil ní ar bith foluigh∣theach nach bhfoillseochar, na seicréi∣deach nach dtiocfa chum soluis.

23 Gidh bé neach agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

24 Agus a dubhairt sé ríu, Tabhruidh dá bhur naire créd é an ní ad chluin∣tí: gidh bé miosúr an a dtoimheós∣dàoi, toimheósdar chuguibh é, & do bhéur∣thar tuilleadh dháoibhsi atá ag éisdeachd.

25 Oír gidh bé neach agá bhfuil ni, do bhéurthar dhó: agus gidh bé neach a tá gan ní aige, toigéubhthar úadh an ní a tá aige.

26 Tuilleadh eile a dubhairt sé ríu, Is amhluigh a tá ríoghachd Dé, mar do chuirfeadh neach síol a bhfearann.

27 Agus do choidéoladh sé, agus do éireóchadh sé sa noidhche, agus ann sa lá: agus do fhásfadh an fíol, agus do airdéochadh sè, ar cruth nach raibh a fhios aigesion.

28 Oír is dá dheóin féin do bheir an talamh toradh, ar tús an geamhar, agus na dhiaigh sin déus, agus na dhíaigh sin arbhar iomlán sa déis:

29 Agus an tan thaisbéunas an to∣radh é féin, ar an mball cuiridh sé corran ann, do bhrígh go bhfuil an fóghmhar do láthair.

30 Agus a dubhairt sé, Crèd é an ní ré a ndéanam ríoghachd Dé do shamhlughadh? nò créd í an bharamhail ré samhuilfimís é?

31 Is cosmhail [é] re gráinne mus∣daird: noch an tan churthar ann sa talamh, is é is lugha don uile shíol dá bhfuil ar talamh:

Page [unnumbered]

32 Achd tar éis a chora, fásaidh sé súas, agus is mó é ná éunluibh do na luibheannuibh: agus fásaid géuga móra air, ionnus go bhféadfaidis éunlaith an aiéir nid do dhéanamh ar á sgáth.

33 Agus do labhair sé an bhríathar riu a mórán dá leithéidibh sin do chosmhalachdaibh, do rèir mar do béidir léo a chloisdin.

34 Agus níor labhair sé riu achd a gcosmhalachdaibh: achd cheana do mhínidh sé gach uile ní dá dheiscio∣bluibh féin ar leith.

35 Agus a dubhairt sé an lá sin ríu air mbeith deighionach dhó: Déunum don táobh a nunn.

36 Agus ar bhfágbháil an choimhthio∣nóil, rugadar eisean mar do bhí sé ann sa luing: agus do bhádar fós longa beaga eile na fhochair.

37 Agus do éirigh sdoirm mhór gháoithe, ann: agus do lingeadar na tonna ann sa luing, ionnas go raibh sí a nois ar na líonadh.

38 Agus do bhí seisean ar an dtileadh na chodladh ar chearchaill: agus dúi∣sighid síad é, agus a deirid ris, A mhaighisdir, nach misde leachd go bhfuilmid a dul a mugha?

39 Agus ar néirghe dhósan tug sé achmhasan don gháoith, agus a dubhairt sé ris an bhfairge, Coisg, bí balbh. Ann sin do chíunaigh an gháoth, agus do bhí súaimhneas mór ann.

40 Ann sin a dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuiltí coimheaglach as sin? créd fà nach bhfuil creideamh aguibh?

41 Agus do ghabh eagla mhór íad∣san, & a dubhradar ré cheile, Cía hé an fear so, agà ndéanann an gháoth féin, & an fhairrge fós umhlachd dó?

CAIB. V. Do chuadar 6666 deamhan annsa tréad mhuc.

AGus tangadar don táoibh éile don fhairge, go tír na Ngadarénach.

2 Agus ar ndul a mach dhó as an luing, ar an mball tárla duine an a raibh spiorad neamhghlan air, ag teachd as na tuámuighibh.

3 Agá raibh a áit chomhnuighe ann sna túamuighibh, & nár bheidir lé neach ar bith a cheangal lé slabhradhuibh féin:

4 Do bhrígh ar mbeith ceanguilte go meínic dhó lé geimhlibh & lé slabh∣radhuibh, go mbriseadh sé na slabh∣ruidhe, agus go mionbhruigheadh sé na geimhleacha: agus nior bhéidir lé neach ar bith a smachdughadh.

5 Agus do bhìodh sé do ghnáth, do ló agus doidhche ar na sléibhtibh, agus annsna túamuighibh ag éimhghe, agus da ghearradh féin ré clochaibh.

6 Agus ar bhfaicsin Jósa dhó a bhfad úadh, do rith sé, agus do shléuchd sé dhó:

7 Agus ag eimhghe do ghath árd a dubhairt sé. Créd i mo chuidsi dhíot a Josa a mhic Dé roáird? cuirim a buchd Dé ort gan mo phianadh.

8 (Oír a dubhairt sé ris, A spio∣rad neamhghlan, tárr a mach as an duine.)

9 Agus do fhíafruigh sé dhe, Créd is ainm dhuit? agus do fhreagair seisean ag rádh, Léghion is ainm dhamh: óir a támáoid morán ann.

10 Agus do íarr sé go roighéur air gan a gcur a mach as an dúthaidh sin.

11 Agus do bhì tréad mór muc ann sin air na sléibhtibh ag ingheilt.

12 Agus do íarradar na deamhuin uile air, ag rádh, Cuir sinne ann sna mucuibh, do chum go rachmáois a sdeach ionnta.

13 Agus tug Jósa cead dóibh ar an mball: agus ar ndul a mach do na spioradaibh neamhghlana sin do chùadar ann sna mucaibh: agus do thuit an tréd a ndiáigh a gcinn ris an aill san bhfair∣ge, (agus do bhádar timcheall dhá mhíle muc ann) agus do múchadh íad ann sa bhfairge.

14 Agus do theitheadar búachailli∣dhe na muc, agus do inneasadar [sin] don chathraigh agus don túaith, agus tangadarsan a mach dá fhéuchain créd do rinneadh [ann.]

15 Agus tigid síad chum Jósa, agus do chíd an té an a raibh an deamhan agus agá raibh an Léighión ann, na shuidhe agus a éudach uime, agus a chíall aige: & do ghabh eagla íad.

16 Agus an lion do chonnairc [so] dinnseadar dhóibhsion, cionnas do rinneadh ris an té an a raibh an dea∣mhan, agus a dtimcheall na muc.

17 Agus do thionnsgnadarsan íar∣ruigh airsion imtheáchd as a dtóran∣nuibh féin.

18 Agus ar ndul a luing dhósan, do íarr an té an a raibh an deamhan air, é féin do bheith na fhochair.

19 Achd nír léig Jósa dhò, achd a dubhairt sé ris, Imthigh dod thigh a gceann do mhuinntire, & foillsigh dhóibh meud na neitheadh do rinne an Ti∣ghearna dhuit, agus go ndearna sé trócaire ort.

20 Agus do imthigh seision, & do thionnsgain sé a sheanmórughadh a Ndé∣capolis méud na neitheadh do rinne Jósa dhó: & do ghabh iongantus íad uile.

21 Agus an tan do chúaidh Jósa a luing a rís tar a ais don táobh eile, do chruinnigh slùagh mór chuige: agus do bhí sé láimh ris an bhfairge.

22 Agus féuch, táinic fear áirighe dúa∣chdaránuibh na sionagòige, dar bhainm Jáirus: & an tan do chonnairc sé eisean, do léig sé é féin siós agá chosaibh.

23 Agus do ghuidh sé é go roighér, ag rádh, A tá mhinghean bheag a bponc bháis: tárr agus cuir do lámha uirrthe, do chum go sláinéochaidhe í a agus go mairfeadh sí.

24 Agus do imthigh [Jósa] leis: & do lean slúagh mór é, & do bhíodair dá bhrughadh.

Page [unnumbered]

25 (Agus do bhí bean áirighe ann sin at a raibh dortadh sola ré dhá bhlìa∣dhain déug:

26 Agus do fhulaing mórán ó lea∣ghuibh iomdha, agus do chaith a raibh aice uile, agus níor bhféairrde í é, achd bá measa uádh í:

27 An tan do chúalaidh sí teachd thar Jósa, táinic sí don táobh shíar dhe a measg an choimhthionóil, agus do chumail sí ré na éudach.

28 Oír a dubhairt si, Má bheanuim ré na éudach a mháin, slainéochthar mé.

29 Agus do thiormaigh a dortadh fola do láthair: agas do airigh sí ar a corp féin go raibh sí slán ón phláigh sin.

30 Agus do aithin Jósa ar an mball ann féin an tsúbhailce do chúaidh as, agus do fhill sé ar a tslúagh, agus a dubhairt sé, Cía bhean rém éuduighibh?

31 Agus a dubhradar a dheiscio∣bail ris, Do chi tú an slúagh dod bhrughadh, agus an bhfhíafruigheann tú, Cía bhean rium?

32 Agus do fheuch seision na thim∣cheall, ionnas go bhfaicfeadh sé an bhean do rinne so.

33 Agus do ghabh crith & eagla an bhean, ar naithne an neithe do rinneadh innte féin, agus táinic sí agus do shléuchd sí dhó, agus do innis sí an fhírinne uile dhó.

34 Agus a dubhairt seision ría, A in∣ghean, do shlánuigh do chréideamh thù? imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.

35 Agus ar mbeith dhósan ag la∣bhairt, tigid [dáoine ó thigh] úachda∣ráin na sinagóige, ag rádh, Fúair hin∣ghean bás, créd fá gcuireann tú búaidh∣readh ar an maighisdir feasda?

36 Agus mar do chúalaidh Jósa an comhrádh so a dubhradh, a dubhairt sé ré húachdarán na sionagóge, Ná bíodh eagla ort, creid a mháin:

37 Agus níor fhulaing sé neach ar bith dhá leanmhuin, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearbhráthair Shéumuis.

38 Agus táinic sé go tigh úachda∣áin na siónagóige, agus do chonnairc sé an bhúaidhreadh, agus íad ag gul agus ag cáoineadh go mór.

39 Agus ar ndul a steach, a du∣bhairt sé riu, Créd fá bhfuil búaidh∣readh oruibh, agus créd fá nguiltí? ni bhfúair an cailin bás, achd is na codladh a tá si.

40 Agus do rinneadarsan fónamhad foi, achd cheana ar gcur cháich uile a mach dhósan, beiridh sé athair agus máthair an chailín leis, agus an dream do bhí na fhochair féin, agus téid sé a sdeach mar a raibh an cailìn na luighe.

41 Agus air mbreith dhó air láimh an thailin, a dubhairt sé ría, Talita cúmi: s é sin ar na eidirmhínigheadh, A chai∣••••n a deirim riot, éirigh:

42 Agus do éirigh an cailín ar an mball, agus do shiubhail sí: óir do bhí sí a gcionn a dá bhlíadhan déug, & do ghabh úathbhás romhór íadsan.

43 Agus do aithin sé dhíobh go roi∣ghéur, gan a fhios so do thabhairt déanduine: agus a dubhairt sé, ní do thabhairt don chailín ré a ithe.

CAIB. VI. Tug Críosd cumhacht da dheiseioblaibh ar na Spioraduibh neamhghlana; 48 & shiobhail sè ar an fhairge.

AGus do imthigh sé as sin, agus táinic sé dhá thír féin: agus do leanadar a dheisciobuil fein é.

2 Agus an tan tháinic an tsabbaid, do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh an sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán dá gcúalaidh é, ag rádh, Créd as a dtigid na neitheisi chum an fhirsi? agus créd í a neagna so tugadh dhó, ionnus go ndéuntar a leitheide so do shubhailcighibh tré na lámhuibh?

3 An né nach é so an sáor úd, mac Mhuire, agus dearbhráthair Shéumais agus Josés agus Júdais agus Shímóin? agus an né nach bhfuilid a dheirbh∣sheathracha ann so eadruinne? agus fúaradar oilbhéim ann.

4 Achd a dubhairt Jósa ríu, Ní bhfuil fáidh gan mheas ach an a thír féin, agus eidir a dháoinibh gáoil, & an a thigh féin.

5 Agus níor bhéidir leis sùbhailcighe ar bith do dheunamh ann sa náit sin, achd ag cur a lámh ar bheagán do dháoi∣nibh éugcrúaidhe, do shlánaigh sé íad.

6 Agus do bhí iongnadh aige an a neamhchreideamh súd: agus do thim∣chealluidh sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.

7 Ann sin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur na ndís, agus na ndís: agus tug sé cumhachda dhòibh ar na spioraduibh neamhghlana.

8 Agus do áithin sé dhíobh gan ní ar bith do bhreith léo chum na sligheadh, achd slat amháin, gan mhála, gan aràn, gan ionnmhus iona gcrios.

9 Achd a mbróga do chur orra: a∣gus gan dá chóta do bheith iompa.

10 Agus a dubhairt sé riu, Gidh bé áit ar bith an a rachdáoi a sdeach a dtigh, fanuidh ann sin nó go nim∣dhighthi as an mball sin.

11 Agus gidh bé ar bith nach géubha sibh, agus nach éisdfi ribh, ar nim∣theachd dibh as sin, craithidh an lúaith∣readh bhías fá bhur gcosaibh mar fhíadh∣nuisi na naghaidh. Go firínneach a deirimsi ribh, gur fá socamhluighe do Shodom nó do Ghomorra a ló an bhreitheamhnuis, ná don chathruigh sin.

12 Agus do imthigheadarsan, agus dfhúagradar aithríghe do dhéunamh.

13 Agus do theilgeadar mórán deamhan a mach: agus do ungadar mò∣rán

Page [unnumbered]

do dhaoinibh tinne lé hola, agus do shlanuigheadar [íad.]

14 Agus do chúalaidh an Rí Ior∣úaith so, (oír do chúaidh ainm oirdheirc airsion) agus a dubhairt sé, Gur éirigh Eóin baisde ó mharbhuibh, agus dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibriu∣ghadh ann.

15 A dubhradar dream eile, gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.

16 Achd ar na chluinsin Diorúaith a dubhairt sé, Is é so Eóin do dhicheann misi: déirigh sé ó mharbhuibh.

17 Oír ag cur dháoine úadh Dio∣rúaith, do ghabh sé Eóin, agus do chean∣gail sé a bpriosun é, ar son Heródias mhná pósda Philip a dhearbhráthar féin, do bhrígh gur phós sé í.

18 Oir a dubhairt Eóin ré Hiorúaith Ní ceaduightheach dhuit bean Phòsda do dhearbhráthar féin do bheith agad.

19 Achd do bhí Heródias ar a thiscan, agus bá mían lé a mharbhadh: achd níor bhéidìr lé.

20 Oír do bhí eagla Eóin ar Iorú∣aith, ar mbéith a fheasa aige gur dhuine comhthrom náomhtha é, & do choimhéd sé é: agus ar néisdeachd ris, do níodh sé mórán, agus do éisdeadh sé ris go toileamhail.

21 Agus an tan do bhí lá iomchu∣bhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér dá uaislibh, & dá cháiptínibh, agus dúachdaránuibh na Galilé, comhainm a láoi fá rugadh é:

22 Do chúaidh inghean Heródías a sdeach, & do rinne sí damhsa, agus do thaitin sí ré Hiorúaith, agus ris an gcuídeachda do bhí ar an mbórd na fhochair, agus a dubhairt an Rí ris an gcailín, Jarr oramsa gidh bé ní is áill leachd, agus do bhéura mé dhuit é.

23 Agus tug sé mionna dhi, Gidh bé ní íarrsus tú oram, do bhéura mé dhuit é, go leath mo ríoghachda.

24 Achd ar nimtheachd a mach dhisi a dubhairt sí ré na mathair, Créd iárfas mé? agus a dubhairt sisi, Ceann Eôin baisde.

25 Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum an ríogh maille ré deith∣bhir, agus do íarr sí ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin baisde dhamh a nois ar mhéis.

26 Agus do bhí an Rí lán do dhoil∣gheas, achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na fuidhe na fhochair, nior bháill leis isi do dhiultadh.

27 Agus ar gcur fhr dícheanta a mach don Righ do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach; agus do imthigh seisean, agus do dhicheann sé é ann sa phríosún:

28 Agus tug se a cheann leis ar mhéis agus tug sé don chailín é, agus tug an cailín é dá máthair.

29 Agus an tan do chúaladar a dheisciobuilsion [so], tangadar agus do thógbhadar a chorp, agus do chuirea∣dar a dtúama é.

30 Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsighea∣dar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúinea∣dar.

31 Agus a dubhairt sé ríu, Tigidh∣si ar leíth go hionad úaigneach, agus deunaidh suáimhneas támall beag. Oir do bhádar mórán ag teachd, agus ag im∣theachd: agus ní fhùaradar am ar bhíadh a mháin dithe.

32 Agus do chúadar a luing ar leith go hionad fhásamhuil.

33 Agus do chonnairc an slúagh íadsan ag imtheachd: & do aithneadar mórán eisean: & do ritheadar dá gcois as na caithreachuibh uile ann sin, agus do bhádar rompasan, agus do chruinnighea∣dar chuigesion.

34 Agus ar ndul a mach Diósa, do chonnairc sé an slúagh mór, agus do ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir do bhádar mar cháorcha gan áodhaire aca: agus do thiónnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.

35 Agus an tan tháinic mórán don lá, do chúadar a dheisciobuil chuigesion, ag rádh, A tá an tionadh na fhásach, agus tháinic móran don lá:

36 Lèig úait íad, ionnus go rachai∣dis fán dtír, agus fá na bailtibh na dtim∣cheall, do cheannach aráin dóibh féin: oír ní bhfuil ni aca do ìosaidís.

37 Achd ar bhfreagra dhósan a dubh∣airt sé riu, Thabruidhsi dhòibh ní ré na ithe, agus a dubhradarsan ris, An rach∣máois do cheannach lúach dhá chéud pi∣ghinn daránuibh, do chum go dtiobhra∣máois ní dhóibh ré na ithe.

38 Agus a dubhairt seisean ríu, Gi mhéud arán a tá agaibh? imthighidh, & féachuidh: agus ar bhfagháil a fheasa sin dóibhsion, a dubhradar, Cúig [aráin] agus dá íasg.

39 Agus do aithin sé dhíobh cách uile do chur na suidhe na gcomhlánuibh ar a bhféur ghlas.

40 Agus do shuigheadar sios na mbuidhnibh as comhair a chéile, na gcéuduibh, agus na gcáogaidibh.

41 Agus ar ngabháil na gcúig narán chuige, agus an dá íasg, ar bhféachain súas ar neamh dhó, do bheannuigh sé, agus do bhris sé na ha∣ráin: agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum go gcuirfidis na bhfiadhnuisi∣sion [íad;] agus do roinn sé an dá íasg orrtha uile.

42 Agus do itheadar cách uile, agus do sathuigheadh íad.

43 Agus do thógbhadar dhá chliabh dhéug lán do bhíadh bhrisde, agus do na hîasguibh.

Page [unnumbered]

44 Agus do bhádar an dream a dúaigh a tarán, a dtimhcheal chúig mhíle fear.

45 Agus do chuir sé dhfíachuibh ar a dhéiscióbluibh do láthair dul a luing, agus dul roimhe don táoibh a nunn go Betsaida, nó go léigeadh sé féin an slúagh uadh.

46 Agus an tan do chuir sé úadh íad, do chúaidh sé ar shlíabh do dhéa∣namh urnuighthe.

47 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí an long a lár na fairge, agus eisean ná áonar ar tír.

48 Agus do chonnairc sé íadsan ag cur sháothair mhóir orrtha féin ag iom∣ramh: (oîr do bhí an gháoth na na∣ghuidh) agus táinic sé chuca timcheall an ceathramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfairge: agus do mhea∣dhuigh sé dul thárrsa.

49 Achd ar na fhaicsin dóibhsion ag fiobhal ar an bhfairge, do sháoileadar gur thádhbhás é: agus do éighmheadar:

50 (Oir do chonncadar uile é, agus do bhádar ar na mbúaidhreadh) agus do la∣bhair sé ríu ar an mball, agus a dubhairt sé ríu, Bíodh meisneach maith aguibh, misi a tá ann, na biodh eagla oruibh.

51 Ann sin do chúaidh sé súas chu∣ca ann sa luing: agus do chíunaigh an gháoth: agus is móide go mór do bhí uáthbhás agus iongantus orrthasan sn.

52 Oír ní thugadar da naire [an ní do rinneadh] ris na haránuibh: óir do bhí a gcroidhe crúaidh.

53 Agus an tan do chúadar thairis, tangadar go talamh Geinesaret, agus tangadar a dtír.

54 Agus tar éis teachda a mach as an ling dhóibh, ar an mball do aithnighea∣dar eisean.

55 Agus do ritheadar luchd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do thionnsgna∣dar na dáoine tinne diomchar ar leaptha∣chuibh, dá gach áit na gcluindìs eision do bheith.

56 Agus gidh bé bailte, nó caith∣reacha, no dúthaigh, an a ndeachuidh sé a sdeach, do chuirdís na dáoine tinne ar na fráidibh, agus do iárraidís air cumailt ré himeal a éuduigh a mháin: agus an mhéid do chumail ris, fúaradar a slainte.

CAIB. VII. G•••• àithne Dé chur ar gcùl, le fùar-ghná∣thuighthibh na sean.

AGus do cruinnigheadar na Phairisi∣nigh chuige, agus cuid do na Sgrío∣bidhibh tháinic ó Iarusaléim.

2 Agus ar bhfaicsin dóibh go ndúa∣dar cuid dá dheisciobluibhsion arán lé lamhuibh coitchionna (adhón gan ionn∣ladh) do rinneadar gearán.

3 (Oir ní ithid na Phairisínigh agus na Iúduighe uile bíadh, muna nionnlaid siad a lámha go minic, ag coimhéd ór∣duighthe na sinnsior.

4 Agus [air dteachd] ón mhargadh, muna nionnlaid, ní ithid siad, & a táid mórán do neithibh eile do ghabhadar orra do choimhéud, [mar a tá] níghe na gco∣pán, & na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthach.

5 Do fhìafruigheadar na Phairisinigh, agus na Sgriobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobuilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?

6 Agus do fhreagair seision, agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall, a luchd an fhúarchrábhuidh: mar a tá sgríobhtha, Onōruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim.

7 Achd is díomháoineach do níd seir∣bhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg.

8 Oír air dtréigean áithne Dé, gabh∣uidh sibh órdughadh na ndáoine, [mar a tá] nighe na bpotadh agus na gcopàn: agus do nithí mórán dó neithibh eile i cosmhail ríu so.

9 Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.

10 Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin, agus gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é.

11 Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair nó ré na mháthair, Corbàn (adhón, an tiodhlacadh) do bheirimsi úaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.

12 Agus ní léigtí dhó as sin a mach ní sa mó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin:

13 Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin: & is mór dá leitheidibh so do níthí.

14 Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige dhó, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh.

15 Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.

16 Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

17 Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuirea∣dar a dheisciobuil ceisd air, a dtimcheall na cosamhlachda.

18 Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltísi leis mar an gcéudna gan tuigse? an né nach dtuigthí gidh bé ní don tàobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh?

19 Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg: & téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh.

20 Achd a dubhairt sé, An ní théid

Page [unnumbered]

amach as an duine, as é sin shalchus an duine:

21 Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúain∣tighe, adhaltrannas, sdríopachus, dún∣mharbhtha:

22 Goid, sainnt, aingídheachd, meall∣tóireachd, míonáire, drochshúil, blais∣phéime, úabhar, amadanachd.

23 Tigid na huilcsi uile ón táobh a sdigh, & salchuid an duine.

24 Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go criochaibh Thírus & Shi∣don: & ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfa∣gháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.

25 Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamh∣ghlan an a hinghin, táinic si & do léig si í féin síos agá chosaibh:

26 (Agus do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul) & do ghuidh si é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.

27 Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tùs an clann do sháithiughadh: óir ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghla∣cadh, & a theilgean chum na gcoiléun.

28 Achd do fhreagair sisi, & a du∣bhairt si ris, Is fíor sin a Thighearna, gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileach na leanabh.

29 Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad: do chúaidh an deamhan a mach as hinghin.

30 Agus do chúaidh sí dhá tigh, & fúair sí an deamhan ar nimtheachd, & a hinghean na luighe ar a leabuidh.

31 Agus do fhill sé a rís ó thó∣rannuibh Thíruis & Shidon, & táinic sé go fairge na Galilé, tré lár chrío∣chaibh Dhecapólis.

32 Agus tugadar duine bodhar balbh chuige: & do íarradar air a lámh do chur air.

33 Agus ar na bhreith leis fó leith òn phobal dó, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh: & ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh.

34 Agus ar bhféachain súas ar neamh dhó, do léig sé osnadh as, & a dubhairt sé ris, Ephphatha, adhón, Bi osgailte.

35 Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa: & do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, & do labhair sé go ceart.

36 Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ní bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mór dfoillsighidision [é.]

37 Agus do ghabh iongantus romhór íad, & a dubhradar: Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, & go la∣bhruid na bailbh.

CAIB. VIII. Mirbhuilte na 7 naráin, 27 & admhail Jôsa gur bé fêin an Criosd úd bhi ré teachd, 38 um nach cóir náire do ghabhail.

ANn sna láethibh sin ar gcruinniu∣ghadh do phobal romhór, agus gan ní aca do íosaidis, ar ngairm a dheisciobal Díosa chuige, a dubhairt sé ríu:

2 A tá trúaighe romhór agam don phobal: do bhríogh gur fhanadar a nois tri lá am fhochair, & nach bhfuil ní ar bith ré a ithe aca.

3 Agus dá léige mé na dtrosgadh dhá dtighibh féin íad, rachaid síad a nan∣bhfainne ar slighe, óir tháinic cuid aca a bhfad.

4 Agus do fhreagradar a dheiscio∣buil é, Ga háit as a bhféadfadh duine ìad so do shásadh lé harán ann so ar an bhfasach?

5 Agus do fhíafruigh seisean díobh, Gà mhéud arán a tá agaibh? & a du∣bhradarfan, A seachd.

6 Agus do aíthin seision don tslùagh suidhe síos ar an dtalamh: agus ar nglacadh na seachd narán dó, tar éis bhuidheachuis do thabhairt, do bhris sé, & tug sé dá dheisciobluibh [íad] do chum a gcura ann a bhfiadhnuisi: & do chuireadarsan a bhfíadhnuisi an tslúaigh [iad.]

7 Agus do bhádar beagán díasgaibh beaga aca: & an tan tug sé buidhea∣chus, a dubhairt sé íad soin fós do chur na bhfíadhnuisi.

8 Agus do itheadar, agus do sásadh íad: & do thôgbhadar seachd gcléibh do bhiadh bhrisde do bhí dfuighleach aca.

9 Agus do bhí an luchd do chaith an bíadh a dtimcheall cheithre mile: & do léig sé úadh íad.

10 Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille ré na dheisciobluibh, táinìc sé go rann Dalmanúta.

11 Agus tangadar na Phairisinigh a mach, & do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.

12 Agus ar ndéunamh osna dhósan an a spioraid, a dubhairt sé, Créd fá níarrann an cineadh so comhartha? a deirim ribh go firinneach, nach dtio∣bharthar comhartha don chineadh so.

13 Agus ar na bhfagbháil dó, ar ndul a luing a rís, do chúaidh sé don táoibh eile.

14 Agus do dhearmadar na deiscio∣buil arán do bhreith léo: agus ní raibh aca achd áon arán amháin ann sa luing.

15 Agus do aithin sé dbiobh, ag rádh, Féuchaidh, coimhéadaigh sibh o laibhín na Bhpairisíneach, & ó laibhín Iorúaith.

16 Agus do thagradarsan eatorra féin, ag rádh, Is tré nach bhfuilid aráin aguinn [a tá sé.]

17 Agus ar ná aithne sin Díosa, a dubhairt sé ríu, Créd do bheir ag diosbóireachd sibh, ar son nach bhfuilid

Page [unnumbered]

aráin aguibh? né nach fios díbh fós agus nach dtuigthí? an bhfuilid croi∣dheadh crúaidhe aguibh fós?

18 O a táid fúile aguibh, Créd fá nach bhfaicthí? & ó táid clúasa aguibh, Créd sá nach ccluintì, agus nach ccuimhnigh∣thí?

19 An tan do bhrìs mé na cúig aráin ar na cúig mhíle, ga mhéud clíabh lán do bhíadh bhrisde do thógabhair? a dei∣ridsean ris, Dhá chliabh dhéug.

20 Agus a núair [do bhris] mé na seachd naráin ar na ceithre mhíle fear, gá mhéud clíabh lán do bhíadh bhrisde do thógabhair? agus a dubhradarsan, A seachd.

21 Agus a dubhairtsion ríu, Cionnas nách dtuigthí [na neithesi?]

22 Agus táinic sé go Betsaida: agus tugadar dall chuige, agus do íarradar air búain ris.

23 Agus ar mbreith ar láimh an doill dó, do threóruigh sé as an mbaile a mach é: agus ar gcur a sheile ar a shúilibh, agus ar gcur a lámh air, do fhíafruigh sé dhe an bhfacuidh sé én ní.

24 Agus ar dtógbháil a shúl súas dó∣san, a dubhairt sé, Do chím dáoine ag siobhal mar chranna.

25 Na dhíaigh sin, do chuir sé a lámha a rís ar a shúilibh, agus tug sé fá deara dhó, a shúile do thógbhail súas: agus do haiseagadh [a radharc dhó,] agus do chonnairc sé cách uile go soilléir.

26 Agus do chuir sé dhá thigh féin é, ag rádh, Na himthigh don bhaile úd a sdeach, agus ná hinnis [so] déanduine sa bhaile.

27 Agus do chúaidh Iósa agus a dheis∣tiobail a mach go bailtibh Sesária Phi∣lippi: agus do chuir sé ceisd ar a dheis∣ciobluibh ar a tslighe, ag rádh ríu, Cred a deirid na dáoine cía misi?

28 Achd do fhreagradarsan, [A deir cuid diobh gur ab tú] Eóin baisde: & cuid eile Elías: agus cuid eile, áon do na fáidhibh.

29 Agus a dubhairt seisean ríu, Achd cred a deirthísi cía mé? ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ris, As tú Críosd.

30 Agus do bhagair sé orrtha, gan innse deinneach dá tháobh féin.

31 Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinn∣searuibh, agus ó úachdaránuibh na sa∣gart, & ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, & éirghe a rís a gcionn trí lá.

32 Agus do labhair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreith do Pheadar air, do thionnsgain sé achmhusán do thabhairt dó.

33 Achd ar gcasadh dhósan, agus ar bhfhéachain ar a dheisciobluibh, do im∣dhearg sé Peadar, ag rádh, Imthigh am dhíaigh a Shatáin: òir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Día, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

34 Agus ar ngairm an tslùaigh agus a dheisciobal chuige dhó, a dubhairt sé ríu: Gidh bé lé nab aill misi do lean∣mhuin, díultadh sé dhó féin, agus tóg∣bhadh sé a chros, agus leanadh sé misi.

35 Oír gidh bé neach lé nab áill anam féin do choimhéd, caillfidh sé é; agus gidh bé neach chaillfeas anam féin ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil, coi∣mhéudfaidh sé é.

36 Oír créd é an tarbha do neach ar bith, dá ngnodhuighe sé an domhan uile, agus anam féin do chaill?

37 Nó créd í an mhaluirt do bhéuradh èinneach ar son anma féin?

38 Oir gidh bé neach lér nár misi, agus mo bhrìathra ann sa chineadh a∣dhaltrannach & pheacthach so, budh nár lé mac, an duine eisean mar an gceadna, an tan thiocfas sé a nglóir athar féin, maille ré na ainglibh náomh∣tha.

CAIB. IX. Athrughadh cruth Josa, 33 rè a theagase ar úmhla, 38 & ar seirce.

AGus a dubhairt sé ríu, Go fìrinneach a deirimsi ribh, go bhfuil cuid dá bhfuil na seasamh ann so do lathair, nach blaisfi bás, no go bhfaicid síad ríoghachd Dé ag teachd maille ré cumhachduibh.

2 Agus a gcionn sé lá na dhíaighsin, rug Jósa Peadar, & Séumas, agus Eóin leis, & do thréoruigh sé íad na náonar fá leith, go sliabh ro árd: agus do háthruigheadh a chruth na bhfiadhnuisi:

3 Agus do bhádar a éaduighe deal∣ruigheach, roigheal mar an sneachta, a gcruth nách éidir lé háon ghlanadóir éaduighe ar talamh a ngealadh.

4 Agus do taidhbhreadh dhóibh Elías maille ré Máoisi, & do bhádar ag comh∣rádh ré Híosa.

5 Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ré Híosa, A mhaighisdir, is maith sinne do bheith ann so: ar a nadh∣bharsin déunam trí botha, both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Dé∣lías.

6 Oír ní raibh a fhios aige créd do laibhéoradh sé: óir do bhádar ar crith ré heagla.

7 Agus do éirigh néull do hur sgáile na dtimcheall: agus táinic guth as an néull, ag rádh, Ag so mo mhac gradh∣achsa, éisdigh ris.

8 Agus ar bhféachain na dtimcheall go hobann dóibh, ní fhacadar éin neach as sin súas, achd Jósa na áonar na bhfochair.

9 Agus ag teachd dóibh a núas on tslíabh, do áithin sê dhíobh gan na

Page [unnumbered]

neithe do chonncadar dinnisin déin neach, no go neiséirgheadh mac an duine ó mharbhuibh.

10 Agus do chongmhadar an glór sin aca féin, dá fhiafruighe dhá cheile, Créad is cíall dó súd, eiseirghe ó mhar∣bhaibh,

11 Agus do fhíafruigheadar dheisean ag rádh, Créd fá nabruid na Sgrío∣buidhe, gur ab éigean Elías do theachd ar tús?

12 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tig Elías go deimhin ar tús, & aiséochaidh sé gach uile ní: agus mar a tá fgríobhtha a dtimcheall mhic an duine, Go gcaithfeadh sé mó∣rán dfulang, & bheith fá neimhchion.

13 Achd a deirimsi ribh, Go dtáinic Elías, & go ndearnadar ris gidh bé ní do thogradar, mar a tá sgríobh∣tha air.

14 Agus ar dteachd dó chum a dheis∣sciobal, do chonnairc sé slúagh mór ná dtimcheall, & ná Sgríobuidhe ag diosbóireachd ríu.

15 Agus ar an mball a bhfacaidh an slúagh uile é, do ghabh úathbhás íad: agus ag rith chuige do chuireadar fáilte roimhe.

16 Agus do fhíafruigh sé do na Sgríobuidhibh, Créd é an ní so tha∣gartháoi eadruibh fein?

17 Agus ar bhfreagra do neach don tslúagh, a dubhairt sê, A mhaighisdir, tug mé mo mhac chugad, an a bhfuil spiorad balbh.

18 Agus gach uile bhall a mbeireann sé air, tairngidh sé as a chéile é: & cuiridh sé cubhar thar a bhéul, & do ní sé gìosgarnach lé na fhíacluibh, & téid sé a seirgtheachd: & a dubhairt mé réd dheisciobluibhsi a cur a mach as, achd cheana níor fhéudadar.

19 Agus ar bhfreagra dhósan a dubh∣air sé ris, A chíneadh gan chreideamh, gá fad bhías mé eadruibh? & gá fad fós fhuiléongus mé sibh? tabhruidh chugamsa é.

20 Agus tugadar chuige é. Agus an tan do chonnairc sé é; do thar∣raing an spiorad as a chéile é ar ball: agus ar dtuitim ar an dtalamh dhó, do bhi sé dhá únfairt ag cur chubhair [as a bhéul.]

21 Agus do fhiafruigh [Jósa] dhá athair, Gá fad daimsir ó thárla so dhó? achd a dubhairt seision, O bhí sé na leanabh:

22 Agus is minic do theilg sé a dteinidh & a nuisge é, do chum go millfeadh sé é. Achd má a tá cumh∣achd ar bith agadsa, biodh trúaighe agad dhúinn, & fôir oruinn.

23 Achd a dubhairt Josa ris, Más éidir leachd so do chreideamhuin, a tá gach én ní soidhéanta don té chreidios.

24 Agus ar neigheamh dathair an bhuachalla ar an mball maille ré dea∣ruibh, a dubhairt sé, Creidim a Thigh∣earna, fóir mo mhíchreideamh.

25 Agus an tan do chonnairc Jósa an sluagh uile ag coimhrith chuige, do imdhearg sé an spiorad neamhghlan, ag rádh ris, A spiorad bhailbh & bhodhair, aithnimsi dhíot, imthigh a mach as, & na héirigh a sdeach ann ní sa mhó.

26 Agus ar néigheamh dhó, & ar na tharrang as a chéile go ro úathbhá∣sach, do chúaidh sé a mach as: & do bhí sé a riochd mhairbh, ionnas go ndubhradar mórán, go bhfúair sé bás.

27 Achd ar mbreith Diosa ar a láimh, do thógaibh sé suas é: agus déirigh seision.

28 Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh, do fhíafruigheadar a dheisciobail de go seicréideach, Créd fá nár fhéadamairne an [spiorad] úd do theilgean a mach?

29 Agus a dubhairt seisean ríu, Ní héidir an ghné [dheamhan] so do dhul a mach lé ní ar bith, achd tré úr∣nuighthe, & tré throsgadh.

30 Agus ar nimtheachd dóibh as fin, do chúadar tríd an Ngalilé: agus nìor bháil leis a fhios do bheith ag éinneach.

31 Oír do theagaisg sé a dheisciobáil féin, & a dubhairt sé ríu, Do bhéur∣thar mac an duine a lamhuibh na ndáoine, & cuirfid chum báis é: & tar éis bháis dfagháil dó, éiréochuidh sé an treas lá.

32 Achd níor thuigeadar an comh∣rádhsa, & do bhí eagla orrtha a fhía∣fruighe dheisean.

33 Agus táinic sé go Capernáum: & air mbeith a dtigh dhó, do fhíaf∣ruigh sé dhìobh, Créd do bhí aguibh dhá thagra eadruibh féin air a tslighe?

34 Achd do thochdadarsan: óir do bhádar ag tagra a naghaidh a chéile air a tslighe, Cía aca budh mhó.

35 Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, & a du∣bhairt sé ríu, Gidh bé neach lé nab mìan bheith a dtosach, búdh é bhus déighionuigh do chách uile, & bhus seirbhíseach dhóibh uile.

36 Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ann a lár é: & ar na ghabhail ann a uchd, a dubhairt fé ríu,

37 Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige, & gidh bé neach gheúbhus misi chuige, ní misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.

38 Achd do fhreagair Eóin é, ag rádh. A mhaighildir, do chonncamair neach ag cur deamhan a mach ad ainm∣si, nach leanann sinne: & do chuireamar toirmeasg air, ar son nách leanann sé sinn.

39 Agus a dubhairt Jósa, Ná toirmea∣sguidh é: óir ní bhfuil éinneach do dhéana míorbhuile tré mainmsi, agus

Page [unnumbered]

fhéadus olc do rádh ríum ar an mball.

40 Oír gidh bé neach nach bhfuil ar naghuidh, a tá sé air ar son.

41 Oír gidh bé neach do bhéura cupán uisge ré a òl dáoibhsi am mainm∣si, tré gur ab lé Criosd sibh, a deirim ribh go firinneach, nach léigfi sé a lúaidheachd a mugha.

42 Agus gidh bé bhéuras adhbhar oílbhéime dáoin neach do na dáoinibh beaga so chréideas ionnamsa, do bhfearr dhó go mór go gcuirthí cloch mhuilinn fa na bhrághuid, & go dteilgthí é nn sa bhfairge.

43 Agus más ciontach do lámh ré hoilbhéím dfagháil duit, gearr dhíot ì: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, ná dhá láimh do bheith agad, & dul go hifearnn, a dtéinidh nach éidir do mhúchadh:

44 A náit nach éugann a bpéisd, agus nách múchtar a dteine.

45 Agus más ciontach do chos ré boilbhéim dfagháil duit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul don bheathuidh mharthanuigh ar leathchois, ná dha chois do bheith agad & do theilgean go hifearn, ann sa teinidh nách éidir do mhúchadh:

46 A náit nách éugann a bpéisd, & nach múchtar a dteine.

47 Agus más ciontach do shúil ré hoilbhéim do thabhairt duit, teilg asad í: is fearr dhuit dul a sdeach go riogh∣achd Dé ar éunsúil, ná dhá shúil do bheith agad, & do theilgean go teinidh iseirn:

48 A náit nách éugann a bpéisd, & nach múchtar a dteine.

49 Oir saillfithear gach áoin neach le teinidh: agus saillfithear gach aóín iodhbairt lé salann.

50 Is maith an salann: achd cheana ma bhìonn an salann gan bhlas, Créd lé a ndéuntáoi deaghbhlasda é? bíodh salann agaibh ionnaibh féin, & bíodh siodhcháin aguibh ré chéile.

CAIB. X. Ʋm thréigean na mban, 13 & bheannugh∣adh na leanahb mhaoth lè Criosd.

AGus ar néirghe as sin dó, táinic sé go críochuibh Iúdea, trés an dtáobh thall do Iórdan: & do chruin∣nigheadar slúaighte a rís chuige: & mar budh ghnáth leis, do theaguisg sé íad a rís.

2 Agus ar dteachd do na Phairisí∣neachuibh chuige, do f híafruigheadar dhé, dá theasdughadh, Nar cheadui∣gheach dfior a bhean do léigean.

3 Achd ar-bhfreagra dhósan, a dubh∣airt sé ríu, Créd do aithin Máoisi dhibh?

4 Agus a dubhradarsan, Dfulaing Màoisi leitir dhealaighthe do fgríobh∣adh, agus a leigean.

5 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Is ar son chrúais bhur gcroidhesi do sgríobh sé a naithnesi dhíbh.

6 Gidheadh ó thósach an chruthaigh∣the, fear & bean do rinne Día íad.

7 Ar a nadhbharsin fúicfidh neach a athair féin, & a mhathair, & cean∣galfuigh sé dhá mhnaoi phósda

8 Agus béid a ráon na náoin fhéoil: ionnas nách días íad as sin a mach, achd éin fhéoil amháin.

9 Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.

10 Agus a stigh a rís do chuireadar a dheisciobuil ceisd fán ní céudna sin air.

11 Agus a dubhairt seision ríu, Gidh bé ar bith duine léigfios a bhean féin, & bhéuras bean eile, do ní sé adhal∣trannus na haghaidh.

12 Agus má leigeann bean a fear féin, & go bpósfadh sí ré fear eile, do ní si adhaltrannas.

13 Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: & do imdheargadar a dheisciobail an mhuin∣tir thug léo íad.

14 Achd an tan do chonnairc Iósa [sin,] do bhí míchéudfaidh aige orrtha, & a dubhairt sé riu: Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, & ná toirmeasgaidh íad: Oir is lé na leith∣éidibh súd flaitheas Dé.

15 A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nách géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go bráth innti.

16 Agus an tan do ghabh sé chuige ìad an a uchd, ar gcur a lámh orrtha, do bheannaigh sé íad.

17 Agus an tan do chùaidh sé a mach ar a tslighidh, do rith òglach chuige, & do léig sé ar a ghlúinibli dhó é, & do f híafruigh sé dhe: a mhaighisdir mhaith, Créd o dhéuna mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach doighreachd?

18 Agus a dubhairt Iósa ris, Crèd fá ngoireann tù maith dhiomsa? ní bhfuil éinneach maith, ach Día amhain.

19 A tá fios na naitheantadh agad, Ná déuna adhaltrannus, Ná déuna dúnmhar∣bhadh, Na dénna goid, Ná déuna fiadh∣nuisi bhréige, Ná déuna mealltóireachd, Onóruigh thathair féin & do mháthair

20 Achd ar bhfreagra dhósan, a du∣bhairt sé ris. A mhaighisdir, do choimh∣éud mé íad so uile ó móige.

21 Achd ar bhféuchain Diósa air, tug sé toil dó, & a dubhairt sé ris, A tá én ni duireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfuil agad, & tabhair do na bochdaibh: & do ghéubha tû cisde ar neamh: & tàrr, tóg do chros, & lean misi.

22 Agus do ghabh doilgheas eisean ar son an chomhráidh sin, & do imthigh sé go tuirseach: óir do bhí iomad saidh∣hris aige.

23 Agus an tan do fhéuch Iósa na thimcheall, a dubhairt sé ré na dheif∣ciobluibh, Crèd é a dhocamhluighe don mhuinntir agá bhfuil saidbhrios, dul a sdeach go flaitheas Dé?

Page [unnumbered]

24 Agus do bhí úathbhás ar a dheis∣ciobluibh tré na bhríathruibh. Agus ar bhfreagra Díosa a rís, a dubhairt sé ríu: A chlann, Créd é dhocrachd don mhuinntir chuireas a ndóigh a saidh∣bhreas, dul a sdeach go flaitheas Dé?

25 As usa do chámhall dul tré chró snáthaide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach go flaitheas Dé?

26 Achd do ghabh barr úathbháis íadsan, ag rádh eatorra féin, Máseadh cía is éidir do shlánughadh?

27 Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air cumas do dháoinibh, achd a tá sé ar cumas do Dhía, óir a táid na huile neithe soi∣dhéunta do Dhía.

28 Agus do thionnsgain Peadar a rádh ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, & do leanamar thusa.

29 Achd ar bhfreagra Díosa, a dubh∣airt sé, A deirim ribh go firinneach, nach bhfuil éin neach fhuigfeas a thigh, nó a dhearbhráithreacha, nó a dheirbh∣sheathracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a dhúthaidh, ar mo shonsa & ar son an tsoisgéil:

30 Nach bhfuighe sé a chéud oiread a nois ann sa naimsirso, tighthe, & dear∣bhraithreacha, & deirbhsheathracha, & máithreacha, & clann, & dúthaidh maille ré hannró, & ann sa tsáoghal a tá ag teachd, an bheatha mhar∣thannach.

31 Achd a táid mórán ar tús, bhías fá dheireadh: agus ar deireadh, bhías ar tús.

32 Agus do bhádar ar a tslighe ag dul súas go Híerusaléim: & do bhí Jòsa rompa: & do ghabh iongantas íad, & agá leanmhuin do ghabh eagla íad. Agus ar mbreith an dá fhear dhéug dhó fá leith leis a rís, do thionn∣sgain sé na neithe do theigéumhadh dhó, dinnisin dóibh.

33 Oír féuch, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim, & do bhéarthar mac an duine dúachdaranuibh na sagart, & do na Sgríobuidhibh, & béuruid breith bháis air, & do bhéaruid do na cin∣eadhachuibh é:

34 Agus do dhéunaid fonámhad fáoi, & sgíursfuid é, & géubhaid do shéili∣dhibh air, & cuirfid chum báis é; achd éiréochuidh sé a rís an treas lá.

35 Agus tangadar Séumas & Eóin, mic Shebedé, chuige, ag rádh, A mhai∣ghisdir, is si ar dtoil go ndéantá dhúinn gidh bé ní íarrfam ort.

36 Achd a dubhairt seisean ríu, Créd as áill libh misi do dhèunamh dhíbh?

37 Agus a dubhradarsan ris, Aontaigh dhúinn go suidhfigh fear aguinn ar do láimh dheis, & fear eile ar do láimh chli, ad ghlóir féin.

38 Achd a dubhairt Jósa ríu, Ní fios dàoibh créd íartháoi. A néidir libh an cupán ibhimsi, dól, & bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh, lé a mbaisdear misi?

39 Agus a dubhradarsan ris, Is éidir. Achd a dubhairt Iósa ríu, Go deimhin an cupán íbhimsi iobhtháoisi é: & an baisdeadh lé a mbaisdear misi, baisdfithear sibhsi leis:

40 Achd suidhe ar mo láimh dheis, & ar mo láimh chli, ní leamsa a tha∣bhairt úaim, achd don dream dar hullmhuigheadh é.

41 Agus an tan do chúaladar an deichneabhar [so,] do thionnsgnadar míchéadfaidh do dhéunamh ar Shéumas agus air Eóin.

42 Agus ar na ngairm chuige Díosa, a dubhairt sé ríu: A tá a fhios aguibh an mhuinntir agá bhfuil cumhachda ar na cineadhachaibh, go bhfuil Ti∣ghearnus aca orrtha: & go mbíd a ndáoine mórá, tréun orrtha.

43 Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur measgsa, bíaidh sé na óglach aguibh:

44 Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.

45 Oír ní tháinic mac an duine ion∣nas go ndéantuigh seirbhis dó, achd do dhéanamh seirbhísi, & do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.

46 Agus tangadar go Jericó: agus ar nimtheachd dósan & dá dheiscio∣bluibh, & do bhuidhin mhòir as Je∣ricó, do shuidh an dall Bartiméus, mac Thiméus, ar a tslighe ag iarruidh déirce.

47 Agus an tan do chúaluidh sé gur be Iósa Nasardha do bhí ann, do thionnsgain sé éighmhe, & a rádh, A Iósa mhic Daibhí, déana trócaire orum.

48 Agus do imdheargadar mórán é, do chum go mbíadh sé na thochd: achd is móide do éighmheadh seision sin, A mhic Dhaibhí, déuna trócaire oram.

49 Agus ar seasamh Díosa a dubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do ghoireadarsan an dall, da rádh ris, Bíodh dóchas maith agad, éirigh: a tá sé dod ghairm.

50 Agus ar dteilgean a bhruit úadh dhósan, do éirigh sé; agus táinic sé chum Iósa.

51 Agus ar bhfreagra Díosa a du∣bhairt sé ris, Créud is mían leachd misi do dhéunamh dhuit? achd a dubhairt an dall ris, A mhaighisdir, mo radharc aiseag dhamh.

52 Agus a dubhairt Jósa ris, Imthigh, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fúair sé a radharc, agus do lean sé Jósa sa tslighe.

CAIB. XI. Do Chothuigh & scag Críosd an teampall, 20 & labhair sé um neart an Chreidimh.

AGus an tan tangadar a bhfogus do Ierusaleim, go Betpháge agus

Page [unnumbered]

go Betánía go slíabh na Noluidheadh, do ch••••r sé días dá dheisciobluidh ùadh,

2 Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh don bhaile úd thall as bhur gcomhair. Agus mar ráchtáoi a sdeach ann, do ghebhtháoi searrach ceanguilte, ar nár shuidh éunduine ríamh: sgáoilidh é agus tabhruidh libh é.

3 Agus má deir èinneach ribh, Créud fá ndéuntáoi so? abruidh, go bhfuil a ríachdanus ar an Dtighearna: & cuir∣••••dh se úadh ann so ar ball é.

4 Achd do imthigheadarsan, agus fúa∣radar an searrach ceangailte ag an dorus don táoibh a muigh a ccomhrug dhá shligheadh: & do sgáoileadar é.

5 Agus a dubhradar dream áirighthe don mhuinntir do bhí na seasamh ann sin riù, Créd do níthí ag sgáoileádh an tsearruigh?

6 Achd a dubhradarsán riú, mar do aithin Jòsa: agus do leigeadar úatha íad.

7 Agus tugadarsan an searrach chum Jósa agus do theilgeadar a mbruit air, agus do fhuidh sé air.

8 Agus do leathnuigheadar mórán a mbrait ar a tslighe, & do ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, & do chroitheadar ar a tslighe [íad.]

9 Agus an luchd do bhí rompa, & na ndíaigh, do éighmheadar ag rádh, Hosanna, is beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna.

10 Is beannuighthe ríoghachd ar athar Dáibhí, thig a nainm an Tighear∣na: Hosanna ann sna hárdaibh.

11 Agus do chúaidh Jósa a sdeach go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar bhséuchain na thimcheall ar gach én ní dhò, ar mbeith don tráth nóna ann, do chúaidh se a mach go Betánia maille ris an dá fhear dhéug.

12 Agus an lá na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é.

13 Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sê chuige, ní bhfùair se éin ní achd na duilléoga: óia nìr bhí aimsir na bhfigidhe í.

14 Agus ar bhfreagra Díosa, a du∣bhairt sé ris an gcrann fíge, O so sùas nár ithe duine ar bith toradh dhíot go bráth, agus do chúaladar a dheiscio∣bail [é.]

15 Agus tangadar go Híarusalêim: agus ar ndul a sdeach don teampoll Dio∣sa, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic, agus ag ceannach ann sateam∣poll da chur a mach, agus do theilg sé air lár buird luchd malarta an airgid, & caithíreacha luchd reaca na gcolum.

16 Agus ní fhuilngeadh sé go niom∣choradh duine ar bith soightheach thríd a teampoll.

17 Agus tug sé teagasg úadh, ag rádh riú, An né nach bhfuil sríobhtha, go ngoirfithear tigh úrnuighthe dom thigh∣se, ag na huile chineadhachuibh? achd do rinneabhairsi tuinidhe bhiothamhnach dhé.

18 Agus do chúaladar na sgríobuidhe, & úachdaráin na sagart [so,] agus do bhádar ag íarruidh cionnus do mhillfidís é: Oír do bhí eagla orrtha, do bhrígh go raibh iongantas ag an tslùagh uile an a theagasg.

19 Agus an tan tháinic an tráth∣nóna, do chúaidh sé a mach as an gcathruigh.

20 Agus ag gabháil thairis ar maidin dóibh, do chonncadar an crann fìge ar ná chríonadh as a fhréumhach.

21 Agus ar gcuimhniughadh do Phea∣dar, a dubhairt sé ris, A mhaighisdir, féuch, an crann fíge úd do mhalluigh tú, a tá sé ar gcríonadh.

22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Bíodh creideamh Dé aguibh.

23 Oír go firinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an slíabh so, Tóghthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thù: agus nách bía cunntabhairt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé, chum crìche, teigéumhaidh dhó gach nì a déura sé.

24 Ar a nadhbharsoin a deirim ribh, Gidh bé ni íarrhtáoi an tan do níthí úr∣nuighthe, creididh go bhfuighthí: agus do ghéubhtháoi é.

25 Agus an tan bhéithí bhur seasamh ag déanamh úrnuighthe, maithidh má tá ní ar bith aguibh a naghuidh áonduine: ionnas go maithfeadh bhur nathairsi a tá air néamh, bhur ccionta féin dhaoíbh∣si mar an gcéudna.

26 Oír muna maìthtísi, ní mhaiths bhur nathair a tá air neamh bhur ccionta féin dhíbhsi.

27 Agus tangadar a rís go Híarusa∣léim: agus ar mbeith ag siobhal sa teampoll dòsan, tangadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus na sinnsir chuige:

28 Agus a deirid ris, Créd é an túgh∣darrás lé a ndéunann tusa na neithesi? & cía thug na cumhachda so dhuit, do chum na neitheadh so do dhéunamh?

29 Achd ar bhfreagra Diosa a dubh∣airt sé ríu, Fiafróchaidh misi éin ní a mháin díbhsi, & tabhruidh freagra oram, & innêosaidh mé dhíbh cía an tughdar∣rás lé a ndéunuim na neithe so?

30 An ó neamh tháinic baisdeadh Eóin nó ó dhaóinibh? tabhruibh freagra orum.

31 Agus do bhádarsan ag diosoóireachd eatarra féin, ag rádh, Má deirmid ó neamh: a déura sé, Ar a nadhbharsin créd fá nár chréideabhairsi dhó?

32 Achd má deirmíd, O dháoinibh: a tá eagla an phobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur bhfáidh é go fírinneach.

Page [unnumbered]

33 Agus ar bhfreagra dhóibhsion a dubhradar re Híosa, Ní bhfuil a fhios a∣gainn. Agus ar bhfreagra Díosa, a du∣bhairt sé riú, Ní mó innéosus misi dhibh∣si cía an tughadarrás lé a ndéunaim na neithe so.

CAIB. XII. Gu tteilgthear na Hiuduíghe, mur sgolaguibh mio choinghiollach, sanntàch, fuilteach.

AGus do thionnsgain sé labhairt riú a gcosamhlachdaibh, ag rádh: Do chuir duine áirighthe fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do tho∣chuil sé ionad brúighte an fhióna, agus do thóg sé tor, agus tug sé ar chiós do sgológaibh í; agus do chúaidh sé féin a gcoigcrich.

2 Agus do chuir sé searbhf hoghan∣tuidhe chum na sgológ na am [féin,] do chum go bhfuigheadh sé ní do thoradh na fíneamhna ó na sgológuibh.

3 Achd ar mbreith air dhóibhsean do bhuaileadar agus do leigeadar úatha folumh é.

4 Agus a rís do chuir sé chuca sear∣bhfhoghantuighe eile: agus ar ngabh∣áil do clochaibh ar an bhfearfoin, do bhriseadar a cheann, agus do chuireadar úatha fá mhíomhodh é.

5 Agus a ris do chuir sé neach eile chuca: agus do mharbhadar an fearsin: agus mórán eile, ag buáladh coda aca, agus ag marbhadh coda eile.

6 Achd do bhí aige fós éun mhac a mháin ionmhuin, agus do chuir sé eisean chuca fá dheireadh, ag rádh, Do bhéuraid síad onóir dom mhac.

7 Achd a dubhradar na sgológa ea∣torra féin, Is é so an toidhre: tigidh, marbhum é, agus budh linn féin an oidhreachd.

8 Agus ar mbreith air do mharbha∣dar é, agus do theilgeadar as an bhfi∣neamhain a mach é.

9 Ar a nadhbharsin créud do dhéana Tighearna na fíneamh na? tiocfaidh sé, & sgriosfuidh sé na sgológa, & do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile.

10 An né nár léughabhair an sgriob∣tùir so? An chloch do dhíultadar na fáoir, is i atá air na déanamh na ceann sa chúainne.

11 Is é an Tighearna do rinne so, agus is iongnadh é ann ar súilibhne.

12 Agus do iarradarsan breith air, achd do bhí eagla an phobail orrtha: oír do thuigeadar gur ab na naghaidh féin a dubhairt sé an chosamhlachd soin, & ar na fhagbhail do imthigheadar rompa.

13 Agus do chuireadar chuige dream áirighe do na Phairisíneachuibh, agus do mhuintir Jorúaith, do chum go ngrea∣móchaidís é an a chainnt.

14 Agus an tan tháinic síad á dubh∣radar ris, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinne go bhfuil tusa firinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonduine: óir ni fhéuchann tû ar phearsuinn na ndáoine, achd múinidh tú slighe Dé do réir na fírinne: An ceaduigheach cíos do thabhairt do Shéasar, nó gan a thabh∣airt? an dtiubhrum, no nach dtlubhrum?

15 Agus ar naithne a cceilge dhósan, a dubhairt sé riú, Créd fá ccurtháoi ca∣thughadh oram? Tabhruidh chugam pighinn dá féuchain.

16 Agus tugadarsan [sin] léo. Agus a dubhairt seision riú, Cía dár ab iomháigh so, agus cía ré a mbeanann an sgribheann? agus a dubhradar ris, Ré Séasar.

17 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Tabhraidh do Shéasar, na neithe is lé Séasar, agus do Dhía, na neithe is lé Dia. Agus do biong∣nadh léo é.

18 Agus tangadar na Saduicínigh chuige, a deir nách bhfuil eiséirghe ann: agus do fhíafruigheadur dhe ag rádh,

19 A mhaighisdir do sgríobh Máoisi dhuinn, dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, & go bhfúigfeadh sé a bhean, & nach bhfúigfeadh sé clann, a dhearbhráthair do ghabháil a mhnà súd chuige, do thógbháil sleachda dhá dhear∣bhráthair.

20 Do bhádar móirsheisior dearbh∣bhráthar ann: & tug an cédfhear dhíobh bean, & ar bhfagháil báis dó, nír fhág sé sliochd.

21 Agus do ghabh an dara fear chuige í, agus fúair sé bás, & níor fhág seision fós sliochd: & an treas fear mar an gcéudna.

22 Agus tugadar an móirsheisear í, & nír fhagbhadar sliochd: & tair éis chaich uile fúair an bhean bás mar an gcéadna.

23 Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, an tan do dhéunuid eiséirghe, cía aca dá madh bean í? oír do bhí sí ag an móirsheisior na mnáoi.

24 Agus ar bhfreagra Díosa a dubh∣alrt sé riú; Nach uime so a tá sibh ar seachrán, tré nách bhfuil éolus na sgriob∣túirigh aguibh, na chumhachd Dé?

25 Oír an tan éiréochuid síad ó mhar∣bhuibh, ní tabhruid fir mná, & ni tabh∣arthar mná dfearuibh: achd a táid mar na hainglibh a tá ar neamh.

26 Achd a dtimcheall na marbh, go néi∣reochuid síad a rís, an né nár léughabhair a leabhar Mháoisi, cionnas do labhair Día ris ann sa sceich, ag rádh, Is misi Día A∣braham, & Día Isaac, & Día Iácob?

27 Ní hé Día na marbh é, achd Día na mbéo: ar a nadhbhársin a tá sibhse ar seachrán go mór.

28 Agus tháinic neach do na Sgríobui∣dhibh chuca do chùalaidh ag diosbói∣reachd íad, & mar do chonnairc sé gur maith do fhreagair sé íad, dfafruigh sé dhe, Cía an chéudaithne do na haithean∣tuibh uile?

29 Agus do fhreagair Iósa é, gurab í an chéudaithne do na huile aitheantuibh; Efsd a Israél, ar Dtighearna Día, is áoin Tighearna é:

Page [unnumbered]

30 Ar a nadhbharsin Gráidheóchuidh tá an Tighearna do Dhía féin, as do chroidhe uile, agus as thanum uile, agus as thintinn uile, agus as do bhrígh uile: ag so an chéudaithne.

31 Agus is cósmhuil ría so an dara haithne; Gráidhéochuidh tú do chomhar∣fa mar thú féin: ní bhfuil áithne eile ann, is mó ná íad so.

32 Agus a dubhairt an Sgríobuidhe ris, Is maith, a mhaighisdir, a dubhairt tú an fhírinne: as éin Día a tá ann, agus ní bhfuil atharrach ann achd é féin:

33 Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe ile, agus as a tuigsin uile, agus as a na∣nam uile, agus as a mbrígh uile: agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.

34 Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.

35 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll; Cionnas a deirid na Sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?

36 Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an spiorad náomh; A dubhairt an Tighear∣na rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.

37 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhí féin a Thighearna dhe: agus cionnas a tá sé na mhac aige? agus do éisd cui∣deachda mhór go fonnmhar ris.

38 Agus à dubhairt sé ríu an a thea∣asg; Coimhéuduidh sibh ó na Sgríobui∣dhibh lé nab ionmhuin siobhal a gcula∣dhaibh fada, agus fáiltighe dfagháil ar na margaidhibh:

39 Agus na céud ionuid suidhe ann sna Sinagógaibh, agus tús suidhe súas ar na féusdaighibh.

40 Noch shluigeas tighe na mbain∣treabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag úrnuighe: do gheubhuid so an breitheamhnus is truime.

41 Agus an tan do shuidh Iósa as co∣mhair ionad coimhéuda an chisde, tug sé dhá aire cionnas do chuireadh an pobal ionmhuis ann, & do chuireadar mó∣rán do dháoinibh saidhbhre mórán ann.

42 Agus ar dteachd do bhaintreabhaigh bhoichd áirighe, do theilg si ann dhá phíosa bheaga do ní feóirlinn.

43 Agus ar ngairm a dheisciobal dó, a dubhairt sé ríu, Go firinneach a dei∣rimsi ribh, gur ab mó do chuir an bhanntreabhach bhochd so ann sa chisde, ná cách uile do chuir ní ann.

44 Oír is don ní do bhí diomarcaigh aca do chuireadarsan uile ann: do chuir so ann dhà dáibhreas féin, a ráibh aíce, [adhon] a beatha féin uile.

CAIB. XIII. Is fioghair, scrios Ierusalem, 24 ar dheire an domhain.

AGus an tan do chuáidh sé a mach as a tteampoll, a dubhairt neach dha dheisciobluibh féin ris, A mhaighis∣dir, Féuch créd é an sórt clochsa, agus créd é an sórt fairgnithe so.

2 Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé ris, An bhficeann tú na hoibreacha móraso? ní fúicfidhear cloch ar muín chloiche [dhíobhso,] nách sgarfuidhear ó chéile.

3 Agus ar mbeith na shuidhe dhó ar shliabh na Noluigheadh, as comhair an teampuill, do fhíafruigh Peadar, agus Séumas, agus Eóin, agus Aindrías ós íseall de,

4 Innis dúinne gá tráth theigéumhuid na neithe so, agus créd é an comhar∣tha bhías an tan chríochnóchthar na neithe so uile.

5 Agus ag freagra dhóibh, do thionn∣sgain Iósa a rádh, Tabhruidh dá bhur naire nach meallfuidh éinneach sibh.

6 Oír tiucfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Gur misi é; agus meallfuid mó∣rán.

7 Achd an tan do chluinfidhe coguidh, agus túarasgbhála cogthadh, ná biodh trioblòid oruibh: óir is éigin íad so do theachd. Achd ni deireadh é fós.

8 Oír éiréochuidh cineadh a naghaidh cinidh, agus ríoghachd a naghaidh río∣ghachda: agus bíaidh crith talmhan a nionaduibh iomdha, agus biáidh gorta & buáidhreadh ann: ag so tosach amh∣gar.

9 Achd tabhruidhsi bhur naire ribh féin: óir béuruid siad sibh a láthair oireachdas agus coimhthionól: sgiúrs∣fuidhear sibh, agus béarthar sibh a bhfía∣dhnuisi úachdarán, agus ríogh ar mo shonsa, mar fhíadhnuisi dhóibh.

10 Agus is éigin an soisgéul do sheanmóir do na huile chineadhachuibh ar tús.

11 Agus an tan bhéuruid síad a láimh sibh, na bíodh na ro-chas oruibh roimhe láimh créd a déurtháoi, agus ná smúainidh air: achd gidh bé ní do bhéarthar ar a núairsin dibh, abruidh é. Oir ní sibhsi labhrus, achd an Spiorad náomh.

12 Achd cheana do bhéura an dear∣bhráthair an dearbhráthair [éile] chum báis, agus an tathair an mac: agus éir∣eochuid an chlann a naghaidh a naith∣reach agus a maithreach, agus cuirfid chum báis íad.

13 Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dháoibh ar son mhanmaso: achd gidh bé anfus go búan go deireadh, as é shláinéochar.

14 Achd an tan do chífidhe adhúath∣mhuireachd an léirsgris, air ar labhair Daniel an fáidh, na sheasamh ann sa nio∣nad nár chóir, (tuigeadh an té léaghas) ann sin teitheadh a mbíaidh a ttír Iú∣daighe, fá na sléibhtibh:

15 Achd an té bhias air mhullach an

Page [unnumbered]

tighe, na tigeadh sé a núas ann a thighe, & ná himigheadh sé a sdeach do thóg∣bháil neíthe ar bith as a thigh.

16 Agus an té bhías ar an machaire, ná casadh sé tar a ais, do thógbháil a éuduigh:

17 Achd budh trúagh do na mnáibh torrcha agas do na mnáibh do bhéura cîocha úatha ann sna laéthibh sin.

18 Achd guidhidhsi gan bhar dtei∣theadh do bheith ann fa gheimhreadh.

19 Oír biáidh annsna laéthibhsin amh∣gar, amhail nach raibh a leithéid ann ó thús cruthaighe na neitheadh do chru∣thaigh Día, go soithe so, agus nách bía [go bráth.]

20 Agus muna ngearruigheadh an Tighearna na laéthe úd, ní rachadh éin fhéoil as: achd ar son na ndáoine toghtha, do thogh sé, do ghearraidh sé na laéthe úd.

21 Agus ann sin dá nabra neach ar bith ribh, Féuch, [a tá] Críosd ann so, nó, féuch, [a tá sé] ann sud, na crei∣didh [é.]

22 Oír éiréochuid Críosdanna fall∣sa, agus fáidhe fallsa: agus do dhéu∣nuid comharthuidhe agus míorbhuile, do mhealladh na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é.

23 Achd tabhruidhsi bhar naire ribh: féuch, dinnis mé dhìbh gach uile ní roimh a naimsir.

24 Achd ann sna laéthibh sin, tar éis a námhghair úd, dorchóchthar an ghrían, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi féin úaithe.

25 Agus tuitfid réultanna neimhe, & béid na cumhachda a tá ann sna neumh∣dhaibh ar crith.

26 Agus ann sin do chifid síad mac an duine ag teachd ann sna néulluibh maille ré cumhachaibh mòra, agus ré glóir.

27 Agus cuirfidh sé a aingil an tan∣soin, agus cruinnéochuidh sé a dháoine toghtha féin ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal na talmhan go leithimeal neimhe.

28 Agus soghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge: an tráth bhíos a ghéag máoth, & fhásas a dhuilleabhar, a tá a f hios agaibh gur ab fogus an samhradh:

29 Agus mar an gcéudna sibhsi, an tan do chífidhe ná neithesi ar na ndéa∣namh, bíodh a f hios agaibh go bhfuil sé a ngar dhàoibh, ann sna doirsibh.

30 A deirimsi ribh gofirinneach, nach racha an dínesi thoruinn, nó go ndéun∣tar na neithesi uile.

31 Rachuidh neamh agus talamh thort, achd ní rachaid mo bhríathra∣sa thort go bráth.

32 Achd ní bhfuil fios an láoi úd, ná na húaire ag neach ar bith, ná fós ag na hainglibh a tá ar neamh, ná ag an mac, achd ag a nathair.

33 Féuchuidh, déanuidh faire agus urnuighe: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá tráth thiocfas a naimsir úd.

34 Amhail duine ag dul a gcoig∣crích, dfág a thigh, agus tug cumh∣achda dhá shearbhf hóghantuibh, agus a obair féin do gach áonduine, agus do aithin dá dhoirséoir faire do dhea∣namh.

35 Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: (oír ní bhfuil a fhios aguibh gá ham thiocfas fear an tighe, an tráth nóna, nó a meadhòn oidhche, nó a ngairm an choiligh, nó air maidin.)

36 Deagla ar dteachd go hobann dó go bhfuigheadh sé sibhsi bhar gcodladh.

37 Agus na neithe a deirim ribhsi, a deirim ré a nuile dhuine iád; Déunuidh faire.

CAIB. XIV. Comb-chogar dhaóine anoghaidh mhac Dé.

AGus a gcionn dá lá na dhiáigh sin, do bhí an Cháisg agus sollamuin a naráin gan laibhín ann: agus díarradar úachdaráin na sagart agus na Sgríobui∣dhe, cionnas do bhéuraidís a bfeill air∣sean, do chum a mharbhtha.

2 Achd a dubhradar, Ná [déanam é] sa tsollamuin, ar eagla go néiréochadh búaidhreadh a measg an phobuil.

3 Agus ar mbeith dhó a Mbetánia, a dtigh Shimóin an Iobhair, ar suídhe dhó ar an mbord, táinic bean agá raibh boxa ola, do spícnárd mhórlúaighe: agus ar mbriseadh an bhoxa dhi, do dhóirt sí ar a cheann é.

4 Agus do rinneadar dream aca m∣chéadfuidh an a ninntinn féin, agus a dubhradar, Créud fá ndéantar an diombhailsi air a nola?

5 Oír do béidir so do reic ar ní sa mhó ná trí chéd pighin, agus a thabhairt do na bochdaibh. Agus do bhádar ro∣dhiomdhach dhi.

6 Agus a dubhairt Jósa, Léigidh dhi créd fá gcuirthí búaidhreadh uirrthe? do rinne sí obair mhaith oramsa.

7 Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé huair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéa∣namh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh.

8 A ní dob éidir lé, do rinne sí [éi] tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpsi chum a adhluice.

9 A deirimsi ribh go f irinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgéulsa do shean∣móir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis, mar chuimhne uirrthe.

10 Agus dimthigh Júdas Iscáriot, áon don dá fhear dhég, chum úachdarán na sagart, ionnas go mbraithfeadh sé éi∣sean dóibh.

11 Agus ar na chluinsin [sin] dóibh∣sean, do ghabh gáirdeachus iad: agus do ghealladar go dtiobhraidis airgead dó: agus do íarr seision am iomchu∣bhaidh ar a bhrath dhóibh.

Page [unnumbered]

12 Agus an céad lá do shollamain a naráin gan laibhín, an tan do ghná∣thaighdís an [tùan] Cásg do mhar∣hadh, a dubhcadar a dheisciobail ris, Gá háit ar toil leachd sinne do dhul dullmhughadh, do chum go níosdá [úan] na Cásg?

13 Agus do chuir sé dîas dá dheis∣cioblaibh, agus a dubhairt sé riú: Im∣thighidh don chathraigh, agus téigea∣mhaidh neach oraibh ag iomchar soi∣thigh uisge: Ieanaidh é:

14 Agus gidh bé ar bith tigh a racha sé a sdeach, abraidh ré sear an tighe, go nabair an maighisdir, Cáit a bhfuil an séomra an a níosa mé an [túan] Cásg, a bhfochair mo dheisciobal?

15 Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd, fairsing, deaghmhaiseach, ulhmh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.

16 Agus do imthigheadar a dheiscio∣obail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an Cháisg.

17 Agus ar dteachd don tráth nóna, tháinic seision maille ris an dá f hear dhéug.

18 Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go f írinneach, go mbraithfi fear dhíbh misi, noch a tá ag ithe [bídh] am fhochair.

19 Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéile, An misi é? agus fear eile, An misi é?

20 Agus ar bhfreagra dhósan, a du∣bhairt sé riú, Is fear don dá f hear dhéug é, thumas maráon riumsa sa méis.

21 A tá mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tá sgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraithtear mac an duine: do bfearr do nfearsin nách beirthi é ríamh.

22 Agus ar mbeith ag caitheamh bídh dhóibhsean, do ghlac Jósa arán, agus tar éis a bheannaighthe, do bhris sé, agus tug sé dhóibhsean é, agus a du∣bhairt sé; Glacaidh, ithidh: is sé so mo chorpsa.

23 Agus ar nglacadh an chopáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé dhóibhsion é, agus do ibheadar uile as.

24 Agus a dubhairt sé ríu, Ag so mfuilsi na Tiomna núaidhe, dhóirtear air son mhóráin.

25 A deirim ribh go fìrinneach, nach iobha mé feasda do thoradh na fíneamh∣na go nuige an lá úd an a niobha mé núa é a rioghachd Dé.

26 Agus an tan do chanadar alm, do chúadar a mach go slíabh na Noligheadh.

27 Agus a dubhairt Jósa riú, Do ghéubh∣tháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oir a tá sgríobhtha, Bûailfidh mé an táodhaire, agus spréighfighthear na cáoirigh.

28 Achd rar éis misi eiséirghe, ra∣chaidh mé romhaibhsi don Ghalilé.

29 Achd a dubhairt Peadar ris, Má gheibhid cách uile oilbhéim [ionnad,] ní bhfuighe misi é.

30 Agus a dubhairt Jósa risean, A deirim riot go firinneach, A niugh, ann sa noidhche nochd féin, ní is táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó, go séanfa tú mé trí hùaire.

31 Achd is móide a dubhairt seision, Dá madh éigean damh bás dfulang ad fhochair, ní shéanfa mé thú go bráth: & a dubhradar cách uile mar an gcéadna.

32 Agus tangadar don ionad dár ab ainm Gedsémane: ann sin a dubhairt seisin ré na dheisciobluibh, Suidhigh ann so go ndeûna mé urnuighe.

33 Agus rug sé Peadar agus Séumas, & Eóin leis: agus do thionnsgain sé bheith go critheaglach brónach.

34 Agus a dubhairt sé riú, A tá mha∣nam tuirseach go dtí an bás: fanaidhsi ann so, agus déanaidh faire.

35 Agus ar nimtheachd roimhe dhó beagán, do thuit sé ar talamh: agus do rinne sé urnuighe, ionnus dá madh éidir é, go rachadh an ùair thairis.

36 Agus a dubhairt sé, Abbá, a athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi: cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa.

37 Agus táinic sé, & fúair sé íadsan nae gcodladh: & a dubhairt sé ré Peadar; A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nár béidir leachd faire éan úaire do dhéunamh?

38 Déunuidh faire agus urnuighe, do chum nách dteigeamhadh a ccathughadh sibh: a tá an spiorad ullamh go dei∣mhin, achd a tá an cholann anbhfann.

39 Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnaighe, ag rádh na mbríathar gcéudna.

40 Agus ar bhfilleadh dhó, fúair sé a rís na gcodladh íad, (oír do bhádar a súile trom) & ní raibh a f hios aca cionnas do bhéuraidís freagra air.

41 Agus tâinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riû, Codluidh a nois agus comhnuighidh: is lór sin, tháinic an úair: féuch, do bheirthear mac an duine a lámhuibh na bpeacthach.

42 Eírghidh, imthigheam: féuch, is fo∣gus [dûinn] an té bhraitheas misi.

43 Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag cainnt, tháinic Iùdas áon don dá fhear dhéug, & slúagh mór na fharradh, maille ré cloidhmhibh & lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, & ó na sgrio∣buidhibh, & ó na sinnsioruibh.

44 Agus tug an té do bhraith é comh∣artha dhóibhfean, ag rádh; Gidh bé neach dhá dtiobhra misi póg, is é sin é; beiridh aìr, & tabhraidh libh é go coimhéudach.

Page [unnumbered]

45 Agus ar dteachd dhó, do chúaidh sé air ball chuigesion, agus a dubhairt sé, Go mbeannuighthear dhuit, a mhai∣ghisdir: agus tug sé póg dhó.

46 Agus do chuir siadsan a lámha annsan: agus do ghabhadar é,

47 Achd ar dtarrang a chloidhimh a mach dfior don mhuinntir do sheas a láthair, do bhúail sé òglach an árdsha∣gairt, agus dó bhean sé a chlúas de.

48 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamh∣naigh, lé cloidhmhibh & lé batuidhibh?

49 Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus nìor ghla∣cabhuir mé. Achd is éigin na sgríob∣túiridh do choimhlíonadh.

50 Agus ar na thréigean san, do theitheadar [a dheisciobuil] uile.

51 Agus do lean ógánach áirighe é, agá raibh línéudach ag folach a lóm∣nochdaighe: agus rugadar na hógá∣nàigh air.

52 Agus ar bhfágbháil an línéadaigh dhósan, do theith fé lomnochd úatha.

53 Agus rugadar Jósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin ùachdaráin na sagart uile, agus na sinnsir, agus na sgriobuidhe.

54 Agus do lean Peadar a bhfad úadh é nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfhochair na searbhfhoghantaidh∣eadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.

55 Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íar∣raidh fiadhnuisi a naghaidh Jòsa, ionnas go gcuirfidís chum báis é: agus ní fhúaradar.

56 Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh: achd ní thangadar a bhfíadnuisidhe lé chéile.

57 Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh,

58 Do chúalamairne é ag ràdh, Brisfidh mé siós an teampollfo déunta lé lámhaibh, agus a dtrí lá tóigea∣bhaidh mé teampoll èile gan obair lamh.

59 Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.

60 Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don árdhshagart, do chuir sé ceisd ar Jósa, ag rádh, An né nach dtabh∣air tú freagra ar bith úait? créd fá ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh?

61 Agus do thochd seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdshagart de a rís, agus a dubhairt sé ris. An tusa Críosd mac [Dé] bheannuighthe?

62 Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesi mac an duine na fhuidhe air deis chumhachd [Dé,] agus ag teachd lé néulluibh neimhe.

63 Agus do réub úachdaran na sa∣gart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda?

64 Do chúalabhair an bhlaisphéime: créd dó cíthear dháoibhsi? agus ruga∣darsan uile breith na aghuidhsean, gur thuill sé bás.

65 Agus do thionnfgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhisigh do bhasuibh air.

66 Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháinic áon do chailínibh an árdshagairt:

67 Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt sí, Do bhí tusa fôs a bhfochair Jósa Nasardha.

68 Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus hí bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi: agus do ghoir an coileach.

69 Agus do chonnairc an cailin é a rís, agus do thionnsgain sí a rádh ri an druiug do bhí na seasamh a láthair, Is díobh fúd an fearso.

70 Agus do shéan seisean a rís. Agus fá cheann beagáin na dhìaghsin a rís a dubhradar an mhuinntir do bhí na seasamh a láthair ré Peadar, Go fárinneach is díobh súd thusa: óir is Galiléeach thú, agus is cosmhail hurla∣bhra [ríu.]

71 Achd do thionnsgain seisean mal∣lughadh, agus mionnughadh, Ní haithne dhamh an duinesi a deirthí.

72 Agus do ghoir an coileach an dara húair, agus do chuimhnigh Pea∣dar ar a bhfocal a dubhairt Iósa ris, Ní is táosga na ghoirfeas an coileach fá dhó, séanfuidh tú misi trí húaire: & ar ndul a leathtáoibh dhó, do ghuil sé.

CAIB. XV. Fulang, 39 bás, 42 & adhlacadh onòrach Josa Chrîosd mhic Dê bhì.

AGus go moch ar maidin ar ndéanamh comhairle dhóibh, rugadar na hárd∣shagairt, maille ris na sinnsearaibh, & ris na fgríobuidhibh, agus ris an gcomhairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Phioláit [é.]

2 Agus do fhiafruidh Piláid dhei∣sean, An tusa Rí na Níuduigheadh? & ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa [sin.]

3 Agus do chuireadar úachdaráin na sagart mórán na aghaidh, achd níor fhreagair seisean éinní.

4 Agus do fhíafruidh Pioláid dhe a rís, ag rádh, An né nach dtugann tú freagra éigin úait? féuch, gá mheid ann a ndéunaid so fiadhnuisi ad aghaidh.

5 Agus níor fhreagair Iósa ní ar bith ó shin a mach, ionnas gur ghabh ionngantus Píoláid.

Page [unnumbered]

6 Agus ann sa tsollamain do sgáoileadh sé dhóibh én phríonsúnach a mhaìn, gidh bé air bith a díarradáois.

7 Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas ceangailte a bhfo∣chair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc.

8 Agus ag éighmhe don phobal, do thionnsgnadar íarruidh air do réir mar do níodh sé dhóibh a gcomhnuidhe.

9 Do fhreagair Pioláid dhóibh, ag rádh, A náill libh go sgáoilinn dáoibh Rí na Niúduigheadh?

10 (Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth do thoirbhir úachdaráin na sgart é.)

11 Agus do ghlúaisiodar ùachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgàoilfeadh sé Barabbás chuca.

12 Achd ar bhfreagra do Phioláid, a dubhairt sé riú a rís; Ar a nadhbharsin créd as áill libh do dhéunamh dhamh ris an tési dá ngoirthi Rí na Nìuduigheadh?

13 Agus do éighmheadarsan a rís, Croch é.

14 Achd a dubhairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is móide do ghireadarsan sin, Céas é.

15 Agus do bhrígh gur mhían lé Pîo∣láid toil an phobail do dhéunamh, do sgáoil sé Barabbás dóibh, agus tar éis Jósa do sgiúrsughadh, tug só úadh chum a chrochda é.

16 Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, adhon go cúirt a núachdaráin, agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochaír a chéile:

17 Agus do chuireadar [éadach] pur∣pir uime, agus ag fighe coróna spíne dhóibh, do chuireadar air í:

18 Agus do thionnsgnadar beannughadh dhó, ag rádh, Go mbeannaighe Día dhuit, a Rí na Níuduigheadh.

19 Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar de shei∣lidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar umhla dhó.

20 Agus an tan do rinneadar foná∣mhad fáoi, do bheanadar an [téadach] purpaìr dhé, agus do chuireadar a éadui∣ghe féin uime: agus tugadar a mach é, do chum go gcrochaidís é.

21 Agus dó chuireadar dfíachuibh ar óglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa dar bháinm Simòn Siréanach (athair Alexander agus Ruphus) tháinic ón túaith a muich, a chroch diomchar.

22 Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin ré na éidir∣mhíniûghadh, Ionad na cloigne.

23 Agus tugadar fion air ar cui∣readh mirr, ré na ól, dó: achd níor ghabh seisean [é.]

24 Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean trannchuir orrtha, cred do thóigfeadh gach neach dhíobh.

25 Agus do bhí an treas úair ann, a∣gus do chrochadar é.

26 Agus do bhì tiodal a choire air na sgrìobhadh ôs a chionn, RI NA NIUDUIGHEADH.

27 Agus do chrochadar días gadui∣dheadh na fhochair; fear ar a láimh dheis, agus fear ar a láimh chlí.

28 Ann sin do coimhlíonadh an sgríob∣tuir a deir, Agus a measg dhaoine coirtheach do comháireadh é.

29 Agus an dream do ghabhadh thai∣ris, do bhéirdis aithis dó, ag crathadh a gceann, agus ag rádh; O a fhir úd leagas an teampoll, agus thógbhas é a dtrí léthibh.

30 Fóir ort féin, agus tárr a núas as an gcroich.

31 Agus is mar an gcéudna a dubhra∣dar úachdaráin na sagart agus na sgrio∣buidhe ré chéile, ag fonámhad fáoi, Do fhóir sé ar dháoinibh eile, agus ní héidir leis é féin dfóirighin.

32 Tigeadh Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroich, do chum go bhfaic∣fimís, agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do crochadh na fhochair, tu∣gadar aìthis dó.

33 Agus an tan tháinic an seifeadh húair, do bhí dorchadus ar feadh na tal∣mhan uile go soithe an náomhadh húair.

24 Agus ann sa náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth árd, ag rádh, Eloi, Eloi, lámá sabachtàni? a se sin ar na eidirmhíniughadh, O mo Dhía, mo Dhía, créd far thréig tú mé?

35 Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair an tan do chúaladar [sin,] Féuch a tá sé gairm Elías.

36 Agus do rioth fear dhiobh, agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó: féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.

37 Agus ag éighmhe Dìosa, do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as.

38 Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid, ó úachdar go híochdar.

39 Agus an tan do chonnairc an Sen∣turion do bhí na sheasamh as a chomhair go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sê, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.

40 Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Jóses, agus Salómé:

41 Noch do lean é an tan do bhí sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó: agus móràn do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.

42 Agus a nois ar dteachd don tráth nóna, (do bhrígh gur bhé lá an ullmhuighthe é, adhón, an lá roimh an tsabbóid.)

Page [unnumbered]

43 Táinic Jóseph ó Arimatéa, comhair∣leach onòrach, agá raibh fôs súil ré ríoghachd Dé, agus do chúaidh sé a sdeach go dána dionnsuighe Phíoláid, a∣gus do íarr sé corp Jósa.

44 Agus do biongnadh lé Píoláid go mbíadh sé cheana tair éis bháis: agus do ghoir sé an Sentúrion, agus do fhía∣fruigh sé dhe, An fada ó fúair sé bás.

45 Agus ar bhfagháil fhiosa òn Sentúrion, do bhronn sé an corp do Jóseph.

46 Agus do cheannuigh [Jóseph] lín∣éadach, agus do leag sé a núas é, agus do chuir sé an linéadach uime, agus do chuir sé é a dtúama do bhí ar na thochailt a mach as carraig: agus do omluit sé leac ar dhorus an túama.

47 Agus do bhí Muire Mhagdalén, & Muire mathair Jóses ag féuchain gá háit a gcuirfidh é.

CAIB. XVI. iseirghe Chríosd, 12 a thaisbeanadh fein, 19 & a ghabhala sùas ar neamh.

AGus ar ndul don tsabbóid thárrsa, do cheannuigh Muire Mhagdalén agus Muire mathair Shéumuis, agus Shalóme, spiosradh deaghbhaluidh, chum go dtiocfaidis agus go nungfaidís é.

2 Agus tangadar go romhoch ar maidin an céd lá don tseachdmhuin chum an túama, lé héirghe na gréine.

3 Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompobhas dhúinn an leac ó dhorus an úama?

4 Agus ar bhféachain dóibh, do chonn∣cadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhi si romhór.

5 Agus ar ndul a sdeach ann sa tûa∣ma dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raíbh éudach glégheall: agus do ghabh athbhás íad.

6 Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh, a táthaói ag íarr∣uidh Jôsa Nasardha do céasadh: do eirigh sé, ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar chuireadar é.

7 Achd imthighidh, innisidh dá dheis∣ciobluibh, agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalile: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh.

8 Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama: óir do bhí críth agus ùathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach: óir do bhí eagla orrtha.

9 Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thais∣bén sé é féin ar tùs do Mhuire Mhag∣dalén, as ar theilg sé seachd ndea∣mhain.

10 Agus ar nimtheachd disi do fhoill∣sigh sí sin don druing do bhí na fho∣chair sean, do bhí ag gul agus ag caói.

11 Agus an tan do chúaladarsan ei∣sean do bheith béo, agus go bhfacuidh sisi é, nír chreideadar.

12 Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca a gcruth eile, agus íad ag dul fan dtuáith.

13 Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile, gidh∣eadh níor chreideadar íadsan fós.

14 Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dég, do thaisbén sé é féin dóibh, agus do chuir sé na naghaidh a míchreideamh, agus a gcrúas croidhe: tré nár chreideadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe.

15 Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an Soisgéul do sheanmóir do gach uile chrea∣túir.

16 Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfi∣thear, slainéochthar é: achd gidh bé nach ccreidfi, daiméontar é.

17 Agus leanfuid na comharthuighesi an dream do chreidfeas, Sgriosfuid síad deamhuin tré mainmsi: laibhéoruid lé teangthuibh núadha:

18 Tóigéubhad naithreacha neimhe; agus má ibhíd ní marbhthach ar bith, ni ghoirtéocha sé íad; cuirfid lámha ar na daóinibh éagcrúaidhe, agus béid síad slán.

19 Agus tar éis an Tighearna do la∣bhairt ríu, do gabhadh súas ar neamh a rís é, agus do shuidh sé ar deis Dé.

20 Agus ar ndul a mach dhóibhsean do rinneadar seanmóir ann gach uile áit, ar mbeith don Tighearna ag comh∣oibriughadh ríu, agus ag tabhairt brígh dá mbriathruibh, leis na comhar∣thaidhibh do lean íad. Amén.

AN SOISGEUL DO REIR LUCAIS.

CAIB. I. Geinéadh Eóin Bhaisde, 39 le fáigheadoireacht Elisabet, 46 Mhuire, 67 & Sacharias.

DO bhrígh gur ghabhadar mórá do láimh, sdair do sgriobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirshios aguinne.

2 Do réir mar thugadar na daóine do chonnairc lé na súilibh féin ó thús, & do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne [íad:]

3 Do chonncas damhsa mar an gcéud∣na, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfa∣gháil feasa gach uile neithe ó na bhfíor∣thosach dhamh, a sgríobhadh chugad∣sa a nórdughadh.

4 Do chum go mbía deimhin na mbrí∣athar do múineadh dhuit, agad.

Page [unnumbered]

5 RE linn Jorúaith Rí thire Júdaighe, do bhí fagart áirighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus Elisabet do bainm dhi.

6 Agus do bhádar a ráon na ndáoi∣nibh fireanta a bhfiadhnuisi Dé, ag sio∣bhal go neimhchiontach ann uile aith∣eantuibh agus órduighthibh an Tighearna.

7 Agus ní raíbh sliochd orrtha, do bhrígh go raibh Elifábet aimrid, agus go raibh áois mhór aca ar áon.

8 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadh∣nuisi Dé, ann a sheal féin,

9 Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do los∣gadh, tar éis dul a sdeach go team∣poll an Tighearna dhó.

10 Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh, a naimsir na túise.

11 Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna, na fheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir da túise.

12 Agus ar na fhaicsin do Shacharìas do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.

13 Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort a Shacharias: óir do héisdeadh húrnuighe: agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.

14 Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é, agus biaidh lúath∣gháire ar mhóran fá na bhreith.

15 Oír bíaidh sé na dhuine mhór a bhfiadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fion ná deoch láidir: agus fós bíaidh sé lán don Spiorad náomh ó bhroinn a mháthar.

16 Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndía féin.

17 Oír géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a subháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasumhal chum gliocuis na ndáoine gcomhthrom: agus dullmhughadh phobuil dhiongmhála don Tighearna.

18 Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agam∣sa? óir a táim arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi.

19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel sheasas a bhfíadhnuisi Dé: agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

20 Agus feuch, bíaidh tú gan ur∣labhra, agus ní bá héidir leachd la∣bhairt, go foithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche: do bhrígh nár chréid tú dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin.

21 Agus do bhí an pobal ag fui∣reach ré Sacharías; agus do biongnadh léo a fad do fhan sé sa teampoll.

22 Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt riú: agus do aith∣nigheadar go bhfacaidh sé taidhbsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh.

23 Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.

24 Agus tar éis na laéthesi, do tiorrcheadh Elísabet a bheansan: agus do fholaigh si í féin ar feadh chúig míos, ag rádh,

25 Oír is mar so do rinne an Tigh∣earna rium, ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thògbháil mo neimh∣cheana dhíom a meásg na ndáoine.

26 Agus ann sa seisiodh mí, do cui∣readh an taingeal Gabríel ó Dhía, go cathruigh don Ghalilé dár ainm Násaret,

27 Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár ainm Joseph: agus do bé do bainm do nóigh, Muire.

28 Agus ar ndul a sdeach dá hionn∣suighe do naingeal, a dubhairt se: Día do bheatha [a ógh] roghrásamhuil: a ta an Tighearna maille riot: is bean∣nuighe thú eidir na mnáibh.

29 Agus an tan do chonnáirc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhríathraibh: agus do bhí sí ag smúai∣neadh créd an ghné bheannughtheaso.

30 Agus a dubhairt an taingeal ría, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía.

31 Agus féuch, bíaidh tú torrach, agus béaraidh tú mac: agus do bhéara tú Jósa dainm air.

32 Bíaidh sé na dhuine mhór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe, agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí athar féin dó.

33 Agus bíaidh sè na rígh ar thigh Jácob go bráth, agus nì bhia deireadh ar a ríoghachd.

34 Agus a dubhairt Muire ris a nain∣geal; Cionnus bhías so, óir ná bhfui fios fir agamsa.

35 Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ría, Tuirléonguidh an Spiorad náomh ort, & foiléochaidh cumhachda an té as airde thú: uime sin an ní náomh∣tha bhéaras tú, goirfighear Mac Dé dhe.

36 Agus féuch, Elisabet do bhan-chara, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárr∣suigheachd; & is sé so an seisiodh mí do mhnáoi úd da ngoirthear [bean] aimrid.

37 Oír ni bhia ní ar bith doidhéunta do Dhía.

38 Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna, teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi; agus do imthigh an taingeal uaithe.

39 Agus an tan do éirigh Muire an sna laéthibh sin, do chúaidh fí go dheith∣neasach chois sléibhe go cathraigh Júda.

Page [unnumbered]

40 Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet.

41 Agus tárla mar do chúlaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn: agus do bhí Elisábet air na líonadh don spiorad naomh.

42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt sí; Is beannaighe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighe toradh do bhronn.

43 Agus cionnus do éirigh so dhamh∣sa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin am ghóir.

44 Oír féuch, comhlùath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhiog an náoidheanàn lé gairdea∣chus ann mo bhroinn.

45 Agus is beannaighe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.

46 Agus a dubhairt Muire: Adh∣molaidh mhanam an Tighearna.

47 Agus do ní mo spiorad gáirdea∣chus a Ndía mo shlánuightheòir.

48 Do bhrígh gur fhéuch sé ar umhla a bhanóglaighe fein. Oìr féuch, ò so súas goirfid na huile dhine beannuighthe dhíom.

49 Oír do rinne an té a tá cumhachd∣ach neithe móra dhamhsa, agus is náomhtha a ainm:

50 Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhful a eàgla.

51 Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh: do spréigh sé na dáoine úaibh∣reacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.

52 Do tharruing sé na dáoine cumh∣achdacha as a gcaithíribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla.

53 Do líon sé na dáoine ocracha lé neithibh maithe, agus do chuir sé ùadh na dáoine saidhbhre folumh.

54 Do thóg sé súas Israél a shearbh∣fhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire,

55 (Mar do labhair sé ré ar naith∣reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.)

56 Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos: agus do fhill sí dhá tigh féin.

57 Agus táinic ionbhuidh Elísabet: agus rug sí mac.

58 Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Ti∣ghearna a thrócaire mhór féin di: & do rinneadar gáirdeachus má ráon ría.

59 Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá, do chum go ndéanaidís an náoidhe do thimcheallghearradh, agus do ghóireadar Sacharías de, do réir anma a athair.

60 Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt si; Ní hámhluidh [bhías:] a chd Eóin goirfidhear dhe.

61 Agus a dubhradar ría, Ní bhfuíl éann∣duine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi.

62 Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air.

63 Agus ar níarruidh cláir dhósan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó; agus do ghabh iongantus íad uile.

64 Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do la∣bhair sé, ag moladh Dé.

65 Agus do ghabh eagla a gcomhar∣suin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Júdaighe uile.

66 Agus gach uile dhuine dhá gcúa∣laidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin [íad] ag rádh; Créd é an sórt leinibh bhías so? agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.

67 Agus do bhí Sacharias athair, lán don Spíorad náomh: agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,

68 Go madh beannaighe an Tighearna Día Israel, ar son gur fhiosruigh sé, agus gur fhúasgail sé a phobal féin.

69 Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne, a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin.

70 Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domháin.

71 Go gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhúinn.

72 Go ndéanadh sé trócaire air ar naithreachuibh, agus go gcuimhnéochadh sé a thiomna náomhtha féin:

73 Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne, go dtiubhradh sé dhùinn,

74 Go mbéimís gan eagla air ar sáo∣radh ó láimh ar námhad, do chum seirbhisi do déanamh dhó féin,

75 A náomhthachd & a bhfíréantachd na fhíadhnuisisean, a laéthibh ar mbeatha uile.

76 Agus tusa a leinibh, goirfithear díot, Faidh an té as áirde: óir ra∣chuidh tú roimh aghaidh an Tighearna dullmhughadh a shligheadh.

77 Do thabhairt éoluis na sláinte dá phobal, tré mhaitheamhnus na bpeacadh.

78 Tré thrócaire ro mhóir ar Ndía féin, lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón [ionad] árd:

79 Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas, agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na siothchána.

80 Agus do fhás an leanabh, agus do neartuigheadh é a spíoruid: & do bhí sé ar na fasuighibh, go soithe an lá an ar fhoillsigh sé é féin Dífraél.

CAIB. II. Beirthe Chríosd, 13 moladh na naingil, 28 & Shimeoin, 36 ré fáigheadoireacht Anna.

AGus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéa sar Au∣gustus, an domhan uile do mheas.

Page [unnumbered]

2 (Ag so an céudmheas do rinneadh, an tan do bhí Sirénius na úachdarán ar Shíria.

3 Agus do chúadar uile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin.

4 Agus do chúaidh Jóseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gca∣thraigh Nasarét, go tír Júdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bét∣leem, do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dáibhí:

5 Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhí ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach.

6 Agus tárla ar mbeith dhóibh ann sin, go dtangadar laéthe a hionbhuidhsean.

7 Agus rug sí mac, a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil chean∣gail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainnséur é: do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

8 Agus do bhádar áodhairidhe sa dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, & ag déanamh faire oidhche ar a dtréd.

9 Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh glóir an Tighearna na dtimcheall: & do ghabh eagla mhór íad.

10 Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir a taim ag soisgéulughadh dhíbh an gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobál.

11 Oír rugadh an slánuightheóir dháoibh a niu (adhon, Críosd an Tighearna) a gcathruigh Dháibhí.

12 Agus ag so comhartha dhíbh; Do ghéubhtháoi an leanabh ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur.

13 Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil, ag moladh Dé, & ag rádh,

14 Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus siodhcháin ar an dtalamh, deagh∣thoil do na dâoinibh.

15 Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhra∣dar na háodhairidhe ré chéile. Im∣thigheam don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoill∣sigh an Tighearna dhúinn.

16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Jóseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.

17 Agus an tráth do chonncadar [fin,] do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.

18 Agus na huile dháoine da gcúaluidh [so,] do ghabh iongantus íad, fá na nei∣thibh a dubhradar na háodhairidhe riú.

19 Achd do thaisgidh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe.

20 Agus do fhilleadar na háodhairidhe ag tabhairt glóire, & ag moladh Dé, tré gach ní dá gcúaladar, agus dá bhfacadar, mar a dubhradh riú.

21 Agus an tan do coimhlìonadh ochd lá, chum an leinibh do thimcheall∣ghearradh, tugadh Jósa mar ainm air, adhon, an tainm do ghoir an taingeal de, suil do geineadh a mbroinn é.

22 Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, dá thaisbéanadh don Tighearna,

23 (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuis∣mheas brú, bíaidh sé náomhtha don Tighearna.)

24 Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, cúpla turtair nó dhá gheirrceach coluim.

25 Agus féuch, do bhí duine a Nia∣rusaléim, dár bhainm Símeon: agus do bhí an fearso comhthrom, díadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israél: agus do bhí an spiorad náomh ann.

26 Agus do fhoillsigh an spiorad náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna.

27 Agus táinic sé maille ré tréoir na spioraide don teampoll: agus an tan tug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaidís ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe:

28 Ann sin do ghabh seision chuige an a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé:

29 A Thighearna, a nois leigeas tú do shearbfhohautuidhe a siodhcháin, do réir tfhocail féin.

30 Oír do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá:

31 Noch do ullmhuigh tú a bhfiadh∣nuifi na nuile phobal.

32 Solus do dhéunadh soillsi do na cineadhachuibh, agus glóir do phobuil féin Israél.

33 Agus do ghabh iongantus Jóseph agus a mháthairsion fa na neithibh a dubhradh na thimcheall.

34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathair∣sion; Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhó∣ráin a Nisraél, agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh:

35 (Agus fós rachaidh cloidheamh tré thanamsa) do chum go nochdfuidhe smúaintighthe as mórán do chroidhibh.

36 Agus fós do bhí Anna, banfhaidh, inghean Phánuel, do thréibh Aser: do bhi áois mhór aiceso, tár éis seachd mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeanuis.

37 Agus ar mbeith na baintreabh∣uigh a dtimcheall cheithre mblíadhan agus cheithre fichid dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísi do Dhía do ló agus doidhche, lé tros∣gadh agus lé húrnuighthe.

38 Agus táinic so do láthair ar an úair gcéudna, agus dadmhuigh si an Tighearna ma ráon riú, agus do labhair sí na thimcheall ré gách áon agá raibh súil ré fúasgladh an Jarusaléim.

Page [unnumbered]

39 Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ní do réir reachda an Tigh∣earna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét.

40 Agus do fhás an macáomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, & do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.

41 Agus do ghnáthuigheadh a athair agus a mhathair dul gach a blíadhna go Hiarusaléim a sollamuin na Cásg.

42 Agus ar mbeith dhá bhliadhan déug dhó, do chúadar súas go Híaru∣saléim, do réir ghnáthuighthe na sol∣lamna:

43 Agus ar gcríochnughadh na láe∣theadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan an leanabh Jósa a Níarusaléim: gan fhios do Jóseph, ná dhá mháthair.

44 Agus an tan do shaóileadar go raibh sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laòi, agus díarradar é a measg a ndaóine gaóil agus aitheanta.

45 Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar go Híarusaléim, dhá arruigh.

46 Agus tárla trí lá dhá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríu, agus ag cur cheasd orrtha.

47 Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é, fá na thuigsin, agus fá na fhreagarthaibh.

48 Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás íad, agus a dubhairt a mhathair ris, A mhic, créd fá ndéarna tú mar so rinn? féuch, do bhí misi & ta∣thair lán do dhobrón dod lorgáireachd.

49 Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? an né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaigh∣the mathar?

50 Achd níor thuigeadarsan na bría∣thra do labhair se ríu.

51 Agus do chuáidh sé léo síos, agus tâinic sé go Násarét: agus do bhí sé umhal dóibh: Agus do thaisgidh a mháthair na bríathra so uile an a croidhe.

52 Agus dó bhí Jósa ag fás an eag∣na, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daôinibh.

CAIB. III. Seanmoir & Teasdas Eóin um Chriosd, 21 Teasdas Dê uime; 23 & a Shinnsiorr∣achd thaoibh Joseph.

AGus an cúigeadh blíadhan déug dimpireachd Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachda∣rán a ttír Júdaighe, agus Joruáith na Théatrarc fa Ngalilé, agus Philib a dhearbhrathair na Théatrarc air Ituréa agus air chrích Thraconítis, agus Lìsá∣nias air Abiléne.

2 An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, táinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías, air an bhfásach.

3 Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Jórdan, ag sean∣móir bhaisdigh na haithrighe chum maithmheachuis na bpeacadh:

4 Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteach Esaías fáidh, a deir; Guth an té éighmheas ar an bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déa∣nuidh a chasáin díreach.

5 Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile shliabh agus chnoc: agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garbhá mín.

6 Agus do chifi gach uile fheóil slá∣nughadh Dé.

7 Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisd∣feadh seisean íad; A shliochd na naith∣reach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?

8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórr∣tha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh: agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: Oír a deirimsi ribh, gur ab éi∣dir lè Dia clann do dhúsachd as na clochuibhse féin Dábraham.

9 Agus a tá an túagh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dta∣bhair toradh maith, gearrthar é, agus teilgthear fa teínidh é.

10 Agus do fhíafruigh an slúagh uile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dhéunam?

11 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé rîu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil: & gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.

12 Agus tangadar na Puibliocáin mar an gcéudna, ionnus go mbaisd∣fidhe íad: agus a dubhradar ris; A mhaighisdir, créud do dhéunáim∣ne?

13 Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do hórduigheadh dhaóibh.

14 Agus do chuireadar na saighdiúi∣rígh fós ceisd air, ag rádh; Agus créud do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu; Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go héugcórach: agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.

15 Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, & ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd,

16 Do fhreagair Eóin, ag rádh ríu uile; Baisdeamsa sibh gó deimhin lé huisge: achd a tá neach is neartmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiu mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfadh seision sibh leis an Spiorad náomh, agus lé teinidh:

17 Agá bhfuil a chríathar an a laimh,

Page [unnumbered]

agus glanfaidh sé a urlár féin: agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin, achd loifgfidh sé an cháith lé teine nách éidir a mhúchadh.

18 Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó, dó mhínigh sé an soisgéul don phobal.

19 Agus ar gcur an aghaidh Jórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,

20 Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bprío∣fán.

21 Agus tárla an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhaisdeadh, agus ag déanamh úrnaigh∣the, gur hosgladh neamh:

22 Agus gur thuirrling an Spiorad náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air: agus go dtáinic guth ô neamh ag rádh; Is tú mo mhac grá∣dhachsa, is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.

23 Agus do bhí Iosa féin a dtim∣chioll a dheich mblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mhac ag Ioseph, mhic Héli.

24 Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph.

25 Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Nàum, mhic Esli, mhic Nagge,

26 Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda,

27 Mhic Ioanna, mhic Résa mhic Sorobâbel, mhíc Salatiel, mhic Néri,

28 Mhic Melchi, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,

29 Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Léui,

30 Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,

31 Mhic Meléa, mhic Mainán, mhíc Matata, mhic Nátan, mhic Dáibhi,

32 Mhic Iessé, mhic Obéd, mhic Boós, mhic Salmón, mhic Náasson,

33 Mhic Amînadab, mhic Aram, mhic Esron, mhic Pháres, mhic Iûdah,

34 Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tára, mhìc Náchor,

35 Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phalec, mhic Héber, mhic Salá,

36 Mhic Cáinan, mhíc Arphaxad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámech,

37 Mhic Matùsala, mhic Enoch, mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan,

38 Mhic Enos, mhic Séth, mhic Adhaímh, mhic Dé.

CAIB. IV. Trois••••he Chriosa, 13 bhùadhaigh sé ar an deamhan làmh ar láimh. 14 A sheanmôir, 41 & admhail na ndeamhan fèin uime.

AGus ar mbeith Diosa lán don Spiorad náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do trèoruigheadh leis an spioruid ar an bhfásach é,

2 Feadh dhá fhichead lá an diabhal ag cúr chathuighthi air: & nior ith sé ní ar bith ann sna laéthibh sin; achd ar na gcríochnughadh, ann sin do ghabh ocras é

3 Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán.

4 Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtha, nach lé harán a mháin mhaírfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.

5 Agus an tan do thréoruigh an Díabhal é ar shlìabh árd, do thaisbén sé ríoghachda na talmhun uile dhò, a móimeint daimsir.

6 Agus a dubhairt an Díabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, & a nglòir: óir tugadh dhamhsa í, & do bheirim í don tí as toil leam.

7 Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.

8 Agus ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé ris, Imthigh úaim a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhéuna tú seirbhis.

9 Agus do thréoruigh sé é go Hía∣rusaléim & do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill: & a dubhairt sé ris, Mas tú mac Dé, teilg thú féin sios as so.

10 Oír a tá sgríobhtha; Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud:

11 Agus toigéubhuid eidir a lámh∣uibh thú, deagla go mbuailfeá do chos fá chloich úair ar bith.

12 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris; A dubhradh, Ní chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.

13 Agus ar ccur chríche ar a chath∣uighthibh uile don Díabhal, dfág sé eisean ar feadh tamuill.

14 Agus do chas Iósa maille ré cumhachdaibh na spíoruide don Gha∣lilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tíre na thimcheall.

15 Agus do theaguisg sé an a Sío∣nagógaibh sùd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

16 Agus táinic sé go Násaret mar ar hoileadh é: agus do chúaidh sé a steach mar budh gnáth leis, lá na sáb∣bóide, don tsinagóig: agus do éirigh sé na sheasamh do leughthoireachd.

17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar fúair sé an tionad an a raibh sgríobhtha;

18 Spíorad an Tighearna oramsa, tré gur ong sé mé: do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na∣bochduibh, do shlánughadh na ndáoine agà bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmòir fúasgalta do na braighdibh, agus do na dalluibh aisioc a radharc, agus do thabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrûghadh.

19 Do sheanmòir bliadhna fhorbháil∣tigh an Tighearna.

20 Agus ar ndûnadh an leabhair dhó,

Page [unnumbered]

agus ar na thabhairt don ghiolla, do shuidh sé: agus do bhádar súile a raibh ann sa tsínagoig uile ag fèachain air go géur.

21 Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, A niugh a tá an sgriobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi.

22 Agus do rinneadar uile fíadhnuisi leis, & do bhí iongantus aca ann sna comhráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul, agus a deirdís, An né nach é so mac Jóseph?

23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh ríum gan amharus an seanfhocal∣sa, A líaigh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tù a Gcapernáum, déana mar an gcéud∣na ann so ad dhúithche féin [íad.]

24 Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.

25 Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar mórán baintreabhach a láethibh Elias a Nisraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile:

26 Achd níor cuireadh Elías dionn∣suighe áon bhaintreabhaighe aca súd, ach go Sarepta na Sídónia, chum mná do bhí na baintreabhaigh.

27 Agus do bhádar mórán lobhar a a Nísraél, ré linn Eliséus an faidh: & níor glanadh éin neach aca, achd Ná∣amán an Sirianach.

28 Agus do lionadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi.

29 Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é: agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathair ar na tógbháil, do chum go dteilgfidís síos a ndíaigh a chinn ê.

30 Achd ar ngabháil dósan tré na lár, do imthigh sé.

31 Agus do chúaidh sé síos go Ca∣pernáum, cathair don Ghalilé, & do bhíodh sé dhá dteagasg ann sna sábbói∣dibh.

32 Agus do bhí ùathbhás acasan an a theagasg, óir do bhí a chomhrádh maille ré hughdarrás.

33 Agus do bhí neach ann sa tsíonagólg an a raibh spiorad deamhnaighe neamh∣ghlan; & do éigh sé do gleuth mhór,

34 Ag rádh, Uch, créud í an bhúain atá aguinne riot a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cía thú, Neach náomhtha Dé.

35 Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan dìoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.

36 Agus do ghabh crith cách uile: agus do labhradar ré chéile ag rádh, Créud é an níse, go náithnigheann sé do na spioradaibh neamhghlana lé cumh∣achdaibh, agus lé neart, águs go dtigid síad a mach?

37 Agus do chúaidh a thúarasgbháil an gach uile ionad don tírsin timcheall.

38 Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímoin: agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shímóin: agus do chuireadar impidhe airsean air a son.

39 Agus ar seasàmh dhósan ós a cionn, do imdhearg lé an fiabhrus: agus dfág an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair, do rinne si friothólamh dhóibh.

40 Agus ar ndul don ghréin faoi, gach áon agá rabhadar dáoine éugcrúaidhe ó thinneasaibh eugsamhla, tugadar chui∣gesean íad: agus ar gcur a lámh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.

41 Agus fós do imthighidis na dea∣mhain as morán ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críosd mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan, ní léigeadh sé dhóibh a radh, go raioh a fhios aca gur bhé fein Críosd.

42 Agus ar néirghe don lá do imthigh sé a mach, agus do chúaidh sé a nionad fhásamháil, agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar chuige; & do bhádar dá chongbhail, do chum nách rachadh sé úatha.

43 Achd a dubhairt seision rìu, Go fí∣rinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.

44 Agus do bhíodh sé ag déanamh seanmòra a síonagógaibh na Galilé.

CAIB. V. Déis mhirbhuilte an tachtair èisc, 10 do lean Siomon, Séumas & Séon, Criosd.

AGus tárla an tan do ling an pobal air, déisdeachd ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesa∣rét:

2 Agus do chonnairc sé dhá luing do bhí ar an loch: achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus do bhíodar ag nighe a líontadh.

3 Agus ar ndul dósan a luing dhíobh do budh lé Simón, do íarr sé air dul beagán ón tír: agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as a luing.

4 Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Simón: Déunuigh romh∣aibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh síos bhur lionta chum gabhála.

5 Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris; A mhaighisdir, do thuirr∣sigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an lion.

6 Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarcuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.

7 Agus do sméideadar ar a gcom∣pánachuibh

Page [unnumbered]

do bhí ann sa luing eile, do chum go dtiocfaidís chuca do thabh∣airt chunganta dhóibh, & thangadarsan, & do líonadar an dá luing, ionnos go rabhadar a ninnmhe a mbáidhte.

8 Agus an tan do chonnairc Símon Peadar [so,] do shléuchd sé ag glúinibh Jósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighear∣na, óir is duine peacthach mé.

9 Oir do ghabh eagla é féin, & a raibh na fhochair uile, ar son na gabh∣ála éisg do ghabhadar:

10 Agus mar an gcéudna Séumas & Eóin, clann Shebedei, do bhí na gcom∣pánachuibh ag Símon: & a dubhairt Iósa ré Símon, ná bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú ad íasgaire ar dháoinibh.

11 Agus an tan tugadarsan a longa chum tíre, ar bhfágbháil an uile neithe dhóibh, do leanadar eisean.

12 Agus tárla an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, Féuch, óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsm Iósa dhó, do léig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, ag rádh; A Thighear∣na, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh.

13 Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag rádh, As toil, bí glan: & dfág an lubhra ê ar an mball.

14 Agus do aithin sé dhe gan a inni∣sin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, & íodh∣bair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.

15 Achd is móide do leathnuigh a thúarasgbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfa∣gháil fóirighne a dteinneas úadh.

16 Achd do chúaidh seisean fá leith ar an bhfásach, agus do rinne sé ur∣nuighe.

17 Agus tárla go raibh sé lá áirighe ag teagasg: agus go rabhadar na Phai∣risinigh, agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thír Jùdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe:

18 Agus féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh, óglach do bhí a bpairilis: & do íarradar a thabhairt a sdeach, & a chur na fhíadhnuisisean.

19 Agus an tráth nach bhfúaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach, trè mhéud na cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, & do lèigeadar é féin, & a lea∣buidh síos tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Jósa.

20 Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhó∣fan, a dubhairt sé ris; A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit.

21 Agus do thionnsgnadar na sgrío∣buidhe, & na Phairisínigh diosbóireachd do dhéunamh, ag rádh; Créd é an fear∣sa labhras blaisphéimighe: cía fhéudus peacuigh do mhaitheamh, achd Día na áonar?

22 Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, & a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?

23 Cía is usa a rádh, A táid do phea∣cuidh ar na maitheamh dhuit: ná a rádh, Eirigh, agus siobhail?

24 Achd do chum go mbeith a fhios agaibh, go bhfuil cumhachda ag mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi) A deirimsi riot, éirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.

25 Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfíadhnuisi, do thóg sé an leabuidh an a raibh sé na luighe, & do chúaidh sé dhá thigh, ag moladh Dé.

26 Agus do ghabh úathbhás cách uile, & do mholadar Día: agus do lion∣adh deagla íad, ag rádh; Do chonnca∣mair neithe doichreite a niugh.

27 Agus tar éisi so do chúaidh Jósa a mach, agus do chonnairc sé puiblio∣cán dár bhainm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim, agus a dubhairt sé ris; Lean misi.

28 Agus ar bhfágbháil gach éin nei∣the dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.

29 Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: & do bhí cuideachda mhór phuibliocán, agus dháoine eile do shuidh na bhfochair.

30 Agus do rinne cuid díobh do bhí na sgríobuidhibh, agus na Bhphairisí∣neachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan, ag rádh, Créud fá nithtísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpui∣bliocán, agus na bpeacthach?

31 Agus ag freagra a dubhairt Jósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leàgha ar na dáoinibh slána, achd ar na dáoinibh tinne.

32 Ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.

33 Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhpairisineach: achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi.

34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?

35 Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.

36 Agus a dubhairt sé fós tré cho∣famhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchu∣laidh, nó brisidh an téudach núa é

Page [unnumbered]

agus ní thig an preabán núa-éuduigh leis a tseinéudach.

37 Agus ni chuireann duine ar bith fion nùa a seanbhuidéuluibh, nó brisfidh an fion núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon, agus rachuid na buidéil a mugha.

38 Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha, agus béid síad ar áon slán.

39 Agus ní bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon, lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sè, Is é an seinfhion is folláine.

CAIB. VI. Fuascaltà na ceisde um na Sáoire, 20 le sear∣mòin um Shonuis & Anrath, 27 & ghrâdh dar neascairdibh.

AGus tárla ag gabháil trí ghortuibh dhósan an dara sábbóid don tsollam∣ain, gur bheanadar a dheisciobail déusa, agus tar éis a gcuimealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad.

2 Achd a dubhradar cuid do na Pha∣risineachuibh ríu: Créd fá ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsaoire?

3 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu; An né nár leughabhuirsi an ní so do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an muintir do bhí na fharradh:

4 Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiadh∣núisi, agus a dùaigh sé é, agus tug sé fós don mhuintir do bhí na fhochair é: noch nár chóir ithe, achd do na sagur∣tuibh amháin?

5 Agus a dubhairt seisean ríu; As Tighearna don tsábbóid féin mac an duine.

6 Agus tárla fós a sabbaid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg, agus gur theaguisg sé, agus do bhí óg∣lach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh.

7 Agus do bhí coimhéud ag na sgrio∣buidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbaid, do chum go bhfuighidís adhbhar gearáin air.

8 Achd daithin seisean a smúainthigh∣the: agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh: Eirigh, agus seas a lar [cháich]. Agus do éirigh seision agus do sheas fé.

9 Ann sin a dubhairt Jósa ríusan, Fìafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe, An cóir maith nó olc do dhéunamh sa tsábbaid: anum do shábháil nó do sgrios?

10 Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sin amach do lámh: agus do rinne feisean mar sin: agus do haisea∣gadh a lámh slán mar an lámh eile.

11 Agus do líonadh íadsan do chuthach: agus do lúaidheadar ré a chéile, Créd do dhéunaidís ré Híosa.

12 Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh, do dhéunamh úrnaighe: agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé.

13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dheisciobail chuige, agus do thogh sé dhá fhear dhéug asda, dár ghoir sé Absdail:

14 Simon dár ghoir sé fós Peadar, & Aindrías a dhearbhráthair, Séumas agus Eóin, Philip, agus Bartoloméus.

15 Matha agus Tomás, Séumas [mac] Alphei, agus Símon da ngoirthear Se∣lótes.

16 Judás [dearbhráthair] Shéumuis, agus Iudás Iscariot, (an té fós do bhráth eision.)

17 Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobal, agus mórán mór do phobal ò thír Iúdaighe uile, & ó Iárusalem, agus ó chois fairrge Thí∣rus agus Shídon, noch tháinig déisdeachd leision, agus dfagháil leighis ar a nea∣sláintibh:

18 Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhghlana, agus do leighiseadh íad.

19 Agus do bhí an slúagh uìle ag íar∣ruidh cuimealta ris, óir do bhídh subh∣ailce ag dul úadh, agus do shlànuidh sé íad uile.

20 Agus ar dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a dubhairt sé: As beannaighthe [sibhsi] a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.

21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: òir sáiséochthar sibh: As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.

22 As beannaighthe bheithí an tráth fhúathóchuid dáoine fibh, agus chuirfid síad as a gcuideachda sibh, agus im∣dheargfuid sibh, & chuirfid bhur nainm amach, mar olc, ar son mhic an duine.

23 Déunuidh gáirdeachus an lá sin & éirghidh a náirde ré lúthgháire, óir féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: Oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh.

24 Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre: óir atá bhur sólás a guibh.

25 As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach: óir biáidh ocras oruibh. As anáoibhinn dáoibh, a dháoine atá a gái∣righe a nois: óir cáoifidhe, agus goil∣fidhe.

26 As anáoibhinn dáoibh an tráth a déuruid na huile dháoine maith ribh: óir as mar sin do rinneadar a naith∣reacha ris na fáidhibh fallsa.

27 Achd a deirim ribhsi, atá ag éis∣deachd, Grádhuighidh bhur námhuid: déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh:

28 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh: agus déunuidh

Page [unnumbered]

urrnaighe ar son na muintire do ní bhur ndíoghbháil.

29 An té bhúaileas tú air a ngíall, iompó chuige an gíall eile: agus an té bheanus do chlóca dhíot, ná bac dhe do chóta fós [a bhreith leis.]

30 Agus tabhuir do gach neach íarrus art: agus òn té thógbhus do chuid úait, ná híarr air ais é.

31 Agus mar as toil libh dáoine do dhéimamh dhíbh, déunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsion.

32 Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhui∣ghid ná peacthuigh fèin na dàoine ghrá∣dhuigheas íad.

33 Agus má níthí maith don mhuin∣tir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peacthuidh féin an gcéadna.

34 Agus dá dtugtháoi áirleagadh do na dáoinibh ó a sáoiltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do bheirid na peacthaidh áirleagadh do na peacthachaibh, do chum go bhfui∣ghdís a leithéid a rís.

35 Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, & tabhruidh áirleagadh úaibh, gan súil ré hénní: agus budh mór bhur lúaidheachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as áirde: Oír bi seisean cinealta leis na dáoinibh dombuidheacha agus saithe.

36 Ar a nadhbharsin bíthísi tròcai∣reach, mar atá bhur nathuir trócui∣reach.

37 Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnui∣ghe, agus ni daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh.

38 Tabhruidh úaibh, agus do bhéur∣thar dháoibh: agus do bhéuruid dáoine an bhur nuchd miosúr maith, dingthe, craithte, agus ag dul thairis: Oír as leis an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimh∣éosdar mar an gcéudna dháoibh.

39 Agus do labhuir sé cosamhlachd ríu; An bhféudann an dall éolus do dhéunumh do dhall eile? an ne nách duitfid aráon sa díg?

40 Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir, achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighis∣dir.

41 Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, & nach dtugair dod aire an tsail ata ad shúil féin?

42 Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhráthuir; A dhearbhrathuir, léig dhamh an broth atá ad shúil do bhuàin aisde: agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shúil féin? a fhir an fhúar∣chrábhuidh, ar tús teilg amach an tsail as do shúil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil do dhear∣bhráthar do bhúain aisde.

43 Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh, agus ní holc an crann iomchras toradh maith.

44 Oír is as a thoradh aitheantar gach uile chrann: Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach; na cáo∣ra fíneamhna do dhriseach.

45 Do bheir an duine maith, ní maith as cisde maith a chroidhe féin: agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chroidhe fein: Oír is as iomar∣cúidh an chroidhe, labhrus an béul.

46 Achd créud fá ngoirthísi, A Thi∣ghearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim?

47 Gach uile neach thig chugamsa, a∣gus éisdeas rém bhríathruibh, agus do ní dhá reir: foillséochuidh mé dháoibh∣si cía ré ar cosmhuil é.

48 As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a fhunndáimennt ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chor∣rughadh: óir do bhí sé ar na fhunndá∣mentiughadh ar charruig.

49 Achd gídh bé chluin, agus nach déun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan fhunndaiment, air ar bhùail an tuile: agus do thuit se do láthair, & bá mór tuitim an tighe sin.

CAIB. VII. Shàruigh an Caiptin paganach na Hiuduighe a necreideamh. 36 Bhi Criosd na charaid don pheacach irisil.

AGus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an pho∣bail, do chúaidh sé a sdeach go Caper∣náum.

2 Agus do bhí óglach Caiptín áirighe go bréoite a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.

3 Agus an tan do chúaluidh sé tuar∣asgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níu∣duighe chuige, ag íarruidh air, teachd & a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh.

4 Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é fo do thabhuirt dó.

5 Oír atá grádh aige dhar gcineadh∣ne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.

6 Agus do chúaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tígh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris; a Thighearna, Ná cuir buai∣dhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe.

7 Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abuir a bhfocal, agus bíaidh mó∣glach slàn.

8 Oír as duine misi féin atá fáoi chu∣mhachdaibh, agá bhfuilid faighdíuirigh fum, & a deirim ris an bhfearso, Imthigh, & imthighe sé: agus ré fear eile, Tárr, & tig sé: agus rem shearbhfhoghantai∣dhe, Déuna so: agus do ní sé é.

Page [unnumbered]

9 Agus ar ná gcloisdin so Diosa, do bhi iongnadh aige ann, & ar bhfilleadh dhó, A dubhairt sé ris a tslúagh do lean é; A deirím ribh, nach bhfúair mé a Nisrael féin a chomhmór so do chrei∣deamh.

10 Agus ar bhfilleadh a steach do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an searbhfoghantaidh do bhí tinn, slán.

11 Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh, dá ngoir∣thear Náin: & do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, & buidhean mhór.

12 Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, féuch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, & í na bain∣treabhaigh: agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair.

13 Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría; Na guil.

14 Agus táinic sé, agus do bhean sé ris an gcomhraidh, (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a du∣bhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.

15 Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt: agus tug sé dhá mháthair féin é.

16 Agus do ghabh eagla íad uile, agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh: Déirghe fáidh mór an ar measg, agus dféuch Día ar a phobal féin.

17 Agus do chúaidh an túarasgbháil so amach air féadh thire Júdaighe uile, agus air feadh gach éintíre timcheall.

18 Agus dinnseadar a dheisciobail na neithe so uile Déoin. Agus ar ngairm Deóin deisi áirighe dhá deisciobluibh chuige,

19 Do chuir sé dionsuighe Jósa íad, ag rádh: An tusa an té do bhí chum teachda, nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?

20 Agus an tan thangadar na firsi chuigesean, a dubhradar; Do chuir Eóin baisde sinne a tionnsaidh, ag rádh: An tusa an té do bhí chum teachda, nó an bhfuil∣mid ag feathamh ré neach eile?

21 Agus ar an uáir sin fein do shlá∣nuigh seisean mórán daóine ó easláintibh, agus ó phláighibh, agus ó dhroch spio∣raduibh: agus tug sé á radharc do mhó∣rán dall.

22 Agus ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé ríu; Ar nimtheachd díbh innisidh Deóine, na neithe do chonncabhair, & do chúalabhair: go bhfaicid na daill, go siubhlaid na bacuidh, go nglantar na lo∣bhair, go gcluinid na bodhair, go néir∣ghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.

23 Agus as beannaighthe an té nach bhfuighe oilbhéim ionnumsa.

24 Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seisi∣on a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin; Créud é an ní agá ndeachubhuir dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? an giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith?

25 Achd créud é an ní agá ndeachubh∣air amach dhá fhéuchuin? duine atá ar na éudughadh a neuduighibh míne? féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha agus a saimhe, is a bpáláfuibh na ríogh bhíd siad.

26 Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? Fáidh? a deirim ribh go fírinneach, & ni as mó ná fáidh.

27 Ag so an té ar-a bhfuil sgriobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.

28 Oír a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban, fáidh as mó ná Eóin baisde. Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé, as mó é na ei∣sean.

29 Agus ar na gcloisdin so, do mho∣ladar an pobal uile, agus na Puibliocáin, Dia, do bhí ar na mbaisdeadh re baisdeadh Eóin.

30 Achd tugadar na Phairisinigh & an luchd dlighe tarcuisne ar chomhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mbaisdeagh úadhsan.

31 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía ré saimhéola mé daóine an chinidh so? agus cía ré ar cosmhuil íad?

32 As cosmhuil íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus eigh∣mheas ar á chéile, & a deir: Dó rinn∣eamair píobaireachd dhaóibh, & ní dhearnabhair damhsa: do rinneamair caói dhaóibh, & ni dhearnabhair gul.

33 Oír tháinig Eóin baisde, ní ag ithe aráin, ná ag ól fíona, & a deirthísi, Atá deamhan ann.

34 Tháinig mac an duine ag ithe & ag ól, agus a deirthì, Feuch, an duine cráofach, cara na bpuibliocán agus na bpeacthach.

35 Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.

36 Agus do íarr duine áirighe dó na phairisineachaibh air, [bíadh] ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisinigh dhó, do shuidh sé siós chum bídh.

37 Agus féuch, an tráth fúair bean don chathraigh, do bhí na peacthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtigh an Fhphairsinigh, tug si boxa ola lé.

38 Agus ar seasamh agá chosuibh do táobh shíar dhe ag gul, do thionnfgain sì a chosa dionnladh lé na déuruibh, & a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola [íad.

39 Agus an tan do chonnairc an phai∣risineach tug an cuireadh dhósan sin, do smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé, cía, a∣gus gá hionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í.

Page [unnumbered]

40 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris; A Shimóin, atá ní agam ré rádh riot: agus a dubhairt seision; A mhaigh∣isdir, abuir romhad.

41 Do bhádar días dféitheamhnuibh ag fear áirligthe do thabhairt úadh, do dhligh sé cúig chéud pighinn dfior aca, agus cáogad don dara fear.

42 Agus an tráth nach raibh díolui∣gheachd ag ceachdar dhíobh ré na tha∣bhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon: ime sin innis damhsa, cía aca lér ab ann∣sa é?

43 Agus ar bhfreagra do Shímón a du∣bhairt sé; Measuim gur leis an té dhár mhaith sé an tsuim as mó. Agus a du∣bhairt seision ris, As maith an bhreath rug tù.

44 Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Símón; an bhfaic∣eann tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi thum mo chos diónladh, achd do nigh an bhean so mo chosa lé na déuruibh, & do thiormuigh sí iád lé grúaig a cinn.

45 Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a sdeach, níor choisg sisi do phógadh mo chos.

46 Níor ong tú mo cheann lé hola, achd do ong an bhean so mo chosa ré hinnemennt.

47 Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfiulid a hiomad peacaidh ar na mai∣theamh dhi: óir as mór do ghrádhuigh sí. Achd gidh bé dhá maithtear beagan as beag ghrádhuigheas sé.

48 Agus a dubhairt sé rìa; Atáid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit.

49 Agus do thionnsgnadar an líon do bhi na suidhe na fhochair air an mbòrd, a rádh ionnta féin, Cía an fear so maitheas na peacuidh?

50 Agus a dubhairt sé ris an mnáoi; Do shlánuigh do chréideamh thú, imthigh a síothcháin.

CAIB. VIII. Na mnà do chaith a maóin re Criosd. 4 le Co∣samhlacht um an tsioladoir, 22 & mirbhuileadh Jósa mhic Dè.

AGus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, & gach baile, ag seanmórughadh, agus ag sois∣géulughadh ríoghachda Dé; agus an dá fhear dhég na fhochair:

2 Agus mná áirghe do leigheasadh ó dhroichspioraduibh, agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a deachadar seachd ndeamhain,

3 Agus Joanna bean Chúsa fheadh∣mannuigh Jorúaith, agus Susanna, agus mórán eile do chaith risean dá máoin féin.

4 Agus an tan do chruinnigh bui∣dhean mhòr, agus tangadar as gach uile chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd [riú.]

5 Do chúaidh síoladóir áirighe amach dó chur a shíl féin; agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de choi na sli∣gheadh, agus do brughadh fá chosaibh [dáoine] é, agus dúadar énlaith a nai∣éir é:

6 Agus do thuit cuid eile ar char∣raic, agus ar bhfás dò, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige:

7 Agus do thuit cuid eile a measg deilgnigh: agus ar bhfás don deilg∣neach a náoinfheachd ris, do thachd∣adar é:

8 Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith: agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. [Agus] ar na rádh so dhó, do éigh sé, gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éis∣deadh sé.

9 Agus do fhiáfruigheadar a dheif∣ciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamh∣lachdsin?

10 Agus a dubhairt seisean: Is dáoibsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daith∣nioghadh, achd do chách eile a cco∣samhlachduibh, ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaiefidís, agus ag cluinsin dòibh nach dtuigfidís.

11 Ag so an chosamhlachd: a fé an síol, bríathar Dé:

12 Agus an dréam úd chois na sligh∣eadh, á síad éisdeas: na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcroidhe, deagla go gcreidfidís, agus go sláinéochtháoi iád.

13 Agus an dream úd air an gcar∣ruic, an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus: achd ní bhfuil fréumh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaighthe.

14 Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilgneach, a siád so do éisd: achd ar nimtheachd dóibh, múchtar íad lé cûram, agus lé saidhbhreas, agus lé faímhe na beatha, agus ní tachruid to∣radh ûatha.

15 Achd an ní [do thuit] ann sa ta∣lamh mhaith, a síad sûd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid to∣radh ûatha a bhfoighid.

16 Achd ní bhfuil neach ar bith la∣sas coinneall, fholchas fáoi shoightheach î, ná chuireas fáoi leabuidh í: achd cuir∣idh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaic∣feadh an luchd théid a fdeach, an solas.

17 Oir ní bhfuil éin ní foluightheach, nach déuntar follas: na secréideach, nach bhfuighthear a fhios, agus nach dtioc∣faidh chum soillsi.

18 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: oír gidh

Page [unnumbered]

bé neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.

19 Agus tangadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige, agus níor bhéidir leó dul a ngar dhósan ón tslúagh.

20 Agus do hinniseadh dhó, ag rádh: Atá do mhathair agus do dhear∣bhraithreacha na seasamh a muigh ag iárruidh tfaicsin.

21 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé riú; A siád so mo mhathairse, & mo dhearbhráithreacha, noch éisdeas briathar Dé, & do ní dá réir.

22 Agus tárla lá áirighe go ndea∣chaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubhairt sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa.

23 Agus ag luingseòrachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éi∣righ sdoirm gháoithe ar a loch: agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh.

24 Agus ar ndol chuigesean dóibh do dhúisgeadar é, ag rádh; A mhaighisdir, a mhaighisdîr, a támaoid ar fágbháil. Agus ar néirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, águs tainic cìúnas ann.

25 Agus a dubhairt sé riú, Cáit a bhfuil bhar gcreideamh? & ar mbeith air crith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh iád, ag rádh ré chéile; Cia hé so, a deir ris na gáothaibh, agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus umhlui∣ghid siad dó?

26 Agús do rinneadar loingseórachd go crích na Ngadarénach, atá as co∣mhair na Galilé a nunn.

27 Agus ar ndol a dtîr dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh achd an sna tuámaidhibh.

28 Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé e féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth árd: Créd é mo chuidsi dhiót a Iósa a mhic Dé ro áird? iarruim ort gan mo phiánadh.

29 Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as a nduine: Oìr is iom∣dha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do ceangluidh le slabhraidhibh agus do coimhéaduidh lé geimhleachuibh é: agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan do thiománadh an deamhan fá na fásaighibh é.

30 Agus dfíarfuidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? agus a dubh∣airt seision, Léighión: do bhrígh go ndea∣châdar mórán deamhan a sdeach ann.

31 Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen.

32 Agus do bhí tréd mór muc ann sin ag inghilt ar a tslíabh: agus diár∣radar air a léigean dóibh dul ionnta: agus dfulaing seision sin dóibh.

33 Agus ar ndul do na deamhnuibh a a duine, do chúadar ann sna mucaibh: agus do rith an tréd muc ris a naill ann fa loch, agus do múchadh iád.

34 Agus an tráth do chunncadar na háodhairidhe an ní do rínneadh ann, do theitheadar: agus ar nimtheachd dóibh, dinnseadar [sin] ann sa chath∣ruigh agus ar na machairibh.

35 Agus do chúadarsan amach dféa∣chain an neithe do rinneadh: agus tan∣gadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine as a ndeachadar na deamhuin ar na éadughadh, agus é ar deaghcheill na shuidhe ag cosaibh Iósa, agus do ghabh eagla iád.

36 Agus an dream do bhí dhá fhéachain, dinnsigheadar dhóibhsion, cionnas do slánaigheadh an tí iona ra∣bhadar na deamhuin.

37 Agus diárradar luchd chríche na Ngadarénach uile airsion, imtheachd úatha, oír do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann a luing dfill sé tar ais.

38 Agus diárr an fear as a ndea∣chadar na deamhuin air, é féin do bheith na fhochair: achd do léig Iósa úadh é, ag rádh,

39 Fíll dod thigh féin, agus innis méud na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision ar feadh na caithreach uile, ag innisin créd iád na neithe do rinne Iósa dhó.

40 Agus tárla an tan do fhill Iósa tar ais, gur ghabh an slúagh chuca é: oír do bhádar uile ag feitheamh ris.

41 Agus féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus do bhí na úachdarán ar a Tsinagóig; & an tan do shléuchd sé ag cosaibh Jósa, diárr sé dathchuin∣ghidh air, dul leis dá thigh fein.

42 Do bhrígh go raibh éinghein in∣ghine aige timcheall a dá bhlíadhan dég, & í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an slúagh dha bhrughadh.

43 Agus bean do bhí a bhfluxa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaih a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas;

44 Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball.

45 Agus a dubhairt Iósa, Cia so do bhean rium? agus ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar, & an dream do bhí na fharradh; A mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh, & ad phluchadh, agus a nabair tú, Cia bhean rium:

46 Agus a dubhairt Jósa, Do bhean duine éigin riom: Oír do mhothuigh mé subhailce dul asam.

47 Agus an tráth do chonnairc an

Page [unnumbered]

bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, & ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhfîadhnuisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar mball.

48 Agus a dubhairt seisean ría; Bíodh muinighin mhaith agad, a inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: im∣thigh romhad a sióthcháin.

49 An feadh do bhí seision ag la∣bhairt, táinic neach áirighe ó úachdarán na Sinagóge, da rádh ris: Fúair hin∣ghean bás: ná cuir buaidhreadh ar an naighisdir.

50 Agus ar na chluinsin [so] Dío∣fa, do fhreagair sé é, ag rádh; Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus áineóchthar í.

51 Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, & Séumus, agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.

52 Agus do bhádar cách uile a gul, & dá cáoineadhsa: achd a dubhairt seision, Ná guilidh: ní bhfuil sí marbh achd na codladh.

53 Agus do rinneadarsan fonomhad fáoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh.

54 Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ag breith ar a láimh, do éigh sé ag rádh: A chalín éirigh.

55 Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí.

56 Agus do ghabh úathbhás a hathair agus a mathair: gidheadh do áithin seision díobh gan an ní do rinneadh dionisin do dhuine ar bith.

CAIB. IX. Ʋìr na nccos do chrathadh anaghaidh dhaoine do theagaisc. 51 Gan bhéith dioghaltach. 57 & gan Chrìosd do leanmhuin ar scàth sceimhe, nò arson èadala & onoir.

AGus ag gairm a dhà dheisciobal dég dhó, tug sé neart & cumhachda dhóibh ar na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas.

2 Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríoghachda Dé, agus do leigheas na ndáoine easlán.

3 Agus a dubhairt sé riú, Ná beiridh ní ar bith libh chum na sligheadh, bataighe, ná tiách lóin, ná arán, ná airgead: ná biodh dá chóta aguibh.

4 Agus gidh bé ar bith teach an a rachtáoi a sdeach, gur ab ann sin fhan∣saoi, & gur ab as rachtáoi amach.

5 Agus gidh bhé nach geubhuidh chuca sibh, ar bhfagbháil na caithreachasin dáoibh, craithidh fós an luaithreabhán dá bhur gcosaibh mar fhiadhnuisi na naghaidh.

6 Agus do imthigheadarsan, agus do ghabhadar timcheall na mbailteadh ag déanamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.

7 Agus do chualuidh Jóruáith an Té∣trarca gach uile ní dá ndearnuidh sei∣sion, agus do bhí sé a namharus, do bhrigh go ndubhradar dáoine áirighe, gur éirigh Eóin ó mharbhuibh.

8 Agus dáoine eile, Gur fhoillsigh Elías é féin; & dáoine eile, Gur eiséirigh fáigh éigin do na seanfháighibh.

9 Agus a dubhairt Jorúaith, Do bhean misi a cheann Deóin: agus cia hé so ar a gcluinim a leithéde so? agus diárr sé eision dfaicsin.

10 Achd ar bhfilleadh do na habsdal∣uibh dinnseadar dhòsan gach ní dhá ndearnadar, & ar na mbreith leis dó, do chuaidh sé fá leith ar fhásach na caithreacha dá ngoirthear Betsaida,

11 Agus an tan do aithin an pu∣bal sin, do leanadar é: agus ar na ngabháil chuige dhó, do labhair sé riú a dtimcheall rioghachda Dé, agus do shlánaigh sé an chuid díobh ar a raibh úireasbhuidh leighis.

12 Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus tangadar an dá fhear dhég chui∣gesion, agus a dubhradar ris, Léig uáit an slúagh ionnus go niméochaidís fa na bailtibh, agus fan tír do leathnughadh, agus dfagháil bídh: oír a támáoid ann so a náit fhásamhuil.

13 Achd a dubhairt seision riú, Tabh∣ruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cuig aráin, agus dá iásg, achd muna dteímis do cheannach bídh don phobal so uile.

14 Oír do bhádar a dtimcheall chuig míle fear: achd a dubhairt seision ré na dheisciobluibh, Cuiridh na suidhe iád na gcaogadaibh agus na gcáogadaibh.

15 Agus do rinneadarsan amhlaidh, & do chuireadar na suidhe iád uile.

16 Agus ar ngabháil na gcúig naràn agus an dá iásg dhósan, agus ar bhféachain súas ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh [iád] do chum go gcuirfidis a bhfiadhnuisi an phubail [iád.]

17 Agus a duádar, agus do sasai∣gheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá chliabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfuighioll aca.

18 Agus tárla an tan do bhi sé na áonar ag déanamh urnuighe, go rabhadar a dheisciobuil na fhochair: agus gur fhíafruidh sé dhíobh, ag ràdh; Créd a deir an slúagh, cía misi?

19 Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar; Eóin baisde: & cuid eile Elias: agus cuid eile, gur éirghe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís.

20 Agus a dubhairt seision riú, Achd créd a deartháoisi, cía mé? agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé: Críosd Dé.

21 Agus ar ndêanamh bagair orrtha dhó, do aithin sé dhíobh gan so dinnisin do dhuine ar bith:

Page [unnumbered]

22 Ag rádh gur ab éigin do mhac an duine mórán dfulang, agus a dhiultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus bás dfulang, agús éirghe an treas lá.

23 Agus a dubhairt sé riú uile; Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, diultadh sé dhó féin, agus tógbhadh fé a chros gach láoi, agus leanadh sé misi.

24 Oír gidh bé lér ab aill a anam do shlánughadh, caillfidh sé é: agus gidh bé chaillfeas a anam ar mo shonsa, a sé so shláineochas é.

25 Oír créd é a tharbha do dhuine dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugha é féin?

26 Oír gidh bhé le budh nár misi agus mo bhriathra, budh nár le mac an duine eision, an tráth thiocfas sé ann a ghloîr féin, agus athar, agus na nain∣geal náomhtha.

27 Agus a déirim ribh go fírinneach, Go bhfuilid cuid don mhuintirsi atá a láthair ann so, nach blaisfidh bás nó go bhfaicfid rioghachd Dé.

28 Agus tárla, a dtimcheall ochd lá tar éis na mbriatharsa, ar mbreith Pheadair, agus Eóin, agus Shéumuis leis dò, go ndeachaidh fé sùas ar shlíabh do dhéanadh urnuighe.

29 Agus tárla ag déanamh urnuighe dhó, gur hathruigheadh fioghair a aighthe, agus go ndearnadh a éadach geal dealruigheach.

30 Agus féuch, do bhádar días fear ag comhrádh ris, mar atá Máoisi agus Ehas.

31 Noch do chonncas a ngloír, agus dfoillsigh a bhás, do fhuileongadh sé a Niarusalem.

32 Agus do bhí codladh trom ar Pheadar agus ar a ndroing do bhí na fharradh, agus an tan do dhúisgeadar, do chunncadar a ghloírsion, agus an días fear do bhí na seasamh na fhochair.

33 Agus tárla agá fhagbháil doibh, go ndubhairt Peadar ré Híosa, A mhaighisdir, is maith sinne do bheith ann so: agus déanam trî botha, both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Dhelías: gan fios aige créd a dubh∣airt sé.

34 Agus an tan a dubhairt sé so, táinic néull agus do theilg sé sgáile orrtha: & do ghabh eagla iadsan an tan do chuádar ann sa néull.

35 Agus táinic guth as a néull, ag rádh: Ag so mo mhac grádhachsa, éisdigh ris.

36 Agus ar teachd don ghuthsin, do frioth Iósa na áonar: agus do bhádarsan na dtochd agus nior innsiodar dáon∣duine ann sna laéthibhsin ni ar bith dhá bhfacadar.

37 Agus tárla an lá na dhiáighsin, ar ndul síos don tslíabh dhoibh, go dtárla sluagh mór airsion:

38 Agus féuch, do éigh neach don tslúagh, ag radh; A mhaighisdir, iár∣ruim ort, féuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.

39 Agus féuch, beiridh an spiorad air, agus éimhigh sé go hobann, agus tairrngidh sé as a cheile é, ag cur chubhair amach, agus is ar éigin fhágfas sé é tar éis a chomhmbrúghadh.

40 Agus diárr mé ar do dhei∣scioblaibhsi a cur as: achd níor fhéa∣dadar.

41 Agus ar bhfreagra Díosa a dubh∣airt sé; A chineadh míchreidmheach, cláon, gá fad fós bhiás mé eadruibh, & fhuileongas mé sibh? tabhuir do mhac leachd ann so.

42 Agus ag teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan fán talamh é, & do tharruing sé as a cheile é: achd do im∣dhearg Iósa an spiorad neamhghlan, agus do leighis sé an leanabh: agus thug sé dhá athair féin é.

43 Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórdhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus dóibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh.

44 Taisgidh na bríathrasa ann bhar gcluasaibh: óir tiocfuidh chum críche go dtiobharthar mac an duine a lámhuibh na ndaóine.

45 Achd níor thuigeadarsan an comh∣rádhsa, agus do bhí sé ar na fholach úa∣tha, ionnas nar airigheadar é, agus do bhí eagla orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.

46 Agus déirigh diospóireachd eatarra, Cía dhíobh féin budh mó.

47 Agus ar bhfaicsin smuaintighe a gcroidhe Díosa, do ghabh sé leanabh chuige agus do chuir sé na aice féin é,

48 Agus a dubhairt sé riú; Gidh bhé ghéubhas chuige an leanabh so a mainmsi, is misi ghabhas se chuige: agus gidh bhé ghéubhas misi chuige, gabhuidh sé chuige an té do chuir úadh mé: Oír gidh bhé is lugha eadruibhsi uile, bíaidh se mór.

49 Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé; A mhaighisdir, do chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainmsi, & do thoirmeasgamar é, ar son nach leanann sé dhínne.

50 Agus a dubhairt Iósa ríu; Ná toirmeasguidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh, atá sé linn.

51 Agus tárla an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfuidh súas é, gur chuir sé roimhe dul go Hiárusaléim.

52 Agus do chuir sé teachdairighe roimhe: agus ar nimtheachd dòibh do chuadar a sdeach a mbaile na Samári∣tánach, do chum go ndéanaidìs ullmhu∣ghadh roimhesion.

53 Achd niór ghabhadarsan chuca é, ar son go raibh a agháidh mar bhiadh sé dul go Híarusalém.

Page [unnumbered]

54 Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar; A Thighearna, a naîll leachd go nabramáois teine do theachd a nûas ó neamh dá losgadh sûd, mar do rinne Elías leis?

55 Agus ar gcasadh orrtha Díosa, do indhearg sé iad, agus a dubhairt sé; Ní bhfuíl a fhios aguibh, créd é an spiorad dhár de sibh.

56 Oír ní thaínic mac an duine do sgrios anmann na ndáoine, achd dá slánu∣ghadh. Agus do chúadar as sin go baile eile.

57 Agus tárla ar nimtheachd dóibh, go ndúbhairt neach áirighe rision ar a tslighe; Leanfuidh misi thú, gidh bé háit ann a racha tú, a Thighearna.

58 Agus a dubhairt Iósa ris; Ataíd fíachaisighe ag na sionnchaibh, & neid ag éanlaith a naiéir: achd ní bhfuil áit ag mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann fáoi.

59 Agus a dubhairt sé ré neach eile; Leansa misi: achd a dubhairt seision; A Thighearna, leig dhamh imtheachd ar tús agus mathair daghlacadh.

60 Achd a dubhairt Jófa ris; Leíg do na marbhuibh a mairbh féin daghlacadh: achd imthighsi, agus déana rioghachd Dé do sheanmoír.

61 Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile; Leanfuidh misi thú, a Thigh∣earna. Achd leig dhamh ar tús, mo thead do ghabháil ag am mhuintir.

62 Achd a dubhairt Iósa ris; Gidh bhé nach chuireas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil fe ìomchubhaidh do ríoghachd Dé.

CAIB. X. A••••bhar aòibhnis na 70 difciobal; 23 gur comharsan gach diol trùaighe; 41 & clù Mhuire oscionn Mhartha.

AGus na dhiáigh so, dórduigh an Ti∣ghearna mar an gcéadna deithnea∣bhar agus trí fichid eile, agur do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionadh ann a raibh a theachd.

2 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé 〈◊〉〈◊〉; Is mr an fóghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tigh∣earna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair féin.

3 Imhighidh, féuch, ataimse dá bhur geur ùaim mar úana a measg mhadradh allta.

4 Ná hiomchruidh sbarán, ná tiach loín, ná bròga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.

5 Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióth∣tháin don tighse.

6 Agus má bhíonn mac na sióthchána annfin, do dhéanuidh bhur sióthcháinsi comhnuighe air: achd muna [raibh], fillfidh sì chugaibh féin a rís.

7 Agus fanaidh an sa tighsin ag ithche agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himi∣ghidh ó thigh go tigh.

8 Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirfid siád ann bhar bhfiadhnuisi.

9 Agus slánaghaidh na heaflaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.

10 Agus gidh bé cathair ann a rach∣táoi a sdeach, agus nach gêubhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraîdibh, abruidh:

11 Craithmíd dhínn an bhur naghaidh go fiú an luaithridh do lean dínn as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid ríoghachd Dê ribh.

12 Agus a deirím ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd ná don chathraighsin.

13 Is anáoibhinn duit a Chorásin, is anáoibhinn duit a Bhetsáida: oîr dá madh aDtírus & a Sídon do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó do dhéanaidís aithrighe na suidhe a néadach roín, agus a luaithreagh.

14 Ar a nadhbharsoin budh socamh∣luighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus na dháoibhsi.

15 Agus tusa a Chapernáum atá ar do thógbháil sùas go neamh, teilgfidh∣thear siós go hifearnn thú.

16 Gidh bé éisdeas ribhsi, is riomso éisdeas sé: agus gidh bé bheir neimh∣chion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion: agus gidh bé bheir neimh∣chion oramsa, is ar an té do chuir ûadh mê do bheir sé neimhchion.

17 Agus do fhilleadar an deithnea∣bhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas ag rádh; A Thighearna, ataíd na dea∣mhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi.

18 Agus a dubhairt seision ríu; Do chonnairc mé Sátan mar theinnteach ag tuitim ò neamh.

19 Féuch do bheirim dhíbh cumh∣achda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad, agus ní ghoirteó∣chaidh éin ní sibh.

20 Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh ar son go bhfuilid na spioraidi∣dhe fá bhur smachd: achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.

21 Ar a núairsion féin do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt fé: Do bheirim buidheachas duit a athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháoinibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iád do naoidheanánuibh; a seadh athair, tré gur ab mar sin do budh toil leachd fêin é.

22 Atáid na huile neithe ar na dta∣bhairt dhamhsa óm athair: agus ní

Page [unnumbered]

bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an mac, achd ag a nathair: agus ciá hé an ta∣thair, achd ag an mac, agus an té dá dtoigéora an mac à nochdughadh.

23 Agus ar bhfilleadh chum a dheis∣cíobal, a dubhairt sé fá leith riú, s beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi.

24 Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithísi dfaicsin, & ní fhacadar: & na neithe dó chluintí do chluinsin agus ní chúaladar.

25 Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag our chathaighthe airsion, agus ag rádh: A mhasghisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?

26 Achd a dubhairt seision ris; Créd a tá fgríobhtha ann sa dligheadh? cionnas léaghas tú?

27 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé; Gráidheochuidh tú do Thigh∣eana Día féin as do chroidhe uile, agus as tanam uile, & as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile: agus do chomharsa mar thú féin.

28 Agus a dubhairt seision ris, As dí∣reach do fhreagair tú. Déanasa so, agus maírfidh tú.

29 Achd ar mbeith dhósan funnmhar a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa; Maseadh ciá hé mo chomharsa?

30 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt se; Do chúaidh duine áirighe siós ó Jérusa∣lém go Jérico, agus tárla a measg bhio∣thamhnach é, do shlad agus do loit é, agus do imthigh rompa ar na fhagbháil leathmharbh.

31 Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: & ar na fhaicsinsion dó, do ghabh fé thairis don táobh eile don tslighe.

32 Agus mar an gcéadna Leuita a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghabh sé tháiris don táobh eile.

33 Agus ar mbeith ag gabháil na sli∣gheadh do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a ráibh seision, & ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é.

34 Agus ar ndrud ris do chean∣gail sé a chneadha, ag dórtadh ola agus fióna ionnta: agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.

35 Agus ag imtheachd dó lá ar na mharach, do bhéan sé dá phighinn amach & tug sé don ósdoír iád, agus a dubhairt fé ris; Biodh cúram agad fan fhearso: & gidh bé chaithfeas tù as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara mé dhuit é.

36 A nois cía don triúrsa bhreath∣naigheas tusa do bheith na chomharsain ag an ti úd thárla a measg na mbioth∣amhnach?

37 Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air. Ar a nadhbhar∣soin a dubhairt Iósa ris: Imthighsi, agus déana mar an gcéadna.

38 Agus tárla ag imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighc: agus go rug bean áirighe dar bhain•••• Martá dá tigh féin é.

39 Agus do bhí deirbhshiúr aice•••• dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dh ag cosaibh Iósa, do bhí sí ag éisdeachd lé na bhríathraibh.

40 Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh: agus ag seasamh dhi a dubhairt sí: A Thigh∣earna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamh? ar a nadhbharsin abair rià cungnamh riom.

41 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría: A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh:

42 Achd cheana ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach béarthar uáithe.

CAIB. XI. Shèol Crìosd do bheith gnathach, seasmhach a nguidhe. 28 & gur coimhed bhriathar De, do ni beannuighte, & nach scàil chrábhoidh.

AGus tárla an tan do bhì sé ag déanamh urnuighe a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear airighe dá dheisciobluibh rîs; A Thi∣ghearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhá•••• Eóin dá dheisciobluibh féin:

2 Agus a dubhairt seision ríu; A núair do dhéantáoi urnuighe, abraidh: Ar nathair atá ar neamh, náomhthar hainm: tigeadh do rioghachd: déantar do thoil ar an talamh, mar atá ar neamh.

3 Ar naran laétheamhuil tabhair dhúinn gach láoi.

4 Agus maith dhúinn ar bpeacaigh, óir maithmidne da gach àon air a bh•••••••• fiacha aguinn: agus na leîg sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc.

5 Agus a dubhairt sé ríu, Cía agaibh•••• agá mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhón oidhche, agus go naibeóradh sé ris; A chara, tabhair trí haráin damh air iásachd:

6 Oír tháinic cara dhamh as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni agam do chuirfinn na fhiadhnuisi?

7 Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé: Nà cuir buaidhreadh oram: atá glas air á ndoras a nois, & ataíd mo chlann am fhochair fa tseómra: ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.

8 A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é: gidheadh go firi neach ar son a liosdachda do éiréochadh∣sé, & do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.

Page [unnumbered]

9 Agus a deirimsi ribh, Iarraidh & d bhéarthar dháoibh: lurgairigh agus do gheabhtháoi: buailidh an doras, & ••••géoltar dháoibh.

10 Oír gidh bé iárras, glacaidh sè: & ••••dh bé do ní lurgaireachd, do gheibh é: agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

11 Agus cía agaibhsi athair ar a níarr∣••••dh a mhac arán, do bhéaradh cloch 〈◊〉〈◊〉? nò dhá niárradh sé iásg, do bhéa∣radh nathair nimhe a nionad éisg dhó?

12 Nó mar an gcéadna dá niárradh sé gh, an dtiobhradh sé scorpion do?

13 Ar a nadhbharsin más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thabhairt da bhur gcloinn, an é ach mò ná sin bhéaras bhur nathairse ó eamh an Spiorad náomh don druing 〈◊〉〈◊〉 air é?

14 Agus do bhí sé ag teilgean dea∣••••ain amach do bhí balbh: agus tár∣•••• ar ndul don deamhan amach, gur ••••••hair an balbhán, & do ghabh iong∣••••dh an sluágh?

15 Agus a dubhairt dream acasan, Is trì Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.

16 Agus dream eile ag cur chath∣aighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.

17 Agus ar bhfaicsin a fmuaintighthe ••••••fan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd 〈◊〉〈◊〉 roinnte na haghaidh féin, do ni∣••••ar fasach dhi: agus an tigh bhíos ••••••••te na aghaidh féin, tuitidh sé.

18 Agus mar an gcéadna dá raibh Sá∣•••• roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a ••••rthìsi gur ab trí Bheelsebub theilgimsi ••••••••ch na deamhain.

19 Agus más trí Bheelsébub sgrio∣••••••si na deimhuin, cía tré sgriosaid 〈◊〉〈◊〉 gclannsa iád? ar a nadhbhairsin 〈◊〉〈◊〉 fiádsann na mbhreitheamhnaibh ••••••••bhsi.

20 Achd cheana más le méur Dé theil∣•••••••••• amach na deamhain, gan chunn∣••••••hairt tháinic rioghachd Dé chuguibhsi.

21 An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:

22 Achd an tráth thig duine is neart∣mhaire ná é, beiridh sé búaidh air, & ••••guidh sé leis a uile armáil ann ar ch••••r sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a éadáil.

23 An té nach bhfuil leamsa, atá sé 〈◊〉〈◊〉 aghaidh: agus gidh bé nach ccruin∣igheann leamsa, scabuighidh sé.

24 An tráth imthigheas an spiorad eamhghlan as duine ar bith, imdhigh sè trí ionaduibh tiorma, ag iárruidh sui∣••••••is: & an tráth nach bhfaghann sé ••••n, a deir sé, Fillfidh mé dom thigh 〈◊〉〈◊〉 ó dtáinic mé.

25 Agus ar dteachd dó, do gheibh sé r na sgúabadh agus ar na dheaghmhais∣ioghadh é.

26 Imthighidh sé an sin agus beiridh sé leis seachd spioraide eile is measa ná é féin, agus ar ndol a sdeach dhóibh, do níd comhnaidhe ann sin: & is meafa deireadh an duine sin ná a thosach.

27 Agus tárla agá rádh so dhó, gur árduigh bean áirighe don tfluágh a guth, agus go ndubhairt sí; As beann∣aighe an bhroinn do iomchuir thù, & na cíocha do dhiughail tú.

28 Agus a dubhairt seision; Achd as beannaighe an dream éisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.

29 Agus an tan do chruinnidh an sluág chuige, do thionsgain sé a rádh; As olc an cineadh so: iárraidh sé comhar∣tha agus ní tiubharthar comhartha dhô, achd comhartha Jónas sáidh.

30 Oir amhail dó bhí Iónas na cho∣mhartha do mhuinntir Niníve, as mar sin bhiás mac an duine mar an gcéudna don chineadhso.

31 Eireóchuidh bainrióghan an táoibhe ò dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, & daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisi ó leithimlibh na talmhan dêisdeachd ré heagna Sholaimh: & féuch atà [duine] as mó ná Solamh ann so.

32 Eireóchaid luchd Niníve a mbreith∣eamhnus maille ris an gcineadhso, & daimneóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Jônas: agus féuch, atá [duine] as mó ná Jónas ann so.

33 Nì lasann duine ar bith coinneall chum a cur a bhfolach, nó fáoi bhuiseúl, achd a gcoinnleóir: ionnus go bhfaicfi∣dís an dream thig a fdeach, an solus.

34 A sí an tsúil solus, an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhías do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach: achd dá raibh do shùil go holc, biâidh do chorp mar an gcéadna dorcha.

35 Dà bhrigh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.

36 Ar a nadhbharsin dâraibh do chorp uile soillseach gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thù ré na soillse.

37 Agus tar éis na mbriátharsa do labhairt dhó, do chuir Phairifíneach ái∣righe impídhe air, a dhínnér do chaith∣eamh na fhochair: & ár ndul a fdeach dhósan do shuigh sé chum bídh.

38 Agus an tan do chonnairc an Phairi∣síneach [sin], dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér.

39 Agus a dubhairt an Tighearna rís; Go deimhin do ní fibhse a Fhphairisinea∣cha an tâobh amuigh don chupan & don mhéis glan: achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd & dolc.

40 A dháoine gan chéill, a né nách é an tí do rinne an tâobh a muigh, do rinne an táobh a fdigh mar an gcéadna?

41 Ar a nadhbharsin tábhruidh deírc uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh:

Page [unnumbered]

agus féuch, bíaidh na huile neithe glan díbh.

42 Achd is anáoibhinn dáoibh a Fhphairisíneacha, do bhrígh go ngabh∣tháoi deachmhaidh an mhiontuis, & na ruibhe, & na uile luibheann: achd gabh∣tháoi thar bhreitheamhnus & ghrádh Dé: Do búdh cóir iád so do dhéanamh, & gan iád súd do leígean gan deúnamh,

43 As anáoibhinn dáoibh a Fhphai∣risíneacha: oír as ionmhuin Iibh an céud ionad suidhe ann sna Sionagógaibh, agus fáilteadha ar na márguidhibh.

44 As anáoibhinn dáoibh a sgriobui∣dhe & a Fhphairisíneacha a lúchd a nfúarchrábhaidh; oír atátháoi mar thuá∣muidhibh nách bhfaicthear; & nách aithne do na dáoinibh shíubhlus ortha.

45 Agus ar bhfreagra do dhuine áiri∣ghe don luchd dlighe a deir sé rís; A mhaighisdir, agá rádh so dhuit, do bhéir tú masla dhuinne fós.

46 Achd a dubhairt seision; As anáoi∣bhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe, oír curtháoi úaluidhe dóiomchuir ar na dáoi∣nibh agus ní bheantháoi féin ris na húa∣ladhaibh lé háon dá bhur méuraibh.

47 As anáoibhinn daoibh: oír tógtháoi tùamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.

48 Go deimhin do níthí fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do mharbhadarsan iád, agus do ní∣thise tûamuidhe dhôibh.

49 Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe & absdail chuca, agus muirbhfid siád agus géarleanfuid cuid díobh.

50 Do chum go leanfuidhe ar an gcineadhsa fuil na bhfáidheadh uile do dóirteadh ó thús an domhain.

51 O fhuil Abéil go fuil Shacharías do marbhadh éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneach a deirim ribh go leanfuighear é ar an gcineadhso.

52 As anáoibhinn dáoibh a luchd dlighe: oír rugabhair libh eochair a néo∣lais, ní dheachabhair féin a sdeach, & do thoirmisgeabhair an dream do bhí ag dul a sdeach.

53 Agus a nuáir a dubhairt sé na nei∣theise riú, do thionnsgnadar na sgrío∣buidhe agus na Phairisinigh consbóid ghéur do dhéanamh ris, agus a thabhairt air labhairt ar mhóran do neithibh;

54 Ag luigheachán air, agus ag iárraidh neithe éigin do ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidís é.

CAIB. XII. Jarfa Criosd an foirinn atheagasc gan fhait∣chios, 36 bî deas fa chomhair buille an bháis, 54 & gur baoghlach, rèiteach & náir an ghrás, do leigeann thort gan tarbha.

FA a námsin ar mbeith do phubal ro mhór ar na ccomhchruinniughadh, ionnus go rabhadar ag faltairt ar a chêile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús: Comhéaduigh síbh féin ar laibhín na Bhpairsíneach, eadho an fúarchrábhadh.

2 Oír ni bhfuil einní foluightheach nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicrei∣deach, nach bhfuighthear a fhios.

3 Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair a ndorchadus, cluinfidthear iád sa solus: agus gidh bé ní do labhra∣bhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha, do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.

4 Agus a deirim ribhse a cháirde, Ná bíodh eagla na muintire oraibh mhárbhus an corp, & na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh.

5 Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbía bhur neagla: bíodh eagla an tí úd oraibh, agá bhfuil cumhachda, tair éis [duine] a mharbhadh, a theilgean go hifearn: a seadh, a deirim ribh, bíodh eagla so oraibh.

6 A né nach cceannaighthear cúig gheal∣bhain ar dhá fheòrling, & ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiághnuise Dé?

7 Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh: ar a nadhbharsin na bíodh eagla oraibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.

8 Agus a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine: aidmheóchaidh mac an duine mar an gcéadna eisean, a bhfiadhnaisi aingeal Dé.

9 Achd gidh bé shéanfus mise a bhfia∣dhnuise na ndáoine, séanfuighear eisean a bhfíadhnuise aingeal De.

10 Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí lai∣bheóras blaisphéime a nuagháidh an Spio∣rad náoimh.

11 Agus an tan do bhéaruid siád sibh chum na Sinagóg & na nuachdarán, & na ndáoine gcumhachdach, na bíodh na ro chùram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi.

12 Oír múinfidh an Spiorad náomh dháoibh ar a nuáirsin féin, na neithe is coír dháoibh do rádh.

13 Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris; A mhaighisdir, abair rem dhear∣bhrathair a noighreachd do roinn rium.

14 Agus a dubhairt séision ris; A dhuine cía chuir misi ós bhur gcionn am bhrei∣theamh, nó am rannadóir?

15 Agus a dubhairt sè riú; Feáchaidh & seachnuidh sibh ar a tsaínt: Oír ní a niomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith, atá a bheatha.

16 Agus a dubhairt sé cosamhlachd riù, ag rádh: Tug fearann dhuine sháidh∣bhir áirighe toradh mór.

17 Agus do smuáin sé ann féin, ag rádh: Créd do dhéana mé? oir ní bhfuil áit agam ann a gcruinneócha mé mo thórthuighe.

18 Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leagfuidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgiobóil bhus mó ná íad,

Page [unnumbered]

agus cruinneóchaidh mé mo thórtha uile, & mo mháoin ionnta:

19 Agus a déara mé rém anam féin; A anaim, atá mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa chomhair mhóràn bliadhan: fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bi go súgach.

20 Agus a dubhairt Diá ris; A ama∣dáin, a nochd féin iárfuid fíad hanam ort: & cía bhus leis na neithe do sho∣láthair tu?

21 Is mar sin atá an té chruinnigheas ionnmhas dó féin, agus nach bhfuil faidhbhir a Ndiá.

22 Agus a dubhairt sé ré na dheisciob∣••••ibh; Uime so a deirim ribhfi, Ná bí∣dhidh ro chúramach fá bhur mbeatha, créd é an ní iosdáoi; ná fá bhur gcorp, créd é an ní churfí umuibh.

23 As mó an tanam ná an biádh, & an corp ná an téadach.

24 Tabhraidh dá bhur naire ná préa∣chaîn, oír ní chuirid siád siól, agus ní bhéanuid siád: agus ní bhfuil tigh sdórúis na sgioból aca, agus beathaigh Diá iád: agus a né nach fearr sibhsi go mór ná a néanlaith?

25 Achd ciá agaibhsi lé na iomad cú∣ruim fhéadas áon bhannlamh a mháin do chur air áirde féin.

26 Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar bhor gcumas an ní as lugha, créd fá bhfuil cúram na neitheann eíle o∣raibh?

27 Tabhraidh dá bhur naire na li∣lidhe, ciondas fhásaid siád: ní dhéanuid fiád sáothar, agus ní shníomhuid siád; achd a deirim ribh, nach raibh Solamh féin ann a ghlóir uile ar na éadughadh mar áon díobh so.

28 Agus má éaduigheann Diá már sin an fér atá a niu ar an machaire, agus chuirthear a márach ann sa núamhaidh: a nê nach mó ná sin do dhéana sé dhíbhse, a luchd an chreidimh bhig?

29 Ar a nadhbharsin, ná fiáfruidh∣idhsi créd iósdáoi, nó créd iobhtháoi: & na bìthí amharusach.

30 Oír a siád na neithesi uile iárraid tinidheacha an domhain: achd atá a fhios ag bhur nathairse go bhfuil a riachdanas so oraibh.

31 Achd cheana, Iárruidhsi rioghachd Dé agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh.

32 Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag: oír a sí toil bhur nathar rioghachd do thabhairt dáoibh.

33 Racaidh a bhfuil aguibh, agus tabh∣ruidh déirc úaibh: déanuidh sparáin dhíbh féin, nach racha a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh, ar neamh, a náit nach dtig gaduidhe a ngar dhó, & nach dtruáilleann an míol críon.

34 Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ccisde, is ann sin fós bhîas bhur gcroidhe.

35 Bìodh bhur leasrach ceangailte tim∣chioll, & bhur lóchráinn ar lasadh:

36 Agus sibh féin comhchosmhuil r dáoinibh ag shireach ré na Dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh, ionnas ar dteachd & ar mbuâladh an do∣ruis dó, go noisgeolaidís gan fhuireach.

37 Is beannaighe na serbhf hoghantai∣dhe úd, do gheibh an Tighearna ag déa∣namh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, Go gceangalfuigh sé é féin timchioll & go gcuirfidh se iádsan na suidhe, & ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.

38 Agus má thig sé sa dara faire, & má thig sé sa treas faire, & go bhfuighe sé mar sin [iád,] is beannaighe na sear∣bhfoghantuighe sin.

39 Achd bíodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe, cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuileón∣gadh sé a thigh féin do thollodh thríd.

40 Agus ar a nadhbharsin bithísi ul∣lamh: oír is ar a núair nach saoilti, thioc∣fus mac an duine.

41 Agus a dubhairt Peadar ris; A Thighearna, an linne a deir tú an cho∣famhlachd só, nó fós ré cách uile?

42 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas an Tighearna ós cionn a mhuin∣tire féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr cruithneachd dhóibh na am féin?

43 Is bheannaighe an searbhfhoghan∣tuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan thiocfus sê, dhá dhéanamh mar sin.

44 Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuil aige é.

45 Achd má deir an searbhfhoghan∣tuighe úd ann a chroidhe féin, Cuirfidh mo Thighearna a theachd a ríghneas: & go dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buá∣chaillidh & na cailinidh, & bheith ag ithe agus ag ól, agus ar meisge:

46 Tiocfa Tghearna an tsearbhfho∣ghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, & ann sa núair nach bhfuil a fhios aige: & dealòchaidh sê [uaidh] é, & do bhéa∣ra sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.

47 Achd an searbhfhoghantuidhe sìd agá raibh fios tola a Thighearna féin, & nár ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air.

48 Achd an tí ûd ag nách raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfithear beagán air: oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidh∣thear mórán air, agus gidh bé dár tugadh mórán a dtaisge, iárrfuidhthear ni sa mhó air.

49 Taínic misi do chur teineadh air a talamh, & créd eile diárrfuinn mâ atá sí ar na lasadh cheana?

50 Achd is éigin damhsa mo bhai deadh lé baisdeagh, agus créd a mhéd chuibhrighthear mé, no go gcrióchnuigh∣theár é?

Page [unnumbered]

51 An sáoiltí gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh thaínic misi? a deirim ribh nach eadh, achd ceannairce.

52 Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír.

53 Biáidh an tathair a naghuidh an mhic, & an mac a naghuidh a nathar: an mhathair a naghuidh na hinghine, & a ninghean a naghuidh na mathar: & mathair an fhir phósda a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a nagh∣uidh mhathar a fir.

54 Agus a dubhairt sé mar an gcéad∣na ris an bpubal: An tan do chíthí néull ag éirghe ón táoibh a nsiár, a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd: & is amhluidh bhíos.

55 Agus an tráth [do chithí] an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí, Bí∣aidh teasmhach ann: & bí sé mar sin.

56 A luchd an fhuárchrábhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus tal∣mhan do bhreathnughadh: achd cionnas nach breathnuighthí a naimsirse?

57 Agus créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann?

58 Agus fós an tan téid thú réd easg∣caruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slíghe, air thú féin do reí∣teach úadh: deagla go dtarrongadh sé chum an bhreithimh thú, agus go dtio∣bhradh an breitheamh don tsirriam thú, agus go dteilgfeadh an sirríam thù, a bpriosún.

59 A deirim riot nách dtiocfa tú a mach as sin, no go nióca tú an fheóir∣linn deigheanach.

CAIB. XIII. Sompla ag brosdughadh go Aithreachus: 24 & gur deacrach sáoradh an anam re fha∣ghail.

AGus fá namsin féin tangadar dáoine áirighe chuige ag innisin sgéul dó thaobh mhuintir na Galilé, ag ar mheasg Pioláit a bhfuil thríd a niodhbartuibh.

2 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú; An sáoiltísi gur ab mó na peac∣thaigh na Galilèeanuighsi ná an chuid eíle do na Galiléeanachuibh, ar son gur fhuilngeadar a leithéide so?

3 A deirimsi ribh, nach mó: achd muna ndéantáoisi aithrighe, go sgríos∣fúidhthear sibh uile mar an gcéadna.

4 No an sáoiltí na hochd bhfir dhég úd, air ar thuit an tor a Siloam, agus ag ar mharbh sé iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áon nduine eile dá raibh na gcomhnuidhe a Niárúsalém:

5 A deirìm ribh nach ar mhó: achd muna ndéarntáoisi aithrighe, go sgrios∣fuidhthear sibh uile mar an gcéadna.

6 Agus a dubhairt sé an chosamhlachd∣sa: Do bhi crann fige ag duine áirighe curtha ann a shíneamhain: & táinic sé diárruidh toraidh air, agus ní fhuáir.

7 Agus a dubhairt sé ris an ngár∣rádoir; Féuch, ataím ré trí bliádhnuibh ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fígisi, agus ní faghaim: gearr é: créd fá gcungmhann sé an fearann go neamhtharbhach?

8 Agus ar bhfreagra dhósan a dùbh∣airt sé ris; A Thighearna, leíg dhó ar an mblìadhainsi mar an gcéadna, nó go romhraidh mé na thímcheall, agus go gcuire mé áoileach fáoi:

9 Agus má bheir sé toradh, [léigfidh tú dhó:] achd muna dtuga, géarrfuidh tú tar éisi sin é.

10 Agus do bhí sé ag teagasg a Si∣nagóig áirighe lá na sabbaide.

11 Agus feuch, do bhí bean a lathair, agá raibh spiorad éagcrúais lé hochd mbliadhna dég: agus do bhí fí crotach agus niór bhéidir lé í féin do dhíoru∣ghadh air éanchor.

12 Agus an tráth do chunnairc Iósa í do ghoir sé chuige í, agus a dubhairt sé ría; A bhean, ata tú sgáoilthi ód éagcruis.

13 Agus do chuir sé a lámha uirre: agus do rinneadh díreach ar ball í, & tug sí glóir do Dhía.

14 Agus ar bhfreagra duachdarán na Sínagóge, ar mbeith diomghach dhó fá Jósa do dhéanamh leighis ann sa tsábbaid, a dubhairt sé ris an bpubal: Atáid sé laéthe ann ar cóir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dhá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabbaide.

15 Uime sin do fhreagair an Tighear∣na dhó, agus a dubhairt sé; A fhir an fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a asal ón mhainnsér lá na sábbaide, & nach beireann sé chum uisge é?

16 Agus an bheansa atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Satan a nois le hóchd mbliadhna dég: a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachfa a lá na sábbaide?

17 Agus an tan a dubhairt sé na nei∣thesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhí gáirdeachas ar a tsluagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarnuidh seision.

18 Agus a dubhairt sé; Cía lér cos∣mhuil rioghachd Dé, agus cía ré samh∣lóchaidh mé í?

19 Is cosmhuil ré gráinne musdaird í, do ghabh duine chuige agus do chuir sé ann a ghárrdha: agus dfás sé, agus dó rinneadh crann mor dhe, agus do rinneadar éanlaith a naiéir neid ann a ghéaguibh.

20 Agus a dubhairt sé a rís, Cia ré samhlóchaidh mé rioghachd Dé?

21 Is cosmhuil í ré laibhín do ghabh bean, & dfoluigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.

22 Agus do chúaidh sé trí gach cathair agus ag gabháil na sligheadh go Hiérùsa∣lem.

Page [unnumbered]

23 Agus a dubhairt duine áirighe ris; A Thighearna, an beag do shlánuightheár? agus a dubhairt seision ríu:

24 Déanaidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa doras chumhann: oír a dei∣rim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a fdeach, agus nach búdh éidir leó:

25 O a nuáir fá néireóchaidh fear a tighe, agus fá a ndúnfa sê a dhoras, & thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich a∣gus an doras do bhualadh, ag rádh; A Thigherna, a Thighearna, osguil dúinne: agus ar bhfreagra dhósan a déara sé ribh, Ni bhfuil a fhios agam cía has dáoibh.

26 Ann sin toiseóchtháoisi a rádh; Do bhimis ag ithe agus ag ól ad fhia∣dhnuisi, agus do bhiothá ag teagasg ann ar fráidibh.

27 Agus a déaraidh sé; A deirim ribh, ní bhfuil a fhios agam cia has dáoibh: imdhigh úaim uile a luchd déanta na héagcóra.

28 An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, & Jácob, agus na fáidhe uile a bhflai∣theas Dé, agus sibh féin dá bhur dteil∣gean amach.

29 Agus tiocfuid [mórán] ó náird shoir, agus ó náird shiar, agus ó thúaidh & ó dheas: agus suidhfid sios a bhflaitheas Dé.

30 Agus féuch, ataíd dáoine ar dei∣readh bhiás a dtosach, agus ataíd a dtosach bhiás ar deireadh.

31 An lasin féin tangadar cuid airi∣ghe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris; Imthigh amach, agus fag a náitfi: óir is mián ré Híoruáith do mharbhadh.

32 Agus a dubhairt seision riú; Ar nimtheachd dáoibh, abruidh ris a tsion∣nachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu, & a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.

33 Achd cheana is éigin damh a niu, agus à márach, agus a noirrthíor a bheith ag siubhal: oír níhéidir fáigh bás dfagháil táobh amuich do Járu∣salém.

34 O a Jàrusalém, Iarusalém mhar∣bhas na fáighe, agus ghabhas do chlo∣chaibh ar na dáoinibh churthar chu∣gad, gá mhioncachd bá mían leam do chlann do chruinniughadh, mar chruin∣nigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh, agus níor bháill libh?

35 Féuch fágthar bhur dtigh na fhá∣sach aguibh. Agus a deirimsi ribh go fí∣rinneach, nach bhfaicfí misi no go dtí a núair a naibeórtháoi, Is beannaighe an té thig a nainm an Tighearna.

CAIB XIV. Leighiosadh an jorapuis; 7 caint bhrioghmhar Chríosd rê am cuireadh. 26 & rabhadh ar bheith aireach trá, cred chosdus a sheir∣bhis dùine.

AGus tarla ar dteachd dhó go tigh dhuine áirighe dúachdaránuibh na Bhpairisíneach a lá na sábbóide do chai∣theamh bídh, go rabhadar a coimhéd air.

2 Agus féuch, do bhí duine áirighe a nioropuis ná fhiádhnuisi.

3 Achd ar bhfreagra Díosa do labhair sé ris an luchd dlighe & ris na Phairisí∣neachaibh, ag rádh; An ceaduigheach leigheas do dhéanamh lá na sabbaide?

4 Achd do thochdadarsan. Agus ar mbreith ar a nóglach dhósan do leighis sé é, agus do leig sé úadh é.

5 Agus ag freagra dhóibhsean a dubh∣airt sé; Ciá aguibhsi agá dtuitfeadh a asal nó a bhó a ndíg, nach dtoigea∣bhadh a níos é a lá na sábbaíde?

6 Agus níor bheídir leó freagra do thabhairt air, ann sna neithibhsi.

7 Agus do labhair sé cosamhlachd ris an muintir thuínic ar cuireadh, ar na thabhairt dá aire mar do bhádar ag to∣gha an chedionuid shuighe, ag rádh riú:

8 An tan do gheabha tú cuireadh ó neach ar bith chum bainnsi, ná suidh ann sa chéadaít: ar eagla go bhfúair duine as onóruighe ná thusa cuireadh úadh mar an gcéadna:

9 Agus go dtiocfadh an tí do ghoir thusa agus eision, agus go naibeòradh sé riot, Tabhair ionad dó so: & ann sin do thoiseóchthá maille le náire suidhe ann sa nionad is ísle.

10 Achd an tan ghoirfidhthear thú, imthigh, & suidh ann sa nionad is ísle, ionnus an tan thiocfas an tí thug cui∣readh dhuit, go naibeóradh sé riot; A chara, suidh ní is áirde suás ná sin. Ann sin do gheabha tú onóir-a bhfiadhnuisi a mbiá na suidhe ar an mbord.

11 Oír gidh bé árduigheas é féin, ísleóchthar é: agus gidh bé ísligheas é féin, áirdeóchthar é.

12 Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó; An tráth do dhéanas tú dínnér, nó suipér, ná goir do cháirde nâ do dhearbhraithre, ná do dháoine gâoil, ná do chomharsanna saidhbhre: ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cui∣readh dhuitse, agus go bhfuightheá an chomáoin chéadna.

13 Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill:

14 Agus biáidh tú beannuighe: do bhrígh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin chéadna do thabhairt dhuit, óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit á neiséirghe na bhfíréun.

15 Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh ar áonbhord ris, na nei∣thesi, a dubhairt sé ris; Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé.

16 Achd a dubhairt seision ris; Do rinne duine áirighe suipér mhór, agus do ghoir sé mórán:

17 Agus do chuir sé a shearbhfho∣ghantaidh a nam suipéir dá rádh ris an

Page [unnumbered]

muintir fuáir cúireadh; Tigidh uáibh, óir atáid na huile neithe a nois ullamh.

18 Agus do thionnsgnadar uile dáon∣ghuth a leithsgéul do ghabháil. A dubh∣airt an céadduine ris, Do cheannaigh mé fearann, agus is éigin damh dhul amach, agus a fhéachain: íarruim ort, gabh mo leithsgéul.

19 Agus a dubhairt fear eile, Do chéann∣uigh mé cúig cuingealuigh do dhamhuibh, agus atáim ag dul dá ndearbhadh: íar∣ruim ort gabh mo leithsgéul.

20 Agus a dubhairt fear eile, Do phós mé bean, ar a nadhbharsin ní fhéaduim teachd.

21 Agus ar dteachd don tsearbhfho∣ghantuidhe, dinnis sé na neithesi dhá Thi∣ghearna. Ann sin ar ngabháil feirge dfear an tighe, a dubhairt sé ré na óg∣lach; Imthigh go tapuidh fá shráidibh & fá chúileannibh na caithreach, & tabhair leachd a sdeach annso na boichd, agus na daóine ciorthuimeacha, agus na ba∣caigh, agus na doill:

22 Agus a dubhairt an searbhfhoghan∣tuidhe; a Thighearna, do rinneadh mar a dubhairt tú: gidheadh atá áit ann fós.

23 Agus a duhhairt an Tighearna ris a nóglach; Imthigh fá na slìghthibh & fá na fáltuibh, agus coimhéignidh íad do theachd a fdeach, do chum go líon∣fuidhe mo thigh.

24 Oír a deirim ribh, Nach blaisfidh áon nduine do na fearuibh úd, fuáir cuireadh, dom shuipéarsa.

25 Agus do bhí slúagh mór na chui∣deachda, agus ar bhfilleadh dhó a dubh∣airt sé ríu:

26 Gidh bhé thig chugamsa, agus nach bhfúathuigheann sé a athair, agus a mha∣thair, agus a bhean, agus a chlann, agus fa dhearbhraithreacha, agus fós a anam ain, ní héidir leis bhéith na dheisciobal égamsa.

27 Agus gidh bé nach iomchrann a chros féin, & nach leanann mise, ní héi∣dir leis bheith ná dheisciobal agamsa.

28 Oír cía agaibhsi duine lé madh mían tor do dhéanamh, nach suidh∣feadh ar tús do theilgean cuntais an chosdúis, an mbíadh acfuinn aige chum críche do chur air?

29 Ar eagla, déis na funndameinte do chur dhò, & gan cumas aige críoch do chur air, go dtoiséochadh gach áon duine dhá bhfaicfeadh é, fonomhad do dhéanamh faói,

30 Ag rádh; Do thionnsgain an fear∣sa obair do chur ar siobhal, agus níor fhéd sé críoch do chur uirrthe.

31 Nó cia an Rí rachadh do dhéanamh coguidh a naghaidh Rígh eile, nach suidh∣feadh ar tús do dhéanamh comhairle, Nar bhéidír leis lé deich míle, teagmháil don té thig na aghaidh lé fichthe míle?

32 Nó, ar mbeith dhósan fós a bhfad ùadh, cuiridh sé teachdaireachd chuige, agus iarruidh sé siothháin.

33 Mar an gcéadna gach uile dhuine agaibhsi nach díultann dhá bhfuil aige, ní héidir dhó bheith na dheiscíobal agamsa.

34 Is maith an salann, achd má bhi∣ónn an salann gan bhlas, créd lé gcuir∣fidh blas air?

35 Ní bhfuil féidhm air chum na tal∣mhon, ná chum a naóiligh: teilgid daóine amach é: gidh bé agá bfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

CAIB. XV. Cosamhlachta, um an cháora chuaidh a mugha: 8 um an bhoinn airgid: 11 & an m•••• an-caithteach.

AGus tangadar na Puibliocáin uile, agus na peacthaigh chuige, déis∣deachd ris:

2 Agus do rinneadar na Phairisínigh agus na sgríobuidhe munmhar, ag rádh; Gabhuidh an fearso peacthaigh chuige, agus ithidh sé bíadh na bhfochair.

3 Achd do labhair seision an chosamh∣lachdsa ríu, ag rádh;

4 Cía agaibhsi duine, agá bhfuil céad cáora, agus do léigfeadh áon díobh a mugha, nach bhfágann na naói gcaóiridh déug agus ceithre fichid ar an bhfásach, agus nach dtéid a ndiáigh na cáorach úd do chuaidh a mugha, nó go bhfa∣ghann sè í?

5 Agus ar na fagháil dó, cuiridh fé go luathgháireach í ar a ghuáil∣libh:

6 Agus ar dteachd dá thigh dhó, goiridh sé a cháirde agus a chomhar∣sain a gceann a chéile, ag rádh ríu; Déanuidh luathgháire leamsa: óir fuair mé mo cháora do chuáidh a mugha.

7 A deirim ribh, gur ab mar sin bhías forbhfáilte ar neamh ar son éin pheacthach do ní aithrighe, ní is mó ná ar son naói bhfíréin dég & cheithre fi∣chid ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.

8 Nó cía an bhean agá mbíadh deich mboinn, agus do léigfeadh sí áon bhonn díobh a mugha, nach lasfadh solus agus nach sguaibéochadh an tigh, agus nach íarrfadh go dithcheallach, nò go bhfaghadh sí é?

9 Agus air na fhagháil, goiridh sí a bancháirde agus a banchomharsain a gceann a chéile, ag rádh; Déanuidh gáir∣deachas léamsa: óir fuair mé mo bhonn do léig mé a mugha.

10 Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.

11 Agus a dubhairt sé fós, Do bhá∣dar días mac ag duine áirighe.

12 Agus a dubhairt an tí dob óige aca ré na athair: Athair, tabhair dhamh an chuid roitheas mìsi dod mhaóin. Agus do roinn seision a mhaóin eatorra.

13 Agus tar éis bheagáin aimsire, ag gcruinniughadh a choda uile don mhac dob óige, do chuaidh sé air coigrígh a dtalamh imchían: agus do dhiombail sé ann sin a mhaóin lé na bheathaidh bháoth-chaithfigh.

Page [unnumbered]

14 Agus tar éis a choda uile do chaitheamh dhó, déirigh gorta rómhór ann sa tír sin: agus do thosaigh seision ar bheith a ríachdanus.

15 Agus do imthigh sé roimhe, agus do cheangal sé do cháthruightheóir don tir sin: noch do chuir fá na dhúithche a mach é do bhúachuilleachd mhuc.

16 Agus bá mían leis a bholg do líonadh do na féithléoguibh do ithdís na muca: agus ní thugadh éunduine dhó [íad.]

17 Agus an tan do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé; Gá mhéd do luchd túarasdail matharsa agá bhfuíl iomar∣caidh aráin, agus misi ag dul a mugha lé gorta.

18 Eiréochaidh mé, agus rachaidh mé dionnsuighe mathar, agus déaruidh mé ris; A athair, do pheacaigh mé a na∣ghaidh neimhe agus ad fhíadhnuisisi:

19 Agus ní fíu mé feasda do mhac∣fa do ghairm dhióm: déana mé mar áon dod luchd túarasduil.

20 Agus déirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athar, agus ar mbeith fós a gcían ùadh dhó, do chonnairc a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhò é, agus ag rith dhó, chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.

21 Agus a dubhairt an mac ris; A athair, do pheacaigh mé a naghuidh nei∣mhe & ad fhiadhnuisisi, & ní fiú mé feasda do mhacsa do ghairm dhíom.

22 Achd a dubhairt an tathair ré na shearbhf hoghantaibh, Tabhruidh an chu∣luidhsin is fearr libh, agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne air a láimh, agus brô∣ga air a chosaibh:

23 Agus tuguidh libh agus marbhuidh an láogh bíata: agus caitheam bìadh agus bíom go fúgach.

24 Oír fuáir mo mhac ann so bás, & do aithbhéodhuigh sé: & do chuáidh sé a mugha, & fríth é. Ar a nadhbharsin do thionnsgnadar bheith go súgach.

25 Achd do bhí an mac búdh seine aige air an machair amuich: agus ar dteachd a ngar don tigh dhó, chúaluidh sé an céol agus na damhsaidhe.

26 Agus ar ngairm aóin do na searbh∣fhoghantuibh chuige dhó, dfiáfruidh sé dhe Créd íad na neithesi?

27 Agus a dubhairt seision ris, Do dhearbhráthairsi tháinic: agus do mharbh hathair an láogh bíadhta: ar son go bhfuáir sé slán a rís é.

28 Agus do ghabh fearg eision, a∣gus nior bháill leis dul a sdeach: uime∣fin tháinic a athair amach, agus do ghoir sé chuige é.

29 Achd ar bhfreagra dhósan a dubh∣airt sé ris an athair: Féuch, a táimsi ag déanamh seirbhísi dhuit a noireadso do bhlíadhnuibh, agus níor sháruigh mé hai∣thne a ríamh, gidheadh ní thug tú fíu an mheannáin dhamh ariamh, ionnus go mbéinn go fúgach rém cháirdibh:

30 Achd an tan tháinic an macsa agad do shluig do mhaóin a bhfochair mheirdreach, do mharbh tú an láogh bíata dho.

31 Achd a dubhairt seision ris: A mhic, ata tusa do ghnáth am fhochair, agus na huile neithe is leamsa, is leachd∣sa íad.

32 Achd do budh cóir dhùinn suga∣chas & forbháilteachas do dhéanamh, tré go raibh an dearbhrathairsi agadsa tar éis bháis, agus gur aithbhéodhuigh sé: agus go ndeachaidh sé a mugha, agus gur frith a rís é.

CAIB. XVI. Inntleacht an fheadhmannaigh éugcorach, 19 & dioghla an tsaidhbhir, dhoithchiollach, bholgach.

AGus a dubhairt sé fós ré na dheis∣ciobluibh: Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard: a∣gus do rinneadh casaóid ris air, gur dhiombail sé a mhaóin.

2 Agus ar na ghairm chuige dhó, a dubhairt sé ris: Créd é so do chluinim ort? tabhair cunntas do sdíobhardachda uáit, oír ní héidir dhuit bheith ad sdío∣bhard ní as faide.

3 Agus a dubhairt an sdíobhard ris féin; Créd do dhéana mé, oìr atá mo Thi∣ghearna ag buáin na sdíobhardachda dhi∣óm? ní héidir leam roghmhar do dhéa∣namh, & is nár leam déirc íarruidh.

4 Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnus an tan cuirfighthear as an sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chuca mê dà dtighthibh féin.

5 Agus ar ngairm gach aóin fá leith dar dhligh a Thighearna fíacha, a du∣bhairt sé ris an céd fhear: Gá mhéd a dhligheas mo Thighearna dhíot?

6 Agus a dubhairt feision, Céd miosúr ola: agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus suidh go lúath, agus sgrìobh, a deich & dá fhithchead.

7 Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlighthear dhiotsa? agus a dubhairt seision, Céd miosúr cruithneachda: agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgríobh, ceithre fithchid.

8 Agus do mhol an Tighearna sdío∣bhard na héugcóra, do bhrígh go ndear∣nuidh sé ní glic: Oír is glìoca clann an tsáoghailsi, ná clann an tsolais iona gci∣nél féin.

9 Agus a deirimsi ribh, Déanuidh cáir∣de dhíbh féin lé saidhbhreas na héag∣córa: ionnus an tráth bhías uireasbhuidh oruibh, go nglacfuid sibh ann a lóisdí∣nibh síorruidhe.

10 An tí atá ionnraic sa ní is lúgha, atá sé ionnruic a mórán: & gidh bhé atá éagcórach sa ní is lugha, atá sé éagcórach a mórán mar an gcéadna.

11 Ar a nadhbharsin muna rabhabhair∣se firinneach ann sa tsaidhbhreas bhréa∣gach, cía tháobhthas an saidhbhreas fí∣rinnoach ribh?

Page [unnumbered]

12 Agus muna fríoth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhéaradh dhaóibh an ní is libh féin?

13 Ni héidir le fearbhfhoghantuidhe ar bith seirbhís do dhéanamh do dhá Thighearna: óir biáidh fúath aige do neach aca, & grádh don dara fear: nó ceangalfuigh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear: ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do Dhía agus do Mhammon.

14 Agus do chúaladar fós na Phairi∣sínigh sanntacha na neithesi uile; agus do rinniodar fonomhad faóision.

15 Agus a dubhairt seision ríu: Is sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine: achd is aithnid do Dia bhur gcroidhthe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaòine, atá sé gráineamhuil a bhfíadhnuisi Dé.

16 [Do bhí] an reachd agus na faighe ann go teachd Eòin: ó shin a leith, atá rioghachd Dé dhá shoisgéulughadh, agus atá gach uile dhuine ag déanamh foir∣éigin air.

17 Achd as usa neamh agus talamh do dhul thort, ná áonphunc dhon dligheadh do thuitim.

18 Gidh bé neach léigeas a bhean, agus phósus bean eile, do ní sé adhal∣trannas: agus gidh bé bheir an bheansin do leigeadh, do ní sé adhal∣trannas.

19 Achd do bhí dhuine saidhbhir áirighe ann, & is é bá héadach dhò purpuir & sioda, agus do théigheadh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói.

20 Agus do bhí duine bochd áirighe ann, dar bhainm Lasarus, do bhí na luidhe agá gheatasan, lán do chréachduibh:

21 Agus ler mhían é féin do shá∣sadh leis an sbrúileach do thuiteadh do bhord an duine shaidhbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do lighei∣dis a chréuchda.

22 Agus tárla go bhfuáir an duine bochd bás, agus gur iomchradar na hain∣gil go huchd Abrahám é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é.

23 Agus ar mbeith dhó a nifearn a bpíanuibh, do thóg sé a shúile súas, & do chunnairc sé Abraham a bhfad úadh, agus Lásarus ann a uchd.

24 Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé; A athair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh bárr a mheóir a nuisge, agus dfúaradh mo Theangtha: óir atáim dom roiphíanadh an sa lasairsi.

25 Achd a dubhairt Abraham: A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe lé linn do bheith béo, agus Lá∣sarus mar an gceadna droich neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá shagháil, & atá tusa dod phíanadh.

26 Agus do bhárr orrtha so uile, atá fodhomhain mhór ar na cur eadruinne, agus sibhsi, ionnas nach éidir leis na daóinibh lé budh mían é, dul as so chugaibhsi, na teachd as sin chuguinne.

27 Agus a dubhairt seision; Maseadh íarruim ort a athair, eision do chr go tigh matharsa.

28 Oír atáid cûigear dearbhrathar agam, do thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh síadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na pèine.

29 A deir Abraham ris; Atáid Maóisi agus na faighe aca: éisdeadh fíad ríusan.

30 Achd a dubhairt seision, Ní hamh∣luidh atá, a athair Abraham: achd dá ndeacha duine ó na marbhuibh chuca, do dhéaindís aithrighe.

31 Agus a dubhairt Abraham ris; muna néisdidh síad ré Maóisi agus ris na fáighibh, dá néirgheadh duine ó mharbhuibh féin, ní chredidís dó.

CAIB. XVII. Nach bfuil Dìa na fhéicheamh ag aon duine, 22 & go tiocfaidh Criosd a nam nach saóilthear.

Agus a dubhairt sé ris na deisciob∣luibh, Ní héidir nach dtiocfuid sgannalacha: achd is trúagh don tí tré a dtigid síad.

2 Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, & a theilgean an sa bhfairge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.

3 Tabhruidh bhur naire dhíbh féin. Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é: agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.

4 Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh; Atá aithreachas oram: tabhair maithea∣mhnus dó.

5 Agús a dubhradar na heasbuil ris: A Thighearna, méuduigh ar gcrei∣deamh.

6 Agus a dubhairt an Tighearna; Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann Sicaminso, Eirigh as do fhréa∣mhach, & curthar an sa bhfairge thú; & do umhlochadh sé dhaóibh.

7 Agus cía aguibh agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh, no a coimhéd tréada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfea∣rann; Imthigh agus suidh sios ar an mbord?

8 Achd a né nach aibéora sé ris, Ull∣mhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, & cuir do chrios thort, & fritheóil damhsa no go nithe mé & go nibhe mé: agus tar eisi sin, ithsi, agus ibh?

9 An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd, do bhrígh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ni shaóilim [go mbía.]

10 Agus is mar sin daoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniu∣ghadh

Page [unnumbered]

dhíbh, abruidh; Is searbhfho∣ghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ní do bhi dfíachaibh truinn do dhéanamh.

11 Agus tárla ag dul súas dó go Hierú∣salém, gur ghabh sé trí lár na Samária agus na Galilé.

12 Agus an tráth do chuáidh sé a deach go baile áirighe, tárladar deith∣neabhar lóbhar air, do sheas a bhfad úadh.

13 Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh; A Jòsa a mhaighisdir, déana tró∣caire oruinn.

14 Agus an tan do chunnairc sé [íad,] a dubhairt sé ríu; Imthighidh, foillsi∣ghidh sibh féin do na sagartuibh: a∣gus tárla ag imtheachd dóibhsion gur glanadh íad.

15 Achd fear aca mar do chunnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé ar ais, ag moladh Dé do ghuth mhór.

16 Agus do thuit sé ar a aghuidh aga chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.

17 Agus ar bhfreagra Diósa a du∣bhairt sé; A né nach bhfuilid deithnea∣bhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?

18 Níor fríth ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigh∣eachso.

19 Agus a dubhairt sé ris; Eirigh, imthigh romhad; do shlánuigh do chreideamh thú.

20 Agus an tan dfiáfruigh na Phairi∣sinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh rio∣ghachd Dé: do fhreagair sé iàd, agus a a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé, ré coimhéd [do bheith uirrthe;]

21 Agus ní abeóruid siád, Féuch ann so, nó, féuch ann súd: oír féuch, atá rioghachd Dé aguibh an bhur measg.

22 Agus a dubhairt sé ré na dheis∣ciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia íanghus oruibh áon do laéthibh mhic an duine dfaicsin: agus ní fhaicfithí.

23 Agus a déarúid siád ribh; Féuch ann so, nó, féuch ann súd: [achd] ná himdhigh, agus na leanuidh [iád.]

24 Oír amhuil agus mar dheallrui∣gheas an tinnteach shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh: is mar sin bhiás mac an duine mar an gcéudna ann a lá féin.

25 Achd is éigin dó ar tùs mórán dfulang, agus a dhiultadh ón cineadhsa.

26 Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin fós bhiàs a laéthibh mhic an duine.

27 Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum pósda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do Nàirc; agus táinic an díle, agus do sgris sí iád uile.

28 Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot: do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plan∣tughadh, ag tógbháil tighthe:

29 Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom, do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do fgrios sé íad uile:

30 Is da réir so bhias an lá an a bhfoillseochthar mac an duine.

31 Ann sa lá sin an té bhiás ar a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.

32 Cuimhnighe ar mhnáoi Lot.

33 Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shábháil, caillfidh sé é: agus gidh bhè chaillfeas é, beódhfuidh sé é.

34 A deirim ribh, béid diás a náoin∣leabaigh ann sa noidhche úd: géubhthar lé háon aca, agus fúigfighthear an féar eile.

35 Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd: géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bean.

36 Beid diás fear ar an machaire: géubhthar lé háon aca, & fuigfighthear an fear eile.

37 Agus ar bhfreagra dhóibhsion a deirid ris: Gá haít a Thighearna? agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a [mbîa] an corp, is ann sin fós chruin∣neochthar na hiolair.

CAIB. XVIII. Fuair an bhaintreabhach a gnodhuighe le iarratas dhùthrachtach, 9 & an Puibliocanach le urnuigh uirisiol.

AGus a dubhairt sé fós cosamh∣lachd riú, gur ab éigin urnuigh∣the dhéanamh do ghnáth, agus gan a bheith leisgeamhuil.

2 Ag rádh; Do bhí breitheamh áirighe a gcathraigh áirighe, air nach raibh eagla Dé, agus ag nach raibh onoír do dhuine:

3 Agus do bhí baintreabhach áirighe ann sa chathruighsin noch tháinic chuige, ag rádh: Cóirigh mé air measgcaruid.

4 Agus niór bháill leision ar feadh tamuill: achd tar éis sin a dubhairt sé ris féin; Ge nach bhfuil eagla Dé oram, agus nach bhfuil onoír agam do dhuine;

5 Gidheadh do bhrígh go mbuaidh∣reann an bhaintreabhachsa mé, dioghóla mé í, do chum nach dtiocfadh sí fa dheireadh dom bhuáidhreadh.

6 Agus a dubhairt an Tighearna, Eisdidh créd a deir breitheamh na héagcóra.

7 A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dhaoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall.

8 A deirim ribh, go ndéana sé dioghal∣tas ar a son go luáth. Achd cheana an tan thiocfas mac an duine, an bfuighe sé creideamh ar an dtalamh?

9 Agus fòs ré dreim do sháoil iád

Page [unnumbered]

féin bheith na bhfiréain agus do thar∣caisnigh cách eile, a dubhairt sé an chos∣amhlachdsa:

10 Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe, áon aca na Fhpairisíneach, agus araile na phuibliocánach:

11 Ar seasamh don Fhphairisìneach, do bhí sé guidhe mar so leis fèin: A Dhiá, beirim buidheachas riot nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, na luchd fuaduigh, éugcórach, adhaltrannach: nó fós mar an bpuibliocánachsa.

12 Troisgim fá dhó ann sa tseachd∣mhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.

13 Agus ar seasamh don phuibliocán a bhfad úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogbháil suás chum neimhe: achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh; A Dhia, déana trócaire oramsa an peacthach.

14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a nuas dá thigh féin na fhiréanach [ní is mó] na an fear úd: òir gidh bé árduigheas é féin, ísleochthar é: agus gidh bé ísligheas é féin, áirdeoch∣thar é.

15 Agus fós tugadar chuige náoidh∣canáin, ionnus go mbeanfadh sé riú: agus an tan do chuncadar na dei∣sciobuil so, do imdheargadar íad.

16 Ahcd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé; Fuilngidh na leinbh do theuchd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na lei∣theid so rioghachd Dé.

17 A deirim ribh go firinneach, gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán, nach racha sé go bráth a sdeach innte.

18 Agus dfiafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh; A mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach?

19 Agus a dubhairt Jósa ris; Créd fá ngoireann tú máith dhiomsa? Ní bhfuil éinneach maith achd Día amháin.

20 Atá éolas na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dun∣mharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige: Onóiruigh hathair agus do mhathair.

21 Agus a dubhairt seision, Do choi∣mhéid mé na neithesi uile óm óige.

22 Agus ar na cclos so Dîosa, a dubhairt sé ris: Atá élnní fós dui∣reasbhuidh ort, reac a bhfuil agad, & roinn ar na bochduibh, & bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi.

23 Agus ar na gcloinnsin so dhó∣san, do ghlac tuirse mhór é, óir do bhí sé roshaidhbhir.

24 Agus an tan do chunnairc Jósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt lé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh suidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé?

25 Oír is usa camhail do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhi dul a sdeach a rioghachd Dé.

26 Agus a dubhrádar an dream do chúa luidh [so,] Má seadh cía as éidir do shlánughadh?

27 Achd a dubhairt seision, Na neithe atá doidhéanta ag na dáoinibh, atáid soidhéanta ag Dia.

28 Agus a dubhairt Peadar; Féuch, do fhagamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.

29 Agus a dubhairt seision riú; A deirimsi ribh go firinneach, nach bhfuil éínneach do fhág a thigh, ná a athair, ná a mhathair, ná a dhearbhraith∣reacha, ná a bhean phósda, ná a chlann an son rioghachda Dê.

30 Nach glacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, & an bheatha mhar∣thanach an sa tsáoghal atá ag teachd.

31 Agus ar mbreith an dá fhear déag leis Diósa, a dubhaírt sé riú; Féuch, téaghmáoid súas go Hiárusalém, agus críochnóchthar a dtimcheall mhic an duine na huile neithe atá sgriobhtha ag na fáighibh.

32 Oír do bhéarthar do na cinea∣dhachaibh é, agus do dhéuntar fono∣mhad fáoi, agus maisleóchthar é, agus géubhthar do shelighibh air.

33 Agus ar na sgiùrsadh dhóibh, muirfid é: achd éireóchaidh sé a rís, an treas lá.

34 Agus niór thuigeadarsan êin ní dhíobh so: agus do bhádar na briáth∣rasa foluighthe uátha, agus níor aith∣nigheadar na neithe a dubhradh ann.

35 Agus tárla an tan do dhruid sé ré Ierico, gur shuidh dall áirighe chois na sligheadh ag iarruidh déirce.

36 Agus an tan do chùaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis, dfiafruidh sé créd é so.

37 Agus dinniseadar dhó gur ab é Jósa Nasardha do bhí gabháil thairis.

38 Agus do éigh seision ag rádh, A Jósa, a mhic Dáibhi déuna trócaire oram.

39 Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é ionnus go mbíadh sé na thochd: achd is móide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhí déana trócaire oram.

40 Agus ar seasamh Díosa, do aithin sé a thabhairt chuige: agus an tan do dhruid sé ris, dfíafruidh sé dhe,

41 Ag rádh; Créd is mián leachd misi do dhéana dhuit? agus a du∣bhairt seision; A Thighearna, mo ra∣dharc aiseag dhamh.

42 Agus a dubhairt Iósa ris; Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thù.

43 Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnairc an pobal uile [so,] tugadar moladh do Dhía.

Page [unnumbered]

CAIB. XIX. Díthchioll Sachèus ar Críosd fhaicsin, 45 & Crìosd ag iomáin luchd an mhio-mhodh as an Teampuill.

AGus ar ndol a sdeach go Jérico Díosa, do ghabh sé thríthe:

2 Agus féuch do bhí duine áirighe ann dhár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir.

3 Agus do bhí fonn air fhaicsin cía hé Jósa: agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sé ísiol do phear∣sainn:

4 Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann Sicamór, ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhí fáoi an tshlighesin do gnabháil.

5 Agus an tan tháinic Jósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, do chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris; A Shachéus tuirrling go deifreach, òir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.

6 Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.

7 Agus an tan do cunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh; Go ndeachaigh sé a sdeach air áoi∣dheachd dionnsuighe peacthaich.

8 Agus ag seasamh do Shachéus a dubhairt sé ris a Tíghearna: Féuch, a Thi∣ghearna, do bheirim leath mo mháoine∣do na bochdaibh: agus má mheall mé duine air bith a néinnî, do bheirim dhó a cheithre oirid.

9 Agus a dubhairt Jósa ris; A niugh thárlá sláinte don tighsi, do bhrígh go bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.

10 Oír tháinic mac an duine diár∣ruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.

11 Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis, agus a dubhairt sé cosamhlachd tré go ráibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.

12 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé: Do chúaidh duine uasal áirighe a ré∣gión imchían, do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.

13 Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfoghantuighe dhò, tug sé deich bpíosa [airgid] dhóibh, & a dubhairt sé riú: Déunuidh gnothuigh nó go dtí mé.

14 Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh; Ní háil linn é so do ríoghadh oruinn.

15 Agus tárla an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur aithin sé na searbhfoghantaighe úd dá dtug sé an tairgead, do ghairm chui∣ge: ionnus go mbíadh a fhiós aige créud do ghnodhuígh gach áon aca.

16 Agus táinic án céadduine, ag rádh; A Thighearna, do ghnodhuigh do phíosa, deich bpiosa.

17 Agus a dubhairt seision ris, Is maith [sin] a shearbhfhoghantuíghe mhaith óir do bhí tú fírinneach ar bheagán, bíodh cumhachda agad ar dheich gcai∣threachaibh.

18 Agus táinic an dara fear, ag radh: A Thighearna, do rinne do phíosa cúig píosa.

19 Agus a dubhairtsion ris an tesi; Bísi mar an geéadna ós cionn chúig gcaithreach.

20 Agus táinic fear eile chuige, ag rádh: A Thighearna, féuch do phiósa do bhí agamsa a ttaisgidh an a naipcín:

21 Oír do bhí heaglasa oram, tré gur duine forghruáma thú: tógbhuidh tú súas an ní nár chuir tú siós, agus beanuidh tú an Ní nar shiólchuir tú.

22 A dubhairtsion ris an tansin, As do bhéul féin do bheirim breith ort, a dhroichshearbhfoghantaigh: do bhí a fhios agad gur dhuine forrghrúama misi, thogbhus súas an ní nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ní nach ar shíolchuir mé?

23 Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbanc, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é malle lé biseach?

24 Agus a dubhairt sé ris an muin∣tir do bhí na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é.

25 (Agus a dubhradarsan ris; A Thighearna, atáid deich bpiósa aige.)

26 Oír a deirim ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil, do bhéarthar: agus an té ag nach bhfuil Ní aige, beanfuighear dhe fós an Ní atá aige.

27 Agus fos tabhruidh libh an fo na naimhde úd agamsa le nar bháill misi do ríoghadh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi [íad.]

28 Agus ar na rádh so, do chùaidh sé rompa ag dul súas go Hiarusa∣léim.

29 Agus tárla an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh dá ngoirthear slíabh na∣noluidhe, gur chuir sé días da dheis∣ciobluibh úadh,

30 Ag rádh; Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair: ar ndul a sdeach ann dáoibh, do gheabhtháoi sear∣rach ceangailte, ar nar shuidh aon nduine riamh: sgáoilidh, & tabhruidh libh é

31 Agus dá bhfifruidhe éin neach∣dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil feidhm ag an Tighearna air.

32 Agus ar nimtheachd do na teachdairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé ríu.

33 Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnui∣dhe riu; Créd fá sgáoiltí an searrach?

34 Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhm ag an Tighearna air,

Page [unnumbered]

35 Agus rugadar léo é chum Jósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséar∣rach, do chuireadar Jósa air.

36 Agus ag imtheachd dósan do leathnuigheadar a néaduighe ar a tslighe.

37 Agus an tan do dhruid sé ré casaigh shléibhe na noluidheadh, do thionnsgain an chuideachda dheisciobal uile go lúathgháireach, Día do mho∣ladh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur,

38 Ag rádh, Is beannaíghe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, & glóir an sna hárduibh.

39 Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe don tslúagh: A maighisdír, ta∣bhuir achmhasán dod dheiscioblaibh.

40 Agus ar bhfreagra dhósan a du∣bhairt sé riú: A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.

41 Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil sé air a son,

42 Ag rádh, O dá naitheantá ann sa lá sa agad féin fós, na neithe bheanas réd shíothcháin: achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.

43 Oír tiocfuid láethe ort ann a dteilgfid do naimhde díog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh:

44 Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh: agus ní fhúigfid cloch ar muin cloiche ionnad: tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.

45 Agus ar ndol a sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic agus ag cean∣nach ann, do chur amach.

46 Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha; Mo thighse, is tigh urnuighe é: achd cheana do rinnebhairsi tuinighthe bhiothamh∣nach dhe.

47 Agus do bhíodh sé teagasg gach la ann sa teampall. Agus díarradar uachdaráin na sagart agus na sgrío∣buidhe, agus cinn an phobuil eision do mharbhadh.

48 Gidheadh ní raibh a fhios aca créd do dhéunaidís: óir do bhí an po∣bal uile ro-aireach air éisdeachd risean.

CAIB. XX. Attimcheall ùghdarras Chriosd, 9 an fhi∣neamhain, 27 & án Eiserghe.

AGus tárla áon do na láethibh sin, an tan do theagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do sheanmoir sé an soisgéul, go dtan∣gadar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe, maille ris na sinnsearuibh chuige.

2 Agus do labhradar ris, ag rádh; Innis dúinne, cía an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi, nó cía thug an tughdarrás so dhuit?

3 Agus ar bhfreagra Díosa a du∣bhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós áonfhocal amháin dibhse; agus ta∣hruidh freagra oram.

4 Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhí sé, nó ó dháoinibh?

5 Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh: Má deirmíd ó neamh; déara seisean, Máseadh, créd fá nar chreideabhairsi dhó?

6 Achd má deirmid, ó dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: Oír is deímhin léo gur faigh Eóin.

7 Agus do fhreagradar, Nach raibh a fhios aca féin gá hás [dó.]

8 Agus a dubhairt Jósa ríu; Ní mó innéosas misi dhíbhsi, cía an túghdar∣rás as a ndéunuim na neithesi.

9 Agus do thionnsgain sé an cho∣samhlachdsa do rádh ris an bpobal: Do chuir duine áirighe fìneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í: agus do bhí sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.

10 Agus na am [féin] do chuir sé a a shearbhfoghantuighe chum na sgológ ionnus go dtiobhraidis [ní] do thoradh na fineamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.

11 Agus do chuir sé searbhfhoghan∣tuighe eile úadh a rís: achd ar nga∣bháil air sin leis, & ar dtabhairt easo∣nóra dhó, do chuireadar folamh uáth é.

12 Agus na cheann sin do chuir sé an treas [searbhfhoghantuighe] uadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.

13 Achd a dubhairt Tighearna na fíneamhna, Créd do dhéana mé? cuir∣fidh mé mo mhac grádhach féin [chuca:] do béidir an tan do chifid é, go dtio∣bhraidís onóir dhó.

14 Agus ar na fhaicsin do na sgológuibh, do labhradar éatarra féin, ag rádh: A sé so an toighre: tigidh, marbham é, ionnus go mbíadh a noi∣ghreachd aguinn féin.

15 Agus ar na theilgean don táobh amach don fhìneamhain, do mharbhadar [é.] Ar a nadhbharsin créd do dhéa∣nas Tighearna na fíneamhna riú súd?

16 Tiocfuidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé a fhíneamhuin do dháoinibh eile. Agus an tan do chùaladarsan [so,] a dubhra∣dar: Nár léige Día sin.

17 Achd ar bhféachain dósan órrtha a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá sgriobhtha: An chloch do dhìul∣tadar na sáoir, is di so do rinneadh ceann an chuáinne?

18 Gidh bé duine thuicfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe: agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.

19 Agus díarradar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe lámha do chur annsan air a nuair sin féin: achd do bhí eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh féin a dubhairt sé an chosamhlachdso.

Page [unnumbered]

20 Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin: ion∣nus go ngreamóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin.

21 Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh; A mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú, agus theagaisgeas tú, agus nach bhfuil cion agad ar phearlain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir na fírinne?

22 An ceaduightheach dhûinne cíos do thábhairt do Shéasar, nó gan [a tha∣bhairt?]

23 Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé ríu; Créd fá gcurtháoi cathughadh oram?

24 Taisbéanaigh dhamh pighinn: cía ar leis a niomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? agus ar bhfreagra dhoibh∣sion, a dubhradar; Lé Séasar.

25 Achd a dubhairt seision ríu: Ar a nadhbharsin, tabhruidh do Shéasar, na neithe is lé Séasar: agus na neithe is lé Día, do Dhía.

26 Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an pho∣bail: & ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar.

27 Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachaibh chuige (noch shéanas a neiséirghe do bheith ann) dfiafruigh∣eadar dhe,

28 Ag rádh; A mhaighisdir, do sgrìobh Máoisi dhúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agá mbía bean phósda, & go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhrathair chuige an bhean, & go tóigéubhadh sé sliochd dá dhearbhrathair.

29 Ar a nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann, agus ar ngabháit mná chuige don chédfhear, fuair sé bás gan chloinn.

30 Agus do ghabh an dara dear∣bhrathair chuige an bhean, agus fúair seision leis bás gan chloinn.

31 Agus do ghabh an treas dear∣bhráthair chuige í: agus mar an gcéadna an móirsheisior; & níor fhágbhadar clann, agus fúaradar bás.

32 Agus a ndiaigh cháich uile ifúair an bhean bás mar an gcéadna.

33 Ar a nadhbharsin ann sa neiséir∣ge, cia aca súd dá madh bean í? óir do bhí si ag móirsheisior na mnáoi.

34 Agus ag freagra, a dubhairt Jósa ríu: Pósaid clann an tsáoghailsi mná, agus do beirthear dfearuibh íad:

35 Achd cheana an dream mheasfuidh∣thear gur fiú íad an sáoghal úd, & eiséir∣ghe ó na marbhuibh dfagháil, ní phósaid mná agus ní thugthar dfearuibh íad:

36 Oír ní héidir léo bás dfagháil ní sa mhó: Oír atáid siad mar na haingle, águs na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.

37 Achd go néiréochadh na mairbh dfoillsigh Máoise leis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna, Dia Abra∣ham, & Dia Isaac, & Día Jácob.

38 Oír ni hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeath∣aigh dhósan.

39 Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar: A mhai∣ghisdir, is maith a dubhairt tú [sin.]

40 Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.

41 Agus a dubhairt sé ríu: Cion∣nas a déirid siad gur mac do Dháibhi Críosd?

42 Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm: A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,

43 No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?

44 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, & cionnas is mac dhó é?

45 Agus a néisdeachd an phobuil uile, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin,

46 Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríohuidhibh, len ab áill siobhal a róbui∣dhibh fada, agus lé nab ionmhuin fail∣tighe ar na marguidhibh, & na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, & na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh:

47 Noch shluigeas tighthe na mbain∣treabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an damnadh is truime.

CAIB. XXI. Fèile chlúthach na baintreabhaigh, 6 Sgrios Jarusalem, 25 & deireadh an Domhain.

AGus ag féuchain dó, do chunnairc sé na dáoine saidhbhre ag cur a tiodh∣laiceadh a náit coimhéuda an chisde.

2 Agus do chunnairc sé fós baintrea∣bhach bhochd áirighe, ag cur dhá leith∣fheóirlinn ann.

3 Agus a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, gur ab mó do chuir an bhaintreabhach bhochdsa ann, ná cách uile.

4 Oir is do niomarcuidh atá aca, thugadar so uile tiodhlaice do Dhía: achd do chuir sisi dà bochdachd féin a beatha uile ann.

5 Agus a dubhairt sé ré druing áirighe do bhí ag labhairt ar an dteam∣pall: tré go raibh sé ar na dheagh∣mhaisiughadh do chlochaibh áille, agus do thiodhluicthibh.

6 Iádso do chíthise, tiocfuid láethe ann nách bhfuigfighthear cloch air chloich dhíobh, nach sgáoilfighthear ó chéile.

7 Agus dfíafruigheadar dhe, ag rádh; A mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? & créd é an comhthartha [bhías ann] an tan do dhéantar ìad so?

8 Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tioc∣fuid mórán am ainmsi, ag rádh; Is misi é: & do dhruid a naimsir linn. Ar a nadhbharsin, ná leanuidh íad.

9 Agus an tan do chluinfidhe cogtha

Page [unnumbered]

agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin íad so do theachd air tús, achd ní deireadh é fós.

10 A dubhairt sé ríu an tansin; Eireo∣chaidh cineadh a naghuidh cinidh, agus ríoghachd a naghaidh rioghachda:

11 Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta, agus plá∣gha, agus neithe úathbhásacha, agus co∣mharthuighe móra ó neamh.

12 Achd rompa so uile, cuirfid siad lámha ionnuibhsi, agus gérleanfaid [sibh,] dá bhar dtabhairt do na coimhthiono∣laibh, agus do na príosúnuibh, dá bhur mbreith chum righthe, agus chum úach∣darán, ar son manmasa.

13 Achd teigeamhuidh so dháoibhse mar fhíadhnuisi.

14 Ar a nadhbharsin, daingnidhidh ann bhar gcroidhthibh gan a smùain∣tiughadh roimhe láimh cionnas do fhrea∣góradh sibh ar bhar son féin:

15 Oír do bhéara misi béul dáoibh, agus eagna nach budh héidir lé bhur neas∣gcáirdibh uile labhairt, ná cur na ha∣ghuidh.

16 Agus braithfidhthear sibh fòs ó bhar naithreachaibh, agus ó bhar maithrea∣chaibh, agus ó bhar ndearbhráithrea∣chaibh, & ó bhar ngáoltuibh, & ó bhar gcáirdibh: agus do bhéaruid fá deara cuid dhíbh do chur chum báis.

17 Agus bíaídh fúath ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa.

18 Achd ní racha rúainne do ghrùaig bhar gcinn a mugha.

19 Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid.

20 Agus an tan do chífí Jérusalem ar na timcheallughadh ò shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.

21 An sin an dream bhías a ttír Jú∣dáighe, teitheadh síad fá na sléibhtibh: agus an luchd bhías ann a lár, imdhi∣gheadh síad aisde: agus an dream bhías ar na machairidhibh, ná héirgheadh síad a sdeach innte.

22 Oír a síad so láeithe an dioghal∣tuis, ionnus go gcoimhliofuidhthe na huile neithe atá sgriobhtha.

23 Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sha láethibh úd: Oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an bpobalsa.

24 Agus tuitfid lé fáobhar an chloi∣dhimh, agus beathar a mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: & bíaidh Iarúsalém ar na saltairt fáoi na cindhea∣chaibh, Nó go g••••imhlíontar aimsearacha na gcinidheach.

25 Agus béid comhtharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh tré úath∣bhás, ag búirfigh don fhairge agus do na tonnuibh.

26 Agus racha a nanam as na dáoi∣nibh tré eagla agus tré bheith ag fei∣theamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: Oir croithfithear cumhachda neimhe.

27 Agus ann sin do chifid mac an duine ag teachd a néull maille lé cumh∣achda, agus lé glóir mhóir.

28 Agus an tan thionnsgóntar na nei∣thesi do dhéanamh, féachuidh fúas agus tógbhaidh bhár gcinn, óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.

29 Agus a dubhairt sé an chotamh∣lachdsa ríu; Féachaigh an crann fíge agus na huile chrann.

30 An tan sgeithid [a nduilleabhar], air na fhaicsin dáoibhsi, aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh an sin.

31 Is mar sin dáoibhsi an tan do chísí na neithesi déanta, bíodh a fhíos a∣guibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.

32 A deirim ribh go firinneach, nach racha an dínisi thort nó go ndéantar na neithesi uile.

33 Rachaidh neamh & talamh thort, achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.

34 Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh, tromchroidh∣theach úair ar bith ó chráos & ó mheisge, & ó rochúramuibh na beathasa: agus go dtiocfadh an lá úd go hobann oraibh.

35 Oir tiocfa sé mar dhul ar na huile dháoine dá náitrigheann ar úachdar na talmhan uile.

36 Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidhe gach uile úair ionnus go meas∣fuigh gur fíu síbh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, & go seasmhó∣chadh sibh a bhfiadhnuisi mhic an duine.

37 Agus do bhíodh sé teagasg sa ló ann sa teampall: achd ann sa noidhche ar nimtheachd dó amach, do chomhnui∣gheadh sé ar a tslíabh dá ngoirthear [slíabh] na noluidheadh.

38 Agus do thigeadh an pobal uile chuige go moch, déisdeachd ris ann sa teampall.

CAIB. XXII. Chaith an deamhan ar Judas chum failliu∣ghadh ar Chriosd. 54 do shèun Peadar é. 66 ach dada imh sé fein gur ab mac Dé é.

AGus do dhruid féasda a naráin gan laibhín [ríu,] dà ngoirthear an Cháisg:

2 Agus do bhí ùachdarain na sagart agus na sgrìobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision: óir do bhí eagla an phobuil orrtha.

3 Achd do chúaidh Sátan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhì do nuibhir an dá fhear dhéug.

4 Agus ar nimtheachd amach dhó, do labhair sé ris na hardshagartaibh, agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraith∣feadh sé eision dhóibh.

5 Agus do ghabh lúathgháire íadsan agus do rinneadar cunnradh ris, air∣gead do thabhairt dó,

Page [unnumbered]

6 Agus do gheall seision [sin,] agus darr sé faill ar eision do bhrath dhóibh an tan nach bíadh an pobal a láthair.

7 Achd táinic lá a naráin gan lai∣bhín, ann ar bhéigin an [túan] Cásg do mharbhadh.

8 Agus do chuir [Jósa] Peadar agus Eóin úadh, ag radh: Imdhigh, agus ••••lmhuighidh dhúinn an [túan] Cásg do chum go niosmáois [é.]

9 Achd a dubhradarsan ris, Cía a náit ann a toil leachd sinn dá ullmhughadh?

10 Agus a dubhairt sé ríu; Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirighe ruibh ag iomchar shoighthigh uisge, lea∣naidh é don tigh iona racha sé a sdeach.

11 Agus abruidh ré fear an tighe; A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an lóisdín iona níosa mé an Cháisg maille rem dheisciobluibh?

12 Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór deaghmhaisioch: ullmhui∣ghidh ann sin é.

13 Agus ar nimtheachd dóibhsion síaradar mar a dubhairt seision ríu: & dullmhuigheadar an Cháisg.

14 Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheiscíobal dég maille ris.

15 Agus a dubhairt sé ríu: Do bhí fonn romhór oram an Cháisgse do chai∣theamh maille ribhsi suil fhuileongas mé.

16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mhó, nó go gcoimhlíontar é a rìoghachd Dé.

17 Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé; Glacaidh so, agus roinnidh adruibh é.

18 Oír a deirim ribh, Nach iobhtha mé do thoradh na fíneamhna, nó go dtí rioghachd Dé.

19 Agus ar ngabháil a naráin chuige, ar mbreith buidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh; A sé so mo chorpsa, do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oram∣sa.

20 Agus mar an gcéadna an cupán fós, tar éis suipéir, ag rádh; [A sé] an cupánsa an tiomna núa ann mfuilsi, dhóir∣tear ar bhar sonsa.

21 Achd cheana, Féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd.

22 Agus imthighidh mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é.

23 Agus do thionnsgnadarsan a fhíaf∣ruigh eatarra féin, Cía aca bhíadh ar tí so dhéanamh.

24 Agus fós déirghidh imreasain eatarra, Cía aca measfuighthe bheith ní as mó.

25 Achd a dubhairt seision ríu; Atá Tighearnas ag righthibh na gcinidheach orrtha, agus an dream agá bhfuil cu∣mhachda orrtha, goirthear dáoine flai∣theamhla dhíobh.

26 Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bíodh sé mar an té is lugha, agus an té is áirde eadruibh mar an té do ní miniosdralachd.

27 Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an mbórd, nó an tí do ní friothó∣lamh? a né nach é an té shui∣gheas? achd atáimsi eadruibhse mar an té do ní friotholamh.

28 Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh.

29 Ar a nadhbharsin òrduighim dháoibh∣si rioghachd, mar do órduigh màthair féin damhsa.

30 Ionnus go níosdáoi agus go nìobh∣tháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfi ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.

31 Agus a dubhairt an Tighearna; A Shímóin, a Shímóin, Féuch, díarr Sá∣tan sibhsi le bhar gcáthadh, mar chruith∣neachd:

32 Achd do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chrei∣deamh: agus air bhfilleadh ùair éigin duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.

33 Agus a dubhairt seision ris; A Thi∣ghearna, atáim ullamh air dhul leachdsa chum príosúin, agus chum báis leis.

34 Achd a dubhairt seision: A deirim riot a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séana tú trí húaire go bhfuíl aithne agad oramsa.

35 Agus fós a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh gan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? agus a dubhradar∣san, Ní raibh.

36 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu; Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparàn tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceann∣chadh sé cloidheamh.

37 Oír a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atâ sgrìobhtha do choimhlío∣nadh ionnamsa; & Atá, sé ar na chomh∣áireamh a measg na ndáoine coir∣theach: óir na neithe úd atá am thaoi∣bhse, atá deireadh aca.

38 Achd a dubhradarsan; A Thighear∣na, Féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhairt seision ríu; Is lór sin.

39 Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé do réir a hnáthuighthe go slíabh na noluidheadh: Agus fós do leanadar a dheisciobuil é.

40 Agus an tan tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu; Déanuidh ur∣nuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.

41 Agus do tairrngeadh eision ùatha, a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe:

42 Ag rádh; A athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: achd cheana

Page [unnumbered]

nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi do dhéantar.

43 Agus do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dà chomhfhurtachd.

44 Agus ar mbeith a nanbhuáin mhóir dhósan, do rinne sé urnuighe ní as díth∣chiolluighe. Agus do bhí a allas mar bhráona fola ag tuitim ar talamh.

45 Agus an tan déirigh sé ó urnuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuáir sé na gcodladh íad tré thuirsi.

46 Agus a dubhairt sé ríu, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh, agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.

47 Agus ag labhairt dó fós, Féuch an slùagh, agus an té dá ngoirthí Júdas, áon don dá fhear dhéag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Híosa do thabhairt póige dhó.

48 Agus a dubhairt Jósa ris; A Júdais, an lé póig bhraitheas tú mac an duine?

49 Agus an tan do chunncadar an dream do bhí na thimcheallsan an ní do bhí ag teachd, a dubhradar ris; A Thighearna, an mbuáilfeam lé cloi∣dheamh?

50 Agus do bhuáil fear dhíobh searbh∣fhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de.

51 Achd do fhreagair Jósa, agus a du∣bhairt: Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é.

52 Agus a dubhairt Iósa ris na hard∣shagartaibh, & úachdaránuibh an team∣puill, agus na seinnsearaibh tháinic chuige; An dtangabhair amach lé cloi∣dhimhthibh agus le batuidhibh amhuil chum bhiothamhnuigh?

53 An tan do bhí mé gach lá agaibh sa teampall, níor shíneabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.

54 Achd ar mbreith airsion rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad uadh [é.]

55 Agus an tráth do lasadar teine ar lár a halla, agus do shuigheadar na tim∣chioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar eatarra.

56 Agus an tan do chunnairc cailín ái∣righe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhféachain go gér dhí air, a dubhairt sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd.

57 Agus do shéan seision é, ag rádh; A bhean, níor bhaithnid damh é.

58 Agus beagán na dhiáigh sin, ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé; Agus is díobh súd thusa fós: achd a dubhairt Peadar; A dhuine, ní díobh misi.

59 Agus a dtímcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe eile, ag rádh; Go fírinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir i Galilécach é.

60 Achd a dubhairt Peadar, A dhuine ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach.

61 Agus ar gcasadh don Tighearna dféuch sé ar Pheadar: agus do chuimh∣nigh Peadar ar chomhrádh an Tighear∣na, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.

62 Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.

63 Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad faoi, dá bhúa∣ladh:

64 Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfia∣fruidheadar dhe, ag rádh; Déana fái∣gheadóireachd, cía bhúail thú.

65 Agus a dubhradar mórán do nei∣thibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.

66 Agus mar déirigh an lá, do chruin∣nigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdshagairt, agus na sgríobuidhe, a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,

67 Ag rádh; An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision ríu: Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe [mé.]

68 Agus fós ma fhíafruighim [ná dhíbh] ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léigfi uáibh [mé.]

69 O so amach biáidh mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé.

70 Agus a dubhradar uile ris; mar sin an tusa mac Dé? agus a dubhairt seision ríu; A deirthísi gur ab mé.

71 Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feas∣da: óir do chualamar féin as a bhéul féin é.

CAIB. XXIII. Criosd, 11 ar na thaircaisniughadh re Jo∣ruaidh, 24 & ar na chêasadh lê Piolait, 34 do ghuidh sê arson maitheamhnas dá naimhdibh.

AGus ar néirghe dá ccoimhthionól uile, rugadar chum Pioláid é.

2 Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag rádh; Fuaramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh; agus ag toir∣measg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag radh gur ab é féin Criosd an Rí.

3 Agus dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh; An tusa Rí na Níudaighe? agus ar bhfreagra dhòsan a dubhairt sé ris; A deir tusa sin.

4 Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdshagartuibh agus ris a tslúagh; Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.

5 Achd do theannadarsan orrtha, ag rádh; Buáidhridh sé an pobal, ag tea∣gasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so:

6 Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfíafruidh sé dhe nar Ghaliléeach é.

Page [unnumbered]

7 Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iorúaith do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí a Níarusalém ann sna láethibh sin.

8 Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrígh go gcúaluidh sé mórán air: agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.

9 Agus dfiafruidh sé mórán do cheas∣dannuibh dhe: achd ní thug seision frea∣gra ar bith air.

10 Agus do sheasadar na hárdshagairt agus na sgríobuidhe, ag déanamh ca∣sáoide air go dithchiollach.

11 Ach tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi, agus ar na éadughadh lé héadach geal, do chuireadar chum Pioláid a rís é.

12 Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Pioláid na gcáirdibh dhá chéile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.

13 Agus ar ngairm na nárdshagart agus na núachdarán, agus an phobuil do Phioláid:

14 A dubhairt sé ríu; Tugabhair chu∣gamsa an duinesi, mar neach iompói∣dheas an pobal: agus Féuch, ar gceasdu∣ghadh ris damhsa ann bhar bhfiadhnuisi séin, ní fúair mé coir ar bith ar a duine do na neithibh agá ndéantáoisi casaoid air:

15 Agus fós ní fhúair Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh, agus Féuch, ní dhearnuidh ní ar bith leis do thuillfeadh bás.

16 Ar a nadhbharsin ar na smachdu∣ghadh, léigfidh mé uáim é.

17 Oír dob éigean dó neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda:

18 Achd do éigh an choimhthionól uile ag rádh: Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas;

19 Do bhí ar na chur a bpriosún tré theannairc áirighe, agus trí mharbhadh do rinneadh ann sa chathraigh.

20 Ar a nadhbharsin do labhair Pío∣láid ríu a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.

21 Achd do éimhgheadarsan a rís, ag rádh; Croch, croch é.

22 Agus a dubhairt sé ríu an treas uáir; Achd créud é an tolc do rinne sé? ní fhuáir misi cúis bháis ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh léigfidh mé amach é.

23 Achd do sheasadarsan go cruáidh na aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eision do chrochadh: & do bhuaidhea∣dar a ngothasan agus [gotha] úachdarán na sagart.

24 Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.

25 Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son chean∣nairce, & marbhtha, noch do íarradar: agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

26 Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shirénach áirighe [dar bhainm] Símon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air dá hiomchar a ndíaigh Jòsa.

27 Agus do lean cuideachda mhór don phobal agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.

28 Agus ar bhfilleadh chuca a dubh∣airt Jósa: A ingheana Járusaléim, ná gui∣lidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne:

29 Oír Féuch, tiocfuid na láeth iona naibéoruid síad: [Is] beannuighthe na mná seasga, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.

30 Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh; Tuitigh oruinn: agus ris na cnocaibh, Foluighe sinn.

31 Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, Créd do dhéantar ris an ccríon?

32 Agus fós tugadh días eile meir∣leach dá ccur chum báis na fhochair∣sion.

33 Agus an tan tangadar do nionadh dá ngoirthear Ait na cloigne, do chro∣chadar ann sin é féin, agus na meir∣ligh; fear air a dheis, agus fear eile air a [láimh] chlé.

34 Agus a dubhairt Jósa; A athair, maith dhóibh: óir ní bhfuil a fhios aca créd do níd síad. Agus ag roinn a éa∣duighsion, do theilgeadar crannchar [ortha.]

35 Agus do sheas an pobal ag fhéa∣chaìn [air.] Agus do rinneadar na huach∣daráin leis fonómhad fáoi maille ríu∣san ag rádh; Dfóir sé ar dháoinibh eile, fóireadh sé air féin, mas é so Criosd do thogh Día.

36 Agus fós do rinneadar na saigh∣diúirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, & ag tairgsin bhinéigre dhó:

37 Agus ag rádh; Mas tusa Rí na Níuduigheadh, fóir ort séin.

38 Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, & Laidni, agur Eabhrais, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.

39 Achd do bhí áon do na meirlea∣chaibh do crochadh, dá mhaslughadh, ag ràdh; Más tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.

40 Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh; A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondam∣nadh ris?

41 Achd sinne go deimhin go ceart: (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.

42 Agus a dubhairt sé ré Híosa; A Thighearna, cuimhnigh oramsa an tan thiocfas tú ad rioghachd féin.

43 Agus a dubhairt Jósa ris; A dei∣rim riot go fírinneach, go mbía tú am fhochair a niu a bpárrthas.

Page [unnumbered]

44 Agus do bhì sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dor∣chadas ar an dtalamh uile gus a náomh∣adh húair.

45 Agus do dorchuigheadh an ghrían, agus do briseadh brat roinnte an team∣puill ann a lár.

46 Agus ar néigheamh Díosa do ghuth mhór, a dubhairt sé; A athair, táobham mo spiorad ann do lámhaibhsi. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do chúaidh a spiorad as.

47 Agus an tráth do chunnairc an Caip∣tín an ní do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh; Go fírinneach budh fíréan an duinesi.

48 Agus an pobal uile tháinic a náoin∣fheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.

49 Agus do sheasadar a dháoine ai∣theanta a bhfad [úadh,] agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag fèachain ar na neithibhsi.

50 Agus Féuch, tháinic fear dar bhainm Jóseph, do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhíréan:

51 Nach ar áontaigh dhá gcomhairle, ná dhá ngníomh sùd, ó Arimátéa cathair do thír Júduighe; agá raibh súil fós ré rioghachd Dé:

52 Ar ndul dó so chum Píolàid díarr sé corp Jósa.

53 Agus ar na bhúain a nuas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, & do chuir sé a dtúama do bhí ar na tho∣chailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a rìamh.

54 Agus do bé sin lá a nullmhuigh∣the, agus do bhí an tsábboid ag druid ríu.

55 Agus fòs na mná do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chorp∣san ar na chur.

56 Agus ar bhfilleadh dhóibh dull∣mhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh, & uinniméntighe; & do chomhnuidhea∣dar lá na sábbaide do réir na háithne.

CAIB. XXIV. Soisgeul subhach na Naingeal do na mnáibh, um eiseirghe Chriosd, 36 Neach do thaisbein ê fein dá Absdaluibh, 51 & chuaidh súas ar neamh.

AGus an céadlá don tseachdmhuin tangadar go romhoch chum an túama, ag tabhairt léo na neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar: & mná áirighe [eile] maille ríu.

2 Agus fúaradar an chloch ar na hiomlat ón túama:

3 Agus ar ndul a sdeach dhóibh, ní fhúaradar corp an Tighearna Jósa.

4 Agus tárla gur ghabh úathbhás íad fán ní sin; agus Féuch, do sheasadar dìas fear na naice a néaduighibh deal∣ruightheacha:

5 Agus ar ngabháil eagla dhóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu: Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh, an té atá béo?

6 Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé. Cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé,

7 Ag rádh, Is éigin mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.

8 Agus do chuimhnigheadarsan ar a bhriathraibhsion.

9 Agus ar bhfilleadh ón túama, dsoill∣sigheadar na neithesi uile don éineasbal dég, agus do chách eile uile.

10 Achd a si Muire Mhagdalén, & Jóanna, agus Muire [mathair] Shéumais, agus na mná eile do bhi maille ríu, din∣nis na neithesi do na heasbuil.

11 Agus do mheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus níor chreid∣eadar dhóibh.

12 Agus ar néirghe do Pheadar dó rioth sé chum an túama: agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dim∣thigh sé ag déanamh iongantais leis féin fán ngníomhsa.

13 Agus Féuch, do chúadar dias diobh∣san an lásin féin go baile atá trí fithid sdáide ó Jérusalém, dar ab ainm Emmáus.

14 Agus do bhádar ag labhairt eatar∣ra féin ar na neithibhsi uile thárla ann.

15 Agus tárla ar mbeith ag comhrádh dhóibh, agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Jósa féin, agus gur shiubhá sé léo.

16 Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aithneochaidís é.

17 Agus a dubhairt sé ríu; Créd íad na comháirlesi air a bhfuiltí ag teachd eadruibh féin, ag siobhal díbh, agus sibh go brónach?

18 Agus ar bhfreagra do neach, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris: An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrígheach a Níarusalém, agus gan fios na neithea•••• do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?

19 Agus a dubhairt seision ríu; Créd íad na neithe? agus a dubhradarsan ris Na neithe tháobh Jósa Nasardha, do bhí na fháigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bhfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile.

20 Cionnas tugadar na hárdshagairt, agus ar núachdaráinne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrocha∣dar é.

21 Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfúaisgéoladh Isráel: agus leith amuich dhíobh so uile, a sé a níu an treas lá ó rinneadh na neithesi.

22 Agus mar an gcéadna mná áirighe dhínn féin, tháinic go moch chum a túama, do chuireadar úathbhás oruinn.

Page [unnumbered]

23 Agus mar nach bhfúaradar a chorp∣san, tangadar, ag rádh go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal a deir go bhfuil sé na bheathaigh.

24 Agus do chúadar dream áirighe dhá raibh maille rinne, chum an túama, agus fúaradar mar a dubhradar na mná, achd ní fhacadar eision.

25 Agus a dubhairt seision riu: O a dháoine amadánach agus mallchroidh∣theach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe:

26 A né nar bhéigin do Chrìosd na neithesi dfulàng, agus dul a sdeach ann a ghlóir féin?

27 Agus ar dtionnsgnadh ó Mháoisi, & ó na fáighibh uile, do eidirmhínigh sé dhóibh ann sna huile sgrioptúraibh, na neithe bhi dhá tháobh féin.

28 Agus do dhruideadar ris an mbaile ann a rabhadar ag dul, agus do léig∣seision air go rachadh sé ní is faide.

29 Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh; Fan aguinne, óir atá sé na thrath nóna, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh sé a sdeach dfui∣reach aca.

30 Agus tárla an tan do shuidh sé chum bí na bhfochair, ar mbreith ar a nárán go rug sé buidheachas, agus ar na bhri∣seadh, tug sé dhóibhsion é.

31 Agus do hosgladh a súilesion, agus daithnidheadar eision, agus do tógbhadh as a namharc é.

32 Agus a dubhradarsan eatarra féin: A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn, an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé dhúinn na sgrioptúiridh?

33 Agus ar néirghe dhóibh ar a nùair∣sin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus súaradar an téinshear deug cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu:

34 Ag rádh; Déirigh an Tighearna go fírinneach, agus thaisbéanadh do Shío∣ón é.

35 Agus dinnisiodarsan na neithe do [rinneadh] ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naràin.

36 Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, & a du∣bhairt sé ríu; Siocháin maille ribh.

37 Achd ar mbeith dhóibhsin ar crith agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar.

38 Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhfuiltí ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh?

39 Féuchaidh mó lámha agus mó chosa: òir is misi féin atá ann: gla∣caidh, agus féuchaidh mé: óir ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithí agamsa.

40 Agus an tan a dubhairt sé na nei∣thesi, do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.

41 Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, & ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu; An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?

42 Agus tugadarsan dó cuid díasg ròsduighe, agus cuid do chir mheala.

43 Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiadh nuisision [ìad.]

44 Agus a dubhairt sé ríu; Ag so na briathra do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair: gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna Salmuibh am thimcheallsa, do choimhlíonadh.

45 Ann sin dosguil sé a ttuigse, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,

46 Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang agus éiséirghe ó mharbhuibh an treas lá:

47 Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do sheanmóir na ainm do na huile chinidheachuibh ag tionnsg∣nadh ó Iárusalém.

48 Agus is sibhsi fíadhnuiseadha na neitheannsa.

49 Agus Féuch, cuirfidh misi geallá∣mhuin mathar féin chugaibh: achd fanuidh a gcathair Iárusalém no go gcuir∣thear cumhachda a núas umuibh.

50 Agus rug sé amach go soithe Be∣tánia ìad: agus ar dtógbháil a lámh, do bheannuigh sé íad.

51 Agus tárla ar mbeith dá mbean∣nughadh dhó, gur sgaradh ríu é, agus gur tógbhadh súas ar neamh é.

52 Agus ar na onórughadh dhòibh∣sean dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór.

53 Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus ag beannu∣ghadh Dé. Amen.

AN SOISGEUL DO REIR EOIN.

CAIB. I. Briathar Dê ar gabhail go bi na dhuine, 15 Teasdas Eoìn uime, 49 & Natanael, (an duine sin gan mheabhuil.)

ANn sa tosach do bhí an Bhria∣thar, agus do bhí an Bhríathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bhríathar,

2 Do bhí so ar tús a bhfochair Dé.

3 Leisean a táid na huile neithe déunta, agus gan é ní bhfuil éinní déun∣ta, da ndéarnadh.

Page [unnumbered]

4 Ann san do bhí beatha, agus dób î an bheatha solus na ndáoine:

5 Agus soillsighidh an solus sin ann sa dorchadas, agus níor ghabh an dorchadas chuige é.

6 Do cuireadh duine ó Dhía dar bhainm Eóin:

7 Taínic an té so mar fhíadhnuisi, do chum go ndéanadh sé fiadhnuisi don tsolus, ionnus go gcreidfidís cách uile thríd.

8 Níor bhésean an solus, achd [do cuireadh é] ionnus go ndéanadh sé fiadh∣nuisi don tsolu.

9 Do bé so an solus fîrinneach shoillsigheas gach uile dhuine dá dtig ar a tsáoghal.

10 Do bhí se air a tsáoghal, agus trídsean do rinneadh an sáoghal, achd níor aithin an sáoghal é.

11 Dionnsuighe a choda féin tháinic sé, agus níor ghabhadar a dháoine féin chuca é.

12 Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, [eadhon] don droing chreideas ann a ainmsean:

13 Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir, achd ó Dhía.

14 Agus do rinneadh féoil don Bhréithir, & do chomhnuigh sé eadruinne (agus do chunncamar a ghlóirsion, mar ghlóir éingheine mic ón athair) lán do ghrásuibh agus dfírinne.

15 Do rinne Eóin fíadhniusi dhó, agus do éigh sé, ag rádh; As é so an té air ar labhuir mé, an té thig am dhíaigh, do bhí sé romham: oìr bá táosga é na misi:

16 Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, & grása ar son grás.

17 Oìr do tugadh an reachd tré Mháoisi: achd tháinic grása & firinne tré Jósa Críosd.

18 Ní fhacaidh neach ar bith Día a ríamh: an áoinghein mhic atá an uchd a nathar, as é dfoillsigh [é dhúinne.]

19 Agus as í so fíadhnuisi Eóin, an tan do chuireadar na Júdaighe ó Jeru∣salém Sagairt agus Lebhítí, do chúm go bhfíafróchaidís de, Cía thusa?

20 Agus dadaimh seision, agus niòr shéun sé: dadaimh sé nar bhé féin Criosd.

21 Agus dfîafruigheadar dhe, Créd eile? an tú Elias? agus a dubhairt seision, Ní mé. An fáidh thú? Agus do shreagair seision, Ní headh.

22 Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muintir do chuir úatha sinn? créd a deir tú ad thimcheall féin?

23 A dubhairt seisean, Misi guth an té éighmheas ar an bhfásach, Dírghidh slighe an Tighearna, mar a dubhairt Esaías an faidh.

24 Agus an dream do cuireadh leis an dteachdaireachd, budh do na Phairi sineachuibh iád.

25 Agus dfiafruigheadar dhesean, & 〈◊〉〈◊〉 dubhradar ris; Ar a nadhbharsin cré fá ndéunann tú baisdeadh, muna t Críosd, nó Elías, nó fáidh?

26 Do fhreagair Eóin dóibh, ag rádh; baisdimsi lé huísge: achd atá na shea∣samh an bhur Iársa an té nach aithne dhíbh.

27 As é so an té thig am dhíaighse, do bhí romham: ag nach fhiú mé íal∣lach a bhróg do sgáoileadh.

28 Do rinneadh na neithese a Mbe∣tábara ar a táobh thall do Jordán, an a an ar bhaisd Eóin.

29 An lá na dhíaigh sin do chunnaire Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé; Féuch úan Dé, thógbhas peacadh an domhain.

30 Ag so an té air ar labhair mé, T•••• am dhiáighsi neach do bhí romham▪ oír bá táosga é na misi.

31 Agus ní raibh aithne agumfa air: achd ionnus go mbíadh sé follus Disraél, as uime sin tháinic mísi ag baisdeadh lé huisge.

32 Agus do rinne Eòin fíadh•••••••• ag radh; Do chunnairc mé spiorad ag tuirling amhail cholam ó neamh, agus do chomhnuidh sé airsion.

33 Agus níor aithin misi é, achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge as é a dubhairt rium; Gidh bé ar á bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirling ag•••• ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad náomh.

34 Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab ê so m•••• Dé.

35 An lá na dhíaigh sin a ris dó sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh:

36 Agus ar bhfaicsin Jósa ag siobhal, a dubhairt sé; Féuch úan Dé.

37 Agus do chualadar an días deis∣ciobal é ag labhairt, agus do leanadar Jósa.

38 Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhúin féin, a dubhairt sé riú: Créud atá sibh íarraigh? agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh ar na eidir∣mhíniughadh, A mhaighisdir) gá a ccomh∣nuigheann tú?

39 A dubhairt sé riú; Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunnca∣dar an tionad a geomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin, timcheall a deich.

40 Agus do bé Aindrias dearbhrá∣thair Shimoin Peadair fear don dí do bhí ag éisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean:

41 A sé so céudduine fúair a dhear∣bhrathair féin Síomón, agus a du∣bhairt sé ris; Fúaramar an Messias as sé sin ar na eidirmhíniughadh, Críosd.

Page [unnumbered]

42 Agus rug sé chum Jósá é. Agus ar ••••••éachain Díosa air, a dubhairt sé; As 〈◊〉〈◊〉 Siomón Jóna: goirfidhear Céphas ••••ot, dár ab ciall Carraig.

43 Ar na mhárach bá mían lé Hío∣•••• dul don Ghalile: agus fuáir sé ••••••lib, agus a dubhairt sé ris; Lean ••••si.

44 Agus do budh as Betsaída ••••ilib, cathair Aindrías agus Phea∣••••••r.

45 Fuáir Philib Natánael agus a ••••bhairt sé ris; An té air ar sgriobh ••••íoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, ••••••ramar, Jósa ó Násaret, mac Jóseph.

46 Agus a dubhairt Natánael rìs; An ••••••ir ní maith air bith bheith ó Násarét? a dubhairt Philib ris, Tár agus féuch.

47 Do chunnairc Josa Natánael ag eachd chuige, agus do labhair sé; Féuch an Tisraélach fírinneach ann nach bhfuil ••••eabhuil.

48 A dubhairt Natánael ris; Cionnas aithnigheas tú mé? do fheagair Iósa, agus a dubhairt sé ris; Ni as táosga á ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc e thú.

49 Do fhreagair Natánael agus a ••••bhairt sé ris; Rabbi, as tusa mac Dé, as tú rí Israél.

50 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt lé ris; Tré go ndubhairt mé riot, Do chnnairc mé thu fáoi an gcrann fige, an gcreideann tú? do chífi tú neithe as mó a iád so.

51 Agus a dubhairt sê ris; Go deimhin, deimhin, a deirim ríbh, go bhfaicfidhe ó so amach neamh osgailte, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teachd a núas ar mhac an duine.

CAIB. II. A cèud mhirbhuile ag banais Chana, 14 & c••••d-ghlanadh an Teampuill, re Hiosa, 23 neth taòbhadh e fein re daoinibh diombuan a gcreidimh.

AGus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé: agus do bhí máthair Jòsa ann.

2 Agus do goireadh Jósa fós agus a dheisciobail chum an phósda.

3 Agus an tan do thréig fíon, a du∣bhairt máthair Jósa ris; Ní bhfuil fìon aca.

4 A dubhairt Jósa rîa, Créud ê sin damhsa na dhuitse, a bhean? ní thái∣nic múairse fós.

5 A dubhairt a mháthair ris an luchd fciothóilmhe; Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh ê.

6 Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca.

7 A dubhairt Jósa riû, Liónaidh na foithighe so duisge. Agus do lío∣nadar iád go soithe a mbrúachaibh.

8 Agus a dubhairt sú riû; Tairrngidh a nois agus beîridh chum úachdaraín an fhéusda é; agus rugadar.

9 Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhî déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhí a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge:) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núa-phòsda chuige.

10 Agus a dubhairt sé ris; Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa; achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.

11 As é so tosach míorbhuile do rinne Jósa, a Gcána na Galilé; agus dfoillsigh sé a ghloír féin, agus do chreideadar a dheiscíobail ann.

12 Na dhíaigh sin dó chùaidh sé síos go Capernáum, é féin agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha agus a dheif∣ciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:

13 Oír do bhí Càisg na Niúdaigheadh a bhfogus. Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém.

14 Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh, agus cáorach, agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe.

15 Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maille ré na gcáor∣chaibh, agus ré na ndamhuibh, agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an air∣gid, agus do leag sé a mbuird air lár.

16 Agus a dubhairt sé ré luchd reactha na gcolam; Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh mátharsa na thigh ceannuigheachda.

17 Agus do chuimhnigheadar a dheis∣ciobailsean go raibh sgríobhtha: Duáidh éud do thighesi mé.

18 Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris; Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neithesi?

19 Do fhreagair Jósa agus a du∣bhairt sé ríú, Leagaidh síos an team∣poll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtri láethibh.

20 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Juduidhe; Sê bliádhna agus dá fhi∣chead do bhí an teampall so dhá dheunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethíbh è?

21 Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.

22 Ar a nadhbharsin an tan do éi∣righ sé ó mharbhaibh, do chuimhnighea∣dar a dheisciobail go ndubhairt sé so riú; agus do chreideadar don sgriobtuir, & don bhréithir a dubhairt Jósa.

23 Agus ar mbeith a Niérusa∣lém dhó fá Chaísg, lá an fhéusda, do

Page [unnumbered]

chreideadar mórán na ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rínne sé.

24 Achd ní tháobhadh Iósa é féin riú; tré gur aithin sé iád uile.

25 Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiadhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.

CAIB. III. Feidhm na haith-ghineamhna, 14 & bhàis Chriosd, 16 le brídh an Tsoisgeil gu hathchumair.

AChd do bhí duine áirighe do na Phair∣isíneachuibh, dar bhainm Nicodémus, dúachdaránuibh na Niúdaigheadh.

2 Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, & a dubhairt sé ris; A mhai∣ghisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhia thàinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comhar∣thuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maille rís.

3 Do fhreaguir Jósa agus a dubhairt sé ris; Go deimhin, deimhin, a deirim riot, muna gheintear duine a rís, nach éidir leis ríoghachd Dé dfaicsin.

4 A dubhairt Nicodémus ris; Cionnas as éidir lé duine atá arsaidh, a ghei∣neamhuin? an éidir leis dul a sdeach a mbroinn a mhathar an dara huair, agus a aithbhreith?

5 Do fhreagair Jósa; Go deimhin, deimhin, a deirim riot, muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus ón Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.

6 An ní atá ar na gheineamhuin ó an bhfeóil, as feóil é: agus an ní atá ar na gheineamhuin ón Spioraid, is spio∣rad é.

7 Ná biódh iongnadh agad go ndubh∣airt misi riot, Gur ab éigean dáoibh bhur ngeineamhuin a rís.

8 Séidigh an gháoth mar as áill lé, agus do chluin tú a torann, achd ní bhfuil a fhios agad créud as a dtig sí, nó caít a dtéid sí: is mar sin atá gach neach atá ar na gheineamhuin ón Spioruid.

9 Do fhreaguir Nicodémus, agus a dubhairt sé ris; Cionnas as eidir na neithese do bheith.

10 Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris; An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so a∣gad?

11 Go deimhin, deimhin, a deirim riot, go labhramáoid an ní as fios dúinn agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chunncamar: achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi.

12 Má a dubhairt mé neithe talmhui∣dhe ribh, agus nach ccreidthí: cionnas chreidfidhe dá nabra mê neithe neamhdha ribh?

13 Oír ní dheachuidh éainneach suàs ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, mac an duine atá ar neamh.

14 Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as ma sin as éigean mac an duine dárdughadh 〈◊〉〈◊〉

15 Ionnus gidh bé chreidfeadh an nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiórruidhe aige.

16 Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éinghein mei féin, ionnus gidh bé chreideas ann, nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith a bheatha shiorruidhe aige.

17 Oír níor chuir Día a mhac féin ai a tsáoghal, do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal, achd do chum go slainéo∣chaidh an sáoghal thríd.

18 An té chreideas ann, ní dam••••∣tar é: achd an té nach ccreideann, at sé ar na dhamnughadh cheana: tré na chréid sé a nainm áoingheine mhic Dé.

19 Agus as é so an damnughadh; do bhrígh go dtáinig an solus air a tsáoghal, agus gur mó ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ná an so••••; ar son go bhfuilid a noibreacha go holc.

20 Oír gidh bé do ní olc, fúathai∣ghidh sé an solus, agus ní thig sé chu•••• an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha.

21 Achd gidh bé do ní an fhirinne, thig sé chum an tsoluis: ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gr ab a Ndìa atáid siád ar na ndéu∣namh.

22 Táinig Jósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Júdaighe: agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.

23 Agus fós do bhaisd Eóin, mar an gcéadna ag Aénon láimh ré Sálim, òir do bhí iomad uisge ann sin: agus tan∣gadar agus do baisdeadh iád.

24 Oir níor teilgeadh Eòin a bprío∣sun fós.

25 Uime sin do érigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Jú∣daidhe a dtimcheall an ghlanta.

26 Agus tangadar chum Eóin, agus a dubhradar ris; A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Jordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch baisdigh sé, agus tigid na huile dháoine chuige.

27 Do fhreagair Eóin & a dubhairt sé; Ní héidir lé duine éinní ghlacadh muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh.

28 A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa go ndubhairt mé, Ní misi Críod, achd gur cuireadh roimhe me.

29 An té agá bhfuil an bhean núa∣phósda, as é an fear núaphósda é: achd cara an fhir nùaphósda noch sheasas a∣gus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphòsda. Ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.

30 As éigean dósan fás, & damhsa laghdughadh.

Page [unnumbered]

31 An té thig a nuás atà sé ós cionn ••••••••ch uile: an té atá ón talamh, atá sé ••••••mhuidhe, agus labhraidh sé neithe t••••mhuidhe: an té thig ó neamh, atá 〈◊〉〈◊〉 ós cionn cháich uile.

32 Agus an ní do chunnairc agus do ••••••alaidh sé do ní sé so dfiadhnuise: a••••d ní ghlacan áonduine a fhíadhnuisi.

33 An té ghlacus a fhíadhnuisisean do chomharthuigh sé go bhfuil Día fí∣•••• neach.

34 Oír an té do chuir Día uádh, la∣••••raidh sé bríathra Dé: Oír ní do réir hiosui•••• bheir Día an Spiorad [dó.]

35 Atá grádh ag an athair don hac, agus tug sé na huile neithe iona láimh.

36 An té chreideas ann sa mhac, atá 〈◊〉〈◊〉 bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don mhac, ní fhaicfe sé an bheatha, achd comhnuighidh earg Dé air.

CAIB. IV. C••••••radh Chríosd ris an mnàoi 6 Shamaria, 39 & a thoradh; 46 ré leighis mhic an cùirteòir.

AR a nadhbharsin an tan do aithin an Tighearna go gcúaladar na Phairi∣s••••igh gur mó do dheisciobluibh do íodh Jósa agus do bhaisdeadh sé ná Eóin:

2 (Bíodh nach baisdeadh Jósa féin, ach a dheisciobail.)

3 Do fhág sé tir Júdaighe, agus do chúaidh sé a ris don Ghalilé.

4 Agus dob éigean dó dul thríd Sha∣ária.

5 Ar a nadhbharsin thaínig sé go cathair Shamária dá ngoirthear Sichar, láimh ris an bhfearann tug Jácob dha mhac féin Jóseph.

6 Agus do bhí tobar Jácob ann sin: Ar a nadhbharsin ar mbeith curtha Dío∣sa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar a tobar. Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.

7 Taínig bean ó Shamária thar∣ralng uisge: a dubhairt Jósa ría, Tabhair deoch dhamhsa.

8 Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh.

9 Ar a nadhbhharsin a dubhairt an bhean Shamaritánach sin ris; Cionnas ar mbeith dhuitsi ad Júdaighe, iárrus tú deoch oramsa atá am mhnáoi Shamaritá∣naigh? oír ní ghnáthuighid na Iúdaighe na Samaritánuigh.

10 Do fhreagair Iósa & a dubhairt sé ría; Da mbeith fios tiodhluice Dé agad, & cía hé an té a deir riot, Tabhair dhamh deoch: do iárrfá sa air, agus do bhéuradh se uisge béo dhuit.

11 A dubhairt an bhean ris, A Thi∣ghearna, ní bhfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar domhain: ar a nadh∣bharsin gá háit as a bhfuil an tuisge béo sin agad?

12 An mó thusa ná ar nathair Jácob, tug dhúinne an tobarso, as ar ibh sé féin, agus a chlann, agus a áirneis?

13 Do fhreagair Jósa & a dubhairt ría; Gidh bé neach ibheas as an uisge sin, biaidh tart air arís:

14 Achd gidh bé neach ibheas as an uisge do bhéura misi dhó, nì bhía tart air go bráth: achd an tuisge do bhéara me dhó, bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.

15 A dubhairt an bhean ris; A Thigh∣earna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing.

16 A dubhairt Jósa ría; Imthigh, goir thfear féin, agus tarr ann so.

17 Do fhreagair an bhean & a dubh∣airt sí ris; Ní bhfuil fear agam. A dubhairt Jósa ría, As maith a dubhairt tú, Ní bhfuil fear agam.

18 Oír do bhádar cúigear fear agad: agus an té atá agad a no is, ní hé thfear féin é. A dubhairt tú so go fí∣rinneach.

19 A dubhairt an bhean ris; A Thigh∣earna, do chím gur fáidh thú.

20 Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so: agus a deirthísi gur ab a Niarùsalém atá an tionad ann ar béigean adhra do dhéunamh.

21 A dubhairt Iósa ría; A bhean, creid misi, tig an uáir nach adharfuighe an tathair ar a tslíabhso ná a Niárusalém.

22 Adh ràigh sibhse an ní nach fios díbh, adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Júdaidhibh atá sláinte.

23 Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharsuidh an luchd adhra firinneacha an tathair a spioraid agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin.

24 Is spiorad Día: agus an dream adhras é, as éigin dóibh a adhra a spio∣rúid agus a bhfírinne.

25 A dubhairt an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías (ré a nabarthar Críosd,) an tan thiocfas sé, foillséochuidh sé na huile neithe dhúinn.

26 A dubhairt Iósa rìa; As misi é labhrus riotsa.

27 Agus fa namsin thangadar a dheis∣ciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi; achd cheana ní dubhairt áoinneach, Créd iarrus tú? nô créud labhrus tú ría?

28 Ar a nadhbharsin dfag an bhean a soitheach uisge, agus do chúaidh sî don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na dáoinibh,

29 Tigidh, féuchuidh an duine a dubh∣airt riumsa gach éin ní dà ndearna mé: a né nach é so Críosd?

30 Ar a nadhbharsin do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.

31 Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin, ag rádh; A mhaighisdir, ith [bíadh.]

Page [unnumbered]

32 Agus a dubhairt seisean ríu; Atá bíadh agamsa ré na ithe, nach bhfuil a fhios aguibhsi.

33 Ar a nadhbharsin a dubhradar a dheisciobail ré chéile. An dtug áoinneach chuige Ní do íosadh sé?

34 A dubhairt Iósa ríu; As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, & a obair do chríochnughadh.

35 An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, tóguidh súas bhur suile, agus féuchuidh na réghióin: óir atáid siad geal chea∣na chum a nfoghmhair.

36 Agus an té bheanas, glacaidh sé túarasdal, agus cruínnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas & an té bheanus, lúagháireach a néinnfheachd.

37 Oír as ann so atá an rádh úd fírinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile.

38 Do chuir misi sibhsi do bhúain an neithe nar sháothrabhair: do sháoth∣raigheadar dáoine eile, agus do chúa∣bhairsi a steach ann a sáothar.

39 Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh; Dubhairt sé leam gach Ní dá ndearna mé.

40 Ar a nadhbharsin an tan tan∣gadar na Samaritánaigh chuige, díar∣radar air fuireach aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá ann sin.

41 Agus as ro mhó ná sin do chreid ann, ar son a bhréithre féin.

42 Agus a dubhradar ris an mnáoi: Ní ar son do chomhráidhse chreid∣mídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fìrinneach gur ab é so Críosd, slánuightheóir an domhain.

43 Agus tair éis dhá lá do chúaidh é as fin, agus dimthigh sé don Ghalilé.

44 Oír rug Iósa féin dfíadhnuisi, Nach bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.

45 Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé don Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach Ní dâ ndearna sé a Níerusalém lá an fhéus∣da: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.

46 Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé mar a ndéar∣nuidh sé fion don uisge. Agus do bhí Tighearna áirighe a Gcapernáum agá raibh a mhac tinn.

47 An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Gha∣lilé, do chúaidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul sîos & a mhac do shlá∣nughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.

48 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris; Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, Ní chreidfidhe.

49 A dubhairt an tighearna ris; A mhaighisdir, éirígh síos suil do gheabhas mo mhac bás.

50 A dubhairt Iósa ris; Imthigh ro∣mhad, mairidh do mhac. Agus do chreid an duine don fhocal a dubhairt Iósa ris, agus do imthidh sé.

51 Agus ar ndul fíos dò do lá∣thair, tàrladar a shearbhfhoghantaidhe air, agus dinnsigheadar [dhó] ag rádh; Mairidh do mhac.

52 Ar a nadhbharsin dfiafruigh sé dhiobh an uáir fuáir sé fáoíseamh: & a dubhradarsan ris, A né air an seachd∣mhadh huáir dfág an fiabhrus é.

53 Ar a nadhbharsin do aithin a tathair gur bhé a nuáirsin féin ann a ndubhairt Iósa ris, Mairidh do mhac: & do chreid sé féin & a thigh uile.

54 Ag so an dara comhartha do rinne Iósa a rís, an tan tháinig sé ó thír Iúdaighe don Ghalìlé.

CAIB. V. Tainic cobhair an duine easlain fhoighidigh fadheire ó Chrîosd; 17 dà ttug a Athair 32 Eóin, 36 a oíbreacha féin, 39 & 〈◊〉〈◊〉 Scrioptur, fiaghnuife.

NA dhíaigh so do bhi lá séusda na Níuduigheadh, agus do chúaidh Iosa súas go Híarusalém.

2 Agus atá a Níarusa••••m láimh rê margadh na ccáorách, loch dá ngoir∣thear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúlg calaidh.

3 Do bhàdar mórán do dháoinibh éugcrúaidhe na luighe ionnta so, do dhalluibh, do bhacachuibh, agus do luchd seirglidhe do bhí ag fuireach re cor∣rughadh an uisge.

4 Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, & do bhuàidh∣readh sé an tuisge: ar a nadhbhar∣sin gidh bé cédneach do théigheadh sio ann, tar éis bhuáidheartha an uisge, do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air,

5 Agus do bhí duine áirighe ann s••••, do bhí ochd mblíadhna déug air fhichid a neasláinte.

6 An tan do chunnairc Iósa é so na luighe, agus do aithin sé go raibh sé tinn ré haimsir fháda, a dubhairt sé ris; An mían leachd do dhéunamh slán?

7 Do fhreagair an teaslán é; A Thi∣ghearna, Ní bhfuil éinneach agam dochir∣feadh ann sa loch mé an tan bhíos an tuis∣ge ar na bhuáidreadh: achd an gcéin bhim∣si ag teachd, téid neach eile sios romham.

8 A dubhairt Iósa ris, Eirigh, tóg do leabuidh agus fiobhail.

9 Agus do rinneadh an duine fin slán do lathair: agus do thóg sé a leabuidh agus do shiobhail sé. Agus de bhí an tsábbaid ann an lá sin.

10 Ar a nadhbharsin a dubhracht na Iúduidhe ris an té do slánughadh; As é an tsabbaid é, Ní dlightheach dh•••• do leabuidh iomchar.

11 Do fhreagair sesion dóibh; An 〈◊〉〈◊〉

Page [unnumbered]

do rinne slán mé, as é a dubhairt rlum, ••••g do leabaidh, agus siobhail.

12 Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar ••••e; Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh agus siobhail?

13 Achd ní raibh a fhios ag an té do ••••••ughadh cía hé: oír do chuáidh Iósa a ••••thtáoibh, air mbeith do mhórán ann a náitsin.

14 Fuáir Iósa é na dhíaigh sin ann sa ••••mpoll, agus a dubhairt sé ris; Féuch, 〈◊〉〈◊〉 rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa ••••ó, deagla go dteigéumhadh ní budh ••••asa dhuit.

15 Do imthigh seisean, agus do fhoill∣••••••h sé do na Iúdaidhibh gur bé Iósa an é do rinne slán é.

16 Agus ar a shon so do ghérleana∣dar na Iùdaidhe Iósa, agus do smúainea∣dar a mharbhadh, tré go ndearna sé na eithese sa tsábboíd.

17 Agus do fhreagair Iósa dhóibh, Oibrighidh Mathairsi gus anois, agus oi∣brighimsi.

18 Ar a nadhbharso as móide do smuái∣eadar na Iúdaidhe eisean do mhar∣bhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an ••••••bboíd, achd go ndubhairt sé fós, Gur bé Día a Athair féin, dá dhéanamh féin coimhionann ré Día.

19 Ar a nadhbharsin do fhreagair Ió∣sa agus a dubhairt sé riú. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Nach éidir leis 〈◊〉〈◊〉 mac éinni a dhéunamh uádh féin, achd a ní chí sé ag a Nathair dá dhéunamh: oír gidh bé neithe do ní seision, do ní 〈◊〉〈◊〉 an mac iád mar an gcèadna.

20 Oir grádhuighidh an Tathair an Mac, & foillsighidh sé na huile neithe do ní sé féin dó: águs taiseúnfuidh sé oibrea∣cha as mó ná iád so dhó, do chum go mheith iongantus oruibhsi.

21 Oír amhuil mar dhûisgeas & mar bheódhaigheas an Tathair na mairbh, as mar an gcéudna bheódhaigheas an mac a dream as áill leis.

22 Oír ní bheireann an Tathair breath 〈◊〉〈◊〉 dhuine ar bith, achd tug sé gach uile bhreitheamhnus don Mhac:

23 Do chum go nonórfadh gach uile ••••••ine an Mac, mar onòraid siad an Ta∣thair: an té nach onóruigheann an Mac, í onóruigheann sé an Tathair do chuir ádh é.

24 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas róm bhréithirse, agus chrei∣deas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, & ní thioc∣sa sé chum damnuighthe: achd da∣tharruigh sé ó bhás go beathaidh.

25 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Tiocfaidh a naimsir & atá sí a nois ann, an tráth chluinfid na mairbh guth mhic Dé: & an dream chluinfeas, mairfid ••••••d.

26 Oír mar atá beatha ag an Athair ann fein, is mar sin tug sé don Mhac fós beatha do bheith aige ann féin.

27 Agus fós tug sé ughdarras dó breitheamhnus do dhéunamh, an méid gur ab é Mac an duine.

28 Ná bíodh iongnadh aguibh ann so: oír tiocfaidh an uáir an a gcluinfid an mhéid atá ann sna túamuidhibh a ghuth∣san:

29 Agus rachaid amach an dream do rínne deighniomhartha go heiseirghe na beatha: agus an dream do rinne drochghniomhartha go heiséirghe na damanta.

30 Ní héidir leamsa ní ar bith do dhéanamh uáim féin: do réir mar chlui∣nim, beirim breath: & atá mó bhreith∣eamhnus ceart: oír ní iárruim mo thoil séin, achd toil a Nathar do chuir uádh mé.

31 Ma nímsi fíadhnuisi dhamh féin, ni bhfuil mfíadhnuisi fìrinneach.

32 Atá neach eile do ní fiadhnuisi dhamhsa, agus atá a fhios agam gur fírinneach an fhiadhnuisi do ní sé am thimcheall.

33 Do chuireabhuirsi teachdaireadha chum Eóin, & tug sé fíadhnuisi don fhi∣rinne.

34 Achd ní ó dhuine do gheibhimsi fíadhnuisi: achd a deirim na neithe so do chum go flaineochtháoi sibhsi.

35 Do bhí seisean na lóchrann lasárrgha agus sholasda, agus do thograbhairsi, ar feadh tamaill gáirdeachus do dhéu∣namh ann a sholus.

36 Achd atá fíadhnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreacha thug an Tathair dhamhsa ionnus go gcríochnó∣chuinn iád, na hoibhreacha sin do nímse, beirid sád fíadhnuisi leam gur ab é an Tathair do chuir uadh mé.

37 Agus an Tathair féin do chuir úadh mé, rug sé fíadhnuisi leam. Agus n chúalabhairse a ghuth ríamh, & ní fha∣cabhair a ghné.

38 Agus ní bhfuil a bhríatharsan na chomhnuighe ionnuibh: oír ní chreidthi don té do chuir seision úadh.

39 Cúartuighidh na sgriobtuiridhe, oír do cithear dháoibh fein gur ab ionnta d gheibhthí an bheatha mharrthanach: & as iad sin bheireas fiadhnuisi leamsa:

40 Agus ní háill libh teachd chugam, do chum go bfuigheadh sibh an bheatha.

41 Ní ghabhaimse glóir ó dháoinibh:

42 Achd atá éolus agam oruibhse, nach bhfuil grádh Dé iónnuibh.

43 Thaínig misi a nainm Mathar, & ní ghlacáoise mé: má thig neach eile ann ainm féin, géubhtháoi chugaibh é.

44 Cionnas as eídir libhsi creideamh, an tan ghabhtháoi glóir ó a chéile, & nach iárrtháoi an glóir thig ó Dhía na áonar?

45 Ná measuigh go ndéana misi ca∣sáoid oruibh ag an Athair: atá neach do ní casáoid oruibh, [eadhon] Máoisi ann a gcurtháoisi bhur ndóchus.

46 Oìr dá gcreideadh sibh do Mháoi∣si, do chreidseadh sibh dhamhsa: óir do sgríobh seision oramsa.

Page [unnumbered]

47 Achd muna ccreidtí dhá sgribhean∣nuibh súd, cionnus chreidfidhe dom bhriathruibhsi?

CAIB. VI. Tar éis a mhirbhuileadh, thairgeada Criosd a dheanamh nà Rì. 26 neach dar leanadar buidhean arson sàth bigh.

NA ndiáigh só do chuáidh Iósa tar fairge na Galilé, [nó] Thibérias.

2 Agus do lean buidhean mhór é, tré go bhfacadar a chomharthuidhe do rinne sé ar na dáoinibh éugcrúaidhe.

3 Agus do chúaidh Jósa suás ar shlíabh, agus do shuidh sé ann sin maille ré na dheisciobluibh.

4 Agus do bhí an Cháisg, féusda na Níduaigheadh a bfogu.

5 Ar a nadhbharsin an tan do thóg Jósa a shúile suás, agus do chunnairc sé go dtáinic buidhean mhór chuige, a du∣bhairt sé ré Philib, Ga háit as a gcei∣nneochamáois arán do chum go nìosai∣dís so [ní?]

6 (Achd a dubhairt sé so, da theasdu∣ghadhsan: oír do bhí a fhios aige féin créd do dhéunadh sé.)

7 Do fhreagair Philib dhó, Ní lór dhóibh luách dhá chéud pighinn daránuibh, do chum go nglacfadh gach áon aca beagán.

8 A dubhairt áon dá dheisciobluibh, Aindrías dearbhrathair Shímoin Peadair ris:

9 Atá búachoill beag áirighe ann so agá bhfuilid cúig aráin eórna agus dá iásg bheaga: achd créud iád sin eidir an uiread so?

10 Agus a dubhairt Jósa, Tábhruidh fá deara do na dáoinibh fuidhe síos. Agus do bhí mórán féir ann sa náitsin. Ar a nadhbharsin do shuidheadar na dáoine siós, a nuimhir timcheall chúig míle.

11 Agus do ghlac Iósa na haráin, & ar mbreith buidheachus, do roinn sé ar na deisciobluibh, agus na deisciobail ar na cuibhreannuibh iád: agus mar an ccéudna fòs do na hiásgaibh beaga an mhéid dob áill léo.

12 Agus an tan do sásadh iád, a du∣bhairt sé ré na dheisciobluibh féin; Cruinnighidh an shruileach do bhí dio∣marcuigh, do chum nach rachadh éin ní amugha.

13 Ar a nadhbharsin do chruinni∣gheàdar, agus do líonadar, dhá chlíabh dhéug do shrúileach do na cúig hará∣nuibh éorna, do bhí dfuighleach ag an muintir a dith.

14 Ar a nadhbharsin an tan do chunn∣cadar na dáoine sin an comhartha do rinne Jòsa, a dubhradar; As é so go fírinneach an fáidh úd do bhí chum teachda air a tsaoghal.

15 Ar a nadhbharsin a nuáir do aithin Iósa go raibh siad air tí teachd agus breith air chum ríogh do dhéunamh dhe, dimthigh sé a rís ar a tslíabh na aónar.

16 Agus an tan thaínig an tráthnóna, do chúadar a dheisciobail siós chum na faìrrge.

17 Agus ar ndul a luing dhóibh, do chúadar tar fairge go Capernaúm. Agus do bhí darchadus ann a nuáirsin, agus ní tháìnic Jósa chuca.

18 Agus déirigh an fhairrge ag séi∣deadh do gháoith mhóir.

19 Ar a nadhbharsin an tan do rinn∣eadar iomramh timcheall a cúig no a deich fichead do sdáidibh, do chunnca∣dar Jósa ag siobhal ar an bhfairrge, & ag drud ris an luing: agus do ghabh ••••∣gla iad.

20 Achd a dubhairt seisean riú; Is misi ata ann, ná bíodh eagla oruibh.

21 Ar a nadhbharsin do ghabhadar chuca é go toileamhail don luing: agus ráinig an lung do láthair don tír ann a rabhadar ag dul.

22 An lá na dhíaigh sin do chunnairc an slúagh do sheas ar an dtáobh thall don fhairge, nach raibh long ar bith eile ann sin, achd a náon long úd ann a ndeachadar a dheisciobailsion, agus nach deachaidh Jósa lé na dheisciobluidh do luing, achd gur imthigheadar a dheiscio∣bail na náonar.

23 Agus tangadar longa beaga eile ó Thibérias láimh ris an áit an ar itheadar an tarán, tar éis an Tighearna bhreith buidheachuis:

24 Ar a nadhbharsin an tan do chunn∣airc an slùagh nach raibh Jósa, ná a dheisciobail ann sin, do chúadarsan lei a luing, agus tangadar go Capernáum, ag iarruidh Jósa.

25 Agus ar na fhagháil dóibh ar an dtáoibh thall don fhairge, a dubhra∣dar ris; A mhaighisdir, gá hùair thaí∣nig tú ann so?

26 Do fhreagair Jósa dhóibh, agus a dubhairt sé; Go deimhin, deimhin a deirim ribh, go niárrtháoi mé, ní tré go bhfacabhair na comharthuidhe, achd tré gur itheabhair na haráin agus gur fásadh sibh.

27 Déunaidh sáothar, ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an bhídh mhaireas chum na beatha síorr∣uidhe bhéuras mac an duine dhíbh: oír as é so an té do chomharthaigh Día an Tathair.

28 Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Créud do dhéunum ionnus go noibréo∣chamáois oibreacha Dé?

29 Do fhreagair Jósa agus a dubhairt sé riú; Ag so obair Dé, sibhsi do chrei∣deamh ann sa té do chuir sé uadh.

30 Uime sin a dubhradarsan ris: Ar a nadhbharsin, créud é an comhartha do ní tusa, ionnus go bhfaicfiomáois & go gcreidfiomáois duit? créud é a obair do ní tú?

31 Ditheadar ar naithrene Manna ar an bhfásach: mar atá sgríobhtha: Tu sé arán ó neamh dhóibh ré na ithe.

Page [unnumbered]

32 Ar a nadhbharsim a dubhairt Ió∣sa ri; Go deimhin, deimhin, a deirim ••••••h, nach é Máoise thug an tarán ó ••••••••h dhíbh: achd Mathairsi do bheir ••••áoibh an tarán firinneach ó neamh.

33 Oir as é arán Dé, an té do thuir∣••••••g ó neamh, agus do bheir beatha don domhan.

34 Ar a nadhbharsin a dubhradar ris; A thighearna, Tabhuir dhúinne an ta∣•••••••• a gcomhnuidhe.

35 Agus a dohair Jósa iú; Is misi ••••án na beaha an té thig ••••ugamsa, 〈◊〉〈◊〉 bh•••••• ocas go bráth oir: agus an 〈◊〉〈◊〉 chreideas ionnam, ní bhía tart go bráth air.

36 Achd a dubhairt mé ribh, Do ••••••nabhair mé fós, agus ní chreidtí.

37 Gach ní bheir an tathair dhamh, t••••faidh sé chugam: agus an té thig om ionnsaidh, ní theilgfe mé amach é.

38 Oír do thuirrling mé ó neamh, ní do cham go ndéanainn mo thoil féin, achd toil an té do chuir uádh mé.

39 Agus as í so toil a nathar do chuir uádh mé, nach léigfinn eínní amu∣gh do nuile ní dá dtug sé dhamh, achd go ndúisg finn é ann sa lá deigheanach.

40 Agus as as í so toil an té do ch••••r misi uádh, go bhfuighe gach áon do chí an mac, agus chreideas ann, an bheatha mharrthanach; agus dúiseó∣chuidh msi é an lá déigheanach.

41 Ar a nadhbharsin do rinneadar na ldaidhe monbhar air, tré go ndubhairt sé, As mísi an tarán do thuirling ó neamh.

42 Agus a dubhradar; An né nach é so Iósa mac Ióseph, agar ab aithnid ••••inne a athair agus a mháthair? ar a ••••dhbharsin clonnus a déir sé, Do thuirr∣lng mé ó neamh?

43 Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú; Ná déu∣••••dh monbhar eadruibh féin.

44 Ní héidir lé neach ar bith teachd ••••••gamsa, muna dtairrnge an Tathair, do 〈◊〉〈◊〉 uádh mé, é; agus dûiséochuidh isi é ann sa lá deigheanach.

45 Atá sgriobhtha ann sná fáidhibh; 〈◊〉〈◊〉 béid fiád uile ar na dteagasg ó Dhía. Ar a nadhbharsin gidh bé neach chlui∣eas ó nathair agus fhoghlumas, tig sé 〈◊〉〈◊〉 io••••saidhsi.

46 Ní hé go bhfacuídh einneach an Tthair, achd an té atá ó Dhía: ag so an té do chunnairc an Tathair.

47 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té chreideas ionnumsa, atá an bheatha mharrthanach aige.

48 As misi arán na beatha.

49 Ditheadar bhur naithreachasa Man∣•••• ar an bhfasach, agus fúaradar 〈◊〉〈◊〉.

50 Ag so an tarán do thuirling ó ••••amh, ionnus gidh bé itheas de, nach bh••••igheadh sé bás.

51 Is misi an tarán béo do thuirr: ling ó neamh: gidh bé iósas don arán so, mairfidh sé go bráth: agus an tarán do bhéúra misi úaim, as é mféoil féin é, do bhéura mé ar son bheatha an domháin.

52 Ar a nadhbharsin do bhî na Iú∣daidhe ag tagra ré chéile, ag rádh; Cionnas as éidir leis an bhfearso a fhéoil do thabhairt dúinn ré na ithe?

53 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa riú; Go deimhin, deimhin, a deirim ribh; Muna nithí féoil mhic an duine, agus munâ nibhthí a fhuil, ní bhfuil beatha aguibh íonnuibh féin.

54 An té itheas mféoilsi, agus ibheas mfuil, atá an bheatha mharrthanach aige: agus dúiseóchaidh misi é ann sa lá deigheanach,

55 Oir as bìadh go fírinneach mféoil∣si, & as deoch go firinneach mfuil.

56 Gidh bé itheas mféoil, agus ibhea mfuil, comhnuighidh sé ionnamsa, agus misi ann san.

57 Mar do chuir an Táthair béo misi uádh, agus mhairimsi trés a Natháir: a mar sin fós gidh bé itheas misi, mairfidh sé fós thríom.

58 Ag so an tarán do thuirrling ó neamh: ní mar ditheadar bhur naithresi an Manna, agus fuáradár bás. An té itheas an tarán so, mairfidh sé go bráth.

59 A dubhairt sé na neithesi ann sa tsionagóg, an tan do theagaisg sé a Gca∣pernáum.

60 Ar a nadhbharsin ar na gcloisdin so do mhórán dá dheisciobluibhsion, a dubhradar; As crúaidh an combrádh so: cía lér ab éidir éisdeachd ris?

61 Agus ar na aithne Diósa ann féin go rabhadar a dheisciobail ag mon∣bhar uime so, a dubhairt sé riú; An ttugann so oilbhéim dhibh?

62 Créad cheana má chíthí mac an duine ag dul suas ann sa naít a raibh sé ar tùs?

63 As é an spiorad bheódhaighea, ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bríarhra labhruimsi ribh, is spiorad & as beátha iád.

64 Achd atáid dream dhíbhsi nach ccreideann. Oír do aithin Iôsa ó thús cía hiád an dream nar chreid, agus cía bhí chum a bhraithte.

65 Agus a dubhairt sé; Is ar a nadh∣bharsin a dubhairt mé ribh nach éidir lé hâoinneach teachd chugamsa, muna raibh sé ar ná thabhairt dó ó Mathair.

66 O sin amach do chúadar mórân dá dheisciobluibh tar a nais, & nior shiobh∣ladar ní sa mhó leis.

67 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iós ris an dá fhear dhéug: A náill libhsi leis imtheachd?

68 Ann sin do fhreagair Síomon Pea∣dar é: A Thighearna, cía chuige a ra∣chamáois? as agadsa ataíd briathra na beatha marrthanuighe.

69 Agus créidmidne, agus atá a fhios

Page [unnumbered]

aguinn gur tusa Críosd mac Dé bhí.

70 Do fhreagair Jósa dhóibh; An é nar thoghasa sibhsi, an dá fhear dhéug, agus atá fear agaibh na dhíabhal?

71 Achd is ar Iúdas Iscariót [mhac] Simoín do labhair sé: oír do bhí fáoi so eision do bhrath, ar mbeith na áon don dá fhear dhéug dhó.

CAIB. VII. Comhairle bharr-ghlórach luchd cinidh Chriosd 14 & baramhail an tsloigh um a theagasc.

AGus tar a éisi so do chomhnuigh sósa ann sa Ghalilé: oír níor bháil leis comhnuighe a ttír Iúdaighe, tré gur smúaineadar na Iúdaidhe a mharbhadh.

2 Agus dó bhí féusda ná Niúdaidheadh [eadhon] Scenopégia, a bhfogus.

3 Ar a nadhbharsin a dubhradar a bhráithreachasan ris; Fág so, agus im∣thigh go tír Iúdaighe, do chum go bhfaic∣fidis do dhesciobail fós na hoibreacha do nì thú.

4 Oír ní dhéunann neach ar bith éin ní a bhfolach, agus iárrus é féin do bheith oirdheirc: má nì tú iád so, foillsigh thú féin don tsáoghal.

5 Oír níor chreideadar a bhráithrea∣cha féin fós ann.

6 Uime sin a dubhairt Iosa riú; Ní thaínig maimsirse fós: achd atá bhur naimsirse do ghnáth ullamh.

7 Ní héidir leis a tsáoghal sibhsi dfúathughadh: achd atá fúath aige dhamhsa, do bhrígh go ndéunuim fíadh∣nuisi air, gur ab olc a oibreacha.

8 Imthighidhsi súas chum na sollam∣naso: ní racha misi súas fós chum na sollamnaso, oír niór coimhliónadh maim∣sir fós.

9 An tan a dubhairt sé na neitheso riú, dfan sé ann sa Ghalilé.

10 Achd tar éis a bhráithreach im∣theachd suás, do chúaidh seisean mar an gcédna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós íseal.

11 Ar a nadhbharsin diârradar na Iú∣daidhe é sa tsollamain, agus a dubhra∣dar; Gá haít a bhfuil an fear úd?

12 Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan; oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh: ach mealluidh sé an pobal.

13 Gidheadh ní thâinig áonduine thairis ós aírd, ar eagla na Niúdaidheadh.

14 Achd tar éis leatha na sollamna do chriochnughadh, do chuaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.

15 Agus do bhí iongnadh air na Iú∣daidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhogh∣lim sé?

16 Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé; Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé.

17 Gidh bé neach lé nab áill a thoilsean do dhéunamh, aithéonaidh sé a dtim∣cheall an teaguisg más ó Dhía atá sé, nó an uáim féin labhruimsi.

18 Gidh bé labhrus uádh féin, a lá a ghloír féin iárrus sé: achd gidh bé iárr•••• glóir an té chuireas uádh é, atá sé fír••••∣neach agus ní bhfuil éagcòir ann.

19 An ne nách dtug Máois d∣gheadh dhíbhsi, agus ní choimhlíona•••• áoinneach aguibh an dligheadh? créd sá a niárrtháoi misi mharbhadh?

20 Do fhreaguir an pobal, agus a dubhradar, Atá an díabhal ionnad: cía atá ag iárruidh do mharbhtha?

21 Do fhreaguir Jósa, agus a dubhairt sé riú: Do rinne mé éun obair a mhaín, agus atá iongnadh oruibhsi uile.

22 Ar a nadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi (ní ar son gur ab ó Mháoisi atá sé, achd ó na hai∣thribh) & do níthí duine do thimcheall∣ghearradh ann sa tsábbaid.

23 Má ghlacann duine timcheall∣ghearradh annsa tsábbaid, do chum nach brisfidhe dligheadh Mháoisi, an bhfuil fearg oruibh riumsa, ar son duine uile do shlánughadh ann sa tsabbaid?

24 Ná beirìdh breath do réir na faic∣siona, achd beiridh an bhreath cheart.

25 Uime sin a dubhradar dream aí∣ríghe ó Iárusalém, A nê nach é so an té iárruid siád chum a mharbhtha?

26 Agus féuch, labhruidh sé ós aírd, & ní abruid éin ní ris: an bhfuil a dheirbhfios ag na huáchdaránuibh, gur ab é so Críosd?

27 Achd atá a fhios aguinne gá ha dó so, gidheadh an tan thiocfas Críosd, ní bhía a fhios ag áonduine gá has dó.

28 Uime sin do éigh Iósa ann sa team∣poll, ag teagasg agus ag rádh: Atá a fhios aguibh cía misi, agus atá a fhios aguibh gá has damh: agus ní uaim féin táinig mê, achd as firinneach an té do chuir uádh mé, ar nach bhfuil éolus aguibhsi.

29 Achd atá éolus agamsa air, oír as uádh atáim, agus as é do chuir úadh mé.

30 Ar a nadhbharsin do shanntuighea∣dar breith air: gidheadh níor chuir éunduine lámh ann, do bhrigh nach dtaí∣nig a uáir fós.

31 Agus do chreideadar mórán don phobal ann, agus a dubhradar; An tan thiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa mhó do mhiorbhuilibh, ná do rinne an fear so?

32 Do chúaladar na Phairifinigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimcheallsan, agus do chuireadar na Phairisinigh, agus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh.

33 Uime sin a dubhairt Iósa riú; Bíaidh mé fós sealad beag bhur bhfochair, agus na dhiaigh sin imthéocha mé chum an té do chuir uádh mé.

Page [unnumbered]

34 Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthí: agus a náit a mbía mé, ní fhéadfuidhesi teachd ann.

35 Ar a nadhbharsin a dubhradar na ••••duidhe eatarra féin; Gá háit a racha an fear so, nach bhfuigheamne é? an racha sé chum na muintire atá sgartha a measg na Ngréugach, agus an dteagasg∣••••idh sé na Gréuguidh?

36 Créud as cíall don chomhrádhso a dbhairt sé; Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthí: agus, an áit a mbîa mé, ní shéadfuidhesi teachd ann?

37 Agus ann sa lá mhór dheigheanach don tsollamuin, do sheas Iósa agus do éigh sé ag rádh, Má tá tart ar áonduine, tigeadh sé chugamsa, agus ibheadh sé.

38 Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptùir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn.

39 [Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidis na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spio∣rad náomh [ar na thabhairt] fós, ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.

40 Uime sin an tan do chúaladar mó∣rán don phobal an comhràdhso, a dubh∣radar; Go fírinneach as é so an fáidh.

41 A dubhradar cuid eile; As é so Criósd. Achd a dubhairt dream eile; An ón Ghalilé thiocfas Criósd?

42 An né nach dubhairt an sgriobtúir, Go dtiocfadh Críosd do shíol Dáibhi, & a Betelém an baile an a raibh Dáibhi?

43 Ar a nadhbharsin déirigh conn∣spóid a measg an phobail ar a shonsan.

44 Agus do bhreathnuigheadar cuid díobh a ghlacadh, achd níor chuir éun∣duine lámha ann.

45 Uime sin tangadar na máoir chum na nárdshagart agus na Bhphairisíneach: & dfiafraigheadarsan díobh, Créud fá nach tugabhair libh é?

46 Do fhreagradar na hoifigidh, Níor labhair duine ríamh mar an duinesi.

47 Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Phairìsínigh iádsan; An bhfuiltísi mar an gcéudná ar bhur mealladh?

48 Nar chreid áoinneach do na húachd∣aránaibh ann, nó do na Phairisìneachaibh.

49 Achd atá an pubalso ag nach bhfuil éolas an dlighidh, mallaighe.

50 A dubhairt Nicodémus riù, (an té tháinig chuige ann sa noidhche, agus do bhí na áon dióbhsan,)

51 An ndáorann ar ndligheadhne duine ar bith, ní as táosga ná chluineas sé úadh, & aitheónaidh sé cred do rinne sé?

52 Do fhreagradar, & a dubhradar fis; An ón Ghalilé thusa leis? lorgair, agus féuch, oír níor éirigh fáidh ón Ghalilé [riámh.]

53 Agus do imthigh gach áon dá thigh fêin.

CAIB. VIII. Tròcaire Chriosd don mhnáoi ghabhtha a Na∣dhaltrannus, 39 & a bhreath ar shiol Abra∣ham, 44 & shiol an aithbhirseóir.

AGus dimthigh Iósa chum shléibhe na noluidheadh.

2 Agus táinig sé go moch a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile chuige, agus ar suidhe dhó do theagailg sé íád.

3 Agus tugadar na sgríobuidhe, agus na Phairisinigh bean ar a rugadh a nadhaltrannus chuige: agus ar na cur a lár,

4 A dubhradar ris; A mhaighisdir, rugadh ar an mnáoisi sa ngnîomh féin, ag déanamh adhaltrannais:

5 Agus do aithin Máoisi dhínn sa dli∣gheadh a leitheidso do bhásughadh lé clóchaibh: ar a nadhbhars in créd a deir tusa?

6 Agus as é adhbhar fá a ndubhradar sin dá theasdughadhsan, ionnus go gcuir∣fidis cúis air. Achd ar gcromadh síos Díosa, do sgríobh sé lé na mhéur ar a talamh.

7 Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déìrigh sé suás, agus a dubhairt sé riú; Gidh bé aguibhsi atá gan Pheacadh, caitheadh sé an chéad∣chloch ría.

8 Agus ar gcromadh siós dó a ris, do sgríobh sé ar a talamh.

9 Achd mar do chúaladarsan na nei∣thesi, agus a gcogús dá nagra, do im∣thigheadar amach a ndíaigh a chéile, ag tosughadh ó na sinnsioraibh gus na dáoi∣nibh déigheanacha: agus do fagadh Iósa na áonar, agus an bhean na seasamh a lár.

10 Agus ar néirghe suás Diósa, an tan∣nach bhfacuidh sé áonduine achd an bhean, a dubhairt sé ría; A bhean, caít a bhfuilid an mhuintir úd do chuir cúis ort? nar dhamnuighe éanduine thú?

11 A dubhairt sisi; A Thighearna, níor dhamnuighe áonduine. Agus a dubhairt Iósa riá, Ní mó dhamnuighimsi thú: im∣thidh romhad, agus na peacuidh feasda.

12 Ar nadhbharsin do labhair Iósa riú a rís, ag rádh; Is misi solus an do∣mhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhal∣fa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.

13 Uime fin a dubhradar na Phai∣risinigh ris; Atá tú ag deunamh fiadh∣nuisi dhuit fein, ni bhfuil thfíadnuisi fi∣rinneach.

14 Do fheagair Iósa agus a dubhairt sé riú; Gé nímsi finné dhamh féin, atá mfinné firinneach: do bhrígh go bhfuil a fhios agam gá háit as a dtáinig mé, & ga háit a dteighim: achd ní bhfuil a fhios aguibhsi gá háit as a dtáinig mé no gá háit a dtéighim.

15 Do réir na féola bheirtífi breath, ní bheirimsi breath ar àonduine.

16 Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé.

17 Agus atá sgríobhtha an bhur

Page [unnumbered]

ndligheadhsa, gur fíor fínné deisi.

18 Atáimse ag déanamh finné dom tháobh féin, agus an Tathair do chuir úadh mé do ní sé fíadhnuisi leam.

19 Uime sin a dubhradarsan ris: Gá háit a bhfuil Hathair? do fhreagair Iósa iad; Ní haithne dháoibhse ceachdar aguinn, misi ná Mathair: dà mbeith éolus aguibh oramsa, do bheith éolus a∣guibh ar Mathuir mar an gcéadna.

20 Do labhair Iósa ná bríathrasa a náit choimhéada an chisde, ag teagasg ann sa teampall: agus nìor chuir áon∣duine lámh ann: óir ní tháinig a uáir fós.

21 Na dhiáigh sin do labhuir Iósa ríu a rís: Atáimsi ag imtheachd agus íarrfuidhesi mé, agus do gheubhthaói bás an bhur bpeacadh: mar a dtéighim∣si ní héidir libhsi teachd.

22 Uime sin a dubhradar na Iùdai∣ghe; An muirbhfe sé é féin, fá a nabair sé: Mar a dtéighimsi ní héidir libhsi teachd.

23 Agus a dubhairt sé ríu: Is a nsíos dáoibhsi, agus as a nsúas damhsa: don tsáoghalsa sibhsi, ní don tsáoghalsa mìsi.

24 Ar a nadhbharsin a dubhairt mé ribh, Go bhfuigheadh sibh bás an bhur bpeacaidhibh; óir muna ccreidtí gur misi atá ann, do gheabhtháoi bás an bhur bpeacaidhibh.

25 Uime sin a dubhradar ris; Cía thú féin? agus a dubhairt Iósa ríu; An ní a deirim ribh ó thús.

26 Atá mórán agam ré labhairt & ré bhreathnughadh bhur dtimcheallsa: achd as fírinneach an té do chuir úadh mé: agus labhruim ris a tsáoghal na neithe do chúaluidh mé úadhsan.

27 [Achd] níor thuigeadar gur a dtimcheall a Nathar do labhuir sé ríu.

28 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iosa ríu; An tan thóigeubhtháoi súas mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach dèunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.

29 Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé, do bhrígh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision.

30 Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar móran ann.

31 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iùdaidhibh do chreid dhó; Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go firin∣neach beithí bhar ndeiscioblaibh agam.

32 Agus áithéontáoi a nfírinne, agus sáorfaidh a nfírinne sibh.

33 Do fhreagradarsan é; Síol Abra∣ham sinne, agus ní dhearnamar seir∣bhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor?

34 Do fhreaguir Iósa íad: Go deimhin, deimhin a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é.

35 Achd ní chomhnuigheann an seir∣bhiseach, sa tigh go siorruidhe: fanuidh an mac go síorruidhe.

36 Ar a nadhbharsin má sháorann a mac sibhsi, beithí sáor dhá ríribh.

37 Atá a fhios agam gur do shíol A∣braham sibh, gidheadh íarrtháoi mi•••• mharbhadh: óir ní fhaghann mo bhríathar ionad ionnuibh.

38 Labhruimsi an ní do chunnairc mé ag Mathair, agus do nithísi an ní do chunncabhair ag bhur nathair féin.

39 Do fhreagradarsan, & a dubhra∣dar ris: As é Abraham ar nathuirne. A dubhairt Iósa ríu, Dá madh clann Da∣braham sibh, do dhéunadh sibh oibrea∣cha Abraham.

40 Achd íarrtháoi a nois misi mhar∣bhadh, noch do innis dáoibh a nfirinnè, do chúaluidh me ó Dhía: ní dhearna Abraham so.

41 Do níthísi oibreacha bhur nathar féin. Uime sin a dubhradarsan ris: Ní a nadhaltrannus rugadh sinn: atá áon athuir aguinn, Día.

42 Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu: Dá madh é Día bhur nathairsi, gan chunntabhairt do ghráidhéochadh fibh misi: óir is ó Dhîa do ghluáis mé, agus tháinig mé: agus ní uáim féin tháinig mé, achd eisean do chuir úadh mé.

43 Créd fá nach dtuigti mo chomh∣rádhsa? Ar son nach bhféudtáoi mo bhríathar déisdeachd.

44 As é an díabhal as athair dháoibh, & as íad míana bhur nathar as toil libhsi dhéunamh. Do bhí seision na fhear dún∣mharbhtha ó thús, & níor chomhnuidh sé sa bhfírinne: óir ní bhfuil fìrinne ann: a nuair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé, óir as bréaguire é, agus as sé as athair don bhréig.

45 Achd do bhrígh go labhruimsi an fhírinne, ní chreidtí mé.

46 Cía dhibhsi chuireas peacadh am leith? má a deirim a nfírinne, Créd fá nach creidtí dhamh?

47 Gidh bé atá ó Dhía, éisdidh sé briathra Dé: is uime nach éisdtisi, ar son nach ó Dhía sibh.

48 Uime sin dó fhreagradar na Iúdai∣dhe, agus a dubhradar ris; An né nach maith a deirmid gur Samaritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnad?

49 Do fhreaguir Iósa: Ní bhfuil deamharr ionnamsa: achd do bheirim onóir dom athair, & do bheirthisi easonóir dhamhsa.

50 Agus ní í mó ghlóir féin íarruimsi, atà neach íarrus agus bheireas breath.

51 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé choimhéudfas mo bhrîatharsa, nî fhaicfi sé bás go siorruidhe.

52 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris; Aithnimid a nois go bhfuil an dîabhal ionnad. Fúair Abraham agus na faidhe bás: agus a deir tusa, Gidh bé choimhéudfas mo bhrìatharsa, nî bhlais∣fe sé bás go sîorruidhe.

53 An mó thusa ná ar nathair Abra∣ham, noch fuáir bás? agus fuaradar

Page [unnumbered]

na faidhe bás: Créd an neach do ní tusa dhíot féin?

54 Do fhreagair Jósa; Má bheirimse glóir dhamh féin, ní bhfuil tádhbhachd an mo ghlóir: as é mathair do bheir glóir dhàmh, noch a deirthísi gur ab é bhur Ndía féin é.

55 Agus ní bhfuil aithne aguibhsi air: gidheadh is aithne dhamhsa é: & má a deirim nach aithne dhamh é, biáidh mê cosmhuil ribhsi, bréagach; gidheadh as aithne dhamh é, agus coi∣mhénduim a bhríathar.

56 Do bhí gáirdeachus mór ar bhur athuirse Abraham, fam lása dfaicfin: agus do chunnairc sé é, agus do bhí lùath∣gháir air.

57 Uime sin a dubhradar na Iúdui∣dhe ris; Ni bhfuil deich mblíadhna agus dá fhichead dáois agad fós, & an bhfacuidh tú Abraham?

58 A dubhairt Jósa ríu; Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, go bhfuilimsi ann suil do bhí Abraham.

59 Uime sin do thógbhadar clocha, do chum go gcaithfidis ris íad: achd do fholuigh Jósa é féin, agus do chuáidh sé amach as an teampall, ag dul tré na lár; agus do chuáidh sé thárrsa mar sin.

CAIB. IX. An duine dall, do leighiseadh, 34 Ar na theilgeadh leis na Pharisineachaibh, 35 do ghabh Criosd chuige é.

AGus ag gabháil thairis do chunnairc Jósa duine do bhí dall ó rugadh é.

2 Agus dfíafruigheadar a dheiscio∣buil de, ag rádh; A mhaighisdir, cía pheacuidh, an fearso féin, nó a athair agus a mhathair, fá rugadh dall é?

3 Do fhreaguir Jósa: Nior pheacuidh sé so, ná a athair & a mhathair; achd do chum go bhfoillséochtháoi oibrea∣cha Dé ann.

4 Is éigean damhsa oibreacha an té ó dtáinig mé do dhéunamh, an feadh as lá é; atá a noidhche ag teachd, ann nach bhféadann áonduine obuir a dhéu∣namh.

5 An feadh atáim ar an sáoghal, as mé solus an tsáoghail.

6 An tan a dubhairt sé so, do chuir sé seile air an dtalamh, agus do rinne sé láib don tseile, agus do chumail sé an láib do shúilibh an doill:

7 Agus a dubhairt sé ris; Imthigh, ionnail a loch Shíloam, noch mhínigh∣thear, Ar na chur. Uime sin do imtbigh sé, agus do ionnail sé, & táinig a rís agus a radharc aige.

8 Ar a nadhbharsin a dubhradar na comharsain, agus na dáoine do chunnairc dall é roimhe sin; An né nach é so an té do bhí na shuidheag íarruidh na deirce?

9 A dubhradar cuid dhíobh, as é so é; agus cuid eile, gur cosmhuil ris é. A dubhairt sé Féin, As misi Féin é.

10 Uime sin a dubhradar ris; Créd é an modh air ar hosgladh do shùile?

11 Do fhreaguir seision, agus a du∣bhairt sé; An té dár ainm Iósa do rinne sé láib, agus do chumail sé dom shúilibh í, agus a dubhairt rium, Im∣thigh go loch Shilóam, agus ionnail; agus dimthigh misi, agus dionnuil mé, agus fúarus mo radharc.

12 A dubhradarsan ris ann sin; Gá háit a bhfuil sé? a dubhairt seision, Ní bhfuil a fhios agam.

13 Rugadar léo chum na Bhpairisí∣neach, an té so do bhí dall roimhe sin.

14 Agus do bhí an tsábóid ann an tan do rinne Iósa an láib, agus dosguil sé a shúile.

15 Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar na Phairisinigh a ris de, Cionnus fuáir sé a radharc? Agus a dubhairt seisean ríu; Do chuir sé láib ar mo shúilibh, agus dionnuil mé, agus do chím.

16 Uime sin a dubhradar cuid do na Phairisíneachuibh; Ní ó Dhía an duine∣si; óir ní chongbhann sé an tsábbaid: a dubhradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacthach, a léithéid so do cho∣mharthadhuibh a dhéunamh? Agus do bhi fiosma eatorra.

17 A deirid síadsan a rís ris a dall; Créud ì do bharamhuil don té úd, ar son gur osguil sé do shuile? agus a du∣bhairt seisean, Is faidh é.

18 Uime sin níor chreideadar na Iú∣daidhe úadh go raibh sé dall, agus go bhfuáir sé a radharc, nó gur ghoirea∣dar athair agus mathair an te fuáir a radharc.

19 Agus dfiafruigheadar dhíobh, ag rádh: An né so bhur macsa, noch a deir∣thí rugadh dall? ar a nadhbharsin cionnas do chí sé a nóis?

20 Do fhreaguir a athair & a mha∣thair íad, & a dubhradar; Atá a dhei∣mhin aguinn gur ab é so ar mac, agus go rugadh dall é:

21 Achd cionnus do chí sé a nois nì fios dúinn: nó cía dosguil a shúile, ní bhfuil a fhios aguinne: Atá áois aige, fíafruighidh dhe fein, freigeoruidh sé ar a shon féin.

22 A dubhairt a athair & a mhathair na bríathrasa, ar eagla na Niudaidheadh: óir do órduigheadar na Iúdaidhe roi∣mhe sin, gidh bé daidmhéochadh gur bheisean Críosd, a chur as an tsinagoig.

23 Ar a nadhbharsin a dubhradar a athair agus a mhathair: atá aois aige, fiafruighidh dhe féin.

24 Ann sin do ghoireadarsan an dara hùair an duine do bhí dall, agus a dubhradar ris: Tabhair glóir do Dhía: atá a dheimhin aguinne gur ab peac∣thach an duinesi.

25 Ar a nadhbharsin do fhreagair seision agus a dubhairt sé: Más peac∣thach é, ní bhfuil a fhios agamsa: atá fios a náoin neithesi agam, go raibh mé dall, agus go bhfaicim a nois.

26 Agus a dubhradarsan ris arís;

Page [unnumbered]

créd do rinne sé riot? cionnas dosguil sé do shúile.

27 Do fhreaguir seisean iád; Dinnis mé dhíbh cheana, agus níor éisdeabhuir: créud fa niártháoi a chloisdin a rís? an mían libhsi leis bheith bhur ndeisciob∣luibh aige?

28 Uime sin tugadar aithis dó, agus a dubhradar: Bísi ad dheisciobal aige: achd is do Mháoisi is deisciobail sinne.

29 Atá a fhios aguinne gur labhuir Día ré Máoisi: achd ní bhfuil a fhios aguinn gá has don fhearsa.

30 Do fhreagair seisean, agus a du∣bhairt se riú; Ata ní iongantach ann so, nach bhfuil a fhios aguibhsi gá has dó, agus gur osguil sé mó shúilesi.

31 Achd atá a fhios aguinne nach éis∣deann Día na peacthuidh: achd má bheir duine onoír do Dhía, agus má ní sé a thoil, éisdidh sé an fearso.

32 Ní clos ó thosach an tsáoghail, gur osguil éainneach súile dhuine rugadh dall.

33 Muna mbíadh an fearso ó Dhía, nìor bhéidir leis ní ar bith a dhéunamh.

34 Do fhreagradarsan, agus a dubhra∣dar ris; A bpeacaidhibh rugadh thu∣sa uile, agus an dteaguisgeann tú sinne? agus do theilgeadar amach é.

35 Do chuáluidh Jósa gur theilgeadar amach é; agus mar thárla sé air, a du∣bhairt sé ris; An gcreideann tusa a mac Dé?

36 Do fhreaguir seision, agus a dubh∣airt sé; Agus cía hé féin, a Thighearna, ionnus go gcreidfinn ann?

37 A dubhairt Iòsa ris, Do chunnairc tú é: & as é an té labhrus riot é.

38 Agus a dubhairt seision, Creidim, a Thighearna. Agus donóruidh sé é.

39 Agus a dubhairt Iósa; Chum brei∣theamhnuis thaínig misi ar a tsáoghalsa: ionnus go bhfaicfidís na ndáoine nach bhfaiceann, agus go ndallfuidhe na dáoine do chí.

40 Agus do chúaladar cuid áirighe do na Phairisíneachuibh do bhí na fhochair na neithesi, agus a dubhradar ris; An bhfuilmídne dall leis?

41 A dubhairt Jósa riú; dá mbeith sibh dall, ní bhíadh peacadh oruibh: achd a nois a deirthí, Do chímíd: ar a nadhbharsin, fanuidh bhur bpeacadh [oruibh.]

CAIB. X. ar éis Chríosd eidirdhealughadh do dhéanamh eidir an deagh àodhaire & an Tuarusda∣luigh, 31 tugadar na Hiuduighe fùadh nimhneach dhó.

GO deimhin, a deimhin, a deirim ribh, Gidh bé nach dtéid a sdeach thríd an ndorus go cró na gcáorach, achd théid suás a dtáoibh eile, is gaduidhe é agus biothamhnach.

2 Achd gidh bé théid a sdeach air a dorus, as é áodhaire na gcáorach é.

3 Is dó so osglas an doirrseóir, agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a chàoirigh réir a nanman, agus tréoruighidh sé amach iád.

4 Agus an tan léigeas sé a cháoirigh féin amach, fiobhluidh sé rómpa, agus leanuid na cáoirigh é: oír aithnighid siád a ghuth.

5 Agus ni leanfaid siád áodhaire coimh∣thigheach, achd teithfid uádh: do bhrígh nach aithnid dóibh guth na gcoimh∣thigheach.

6 Do labhair Jósa an chosamhláchd so riú: Gidheadh níor thuigeadarfan na bríathra á dubháirt sé riù.

7 Ar a nadhbharfin a dubhairt Jósa rìú arís; Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, gur misi dorus na gcáorach.

8 A dtáinig romham uile, as gaduidh∣the iád agus biothamhnuigh: achd nior éisdeadar na cáoirigh riú.

9 Is misi an dorus, gidh bé neach ra∣chas a steach thríomsa, slaíneochthar é: & rachuidh sé a steach, & amach, agus do ghéubha sé ginbhiur.

10 Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, & do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíadh beatha aca, & go mbíadh sí ní is fairsinge aca.

11 As misi an táodhaire maith: cui∣ridh an táodhaire maith a anam féin ar son na gcáorach.

12 Achd an túarasdaluigh, & an té nach bhfuil na áodhaire, & nach leis féin na cáoirigh, dó chí sé an mactíre ag teachd, & fáguidh sé na cáoirigh, & teithidh sé: & fuáduighe an mactíre na cáoirigh, agus scabuighe fé iád.

13 Achd teithidh an tùarusdaluigh, ar son gur túarusdaluigh é, agus nach bhfuil suim aige ann sna cáorchuibh.

14 Is misi an táodhaire maith, agus aithnighim mo cháoirigh féin, agus aith∣nighid mo cháoirigh féin mé:

15 Mar aithnigheas an Tathair misi, & aithnighimsi an Tathair: agus do bhei∣rim manam ar son na gcáorach.

16 Agus atáid cáoirigh eile agam nach don chróso: & caithfidh mé iád sin lei do thabhairt leam, agus éisdfid fiád mo ghuth, agus biâidh áonchrò amháin, & àonáodhaire amháin ann.

17 Ar a nadhbharso ghràdhuigheas Mathair misi, ar son go gcuirim manam uáim, do chum go nglacfuinn é arís.

18 Ní bheireann eúnduine úaim é, achd cuirim féin uáim féin é: atâ cumhachda agam a chur uâim, & atá cumhachda a∣gam a ghábháil chugam a rís. Fuáir mé an áithnesi ó Mathair.

19 Ar a nadhbharsin déirigh conn∣spóid a rís eidir na Júduidhibh trés na bríathraibhse.

20 Agus a dubhradar mórán díobh; Atá diabhal ann, & atá sé ar buile: créd fá néisdtí ris?

21 A dubhradar cuid eile; Ní bríathra dhuine iona bhfuil díabhal iád so: an bhféudann an díabhal súile na ndáoine dall dosgladh?

Page [unnumbered]

22 Agus do bhí sollamain choimhnigh∣the aththógbhála an teampoill a Nía∣rusalem, agus do bhí an geimhreadh ann.

23 Agus do bhí Jósa ag siobhal ann sa teampall a bpóirsi Sholuimh.

24 Uime sin do chruinnigheadar na júduidhe na thimcheall, agus a dubhra∣dar ris; Gá sad chuinneóchas tú sinn a amharus? más tú Críosd, innis dúinn é òs áird.

25 Do fhreaguir Jósa iád; Dinniseas dáoibh, agus ní chreidthí mé: na hoi∣breacha ním a nainm Mathar, do níd fiad fínne dhamh.

26 Gidheadh ní chreidtisi: oír ní dom thàorchaibh sibh, mar a dubhairt mé ribh.

27 Do chluinid mo cháoirighsi mo ghuth agus aithnighim iád, agus leanuid fiád mé:

28 Agus do bheirim an bheatha mharr∣thanach dhòibh, agus ní rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh einneach as mo láimh iád.

29 Mathair noch thug dhamhsa [iád as mó é ná na huile: agus ní fhéudann éinneach a bhfuadach as láimh Mathar.

30 Misi & an Tathair as áon finn.

31 Uime fin do thógbhadar na Iùdui∣dhe clocha a rís, chum a gcaithte ris.

32 Do fhreagair Iósa iád; Do thais∣béun mé mórán doibreachuibh maithe dháoibh ó Mathair: cía aca obair ar son a ngabhtháoi do chlochuibh oram?

33 Do fhreagradar na Iúdaidhe é, ag rádh; Ní ar son oibre maithe ghabh∣máoid do chlochuibh ort, achd ar son blaispheíme: agus air son thusa agus tú ad dhuine, go ndéunann tú Día dhiót féin.

34 Do fhreaguir Iósa iád; An né nach bhfuil sgríobhtha an bhur ndligheadhsa, A dubhairt misi, As Dée sibh?

35 Má a dubhairt sé gur Déé na dàoine úd chum a dtaínig briathar Dé, agus nach éidir an sgriobtùir a sgáoileadh:

36 A nabartháoisi ris an té do bheann∣uigh an Tathair, & do chuir sé úadh air a tfáoghal; Do ní tú blaisphéime, do bhrígh go ndubhairt mé, Gur mé mac Dé?

37 Muna ndéunaim oibreacha Mathar ná creididhsi dhamh.

38 Achd má ním, gé nach ccreidtí dhamhsa, creididh do na hoibreachuibh: ionnus go naithéonadh sibh, agus go gcreidfeadh sibh, go bhfuil an Tathair ionnamsa, agus misi annsan.

39 Uime sin diárradar a rís a ghla∣cadh: agus dimthigh sé as a lámuibh.

40 Agus do chúaidh sè a rís tar Iordán, don ionadh an ar bhaisd Eóin ar tùs: agus do chomhnuidh sé ann sin.

41 Agus tángadar mórán chuige, & a dubhradar; Ní dhearna Eóin míorbhuile ar bith: aahd gach uile ní dhá ndubh∣airt Eóin dá tháoibh so, dob fhíor iád.

42 Agus do chreideadar móran an sa nait sin ann.

CAIB. XI. Ath-dhûsgadh Lasaruis ó mharbhuibh, 49 & Tairrghire Chaiphas an ainbhfios dò.

AGus do bhí óglach áirighe tinn, dar bháinm Lásarus ó Bhetánia baile Mhuire agus Mhartá a deirbhsheathrach.

2 (Agus do bí Muire do ong an Ti∣ghearna lé huinnement, & do thior∣muigh a chosa lé na grúaig, dar dhear∣bhrathair Lásarus do bhí tinn.

3 Uime sin do chuireadar a dheirbh∣sheathracha fios chuigesion, ag rádh; A Thighearna féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn.

4 Agus ar na chloisdin sin Díosá, a dubhairt sé: Ni bhfuil an téagcruás so chum báis, achd chum glóire Dé: do chum go bhfuigheadh mac Dé glóir dhá tháoibh.

5 Agus dob ionmhuin lé Híosa Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus.

6 Uime fin mar do chùaluidh sé go raibh sé éugcrûaidh, dfan sé fós dhá lá na chomhnuidhe ann sa náit a raibh sé:

7 Agus tar a éisi sin a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh; Déunam a ris go tír Iúdaidhe.

8 A dubhradar a dheisciobail ris; A mhaighisdir, a nois diárradar na Iú∣daidhe gabháil do chlochuibh ort: agus an bhfuil tú ag dul a rís ann?

9 Do fhreagair Iósa, An né nach bhfuil dhá uáir dhég sa ló? má shiobhlann duine ann sa ló, ni fhaghann sé tuisleadh: oír do chí sé solus an tsaoghailsi?

10 Gidheadh má shiobhlánn duine sa noidhche, do gheibh sé tuisleadh: oír ní bhfuil solus ann.

11 A dubhairt sé na neithese, agus na dhiáighsin a dùbhairt sé riú; Atá ar gcara Lásarus na chodladh: achd atáimse ag dul dá dhúsachd as a chodladh.

12 Ann sin a dubhradar a dheisciobail; A Thighearna, má tá sé na chodladh, biáidh sé slán.

13 Gidheadh, as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shûain chodalta do labhair sé.

14 Uime sin a dubhairt Iósa an tan fin ós áird riú; Fuáir Lásarus bás.

15 Agus atá lúathghaír oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a láthair ann sin: achd déanam chuige.

16 Ar a nadhbharsin a dubhairt To∣más, ré ráidhthear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh; Déanaimne lei dfagháil bháis na fharradh.

17 Uime sin thaínig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.

18 Agus do bhí Betánia a bhfogu Diarusalém a ttimcheall chuig sdàide dég:

19 Agus tangadar mó•••••• do na

Page [unnumbered]

Júdaidhibh chum Martá agus Muire dá gcomhfnurtachd fá na ndearbhráthair.

20 Agus mar do chúalaidh Martá go raibh Crìosd ag teachd, do chúaidh fi na airrcis: achd do fhan Muire na suidhe a sdigh.

21 Uime sin a dubhairt Martá ré Jósa; A Thighearna, dá mbeithéasa ann so ní bhfuigheadh mo dhearbhráthair∣si bás:

22 Achd atá a dheimhin agam a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.

23 A dubhairt Jósa ría; Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís.

24 A dubhairt Marthá ris, atà a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiséirghe, an lá déigheanach.

25 A dubhairt Jósa ría; Is misi a neiséirghe agus an bheatha: gidh bé chreideas ionnam, dá mbeih go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:

26 Agus gidh bé mhaireas, agus chreideas ionnamsa: ní bhfuighe sé bás go bráth: an gcreideann tú so?

27 A dubhairt sisi ris; Creidim a Thighearna; do chreìd mé gur tusa Críosd mac Dé, tháinic air an tsao∣ghalso.

28 Agus an tan a dubhairt sí so, dimthigh sí, & dó ghoir sí a deírbh∣shiúr Muire a nuáigneas, ag rádh; Tháinic an maíghisdir, agus atá sé dod arruidhsi.

29 An tan dó chúaluidh sisi sin, déirigh si go tapaidh, & tháinig sí chuige.

30 (Oír ní tháinig Iósa fá namsin don bhaile: achd do bhí sé ann sa náit ann a dtárla Martá dhó.)

31 Uime sin na Júdaidhe do bhí a bhfochair Mhuire a stigh, da comhfhur∣tachd, an tan do chunncadar ag éirghe go tapuidh í, & ag dul amach, do lea∣nadar í, ag rádh; Atá sí ag dul chum an túama, do cháoineadh ann.

32 Ar a nadhbharsin an tan tháinig Muire sa náit a raibh Jósa, agus do chunnairc sí é, do theilg si í féin fá na chosaibh, agus a dubhairt si ris; A Thighearna, dá mbeithéasa ann so ní bhfuígheadh mo dhearbhráthairsi bás.

33 Ar a nadhbharsin an tan do chunnairc Iòsa ag gul í, agus na Iú∣daidhe tháinig le ag gul mar an gcéadna, do rinne sé osna ann a spio∣raid, agus do bhúaidhir sé é féin.

34 A dubhairt sé; Gá háit ar chui∣reabhair é? a dubhradar ris; A Thi∣ghearna, tárr, agus féuch.

35 Agus do ghuil Iósa.

36 Uime sin a dubhradar na Iúdaidhe, Féuch cionnus do ghrádhuigh sè é.

37 A dubhradar cuid díobh; A né nach bhféudfadh an té so dosgail súile an doill, a thabhairt fá deara mar an gcéadna, nach bhfuigheadh an fearso bás?

38 Uime sin tháinig Iósa, & é a rís ag osnaidhe ann fein, chum an túama: agus dob uáimh mór é, agus cloch ar na cur ós a chionn.

39 A dubhairt Iósa, Tóguidh an chloch. A dubhairt Martá deirbhshíur an duine mhairbh ris; A Thighearna, atá drochbhaladh a nois air: óir atá ceithre lá ó fúair sé bás.

40 A dubhairt Iósa ría; Nach dubhaìrt mé riot, má chreideann tú, go bhfaicse tú glóir Dé?

41 Uime sin do thógbhadar an chloch don áit a raibh an duine marbh curtha. Agus do thóg Iósa a shúile súas, agus a dubhairt sé; A Athair, do bheirim buidh∣eachus duit, do bhrígh gur éisd tú rium.

42 Agus atá a dheimhin agam, go gcluin tú mé do ghnáth: achd ar son an phobail atá na seasamh am thim∣cheall, a dubhairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa chuir uáit mé.

43 Agus tar éis so do rádh dhó, a dubhairt sé do ghuth árd; A Lá∣saruís, tárr amach.

44 Agus ar an mball tháinig an duine marbh amach, agus a lámha agus a chosa ceanguilte ris a naiséadach, & a aghaidh ceanguilte ré naipcin. A dubhairt Iósa ríu; sgáoilídh é, agus leigidh dhó imtheachd.

45 Uime sin mórán do na Iúduighibh tháinig chum Muire mar do chuncadar na neithe do rinne Jósa, do chreideadar ann.

46 Agus do imthigheadar cuid aca chum na Bhfairisineach, agus dinniseadar dhóibh na neithe do rinne Iósa.

47 Ar a nadhbharsin do chruinnighea∣dar uáchdaráin na sagart agus na Phairisínigh comhairle, & a dubhradar; Créd do dhéanam? óir as iomdha míor∣bhuile do ní an fear so.

48 Má fhuilngemíd é mar só, creid∣fidh na huile dháoine ann, & tiocfaid na Rómhánuigh agus sgriosfuid siad ar náit, agus ar gcineadh.

49 Ann sin fear áirighe dhíobhsan Cáiphas, ar mbeith dhó na árdshagart an bhlíadhuinsin, a dubhairt sé ríu; Ní thuigthísi ní ar bith:

50 Agus ní smuáintighthí gur ab oireamhnach go bhfuigheadh áonduine amháin bás ar son an phobuil, & gan an cineadh uile do sgrios.

51 Gidheadh ní úadh féin a dubhairt sé so: achd ar mbeith dhó na árdsa∣gart an bhlíadhuinsin, do thairrghir sé go bhfuigheadh Jósa bás ar son an chinidh.

52 Agus ní ar son an chinidhsin amháin, achd do chum go gcruin∣neochadh sé a cceann a chéile clann Dé do bhí ar na leathnughadh.

53 Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.

54 Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin fúas go follus a measg na Níudaidheadh, achd do chuáidh sé a sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem:

Page [unnumbered]

agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfo∣chair a dheisciobal.

55 Agus do bhí Cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh, agus do imthigheadar mórán as a tírfin súas go Híarusalém roimh Cháisg dá nglanadh féin.

56 Uime sin diarradar Iósa, agus do labhradar eatarra féin, na seasamh annsa teampoll: Créd chithear dháoibhse tré nach dtig sé chum an fhéusda?

57 Agus tugadar na hárdshagairt agus na Phairisinigh áithne, gidh bé ar bith do geabhadh a fhios gá háit a raibh sé, a innisin, do chum go mbéuraidís air.

CAIB. XII. Do ghabh Iòsa leithsgeul Mouire Mhagdalén ioma nuinnemêid 27 & atá a anam ar na chrádh a Niarúsalem.

AR a nádhbharsin tháinig Iósa sé lá roimh Cháisg go Bethania, mar a raibh Lásarus marbh, noch do dhúi∣sigh seisean ó mharbhuibh.

2 Uime sin do rinneadar suipér dhó ann sin, & do bhí Martá ag friothòlamh: achd do bhí Lásarus na áon don mhuinn∣tir do shuidh na fharradh ar tan mbórd.

3 Ann sin do ghlac Muire pota duinnement náird fhárinnigh roúasail, & de ung si cosa Iósa, & do thiormuigh si a chosa lé na grúaig: & do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte.

4 Ar a nadhbharsin a dubhairt áon dá dheisciobluibhsean, Iúdas Iscáriot [mhac] Símóin, noch do bhí ar tí eision do bhrath;

5 Créd fá nar díoladh a nuinnement∣se ar thrí chéud pighinn, agus a dta∣bhairt do na bochduibh?

6 Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh, achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é díomchradh an ní do chuirthì ann.

7 Uime sin a dubhairt Iósa, Léig dhi: fá chomhair láethe madhluice do thais∣gidh sí so.

8 Oír atáid na boichd bhur bhfar∣radh do ghnáth, achd ní bhia misi do ghnáth agaibh.

9 Agus do bhí a fhios ag cuid mhóir do na Iúdaidhibh go raibh sé ann fin: agus tangadar, ní ar son Chríosd àmháin, achd do chum go bhfaicfidís Lá∣sarus fós noch do dhùisigh seision ó mharbhuibh.

10 Uime sin do rinneadar na hárd∣shagairt do chomhairle, Lásarus fós do mharbhadh:

11 Do bhrígh gur imthiodar mórán do na Iùdaidhibh air a shonsan, agus gur chreideadar a Níosa.

12 Achd ar na mhárach mòrán dá dtái∣nig chum an fhéusda, an tan do chuála∣dar go raibh teachd Iósa go Hiarusalém,

13 Do ghlacadar géuga pailme, agus do chuádar a mach do theagmháil air, & do éighmheadar, Hosanna, as bean∣naighthe an té thig a nainm an Ti∣ghearna, Rí Isráel.

14 Agus ar bhfagháil asail Díosa, do shuidh sé air, mar atá sgríobhtha,

15 Ná bíodh eagla ort, a inghean Shioin: féuch, atá do Rí ag teachd, na shuidhe ar searrach asail.

16 Achd níor thuigeadar a dheiscio∣bail na neithe so ar tús; gidheadh an tan do ghlórughadh Iósa, ann sin do chuimhnigheadar go rabhadar na neithesi sgriobhtha air, agus go ndéarnadar na neithe so dhó.

17 Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh, fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, & gur dhúisigh sè é ò mharbhuibh.

18 As tríd sin tháinig an pobal do theagmháil air, do bhrígh go ccualadar go ndéarna sé an míorbhuilsi.

19 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Phairisínigh eatarra féìn; An bhfaicthí nach feairde dhíbh áon ní há ndéuntáoi? féuch, dimthigh an sáoghal na dhiáigh.

20 Agus do bhí dream âirighe do na Gréugachuibh a measg na muintire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhísi do Dhía san bhféusda:

21 Agus tangadar dionnsuighe Philib, noch do bhí ó Bhetsaida na Galilé: & diarradar air, ag rádh; A mhaighistir as mían linn Iósa dfaicsin.

22 Táinig Philib agus dinnis sé Dhaindrías: agus a rís dinnis Ain∣drías agus Philib Díosa é.

23 Agus do fhreaguir Iósa íad, ag rádh; Tháinig an úair ionnus go bhfui∣gheadh mac an duine glóir.

24 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Muna bhfagha an gràinne cruith∣neachda a thuiteas ann sa talamh, bás; fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór ùadh.

25 Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin, caillfidh sé é: & gidh bé fhuáthui∣gheas a anam féin ar an fáoghalso, coi∣mhéudfaidh sé é chum na beatha mar∣thanuighe.

26 Gidh bé ní feirbhís damhsa, lea∣nadh sé mé: agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhíseách ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onoir dhó.

27 Atá mhanam buáidheartha a nois: agus créd a déura mé? A Athair, sáor mé ó nuáirsi: achd as chuige so tháinig mé chum na huáiresi.

28 A Athair, tabhair glóir dod, ainm féin. Uime sin thàinig guth ó neamh, Tugas glóir, agus do bhéur glóir [dhó] a rís.

29 Uime sin an drong do bhí na séa∣samh a lathair, agus do chúaluidh so, a dubhradar gur tóirrneach do bhí ann. A dubhairt cuid eile, gur baingeal do labhair ris.

30 Do fhreagair Iósa, agus a dubhairt sé: Ní ar mo shonfa tháinig an guthsa, achd ar bhur sonsa.

31 A nois atá breitheamhnus an tsáo∣ghailsi

Page [unnumbered]

a lathair: a nois teilgfidhear a∣mach úachdarán an tsáoghailsi.

32 Agus misi, mà thógthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin.

33 (Achd a dubhairt sé so, dha chur a gcéill, créud í an ghné bháis do ghea∣bhadh sé.)

34 Do fhreaguir an pobal é; Do chúa∣lamairne ón dligheadh, go bhfanann Críosd go fíorraidhe: agus cionnus a deir tusa, gur ab éigean mac an duine do thógbháil a nairde? Cía hé an mac so an duine?

35 Uime sin a dubhairt Jósa ríu; Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig: siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas dó gá háit a ngabhann sé.

36 An feadh atá an solus aguibh, crei∣didh ann sa tsolus, do chum go madh clann don tsolus sibh. Do labhair Jósa na neithesi, agus ar nimtheachd dó do fholuigh sé é féin úatha.

37 Agus gé do rinne sé a noirid so do mhíorbhailibh na bhfíadhnuisi, níor chreideadar ann:

38 Do chum go gcoimhlíonfuidhe bría∣thar an fháidh Esaías, noch a dubhairt: a Thighearna, Cía chreid ar nglórne, agus cía dár nochdadh lámh an Ti∣ghearna?

39 As uime sin nár fhéadadar crei∣deamh, do bhrígh mar a dubhairt Esaías a rís;

40 Do dhall sé a sûile, agus do chrúa∣dhaigh sé a gcroidhe, deagla go bhfaic∣fidís lé na súilibh, agus go dtuigfidís lé na gcroidhthibh, agus go bhfillfidis, agus go sláinéochuinn íad.

41 Do labhair Esaías na neithe so, an an do chunnairc sé a ghlóirsean, agus do labhair sé na thimcheall.

42 Achd fós do chreideadar mórán do na huachdaránuibh féin ann: achd ar son na Bhpairisíneach níor admhuighea∣dar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad.

43 Oír dob annsa léo glóir na ndáoine, ná glóir Dé.

44 Agus do labhair Jósa do ghuth árd, agus a dubhairt se; Gidh bé chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd ann sa té do chuir úadh mé.

45 Agus gidh bé chí misi, do chi sé an té do chuir uadh mé.

46 Táinig mé mar sholus chum an tfáo∣ghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam, nach déanadh sé comhnuidhe a ndor∣chadas.

47 Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad: Ní dháorfa misi é. Oír ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do hlánughadh an domhain.

48 Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló dheigheanach.

49 Oír níor labhair misi uáim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh créd as cóir dhamh a rádh, agus créd as cóir dhamh a labhairt.

50 Agus atá a dheimhin agam gur bea∣tha mharrthanach a áithnesion. Ar a nadhbharsin na neithe a deirimsi, is amh∣luidh a deirim íad, mar a dubhairt an Tathair rium.

CAIB. XIII. Jôsa Críosd na shompla iongantach ar Ʋ••••∣la. 44 & ar Ghradh ghlan.

AGus roimh shollamain na Cásg, ar na aithne Diosa go dtáinig a uáir ann a rachadh sé as an sáoghalsa chum a Nathar; ar ngrádhughadh a mhuinn∣tire féin do bhí ar a tsaoghal, do ghrá∣dhuigh sé go deireadh íad.

2 Agus a ndíaigh suipéir (an tan do chuir an díabhal a gcroidhe Júdáis Isa∣ríot mhic Símóin, eisean do bhrath.)

3 Ar na aithne Diosa go dtug an Ta∣thair na huile neithe fá ná lámhuibh, & gur ab ó Dhía tháinig sé, agus gur chum Dé do bhí sé ag dul:

4 Déirigh sé ó shuipéir, agus do chuir sé a bhrat de: agus ar ngabháil linéa∣daigh chuige do cheanguil sé roimhe féin é.

5 Na dhiáigh sin do chuir sé uisge a mbáisin, agus do thionnsgain sé cosa a dheisciobal dionnladh, agus do thiormu∣ghadh leis an línéadach do bhì fá na úchd.

6 Ann sin tháinig sé chum Simóin Peadair: agus a dubhairt Peadar ris; A Thighearna, an bhfuil tusa ag ionn∣ladh mo chosa sa?

7 Do fhreaguir Jósa, agus a dubhairt sé ris: Nì bhfuil a fhios agadsa nois, créd do nímsi, achd biáidh a fhios agad na dhiáigh so.

8 A deir Peadar ris; Ní nighfe tú mo chosasa go bráth. Do fhreaguir Jósa é; Muna nighfe mé thù, nì bhía c∣mann agad ríum.

9 A dubhairt Siomón Peadar ris; A Thi∣ghearna, ní híad mo chosa amhain, achd mo lámha & mo cheann mar an gcéadna.

10 A dubhairt Iósa ris; Gidh bé atá nighthe, ní bhfuil duireasbhuidh air achd a chosa nighe, achd atá sé glan uile: agus atá sibhse glan, gidheadh ní bhfuiltí uile glan.

11 Oír do bhí a fhios aige cía bhraith∣feadh é: uime sin a dubhairt sé, Nì bhfuiltí uile glan.

12 Ar a nadhbharsin tar éis a gcos dionnladh dhó, agus a bhruit do gha∣bháil uime, ar suidhe síos dhó a rís, a dubhairt sé ríu: An dtuigthí créd do rinne mé ribh?

13 Goirthísi maighisdir agus Tighear∣na dhíomsa: agus as maith a deirthí fin: óir as mar fin atáim.

14 Ar a nadhbharfin mí dionnail

Page [unnumbered]

misi; atá am Thighearna agus am mhai∣ghisdir, bhur gcosasa, as cóir dháoibhsi mar an gcéadna cosa a chéile dionnladh.

15 Oír tug mé éisiomplair dháoibh, do chum go déanadh sibhsi, mar do rinne misi dháoibhsi.

16 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighis∣ir, agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.

17 Má thuigthí na neithesi, bía sibh beannaighe, má nithí íad.

18 Ní labhruim oruibh uile: atá a fhios agum cía an dream do thogh mé: achd do chum go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, An té ata ag ithe aráin am fhochair, do thóg sé a shál am aghaidh.

19 A nois a deirim so ribh, suil thioc∣fus sé chum críche, ionnas an tan dhéun∣tar é, go gcreidse sibh, gur mé atá ann.

20 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bá ghabhus chuige an té chui∣rimse uáim, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé ghabhus misi chuige, ga∣bhuidh sé an té chuir úadh mé, chuige.

21 Ar na rádh so Díosa do bhí sé buaidheartha na sbioraid, agus do rinne sé finné, agus a dubhairt sé; Go dei∣mhin, deimhin, a deirim ribh, go mbraithfi áon dáoibh misi.

22 Uime sin dféuchadar na deiscio∣bail ar a chéile, ag déunamh amharuis cía air ar labhuir sé.

23 Agus do bhí áon dá dheisciob∣luibh na luidhe a nuchd Jósa, noch dob ionmhuin leis.

24 Ar a nadhbharsin do sméid Síomón Peadar ar an bhfearsin, do chum go bhfiafróchadh sé, Cía air ar labhair sé.

25 Ann sin ar gcláonadh dhósan a nuchd Jósa, a dubhairt sé ris: A Thi∣ghearna cía hé?

26 Do fhreaguir Iósa: As é an té dhá dtiobhra misi greim aráin déis a thum∣tha: agus ar na thuma tug sé an greim do Iúdás Iscaríot mhac Símóin.

27 Agus tar éis an ghreama, annsin do chúaidh an táidhbherseóir a steach ann san. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Gidh bé ní atá tú dhéanamh, déuna go tapaidh é.

28 Achd níor thuig éainneach dá raibh a dtimcheall an bhuird, Créd fá ndubhairt sé [so] ris.

29 Oír do sháoileadar cuid dhíobh, do bhrígh gur ab ag Iúdas do bhí an spa∣rán, gur ab é ní a dubhairt Iósa ris, Ceannuigh dhúinn gidh bé bhías a riach∣danus oruinn chum na sollamna: nó ní éigin do thabhairt do na bochdaibh.

30 Agus an tan do ghlac seision an greim, dimthigh sé amach ar ball: Agus do bhí an oidhche ann.

31 Uime sin ar ndul amach dhó, a dubhairt Iósa; a nois atá mac an duine ar na ghlórughadh, agus atá Día ar na ghlórughadh ann.

32 Má atá Día ar na ghlórughadh annsan, do bhéara Día glóir dhósan ann féin mar an gcéudna, agus do bhéura sé glóir dhó ar an mball.

33 A chlann bheag, atáim fós seal beag bhur bhfarradh: íarrfuidhe mé, gi∣dheadh mar a dubhairt mé ris na Iúdui∣dhibh, Gidh bé áit a dtêighimsi, ní fhéud∣fáoisi theachd ann: is mar sin a dei∣rim ribhsi a nois.

34 Do bheirim áithne núa dhíbh, Grá∣duighe a chéile: mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amh∣luidh fin.

35 Air so ithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.

36 A dubhairt Siomón Peadar ris; A Thighearna, gá háit a dtéid tú? do fhreaguir Jósa é: mar a dtéighimsi, ní fhéudann tusa a nois mo leanmhuin: gidheadh leanfuidh tú mé na dhiáigh so.

37 A dubhairt Peadar ris; a Thighear∣na, Créud fá nach bhféaduim do lean∣mhuin a nois? cuirfidh mé manam ar do shon.

38 Do fhreagair Iósa é, an gcuirfe tù thanam ar mo shonsa? go deimhin, dei∣mhin, a deirim riot, ní ghoirfe an coi∣leach, suil shéanfas tú mé trí huáire.

CAIB. XIV. Geallfa Crîosd (6 fior-slighe na beatha) 16 an Spiorad Naomh mur ghnàth-chui∣dighe da dhaóinibh.

NA buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidhídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa.

2 As iomdha tíaghais a dtigh Mathar∣sa: & muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é.

3 Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh: agus ma imthighim dullmhu∣ghadh áite dháoibh, tiocfaidh mé a rís, & géubhuidh mé sibhfi chugam fein: ionnus mar a bhfuilimsi go mbía sibhse fòs ann.

4 Agus atá a fhios aguibhfi gá háit a dtéighimsi, agus atá éolus na sligheadh aguibh.

5 A dubhairt Tomás ris; A Thighear∣na, ní feas dúinne gá háit a dteid tú: agus cionnas as éidir linn éolus na sli∣gheadh do bheith aguinn?

6 A dubhairt Jósa ris: As misi an tsli∣ghe, & a nfirinne, & an bheatha. Ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.

7 Dá madh aithnidh dháoibh misi, dob aithne dhíbh máthair mar an gcéad∣na: & as aithnidh dháoibh a nois é, agus do chunncabhair é.

8 A dubhairt Philib ris: A Thighear∣na, taisbén an Tathair dhúinn, agus is lór linn é.

9 A dubhairt Jósa ris; An bhfuilim a nfadsa dhaimsir bhur bhfochair, agus nach aithnidh dhuit mé, a Philib? gidh bé chunnairc Misi, do chunnairc sé an Tathair, agus cionnas a deir tusa, Tais∣bén dúinn an Tathair.

10 An né nach ccreideann tú go

Page [unnumbered]

bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Ta∣thair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha.

11 Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe, creididh dhamh ar son na noibreacha féin.

12 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreideas ionnamsa, do dhéuna sé na hoibreacha nímsi, & do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad: Oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar:

13 Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair a ghlórughadh ann sa mac.

14 Má ìarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é.

15 Más ionmhuin libh misi, coimhéu∣duidh maitheanta.

16 Agus guidhfidh misi an tathair, agus do bhéura sé comhfhurtuightheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth:

17 Spiorad na fírinne, noch nach bhféudann an saoghal do ghabháil, ar a nad••••har nach bhfaiceann sé é, & nach aithnigheann sé é: achd aitheantaòfi é, óir fanuidh sé aguibh, & biaidh sé ionnuibh.

18 Ni bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa me chugaibh.

19 Yamall beag fos, agus ní fhaicfe an saoghal feasda mé, achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimfi béo, beithí∣si béo mar an gcéadna.

20 An sa lá sin aitheontaói go bhfui∣limsi sa nathair, agus sibhsi ionnamsa, a∣gus misi ionnuibhsi.

21 Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, & choimhéadas îad, as é sin ghrádhui∣gheas misi: agus gidh bé ghrádhuigheas misi, gráidheochaidh Mathaír eisear: & gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.

22 A dubhairt Judás ris, Ní hé Isca∣riot; A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní don tsáoghal?

23 Do fhreaguir Jósa, agus a dubhairt sé ris; Gidh be ghrádhuigheas misi, coi∣mhéudfuidh sé mo bhriathar, & gráidhéo∣chuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, & do dhéunam comhnuidhe aige.

24 Gidh bé nach grádhuigheann, misi, ní choimhéudann sé mo bhríathra: & an bhriathar do chúalabhair, ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir ùadh mé.

25 A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh.

26 Achd an comhfhurtáightheóir an Spiorad náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, mûinfidh sé na huile neithe dhibh, & cuirfidh lé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh.

27 Fágbhuim síodhcháin aguibh, do bheirim mo shíodhcháin féin dhaóibh; ní mar do bheir an sáoghal, do bhei∣rimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bh•••• ccroidhe, agus ná bíodh eagla air.

28 Do chualabhair go ndubhairt 〈◊〉〈◊〉 ribh; Imthighim & thigim chugaib Dá ngrádhuigheadh sibh misi, go fírinn∣each do bhìadh luathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag d•••• chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi.

29 Agus a nois dinnis mé [so] dhaóibh, suil thiocfas sé chum críche, ionnus go gcreidfeadh sibh, an tan thiocfas sé ch•••• críche.

30 O so amach ní laibhéora mé m∣rán ribh: oir atá úachdarán an tsáogh∣uilsi ag teachd, agus ní bhfuil ní ar bth aige ionnamfa.

31 Achd ionnus go naithéonadh an sáoghal gur ab ionmhuin léam an Ta∣thair: agus amhuil mar thug an Ta∣thair áithne dhamh, is mar sin do ním: éirghidh, déunam as so.

CAIB. XV. Gu bfuil leas uile na Gcreidmheach ò ghrà∣saibh Chriosd, mar thoradh na ngèug ò shúgh na Fineamhna.

AS misi an fhíneamhuin fhírinneach, agus as críadhuire Mathair.

2 Gach uile ghéug ionnamsa nach dtabhair toradh, gearruidh sé í: agus gach uile [ghéug] do bheir toradh, gla∣nuidh sé í, do chum go madh móide do bheuradh sí toradh uáithe.

3 A nois ata sibh glan treas ac mbréithir do labhair mé ribh.

4 Fauidh ionnamsa, agus misi ionn∣uibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe séin, muna bhfana fi sa bhfíneamhuin: is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.

5 As misi án f híneamhuin, sibhsi na géuga: gidh bè fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainní dhéanamh.

6 Gidh bé nach bhfanfa ionnamsa, teilg∣fithear amach é mar gèig, & críon∣fuidh sé: annsin chruinnighid, & cuirid sa teinidh íad, & loisgthear íad.

7 Má fhanann sibh ionnamsa, & má fhanuidh mo bhríathrasa ionnuibhse, iar∣ruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaòibh é.

8 As so do gheibh Mathairsi glóir, sibhsi do thabhairt móráin toraidh: & bheith bhur ndeisciobluibh agamsa.

9 Mar go ghrádhuigh an Tathair misi, as mar sin do ghrádhuigh misi sibhsi; fanuidh am ghrádhsa.

10 Má choimhéudtaói maitheanta, fan∣fuidhe am gradh: mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.

11 A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfadh mo gháirdeachus ionnuibh, & go mbiadh bhur ngairdea, chus lán.

Page [unnumbered]

12 As I so máithnesi, sibhsi do ghrá∣••••ghadh a cheile, mar do ghrádhaigh ••••••i sibhsi.

13 Ní bhfuil grádh as mó ná so ag ••••••each, ná a anam féin do thabhairt a son a charad.

14 Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí ••••ch ní dá náithnighim dhibh.

15 Uadh so súas ní ghoirfe mé searbh∣fhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a shios ag an tsearbhfhoghantuidh créud o ní a Thighearna: achd do ghoir mé áirde dhibh, óir na huile neithe do c••••aluidh mé ó mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.

16 Ní sibhsi do thogh misi, achd misi do thogh sibhsi, & do chuir mé sibh i••••••us go nimtheochadh sibh & go ••••iubhradh sibh toradh, & go bhfan∣adh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní arrfuidhe a mainmsi ar a nathair, go dtiobhradh sé dhíbh é.

17 Aíthnighim na neithesi dhibh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile.

18 Má fhúathuigheann an saoghal sibh bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh.

19 Da mádh don tsáoghal sibh, do ghráidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fùath ag an tsáo∣ghal daóibh.

20 Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfho∣ghantaidh nà a mhaighisdir; má ghér∣leanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhría∣tharsa, coimhéudfuid bhur mbríatharsa mar an gcéadna.

21 Achd do dhéunuid síad na neithesi ••••le ribh, ar son manmasa: do bhrigh nach bhfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.

22 Muna bheith go dtáinig mé, & gur labhuir mé ríu, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois ní bhfuil leisgéul a bpea∣••••idh aca.

23 Gidh bé agá bhfuil fúath dhamhsa, iathuighidh sé Mathair mar an gcéadna.

24 Muna dhéarnuinn oibreacha na measg, nach dearna neach ar bith eile, ná bhíadh peacadh orra: achd a nois do chunncadar, agus fós do fhúathui∣gheadar misi, agus Mathair.

25 Achd [do rinneadh so] ionnus go gcoimhlíonfuidhe an rádh atá sgríobhtha ann a ndligheadh féin: Do fhúathaighea∣dar mé gan adhbhar.

26 Achd an tan thiocfas an comhfhur∣tuightheôir noch chuirfeas misi chugaibh ón athair, Spiorad na firinne, thig ón Athair, do dhéuna sé fíadhnuisi am thim∣cheallsa.

27 Agus do dhéuntaóísi fíadhnuisi leis, óir atáthaói am fhochuir ó thús.

CAIB. XVI. Criosd na Cheann-sompla dá lucht lean∣mhuinn, as anshocra an tsaoghailsi fhulang, 33 & ••••adhugha orra.

A Dubhairt mé na neithesi ribh, deagla go bhfuigheadh sibh oilbhéim.

2 Cuirfid síad as na sínagôguibh sibh: agus fós tig a nuáir, gidh bé mhuirfeas sibh, go mbhreathnócha sé go ndéanann sé seirbhís do Dhía.

3 Agus do dhéunuid síad na neithe so ribh, ar son nach aithne dhóibh an Tathair na misi.

4 Achd do labhuir mé na neithe so ribh, ionnus an tan thiocfas an uáir go gcuimhnéochadh sibh na neithefi, gur innis mé dhibh íad. Gidheadh níor innis mé dhíbh ó thús íad, do bhrígh go raibh mé féin aguibh.

5 Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ní fhíafruigheann éunduine aguibhse dhiom Cá háit a dtéid tú?

6 Achd do bhrigh go ndubhairt mé na neithesi ribh, do líon dòbrón bhur gcroidhthe.

7 Gidheadh a deirim a nfírinne ribh, is é bhur leas misi imtheachd. Oír muna nimthighe mé, ní thiocfa an comhfhur∣thaightheóir chugaibh: achd má im∣thighim, cuirfidh me chugaibh é.

8 Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirte, agus breitheamhnuis.

9 A dtáobh Peacuidh, ar son nach ccreidid síad ionnamsa.

10 Agus a dtáobh Ceirte, do bhrígh go bhfuilim ag dul dionnsuighe Mathar, agus ní fhaicfidhesi mé ó so sùas.

11 Agus a dtáobh Breitheamhnuis, ar son go bhfuil úachdarán an tsáoghailsi ar na dhamnughadh.

12 Atá mòrán agam fós ré rádh ribh, achd ní fhéudtaôi a niomchar a nois.

13 Achd an tan thiocfus seisean, Spio∣rad na fírinne, tréorochaidh sé siibh chum gach uile fhírinne; óir ní úadh féin lai∣bhéoras sé, achd laibhéoruidh sé na huile neithe chluinfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atà chum teachda.

14 Do bhéura seisean glóir dhamhsa, óir dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoill∣seochas sé dhíbhfi.

15 As leamsa na huile neithe atá ag a Nathair: ar a nadhbharsin a du∣bhairt mé gur dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.

16 Tamall beag agus ní fhaicfe sibh mé: agus a rís, tamall beag, agus do chífe sibh mé: óir atáim ag dul chum a Nathar.

17 Uime sin a dubhradar cuid dá dheisciobluibh ré chéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag agus ní fhaicfidhe mé, agus a rís tamall beag agus do chifidhe mé: agus oir atáim ag dul chum a Nathar?

18 Ar a nadhbharsin a dubhradar, Créd as cíall don nì so a deir sé, Ta∣mall beag? ni thuigmíd créd a deir sé.

19 Achd do bhí a fhios ag Jósa gur

Page [unnumbered]

mhían léo a fhíafruighe dhe, & a du∣bhairt sé rìu; An bhfuilti dhá fhíafruighe so eadruibh féin, mar a dubhairt mé, Tamall beag, & ní fhaicfidhe mé: agus a rís, tamull beag agus do chífí mé?

20 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, & go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach: gidhèadh fill∣fidhear bhur ndóbhrón a ngáirdéachus.

21 Ag breith leinibh do mhnáoi, bí si a bpéin, óir tháinig a huáir: achd tar éis leinibh do bhreith dhi, ní chuimhni∣gheann si a doilgheas ní as foide, lé gair∣deachus go rugadh duine chum an tsáo∣ghuil.

22 Agus sibhsi mar an gcéadna, atá∣tháoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a rís sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, & ní bhéu∣ra éunduine bhur ngairdeachus uáibh.

23 Agus ann sa ló sin ní fhiafròch∣tháoi éinní dhíomsa. Go deimhin, dei mhin, a deirim ribh, Gidh bé ar bith neithe íarruidhe ar a Nathair a mainm∣si, do bhéura sé dhíbh é.

24 Go nuige so níor íarrabhair ní ar bith a mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.

25 Do labhuir mé na neithesi ribh a mbríathruibh dorcha; tiocfuidh a naim∣sir, ann nach laibhéora mé ribh a mbría∣thruibh dorcha, achd laibhéoruidh mé ribh go follus a dtimcheall a Nathar.

26 Ann sa ló sin íarrfuidhe a mainm∣si, agus ní abruim ribh, go nguidhfe mé an Tathair ar bhur son.

27 Oír atá gradh ag a Nathair fein dáoibh, ar son gur ghrádhuigheabhuirse misi, agus gur chreideabhuir gur ab ó Dhìa tháinig mé.

28 Tháinig mé amach ó Nathair, & thái∣nig mé air a tfáoghal: fágbhuim an sáo∣ghal a rís, & téighim chum a Nathar.

29 A dubhradar a dheisciobail ris; Féuch, a nois labhrus tú go soilléir, & ní labhrann tú cosamhlachd ar bith.

30 A nois aithneamáoid go bhfuil fios na nuile neitheann agad, & nach righeann tù a leas duine ar bith do chur cheasda ort: as so chreidmid, gur ab ó Dhía tháinig tú.

31 Do fhreaguir Iósa íad; An gcreidtí a nois?

32 Féuch, tiocfuidh a naimsir, agus tháinig sí cheana, ann a fgarfuidhear gach áon díbh ó a cheile, gach uile dhuine dá ionad féin, agus fúigfidhe misi am áonar: gidheadh ní bhfuilim am áonar, óir atá an Tathair am fhochuir.

33 Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeith fíodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith a∣guibh; do bhúadhaigh misi ar a tsao∣ghal.

CAIB. XVII. Ʋrnuidh Josa dhà Athar, ag irraidh, 11 Aôndacht, 17 Firinne, 20 & 〈◊〉〈◊〉 shonas da dhaòinibh fêin uile.

DO lubhair Iósa na neithesi, agus ag tógbháil a shúl chum neimhe dh, a dubhairt sé: A Athair, tháinig a nuáir, tabhair glóir dod mhac féin, ionnus go dtíubhradh do mhac glóir dhuitse mar an gcéadna.

2 Amhail as do thug tú cumhachd dhósan air gach uile fheòil, do chum 〈◊〉〈◊〉 dtiobhradh sé an bheatha mharrthanach, do gach uile dhuine dhá dtug tú dhó.

3 Agus as sí so an bheatha mharrtha∣nach, go naithneóchaid sìad thufa an táoinn Día fírinneach, agus Iósa Críosd do chuir tú uáit,

4 Tug misi glòir dhuitsi ar a talamh: do chríochnuigh mé an obair thug tú dhamh ré a dhéanamh:

5 Agus tabhairsi a Athair, a nois glóir dhamhsa, ad fhochair féin, maille ris an nglóir do bhí agam ad fhochair fuil do cruthuigheadh an sáoghal.

6 Dfoillsigh mé thainm do na dáoi∣nibh thug tú dhamh as a tsáoghal: a leachdsa íad, & thug tú dhamhsa íad, agus do choimhéadadar do bhrìathar.

7 A nois daithnigheadar gur ab uáid∣si atáid na huile neithe, dhá dtug tú dhamhfa.

8 Oír tug mifi dhòibh na bríathra thug tusa dhamh: agus do ghabhadar chuca íad, agus daithnigheadar go dei∣mhin gur ab uáitsi tháinig misi, agus do chreideadar gur tusa chuir uáit mé.

9 Ar a son atáimsi ag guidhe; ní ar son an tsáoghuil do ním guidhe, achd ar son na muintire thug tusa dhamh, óir is leachdsa íad.

10 Agus as leachdsa na huile neithe is leamfa, agus as leamsa na neithe as leachdsa, agus atáim ar mo ghlórughadh iontasan.

11 Agus ní bhfuilim feasda sa tsáo∣ghal, gidheadh atáid so fa tsáoghal, & atáimsi ag teachd a tionnsaidhsi. A athair náomhtha, coimhéid ann hainm féin an mhuintir thug tú dhamhsa, ionnus go mbeidís na náon, mar atámáoidne.

12 An feadh do bhí misi na bhfarradh sa tsáoghal, do choimhéd mé íad ad ainmsi: do choimhéd mé an mhuintir thug tusa dhamh, & ní dheachuidh áon∣duine aca a mugha, achd mac na mal∣lachd: ionnus go gcoimhlionfuidhe an sgríobtúir.

13 Achd atáim a nois ag teachd ad choinnesi, agus labhraim na neitheli ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháir∣deachas iomlán ionntasan.

14 Tug misi do bhríatharsa dhóibh agus do fhúathuigh an sáoghal íad, ar son nach don tfáoghal íad, mar nach bhfuilimsi don tsáoghal.

15 Ní íarruim go mbéurfá íad as a tsáoghal, achd go gcoimhédfá íad air olc.

Page [unnumbered]

16 Ní don tsaoghal íad, mar nach don ••••••ghal misi.

17 Náomhuigh íad léd fhírinne: as í 〈◊〉〈◊〉 bhríatharsa an fhírinne.

18 Amhail as do chuir tusa misi chum 〈◊〉〈◊〉 tsaoghail, is mar sin do chuir misi ••••an chum a tsáoghail.

19 Agus is ar a sonsan náomhaimsi é féin, ionnus go mbéidísean mar an ••••éadna ar na náomhadh sa bhfírinne.

20 Ní ar a sonsan amháin do ním ••••dhe, achd mar an gcéudna ar son na ••••aóine chreidfios ionnam, tré na mbrei∣••••rsean:

21 Ionnus go mbéidís uile na náon, ••••r atá tusa a Athair ionnamsa, agus ••••si ionnadsa: ionnus go mbéidision mar 〈◊〉〈◊〉 gcéadhna na náon ionnuinne; ionnus go gcreidfeadh an sáoghal, gur tusa do chuir uáit mé.

22 Agus tug misi dhóibhsean an ghlóir thug tusa dhamhsa: ionnus go heidís na náon, mar atámaoidne ar áon.

23 Misi ionntasan, agus tusa ionnamsa, ionnus go mbeidís go hiomlán na náon, agus ionnus go mbíadh a fhios ag an tsoghal gur tusa do chuir uait mé, & gur ghrádhuigh tú íadsan, mar do ghrádhuigh tú misi.

24 A Athair, is áill Ieam an dream úd thug tú dhamh, do bheith am fhochair mar a bhfuilim: ionnus go bhfaicfidís no ghlóir, noch thug tusa dhamh, ôir do ghrádhuigh tú mè fuil do chruthuigh∣eadh an domhan.

25 A Athuir chomhthruim, níor aithin an sáoghal thusa, achd daithin misi thú, agus daithnigheadar so gur tusa do chuir ••••it mé.

26 Agus dfoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé é, ionnus an grádh lér ghrádhuigh tú misi, go mbíadh sé ionntasan, agus misi ionnta.

CAIB. XVIII. Do thaisben Críosd ach beagan dá chumhachd 6 tan bhì sè a nlàimh, 36 do bhrígh nach don tsaoghalsa a rígheacht.

AN tan a dubhairt Jósa na neithesi, do chuáidh sé féin maille ré na dheiscio∣blaibh tar sruth Cédron, mar a raibh garrdha, an a ndeachuidh seision, & a dheisciobail.

2 Agus do bhí fios na háite sin ag Júdas fós, noch do bhraith eisean; óir do tigdís Jósa agus a dheisciobail a néainf heachd go minic sa náitsin.

3 Uime fin a nuáir do ghlac Júdas buidhean, & oifigidh ó na hárdshagur∣tuibh, & ó na Phairisíneachuibh, tháinig sé don ionadh sin lé lainndéiribh, & le sirsidhibh, agus lé harmuibh.

4 Ann sin ar na aithne Díosa na huile neithe do theigéumhadh dhò féin, do chuáidh sé amach agus a dubhairt sé ríu; Cía atá sibh ìarruidh?

5 Do fhreagradar é; Jósa Nasardha. A dubhairt Jósa ríu, As misi é. A∣gus do bhí Júdas, noch do bhraith é, na sheasamh na bhfochuir.

6 Ann sin mar is táosga a dubhairt sé rîu, Is misi é; do chúadar ar a gcúl, agus do thuiteadar air talamh.

7 Uime sin dfiáfruigh sé dhíobh a rís; Cía atá fibh íarruidh? Agus a dubhradarsan, Jósa Nasardha.

8 Do fhreaguir Jósa, Dinnis mé dhaóibh gur misi é. Ar a nadhbharsin más misi íarrthaói, léigidh dhóibh so imtheachd.

9 Ionnus go gcoimhlíonfuidhe an bhría∣thar a dubhairt seisean; Níor léig mé éunduine a mugha dhá dtug tú dhamh.

10 Ann sin Síomón Peadar, agá raibh cloidheamh, do tharruing sé amach é, & do bhuáil sé oglach an árdshagairt, & do ghearr sé a chlúas dheas de. Agus as é do bainm don óglach, Malcus.

11 Uime sin a dubhaìrt Jósa ré Pea∣dar, Cuir do chloidheamh an a thruáill: an né nach íobha misi an cupan tug Mathair dhamh?

12 Ann sin rug an bhuidhean, agus an caiptín, agus oisigidh na Níuduidheadh ar Jòsa & do cheangladar é.

13 Agus rugadar a lathair Annas ar tús é: (óir do bé athair mhná Chai∣pháis é noch dob árdshagart an bhlia∣dhain sin:)

14 Agus do bé Caiphas an té thug comhairle do na Iúdaidhibh, Gur thar∣bhach éunduine amháin dfagháil bháis ar son an phobail.

15 Agus do lean Siomón Peadar, agus deisciobal eile Iósa. Agus dob aith∣nidh don árdshagurt an deisciobal sin: ar a nadhbharsin do chuáidh sé a steach lé Híosa go cúirt an árdsha∣guirt.

16 Achd do sheas Peadar ag an dorus leith a muigh. Ar a nadhbharsin do chuáidh an deisciobal eile sin, noch dob aithnidh don árdshagart, agus do labhair sé ris an mbandoirrseóir, agus tug sé Peadar a steach.

17 Ann sin a dubhairt an bhandoirr∣seóir ré Peadar: Nach do dheisciobluibh an fhirsi thusa leis? A dubhairt seision, Ní headh.

18 Agus do bhádar na fearbhfho∣ghantaidhe agus na hoifigidh na sea∣samh ag an dteinidh, óir do bhi an aimsir fùar, agus do bhádar dá ngo∣radh féin. Agus do sheas Peadar mar an gcéudna dá ghoradh na measg.

19 Ann sin do chuir an tárdshagurt ceisd ar Iósa a dtáobh a dheisciobal agus a theaguisg.

20 Do fhreaguir Iósa é; Do labhair misi ós áird ris a tsáoghal: do thea∣gaisg mé do ghnáth ann sa tsína∣góig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinnighid na Iúdaighe uile a gceann a chéile, agus níor labhair mé éinní a bhfólach:

21 Créud fa bhfiafruigheann tú dhíomsa? fiafruigh don mhuintir do

Page [unnumbered]

chualuidh créd a dubhairt mé ríu: Féuch, atá a fhíos aca so créd a dubhairt mé.

22 Agus an tan a dubhairt sé na nei∣thesi, do bhuáil óglach do na máo∣ruibh do bhí na sheasamh a láthair, bas ar Iósa, ag rádh: An mar sin fhreagrus tù an tárdshagart?

23 Do fhreaguir Iósa é; más olc a dubhairt mé, déana fínné a dtáoibh an uilc: achd más maith, Créd fá mbuái∣leann tú mé?

24 Ar a nadhbharsin do chuir Annas ceanguilte chum Caipháis a nárdshag∣airt é.

25 Agus do bhí Siomón Peadar na sheasamh agus dá ghoradh fèin: uime sin a dubhradarsan ris, Nach dá dheif∣ciobluibh súd thusa leis? do shéan sei∣sean agus a dubhairt sé; Ní headh.

26 A dubhairt fear do mhuintir a nárdshaguirt, brathair don té dár ghéarr Peadar a chlúas: Nach bhfacaidh mé féin thú ann fa ghárrdha na fhochuir?

27 An sin do shéan Peadar a rís; agus ar an mball do ghoir an coileach.

28 Na dhiáigh sin beirid siad Iósa léo ó Chaiphàs go tigh na Cúirte, & do bhí an mhaidin ann: agus ní dhea∣chadar féin don chúirt a sdeach, ionnus nach dtruáillfidhe íad, achd go níos∣faidís [ûan na] Cásg.

29 Ar a nadhbharsin do chûaidh Pioláid a mach chucasan, agus a dubhairt sé; Créd í an chùis chuirthi ar a nduine∣si?

30 Do fhreagradarsan, agus a dubh∣radar ris; Muna mbiadh sé na fhear déanta uilc, ní thiobhramáoisne chugad∣sa é.

31 Ann sin a dubhairt Pioláid ríu, Beiridh féin libh é, agus beiridh breath na aghaidh do réir bhur ndlighe féin. Uime sin a dubhradar na Iúduidhe ris; Ní dleisdeanach dhúinne áonduine mharbhadh:

32 Ionnus go gcoimhlíonfuidhe an bhríathar a dubhairt Iósa, ag taisbéunadh créd í an ghné bháis do gheabhadh sé.

33 Ar a nadhbharsin do imthigh Pio∣láid a rís don chúirt, agus do ghoir sé Iósa, agus a dubhairt sé ris; An tusa Rí na Niudaidheadh?

34 Do fhreaguir Iósa é; an uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile dhuit é am thimcheallsa?

35 Do fhreaguir Pioláid; An don chineadh Iúdaidhe misi? do chineadh féin agus na hárdshagairt tug chugamsa thú, Créd do rinne tú?

36 Do fhreaguir Iósa, Ní don tsáo∣ghalsa mo ríoghachdsa: dá madh don tsáoghalsa mo ríoghachd, gan chunntabhairt do dhéanaidís mo mhuinn∣tir cathughadh ionnus nach dtiobhar∣tháoi do na Iúduidhibh me: achd a nois ní as so mo ríoghachdsa.

37 Ar a nadhbharsin a dubhairt Pio∣láid ris; Má seadh an Rí thú? do fhrea∣guir Iósa; A deir tusa gut Rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is ch•••••••• tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndea∣nuinn fínné don fhírinne: gach 〈◊〉〈◊〉 dhuine atá ar tháobh na fírinne, éifdidh sé mo ghuthsa.

38 A dubhairt Pioláid ris; Cidh 〈◊〉〈◊〉 firinne ann? agus aga rádh so, do chú∣aidh sé amach a rís chum na Níndai∣dheadh, agus a dubhairt sé ríu; Ní fha∣ghuimsi cúis ar bith air.

39 Achd atá gnáth aguibhsi, go sgáoilfinn duine éigin dáoibh fá Cháisg: ar a nadhbharsin an áill libh go sgáol∣linn chugaibh Rí na Níudaidheadh?

40 An sin do thógbhadarsan uile gá•••• a rís, ag rádh; Ní hé so, achd Barab∣bás: agus do badh biothamhnach an Ba∣rabbás so.

CAIB. XIX. Mur mhasluigheadh, 16 chêusadh, 28 bhasuigh, 38 & dadhlaiceadh Criosd ar Tighearna.

AR a nadhbharsin do ghlac Pioláid Jósa ann sin, agus do ghabh sé do sgriursaidhibh air.

2 Agus ar bhfighe coróine spíne do na saighdiúiribh, do chuireadar ar a cheann ì, agus do chuireadar brat p••••∣pair uime.

3 Agus a dubhradar, Go mbeannuighe Día dhuit a Rí na Níudaidheadh. Agus do ghabhadar do bhasaibh air.

4 Ann sin do chúaidh Píolaid amach a rís, agus a dubhairt sé rìu; Féuch, atáim dhá thabhairt so amach chugaibh, ionnus go mbíadh a fhios aguibh, nach bhfaghaim cúis ar bith air.

5 Uime sin thainig Jósa amach, agus coróine spine air, agus an brat purpair uime. Agus a dubhairt [Pioláid] r••••, Féuch an duine.

6 Ar a nadhbharfin an tan do chunn∣cadar na hárdshagairt agus a muintr é, da thógbhadar gáir, ag rádh: Croch, croch é. A dubhairt Piolaid ríu, Gla∣cuidh féin, agus crochuidh é: Oir 〈◊〉〈◊〉 fhaghaimsi cúis air.

7 Do fhreagradar na Júduidhe é; Atá dligheadh aguinne, agus do réir ar nd••••∣ghidh as cóir dhó bâs dfagháil, ar so go ndearna sé mac Dé dhe féin.

8 Ar a nadhbharsin an tan do chúa∣laidh Pioláid an glòrsa, bä móide a eag∣la é.

9 Agus do chuáidh sé don chúirt a r••••, agus a dubhairt sé ré Híosa; Gá has duitsi? achd ní thug Jósa freagra air.

10 Uime sin a dubhairt Pioláid r••••, An né nach ttugann tú freagra oramsa? nach bhfuil a fhios agad go bhfuil o∣mhachda agamsa do chrochadh, & go bhfuil cumhachda agam do sgaóileadh?

11 Do fhreaguir Jósa; Ní bhíaidh ••••∣mhachda ar bith agad cramsa, mu•••• dtugtháoi dhuit ó neamh é: ar a nadh∣bharsin as móide peacadh an té 〈◊〉〈◊〉 thoirbhir misi dhuit.

12 Uadh sin súas bá mían lé Pío∣láid

Page [unnumbered]

a sgaóileadh: achd do thógbhadar a Híudaidhe gáir, ag rádh; Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú. Gidh bè ní Rí dhe féin, labhruidh sé a naghaidh Shéasair.

13 Ar a nadhbharsin an tan do chúa∣••••idh Pioláid na bríathrasa, tug sé Jósa amach, agus do shuidh sé sa chathaóir bhreitheamhnuis, sa náit dárab ainm Litostrótos, agus a Neabhrais, Gabbáta.

14 Agus do bé ullmhughadh na Cásg é, agus a dtimcheall an seiseadh huáir: agus a dubhairt seisean ris na Júdai∣dhibh; Féuchuidh bhur Rí.

15 Achd do éighmheadarsan; Beir áinn, beir uáinn, croch é. A dubhairt Pioláid riu, An ccrochfa misi bhur Rígh∣sé? do fhreagradar na hárdshagairt: Ní bhfuil Rí aguinn achd Séasar.

16 Ar a nadhbharsin tug sé dhóibh é ann sin chum a chrochda. Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo é.

17 Agus ag iomchar a chroiche dhó, do chúaidh sé amach don áit dá ngoir∣thear Ait na cloigne; dárabh ainm a Neabhrais, Golgota:

18 Aít ar chrochadar é, agus días ••••le maille ris, duine ar gach táobh dhe, agus Iósa a lár.

19 Agus do sgríobh Pioláid fós tio∣dal, agus do chuir sé ós cionn na croi∣che é; agus as é do bhí sgríobhtha ann. IOSA NASARDHA RI NA NIUDAI∣DHEADH.

20 Uime sin do léughadar mórán do na Iúduidhibh an tiodal so: do bhrígh go raibh a nait ann ar crochadh Iósa go gar don chathruigh: agus do bhí sé sgriobhtha a Neabhrais, a Ngréi∣gis, agus a Laidin.

21 Ar a nadhbharsin a dubhradar árd∣shaguirt na Níudaidheadh ré Pioláid; Ná fgriobh, Rí na Níudúidheadh: achd o ndubhairt sé féin, As misi Rí na Níu∣••••idheadh.

22 Do fhreaguir Pìoláid, Gidh bé ní sgríobh mé, do sgriobh mé é.

23 Na dhiáigh sin a núair do chrocha∣dar na saighdúiri Iósa, do ghlacadar a éudaighe (agus do rinneadar ceithre otanna, cuid do gach saighdiúir) agus a chóta. Agus do bhí an cóta gan fhuáighéul ann, ar na fhighe síos air fad.

24 Ar a nadhbharsin a dubhradar ré chéile; Ná gearram é, achd cuiream crannchar cía agá mbía sé. Ionnus go ••••oimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a du∣hait; Do roinneadar méadaighe eator∣ra, agus do theilgeadar crannchar air 〈◊〉〈◊〉 chóta. Agus do rinneadar na saigh∣••••••i na neithes i.

25 Agus do bhí a mhathair na sea∣••••••h a naice chroiche Iósa, agus deirbh∣•••••••• a mhathar, Muire [bean] Chleo∣phas, agus Muire Mhagdalén.

26 Agus an tan do chunnairc Iósa a mhathair, agus an deisciobal dob ion∣mhuin leis na sheasamh a láthair, a du∣bhairt sé ré na mháthair; A bhean, Féuch do mhac.

27 Na dhiáigh sin a dubhairt sé ris an deisciobal; Féuch do mháthair. Agus úadh sin súas, rug an deisciobal chui∣ge féin dá thigh í.

28 Tar a éisi sin ar na aithne Dío∣sa go raìbh gach uile ní ar na chríoch∣nughadh, ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a dubhairt sé; Atá tart oram.

29 Agus do bhí soitheach ann lán do bhinégre. Agus ar líonadh spuinc don bhinéigre dhóibh, & ar na chur a dtim∣cheall Isoip, do shíneadar chum a bheóil í.

30 Ann sin ar ngabháil an bhínégre Diosa, a dubhairt sé; Atá sé ar na chríochnughadh: agus ar gcláonadh a chinn, do thoirbhir sé a spiorad.

31 Ann sin na Iúdaighe, do bhrígh go raibh lá a nullmhuighe ann, ionnus nach bhfanfaidís na cuirp ann sa chroich sa tsábbaid, (óir ba mór an lá sin na sá∣bóide) díarradar ar Phioláid a luirgne bhriseadh, agus a dtabhairt a núas.

32 Uime sin tangadar na saighdiuiri: agus do bhriseadar luirgne an chéad duine, agus an dara duine, do crochadh a bhfochuir Iósa.

33 Achd an tan thangadar chum Iósa, agus do chunncadar go raibh sé cheana marbh, níor bhriseadar a luirgne:

34 Achd do tholl áon do na saidiúi∣ribh a tháobh lé gath, agus ar an mball tháinig fuil agus uisge as.

35 Agus an té do chunnairc [sin,] do rinne sé fíadhnuisi, agus as fírin∣neach a fhiadhnuisi: agus atá a fhios aige go nabair sé a nfirinne, ionnus go gcreidfeadh sibhsi.

36 Oir do rinneadh na neithesi, ionnus go gcoimhlìonfuidhe an sgríobtúir: Ní brisfidhear cnáimh dhe.

37 Agus a rís a deir sgríobtuir éile Do chísid síad an té do tholladar.

38 Agus tar éis so, díarr Ióseph ó Arimatéa (noch do bhí na dheisciobal ag Iòsa, achd go foluigheach ar eagla na Níuduidheadh) air Phioláid, go mbéuradh sé corp Iósa leis: agus tug Pioláid an cead sin dó. Táinig seisean ann fin agus rug sé leis corp Iósa.

39 Agus mar an gcéudna tháinig Nicodémus (noch tháinic air tús chum Iósa sa noidhche) agus tug sé leis a dtimcheall chéud punnta do Mhiorr agus Alóes ar na gcumasg thrí na chéile.

40 Ann sin do thógbhadarsan corp Iósa, agus do cheangladar a linéadach é maille ré spíofraidhibh deaghbhaluidh, mar as gnáth leis na Iúdaidhibh adhla∣cadh do dhéunamh.

41 Agus do bhí gárrdhà ann sa

Page [unnumbered]

náit ann ar crochadh é, & do bhí túama núa ann sa gharrdha ann nar cuireadh duine ríamh.

42 Ar a nadhbharsin tré ullmhughadh [Cásg] na Níuduidheadh, do bhrìgh go raibh an túama sin a ngar dhóibh, do chuireadar Jósa ann.

CAIB. XX. Mar ata Eiseirghe Chriosd ar na dheanamh, 24 & ar na dhearbhadh.

AGus an céd lá don tseachdmhuin tháinig Muire Mhagdalén ar mai∣din ann sa dorchadas chum an túama, agus do chunnairc sí an leac ar na tóg∣bháil ón túama.

2 Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Siomón Peadar, & an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Hiosa, agus a dubhairt sí ríu; Rugadar an Tighearna léo as an dtuama, agus ní bhfuil a fhios aguinn gá háit ar chui∣readar é.

3 Ar a nadhbharsin do chuáidh Pea∣dar agus an deisciobal eile sin amach, & tangadar chum an túama.

4 Agus do ritheadar aráon a néin∣fheachd; achd bá lúaithe do rioth an deisciobal eile ná Peadar, agus tháinig sé ár tús chum an túama.

5 Agus ar gcromadh a sdeach dhó, do chunnairc sé an línéadach na luidhe: gidheadh ní dheachuidh sé a steach.

6 Ann sin tháinig Símón Peadar na dhiáighsean, & do chuáidh sé a sdeach sa túama, agus do chúnnairc sé an línéu∣dach na luidhe:

7 Agus an náipcin do bhí má cheann, ní a bhfochair an línéadaigh, achd air leith, ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.

8 Ann sin do chuáidh an deisciobal eile a sdeach mar an gcéudna, noch thái∣nig ar tùs chum an túama, agus do chunnairc sé [sin,] agus do chreid sé.

9 Oír ní raibh fios an sgríobtúra fós aca; Gur bhéigin eifion deiséirghe ó mharbhaibh.

10 Ar a nadhbharsin dfilleadar na deisciobáil dá nárus féin.

11 Achd do sheas Muire ag an túa∣ma amuigh, a gul. Agus ag gul di, do chrom sí a sdeach ann sa túama.

12 Agus do chunnairc sí dhá aingeal na suidhe a gculaidhibh glégheala, sear agá cheann, agus fear agá chosaibh, sa náit iona raibh corp Jósa curtha:

13 Agus a dubhradar ría; A bhean créud fá nguileann tú? a dubhairt sise ríu; Do bhrígh go rugadar mo Thighear∣na léo, agus nach fios damh cá háit ann ar chuireadar é.

14 Agus an tan a dubhairt sí so, dfill sí ar a háis, agus do chunnairc sí Jósa na sheasamh, agus níor aithin sí gur bé Jósa é.

15 A dubhairt Jósa ría; A bhean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraigh? ar na sháoilsin dise gur ab é an gárghadóir do bhí ann, a dubha•••••• sí ris: A Thighearna, má rug tusa leac•••••• é, innis damhsa gá háit ann ar ch•••••• 〈◊〉〈◊〉 é, agus béuruidh misi leam é.

16 A dubhairt Jósa ríá; a Mhuire▪ niompódh dhise a dubhairt sì ris, Ra•••• bóni, (ionann ré a rádh agus, a Mh•••••• ghisdir.)

17 A dubhairt Jósa ría; Na 〈◊〉〈◊〉 rium: óir ní dheachaidh mé fós 〈◊〉〈◊〉 chum Mathar: achd imthigh ro•••••••• chum mo dhearbhraithreach, agus a•••••• ríu, Go bhfuilim ag dul súas chum 〈◊〉〈◊〉 thar féin, & chum bhur Natharsa, ch•••• mo Dhé féin, agus bhur Ndíasa.

18 Táinig Muire Mhagdalén dá ••••¦nisin do na deiscioblaibh, go bhfacai•••• si an Tighearna, agus go ndubh•••••• sé na neithese ría.

19 Agus ar dteachd an tráth nóa 〈◊〉〈◊〉 lá sin féin, an céud lá don tseachdmh••••••, agus ar mbeith do na dóirrsibh d•••••• mar a rabhadar na deisciobáil cr•••••• deagla na Níuduigheadh, tháinig I•••••• agus do sheas sé na lár, & a dubhairt 〈◊〉〈◊〉 ríu; Síothcháin maille ribh.

20 Agus ar na rádh so dhó, do th••••••∣béin sé a lámha agus a tháobh dhó•••••• Uime fin do bhí gáirdeachus ar 〈◊〉〈◊〉 deisciobluibh an tan do chunncadar 〈◊〉〈◊〉 Tighearna.

21 Ar a nadhbharsin a dubhairt l•••• ríu a rís; Siothcháin maille ribh: 〈◊〉〈◊〉 do chuir an Tathair misi úadh, t rimsi sibhse uáim mar an gcéudna.

22 Agus an tan a dubhairt sé so, 〈◊〉〈◊〉 shéid sé orrtha, agus a dubhairt sé r••••; Gabhuidh an Spiorad náomh.

23 Gidh bé dhá maithfidh sibh a bpeacaidh, atáid siad maithfeach a••••: agus gidh bé peacaidh choingéubhth•••••• atáid síad congbhaithe.

24 Achd ní raibh Tomás, ré a rái•••••• Didimus, áon don dá fhear dhéng 〈◊〉〈◊〉 bhfochair, a nuáir tháinig Jósa.

25 Ar a nadhbharsin a dubhra•••• na deisciobail eile ris. Do chunncamai•••• an Tighearna. Agus a dubhairt sei•••••• ríu; Muna bhfaice misi lorg na dt•••••• geadh ann a lámhuibh, & muna gc•••••• mé mo mhéur a náit na dtairngeadh, & muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.

26 Agus a gcionn ochd lá na dhiaigh sin, do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair. Tái•••••• Iósa ar mbeith do na dóirsibh dú••••, agus do sheas sé ann a lár, & a ••••∣bairt sé; Síothcháin maille ribh.

27 Na dhiáigh sin a dubhairt sé é Tomás; Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha, agus tabhair do la•••••• leachd agus cuir ann mo tháobh í, ag•••• na bí míchreidmheach, achd cre••••∣mheach.

28 Agus do fhreagair Tomás ag•••• a dubhairt sé ris; Mo Thighearna, 〈◊〉〈◊〉 mo Dhía.

Page [unnumbered]

29 A dubhairt Iósa ris: Ar son go ••••••facaidh tú mé a Thomáis do ••••••reid tú: as beannaighthe na dáoine ••••ch bhfacaidh, agus do chreid.

30 Agus do rinne Iósa mórán do ••••••orbhuilibh eile a bhfiadhnuisi a ••••eisciobal féin, nach bhfuil sgríobhtha 〈◊〉〈◊〉 leabhar so.

31 Achd ataid so sgríobhtha, ionnus 〈◊〉〈◊〉 gcreidseadh sibh, gur ab é Iósa Criosd 〈◊〉〈◊〉 Dé: agus ionnus ar gcreideadh 〈◊〉〈◊〉 go bhfuigheadh fibh beatha tré 〈◊〉〈◊〉 a••••••sion.

CAIB. XXI. A••••••ne dhùthrachtach Jòsa do Pheadair, 15 〈◊〉〈◊〉 a thréud a bheathughadh, 22 & ceisd∣•••••••• neamh-tharbhach, uallach, do sheachna.

NA diáigh so do thaisbén Iósa é féin a rís dá dheisciobluibh, ag fairge Thbérias. Agus as mur so do thais∣•••••• sé [é féin.]

2 Do bhí Síomòn Peadar, agus To∣•••••• da ngoirthear Didimus, agus Na∣••••••nael ó Chána ná Galilé, agus clann ••••••edéi, agus días eile dhá dheisciob∣••••bh, a bhfochair a chéile.

3 A dubhairt Símón Peadar ríu; A••••••m ag dul díasgaireachd. A dubhra∣••••••san ris; Rachmáoidne leachd mar an g••••••dna. Do imthigheadar rompa, agus do chúadar ar a mball a luing: & níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin.

4 Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Jósa ar an dtráigh: gidheadh íor aithnigheadar na deisciobail gurab é Jósa do bhí ann.

5 Ar a nadhbharsin a dubhairt Jósa t••••: A chlann, an bhfuil bíadh ar bith gibh? do fhreagradarsan é: Ní bh••••il.

6 Agus a dubhairt seision ríu; Teilgidh 〈◊〉〈◊〉 lion ar an dtáoibh ndeas don ••••ng, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach [a lìon] & níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing 〈◊〉〈◊〉 ••••each lé híomad éisg.

7 Ar a nadhbharsin an deisciobal do ••••••••mhuin lé Hiosa, a dubhairt sé ré ••••adar: A sé an Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaidh Síomón ••••••dar gurab é an Tighearna do bhí 〈◊〉〈◊〉, do chuir sé éudach uime, (óir do 〈◊〉〈◊〉 sé nochduighthe) agus do theilg 〈◊〉〈◊〉 é féin sa bhfairge.

8 Agus tangadar an chuid eile do 〈◊〉〈◊〉 deisciobluibh a luing, (óir níor bhfa∣•••• ó thír do bhádar, achd a dtim∣••••••all dhá chéud bánnlamh) ag tarruing 〈◊〉〈◊〉 lin éisg.

9 Agus mar thangadar a dtír, do ••••••nncadar gríosach, agas íasg ar na ••••••••r úirrthe, agus arán.

10 A dubhairt Jósa riu; Tabhraidh 〈◊〉〈◊〉 cuid don íasg do gabhabhair a nois.

11 Do chuáidh Síomón Peadar súas, 〈◊〉〈◊〉 do tharruing sé an lion a dtír, lan ••••••uibh mora, céud trí héisg dhéug 〈◊〉〈◊〉 dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion.

12 A dubhairt Jósa ríu, Taguidh, ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnighea∣dar gurab é an Tighearna é.

13 Uime sin tháinig Jósa, & do ghlac sé arán, agus tg sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gceudna.

14 A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Jósa é féin dá dheisciobluibh, tar éis a éiséirghe ó mharbhuibh.

15 Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Jósa ré Síomon Peadar; A Shímóin [mhic] Jóna, a nannsa leachd misi, ná léo so? A dubhairt seision ris; a seadh a Thighearna, atá 〈◊〉〈◊〉 fhios agad∣sa gur ab ionmhuin liom thú. A du∣bhairt seision ris, Beathuidh muáin.

16 A dubhairt Jósa ris a rís an dara huáir; A Shíomóin [mhic] Jóna a nion∣mhuin leachd misi? a dubhairt seision ris: Seadh a Thighearna, atá a fhios a∣gadsa gur ab ionmhuin liom thù. A du∣bhairt Jósa ris: Beathuidh mo cháoirigh.

17 A dubhairt sé ris an treas uáir: A Shíomóin [mhic] Jóna, a nionmhuin leachd misi? do ghabh doilgheas Pea∣dar, do bhrígh go ndubhairt sé ris an treas uáir, A nionmhuin leachd misi? agus a dubhairt sé ris: A Thighearna, atá fios na nuile neithe agadsa: atá a fhios agad gur ab ionmhuin leam thú. A du∣bhairt Jósa ris, Beathuidh mo cháoir igh.

18 Go deimhin, deimhin, a deirim riot, an tan do bhí tú ní as òige, do churthá féin do chrios thort, agus do shiubhaltá mar a dtogarthá féin: achd an tan bhías tú arrsuidh, sínse tú do lá∣mha amach, agus cuirfe duine eile do chrios thort, agus tréoróchaidh se thú, a náit nach áill leachd.

19 Agus a dubhairt sé so, dhá fhoill∣siughadh créd í an ghné bháis ré a dtio∣bhradh se glóir do Dhía. Agus ar na rádh so dhó, a dubhairt sé ris: Lean misi.

20 Agus ar bhfilleadh do Pheadar air ais, do chunnairc sé an deisciobal do bionmhuin lé Híosa dhá leanmhuin, an té do luigh a nuchd Iósa ar a shuipér, agus a dubhairt; A Thighearna, cía bhraithfeas tú?

21 Ar a nadhbharsin an tan do chun∣nairc Peadar eision, a dubhairt sé ré Híosa: A Thighearna, [cred dhéanas] an fear so?

22 A dubhairt Iósa ris; Má sí mo thoilse eision dfanmhuin go dtiuca mé, créud é sin duitse? leansa misi.

23 Uime sin do chuáidh an rádh so amach a measg na ndearbhráith∣reach, nach bhfuigheadh an deisciobal sin bás: gidheadh ní dubhairt Iósa ris, Ní bhfuighe sé bás: achd Má sí mo thoilse eision dfanmhuin go ttiuca mé, Cred é sin duitse?

24 A sé an deisciobal so, do ni

Page [unnumbered]

fínné do na neithibhse, agus do sgríobh na neithese: agus atá a fhios aguinn gur fíor a fhíadhnuisi.

25 Agus atáid móran do neithibh eile noch do rinne Jósa, agus dá mbei•••• dís sgríobhtha uile, ní mheasuim 〈◊〉〈◊〉 ngeubhadh an domhan féin a sgr••••••••∣tháoi do leabhruibh. Amén.

GNIOMHARTHA NA NEASBAL.

CAIB. I. Tôgbhala Iosa go flaitheas; 14 Crábhadh na Neasbal; 24 & togha Mhatthias a nionad Judais.

DO rinne mé an céudleabhar, a heóphilus, a dtimcheall gach uile neithe do thionnsgain Jósa do dhéanamh, & do theagasg.

2 Go soithe an lá iona rugadh suás é, r dtabhairt aitheantadh do na heasbaluibh, noch do thogh sé, trés an Spiorad náomh.

3 Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a phàisi, maille é mórán do chomharthaidhibh frinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsighadh féin dóibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé.

4 Agus ar mbeth a bhfochair a dheis∣ciobal, do aithin sé dhíobh gan dul as Iarusalém, achd fuireach ré gealladh a Na∣thar, noch [ar sé] do chualabhair náimsi.

5 Oír do bhaisd Eóin go deimhin lé huisge, achd baisfidhthear sibhse leis an Spiorad náomh táobh a sdigh don bheagan laitheadhsa.

6 Ar a nadhbharsin ar gcruinníughadh a cceann a cheile dhóibh, dfiáfruighea∣dar dhe ag rádh; A Thighearna, an ann sa naimsirsi dhéanas tu an rióghachd aisioc Diósraél?

7 Achd a dubhairt seisean riú: Ní bhéanann ribhsi na haimsearacha náid na seasuir daithne, noch do chuir an Tathair ann a chumhachduibh féin.

8 Achd geúbthaoi subhailcighe chugaibh ón Spiorud náomh, thuirrleóngas oruibh, agus beithí bhar bhfiadhnuisibh dhamhía a Niarusalém, & a ttir Júdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leith∣imeal na talmhan.

9 Agus an tan a dubhairt sé na nei∣thesi, do togbhadh suás é, agus iádsan dá fhéachain: agus rug neúll as a namharc é.

10 Agus an féadh do bhádar ag féa∣chuin go gér air neamh, & eisean ag im∣theachd; féuch, do sheasadar dís fear a néadach geal láimh ríu:

11 Noch a dubhairt fós; A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag fêachuin air neamh? an Tíosaso atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé, mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.

12 Ann sin dfilleadar go Híarusalém ón tslíabh ré a nabarthar [slíabh] na noluidheadh, noch atá láimh lé Híaru∣salém asdar sabbóide,

13 Agus ar nimtheachd a sdéa••••, 〈◊〉〈◊〉 chuadar súas a seomra úachdarach, 〈◊〉〈◊〉 ar fhan Peadar, agus Séu••••••, 〈◊〉〈◊〉 Eóin, agus Andrias, Philip agus To∣más, Bartoloméus, agus Matha, S••••∣mus [mhac] Alphéi, agus Síomon & lótes, agus Judás [dearbhrathair] héumuis.

14 Do chomhnuigheadar so uile lé hé••••∣toíl amháin a núrnuighe, & a ngu•••••••• maille ris na mnàibh, agus lé Muire ••••∣thair Iósa, & lé na bhráithreachuibh.

15 Agus ann sna láethibhsin 〈◊〉〈◊〉 neirghe do Pheadar a lár nan deisci•••••• a dubhairt sé; (agus do bhí a nui•••••••• anmann do bhí ar an láthaírsin a d••••••••∣cheall chéd agus fiche.)

16 A dháoine agus a bhráithrech, dob éigin an sgrioptúrso a choimh••••∣nadh, noch do réamhrádh an Spio•••••• náomh tré bhéul Daibhi, a dtimchea•••• Iúdais, noch do bhí na éoluighe ag 〈◊〉〈◊〉 muintir do ghabh Iósa:

17 Oír do bhí sé ar na chomháirea•••• ar measgne, agus fúair sé cuid don m••••∣niosdralachdso.

18 Uime sin do sholáthair an fear•••• fearann ré Iúach éagcora; agus ar d••••∣tim dhò a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do sginneadar a i••••e uile amach.

19 Agus fúaradar aitreabhuigh Ier∣salém uile a fhios so, a gcruth go ngo••••∣thear don fhearannsin an a dteanguidh∣sion, Aceldàma, eadhon, Fearan na fo.

20 Oír atá sgríobhtha a leabhar 〈◊〉〈◊〉 Salm; Go raibh a áit chomhnuidhe 〈◊〉〈◊〉 fhasach, agus ná háitreabhadh duine a bith ìnnte. Agus glacadh neach eile a easbagóidheachd.

21 Ar a nadhbharsin is éigin á•••• don mhuinntirsi do bhí má ráon rinne a feadh na haimsire uile ann a ndeachai•••• an Tighearna Iósa a sdeach agus amach eadruinn,

22 (Ag tosughadh ó bhaisdeadh Eó•••• go soithe an lá ann a rugadh suas uá•••••• é,) go mbíadh sé ar bhfochairne, 〈◊〉〈◊〉 fhíadhnuisi ar eiséirghesean.

23 Agus dórduigheadar diàs, Ióseph dá ngoirthí Barsabas, dar comhai•••••• Justus, agus Matthías.

24 Agus ag déanamh urnuighe dhó•••••• a dubhradar; As tusa a Thighearna, aithnidheas croidhthe na nuile dháo••••, foillsigh cía don diasa do thogh tú.

25 Do ghlacadh ionuid na minio•••••• lachda so agus na habsdaltachdasa, ó 〈◊〉〈◊〉

Page [unnumbered]

ndeachuidh Iúdas ar seachrán, ionnus go ••••chadh sé dhá ionad féin.

26 Ann sin do theilgeadar a ccrann∣char, agus do thuit an crannchar ar Mhatthías, agus do toghadh é go ••••ontadhach a bhfochair a neineasbal ég.

CAIB. II. A nam na Cingcise, tainic an Spiorad naomh a richt teangtha sgoiltighe, ar na Heashalaibh.

AGus an tan thainig lá na Cing∣císe do bhádar uile dáontoil ar ••••••bhall.

2 Agus tháinig torann ó neamh go obann, mar do thiocfadh séideadh gháoi∣••••e ro aintréun, & do líon sé an tigh ••••le mar a rabhadarsan na suidhe.

3 Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha ••••oiltighe mar theine, noch do shuidh ar gach áon dióbh.

4 Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad náomh, & do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar ••••••g an Spiorad labhairt dhóibh.

5 Agus do bhádar na gcomhnuidh a N••••rusalém, Júduidhe, daoine díadha do gach uile chinéul dá bhfuil fáoi neamh.

6 Agus ar ndul don tásgso amach, do ••••••innigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gúaluidh gach áon aca iádsan ag la∣••••airt ann a dteanguidh féin.

7 Agus do ghabh úathbhás, agus i••••gantas iád uile, ag radh ré céile; Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?

8 Agus cionnas do chluinn sinne gach án aguinn a theanguidh féin an a ••••gadh sinn?

9 Parti, agus Médi, agus Ela∣••••ti, agus na dáoine áitigheas a Me∣••••potámia, agus a Níudéa, agus a ••••••••ppadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia.

10 A Bhphrígia, agus a Bpamphí∣••••a, ann sa Négipt, agus a ranntuibh ••••••ia timcheall Chiréne, agus coigcrióch∣••••a na Rómha, agus Iúduidhe, agus ••••••seliti.

11 Luchd Chréta agus Arábia, do ••••••inmíd-iád ag labhairt ann ar dtean∣••••ibh féin oibreacha mórdhálacha De.

12 Agus do ghabh ùathbhás agus ••••haras iad úile, ag rádh, gach fear ré a ch••••le; Créd is ciáll dó so?

13 Agus a dubhradar dáoine eile 〈◊〉〈◊〉 foomhad; Is lán dfión mhilis atáid ad so.

14 Achd ar seasamh do Pheadar a ••••sochair a naóin [eas buil] dég, dárdaigh 〈◊〉〈◊〉 a ghuth, agus do labhair sé ríu; A ••••••hal Iúdaidhe, & a luchd áitighe Ia∣••••••••lém uile, biodh a dheimhin so agaibh, 〈◊〉〈◊〉 éisdigh rém bhríathruibh.

15 Oír ní bhfuilid siad so aír misge 〈◊〉〈◊〉 mheastaóise; an tan nach bhfuil sé ••••••••d an treas uáir don lá;

16 Achd a sé so an ní a dubhradh tré 〈◊〉〈◊〉 bhfáidh Ióel,

17 Agus tíocfuigh chum críche ann sna Iaéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic, agus bhur ningheana fáidheadóireachd, & do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe.

18 Agus fós dóirrfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghan∣tuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin, agus do dhéanuid faidheadoireachd.

19 Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comharthaidhe ar an dtalámh shíos, fuil, agus teine, agus gal deatuighe.

20 Iompóchar an ghrían a ndor∣chadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas an lá mór oirdheirc sin an Ti∣ghearna.

21 Agus tiocfuidh chum críche, gidh bé ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláineóchthar é.

22 Eisdigh na bríathrasa a chlann Is∣raél; Iósa Nasárrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cumhachduibh agus lé miórbhailibh, agus le comhar∣thaidhibh noch do rinne Día thrídsean eadruibhse mar is aithne dhibh féin.

23 An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte, & tré réimhfhéachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lámhaibh drochdháoi∣ne, do mharbhabhair é:

24 Noch do thóg Día súas íar sgáoi∣leadh dhoilghis an bháis, ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.

25 Oír a deir Dáibhi na thimcheallsan, Do chunnairc mé an Tighearna am thíadh∣nuisi do ghnáth: óir atá sé ar mo láimh dheis, ionnus nach ccorróchtháoi mé:

26 Ar a shon so do bhí mo chroidhe go subhach, agus do rinne mo theanga lúathgháire: agus na cheann sin suáimh∣neóchuidh mfeóil a ndóchas:

27 Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, & ní fhuileónga tú do náomh féin truáillidheachd dfaicfin.

28 Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha, líonfuidh tú mé do gháirdeachus léd ghnúis féin.

29 A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an Phatriárca Daibhí, go bhfuil sé tair éis bhàis, agus ar na adh∣lacadh, agus atá a thûama eadruinne gus an lá a niu.

30 Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maiile lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Crìosd súas do shiol a leasruighsion do réir na fêola, agus go ccuirfeadh sé na shuidhe ann a chatháoirsean é:

31 Ar na réumhfhaicsin dó, do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann túailleadh.

Page [unnumbered]

32 Do thóg Día an Tíosaso súas agus atámáoidne uile ar bhfíadhnuisibh air.

33 Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé làimh dheis Dé, agus ar bhfa∣gháil an Spioraid náoimh do réir gheal∣lamhna a nathar, do dhóirt sé amach an nisi do chíthísi a nois, agus do chluin∣tí.

34 Oìr ní dheachuidh Dáibhi súas air neamh: gidheadh a deir sé: A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,

35 Nó go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.

36 Uime sin bíodh a fhios go dearbh∣tha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día, Tighearna agus Críosd do Níosasa do chrochabhairsi.

37 Agus ar na chloinsin so dhóibh, do goineadh ann a gcroidhe íad, agus a dubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh; A fheara, agus a bhráithreacha, Créud do dhéu∣nam?

38 Agus do fhreagair Peadar íad; Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd, chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spio∣ruid naoimh.

39 Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día.

40 Agus do ghuidh sé, agus do thea∣guisg sé [iad] ré morán eile do bhriath∣ruibh, ag rádh: Coimhéaduidh sibh féin ón drochgheinealachsa.

41 Ann sin na dáoine do ghabh chu∣ca a bhríathra go toileamhail, do bais∣deadh íad: Agus do cuireadh léo an lásin a dtimcheall thrí míle anam.

42 Agus do chomhnuidheadar a dtea∣gasg na neasbal, agus ann a ccumann, a mbriseadh aráin, agus a nurnuighibh.

43 Agus do ghabh eagla gach uile anam: agus do rinneadh mórán do mhíorbhuilibh agus do chomharthuibh leis na heasbaluibh.

44 Agus na huile dháoine do chreid, do bhádar a bhfochair a chéile, agus do bhádar na huile neithe coitcheann aca:

45 Agus do reacadar a bhfineachas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gach áon fá leith do réir a ríachda∣nuis.

46 Agus ag fanmhuin gach láoi déan∣toll ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas, agus lé simpli∣dheachd chroidhe:

47 Ag moladh Dé, agus ag fagháil ceana ón phobal uile: agus do chuir an Tighearna leis a neagluis gach láoi, an dream do fláinéochtháoi.

CAIB. III. Do leighis Peadar an bacach, 19 & bros∣duigh sé filleadh on ole go creidimh Chríosd an Islànaigheoir.

AGus do chúaidh Peadar agus Eó•••• a néaineachd súas don teampoll, 〈◊〉〈◊〉 nam urrnuighe, a dtimcheall a n••••∣mhadh huáir.

2 Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruin a mhathar: noch do chuirdís gach laoi a dorus an teampuill, ré a ráitear Bre∣gha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll.

3 An tan do chunnairc an s•••••••• Peadar agus Eóin ar tí dul a steach 〈◊〉〈◊〉 teampoll, díarr sé déirc.

4 Agus ar bhféuchain go géur do Pheadar air maille lé Heóin, a dubhairt sé: Féuch oruinne.

5 Agus tug seision aire dhóibh, a nd∣chus neithe éigin dfághail úatha.

6 Achd a dubhairt Peadar: Ní bh•••••••• airgead na ór agamsa: achd an ní atá agam do bheirim dhuitse é; A nai•••• Jósa Criosd Nasárrdha, éirigh, ag•••• siubhail.

7 Agus ar mbreith air a láimh dh•••••• dó, do thóg sé súas é: Agus ar an mhall do neartuigheadh mudharnaigh ag•••• bonnaidhe a chos.

8 Agus do léim sé súas, do sheas, & do shiubhail sé: agus do chuáidh sé ríu a steach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh, agus ag moladh Dé.

9 Agus do chunnairc an pobal uile é, ag siubhal, agus ag moladh Dé.

10 Agus daithneadar é, gur ab é do bhíodh ag íarruidh déirce na shuidhe ag geata bréagh an teampuill: agus do li∣nadh íad diongantas, agus dúathbhás, fa a ní sin thárla dhó.

11 Agus ag cungmháil Pheadair agus Eóin don mhairtíneach úd do slá••••∣ghadh, do rioth an pobal uile chuca ag iongantus, don phóirse dá ngoirthear [póirse] Sholaimh.

12 Agus ar na fhaicsin sin do Phea∣dar, do fhreagair sé don phobal: A fheara Israel, créd fá bhfuil iongna•••• aguibh ann so? nó créd fá bhfuilti ag sírfhéachuin oruinne, amhuil as gur tré ar gcumhachdaibh féin nó tré ar náom∣thachd do thugamar air an bhsean siubhal.

13 Día Abrahám, agus Isaac, ag•••• Iácob, Dia ar naithreachne, do ghlór••••∣ghe sé a mhac féin Iósa, noch do bhrai∣theabhairse, agus do shéunabhair a bhfíadhnuisi Phìolaid, an tan rug sé do bhreith a sgáoileadh.

14 Achd do shéunabhairse an neach náomhtha fíréanta, & díarrabhair fear dúnmharbhtha do thiodhlacadh dhbh:

15 Achd do mharbhabhair úghdar 〈◊〉〈◊〉 beatha, noch do dhúisigh Día ó mh••••∣bhaibh, agá bhfuilmídne ar bhfíad∣nuisbh.

16 Agus tré chreideamh anmasan, d neartaidh a ainm an fearso do chíthí & áitheantáoi: & an creideamh atá dh•••• tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte io∣lánso ann bhur lathairse uile.

Page [unnumbered]

17 Agus a nois, a dhearbhraithre, ata a fhios agam gur tré ainbhfios do rin∣eabhair [na neithe so,] agus bhur ••••achdaráin mar an gcéadna.

18 Achd is mar so do choimblíon Día na neithe do réumhfhoillsigh sé trè bhéul a fháigheadh uile, go bhfuileón∣gadh Críosd.

19 Ar a nadhbharsin déunaidh aith∣righe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhr peacaidh, a núair thiocfus aim∣•••• a nfúaraidh ó fhíadhnuise an Ti∣ghearna,

20 Agus chuirfeas sé úadh Jósa Críosd noch do seanmórughadh dhíbh roimhe.

21 Dár ab éigin do neamh a ghabháil, go teachd daimsearachaibh aiseagtha na mile neitheann, noch do labhair Dîa tré bhéul a uile fháigheadh nâomhtha ó thús a domhain.

22 Oír a dubhairt Máoise ris na hai∣threachuibh; Toigéubhaidh bhur Dtighear∣na Día fáidh súas dîbh, dá bhur ndearbh∣raithreachaibh féín, mar misi: éisdfidh sibh 〈◊〉〈◊〉 sna huile neithibh laibheórus sé rìbh.

23 Agus tiocfuidh chum críche gidh bé ách éisdfidh ris an bhfáidhsin, go sgriossuighthear é as an bpobal.

24 Agus dfoillsigheadar na huile fhai∣dhe mar an gcéudna, ó Shàmuél, agus ó druiug do lean é ó shoin, an mhéid do labhair dhíobh, na laéthe so.

25 As sibhsi clann na bhfáigheadh, & na tiomna do rinne Día ré ar naithrea∣chaibh, ag rádh ré Hábraham; Agus ann do shíolsa bheannóchthar cineadha∣tha na talmhan uile.

26 As chuguibhse ar tús do chuir Día a mhac féin Iósa, ar na dhúsachd [ó harbhuibh,] dá bhur mbeannughadh, ionnus go bhfilleadh gach áon aguibh ó bhur nolcaibh.

CAIB. IV. A••••hail dhán Pheadair. 23 urnuighe, 32 & ionnanus na Gcreidmheach.

AGus an feadh do bhádar ag labhairt ris an bpobal, tangadar na sagairt, agus uachdarán an teampoill, agus na ••••ducíni ortha:

2 Ag doilgheas go rabhadarsan ag tea∣gasg an phobail, agus ag seanmórugh∣dh a Níosa éiséirghe ó mharbhuibh.

3 Agus do chuireadar lámha ionnta, agus do chuireadar a bpríosún íad, go [dtáinic] ar na mhárach, óir do bhí sé a a namsin déigheanach.

4 Gidheadh morán da ccúaluidh an bhríathar, do chreideadar; agus dó bhí ••••hir na ndáoine a dtimcheall chúig mile.

5 Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a nuachdaráin, & a sinn∣••••, agus a sgríobuidhe a bhfochair a ch••••e a Níarusalém:

6 Agus Annas an tárdshagurt, & Cáia∣p••••s, & Eóin, & Ailexanndar, & gach a raibh do chinéul na nárdshagart.

7 Agus an tan do chuireadar a lár 〈◊〉〈◊〉, dfíafruigheadar; Créud é an túgh∣darrás, nó an tainm as a ndearna sibh∣se a ní so?

8 An sin ar mbeith do Pheadar ar na líonadh don Spiorad náomh, a dubh∣airt fé ríu; A úachdaráin an phobuil, & a shinnseara Israél,

9 O atamáoidne a niugh air ar dtabh∣airt chum ceasda, a dtimcheall na mai∣theasa do rinneadh don duine éagrúaidh cionnus do slánuigheadh é;

10 Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuisesi.

11 A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse, a sháora; dá ndear∣nadh ceann an chuáinne.

12 Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile. Oir ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoi∣nibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.

13 Agus an tan thugadar dhá naire dánachd Pheadair, agus Eóin, agus gur thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhoghluim, gan éolus, do ghabh iongantus íad, agus daithneadar go rabhadar a bhfochair Jósa.

14 Agus ar bhfaicsin a nfir do bhí ar na shlánughadh, na sheasamh na bhfochair; ní raibh éainní aca ré rádh na naghuidh.

15 Achd ar na fhógra dhóibh dul a∣mach as an gcomhairle, diomraidhea∣dar catorra féin,

16 Ag rádh; Créud do dhéunam ris an muintirse? óìr go deimhin atá co∣mhartha foillsightheach aca ar na dhéa∣namh, agus is follus do gach áon áiti∣gheas á Niárusalém é, agus nì féidir linne a shéuna:

17 Achd deagla leathnuighthe dhó ní as faide a measg an phobail, toirmisgeam íad go bagrach fá labhairt feasda sa nainmse ré duine air bith.

18 Agus ar na ngairm dhóibh, dáith∣neadar dhíobh: gan labhairt air éanchor, agus gan teagusg do dhéunamh a nainm Iósa.

19 Achd ar bhfreagra do Pheadar, agus Deòin, a dubhradar riu; Measuigh fein an córa a bhfíadhnuise Dé, sibhsi deisdheachd ná Día.

20 Oir ní héidir linne, gan na neithe do chúalamar, agus do chunncamar do labhairt.

21 Agus ar ndéanamh bagair dhóibh∣sean, do léigeadar úatha íad, mar nach bhfuaradar slighe ar bith chum pionnúis do thabhairt dóibh, ar son an phobail: óir tugadar uile glóir do Dhía, ar son a neithe do rinneadh ann.

22 Oír do bhí an té air a ndearnadh an comhartha slainte ùd, ós cìonn dá fhichead bhliadhan dáois.

23 Agus ar na léigean amach, tanga∣dar chum a gcompánach, agus dfoill

Page [unnumbered]

sigheádar gach a ndubhradar na hárdsha∣guirt agus ná sinnsir ríu.

24 Agus ar na chlos so dhóibhsean, do thógbhadar súas a nguth déantoil chum Dé, agus a dubhradar; A Thighearna, is tusa an Día do rinne neamh, agus talamh an fháirge, agus gach a bhfuil ionnta:

25 Noch a dubhairt sa Spiorad náomh ré béul Dáibhi do shearbhfhoghantuighe féin; Créud fár líonadar na cineadhacha dfeirg, agus fár smuàineadar na puib∣leacha neithe díomháoineacha?

26 Do sheasadar ríghthe na talmhan, & do chruinnigheadar na huachdaràin a bhfochair a chéile, a naghaidh an Tighear∣na, agus a naghaidh a Chríosd.

27 Oír do chruinnigheadar gan chonn∣tabhairt a bhfochair a chéile sa chath∣raighse, Joruaidh, agus Poinnsius Pioláid, maille ris na cineadhachuibh, agus ré puibleachaibh Israél, a naghaidh do mhic náomhtha Jósa, noch do óng tù.

28 Do dhéanamh gach neithe dár réumhórdaigh do lámhsa, agus do cho∣mhairle a dhéanamh.

29 Agus a nois a Thighearna, tabhair aire dá mbagur, agus tabhair dod shearbhfhoghantuidhibh féin, do bhría∣thar a labhairt, maille ré gach uile dhá∣nachd.

30 Ag sineadh do láimhe amach chum leighis, & comharthadh, & miorbhui∣leadh do dhéanamh, tré ainm do mhic náomhtha féin Jósa.

31 Agus ar ndéunamh urnuighe dhóibh do chriothnuighe a náit a rabhadar a bhfochair a chéile: agus do líonadh íad uile don Spiorad náomh, agus do labhra∣dar bríathar Dé maille ré dánachd.

32 Agus do bhí áon chroidhe agus áon anam amháin ag an druing do chreid: agus ní dubhairt éainneach aca, go madh leis féin áon ní dhá raibh na sheilbh, achd do bhádar na huile neithe comh∣choitcheann aca.

33 Agus tugadar na habsduil maille ré cumhachdaibh móra, fiadhnuise eiséir∣ghe an Tighearna Iósa úatha: agus do bhádar grása móra orrtha uile.

34 Oír ní raibh éainneach eatorra ar a raibh riachdanus; óir an mhéid do bhì na sealbhaigheóiribh fearuinn, nó tighthe, ar na réic do bheirdís a lúach leó;

35 Agus do chuirdís ag cósáibh na nab∣sdal é: & do ruinntí é ar gach áon do réir a ríachdanuis.

36 Agus Jóses, dar ghoireadar na hab∣sdail Barnabas (sé sin ar na eidirmhíni∣ughadh, Mac na comhfhurthachda) ar mbeith dhó na Lebhíte, [agus] do fhréimh na Sioprus,

37 Ar mbeith go raibh fearann aige, do reac sé é, agus tug sé ris an tairgead, & do chuir sé ag cosaibh na nabsdal é.

CAIB. V. Bâs ùathbhasach Ananîas & Shaphìrah arson chealgoireacht. 33 & na Héasbuil, a mbaô∣ghal bdis ar son na firinne, do shaoradh ad tre chomhairlé Ghamaliel.

AGus do reac fear áirighe dar bhai•••••• Ananías, maille ré na mhnáoi Sap¦phira, fearann do bhí ann a sheilbh:

2 Agus do chonnaimh aige go fo•••••••• theach cuid dá lúach go bhfios 〈◊〉〈◊〉 mhnáoi, agus ar dtabhairt choda é•••••• ris, do chuir sé ag cosaibh na n••••••∣sdal é.

3 Ann sin a dubhairt Peadar, A Ana∣nías, créd fár líon Sátan do chroidhe do dhéunamh bréige reis a Spiorad ná••••h, & do chungbháil coda éigin do lúach a fhearuinn go foluightheach?

4 A né nár leachd féin é dá g••••∣gabhtha é, agus an é nach raibh sé •••• chumhachdaibh féin, íar na reic? créd f fmúain tú a ní so ád chroidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré D••••

5 Agus ar gcloinsin na mbríath•••••••• Dananías, do thuit sé síos, & do c••••∣aidh a anam as: agus do bhí eagh mhór ar gach duine dhá ccúaluidh 〈◊〉〈◊〉 neithe so.

6 Agus ar éirghe do na hógán•••••••• rugadar air, agus ar na iomchor dh•••••••• dadhlacadar é.

7 Agus tárla a dtimcheall thrí néair na dhiaigh sin, go dtáinig a bhean a stea•••• gan fios an neithe do rinneadh, aice.

8 Agus a dubhairt Peadar ría; I•••••• damh, nar a noiread so do reacabhair 〈◊〉〈◊〉 fearánn? agus a dubhairt sife, seadh 〈◊〉〈◊〉 a noiread sin.

9 Ann sin a dubhairt Peadar 〈◊〉〈◊〉; Créud fár chomháontuigh sibh cathugha•••• do chur ar Spioruid an Tighearna? fe••••••, atáid cosa na muinntire dadhluic th•••••••• ag an dorus, agus béuruid síad th•••••• ríu.

10 Agus ar a núairfin féin do th•••• sise agá chósaibh, agus do chúaidh a spiorad aisde: agus ar dteachd a steach do na hógánuibh, fúaradar marbh í, & ar na breith leó, dadhluiceadar i a naice a fir.

11 Agus do bhí eagla mhór air a nea∣luis uile, agus ar na huile dháoinibh 〈◊〉〈◊〉 chúaladh na eithe so.

12 Agus do nithí mórán do chomhar∣thadhaibh, agus do mhíorbhalaibh, tré lámhuibh na nabsdal, a measg an pho∣bail, agus do bhidis uile déantoil a bpóirse Sholaimh.

13 Achd don druing eile, níor la•••••• éainneach aca greamughadh leó; gidh∣eadh do bhi meas mor ag an phobal o••••∣tha.

14 Achd is móide do mhéudaigh 〈◊〉〈◊〉 uimhir fear agus bhan do chreid d•••• Tighearna.

15 Ionnus go niomchraidis amach fá na sráidibh na daoine éugcruáidh agus go gcuirdís ar leapachuibh ia•••• ionnus ag teachd do Pheadar go gcuir∣feadh a sgáile amháin sgáile ar neach éigin díobh.

16 Agus do thigdís morán a gcea••••

Page [unnumbered]

a chéile as na caithreachaibh timcheall o Hiárusalém, ag tabhaírt dháoine éag∣craidhe, agus buaidheartha ó spiora∣da••••h neamhghlana ríu, noch do slá∣••••••ghthi uile.

17 Achd ar néirghe súas don nárdsha∣gart, agus gach a raibh na fhochair, (mar atá airiceachd na Saducíneach) do ••••••nadh do thnúdh íad.

18 Agus do chuireadar a lámha sna habsdalaibh, agus do chuireadar sa bprío∣ín choitcheann íad.

19 Achd dfosgail aingeal an Tighear∣•••• sa noidhche doirse an phríosúin, agus •••• na dtreórughadh amach, a dubhairt sé.

20 Imthighidh romhaibh, agus ar sea∣••••mh sa teampall dáoibh, labhruidh ris 〈◊〉〈◊〉 phobal, na huile bhríathra na bea∣••••sa.

21 Agus ar na chloinsin so dhóibh∣ean, do chúadar a steach don team∣pall go moch ar maidin, agus do theag∣••••••geadar. Achd ar dteachd don árd∣••••gart, & don druing do bhí na fho∣thair, do ghoireadar comhairle, & sinn∣•••••• chloinne Israél uile a gceann a chéile: 〈◊〉〈◊〉 do chuireadar teachda ar a gceann∣•••••• chum an phríofúin.

22 Agus ar dteachd do na máoruibh 〈◊〉〈◊〉 sharadar íadsan sa bríofún: agus ar bh••••leadh dhóibh dinniseadar [sin,]

23 Ag rádh; Fúaramar go deimhin an ••••iosn dúnta go dùthrachdach, agus an ••••chd coimhéuda na seasamh a muigh as comhair na ndoírrseadh: achd ar nos∣ladh dhúinn, ní fhúaramar áonduine a stigh.

24 Agus ar gclos na mbriatharsa o nárdshagart, agus duachdarán an teampuill, agus duachdaránaibh na sa∣••••t, do bhì conntabhairt aca na ••••••cheallsan, créud do thiocfadh 〈◊〉〈◊〉 so.

25 Achd ar dteachd do neach áirighe dinis sé dhóibh, ag rádh; Féuch, na fir do chuireabhair a bpríofún, atáid síad a seasamh sa teampall, agus ag teagusg •••• phobail.

26 Ann sin ar nimtheachd don chaip∣••••••, maille ris na máoruibh, tug sé leis ••••d, gan choimhéigneadh. (Oír do bhí eagla an phobail ortha, go ngéubhaidís do ••••lochaibh orrtha.

27 Ar a nadhbharsin tar éis íad dhá ••••abhairt leó, do chuireadar a bhfíadh∣••••ise na comhairle íad, agus dfiafruigh an tárdshagart díobh.

28 Ag râdh; A né nar áithneamairne 〈◊〉〈◊〉 ródhithcheallach dhíbh, gan teagusg do dhéunamh sa nainmse? agus féuch, 〈◊〉〈◊〉 lionabhair Jerusalem le bhur dteagusg, g•••• as mían libh fuil an duinese do harruing oruinne.

29 Agus ar bhfreagra do Pheadar, agus do na habsdaluibh, a dubhradar; 〈◊〉〈◊〉 mò is éigin umhlughadh do Dhía, nâ o dháoinibh.

30 Do thóg Día ar naithreachne Jósa súas, noch do mharbhabhairse é, ar na chrochadh a gcrann.

31 Do thóg Día ré na láimh dheis féin é so súas, na phríonnsa, agus na shlá∣naightheóir, do thabhairt aithrighe, & maithmheachais na bpeacadh Disraél.

32 Agus atámáoidne ar bhfíadhnui∣sibh dhó, ar na neíthibhse a deirmíd: & mar an gcéudna an Spiorad náomh, noch thug Dia don druing umhlaigheas dó.

33 Agus ar gclos na neitheadhsa dhóibhsean, do bhádar air a ngearradh, agus do rinneadar comhairle íadsan do mharbhadh.

34 Achd ar néirghe súas Dfairisíneach áirighe sa gcomhairle, dár bháinm Ga∣máliel, doctur dlighe, do bhí fá chion ag an bpobal uile, daithin sé na hab∣sdail chur amach ar feadh tamuill.

35 Agus a dubhairt sé ríú; A fhio∣ra Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin, créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.

36 Oír roimhe a naimfirse, déirghe Teudás súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin, lér cheangail uibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéuds noch do marbhadh, agus an mhéid dáon∣tuigh dhó, do spréaghadh, agus do chui∣readh a neimhbrígh íad.

37 Tar éis an fhirse, déirghe Júdás an Galileánach súas, a laéthibh an dáoir∣chíosa, agus do tharruing sé mórán don phobal chuige féin: agus do sgriosadh an fearsa fos, agus do spréaghadh an mhéid tug a náonta dhó.

38 Agus a deirim ribh a nois, Seach∣nuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: óir más ó dháoinibh thig an chomhairle, nó a nobairse, cuirfigh∣thear a neimbrígh é.

39 Achd mas ó Dhía thig sé, ní héi∣dir libh a chur a neimbrígh: air eagla go bhfuighthi ag troid a naghaidh Dé sibh.

40 Agus do áontuigheadar dhó: & ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fógra dhóibh, gan labhairt a nainm Jósa: agus do léigeadar úatha íad.

41 Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na comhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Jósa.

42 Agus gach lá fa teampall, agus ó thigh go tigh, níor sguireadar do bheith ag teagasg, agus ag seanmòrughadh Jósae Críosd.

CAIB. VI. Seacht Deachanna ar na ndtogha, 5 dar diobh Stephanus.

AGus an sna laéthibhsin, ag méudu∣ghadh do na deisciobluibh, déi∣righ monmhur na Ngréugach a nagh∣aidh na Neabhruigheach, do bhrígh go ttugtháoi neimhchion air a mbaintrea∣bhachuibh sa miniosdralachd laétheamhuil.

Page [unnumbered]

2 Uime sin ar ngairm iomuid do na deisciobluibh a gceann a cheile don dá fhear dhéug, a dubhradar: Ní hiom∣chubhuighe dhùinne briathar Dé dfágbháil do chum na mbord do fhriothólamh.

3 Ar a nadhbharsin a dhearbhraith rea∣cha, féuchaidh amach bhur measg féin, mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don Spiorud náomh & deagna, noch do chuirfeam a dtimcheall na hoibreise.

4 Agus bíadhmaidne go comhnuigh∣theach a nurnuighe, agus a miniosdrálachd na bréithre.

5 Agus dáontuigheadar an comhlúadar uile don rádh so, agus do thoghadar Steaphán, feár lán do chreideamh, agus don Spiorad náomh, agus Philip, agus Procórus, agus Nicánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás, neach ó Aintióchia do cheanguil é féin don neagluis.

6 Do chuireadar íad so a bhfíadh∣nuise na nabsdal, agus ar ndéunamh ur∣nuighe dhóibhsean, do chuireadar a lámha orrtha.

7 Agus dfás brìathar Dé, agus do mhéudaigh uibhir na ndeisciobal go ro∣mhór a Niarusalém, & dumhluidh cuid mhór do na ságartaibh don chreideamh.

8 Achd Steaphán lán do chreideamh, agus do chumhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus comharthadha móra, a measg an phobail.

9 Agus déirgheadar súas dream ái∣righe don tsinagóig, dar ab ainm [Sio∣nagóg] na libertinigh, agus na Ciré∣nianach, agus luchd Alexandria, agus Cilícia, agus na Hásia, ag diosbórachd lé Steaphán.

10 Achd níor bhféidir leó cur a naghaidh na heagna, agus na spioraide tré ar labhair sé.

11 An sin tugadar a steach dream ái∣righe noch a dubhairt; Do chúalamar féin é ag labhairt bhríathra masluigh∣eacha a naghaidh Mháoise, agus Dé.

12 Agus do bhogadar an pobal, & na finnsir, agus na sgriobuidhe: agus ag cur chuige rugadar air, agus tugadar leó chum na comhairle é.

13 Agus do chuireadar amach fiadh∣nuiseadha bréugacha noch a dubhairt; Ní sguireann an fearso dá bheith ag sabhairt bhrìathra masluigheacha a na∣ghaidh na háite nàomhthasa, agus an reachda.

14 Or do chúalamar é ag rádh, Go sgriosfaidh Iósa Nasrrdhaso a náitse, & go niompochaidh sé na hórduighthe tug Máoise dhúinne.

15 Agus gach a raibh na suidhe sa ccomhairle ag féuchuinn go friochna∣mhach airsion, do chunncadar a aghaidh mar aghaidh aingil.

CAIB. VII. Freagra dhiagha Steaphain, ag foillsiughadh brigh an dlighe; 59 & aris a bhàs féin ain∣dligheach.

AN sin a dubhairt an tárdfhagart, 〈◊〉〈◊〉 bhfuilid na neithese mar so?

2 Agus a dubhairt feision, A bhr•••• threacha, agus a aithreacha, éisdig•••• dfoillsigh Día na glóire é féin 〈◊〉〈◊〉 nathair Abraham, an tan do bhí •••• sa Mésopotámia, suil do chomhnuidh •••• a Gcárran:

3 Agus a dubhairt sé ris; Fág •••• thír féin agus do chineadh, agus t•••• don tír fhoillseóchus misi dhuit.

4 Dimthigh sé ann sin as talamh a Gcaldéanach, agus do chomhrnigh sé a Gcárran. Agus as sin tar éis bhái a athar, dárrthuigh sé é don talam•••••• ann a bhfuiltile a nois bhur gco••••∣nuidhe.

5 Agus ní thug sé oighreachd dhó a••••••, go fíu leithead troighthe, bíodh •••• gheall sé a thabhairt mar sheilbh •••• féin agus dá shíol na dhíaigh, gé nách raibh clann fós aige.

6 Achd do labhair Día, mar so: Bíaidh do shíolsa na náitreabhaidh a d•••• choimhighthe, mar a ccoinneóthar ía fà dháoirse, agus fá leathtrom ceith•••• cheud bliadhan.

7 Achd do dhéuna misi breitheamh•••••• ar an gcineadh agá mbíaidh siad fá dhá••••••∣se, do raidh Día: agus nà dhíaigh 〈◊〉〈◊〉 rachaid fíad amach, agus do dhé•••••••• feirbhís dhamhsa sa nionadhsa.

8 Tug sé dhó mar an gcédna c•••••• radh an timchillghearraidh, agus è mar sin do ghin Abraham Isaac, a•••• do thimchillghearr sé é an tochdmh•••• lá: agus [do ghein] Isaac Iácob, ag•••• Iácob an dá Phátriárca dhéug.

9 Agus ar ngabháil thnúidh do 〈◊〉〈◊〉 patriarcuibh, do reacadar Ióseph 〈◊〉〈◊〉 Eigipt: agus do bhí Día maille ris.

10 Agus do réidhigh sé é ó nuile thri∣blóid, agus tug sé grása agus eagna dh a bhfíadhnuise Phárao Rí na Héigip•••• noch do rinne uachdarán de ar a Né∣gipt, agus ar a thigh féin uile.

11 Agus táinig gorta go tír na H••••∣gipte, agus Chánaan uile: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha.

12 Agus ar na chlos do Iácob go ra••••d arbhar sa Néigipt, do chuir sé ar i∣threacha ar tús [innte.]

13 Agus an dara huair daithneadar a dhearbhraithreacha Ióseph, agus do foillsigheadh do Phárao cineadh Ióseph.

14 Agus do chuir Ióseph fios air Iá∣cob a athair, agus ar a luchd gáoil uile, cúig anmanna déug agus trí fichid.

15 Agus do chúaidh Iácob fîos d•••• Eigipt, agus fúair sé féin agus ar naith∣reacha bás;

16 Agus do hathruigheadh íad go ∣chem, & do chuireadh íad ann sa túa•••• do cheannaidh Abraham ar a lúach a∣gid ó chloinn Emmor mhic Sícheim.

17 Agus ar ndrud aimsire na geallamh na tug Día Dhábraham maille ré mi•••• naibh, dfás an pobal go hiomadúil Néigipt,

Page [unnumbered]

18 Nó gur éirghe Rí eile súas, ag nach raibh aithne air Jóseph.

19 Do mheall an fearso ar ccineadhne, agus tug sé drochdhíol air ar naithrea∣ch••••bh, a ccruth go dtug sé orrtha a glann do theilgean amach, ionnus ••••ch bhfásaidis.

20 Fá a namsin rugadh Máoise, agus do bhì sé taitneamhach ag Día: agus do hoileadh é feadh thrí míos a ••••igh a athar.

21 Agus ar mbeith dhó ar na theilgean anach, do thóg inghean Pháraò ría é, •••• do oil si é mar mhac dhi féin.

22 Agus do bhí Máoise foghlomtha a ••••ile eagna na Négipteach: agus do bhí sé cumhachdach a mbríathruibh agus a ••••gniomharthuibh.

23 Agus ar gcoimhlionadh aimsire a dhá fhichead blîadhan dó, táinic ann a chroidhe dul dféuchain a dhearbhrái∣threach féin, chloinne Israél:

24 Agus ar bhfaicsin dhuine áirighe ag fulang éugcóra, do chosain sé é, & ar mbúaladh a Négioptaigh dhó, do r••••ne sé dioghaltas air son an tí ar a dearhadh a néugcóir.

25 Oír do mheas sé go dtuigfidìs a dhearbhráithreacha, go dtiubhradh Día ••••••sgladh, tré na láimhsion dóibh: gi∣headh níor thuig síadsan [sin.]

26 Agus an lá na dhiaigh sin, ar beith dhóibh ag comhrac, do thailbéin sé é féin dóibh agus do bhi sé déanamh sthchana eatorra, ag rádh; A dháoine, as dearbhraithreacha da chéile sibh: énd fá ndéuntáoi éugcóir ar a chéile?

27 Achd do chuir an té do rinne a ••••••gcóir ar a chomharsuin úadh é, ag rádh; Cía rinne uachdarán agus brei∣théamh dhíotsa ós ar gcionne?

28 An mían ríot misi do mharbhadh, ••••r do mharbh tú an Tègipteach a é?

29 Do theith Máoisi ann sin ris an bhsocal sin, agus do bhí sé na dheóraidh a dtalamh Mhádian, sa nionadh ann a ••••adh días mac dhó.

30 Agus ar gcríochnughadh dhá fhichead bhlíadhan, do taibhreadh dhó, a bhfasach shléibhe Sína, aingeal an Ti∣••••earna, a lasair theineadh a ndos.

31 Agus ar ná fhaicsin do Mhâoise, do ghabh iongnadh fan taibhse é: agus dteachd dó dhá bhreathnughadh, ••••ic guth an Tighearna chuige;

32 As misi Día haithreach, Día Abraham; agus Día Isaac, agus Día ••••cob: agus ar mbeith do Mháoise •••• crith, níor lamh sé aire do tha∣hairt dó.

33 Achd a dubhairt an Tighearna 〈◊〉〈◊〉, gáoil do bhrôga dod chofaibh: óir 〈◊〉〈◊〉 talamh náomhtha an tionadh ann a ••••••id tú ad sheasamh,

34 Tug mé dom aire go friochna∣••••••ach, amhgar mo phobail, noch atá 〈◊〉〈◊〉 Néigipt, agus do chúalaidh mé a nosnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt: agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thû.

35 An Máoise so do dhíultadar, ag rádh; Cía rinne uachdarán agus brei∣theamh dhíotsa, do chuir Día é mar uachdarán agus mar fhear fáortha, a láimh a naingil, do taibhreadh dhó sa dos.

36 Tug sé so amach íad, ar ndéu∣namh míorbhaileadh agus comhar∣thadh a dtalamh na Hégipte, agus ann sa muir rúaidh, agus ann sa bhfasach, dhá fhichead blíadhain.

37 A fé so an Máoisi ùd noch a dubhairt ré cloinn Israel; Toigéubhaidh Dia bhur Dtighearna, fáidh súas dáoibh dá bhur ndearbhraithribh, mar misi: éisdfidh sibh ris.

38 Sé so an té do bhí fa gcoimh∣thionól ar an bhfasach, a bhfochair a naingil do labhair ris ar shlíabh Sína, agus ré ar naithribhne, noch do ghlac mar an gcéudna briathra na beatha chum a dtabhartha dhúinne.

39 Dâ nár bháill ré ar naithríbhne umhlachd do thabhairt, achd do dhíul∣tadar é, agus dfilleadar ann a gcroidh∣thibh tar a nais don Eigipt:

40 Ag rádh ré Háaron, Déuna dhúinn Dée, do racha romhumn: Oír ní bhfuil a fhios aguinn créud do éirigh don Mháoisese, noch do threóraidh sinn as talamh na Héigipte.

41 Agus do rinneadar láogh ann fna laéthibhsin, agus do fhoráileadar íodh∣bairt don íodhail, agus do rinneadar gáirdeachus as oibrighthibh a lámh féin.

42 Agus dfill Día, agus tug sé íad do dhéanamh seirbhise do shlúagh neimhe do réir mar atá fgríobhtha a leabhar na bhfáigheadh; A thigh Israél, nar fhorail∣eabhair dhamhsa, beathaidh mharbha, agus íodhbartha ar feadh dhá fhichead blíadhan ar an bhfáfach?

43 Achd do ghlacabhair tábernacel Mhóloch, agus réult bhur Ndía féin Rém∣phan, fíoghracha noch do rinneabhair, chum a nadhra: ar a nadhbharsin áth∣rócha mé sibh don táobh a nunn don Bhábilóin.

44 Do bhí tábernacel na fiadhnuise ag ar naithribhne ar an bhfásach, do réir mar daithin an té labhair ré Máoisi a dhéunamh, do réir na heisiomplara do chunnairc sé.

45 Noch do ghlacadar ar naithrene, agus tugadar leó maille ré Híosá go seilbh na gcineadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach, go laéthibh Dhàibhi:

46 Noch fúair grása a bhfîadhnuise Dé, agus do shir tabernacel dfagháil do Dhía Iácob.

47 Gidheadh a sé Solamh do thóg tigh dhó.

48 Achd fós ní a dteampluibh laimh∣dhéanta

Page [unnumbered]

atá an tí as áirde na chomhnui∣dhe, do réir mar a deir an fáidh:

49 Sé neamh mo chathaóir, agus an talamh fdól mo chos. Créd é an tigh thóigéubhus sibh dhamh, a deir an Ti∣ghearna: nó créud é mionad comhnuighe?

50 A né nach í mo lámh do rinne na neithesi uile?

51 A dháoine cruáidhmhuineulacha, agus neamhthimcheallghearrtha a gcroi∣dhe agus a gclúasáibh, atátháoi ag sea∣samh ríamh a naghaidh an Spíorad náoimh, amhuil [do rinneadar] bhur nai∣threacha, as mar sin do nithíse.

52 Cía do na fáidhibh nar dhíbreadar bhur naithreacha? agus do mharbhadar an dream do réumhfhoillsigh teachd a nfiréin úd, agá rabhabhairse a nois bhur luchd bratha, agus dúnmharbhtha.

53 As do ghlacabhair an reachd tré mhiniosdrálachd na naingeal, agus níor choimhéudabhair é.

54 Agus ar ná gclos so dhóibhsion, do gonadh ann a gcroidhthibh íad, agus do bhádar ag cognamh a bhfiacal na aghaidh.

55 Achd ar mbeith do Steaphán lán don Spiorad náomh, agus ar bhféachain dó go gér ar neamh, do chunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na sheasamh ar láimh dheis Dé.

56 Agus a dubhairt sé; Féuch, do chím neamh osguilte, agus mac an duine na sheasamh ar láimh dheis Dé.

57 Do gháireadarsan annsin do ghuth mhór, agus do stopadar a gclúasa, agus do shaitheadar déuntoil airsion:

58 Agus ar na theilgean amach as an gcathraigh dhóibh, do ghabhadar do chlochaibh air: agus do chuireadar na fiadhnuisighe a néuduighè síos ag cosaibh ógànaidh áirighe dar bhainm Saul.

59 Agus do ghabhadar do chlochuibh air Steaphán, as é ag guidhe agus ag rádh: A Thighearna Iósa gabh mo spio∣rad chugad.

60 Agus ar na léigean féin ar a ghlúi∣nibh dhó, do éigh sé do ghuth mhór; A Thighearna na cuir an peacadhsa na leith. Agus ar na rádh so dhó, do chodail sé.

CAIB VIII. Saul ag brughadh na Heagluisi, 13 do bais∣deadh Siomon an draói, 27 & séomradóir Chandace, ré Philib.

AGus dáontuigh Saul chum a bhá∣saighe. Agus déirigh sa ló sin gér∣leanmhuin mhór a naghaidh na heag∣luise a Níarusalém: agus do bhádar uile ar na sgaradh feadh réigion thíre Iúdaighe, agus na Samária, achd amháin na habsdail.

2 Agus do thógbhadar dáoine cràibh∣theach Steaphán ríu, agus do cháoi∣neadar go mór é:

3 Achd do bhí Saul ag sgrios na heagluise, ag dul a steach ann gach éin∣tigh: agus ag tarraing amach fhear agus bhan, do chuireadh sé a bpri sun íad.

4 Uime sin an dream do bhì a na sgaradh, dimigheadar timche•••• ag seanmórugh na bréithre.

5 Agus ar dteachd do Philib go cathair na Samária, do sheanmóir s Críosd dhóibh.

6 Agus tugadar an pobal déantod aire do na neithibh do labhair Phili, ag éisdeachd, agus ag féuchain na gco∣mharthadh do rinne sé.

7 Oir do chúadar spiorada neamh∣ghlana amach as mórán ann a rabha∣dar, ag éimhghe do ghuth mhór: ag•••• do slánughadh mórán do luchd pai••••∣rise, agus do bhacachaibh.

8 Agus do bhí gáirdeachus móe sa gcathraighsin.

9 Agus do bhí roimhe sin sa gcath∣raigh, duine áirighe dar bhainm Síomó, do bhí na dhraói, agus do mheall s pobal na Samária, ag rádh; Gur dhui•••• mór éigin é féin.

10 Tugadar uile aire dhó ón mbeag gus an mór, ag rádh, A sé so mó∣chumhachda Dé.

11 Agus tugadar a naire dhó, do bhrígh gur mheall sé íad aimsir fháda lé na dhraóidheachd.

12 Achd a nuáir do chreideadar do Philib ag soisgéulughadh na neithean [bheanus] ré rioghachd Dé, agus ré hainm Iósa Críosd, do baisdeadh íad, eidir fheara agus mhná.

13 Agus do chreid Síomón féin mar an gcéudna: Agus ar na bhaisdeadh, do chomhnuigh sé a bhfochair Philib: Agus ar bhfaicsin dó na gcomharthadh agus na miorbhaileadh móra dhá ndé∣namh, do ghabh úathbhás é.

14 Agus ar gclos do na habsdalaibh do bhí a Níarusalém, gur ghabh Samá∣ria re bríathar Dé, do chuireadar chuca Peadar agus Eóin.

15 Agus ar ndul síos dóibh, do ghui∣dheadar ar a son, do chum go ngén∣bhaidis chuca an Spiorad náomh.

16 (Oír níor thuirrling sé fós ar éin∣neach aca, achd amháin do baisdeadh íad a nainm an Tighearna Iófa.)

17 Ann sin do chuireadar lámha orr∣tha, agus do ghabhadar an Spiorad naomh chuca.

18 Agus ar na fhaicsin do Shíome, go raibh an Spiorad náomh ar na tha∣bhairt tré lámhuibh na nabsdal do ch•••• ortha, do thairg sé airgead dòibh,

19 Ag rádh; Tabhraidh dhamhsa mar an gcéudna na cumhachdasa, go bhfi∣ghe gach neach ar a gcuirse mé làmha, an Spiorad náomh.

20 Achd a dubhairt Peadar ris, Go dtéighe do chuid áirgid a mugha maie riot féin, do bhrígh go measann tú go bhfaghthar tiodhlacadh Dé ar airgead.

21 Ní bhfuil cuid ná cumann agad ann sa miniosdrálachdsa: óir ní bhfuil

Page [unnumbered]

do chroidhe direach a bhfíadhnuise Dé.

22 Uime sin déuna aithrighe ar son a ••••lcse, agus íarr ar Dhía, más éidir ••••••áineadh do chroidhe do mhaitheamh dhuit.

23 Oír do chím go bhfuil tú a ndom∣ls an tsearbhuis, agus a ndaingean na heagcóra.

24 Agus ar bhfreagra do Shíomón a dubhairt sé; Guidhighse an Tighearna ar mo shon, gan ní ar bith do na neitibh∣se a dubhrabhair do theagmháil damh.

25 Uime sin ar ndéunamh fiadhnuise dhóibhsion, agus ar labhairt bhréithre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do sheanmóraigheadar an soisgéul a mórán do bhailtibh na Samáritanach.

26 Agus do labhair aingeal an Ti∣ghearna ré Philib, ag rádh: Eírghe, agus imthigh don taóibh ô dheas, an tflighe síos ó Ierusalém go Gása: Noch atá na fhásach.

27 Agus ar néirghe dhósan, dimthigh sé roimhe: Agus féuch, cailltéanach ai∣righthe ó Etíopia, duine cumhachdach ré Candáce bainríoghan na Hetíopia, noch do bhí ós cionn a hionnmhufá uile, tái∣ic sé go Hiarusalém dadhradh Dé:

28 Agus dfill sé tar a ais, agus ag ••••••dhe dhó ann a charbad, do léigh sé Esaías fáidh.

29 Agus a dubhairt an Spiorad ré Phi∣lib, Druid a bhfogus, agus cuir thú féin a naice an charbaid úd.

30 Agus do rith Philib, & do chúa∣laidh sé é. ag léughadh a nfáidh Esaías, agus a dubhairt sé: An dtuigeann tú na neithe léigheas tú?

31 Agus a dubhairt seision, Cionnus i éidir leam, muna raibh éolaighe éigin agam? agus diarr se ar Philib teachd a nsíos, agus suidhe na fhochair.

32 Agus a sé so an mball don sgríob∣••••ir do léigh sé: Mar cháoiridh do rugadh chum báis é: Agus amhail uáin na thochd a bhfíadhnuise a nfir lomartha, i mar sin nàr osgáil sé a bhéul.

33 Ann a umhlachd do hárduigheadh a bhreitheamhnus: Agus cía fhoillséo∣chus a gheinealach? óir tógthar a bhea∣tha don talamh.

34 Agus ag freagra air Philib, a du∣bhairt an cailitéunuch: Iarruim dath∣chuinge ort, Cia ré a nabair an fáidh so? a leis féin, nó lé neach eile?

35 Ann sin ar nosgladh a bhéil do Philib, agus ag tofúghadh ón sgríob∣irfa, do sheanmóir sé Iósa dhó.

36 Agus ar mbeith dhóibh ag im∣theachd sa slighe, tangadar chum uisge ••••righe: agus a dubhairt an cailltéu∣nach; Féuch an uisge: Créud thoir∣••••••geas mise bhaisdeadh?

37 Agus a dubhairt Philib: Má chrei∣deann tú go hiomlán ó chroidhe, is ••••••ir leachd. Ar bhfreagra dhósan ann sin a dubhairt sé; Creidim gur ab é Iósa Críosd mac Dé.

38 Daithin sé an carbad ann sin do chongmháil na chomhnuighe: agus do chùadar aráon síos sa nuifge, Philib, agus an cailltéunach a naóineachd, & do bhaisd sé é.

39 Agus ar dteachd a nsíos as a nuisge dhóibh, dfúadaigh Spiorad an Tighearna Philib leis, agus ó shin amach ní fhacaidh an cailltéunach é: agus dimthigh sé roimhe a ngáirdeachus.

40 Achd fríth Philib a Nasótus: & ag dul tríd an dtír dhó, do rinne sé an soisgéul do sheanmórughadh do na huile chaithreachaibh, go teachd dhó go Seasáréa.

CAIB. IX. Iompodh Shauil chum Creideamh, 36 & Tabitha ar na tógbhail ón bhás.

AGus ar mbeith do Shaul fós ag séi∣deadh bagair agus marbhtha a naghaidh dheisciobal an Tighearna, do chuáidh sé chum a nàrdshagairt.

2 Agus díarr sé leitreacha air, go Damascus chum na sìnagóg, ionnus dâ bhfaghadh sé éinneach dfior nó mhnáoi don tslighese, go dtíubhradh sé leis íad go Hiarusalém ceangailte.

3 Agus ag imtheachd dó, tháinic sé a bhfogus do Dhamascus: agus go ho∣bann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach na thimcheall.

4 Agus ar dtuitim dhó chum na tal∣mhan, do chúalaidh sé guth ag rádh ris; A Shaúil, a Shaúil, créud fá a bhfuil tú ag gérleanmhuin orum?

5 Agus a dubhairt seision; Cía thú féin, a Thighearna? agus a dubhairt an Tighearna; As mé Iòsa, ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin. Is cruáidh dhuit bheith ag gabháil dod shálaibh a na∣ghaidh dhealg.

6 Agus ar mbeith do Shául ar crith agus lan dúathbhas, a dubhairt sé; A Thighearna, Créud is áil leachd do dhéu∣namh dhamh? agus [a dubhairt] an Ti∣ghearna ris; Eiridh, agus imthigh a sdéach don chathruigh, & foillséochar dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.

7 Mar án gcédna an dream do shiu∣bhail má ráon ré Sául, do sheasadar go buáidheartha, ag éisdeachd ris an nguth, achd gan amharc ar éinneach aca.

8 Agus do éiridh Sául don talamh: agus ar nosgladh a shul dó, ní fhacaidh sé éinneach: agus ag breith dhóibhsion ar láimh air, do thréoraigheadar go Damáscus é.

9 Agus do bhí sé trí láethe gan amharc ar bith aige, agus níor ith, agus níor ibh [éinni.]

10 Agus do bhí deisciobal áirighe a Ndamáscus, dar bhainm Ananias; ré a ndubhairt an Tighearna a dtaibhse; a Ananiáis. Agus a dubhairt seision; Féuch atáim ann so, a Thighearna.

Page [unnumbered]

11 [A dubhairt] an Tighearna ris, an tan sin; Eiridh, agus imthigh don tsráid ré ráidhtear Díreach, agus íarr a dtigh Iùdais, an té dar ab ainm Sául ó Thar∣sus, óir féuch atá sé ag déunamh ur∣nuighe.

12 (Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radharc.)

13 Achd do fhreagair Ananías: A Thi∣ghearna, do chúalaidh mé ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rin∣ne sé dod náomhaibhse a Niarusalém.

14 Agus atá cumhachda alge ann so ó na hárdshagartaibh, na huile dháoine cheangal, ghuidheas Hainmse.

15 Achd a dubhairt an Tighearna ris, Imthigh romhad: óir atá sé na shoigh∣theach thóghtha agamsa, chum manma diomchar a bhfiadhnuise na gcineadhach, & na ríghtheadh, & chloinne Isráel.

16 Oir foillséochaidh misi dhó, Créud é méud na neitheann is éigin dó fhu∣lang ar son manmasa.

17 Dimthigh Ananías ann sin, agus do chuáidh sé a steach don tighsin, agus ar gcur a lámh airsion, a dubhairt sé; A Shaúil a dhearbhráthair, an Tighear∣na Iósa do táibhreadh dhuit sa tslighe iona dtáinic tú, do chuir sé misi chum aisi do radhairc dfagháil duit, agus do bheith lionta don Spiorad náomh.

18 Agus ar an mball do thuiteadar ó na shúilibh mar do bheith sgamail, agus suáir sé a radharc gan fhuireach: agus ar néirghe do ghabh sé baisdeadh.

19 Agus do chaith bíadh, agus do neartuigheadh é. Agus do bhí Sául láethe áirighe a bhfochair na ndeiscio∣bal do bhí a Ndamáscus.

20 Agus ar an mball do sheanmóir sé Críosd ann sna Sinagógaibh, gur bhé so mac Dé.

21 Agus do ghabh úathbhás na huile dháoine do chúalaidh é, agus a dubhra∣radar; A né nach é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ghuidh an tainmse. Agus is chuige tháinic sé ann so, da mbreith ris ceangailte chum na nárd∣shagart?

22 Achd is móide do neartuigheadh Sául, agus do chlàoi sé na Júdaighe do áitrigh a Nadamascus, ag deimhniughadh gur bé so Críosd.

23 Agus ar ndul moráin do láethibh thárrsa, do rinneadar na Júdaighe do chomhairle a bhfochair a chéile, eision do mharbhadh.

24 Achd do aithin Sául a ccealg; gidheadh do bhí coimhéud acasan ar na geataidhibh do ló agus doidhche, chum cision do mharbhadh.

25 Uime sin ar na ghabhâil chuca do a deisciobluibh sa noidhche, do chui∣readar amach tré san mballa é, dá léi∣gean sios a gclíabh.

26 Agus ar dteachd do Shául go Hia∣rusalém, do chuir sé roimhe ceangal r na deisciobluibh: achd do bhí faitche•••• ortha uile roimhe, agus níor chreidea∣dar dhó gur dheisciobal é.

27 Achd ar na ghabháil chuige do Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh é, agus dfoillsigh sé dhóibh, cionnus do chonnairc sé an Tighearna sa tslighe, agus gur labhaír sé ris, agus cionnus do labhair sé go dána a Ndamascus a nai•••• Josa.

28 Agus do bhí sé na gcaidreadh fd a Niarusalém.

29 Agus do labhair sé go dána a nai•••• an Tighearna Jósa, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd a naghaidh na nGré∣gach: agus do ghabhadarsan do láimh eision do mharbhadh.

30 Achd ar bhfagháil fheasa do na dearbhraithreachaibh, do thréoraigbea∣dar as sin go Tarsus é.

31 Uime sin fúair an eagluis ar feadh thire Júdaighe, agus na Galilé, agus na Samária siochain, ar mbeith dhóibh ar na dtogbháil súas [sa gcreideamh:] agus ag siubhal a neagla Dé, agus do bhádar ar na lionadh do chomhfhur∣tachd an Spiorad náoimh.

32 Agus tárla ag gabháil do Pheadar tríothadh uile, go dtáinic sé chum na náomh do áitrigh a Liddá.

33 Agus fuáir sé ann fin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpailiris, agus nár éirigh as a leabaidh feadh ochd mbliadhan.

34 Agus a dubhairt Peadar rìs; A Enéas, do ní Josa Criosd slán thú: fi∣righ, agus tòg do leabaidh, Agus ri sin féin déirigh seision.

35 Agus do chunncadar an mhéid do áitrigh a Liddá agus a Sáron é, noch do fhill chum an Tighearna.

36 Agus do bhí baindeisciobal áirighe a Níoppà, dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirmhìniughadh Dorcás) do bhí an bheansa lán do dheaghoib∣ribh, agus do dhéirce do níodh si.

37 Agus tárla an sna láethibh sin, go raibh sí tinn agus go bhfuáir sí bás: agus ar na hionnladh dhóibh, do chui∣readar a séomra úachdarach í.

38 Agus ar mbeith do Liddá a bhso∣gus do Joppá, ar bhfagháil sgéul do na deisciobluibh go raibh Peadar ann sin, do chuireadar dís fear chuige, dá iar∣raidh air, gan muill do dhéanamh ré teachd chuca.

39 Ann sin ar néirghe do Pheadar tháinic sé ríu: agus ar dteachd dhó, re∣gadar súas don tséomra uachdarach é; agus do sheasadar na baintreabhacha uile na aice, ag cáoi, agus ag taisbéanadh na gcótadh, agus na gculaidheach do rinne Dorcas, an feadh do bhí sí na bhfochair.

40 Agus ar gcur amach gach a ráibh a sdigh, ar na ligean féin ar a ghlúi∣nibh do Pheadar, do rinne sé urnaigh∣the

Page [unnumbered]

agus ar bhfilleadh chum an chuirp, a dubhairt sé; Eírigh a Thabita. Agus dofgail sisi a fúile, agus ar bhfaicsin Pheadair dhí, déirigh si na suidhe.

41 Tug sé a lámh dhí an tan sin, agus do thóg sé na seasamh í: agus ar ngairm na náomh agus na mbaintreabhach dhò, daisig sé ise béo.

42 Agus do foillsigheadh so feadh Jop∣pá uile, agus do chreideadar mórán sa Tighearna.

43 Agus tárla gur chomhnuigh Peadar mórán do láethibh a Níoppá, a bhfo∣chair Shímóin áirighe, fear leasaìghe lea∣thair.

CAIB. X. Cornelius Caiptin díagha do na cineadha∣chaibh, ar na bhaisdeadh le Peadar.

AGus do bhí duine áirighe a Séasárea, dár bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngoirthear [an banna] E∣dáilleach,

2 Duine riaghalta ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bhei∣readh iomad déirce don phobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth.

3 Do chonnairc sé go foilléir a dtáibh∣se a dtimcheall a náomhadh huáir don ló, aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris; a Chornéliuis.

4 Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé; Créd é sin a Thighearna? agus a du∣bhairt seision ris: Do chuáidh húrnaighe, agus do dhéirc súas a gcoimhne a bhfadhnuise Dé.

5 Agus a nois cuir dáoine go Joppá, agus cuir fios ar Shíomón dar ab comh∣ainm Peadar.

6 Atá sé ar áoidheachd a bhfochair Shímón áirighe fear leasaighe leathair, agá bhfuil a thigh láimh ris an bhfair∣ge: foillséochaidh sé dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.

7 Agus ar nimtheachd don aingeal do labhair lé Cornéluis, do ghoir sé chuige dis dá mhuinntir, agus saighdiúir día∣gha don druing do bhí na fhochair:

8 Agus ar bhfoillsiughádh a niomláin dóibh, do chuir sé íad go Hioppá.

9 Agus ar ná mhârach ag siubhal dóibhsean, agus ag drud ris an gcath∣raigh, do chuaidh Peadar súas ar an dtigh do dheanamh úrnaighe, a dtim∣cheall an seiseadh huáir.

10 Agus tárla gur ghabh ocarus ro∣mhór é, agus ba mían ris bíadh chai∣theamh: agus an feadh do bhádarsan ag ullmhughadh [neithe,] do chuáidh seision a néull.

11 Agus do chonnairc sé neamh ofgail∣te, agus soightheach áirighe ag teachd a sias chuige, amhail bhraithlín mhór, agus a cheithre beanna ceangailte, noch do léigeadh síos ar an dtalamh:

12 Ann a raibh gach uile ghné bhea∣thaid cheathairchosaidh na talmhan, & bheathaidh allta, & phíasd shnámhus [an talamh,] & éunlaith a naiéir.

13 Agus tháinic guth chuige; Eirigh a Phéadair, marbh, agus ith.

14 Achd a dubhairt Peadar, Ní headh a Thighearna: óir níor ith mé riamh éinni coitcheann, nó neamhghlan.

15 Agus [a dubhairt] an guth ris a rís an dara huáir; Na neithe ghlan Día, nà habairse neamhghlan íad.

16 Agus do rinneadh so fó thrí: agus a rís do tógbhadh an soitheach sùas air neamh.

17 Agus ar mbeith do Pheadar ag déunamh amharuis ann féin, Créud í an táibhsise do chunnairc sé, Féuch na teach∣dairighe do cuireadh ó Chornélius, ag íarraidh thighe Shíomóin, & do sheasa∣dar ag an dorus.

18 Agus do ghoireadar, agus dfiafrui∣gheadar an raibh Síomón dar chomh∣ainm Peadar ann sin?

19 Agus ar mbeith do Pheadar ag smuáineadh ar an dtáibhse, a dubhairt an Spiorad ris: Féuch, atá tríur fear dod íarraidh.

20 Uime sin éiridh, téigh síos, & im∣thigh riu, gan amharus ar bith do bheith ort; óir is misi do chuir uáim íad.

21 Ar ndul síos do Pheadar an tan sin chum na bhfear do cuireadh chuige ó Chornélius, a dubhairt sé; Féuchaidh, is misi an té atá sibhse iarraidh: Créud é an tadhbhar fá dtangabhair?

22 Agus a dubhradarsan; Cornélius an caiptín, duine comhthrom air a bhfuil eagla Dé, agus fear deaghtheasda ag an gcineadh Júdaighe uile, fuáir sé fógra ó Dhía tré aingeal náomhtha, fios do chur ortsa dá thigh féin, agus éisdeachd ré briathar uaitse.

23 Ann sin do ghoir sé a steach íad 〈◊〉〈◊〉 agus tug sé áoidheachd dóibh. Agus ar na mhárach do imthigh Peadar ríu, agus dimthigh dream áirighe do na dearbh∣raithreachaibh do bhí a Níoppá ma ráon ris.

24 Agus an lá na dhiáigh sin, do chua∣dar a steach go Séasáréa. Agus do bhí Cornélius ag fuireach ríu, ar ngairm a gháoil, agus a charad ndiongmhala a gceann a chéile dhó.

25 Agus tárla ré dteachd Pheadair a sdeach, go dtáinic Cornélius do theag∣mháil dó, agus do onóraigh sé é, dhá léi∣gean féin sios agá chosaibh.

26 Achd do thóg Peadar súas é, ag rádh; Eiridh: Oír as duine misi féin.

27 Agus ar mbeith dhó ag comhrádh ris, do chuáidh sé a steach, agus fuáir sé mórán ar gcruinniughadh a gceann a chéile:

28 Agus a dubhairt sé ríu; Atá a fhios agaibhse nách dlightheach do Iúdaighe, é féin do cheangal deachdrannach, no teachd dá ghoire: gidheadh do fhoill∣figh Día dhamhsa, gan duine coitcheann nó neamhghlan do ghairm do neach ar bith.

29 Ar a nadhbharsin thàinig mé gan díultadh a nuáir do cuireadh fiòs oram.

Page [unnumbered]

Uime sin fiafruighim créud é an tádh∣bhar fár chuireabhair fios oram?

30 A dubhairt Cornélius an tan sin; Rê ceithre lá gus a nuáirse do bhí mé ag déunamh troisge, & sa náomhadh huáir do bhí mé ag déunamh urnaighe ann mo thigh féin; agus féuch, do sheas neach am fhíadhnuise, a néudach dheall∣ruightheach:

31 Agus a dubhairt sé, a Chornélius, do héisdeadh húrnaighe, & do coimhnigh∣adh do dhéirc a bhfiadhnuise Dé.

32 Uime sin cuir fios go Híoppa, agus goir chugad Síomón dar comhainm Peadar: atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin, fhir leasaighthe leathair, láimh ris an bhfáirrge: & an tan thiuc∣fas sé, laibhéoruigh sé riotsa.

33 Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa agus as maith do rinne tù teachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haith∣nigheadh dhíotsa ó Dhía.

34 Agus ar nosgladh a bhéil do Phea∣dar a dubhairt sé; Do gheibhim go fí∣rinneach nach bhféuchann Día do phear∣sannaibh seach a chéile:

35 Achd ann gach uile chineadh, ga∣bhuidh sé ris an tí air ambi a eagla & do ni ceart.

36 An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israel, ag soisgéulughadh síochána tré Jósa Criosd, noch atá na Thighearna ós cionn na nuile.

37 Atá a shios agaibhse créud do rinneadh feadh thíre Júdaidhe uile, ag tosughadh ón Ngalilé, tar éis an bhais∣digh noch do sheanmóraidh Eóin:

38 Cionnus do ung Día Jósa Na∣fárrgha ris an Spiorad náomh agus lé cumhachdaibh, noch do chuáidh tim∣cheall ag déunamh maitheasa, agus ag slánughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail: óir do bhí Día maille ris.

39 Agus atámaóidne dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sè, a ttír Jú∣daighe, agus a Niarusalém: noch do mharbhadar, dhá chrochadh a gcroich.

40 Do thóg Día é so súas an treas lá, agus dfoillsigh sé é;

41 Ni don phobal uile, achd do na fiadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, [eadhon] dùinne, noch do ith, agus do ibh na fhochair, tar éis a eiséirghe ó mharbhaibh.

42 Agus tug áithne dhúinne, sean∣moir a dhéunamh don phobal, & síadh∣nuise do déunamh, gur ab eision do hórduigheadh ó Dhía, na bhreitheamh ar bhéodhaibh agus ar mharbhaibh.

43 Do níd na fáidhe uile fíadh∣nuise dhó so, go bhfaghann gach áon chreideas ann, maitheamhnus na bpea∣cadh tré na ainm.

44 Ar mbeith fós do Pheadar ag ••••bhairt na mbríatharsa, do thuirrling an Spiorad náomh ar gach áon da ccúa∣laidh an bhríathar.

45 Agus na creidmhighe don tim∣cheallghearradh tháinic ré Peadar, do ghabh uathbhás íad, do bhrígh gur dóir∣teadh fós ar na cineadhachaibh tiodh∣lacadh an Spioraid naóimh.

46 Oir do chúaladar íadsan ag la∣bhairt lé teangthaibh, & ag adhmboladh Dé. Do fhreagair Peadar an tan sin,

47 An féidir do neach ar bith uilge do thoitmeasg, do chum nach baisdsi íad so, noch do ghabh an Spiorad náomh chomhmaith rinne?

48 Agus do aithin sé dhíobh baisdéadh ghabhail chuca a nainm an Tighearna. Do íarradar airsion an tan sin fanmh•••• [na bhfochair] láethe áirighe.

CAIB. XI. Peadar ag seasmbadh cùis na nccineadbach, 28 do thairrgir Agabus ioma ghorta ré teachd.

AGus do chúaladar na habsdail agus na dearbhraithreacha do bhí a tti Júdaighe, gur ghabhadar na cineadhacha mar an gcéudna bríathar Dé chuca.

2 Agus ar ndul do Pheadar súas go Híarusalém, an drung do bhí don ti∣cheallghearradh, do bhádar ag cos∣póid ris,

3 Ag rádh; Do chuáidh tú a sdeach gus an muinntir ar nách raibh an ti∣cheallghearradh, & do chaith tú bíadh maráon ríu.

4 Agus ar dtionnsgnamh do Pheadar, dsoillsigh sé [án tiomlán] a nordughadh dhóibh, ag rádh,

5 Do bhí mé a gcathair Jóppá ag d••••∣namh úrnaighe: agus do chonnairc mé an táibhsesi a néull, Soitheach áirighe a teachd a núas, amhail bhraitlin mhóir, do ligeadh a núas ó neamh ar a chei∣thre bheannaibh, & táinic sé chugam.

6 Ar bhféachain damh go géar air, t•••• mé dom aire, agus do chonnairc 〈◊〉〈◊〉 beathaidh cheathairchosach na talmhan, agus beathaidh allta, agus na píada shnámhnus an talamh, agus éunlaith a naiéir.

7 Agus do chúalaidh mé guth ag rádh riom; Eiridh a Pheadar, marbh, ag•••• ith.

8 Achd a dubhairt misi; Ní heàdh a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coitcheann nó neamhghlan am bhél a steach a ríamh.

9 Agus do fhreagair an guth mé an dara huáir ó Neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad.

10 Agus do rinneadh so fo thrí, & a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.

11 Agus féuch, tangadar triur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cui∣readh ó Shéasáréa chugam.

12 Agus a dubhairt an Spiorad riom dul ríu, gan amharus ar bith do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhraíthreachasa maráon riom, & do

Page [unnumbered]

chúamar a steach go tigh a nfir sin.

13 Agus do fhoillsigh sé dhúinn, cion∣nus do chunnairc sé aingeal ann a thigh, na sheasamh, agus ag rádh ris; Cuir fios ar Shiomón dar ab comhainm Peadar:

14 Noch laibhéorus briathra riot, ré a staineóchar thú féin agus do thigh uile.

15 Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an Spiorad náomh órtha súd, amhail mar do thuirrling sé dirne ar tús.

16 Do chuimhnigh misi an tan sin ar bhréithir an Tighearna, mar a dubhairt sé; Do bhaisd Eóin lé huisge, achd baisd∣ghthear sibhsi ris an Spiorad náomh.

17 Uime sin má thug Día dhóibhsion an tiodhlacadh céudna thug sé dhúinne, an tan do chreideamar sa Tighearna Jósa Criosd, cía hé misi do fhéudfadh toir∣measg do chur ar Dhía?

18 Agus ar gclos na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar g••••r do Dhía, ag rádh; Uime sin tug Día aithrighe do na cineadhachaibh fós chum beatha.

19 Tuilleadh eile, an dream do bhí ar na sgaradh trés an mbuáidhirt do éridh ar son Steapháin, do shiubhladar go Phenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíochía, gan an bhriathar do labh∣airt ré héinneach, achd ris na Júdaigh∣ibh amháin.

20 Agus do bhádar cuid dhíobh ó Chíprus agus ó Chiréne, noch ar ndul a steach dhóibh go Hantíochia, dolabhair tis na Gréugachaibh, agus do shéanmóir an Tighearna Jósa.

21 Agus do bhí lámh an Tighearna ••••ille rsu: agus do chreid uibhir mhór, agus dsilleadar chum an Tighearna.

22 Agus táinic na sgéulasa go clùasaibh 〈◊〉〈◊〉 heagluise do bhí a Niarusalém: agus do chuireadar Barnabas [úatha go Hantíochia.

23 Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsm ghrása Dé, do ghabh gáirdea∣chis é, agus do theaguisg sé íad uile, fa anmhum a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.

24 Oír do bhí sé na dhuine mhaith, a∣gus lán don Spiorad náomh agus do threideamh; agus do cuireadh ris an Drighearna buidhean mhór.

25 Do imthigh Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraidh Sháuil: agus ar na shaghail dò, rug sé ris é go Hantío∣thia.

26 Agus tárla go rabhadar ag gná∣thughadh a chéile feadh bliadhna sa nea∣gluis, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dhaóinibh, ionnus gur ab a Nantio∣chia do goireadh ar tús Criosduighthe do na deiscioblaibh.

27 Agus ann sna láethibh sin, tanga∣dar fáidhe ó Jerusalém go Hantio∣chia.

28 Agus ar néirghe súas do neach aca dar bhainm Agabus, dfollsigh sé trés an Spiorad, go mbiadh gorta mhór feadh na talmhan uile: noch thárla mar an gcéudna a láethibh Chlaudius Séasar.

29 Ann sin do chuir gach áon do na deiscioblaibh roimhe, congnamh do chur do réir a acsuinne, chum na ndear∣bhráithreach dáitrigh a ttír Jùdaighe.

30 Agus do rinneadar sin, agus do chuireadar è chum na sinsear tré láimh Bharnabais, agus Sháuil.

CAIB. XII. Foiréigniughadh, 21 Ʋabhar, 23 & bá ghráineambla Joruaith, dar comhainm Agrippa.

AGus fá a namsin do shín Joruáidh an rígh lámha, do dhéanamh uilc do dhruing áirighe don neagluis.

2 Agus do mharbh sé Séumus, dear∣bhráthair Eóin, lé cloidheamh.

3 Agus ar bhfaicsin dó gur thaitin sin ris na Júdaighibh, do chuir sé roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna, (achd do bhádar láethe a naráin gan laibhín ann.)

4 Agus ar na ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún é, ar na thabhairt dhá choi∣mhéud do cheithre choírighthibh do shaighdiúiribh, ar mbeith fonnmhar dhò ar a thabhairt amach chum an phobail a ndiáigh na Càsg.

5 Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: & do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.

6 Agus ar mbeith Díoruàidh ar ti a thabhairt amach, sa noidhche sio féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíur, ar na cheangal ré dhá shlábhradh, agus do bhádar an luchd coimhéuda, ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.

7 Agus féuch, do sheas aingeal an Ti∣ghearna a lathair, agus do dhealruidh so∣lus sa tigh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a ttáobh, do thóg sé súas é, ag rádh, Eiridh go lúath. Agus do thuitea∣dar na slabhraidhe dhá lámhaibh.

8 Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, & ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris; Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.

9 Agus ar nimtheachd amach do Phea∣dar do lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gur bhfíor a ní do rinneadh trés a naingeal, achd do shaóil sé gur taibhse do chunnaire sé.

10 Agus ar nimtheachd dóibh tré san gcéud [fhaire,] agus tre san dara faire, tangadar chum an ghéata íarainn, thréo∣raigheas chum na caithreach, noch do osgail dhóibh úadh fein: & ar ndul a∣mach dhóibh, do shíubhladar thríd áon tsráid amháin: agus ar an mball do imthigh an taingeal úadh.

11 Agus ar dteachd do Pheadar chui∣ge féin, a dubhairt sé; A nois atá a fhios agum go dearbhtha, gur chuir an Ti∣ghearna

Page [unnumbered]

a aingeal úadh, agus gur sháor sé mé ó láimh Jorúaidh, & ó uile choi∣mhéud an phobail Júdaighe.

12 Agus ar mbreathnughadh [a nei∣these] dhó, tháinic sé go tigh Mhuire mathair Eóin, dar comhainm Marcus, áit a rabhadar mórán cruinn a bhfochair a chéile, agus ag déunamh úrnaighe.

13 Agus ar mbúaladh dhorais an phóirse do Pheadar, tháinic cailín chuige dár bhainm Ròde, déisdeachd [ris.]

14 Agus ar naithne ghotha Pheadair dhi, tré gháirdeachus, níor osgail si an dorus, achd ag rioth dhi a steach, dinnis sí, go raibh Peadar na sheasamh sa phóirse.

15 Achd a dubhradarsan ría, Atá tú ar míchéill. Gidheadh do bhí fisi ag dearbhughadh go raibh sé amhluidh. Achd a dubhradarsan, a sé a aingeal atá ann,

16 Agus do lean Peadar dá bheith ag búaladh [an dorais:] agus ar nosgladh dhóibhsion, do chunncadar é, agus do ghabh uathbhás íad.

17 Agus ar sméideadh a láimhe dhó∣san ortha chum bheith na dtochd, dfoill∣sigh sé dhóibh, cionnus tug an Tighear∣na amach é as an bpriosún: agus a dubh∣airt sé, Innisigh na neitheise do Shéumus agus do na dearbhráithreachaibh. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chuáidh sé go háit eile.

18 Agus ar néirghe don lá, déiridh buáidhirt nar bheag a measg na saigh∣díur, a dtimcheall créd thárla do Phea∣dar.

19 Agus ar ná íarraidh Dioruáidh, agus nách bhfuáir, ar cceasdughadh an luchd coimhéuda dhó, dáithin sé a mbreith amach chum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó thír Júdaighe go Séasáréa do chomh∣naigh sé [ann sin.]

20 Do bhí Joruáidh an tan sin ro dhíomghach do luchd Thíruis & Shídoin: achd tangadarsan dáontoil chuige, & ar dtabhairt Bhalastuis [eadhon] séomra∣dóir an Ri ar a dtoil, diarradar síocháin: do bhrìgh go raibh a ttir dhá cothu∣ghadh tré thír au Rí.

21 Agus lá órduighe airighe ar mbeith Dioruáidh ar na éudughadh a néudach ríogha, agus na shuidhe sa gcathaóir bhreitheamhnais, do rinne sé óráid dhóibh.

22 Agus do gháireadar an pobal: Guth Dé [so,] agus ní [guth] duine.

23 Agus a nuáirsin fein do bhuail aingeal an Tighearna é, do bhrigh nach ttug sé glòir do Dhia: agus ar na ithe do phiasdaibh, do chuáidh a spiorad as.

24 Agus do fhás bríathar Dé, agus do méudaigheadh í.

25 Agus do fhill Barnabas agus Saul ó Jerusalém, ar gcoimblionad a minios∣dralachda, ar mbreith fós Eóin ríu, dar comhainm Marcus.

CAIB. XIII. Pòl & Barnabas ar na ccur ar leith chu oibre an Tsoisgeil, 8 & Elimas an drè•••• (ag cur na naghaidb) ar na dheanamb dal.

AGus do bhadar a neagluis na Han∣tíochia faidhe áirighe agus luchd teaguisg, mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirthí Niger, agus Lúcius ó Chiréoe, agus Manahen comhalta Joruáidh an Tetrarcha, agus Saul.

2 Agus ar mbeith dhôibh ag minis∣drálachd don Tighearna, a dubhairt an Spiorad náomh; Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául, sa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.

3 An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh or∣tha, do léigeadar úatha [iad.]

4 Uime sin ar mbeith dhóibhsion ar na gcur amach ón Spiorad náomh, do chúadar síos go Seléucia, agus as sin do shéoladar go Cíprus.

5 Agus ar dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe? agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.

6 Agus ar ndul dóibh thríd a noilè go Páphus, fúaradar draói áirighe fáidh fallsa, Júdaighe, dár bhainm Bar∣íesus:

7 Noch do bhí a bhfochair a nuachda∣ráin Sergius Paulus, duine tuigfionach. Ar ngairm Bharnabais agus Sháuil dh so chuige, díarr sé briathar Dé déis∣deachd.

8 Achd do chuir Elimas an dráoi, (ó•••• as mar so eidirmhínighthear a ainm) na naghaidh, ag farraidh a nuachdarái diompógh on gcreideamh.

9 Achd ar mbeith do Shaul (da ngoir∣thear fós Pól) lán don Spiorad náomh, ag féuchain air go gér,

10 A dubhairt sé: [A fhir] lán do mheabhail agus dolc, a mhic an díabhail, agus a namhuid na huile fhiréntachda, an é nach sguirfe tú do shlighthibh díorgha Dé do chur bunscionn?

11 Agus anois féuch lámh an Tighear∣na ad aghaidh: & biaidh tú dall gan amharc na gréine agad feadh sealaid. Agus ris sin féin do thuit céo & dorcha∣dus air: & do shir sé fa gcuairt dream éigin do threoròchadh ar láimh é.

12 Ar bhfaicsin don uachdarán an tan sin a ní do rinneadh ann, do chreid sé, ag déanamh iongantuis fá theagusg an Tighearna.

13 Agus ar nimtheachd do Phól agus don druing do bhí na fhochair a luing ó Pháphus, tangadar go Pérge na Pam∣philia. Agus ar ndealughadh Deóin 〈◊〉〈◊〉, dfill sé go Hiarusalém.

14 Agus ar ndul dóibhsion ò Pheirge, tangadar go Hantíochia na Pisidia: agus ar ndul a steach dhóibh don tsinagóig lá na sabbóide, do shuigheadar sios.

15 Agus tar éis léighthe an reachda

Page [unnumbered]

agus na bhfáigheadh, do chuireadar nchdaráin na sionagóige teachdaireachd choca, ag rádh; A fheara [agus] a dhearbhráithreacha, má atá agaibh bria∣thar ar bith lé a dteagaisgsí an pobal, labhruidh [í.]

16 Ar néirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh chum íadsan bheith na dtochd, a dubh∣airt sé, A fheara Isráelacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.

17 Do thogh Día an pobailse Israel ar naithreacha, agus do árdaigh sé an po∣bal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, do thréoraigh sé as sin amach íad ré láimh áird.

18 Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead blíadhan, do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach.

19 Agus ar sgríos dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn é ré crannchar a bhsearann dóibh.

20 Agus na dhiáigh sin, a dtimcheall dhelch mblíadhan agus dá fhichead agus theithre gcéud, tug sé breitheumhain dóibh, go [teachd] Shamuel an faidh.

21 Agus na dhiáigh sin díarradar Rí, agus tug Día Saul dóibh mac Chis: fear do threibh Bheniamin, feadh dhá fhi∣chead bliadhan.

22 Agus ar na áthrughadh súd dhó, do thóg sé súas Dáibhi na rígh dhóibh: dá ndearnaidh sé mar an gcédna fíadh∣nuise, ag rádh; fuáir mé Dáibhí [mac] lesse na dhuine do réir mo chroidhe, noch do dhéunaigh mo thoil uile.

23 As dá shiol so do thóg Día súas do réir na geallamhna an slánaightheóir Iósa Diosrael.

24 Ar mbeíth Deóin, roimh eìsion do theachd, ag seanmórughadh bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile.

25 Agus ar gcoimhlionadh a sheala Deóln, a dubhairt sé, An té sháoilti, ni misi é: achd féuch, tig neach am dhiáigh, ag nach fîu mé íallach a bhróg do sgaóileadh.

26 A fheara [&] a dhearbhraithrea∣cha, a chlann fine Abraham, & an mhéid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is chugaibhse do cuireadh briathar na sláintese.

27 Oir an dream do áitrigh a Níaru∣salém, agus a nùachdaráin, ar mbeith dhóibh gan éolus aca airsean na air bhríathruibh na bhfaigheadh, léughthar ••••cha sábbóid, air na dhamnughadhsan dóibh do choimlíonadar íad.

28 Agus bíodh nach bhfuaradar coir a bith bháis [air,] diarradar ar Phílaid bhásughadh.

29 Agus ar gcriochnughadh na nuile neitheann dóibh do bhì ar na sgrio∣bhadh na thimcheallsan, do leagadar a ••••as as an gcroich, agus do chuireadar a dtúama [é.]

30 Achd do thóg Día súa ó mhar∣bhaibh é.

31 Noch do taisbéunadh feadh mhóráin do láethibh don druing do chuáidh a náoinfheachd ris sûas ón Ngalile go Hia∣rusalem, agus atá na bhfiadhnuisibh dhò a dtáobh an phobail.

32 Agus soisgéulamáoidne dhíbhse an gealladh do rinneadh dona haithrea∣chaibh: gur choimhlion Dia dhúin∣ne a gclann é, ar dtógbháil Iósa súas:

33 Mar atá sgríobhtha fós ann sa dara Salm; Is tusa mo mhacsa, a niugh do ghein mé thú.

34 Agus do bhrígh gur thóg sé súas é ò mharbhaibh, agus nach bhfillfidh air ais chum na huáidhe, a dubhairt sé mar so; Do bhéura mé dhíbh neithe náomh∣tha diongmhala Dháibhí.

35 Uime sin a deir sé a nionad eile; Ní fhuiléongaidh tú do neach náomhtha féin dfaicsin trúaidhlighthe.

36 Oír go deimhin ar ndéunamh seir∣bhíse do Dháibhi ann a gheinealach féin tré chomhairle Dé. do chodail sé, agus do cuireadh a bhfochair a aithreadh é, agus do chunnairc sé truáilleadh.

37 Achd an té do thóg Día súas ní fhacaidh sé truáilleadh.

38 Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maith∣feachus na bpeacadh:

39 Agus go bhfuil gach áon chreideas, ar na sháoradh thrídsion ó na huile nei∣thibh dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mhaóise.

40 Uime sin tabhraidh bhur naire ribh, nách dteigeumhadh dhaóibh a ní atá ar∣na rádh ris na fáidhibh,

41 Féuchaidh a luchd na tarcaisne, & bíodh iongantus oraibh, agus leath∣nuighidh mar chéo: óir oibrighimse obair ann bhur láethibh, obair nach ccreidfeadh sibh, dá bhoillsigheadh duine dhìbh é.

42 Agus ar nimtheachd amach as an tsionagóig do na Iúdaighibh, diarradar na cineadhaigh dachuinghe [orrtha,] na briathrasa labhairt ríu féin an tsabbóid na dhiáighsin.

43 Agus ar sgaóileadh don choimhthio∣nól, do leanadar mórán do na Iúdai∣ghibh, & do dhaóinibh ríaghalta coig∣chríchthe tháinic chum creidmhe, Pól & Barnabas: noch do labhair ríu, & do chomhairligh dhóibh fuireach a ngrásuibh Dé.

44 Agus an céudla sabbaide na dhiáigh sin is beag nar chruinnigh an chathair uile a bhfochair a chéile, deisdeachd bhréithre Dé.

45 Achd ar bhfaicsin an phobail do na Júdaighibh, do líonadh do thnúth íad, & tangadar a naghaidh na neitheann do labhair Pól, dá gconntrárghadh, & ag labhairt ortha go masluightheach.

46 Achd ar ndéunamh dánachda do Phól agus do Bharnabas, a dubhra∣dar; Is ribhse ar rís dob éigean bría∣thar

Page [unnumbered]

Dé do labhairt: gidheadh ó chur∣táoi ar gcúl í, agus go mbeirthí do bhreith nach fiu sibh an bheatha mhar∣thanach [dfagháil,] Féuch, atámaidne ag filleadh chum na gcineadhach.

47 Oír is mar sin do aithin an Ti∣ghearna dhínn, [ag rádh;] Do chuir mé thú mar sholas do na cineadhachaibh, agus mar shlánughadh go leithimlibh na talmhan.

48 Agus ar gclos na neitheannsa do na cineadhachaibh, do ghabh gáirdea∣chus íad, agus do ghlóraigheadar bría∣thar an Tighearna: agus do chreidea∣dar an mhéid do bhí ar na nórdughadh chum na beatha marthanaighe.

49 Agus do leathnaigh bríathar an Tighearna air feadh na tíre uile.

50 Achd do bhrosduigheadar na Jú∣daighe mná ríaghalta agus mácanta, & uáisle na caithreach, agus do thógadar gérleanmhuin ar Phól agus ar Bharna∣bas, agus do chuireadar amach as a dtéorannaibh íad.

51 Achd ar gcrathadh dhóibhsion luaithrigh a gcos na naghaidh, tanga∣dar go Hicónium.

52 Agus do líonadh na deisciobail do gháirdeachas agus don Spiorad náomh.

CAIB. XIV. Na Heasbuil ag deanamh maith ag Listra, 11 tugadar an-barr onòir dhoibh àon la, 19 & ghabhadar do chlochaibh orra la eile.

AGus tárla a Nicónium, go ndeacha∣dar ar áon a náoinfheachd go sionagóig na Niudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar buidhean mhór do na Júdaighibh, agus fós do na Gréugachaibh.

2 Achd na Jùdaighthe díchreidmhea∣cha, do bhrosdaigheadar agus do lío∣nadar daingidheachd, inntinn na gci∣neadhach a naghaidh na ndearbhrai∣threach.

3 Uime sin dfanadar aimsear fhada ag labhairt go dána sa Tighearna, noch do rinne fiadhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug fá deara comharthadha agus miorbhuileadha do dhéunamh tré na lámhaibhsion.

4 Agus tárla connspóid eidir luchd na caithreach, ionnus go raibh dream aca ris na Júdaighibh, agus dream eile leis na habsdalaibh.

5 Agus ar dtosughadh bruighne do na cineadhachaibh, agus do na Híudaigh∣thibh, maille ré na núachdaranaibh, chum íadsan do mhaslughadh, & ga∣bháil do chlochaibh orrtha,

6 Ar na thuigsin [so] dhóibhsion, do theitheadar go Listra, agus Derbe, caithreacha na Licaónia, agus don re∣gíon ar gach táobh.

7 Agus do bhádar ag feanmórughadh an tsoífgéil ann sin.

8 Fa a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nách raibh a cho∣sa ar a chumas, do bhí na mhairtí∣neach ó bhroinn a mháthar, [agus] nar shiubháil a ríamh.

9 Do chualáidh sé so Pol ag labhairt agus ar mbeith do [Phól] ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe,

10 A dubhairt sé do ghuth mór, Se sùas go díreach ar do chosaibh. Agus do léim seision súas, agus do shiubhail sé.

11 Agus ar bhfaicsin a neithe do rin∣ne Pól don phobal, do árdaigheadar a nguth, ag rádh a dteangaidh na Licaó∣nia, Tangadar Dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.

12 Agus do ghoireadar Jupiter do Bharnabas: agus Mercúrius do Phól: do bhrígh gur bhfear labhartha é.

13 Agus ar mbeith do shagurt Jupiter as comhair a gcaithreach súd, ar dta∣bhairt tharbh agus atàn ris chum a ngeatadh, bá mían leis íodhbairt do dhéunamh, má ráon ris an bpobal.

14 Achd ar na chlos [so] do na hab∣fdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gculaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phobail, ag éigh∣mhe:

15 Agus ag rádh; A dháoine, Créud fá a ndéantáoi na neithese? óir is dáoine sinne féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhfe, ag soisgéulughadh dhíbh filleadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rinne neamh, & talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe ata ionnta.

16 Noch do fhulaing sna haimfíbh do chuáidh thorainn, do na huile chi∣neadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.

17 Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadh∣nuise, ag déunamh maitheasa, ag ta∣bhairt fearthanna dhuinn ó neamh, & seusúir thórthaigh, ag lionadh ar gcroi∣dheadh do bhìadh agus do gháirdea∣chus.

18 Agus ar rádh na neitheannsa dhóibh, is ré héigean do chongbhadar an pobal ó íodhbairt do dhéunamh dhóibh.

19 Gidheadh tangadar Iúdaighe chca ò Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabh∣áil do chlochaibh ar Phól, do thar∣ruing amach as an gcathruigh [é,] ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh.

20 Achd ar mbeith do na deisciob∣luibh na seasamh na thimcheall, do éiridh sé súas na sheasamh, agus do chuáidh sé a steach don chathraigh, agus ar na mhárach do imthigh sé as sin má ráon ré Barnabas go Derbe.

21 Agus ar seanmórughadh an tsói∣sgéil don chathraigh sin dóibh, ag•••• ar dtarruing mhóráin do dheisciob∣laibh chuca, dfilleadar go Listra agus go Hicónium, agus go Hantíochia.

22 Ag neartughadh anmann na ndeif∣ciobal,

Page [unnumbered]

agá dteagusg fa anmhuin sa gcreideamh, agus gur tré iomad buáidh∣eartha as éigean dúinn dul a steach go ríoghachd Dé.

23 Agus ar nórdughadh sinnsear ann gach eagluis, agus ar ndéunamh úr∣naighe dhóibh maille ré trosgadh, do chuireadar ar choimhéud an Tighearna, ionar chreideadar, íad.

24 Agus ar ndul dóibh thríd Phisí∣dia, tangadar go Pamphília.

25 Agus ar labhairt na bréithre dhóibh a Bperge, do chùadar síos go Hatália.

26 Agus do shéoladar as sin go Han∣tíochia, a náit as ar cuireadh ar coi∣mhéud ghrás Dé íad, chum na hoibre do choimhlionadar.

27 Agus ar dteachd agus ar gcruin∣••••••ghadh na heagluise a gceann a chéile dhòibh, do fhoillsigheadar méud na neitheann do rinne Día thríothadh, agus gur osgail sé dorus an chreidimh do na cineadhachaibh.

28 Agus do chomhnuigheadar aimsir fhada ann sin a bhfochair na ndeis∣ciobal.

CAIB. XV. Friomh-Chomhairle na Neasbul ag Jerusa∣lem, ioma ttimchillghearradh.

AGus ar dteachd do dhruing áirighe, a núas ó thír Iudaighe, do thea∣guisgeadar na bráithre, [ag rádh;] una dtimcheallghearthar sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slá∣nughadh.

2 Uime sin tair éis Pól agus Barna∣bas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dór∣duigheadar Pòl agus Barnabas agus cuid eile dhíobhsan do dhul súas go Hiaru∣salem, chum na nabsdal agus na sinn∣fear, a dtimcheall na ceasda so.

3 Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na gcineadhach, agus do chuireadar lúthgháir mhór ar na bráithribh uile.

4 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis agus na habfduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.

5 Gidheadh déirghe dream áirighe deiriceachd na Bphairisineach do chreid, ag rádh; Go ccaithfidh a ttimcheallghear∣radh, agus a chur dfiachuibh orrtha dli∣gheadh Mhaóisi choimhéud.

6 Ar a nadhbharsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuchuin a dtimcheall a neithse.

7 Agus ar ndéunamh móráin dios∣bóireachda dhóibh, déirigh Peadar fúas agus a dubhairt sé ríu; A fheara [agus] a bhráithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thogh Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidís na cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidi.

8 Agus do rinne Día dar ab aithne na croidhthe fínné dhóibhsion, ag ta∣bhuirt an Spiorad náoimh dhóibh, chomh∣maith linne.

9 Agus ní dhearna sé êidirdhealu∣ghadh ar bíth eadruinne agus íad, ag glanadh a gcroidheadh lé creideamh.

10 Uime sin a nois créud fà bhfuiltí ag cur chathuighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluibh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar?

11 Achd creidmíd go sláineochthar sinn comhmaith léosan, tré ghrásuibh an Thighearna Iósa Críosd.

12 Ann sin do thochdadar an chui∣deachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thrio∣thadh féin eidir na cineadhachuibh.

13 Agus ar fgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh; A fheara [agus] a bhràithreacha, éisdigh riumsa.

14 Dinnis Simón [dáoibh] cionnus dféuch Dia ó thosach chum pobail do bhuáin as na cineadhachuibh dhá ainm féin.

15 Agus tigid bríathra na bhfáidheadh leis an nísi: do réir mar atá sgríobhtha,

16 Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubhuidh mé súas a rís tábernacel Dháibhí atá ar dtuitim, & cóiréochaidh mé an ní do thuit de, agus cuirfidh mé súas é a rís:

17 Do chum go níarrfaidís an chuid eile do na dáoinibh an Tighearna, & na huile chineadhacha ar a ngoirthear mainm: a deir an Tighearna noch do ní na neithesi uile.

18 Atá fios a oibreacha féin uile ó thosach an tsáoghail, ag Día.

19 Uime sin measuimsi nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na cineadhachuibh, dfill chum Dé.

20 Achd as insgriobhtha chuca, Iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na Niodhal, agus ar Stríopthachus, agus ó ní Teachduighthe, agus ô Fhuil.

21 Oir atáid ag Maóisi ó na sean∣aimsireachuibh a nall, dáoine do nî a sheanmórughadh ann gach áon chath∣ruigh, ann sna sinagóguibh ann a léugh∣thar gacha sábbóid é.

22 Ann sin do chonncas do na hab∣sdalaibh agus do na sinnsearaibh maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól & lé Barnabas: [eadhon] Iúdas dar comh∣ainm Barsabas, agus Sílas, dáoine oirr∣dheirc eidir na bráithreachuibh:

23 Ag sgríobhadh leitreach ríu mar so: Beatha agus sláinte ó na heasbuluibh, agus ó na seinnsearuibh, & ó na brái∣thribh chum na mbrâthar do na cineadh∣achuibh

Page [unnumbered]

atá a Naintíochia, agus a Síria, agus a Cilicia.

24 Do bhrigh go gcúalamar go ndea∣chadar dáoine áirighe úainne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh bheith ar bhur dtimcheallghear∣radh, & an reachd do choimhéud; dá nach dtugamar [a leitheid sin] dáithne:

25 Do chonncas dúinn air tteachd déun∣toil a gceann a chéile daóine thoghtha do chur chugaibhsi má ráon ré ar [mbráithribh] grádhacha Barnabas & Pól.

26 Daóine thug a nanmanna féin ar son anma ar Dtighearna lósa Críosd.

27 Ar a nadhbharsin do chuireamar chuguibh Júdas agus Sílas, noch ínnéosas na neithesi as béul mar an gcédna.

28 Oir do chonncas don Spiorad náomh & dúinne, gan ni as mó dúalach do chur oruibh, ná na neithe ríachdanachaso.

29 Go seachna sibh sibh féin ar neithibh do nithear ofráil diodhaluibh, & ar fhuil, & ar ní teachduighe, & ar stríoptha∣chus: má chongbhuithí sibh féin úatha so, is maith do dhéuntáoi é. Slán libh.

30 Agus ar na léigeansan air siubhal tangadar go Hantíochia: agus ar gcruin∣niughadh don phobal a gceann a chéile túgadar an leitir úatha.

31 Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gáirdeachus íad tres an ccomhfurtachd.

32 Mar an gcéadna ar mbeith do Júdas agus do Shilas na bhfáidhibh, do theaguisgeadar & do neartuigheadar na bráithre lé mórán bríathar.

33 Agus tair éis íad fhuireach ann sin ar feadh tamuill, do leigeadar na bráithre íad a siothcháin úatha chum na nabsdal.

34 Achd do chonncas do Shilás comh∣nuighe ann sin.

35 Achd do fhan Pól agus Barnabas a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, maráon fós ré mórán eile.

36 Achd a ndiáigh láetheadh àirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid siad.

37 Agus do shanntuigh Barnabas Bóin dá ngoirthear Marcus, do bhreith léo.

38 Achd níor bháill lé Pól an té do chúaidh úatha as Pamphília, agus nach deachaidh riu chum na hoibre, do bhreith na gcuideachda.

39 Uime sin do éirigh éasáonta eator∣ra, a gcruth gur sgaradar ré chéile: achd rug Barnabas Marcus leis, agus do chúaidh sé a luing go Ciprus:

40 Achd dó thogh Pól Silas dó féin, agus do imthigh sé roimhe, ar na chur ar comairce ghràs Dé do na bráithribh.

41 Agus do shiobhail sé ar feadh Shíria agus Chilícia ag coimhneartu∣ghadh na neágluiseadh.

CAIB. XVI. Siobhal & Saothair Phóil. 14 Croidhe Lid•••••• ar na osgladb 34 & Coimhéuduigh 〈◊〉〈◊〉 phrìosuin ag creideamh a Ndia.

ANn sin táinic sê go Derbe, agus go Listra: agus feuch, do bhí de••••∣ciobal àirighe ann sin dar bhain Timotéus, mac mhná áirighe dheagh∣chreidmhighe don chineadh Iúduidhe, agus bá Gréugach a athair,

2 Ar a dtugadar na bráithre do bhí a Listra agus a Nicónium, teisd mhaith.

3 Do ghabh fonn Pól an fearso do bhreith leis na chuideachda: agus ar na bhreith leis dó, do thimcheallghearr sé é, ar son na Níudaidheadh do bhi ann sna háitibh sin: óir do bhí a fhio aca uile gur Ghréugach a athair.

4 Agus mar do shiobhladar ar a caithreachaibh, tugadar dhóibh ré a gcoimhéud na hordaighthe do órdui∣gheadar na habsdúil agus na sinnsir do bhí a Niarusalém.

5 Uime sin do bhádar na heaglui∣seadha ar na ndaingniughadh ann sa chreideamh, agus do bhí a nuimhir ag méudughadh gach éun lá.

6 Agus ar ngabháil tré Phrigia agus tré chrích na Galátia dhóibh, do thoirmisg an Spiorad náomh íad an bhríathar do labhairt fa Násia.

7 Agus ar dteachd go Mísia dhóibh, do chuireadar rómpa dul go Bitínia: achd níor fhulaing Spiorad Jófa dhóibh.

8 Ar a nadhbharsin ar ngabháil tré Mhísia dhóibh, do chúadar síos go Tróas.

9 Agus do chonncas do Phól a dtaidhbhsi sa noidhche, duine àirighe ó Mhacedónia na sheasamh, dá ghuidhe, agus ag rádh; Tárr go Macedónia, agus tabhuir cabhuir dhúinne.

10 Agus mar do chonnuire sé an taidhbhsi, do shantuigheamar ar a mball dul go Macedónia; óir do thuigea∣mur gur bhé an Tighearna do ghoir sinn chum an tfoisgéil do sheanmóir dhóibh.

11 Uime sin ag seóladh dhúinn ó Thróas tangamar go direach go Samo∣trácia, agus la ar na mhárach go Neá∣pólis.

12 Agus as sin go Philippi príomh∣chathuir na coda sin don Mhace∣dónia, agus colamhuin. Agus dfana∣mur ann sa chathruigh sin suim áirighe do laethibh.

13 Agus do chúamur a mach as an gcathruigh lá na sábbaide chois a tfrothá mar a ngnàthuighthí urnaighe do dhéu∣namh: Agus ar suidhe dhúinn ann sin, do labhramur re mnàibh do bhí ar gcruinniughadh ann.

14 Agus bean àirighe dàr bhainm Lídia, reacadóir purpuir a gcathruigh

Page [unnumbered]

na Dtiatírach, noch do onóruigheadh Dia, déisd sí rinn: Ag ar ofguil an Ti∣gearna a croidhe chum aire do tha∣bhuirt do na neithibh a dubhairt Pól.

15 Agus ar ngabháil bhaisdidh dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh se [sinn,] ag rádh! Má mheasdáoi go bhfuilim díleas don Tighearna, tigidh do dhéunamh comhnuidhe dom thìgh. Agus do choimhéigin sí sinn.

16 Agus tárla ag dul dúinn do dhéu∣namh urnaighe, go dtárla cailin áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fúair sabhaltus mór dá tighearnuibh féin lé faisdine do dhéunamh.

17 Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh si ag radh; Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, noch shois∣géulas dáoibh slighe na sláinte.

18 Agus do rinne sí so mórán do faéthibh: achd do ghoill sin ar Phól, agus dfill sé air ais, agus a dubhairt sé ris a spiorud: Aithnighim dhíot a nainm Iósa Criosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.

19 Agus an tan do chunncadar a ti∣ghearnuidhesi gur imthigh muinighin a bfabhaltuis féin, do chuireadar lámh a Bpól, agus a Sílas, & rugadar léó don mhargadh íad chum na núachdarán.

20 Agus ar na dtairgsin do na húachdaránuibh, a dubhradar; Búaidhrid na dioinesi ar gcathuirne, óir is don thineadh Júdaidhe íad.

21 Agus múinid síad órduighe nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na do leanmhuin, dó bhrígh gur Romhánuigh sinn

22 Agus do éiridh an pobal a náoin∣sneachd na naghuidh: agus ar réubadh a néuduigheadh do na hoifigibh, do áith∣neadar gabháil do shlatuibh [orrtha.]

23 Agus ar ngabháil orrtha go ro∣mhór dhóibh, do chuireadar a bpríosùn [ìad,] dá áithne dfear coimhéuda an phriosuin a gcoimhéud go ró dhaingean.

24 Agus ar bhfagháil na háithne sin dósan, do theilg sé íad ann sá phrío∣sin dob fhaide a steach, agus do dhaingnígh sé a gcosa a gceap.

25 Agus a dtimcheall mheadhóin idhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadh∣mholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad.

26 Agus go hobann do éirigh crith mór talmhun ann, a gcruth go raibh indiment an phriosuin ar bogadh: agus ar an mball do bhádar na doirrsi uile osguilti, agus a ngeimhleacha uile sgáoilte.

27 Agus ar músgladh do choimhéu∣duidhe an phríosuin, agus ar bhfaicsin doirrseadh an phríosúin osguilte dhó, ar tarruing a chloidhimh amach, do smúain sé é féin do mharbhadh, [óir] do sháoil sé gur éulóigheadar na braighde:

28 Achd do éigh Pól do ghuth mhór, ag rádh; Na déuna olc ar bith dhuit féin: óir atamaóidne uile ann so.

29 Agus ar ngairm ar sholus dósan, do sháith sé a steach, agus ar mbeith dhó ar coimhchrith, do thuit sé síos a bhfiadhnuise Phóil agus Shílais.

30 Agus ar na mbreith leis amach dhó, a dubhairt sé: A mhaighisdríghe, créd chaithfeas misi dheunamh do chum go slainéochtháoi mé?

31 Agus a dubhradarsan: Creid ann sa Tighearna Jósa Críosd, agus sláin∣eochthar thú féin agus do thigh.

32 Agus do rinneadar bríathar an Tighearna do sheanmóir dhó fein agus dá raibh ann a thigh uile.

33 Agus a nuáir sin féin do noidh∣che do ghlac se íad, agus do nigh sé a ccréachda: & ar an mball do ghlac sé féin agus a thigh uile baisdeadh.

34 Agus ar na mbreith leis dó dhá thigh féin, do chuir sé bórd na bhfíadh∣nuisi, agus do rinne sé gáirdeachus, é féin agus a thigh uile ag creideamh a Ndía.

35 Achd ar néirghe don lá do chuir∣eadar na húachdaráin máoir úatha dá rádh; Léig na daóine sin amach.

36 Agus dinnis coimhéuduidhe an phriosúin na briathraso do Phòl, gur chuir∣eadar na húachdaráin fios úatha bhur léigean amach: uime sin siobhluidh ro∣mhuibh a nois, & ímthighidh a siothchain.

37 Achd do fhreaguir Pól dóibhsean; Tar éis gabháil oruinn go puiblidhe, & sinn neimhchiontach, agus ar Rómhana∣chuibh, do theilgeadar a bprìosún sinn, & an né budh áil léo a nois ar gcur amach ós íseal? ní headh go firinneach: achd teaguid féin, agus beirid amach sinn.

38 Agus dinnseadar na maóir na bríathraso do na húachdaránuibh: agus do ghabh eagla íadsan an tan do chúala∣dar gur Rómhánuigh íad.

39 Agus ar dteachd dóibh do chui∣readar impidhe orrtha, agus ar na dtabhuirt amach, do guidheadar íad fá imtheachd amach as an gcathruidh.

40 Agus ar nimtheachd as an bpriosún dóibhsion, do chúadar a steach go Lídia, agus ar bhfaicsin na mbráthar, tugadar comhfhurtachd dóibh, agus do imthigheadar rompa.

CAIB. XVII. Do sheanmòruigh Pól an Sòisgeul ag Tes∣salonica, 15 & ag Cathair na Haithne.

AGus ar nimtheachd tré Amphipolis agus tré Apollonia dhóibh, tangadar go Tessalónica mar a raibh sinagóg ag na Júduidhibh.

2 Agus mar bá gnáth ré Pól, do chúaidh sé a steach chuca, agus do rinne sé diosbóireachd rìu as na sgriobtúiribh, ar feadh thrí lá sábbaide,

3 Ag miniughadh agus ag dearbhu∣ghadh gur bhéigin do Chríosd fulang, agus éirghe a rís ó mharbhuibh: agus gur ab é so Críosd, an Tíosa do ním∣si sheanmóir dháoibh.

Page [unnumbered]

4 Agus do chreideadar cuid áirighe dhíobh; agus do leanadar do Phól agus do Shílas, agus mar an gcéadna mórán do Ghréugachaibh cráibtheach, agus do mhnáibh uáisle.

5 Achd do ghabh iomthnúdh na Júdai∣dhe nár chreid, & ag cruinniughadh dhrochdháoine airighe & chorra-mar∣guidh do rinneadar cuideachda mhór, & tangadar a dtimcheall tighe Iásóin ag íarruidh íadsan do thabhairt amach chum an phobuil.

6 Agus an tan nach bhfúaradar íad∣san, do thairngeadar Jáson, agus cuid áirighe dona bráithribh chum úachdarán na caithreach, ag éighmhe; Iad so do chuir an fáoghal bun as cionn, thangadar ann so mar an ccéadna.

7 Noch dhá dtug Jáson áoidheachd: & atáid síad uile ag cur a naghuidh ór∣duighthe Shéasair, ag rádh, Go bhfuil Rí eile ann [eadhon] Jósa.

8 Agus do bhuáidhreadar an pobal & úachdaráin na caithreach, ar gclos na neitheadhso dhóibh.

9 Agus ar ngabháil urraidhe ó Jáson agus ón cuid eile, do léigeadar úatha íad.

10 Agus ar an mball do chuireadar na bráithre sa noidhche úathadh Pól, agus Silas go Beréa: agus ar dteachd dóibh [ann sin,] do chúadar a steach go sina∣góig na Níuduidhe.

11 Agus dob uáisle na Híuduidhe sin, na an mhuintir do bhí a Dtessalonica, agus do ghabhadar an bhríathar go ro lúthgháireach chuca, ag cúartughadh na sgríobtúireadh gach éun lá, dá fhéuchuin an mar sin do bhádar na neithesin.

12 Uime sin do chreideadar mórán díobh, agus mar an gcéudna mòrán ban úasal do na Gréugachuibh, & fear leis.

13 Agus an tan do fuáir na Júdaidhe do bhí a Dtessalonica, fios go ndearna Pól bríáthar Dé sheanmóir ag Beréa leis, do chúadar ann sin mar an gcéudna do chur buáidheartha ar an bpobal.

14 Achd do chuireadar na bráithre Pól úatha ar an mball, amhail as go rachadh sé ar fairge, achd dfan Sílas agus Timotéus ann sin na gcomhnuidhe.

15 Agus an chuideachda do chuáidh lé Pól, do thréoraigheadar é go [cathuir] na Haithne: agus ar bhfagháil áithne dhóibh chum Sílais agus Thimotéus, do chum go dtiocfaidís mar is luáithe do fhéudfaidis chuige, dimthigheadar rompa.

16 Achd ar mbeith do Phól ag fui∣reach ríusan a ccathair na Haithne, do bhí a spiorad air na bhuaidhreadh ann, tré go bhfacuidh sé an chathuir lán dio∣dhaladhradh.

17 Ar a nadhbharsin do rinne sé diosbóireachd ann sa tsíonagóig ris na Jùduighibh, agus ris na dáoinibh riaghal∣ta, agus ré gach áon dá dteagmhadh dhó ar an margadh gach êun lá.

18 Agus do rinneadar feallsamhni∣ghe áirighe do na Hepicúrachuibh ag•••• dona Stoicibh, connspóid ris: agus a dubhradar cuid dhíobh, Créd as á•••• leis an bhfear mbriosgghlórachso do rádh? Agus [a dubhradar] cuid eile; As cosmhuil ris bheith na sheanmóntu∣dhe ar Dhéeibh coimhightheacha, ar son gur sheanmóir fé Jósa agus a néiseir∣ghe dhóibh.

19 Agus ar mbreith air, rugadar go Hareopágus é, ag rádh: An bhféudmáoid a fhios dfagháil créd é an teaguisg núa so labhrus tusa?

20 Oír atá tú ag cur neitheadh néa airighe ann ar glúasuibhsne; ar a nadh∣bharsin as mían linn a fhios dfagháil créd as cíall dóibh.

21 (Oír ni raibh aire ar ní ar bith eile ag luchd chathair na Haithne, agus ag coimhthighe tháinig dáitreabhadh na measg, achd ar nuáidhéachd éigin di∣nisin, nó déisdeachd.)

22 Agus ar seasadh do Phól a mea∣dhón Areopágus a dubhairt sé; A luchd chathair na Haithne, do chím go bhfuil•••• go huilidhe ródhíthcheallach a níodhal∣adhradh.

23 Oír an tan do shiobhail mé ó áit go háit, agus do chunnairc mé bh•••• neithe náomhtha, fuáir mé altóir áiri∣ghe ann a raibh sgríobhtha, DON DIA ANAITHNIDH. Ar a nadhbhar∣sin as é an Día sin onórtháoi, as ga a fhios aguibh cía hé, atáimsi do shean∣móir dhíbh.

24 Oír ní dhéanann an Día do rinne an domhan, agus gach uile ní dhá bhf•••• ann, ar mbeith dhó na Thighearna ar neamh agus talamh, comhnuidhe a dteampluibh láimhdhéanta.

25 Agus fós ní tugthar onóir dhó lé lamhuibh dáoine, mar do bhíadh ríachda∣nus éinneithe air, óir is é féin do bheir beatha, agus anál, agus gach uile ní, do na huile neithibh.

26 Agus do rinne sé a nuile chei••••l dáoine déunfhuil amháin, do chum go náitéochaidís ar druim na talmhan uile, agus do chinn sé aimfeara reumhórdi∣ghe, agus tóranna a náitreabhaidhsan:

27 Do chum go niarrfaidis an Ti∣ghearna, dá madh éidir léo a fhaghal ré a ghlacadh: gé nach fada ó éun∣duine aguinn é.

28 Oir is annsan mhairmíd, & chor∣ruighemíd, agus atámáoid: do réir mar a dubhradar cuid dá bhur bhfileadhaibh∣si; Oir is dâ chinéulsan fós sinn.

29 Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúi•••• do chinéul Dé, ní cóir dhúinn a bhreath∣nughadh gur cofmhuil an díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná ré cloich ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinn∣leachd dháonda.

30 Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía, do bhéir sé a nois fúagra do nuile dhuine an

Page [unnumbered]

gach áonáit aithreachus do dhéunamh.

31 Ar a nadhbhar gur órduigh sé lá 〈◊〉〈◊〉 a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal, tres an bhfear úd do érduigh sé: [agus] mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, do thóg sé súas ó mharbhuibh é.

32 Achd an tan do chúaladarsan eis∣éirghe na marbh, do rinneadar cuid ••••obh fonámhad, achd a dubhradar cuid ••••le, Eisdfeam riot a rís dhá tháobh so.

33 Agus as mar sin do imthigh Pól amach as a lár.

34 Achd cuid aca ag céangal ris, do chreideadar: eidir a raibh Dionísius Areopagíta, agus bean dár bhainm Da∣naris, agus dream eile maille ríu.

CAIB. XVIII. Chnaidh Pòl ar chuairt dfbiosrughadh na Neagluise. 24 & theagaisc Acuila le na mbnaoi an Soisgeul Dapollos ni is soillier.

TAr éisi so ar bhfagbháil chathair na Haithne do Phól, táinic sé go Corintus.

2 Agus fuáir sé Júdaidhe áirighe ann 〈◊〉〈◊〉 dar bhainm Acuilas noch rugadh a Bpontus, táinic go déigheanach ó Neadáille, é féin agus a bhean Priscil∣lá, (ar a nadhbhur gur aithin Claudius do na Júduidhibh uile imtheachd as a Róimh) [agus] do chuáidh sé dhá nionn∣••••ghe.

3 Agus do bhrígh go raibh sé dáoin∣cheird ríu, dfan sé na bhfochair, agus do bhí sé ag obair: óir a seadh bá ceird dhóibh pailliúin do dhéunamh.

4 Agus do níodh sé diosbóireachd sa thnagóig gach éun lá sábbóide, ionnus gur tharruing sé na Iúduidhe agus na Gréuguidh, ar a fdaid féin.

5 Agus mar tháinic Silas agus Timo∣té•••• ó Mhacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunamh fínnè do na Jú∣doidhibh gur bhé Iófa an Críosd.

6 Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan a du∣bhairt sé ríu; [Bíodh] bhur bhfuil ar bhur gceann féin: atáimsi glan, ó so sias rachuidh mé chum na gcineadhach.

7 Agus ar nimtheachd dó as sin, do thuáidh sé go tigh dhuine áirighe dár bhainm Iustus; duine air a raibh eagla Dé, agus agá raibh a thigh láimh ris a tfonagóig.

8 Agus do chreid Crispus úachdarán na sinagóige, maille ré luchd a thighe ••••le ann sa Tighearna: agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd ris, do chreideadar, agus do baisdeadh íad.

9 Agus a dubhairt an Thighearna sa oidhche a dtaidhbhsi ré Pól; Na bíodh eagla ort, achd labhuir, agus na bí ad thochd:

10 Oír atáimsi maille ríot, agus ní thiocsa duine ar bith ort do dhéunamh uilc dhuit: óir atá pobal mór agamsa an sa chathraigh so.

11 Agus dfan seisean blíadhuin agus sé mhí, ag teagufg bhréithre Dé na measg.

12 Agus an tráth do bhí Gallio na úachdarán a Nachaía, do éirgheadar na Iuduidhe déuntoil a naghuidh Phóil, & rugadar go cathaóir an bhreitheamh∣nuis é,

13 Ag rádh, Táirrngidh an fear so lé na bhriathraibh na daoine, chum Dé onorughadh a naghaidh an dlighe.

14 Agus an tan do shantuigh Pól a bhéul dosgladh, a dubhairt Gallio ris na Iûduidhibh; Dá madh éagcoir ar bith nó droch ghníomh é, budh cóir go niom∣chóruinn libh.

15 Gidheadh más a dtimcheall bhría∣thar, agus anmann, & bhur ndlighe atá bhur gceisd, féuchuidh féin dó: óir ní háill leamfa bheith am breitheamh ar a leitheid sin do neithibh.

16 Agus do chuir sé ón chathaóir bhreitheamhnuis íad.

17 Ann, sin ar mbreith do na Gréu∣gachuibh uile ar Shostenes úachdarán na sinagóige, do ghabhadar air a bhfíadh∣nuifi chatháoireach an bhreitheamhnuis: achd níor chuir Gallio suim a ní ar bith do na neithibhsin.

18 Achd tair éis Pól fhuireach fós mórán do láethibh, do ghlac sé a chead ag na bráithribh, agus do chuáidh sé a luing go Síria, agus do chuáidh Priscil∣la agus Acuilas leis, tar éis a chinn do bhearradh dhó a Gcenchreas: óir do bhí móidghealladh air.

19 Agus táinic sé go Héphesus, agus dfág sé ann sin íad, gidheadh do chuáidh sé féin a steach don tsinagóig, agus do thaguir sé ris na Iúduidhibh.

20 Agus an tan díarradar air fui∣reach na bhfochair ní as faide, níor áontaigh seisean.

21 Achd dfág beannachd aca, ag rádh; Is éigin dámhsa go deimhin an tsollomuin so chugainn do dhéunamh a Niarusalém: achd más toil lé Día é, fillfidh mé chuguibhsi a rís. Agus do shéol sé ò Ephesus.

22 Agus ar ndul dó síos go Séasa∣réa, do chuáidh sé sùas agus ar mbean∣nughadh do neagluis dó, do chuáidh sé fíos go Hantìochia.

23 Agus ar nfanmhuin dó ar feadh tamuill, do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chrí∣che na Galátia, agus Phrígia, ag near∣tughadh na ndeisciobal uile.

24 Agus táinig Iúdaighe áirighe go Hephesus dár bhainm Apollos, rugadh a Nalexándria, fear deaghlabhartha do bhí cumhachdach ann sna sgríobtúiribh.

25 Do bhí an fear so ar na theagusg a slighe an Tighearna, agus ar mbeith dhò ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir, agus do theaguisg sé go díthcheallach

Page [unnumbered]

neithe a dtimcheall an Tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh Eóin amháin.

26 Agus do thionnsgain sé labhuirt go dána ann sa tsinagóig. Agus an tráth do chúaluidh Acuilas agus Priscilla é, rugadar léo chuca féin é, agus dfoill∣sigheadar slighe an Tighearna dhó ní as diongmhála.

27 Agus an tan do báil leis dul go Hachàia, do sgríobhadar na bráithre chum na ndeisciobal, dá mbrosdadh air eision do ghabhail chuca: agus ar dteachd dhó [ann sin,] tug sé furtachd mór don lion do chreid tré ghrásuibh.

28 Oír do rinne sé diosbóireachd mhór shaoithreach a bhfiadhnuisi an pho∣buil ris na Iúduighibh, dá fhoillsiu∣ghadh as na sgríobtúiribh gur bé Iósa, an Críosd.

CAIB. XIX. Leabhair na ndraòi ar na loscadh, 35 & do chiunaigh cleireach na Hephesuis buaidhreadh a phobail ioma cheard chumtha na niodhal.

AGus tárla a nuáir do bhí Apol∣los a Gcorintus, gur shiobhail Pol treas na rannuibh úachdarácha, agus go dtáinic sé go Hephesus: agus ar bhfagháil dheisciobal airighe dhó,

2 A dubhairt sé ríu; Nar ghabha∣bhuir an Spiorad náomh ó chreideabhair? agus a dubhradarsan ris; Ní chualamar a noiread sin féin go bhfuil Spiorad náomh ann.

3 Agus a dubhairt seision ríu; Ma∣seadh créd ann ar baisdeadh sibh? agus a dubhradarsan, A mbaisdeadh Eóin.

4 Agus a dubhairt Pól; Go deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh na haith∣righe, ag rádh ris an bpobal, creideamh ann sa té do thiocfadh na dhiáigh féin, eadhon a Níosa Críosd.

5 Agus ar na chlos so dhóibhsion, do ghabhadar baisdeadh chuca a nainm an Tighearna Iósa.

6 Agus ar gcur a lámh do Phól orr∣tha, tháinic an Spiorad náomh orrtha, agus do labhradar lé teangthuibh, agus do rinneadar fáidheadoireachd.

7 Agus do bhádar uile a dtimcheall dá fhear dhéug.

8 Agus ar ndul dósan a steach don tsinagóig, do labhuir sé go dána, ar feadh thrì míos ag diosbóireachd, agus ag cruthughadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé.

9 Achd an tráth do chruaidhgheadar dream aca, agus nach ccreidfidís, ach go labhraidis go hole ar a tslighe sin a bhfhíadhnuisi an phobuil, do imthigh Pól úatha, agus do dhealuigh sé na deis∣ciobail, agus do bhiodh sé ag diosbói∣reachd gach éunlá a sgoil dhuine áiri∣ghe [dár bhainm] Tiránnus.

10 Agus do bhí so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan: a gcruth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile, eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.

11 Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil.

12 A gcruth go mbeirthí ó na chorp, éud aighe lámh nó cinn, chum na ndáoine dtinn, agus go sgaradh a neasláinte r••••, agus go nimthighdis drochspioruide as∣da.

13 Agus dream áirighe do na Júdui∣dhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuirea∣dar rompa ainm an Tighearna Jósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochfpioruda, ag rádh; Cuirmid fá gheasuibh sibh tré Jósa do ní Pól a shean∣móir.

14 Agus do bhádar móirsheisear mac ag Júdaighe áirighe [dár bhainm] Scem uachdarán na sagart, noch do níodh so.

15 Achd ar bhfreagra don drochspio∣raid, a dubhairt sé ríu; Atá éolus ar Jó∣sa agam, agus as aithne dhamh Pól: gidheadh cía sibhsi?

16 Agus do fhaith an duine ann a raibh an drochspiorad orrtha, agus ar na gcláoi dhó do bhùadhuigh sé orrtha, a gcruth gur theitheadar créuchdach lo••••∣nochd as an dtigh sin.

17 Agus fúaradar na Júduighe agus na Gréuguigh uile do áitrigh a Nephesus a sgéula so: agus do ghabh eagla íad uile. Agus do hoirrdhearcadh ainm an Ti∣ghearna Jósa.

18 Agus tangadar mórán don mhuin∣tir do chreid, ag admháil, agus ag i∣nisin a ngníomharthadh féin.

19 Agus fòs mórán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfiadhnuisi cháich uile iad: agus do chomháirmheadar a lúach, agus fúara∣dar é na dheich míle agus da shìchead [pìosa] airgid.

20 Do fhás bríathar Dé, agus rug si búáidh chomhláidir sin.

21 Agus ar gcríochnughadh na nei∣theadhfa, do chuir Pól roimhe ann in∣tinn tar éis dul tré Mhacedónia & A∣chaía dhó, dul go Hiarusalém, ag rádh; Tar éis mé bheith ann sin, as éigin damh an Róimh fhéachain.

22 Agus ar gcur dheisi don mhuintir do bhíodh ag minisdrálachd dó [eadhon] Timotéus agus Erastus don Mhacedó∣nia, dfan sé féin sa Násia ar feadh ta∣muill.

23 Agus fá namsin déirigh tríoblóid nár bheag a dtimcheall shligheadh [an Tighearna.]

24 Oir do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do niodh teampuill airgid do Dhíana, [agus] fúair fabhál∣tus nar bheag don luchd céirde.

25 Ar gcruinniughadh dhósan a raibh ré na leithéid sin do cheird, a du∣bhairt sé ríu: A dháoine, atá a fhios aguibh gur leis an gcéirdse do gheibh∣mídne ar sochar.

26 Agus do chíthí, agus do chluintí

Page [unnumbered]

gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh; Nach Dée íad do nithear lé lámhuibh.

27 Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum maslá, achd fós teampall na Baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfì ar gcúl a morrdhachd∣fa, noch onóruigheas a Náfia, agus an domhan mór uile.

28 Agus ar na chlos so dhóibhsion, do onadh íad dfeirg, agus do gháireadar ag rádh; [Is] mór Díana na Nephé∣síanach.

29 Agus do bhí an chathuir uile ar 〈◊〉〈◊〉 líonadh do bhuáidhreadh, agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruin∣nighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus, agus ar Aristacus Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil.

30 Agus ar na shantughadh do Phól dul a steach a measg an phobuil, níor leigeadar na deisciobail dó.

31 Agus mar an gcédna do chuireadar ruid áirighe dúachdaranuibh na Hásia do bhí na gcáirdibh aige teachda chui∣e, dá íarruidh air gan dul go háit chruinnighthe an pobuil.

32 Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buáidheartha, & ní raibh a fhios ag an gcuid ba mo dhíobh, Créd é an tadhbhar fá a dtangadar a gceann a chéile.

33 Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alexanndar, noch do thiomái∣neadar na Júduighe rompa. Agus ar senéideadh Dhalexanndar lé na láimh ag íarruidh éisdeachda, dob áill leis an ••••dhbhar dinnisin don phobal.

34 Agus an tan do aithnigheadar gur Júdaighe é, do thógbhadar uile gáir, ag éighmhe a dtimcheall dhá uáir, Is mór Díana na Nephésíanach.

35 Ann sin dó chíunaidh an cléireach an pobal, ag rádh; A luchd Ephesus, cía an duine ag nach bhfuil a fhios go no∣nóruigheann cathair na Nephésianach an Bhaindía mhór Díana, agus a ní tháinic a núas ó Iubiter?

36 Ar a nadhbharsin ó nach bhféu∣dann duine ar bith cur na aghuidh so, is coir dhíbhsi suaimhneas do dhéunamh, agus gan éinní dhéunamh go hobann.

37 Oír tugabhuir na dáoinesi libh, nach ar ghoid áoinní as na heagluisibh, & nach dtug aithis do bhur mbaindía.

38 Ar a nadhbharsin má atá adhbhar g Demétrius agus ag luchd a cheirde atá na fhochuir ar dhuine ar bith, atá an chúirt ar buil, agus atáid na huachda∣táin ann; éilighidís féin a chéile:

39 Achd má atá bhur gceisd fa adh∣bhrruibh eile, réidhfidhear í a gcoimh∣thionól dlisdeanach.

40 Oír atámáoid a ngábhadh go néiléochthar sinn a oceannairce, ar son an láoi a niugh, óir ní bhfuil adhbhar ar bith ann a bhféudmaid reusun do tha∣bhuirt ar son an chruinnighesi. Agus an tan a dubhairt sé so, do chuir sé an choimhthionól air siubhal.

CAIB. XX. Pol ar togbhail Eutichus on bhás, 17 & ar gairm sinnsear na Hephesuis go Mile∣tum, chuir sè tréd Dè mur úalach uirrthe, & ghabh cead dibh.

AGus tar éis na ceandairce do chosg, do ghoir Pol na deisciobail chuige, agus air ngabháil a cheada ríu, do thríall sé dul úatha go Macedónia.

2 Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad bria∣thar, táinic sé don Ghréig.

3 Agus ar mbeith dhó trí mhí [ann sin,] ar gcur luigheacháin do na Iúdai∣ghibh air, mar do bhí fáoi dul a luing go Síria, do chuir sé roìmhe filleadh tar a ais go Macedónia.

4 Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násin, Sopater ó Bheréa: agus do luchd Tessalonica, Aristarchus agus Secundus, agus Gáius ó [chathruigh na] Deirbe, agus Timotéus agus do luchd na Hásia, Tichicus agus Trophimus.

5 Do imthigheadar so romhainne, & dfanadar rínn a Dtróas:

6 Achd do chúamairne a luing ó Phi∣lippi tar éis láethe a naráin gan laibhín, agus tangamar chucasan go Tróas a gcionn chúig lá, agus dfanamar ann sin ar feadh seachdmhuine.

7 Agus an céud lá don tseachdmhuin ar gcruinniughadh do na deisciobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh aráin, do bhrígh go raibh fáoi Phól imtheachd úatha lá ar na mhárach, do rinne sé seanmóir go meadhón oidhche.

8 Agus do bhádar mòrán lóchrann a séomra árd ann ar chruinnigheadar a gceann a chéile.

9 Agus do shuidh ógánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig air dtuitim na chodladh go trom, agus ar mbeith do Phol a bhfad ag déunamh feanmóra, air na shárughadh tré chod∣ladh do thuit sé sios ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é.

10 Agus ar ndul do Phól síos, do luigh sé air, agus ar na fhásgadh ris dó, a dubhairt sé, Na bìodh buái∣dhreadh ar bith oruibh; óir atá a anum ann.

11 Agus ar ndul dó súas, do bhris sé arán, agus a duáidh sé, agus do rinne sé comhrádh fada go dtáinic máidin, dimthigh sé ann sin.

12 Agus tugadarsan an tógánach léo na bheathuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.

13 Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassos, ar chor go mbéuramais Pól linn as. Oír is mar sin

Page [unnumbered]

dòrduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chois.

14 Agus a núair thárla sé oruinn a Nalsos, ar na bhreith linn dúinn tanga∣mar go Mitiléne.

15 Agus ag seóladh dhúinn as sin, tan∣gamar lá ar na mhárach as comhair Chíós, agus an lá na dhiáigh tangamar a dtír a Sámos, agus dfanamar a Dtro∣gillium, agus tangamar lá ar na mhá∣rach go Milétum.

16 Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia. Oír do bhí deithfir air chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Nìarusalém fá chingcís.

17 Agus ag cur feasa úadha ò Mhi∣létum go Hephesus, do ghoir sé sinnsir na heagluisi.

18 Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé riu, Atá a fhios aguibhsi cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia,

19 Ag déunamh seìrbhísi don Tigh∣earna maille ré gach uile umhlachd in∣tinne, agus maille ré morán déur agus ca∣thaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niûdaigheadh:

20 Agus nár chongaimh mé ní ar bith go folaightheach dár fhoghuin, gan a fhoillsiughadh dhíbh, agus gan bhur dteagasg go puiblidhe, agus ó thigh go tigh.

21 Ag déunamh fíadhnuisi do na Iú∣duighibh agus do na Gréugachuibh, fá fhilleadh chum Dé, a naithrighe agus a gcreideamh ar Dtighearna Iòsa Críosd.

22 Agus féuch a nois, atáim ag dul go Hiarusalem, ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann:

23 Achd amháin go ndéunann an Spio∣rad náomh fiadhnuisi ann gach uile cha∣thruigh dhamb, ag rádh, Go bhfuilid geimhleacha agus míoshuáimhneas ag fui∣reach riom.

24 Achd ní bhfuil cás agam a néinní, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dtí dhíom mo thuras agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáir∣deachus, ré fíadhnuise dhéunamh do shoifgéul ghrás Dé.

25 Agus féuch a nois, atà a fhios agam nach bhfaicfidh éunduine aguibhsi, air ar shiobhail mé ag seanmóir rioghachda Dé, maghaidh ó so amach.

26 Ar a nadhbharsin cuirim a fhía∣dhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.

27 Oir níor sheachain mé gan comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.

28 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, & don tréud uile ar a ndearna an Spiorad náomh easbuig dhíbh, do bheathughadh eagluise Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin.

29 Oír atá a fhios so agamsa, tar éi misi imtheachd, go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coige•••••• an tréd.

30 Agus fós éireóchuid dáoine dhibh féin, noch laibheórus neithe faobha, ch•••• deisciobal do tharruing na ndjáigh.

31 Ar a nadhbharsin déunaidh faire, 〈◊〉〈◊〉 cuimhnighidh nár sguir misi ar feadh thri mbliadhan, ag teagusg gach áon dibh do ló agus doidhche maille ré déuru••••h

32 Agus a nois, a bhráithréacha, ••••∣rim sibh ar cumairce Dé agus bhriathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil suas, agus oighreachd do thabhuirt dibh a bhfochair na nuile náomh.

33 Níor shanntaigh mé airgead, ór, ná éudach dhuine ar bhith.

34 Is aithne dhíbhsi féin, gur ab í•••• na lámhasa do sh••••áthair dhamh gach 〈◊〉〈◊〉 dhá raibh na riáchdanus orum féin, 〈◊〉〈◊〉 ar a raibh am fhochair.

35 Do fhoíllsigh mé dhíbh ann 〈◊〉〈◊〉 huile neithibh, gur ab ag sáthrugha•••• mar so is cóir dháoibh cungnamh leis 〈◊〉〈◊〉 hanbhfannuibh, agus bríathra an Tigh∣earna Iòsa do chuimhniughadh, mar dubhairt sé; Is mó as beannaighe 〈◊〉〈◊〉 do thabhuirt, ná do ghlacadh.

36 Agus an tan a dubhait sé na b••••∣thraso, agá léigean féin ar a ghlúm•••••• do rinne ré urnaighe maille ríusan 〈◊〉〈◊〉

37 Ann sin do ghuileadar uile 〈◊〉〈◊〉 mór, agus ag luighe ar mhuinéul Ph•••• do phógadar é:

38 Ag deanamh tuirse go morn•••••• fán mbréithir a dubhairt sé; Nách bhf•••••• fidís a aghaidh ó sin súas: agus do chi∣dar leis gus an luing.

CAIB. XXI. Tairrghire Agabuis iom chuibhreach Phoil, 17 neach ar chuireadar lámh a Niárusalem.

AGus tárla ar ndealughadh ríusan dú•••••• gur sheòlumar romhuinn, agus tan∣gamar go díreach go Cóos, agus lá ar na mhárach go Rhódus, agus as fin go Patara.

2 Agus ar bhfagháil luinge dhúi•••• ann sin, do bhí ag tríall go Phenice, do chúamar innte, agus do sheólama romhainn.

3 Agus ar dteachd a radharc Chí∣pruis, agus ar na fhagbhail air ar lai•••• chlí dhúinn, do sheólamar go Síria, ag•••• tangamar as sin go Tírus: óir as a•••• sin bá mián leis an luing a lasd do chur amach.

4 Agus ar bhfagháil deisciobal ann s•••• dúinn, dfanamar seachdmhuin ann: & dubhradar ré Pól trés an Spioraid, ga dul súas go Hiarusalém.

5 Agus ar gcríochnughadh na la∣theadh sin, do thríallamar romhai••••; & tangadársan uile, agus a mnà, & a gclann inar gcuideachda as an gcathng amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.

Page [unnumbered]

6 Agus tar éis a chéile do phógadh dhâinn, do chúamar sa luing: & dfil∣leadarsan dá dtighthibh féin:

7 Agus ar gcríochnughadh ar loing∣séoreachda dhúinn, tangamar ó Thírus go Ptolemáis: agus ar mbeannughadh do na bráithribh dhúinn, dfanamar lá na bhfochair.

8 Agus lá ar na mhárach ar nimtheachd dinn, tangamar go Séasareá: agus ar dul á steach dhúinn go tigh Philib ••••••bhisgél (noch do bhí don mhóirshei∣fear) dfanamar aige.

9 Agus do bhádar ceathrar maigh∣dean dingheanuibh aigesion, noch do níodh fáidheadóireachd.

10 Agus ag fuireach dúinne morán do láethíbh, táinic sáidh áirighe ó thír ••••daighe dár bhainm Agabus:

11 Agus ar dteachd chugainne dhó, do ghlac sé crios Phóil, agus ag ceangal a ímha agus a chosa féin, a dubhairt sé; Mar so a deir an Spiorad náomh, is ar an gcorsa cheingéoluid na Júdaidhe an té lér leis an chrios so a Niarusalém, agus do bhéuruid síad a lámhaibh na cineadhach é.

12 Agus an tan do chúalamar na neithesi, dîarramar féin agus luchd na ••••ite sin air, gan dul súas go Hiaru∣salém.

13 Do fhreaguir Pól ann sin; Créd do bheir sibhsi ag gul, & ag briseadh mo chroidhesi? óir atáimsi ullamh, ní chum bbeith cuibhrighe amháin, achd mar an ccéudna chum báis dfulang a Niarusa∣lém, ar son anma an Tighearna Jósa.

14 Agus an tan nar ghabh sé comh∣airle, do sguireamar, ag rádh; Déantar toil an Tighearna.

15 Agus tar éis na láetheadhsa, ar beith ullamh dhúinn, do chúamar ••••as go Hiarusalém.

16 Agus tangadar cuid do na deiscio∣b••••ibh linn ó Shéasárea, agus tugadar eindeisciobal áirighe léo dhár bhainm ••••nason do rugadh a Cíprus, agá mbei∣•••••••• ar ósda.

17 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóinn, do ghabhadar na bráithre chuca sinn go lúathgháireach.

18 Agus lá ar na mhárach do chúaidh Pól maille rinne a steach mar a raibh ••••••mus, agus do chruinnigheadar na fnfr uile ann sin.

19 Agus ar mbeannughadh dhóibh do Phòl, dinnis sé a ndiáigh a chéile, créd do rinne Día tré na sheirbhís féin a measg na gcineadhach.

20 Agus ar na chlos so dhóibhsion ••••gadar glóir don Tighearna, agus a du∣••••radar ris; Do chí tusa a bhráthair ga mhéud míle do na Júdaidhibh thái∣••••c chum creidimh; agus atáid uile lán do ghrádh an reachda.

21 Agus do chúaladar ortsa, go dtea∣gasgann tú do gach uile Júduighe dá ••••••fuil a measg na gcineadhach Maóisi do thréigean, agus go nabuir tú nach cóir a mic do thimcheallghearradh, na siubhal do réir an ghnáthuighe.

22 Ar a nadhbharsin créd [dhéanfui∣ghear?] gan amharus as éigin don pho∣bal cruinniughadh a gceann a chéile: óir cluinfid siad go dtáinic tusa.

23 Ar a nadhbharsin déun an nísi a deirmídne riot: atáid ceathrar feár aguinne, air a bhfuil móid:

24 Beir íad so leachd, & glantar thú maille ríu, & caith léo ionnus go mbearr∣faidís a gcinn, & aithéonaidh gach uile dhuine nach bhfuil éifeachd ann ar cui∣readh ort, achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.

25 Achd a dtáobh ar chreid do na cineadhachuibh do sgríobhamairne, & dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní iodhbarthar díodhaluibh agus ò fhuil, & ó neithibh teachduighe, agus ó sdríopachas.

26 Ann sin rug Pòl na fir leis, agus ar na mhárach, ar na ghlanadh maille ríu do chuáidh sé don teampoll, ag foillsiu∣ghadh choimhlionta láetheadh an ghlan∣ta sin, nó go dtúgtháoi ofráil ar son gach áonduine aca.

27 Agus tar éis na seachd lá sin do choimhlíonadh achd beag, do churincadar na Iúdaighe ó Násia eisean ann sa team∣poll, agus do bhogadar an phobal uile, agus chuireadar lamha ann san.

28 Ag éighmhe, cobhair a Chlanna Is∣ráel: a sé so an fear theaguisgeas an gach uile áit a naghuidh an phobuil, & an reachda, & na háitesi: & tuilleadh eile fós tug sé Gréuguigh a steach don teampoll, & do shaluigh sé a naít náomhthasa.

29 (Oír do chunncadar Trophimus Ephesíanach na fhochuirsean sa chath∣raigh roimhe sin, noch do sháoileadar go dtug Pól chum a teampuill é.

30 Uime sin do bhuáidhreadh an cha∣thuir uile, agus do rith an pobal a gceann a chéile: & ar mbreith air Phól dóibh do thairngeadar amach as a team∣poll é: agus ar an mball do híadhadh na doirsi.

31 Agus an tan do bhreathnuigheadar a mharbhadh, táinic sgéula go hárdchaip∣tìn an bhanna, go raibh Iarusalém uile ar na buáidhreadh:

32 Agus ar an mball rug seisean saigh∣diúirighe & caiptínighe leis, & do rith sé chucasan. Agus an tan do chunncadarsan an tùachdarán & na saighdíuiri, do sgui∣readar do ghabháil ar Phól.

33 Ann sin ar ndrud ris do núachdarán, rug sé air, agus daithin sé a cheangal lé dhá shlabhradh: & dfíafruigh sé Cía hé, & créd do rinne sé.

34 Agus do éigh cuid mar so, agus cuid mar súd a measg an phobail: agus mar nár bhéidir leision deimhin fgéul dfagháil do bhrígh na buáidheartha,

Page [unnumbered]

daithin sé eisean do bhreith don chais∣léun.

35 Agus tárla ar dteachd do Phól chum a sdaighre, gur iomchradar na saighdíuirighe é air son foiréigin an phobail.

36 Oír do lean mórán don phobal é, ag éighmhe; Beir uainn é.

37 Agus an tráth do bhí Pól dá bhreith a steach don chaisléun, a du∣bhairt sé ris a núachdarán; An cead∣uigheach dhamh ní labhuirt riot? agus a dubhairt seision, An labhrann tú Gréigis?

38 An né nach tusa an Téigipteach do thóg ceannairrce mhór roimhe so, & do threóruigh ceithre mhile fear do luchd fionghòile Ieachd ar an bhfásach?

39 Agus a dubhairt Pól; Gan amharus as Iúdaighe misi, ó chathruigh ro oir∣dheirc Tharsus na Cilícia: & guidhim thusa, fulaing dhamh labhuirt ris an bpobal.

40 Agus an tan tug sé cead dó: ar seasamh do Phól ar a fdaighre, do sméid sé lé na láimh ar an bpobal, ag íarraidh éisdeachda: & ar ndéanamh cìunuis mhóir dhóibh, do labhuir sé sa teanguidh Eabhra ríu, ag rádh;

CAIB. XXII. Aithris ar thús beathaidh, 6 Filleadh, 14 urleisgeul, 25 & saóirse Phòil mar Ro∣mhanach.

ADháoine, a bhráithreacha, agus a aithre, éisdigh a nois rém sháoradhsa dháoibh.

2 (Agus an tan do chúaladar gur sa teanguidh eabhra do labhair sé ríu, as móide do rinneadar cíunus é. Agus a dubhairt seisean,)

3 As Iúdaighe misi gan amharus, ru∣gadh a Dtarfus na Cilícia, gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghama∣liel do hoileadh mé, agus do múineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mé, & do bhí mé ar lasadh go ghrádh Dé, amhail & atatháoisi uile a niu.

4 Agus do bhí mé ag gérleanmhuin na sligheadhso gus an mbás, ag ceangal fhear agus bhan, agus dá dtarraing chum priosúin.

5 Mar do ní uachdarán na sagurt fós fíadhnuisi dhamh, & na sinnsir uile, ó bhfuáir mé leitreacha mar an gcéudna chum na mbrathar ré dul go Damascus, ar chor go dtiubhruínn leam ceanguilte go Híarusalém an mhuinntir do bhí ann sin, dfagháil peannuide:

6 Agus tárla dhamh ar mo thuras, ar rochdain damh go gar do Dhamascus, timcheall mheadhóin láoi, gur dheallruigh solus mór ó neamh go hobann am thim∣cheall.

7 Agus do thuit mé ar talamh, agus do chúaluidh mé guth dá rádh rium; A Sháuil, a Sháuil, créd fá ngérleanann tú mé?

8 Agus do fhreaguir misi; Cia thú féin, a Thighearna? & a dubhairt seisean rium; As misi Jósa Nasardha ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.

9 Agus na dáoine do bhí am fhocha•••• do chunncadar an solas go deimhin, 〈◊〉〈◊〉 do ghabh eagla íad, gidheadh ní ch••••∣ladar guth an té do labhuir rium.

10 Agus a dubhairt mé, Créd do dhéuna mé, a Thighearna? & a dubhai•••• an Tighearna rium, Eirigh, & imthigh 〈◊〉〈◊〉 Damascus: & inneósdar dhuit ann 〈◊〉〈◊〉, gach uilé ní dár hórduigheadh dhuit 〈◊〉〈◊〉 dhéunamh.

11 Agus mar nach raibh amharc agus tré ghlóir na soillsi sin, do threó••••i gheadar mo luchd éintsligheadh ar lái•••• mè, nó go dtáinic mé go Damascus.

12 Agus táinic óglach áirighe [dar bhainm] Ananias chugam, duine dia•••••• do réir an dlighidh, air raibh teisd mhaith ag gach uile Júduighe dár áitigh ann s••••.

13 Agus ar seasamh dhó láimh ri••••, a dubhairt sé; A Sháuil a bhráthuir, ga•••• chugad do radharc. Agus ar a núa 〈◊〉〈◊〉 féin dféuch me airsion.

14 Agus a dubhairt sé, Do thogh Día ar naithreachne roimh lâimh th••••a, chum a thola féin daithniughadh, & a neach comhthrom ûd dfaicsin, & glór chluisden as a bhéul.

15 Oír bíaidh tú ad fhíadhnuisi aig•••• a láthuir na nuile dháoine, ar na nei∣thibh do chunnuirc agus do chúala 〈◊〉〈◊〉.

16 Agus a nois créd do bheir ag dé namh moille thû? éirigh, gabh baisdea•••• chugad, agus bí ar do ghlanadh ód phe•••• adhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighear••••

17 Agus tárla an tan do fhill 〈◊〉〈◊〉 go Híarusalém, agus do rinne 〈◊〉〈◊〉 urnaighe ann sa teampoll, go ndeachai•••• mé a néull,

18 Agus do chunnairc mé eisean dá rádh rium; Déuna deithbhir, agus i•••• thigh go tapuidh as Járusalém, óir 〈◊〉〈◊〉 ghéubhuid síad chuca thfîadhnuisi a thimcheallsa.

19 Agus a dubhairt misi; A thighearna, as aithne dhóibhsean go gcuirinnfi a bpriosún an lión do chreideadh ionnadfa, agus go ngabhainn orrtha ann gach uile shínagóg.

20 Agus a núair do dhóirteadh fuil do mhairtír Steaphán, do bhi misi a láth•••••••• agus dáontuigh mé chum a mharbhtha, agas do choimhéud mé éudaighe 〈◊〉〈◊〉 muinntire do mharbh é.

21 Agus a dubhairt seisean rium; I••••∣thigh romhad: óir cuirfidh misi a gc•••••• tú, chum na gcineadhach.

22 Agus deisdeadarsan ris gus an bhfo∣calsin: achd [ann sin] do thógbhadar a nguth os áird, ag rádh; Beir nái•••••• don talumh a leithéid so do dhuine, óir ní cóir a bheith na bheathuidh.

23 Agus an tan do éighmheadar, agus do theilgeadar a néuduighe dháobh, agus do theilgeadar Iuáithreadh sa na ér,

Page [unnumbered]

24 Do aithin an túachdarán eisean do bhreith don chaisléun, agus a dubhairt è fios sgéul do bhuáin lé sgíursaidhibh dhe: do chum go mbeith a fhios aige créd é an tadhbhar fár éighmheadar ••••ar fin na aghuidh.

25 Agus mar do cheangladar é lé ••••rdadhuibh, a dubhairt Pól ris an gcaip∣t•••• do sheas a láthair; An cóir dhâoibhsi ómhânach a sgíursadh, agus gan é ar na dhamnadh?

26 Agus ar na chlos so don chaiptín, do chuáidh sé a gceann a núachdarâin, agus dfóillsigh sé sin dó, ag rádh; Ta∣bhair dod aire créd atà tú dhéunamh: 〈◊〉〈◊〉 is Rómhànach an fearso.

27 Ann sin ar dteachd do núachda∣tán chuige, a dubhairt sé ris; Innis damhsa an Ròmhànach thú? & a dubh∣airt seisean, A seadh.

28 Agus do fhreaguir an túachda∣rn; As mór an tsuim ar a bhfuàir misi ••••••irsi na caithreach sin. Agus a du∣bhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.

29 Ar a nadhbharsin an luchd do bhí ar tí a sgíursaighe do imthigheadar úadh ar an mball: agus mar an gcéadna do ghabh eagla an túachdarán, ar bhfaghâil a sheasa gur Rómhànach é, agus go dtug sé fa deara a cheangal.

30 Agus ar na mhárach ar mbéith dhò fonnmhar air dheimhin sgéul dfa∣gháil, créd í an choir do chuirfidís na Jdaighe na aghuidhsion, do sgáoil sé é ó 〈◊〉〈◊〉 chuibhrighidh, & tug sé àithne dúachd∣••••àin na sagart agus dà gcomhairle uile teachd do làthuir, agus ar dtabhairt hòil amach, do chuir sé ann a bhfia∣dhnuisi é.

CAIB. XXIII. Jofa an tardshagart Pól do bhualadh. 11 ach tug Día meisneach, 14 & rinne iùl dó, ar bol as ò choimhchealg na Niùdiugheadh.

AGus ar ngérf héachuin do Phòl ar an gcomhairle, a dubhairt sé; A dhàoine [&] a bhráithreacha, do rinne misi sérbhís do Dhía an gach uile choin∣sias mhaith gus an là a niugh.

2 Achd do aithin Ananías an tàrdsha∣gart do na dáoinibh do sheas làimh ris, a bhúaladh ar a mbéul.

3 Ann sin a dubhairt Pól risean; Buáil∣dh Dia thusa, a bhalla fionnàolta: an ••••••dheann tú do dhéunamh breitheamh∣••••is orumsa do réir an dlighe, agus an ••••abhuir tú áithne mo bhúaladh a nagh∣idh an dlighe?

4 Achd a dubhradar an mhuintir do eas làimh ris; An bhfuil tú ag im∣eargadh àrdshaguirt Dé?

5 Agus a dubhairt Pòl; Ni raibh a shios agam, a bhràithreacha, gur bhé an ••••rdfhagart é: óir atà sgríobhtha, Ní abeóra tú olc ré úachdarán do hobuil.

6 Agus ar na thuigsin do Phól go ••••ibh cuid aca na Saducineachuibh, agus an chuid eile na Bhpairisineachuibh, do éigh sé a láthair na comhairle; A dhàoine [agus] a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mac Phairisínigh: fá shúil do bheith agam ré heiséirghe na marbh atàim dom éiliughadh.

7 Agus an tan a dubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na Phairisinigh agus na Saducínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.

8 Oír a deirid na Saduicínigh Nach bhfuil eiséirghe ann, na aingeal, nà spio∣rad: achd admhuighíd na Phairisinigh íad so uile.

9 Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór, agus ar néirghe do na Sgríobui∣dhibh do thàobh na Bhpairisineach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar; Ní fhaghmàoide olc ar bith sa nóglachfa: achd mà labhair spioraó, nó aingeal ris, na cathuigheamne a na∣ghaidh Dé.

10 Agus an tan do èirigh ceannairce mhór[eatarra,] deagla go dtairreóngaidís Pól as a chéile, daithin an túachdaràn do na saighdiùiribh dul síos, agus a fhúa∣dach as a làr, agus a bhreith don chaisléun.

11 Agus a noidhche na dhiàigh sin do sheas an Tighearna làimh ris, agus a dubhairt sé; Bíodh meisneach mhaith agad a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusa∣lém, as mar sin as éigean duit fíadh∣nuisi dhéunamh sa Róimh.

12 Agus ar néirghe don là, do chruin∣nigheadar dream áirighe do na Júdai∣ghibh a gceann a chéile, agus tugadar mionna, nàch iósadis, agus nach iobhaidís nó go marbhaidis Pól.

13 Agus do bhádar os cionn dà fhichead fear do rinne an gcoimhchean∣galso re chéile.

14 Agus ar ndul chum na nárd∣shagurt, agus na sinnsear dhóibh, a du∣bhradar; Tugamairne móid agus mionna nàch blaisfemis ní ar bith nó go mar∣bhamaois Pól.

15 Ar a nadhbharsin íarruidhsi ar a núachdaràn do thoil na comhairle a thabhairt dá bhur làthuir a màrach, mar do bhíadh sibh ar ti fios a ghniomhar∣thadh dfagháil ní as iomlàine: agus atà∣màoidne ullamh chum a mharbhtha ní as tàosga nà thiocfas sé chuguibhfi.

16 Achd an tan do chúaluidh mac deirbhsheathar Phóil na cealga so, thàinic sé agus do chúaidh sé a steach don chais∣léun, & dinnis sé so do Phól.

17 Ann sin ar ngairm àoin do na caiptínibh chuige do Phól, a dubhairt sé: Beir an tógánachfa leachd chum a núachdaràin: óir atá ní aige ré a innisin dó.

18 Agus rug an caiptín an tóganach leis chum a núachdaráin, agus a dubh∣airt sé; Do ghoir an príosúnach Pól

Page [unnumbered]

chuige mé, agus díarr sé orum, an tó∣gánach so, aga bhfuil ni do inneósadh sé dhuit, do thabhairt chugad.

19 Agus ar mbreith ar láimh a nó∣gánaigh don nûachdarán, rug sé leis a leathtáoibh é, & dfíafruigh sé dhe, Créud atá agad ré a innisin damhsa?

20 Agus a dubhairt an tógánach; Do rinneadar na Iúduighe do chomhairle a íarraidh ortfa, Pól do thabhuirt amach a márach chum an choimhthionóil, mar do bheidís ar tí a cheasdugha nìos géire.

21 Uime sin na tabhuirsi áonta dhóibh: Oir atá ós cionn dá fhichead fear dhíobh a luigheachán air, noch thug a mionna nach íosaidís agus nach ióbhaidis nó go marbhaídis é: & atáid síad ullamh a nois ag feitheamh réd ghealladhsa.

22 Agus do léig an túachdarán an tó∣gánach úadh, ar na àithne dhe gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith, gur fhóillsigh sé na neithesi dhó féin.

23 Agus do goir sé dhá chaiptín ai∣righe chuige, & a dubhairt sé: Ullmhui∣ghidh dhá chéd saighdiúir rachas go Séa∣sarea, & deichneabhar & trí fichid mar∣cach, & da chéud do luchd gáethe, ón trés úair do noidhche amach:

24 Agus mar an gcéudna ullmhuighidh eachruidh iomchórus Pól slán chum an árdúachdaráin Félix:

25 Agus do fgriobh sé litir an sa bhfoirmse.

26 Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lisias chum a nárdúachdaráin ro oir∣dheirc, Felix.

27 An tan do bhì an fearso tar éis a gabhála ag na Iúduighibh, agus íad ar tí a mharbhtha, tháinig misi orrtha le slúagh agus an tan fúair mé sgéula gur Rómhánach é, do bheanus diobh é.

28 Agus mar bhí a fhonn orum fios sgéul dfagháil créd é an tadhbhar far éiligheadar é, tug mé amach chum a gcomhairlesean é.

29 Do thuig mé gur fá cheasduibh a dtimcheall a ndlighidh féin do héiliu∣ghadh é, agus nách raibh coir bháis na bhraighdeanuis ar bith air.

30 Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Júduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa [é,] agus a dubhairt mé sós ré lachd a éilighthe gach adhbhar dá mbeith aca air, a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.

31 Uime sin do réir mar do háith∣nigheadh do na saighd úiribh, rugadar Pól leó ann sa noidhche go Hantipa∣tris.

32 Agus lá ar na mhárach do léigea∣dar don mharcshlúagh dul leisean, agus dfilleadar féin don chaisléun.

33 Agus a núair rangadr go Séasáréa, agus tugadar an litir do núachda∣rán, do chuireadar Pól na sheasamh na fhiadhnuisi.

34 Agus tar éis a léighthe do nuach∣darán, agus a fhiafruighe dhesean tír dhó, agus ar naithniughadh gur ó Chilícia é,

35 A dubhairt sé, Eisdfidh mé riot, tan thiócfuid luchd théilighthe mar gcéadna. Agus do áithin sé eisean 〈◊〉〈◊〉 choimhéud a gcúirt Joruáigh.

CAIB. XXIV. Fréagra Phôil do Thertullus a lathair F•••••••• 25 neach do chriothnuigh re na the••••••

AGus a gcionn chúig lá na dh•••••••• sin, tháinig Ananias an tárdsha•••••• a núas maille ris na sinnsearuibh, a•••• ré Tertullus fear deagh labhartha áirig•••• noch do fhoillsigh íad féin a bh•••••••• nuisi a núachdaráin a naghuidh Phóil.

2 Agus a núair do goireadh amach do thionnsguin Tertullus a éiliugha ag rádh;

3 A Fhélix ro oirdheirc, admham•••••• go follus agus an gach áonáit, maille 〈◊〉〈◊〉 gach uile bhuidheachus, go bhfuilmid 〈◊〉〈◊〉 fagháil iomud siódhchána thríodsa, a•••••• go bhfuilid mórán do neithibh tré 〈◊〉〈◊〉 ghliocasa ar na gceartughadh a me•••• an chinidhsi.

4 Achd deagla go dtuirseóchuinn th ní sa mhó, guidhim thú dod mhóirche•••• féin eisdeachd linn go haithghearr.

5 Oír do fuaramar an fearsa 〈◊〉〈◊〉 phláigh & ag cur cheannairc eidir 〈◊〉〈◊〉 Júduighibh uile ar feadh an domhuin, a•••••• na cheannfeadhna dórd na Nasaréuna••••

6 Agus mar an gcéudna do thogai 〈◊〉〈◊〉 an teampall do shalchadh: & do ch reamairne lámh ann, agus do sh•••••• tuigheamar breitheamhnus do thabh•••••• air do réir ar ndlighe féin.

7 Achd táinic an túachdarán Li•••••• orainn, agus rug sé lé hainneart 〈◊〉〈◊〉 as ar lámhuibh é:

8 Agus do áithin sé da luchd êilighth teachd chugadsa: ó na bhféudfa 〈◊〉〈◊〉 gach éun sgéula dfagháil fá na ne••••••¦ibhse chuirmidne na leith, dá leana 〈◊〉〈◊〉 ar a níarruidh.

9 Agus do áontuigheadar na Iúdaigh mar an gcéudna leis, dá rádh, G•••••• mar sin do bhádar na neithe sin.

10 Achd ar sméideadh do nuachdar•••• air Phól chum labhartha, do fhreagu•••• 〈◊〉〈◊〉 As romhóide mfonn fá fhreagra ar 〈◊〉〈◊〉 shon féin, go bhfuil a fhios agum th•••••• bheith ré môrán do bhliadhmlibh 〈◊〉〈◊〉 bhreitheamh ar an gcineadhso.

11 Oír féuduigh tú a fhios dfagh••••l, nach mó ná dhá lá dhéug, ó chuaid misi súas go Hiarusalém do dhéun•••••••• eadarghuidhe:

12 Agus nách bhfúaradar ag dioi bóireachd ré duine ar bith sa tea••••∣pall mé, ná ag gluasachd an phoba•••• ná ann sna sinagóguibh, na fòs sa c•••••• thraigh:

13 Agus ní héidir leó na neith•••• atâid síad déilughadh oram a nois, chruthughadh.

14 Achd admhuim so dhuitsi, go nd

Page [unnumbered]

nim seirbhís do Dhía ar naithreach do 〈◊〉〈◊〉 na sligheadh úd dá ngoiridsean Eiri∣ceachd: ag creideamh dá gach uile ní há bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh, gus ann sna faidhibh.

15 Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtioc∣fa éiséirghe na marbh, eidir firéun, agus neimhfhíréun.

16 Is ar a shon so sháothruighim coin∣ss glan do bheith agam, gach uile ••••ir, a dtáobh Dé agus dáoine.

17 Agus táinic mé a nois, tar éis mhó∣••••••in blíadhan, a measg mo chinidh féin, c••••m déirce agus ofrála dhéunamh.

18 Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe 〈◊〉〈◊〉 Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, 〈◊〉〈◊〉 chongháir, gan bhuáidhreadh,

19 Noch dar chóir seasamh ann so d fhiadhnuisisi [maille riumsa,] agus éiliughadh, dha mbeith ní ar bith aca ré a chur am aghaidh.

20 Nó abruid an mhuintìrse féin, ma fúáradar éugcóir ar bith ionnam, an tan do sheas mé a bhfíadhnuisi na comhairle.

21 Achd amháin ar son a néanghotha o do éimh mé, an tráth do sheas me na lár, Gurab fa eiseirghe na marbh atáim om éiliughadh aguibhsi a niugh.

22 Agus mar do chúaluidh Félix na eithefi, dó chuir sé ar athlá íad, ag rádh, A núair do ghéubha mé fios na neitheadh bheanus ris a tslighese ní as fearr, an tan thiocfas Lísias an tuachdarán a núas, ••••irfidh mé bhur gcúis a gcrích.

23 Agus do aithin sé don chaiptín Pól do chumhdach, agus socamhal do ••••abhairt dó, agus gan a bhacadh ••••••nduíne dá cháirdibh a fhriothólamh, 〈◊〉〈◊〉 dhúl dá ionnsuighidh.

24 Agus a gcionn laetheadh áirighe 〈◊〉〈◊〉 mbeith do Fhêlix maille ré na mhnáoi ••••••silla, noch do bhí na Iúdaighe, a la∣••••••ir do chuir sé fios ar Phól, agus do ••••••d sé ris a dtimcheall an chreidimh a críosd.

25 Agus an tan dó labhair sé riu, a timcheall na firéantachda, & na measar∣hachda, & an bhreitheamhnuis atá ag eachd, ar gcriothnughadh Dfélix, a du∣hairt sé; Imthigh romhad a nois: & a ••••airt bhías úain agamsa air, cuirfidh é fios ort.

26 Agus do bhí súil aige fós go dtiubh∣••••dh Pól airgead dó do chionn a sgâoilte: 〈◊〉〈◊〉 a nadhbharsin ag cur feasa air go 〈◊〉〈◊〉, do labhradh sé é ris.

27 Agus ar gcoimhliónadh dhá bhlía∣••••••n, táinic Porcius Festus a náit Fhé∣••••••: águs ar mbeith fonnmhar Dfelix 〈◊〉〈◊〉 bhuidheachas na Niúdaigheadh do ••••••illeamhuin, dfag sé Pól ceanguilte.

CAIB. XXV. 〈◊〉〈◊〉 ag seasmhadh na fîrinne go crodha, curata, a bhfaghnais Fhestuis.

AGus an tan tháinic Festus don phro∣bhinnsi, do chúaidh sé a gcionn thrí lá na dhíaigh sin ó Shéasáreá súas go Harusalém.

2 Agus do chûaidh an tárdshagurt, agus maithe na Niûdaigheadh dhá lá∣thair a naghuidh Phóil, agus do chuirea∣dar impidhe air,

3 Ag íarruidh foghuir a naghuidh Phóil, as go gcuirfeadh sé fios air go Híarusalém: ag gcur luigheacháin ar a tslighe fá chomhair a mharbhtha.

4 Achd do fhreaguir Festus go raibh Pól air cumhdach a Séafáreá, agus go rachadh sé féin go háithghearr [ann sin.]

5 Uime sin, ar seisean, gidh bé ag∣uibhsi fhéudfus é, teaghuid siad a náoin∣fheachd rinne sios, agus má tá olc ar bith ann sa bhfearso, éilighid siad é.

6 Agus ar nfanmhuin dó na measg tuáirim dheich lá, do chuáidh sé síos go Séfáreá: agus lá ar na mhárach do shuidh sé ann sa chathaoir bhreitheamhnuis, agus do áithin sé Pól do thabhuirt a láthuir.

7 Agus an tan tháinic sé, do sheasadar na Iúdaighe tháinic a núas ó Iarusalém na thimcheall, agus tugadar mórán déi∣lighthibh tróma, nár fhéadadar a chru∣thughadh, a naghaidh Phóil:

8 Ar bhfreagra Do Phól dá ghlanadh féin, Nách dearna sé ní ar bith a nagh∣aidh dlighe na Niúdaigheadh, ná an teampuill, na Shéasair.

9 Gidheadh air mbeith fonnmhar air fhoghar do dhéanamh do na Iûdadhuibh do fhreaguir Festus do Phól, [agus] a dubhairt sé: A náill leachd dul súas go Hiarusalém, agus breitheamhnus dfulang ann sin a dtimcheall na neitheadhso am fhíadhnuisisi?

10 Achd a dubhairt Pól, Atáim am sheasamh ag catháoir bhreitheamhnuis Shéasair, ann ar cóir breath do bhreith orum. Ní dhearna mé eugcóir ar bith ar na Iûdaìdhibh, mar as maith atá a fhíos agadsa féin.

11 Oír má rinne mé éugcóir ar bith ná éainní do thuill bás, ní bhfuilim ag díultadh bás dfagháil: gidheadh muna dhearna mé àoinní do na neithibhsi éi∣lighid síad oram, ní fhéudann áonduine mo thíodhlacadh dhóibh: tíaghuim ar chomairce Shéasair.

12 Ann sin do labhuir Festus ris an gcomhairle, agus do fhreaguirsé; A nde∣chaidh tû ar chomairce Shéasair? is dionnsuighe Shéasair rachus tû.

13 Agus ar gcaitheamh laéthe áirighe táinic an Rí Agrippa & Bernice go Séa∣sáreá, do chur failte roimhe Fhestus.

14 Agus ar nfanmhuin dóibh ann sin mórán do laethibh, do fhoillsigh Festus cûis Phóil don Rí, ag rádh; Dfág Felix duine áirighe na phríosunach:

15 [Agus] an tan do bhí misi a Níaru∣salém, tangadar ûachdaráin na sagart & sinnsir na Niúdaigheadh chugam na thimcheall, agus do íarradar breith dha∣manta na aghuidh;

Page [unnumbered]

16 Ar a dtugasa an fhreagra so, Nár bhéus do na Romhánchuibh duine ar bith do thabhairt dá mhilleadh, nó go dtigdís an luchd éilighthe a láthuir an tí éilighthear, agus go bhfaghadh sé ionad air è féin do ghlanadh ón gcoir do chuir∣fidh air.

17 Ar a nadhbharsin ar dteachd ann so dhôibh a gceann a chéile, ar na mhá∣rach gan cháirde ar bith, do shuidh mé ann sa chathâoir bhreitheamhnuis, agus do aithin mé an fearsin do thabhuirt dom láthuir.

18 Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar coir ar bith air do na neithibh do sháoil misi.

19 Achd do bhádar ceasda áírighe a dtimcheall a ngeasrogadh féin aca na aghuidh, & a dtimcheall Jósa éigin fùáir bás, noch a dubhairt Pól bheith béo.

20 Agus do bhrígh go raibh misi amharusach a leithid sin do cheisd, dubh∣airt mé, Nar bháill leis dul go Hiárusalém agus breitheamhnus thabhairt air ann, fá na neithibhsi.

21 Agus an tan díarr Pól é féin do choimhéud nó go bhfuigheadh Augustus fios air, do aithin misi a chumhdach nó go gcuirfinn chum Séasair é.

22 Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Bá mían riumsa fós mé féin éisdeachd ris an bhfear sin. Agus a dubhairt sei∣sean, Cluinfidh tú a márach é.

23 Uime sin ar na mhárach táinic Agrippa, agus Bernice ré poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille ris na huachdaránuibh agus ré maithibh na caithreacha go teagh na cúirte, agus ar na àithne Dfestus, tugadh Pól a láthuir.

24 Ann sin a dubhairt Festus: A Rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Níudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, & ann so, chu∣gamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chòir a bheith beó nì as faide.

25 Achd a núair do thuig misi nách dearna sé ní ar bith do thuill bás, & go ndeachuidh sé féin a ncomairce Augustus, do chuir mé romham a chur chuige.

26 [Agus] ní feas damh éainní áirighe do sgriobhthuinn chum mo Thighearna na thímcheall: ar a nadhbharsin tug mé bhur láthuirsi é, agus go mórmhór dod láthuirsi a Rí Agrippa, ionnus ar na cheasdughadh go mbeith agam nì do sgríobhthuinn.

27 Oír do chithear dhamhsa gur neimhréasúnta prìosúnach do chur uáim, & gan na cúiseanna atá na aghaidh dfoillsiughadh.

CAIB. XXVI. Pol ag labhairt a ttimcheall Chrîosd go neart∣mhar a nèisdeacht Agrippá, 30 do mhea∣sadar an eireachd neimhchiontach é.

AGus a dubhairt Agrippa ré Pól, As ceadaigheach dhuit labhairt ar do shon féin. Ann sin ar síneadh a láin•••••• amach do Phól, do fhreagair sé dá sháo∣radh féin:

2 Measuin ur sona mé, a Rí Agripp ó bheith a niugh chum labhartha ar 〈◊〉〈◊〉 shon féin ad shíadhnuisise, sna huile 〈◊〉〈◊〉 thibh ann a néilighid na Júdaighe mé:

3 Go mórmhór do bhrígh gur feafach dhamb, thusa do bheith eólghach a nuile ghnáthaighibh, agus cheasduibh 〈◊〉〈◊〉 Niúdaigheadh. Ar a nadhbharsin guidh•••• thú fá éisdeachd rium go foighideach.

4 Is aithne do na Júdaighibh uile 〈◊〉〈◊〉 bheathasa ó móige, agus cionnus do 〈◊〉〈◊〉 sí a measg mó chinidh féin a Niá••••sa∣lém ó thosach.

5 Noch do aithin mé roimhe so, (dá madh áil ríu fíadhnuise do dhéunamh) ar mbeith dhamh am Fhpairisíneach mo shinnsearaibh, do réir ríaghla a núird ro dhírighse aguinne.

6 Agus a nois seasuim ar mbe•••••• dhamh dom éiliughadh, tré dhóchus 〈◊〉〈◊〉 geallamhna do rinne Día dár naithribh:

7 Ré a bhfuil súil ag ar ndá threibh dhéugne ag déanamh seirbhíse do Dh•••• do ló agus doidhche go gnâthach. Is do tháoibh an dóchais sin, a Rí Agrippa, éilighid na Júdaighe misi.

8 Créd fá a measdar ribhse mar 〈◊〉〈◊〉 díchreidmheach, go ndúisigheann Día na mairbh?

9 Go deimhin do mheas misi ion•••••• féin, gur chóir dhamh móran do ei∣thibh contrarrdha do dhéanamh, a nagh∣aidh anma Jósa Nasárrdha:

10 Noch do rinne mé mar an gcéud•••• a Níarusalém: óir do chuir mé io•••••• do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil chumhachd dhamh ó úachda∣ránaibh na sagurt: agus an tan do bá••••••∣gheadh íad, tug misi máonta.

11 Agus ag tabhairt pionnúis dóibh 〈◊〉〈◊〉 minic trés na huile shinagogaibh, do ch∣mhéignigh mé íad, chum blasphéime la∣bhairt; & ar ndul damh tar mhodh buile na naghaidh, do rinne mé gérlea•••• mhuin orrtha a gcaithreachaibh co••••∣críche.

12 Fá a namsin ar mbeith dhamh 〈◊〉〈◊〉 ag dul go Damáscus lé cumhachdaibh & lé barántus na nárdshagurt,

13 Do chunairc mé, a Rí, a meadh•••• láoi sa tslighe, solus ó neamh bá mó ná so illse na gréine, noch do deall•••••••••• um thimcheallsa, & a dtimcheall na druinge do bhí uim fhochair sa tsligh.

14 Agus ar dtuitim dhúinn uile ar 〈◊〉〈◊〉 lamh, do chualaidh mé guth ag labha•••••• riom, agus ag ràdh sa dteangaidh Eabh•••• A Sháuil, a Sháuil, créd fá bhfuil t 〈◊〉〈◊〉 gérleanmhuin orum? is cruáidh dh•••• beith ag gabháil dod shálaibh a nagha•••••• dhealg.

15 Agus a dubhairt misi, Cía thú fé•••• a Thighearna? & a dubhairt seision; 〈◊〉〈◊〉 misi Jósa ar a bhfuil tufa ag gérleanm••••••••

16 Achd éiridh súas, agus feas ar 〈◊〉〈◊〉

Page [unnumbered]

chosabh: óir is chuige so do fhoillsigh mé mé féin duit, do chum go nòirdeó∣chainn thú ad óglach 〈◊〉〈◊〉 ad fhiadh∣••••ise, ní né amháin ar na neithibh do chnnairc tú, achd mar an gcéudna ar na neithibh ann a bhfoillseóchar dhuit mé.

17 Dod sháoradh ón bpobal, agus ó na cineadhachaibh, chum a bhfuilim anois dod chur,

18 Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais agus ó chumhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg a muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.

19 Uime sin a Rí Agrippa, ní raibh mé éasumhal don táibhse neamhdha:

20 Achd do fhógair mé do luchd Dha∣mascus ar tús, agus a Niarusalém, & ar feadh région thíre Júdaighe go ••••ilidhe, agus do na cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh, agus filleadh chum Dé, ag dénnamh oibreacha iom∣chubhaidh don aithrighe.

21 Ar son na nadhbharsa do rugadar ná Judaighe sa teampall oram, agus do chuireadar rompa mo mharbhadh.

22 Gidheadh tug Día cobhair dhamh, & do sheas mé gus a niu, ag déunamh fiadhnuise don mbeag agus don mor, gan éainní a rádh dhamh, achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóifi do bheith chum teachda:

23 Go bhfuiléongadh Críosd an pháis, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa agus do na cineadhachaibh.

24 Agus ar mbeith dhó ag rádh na eitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghuth mhór; Atá tú ar ••••ile a Phóil, cuiridh iomad foghlo∣atha ré cuthach thú.

25 A dubhairt Pól an tan sin; A fhéstuis ro oirdheirc, ní bhfuilimse ar ••••ile, achd labhruim bríathra na firinne 〈◊〉〈◊〉 céillighe:

26 Oír atá fios na neitheannsa ag 〈◊〉〈◊〉 Rí, agá labhraimse go dána na lá∣hair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbh∣fos éainneithe dhíobh so air: Oír ní a gclúid do rinneadh so.

27 An gcreideann tú, a Rí Agrip∣pa, na fáidhe? atà a fhios agam go gcreidir.

28 A dubhairt Agrippa an tan sin é Pól, I beag nách ttairrngeann tú mé ••••••m bheith am Chríosduighe.

29 Agus a dubhairt Pól, Do bfearr eam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhia, ní hé amhàin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomián cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.

30 Agus ar na rádh so dhó, do ••••ridh an Rí súas, agus an túachdarán, ••••us Bernice, agus an dream do shuidh 〈◊〉〈◊〉 bhfochair.

31 Agus ar ndul do leathtaóibh dhòibh, do labhradar ría a chéile, ag rádh; Ní dhéunann an fearso éin ni thuilleas bás na cuibhrighthe.

32 Agus a dubhairt Agrippa ré Fe∣stus, Do béidir an fearso do léigean fá réir, muna bheith go ndeachaidh sé ar chomairce Shéasair.

CAIB. XXVII. Luingsèorachd Phôil, 41 & an luing-bhriste, 44 achd tàrrfuid na daòine fa thír slàn.

AGus ar ttabhairt breatha dhóibh go séolfamaóis do Neadáill, tuga∣dar Pól agus bráighde áirighe eile, do chaiptin bhanna Augustus, dár bhainm Július.

2 Agus ar ndul dúinn a luing [do longhaibh] Adramitium, do chuireamur romhuinn séoladh ré táobh chósdadh na Háisia, [agus] do thógbhamar ar séolta, agus do bhí Aristarcus Macedónach ó Thessalonica ann ar gcuideachda.

3 Agus an lá na dhiáigh sin tangamar go Sídon: agus ar mbeith go muinn∣tearrdha ré Pól do Július, dfulaing sê dhó dhul dfios a charad, chum comhfurt∣achda dfaghail úathadh.

4 Agus ar nimtheachd dhúinn as sin, do sholamar ré taóibh Chipruis, do bhrigh go raibh an ghàoth contrarrdha dhúinn.

5 Agus ar séoladh dhúinn trés an bhfairge láimh ré Cilícia agus ré Pam∣phìlia, tangamar go Míra [cathair a] Lícia.

6 Agus ar bhfagháil luinge don chaip∣tín ó Alexandria ann sin, do bhí ag tríall do Neadáill, do chuir sé sinne innte.

7 Agus ar mbeith dhúinn morán do laethibh ag séoladh go mall, agus ar dteachd dúinn ar éigin as comhair Chniduis, do bhrigh nar leig an ghàoth dhúinn, do shéolamar a ngar do Chréta, làimh ré Salmóne.

8 Agus ar séoladh thairis dúinn ar éigin, tangamar go hionadh áirighe, dà ngoirthear, Na cúanta bréagha, dár bhfogus cathair Laséa.

9 Agus ar gcaitheamh mhórain aim∣sire dhúinn, agus ar mbeith dhár luing∣séorachd cheana gúasachdach, do bhrígh an troisgidh do dhul cheana thorainn, do bhí Pól dhá ccomairliughadh,

10 Ag rádh ríu; A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dochar & ré dul amugha mór, ní hé amháin na ladála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.

11 Gidheadh is mó do chreid an caip∣tin, an túachdarán & maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.

12 Agus ar mbéíth don chùan neamh∣gharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnid a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidís air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann: cúan [do chúan∣tuibh] Chrétá, atá ar na shuidhiughadh

Page [unnumbered]

a níarndeas agus a níardtuáidh.

13 Agus ar séideadh go cíuin don gháoith a ndeas ar na sháoilsin dóibhsean go néi∣réochadh a dturas ríu, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar ní sa ghoire do Chréta.

14 Achd go haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail do bhí na gáoith a noirdtuáidh ar a noiléun.

15 Agus ar mbeith don luing dhá fúa∣dach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith dhùinn, do séoladh fan bhfairge sinn.

16 Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn sá oiléun beag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbàd.

17 Noch do thógbhadar súas, [agus] do fhéuchadar gach uile ghléus cabhar∣tha, ag creasughadh na luinge fáoithe: deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo: agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.

18 Agus ar mbeith dhúinn an lá na dhiáigh sin, dár dteilgean ó thoinn go toinn ré sdóirm ro mhóir, do theilgea∣dar [a nearruidhe] amach:

19 Agus an treas lá do theilgeamar amach lé ar lámhuibh oirnéis na luinge féin.

20 Agus ar mbeith don ghréin, agus do na réultaibh gan tsoillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag, orainn, rugadh uainn gach uile dhóchas cabhartha dá raibh aguinn ó shin amach.

21 Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bhíadh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé; A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, & gan sgáoileadh ó Chrétá: ionnus go seach∣ónadh sibh an docharsa agus an diogh∣bháil.

22 Agus a nois guidhim sibh fá mheis∣nigh mhaith do bheith agaibh, óir ní chaillfidh éunduine a anum, achd an lúng amháin.

23 Oir do sheas aingeal Dé lér ab ris misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidh∣che a nochd láimh rium.

24 Ag rádh; Na biodh eagla ort, a Phóil, is êigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus féuch, do thiodhlaic Día dhuit, an mhéid shéolus maille riot.

25 Uime sin, a fheara, bíodh meis∣neach mhaith agaibh: óir creidimse Día, gurab amhluidh bhías sé mur a dubhradh leam.

26 Thairis sin, is éigean dúinn búaladh fá oiléun áirighe.

27 Agus ar dteachd don cheathramhadh oidhche déug, ar mbeith dhùinn dar dteilgean ó thoinn go toinn ag Adria a dtimcheall mheadhóin oidhche, do sháoi∣leadar na mairnéulaidh go rabhadar a bhfogus do thír éigin.

28 Agus ar léigean an luáidhe síos dóibh, do theasdughadh an ghrinneill, fúaradar é na fhichid feadh [ar dhoimh∣ne:] agus ar ndul as sin bheagán dó•••••• ar léigean an luáidhe síos arís dó•••••• fùaradar é na chúig fheadhaibh déug.

29 Agus ar mbeith dhóibh eaglach 〈◊〉〈◊〉 bhúaladh fá ionadaibh garbha, ar d••••••∣gean ceithre nancaireadh ó dheiread na luinge dhóibh, do bfearr léo go mbìadh an lá ann.

30 Agus ar mbeith do na mairné••••a∣chaibh ar tí teitheamh as an luing, ag•••• ar léigén an mbáid síos dóibh sa bhfar∣ge, mar do bhedis ar tí ancaireadh do shíneadh amach ó thosach na luinge,

31 A dubhairt Pòl ris an gcaipt••••, agus ris na saighdiúiribh; Muna bhfa∣naid so sa luing, ni héidir sibhse shí∣bháil.

32 Do ghearradar na saighdiúiri a sin téuda an bháid, agus do léigeadar dhó tuitim amach.

33 Agus an feadh do bhí an lá ag éirghe, tug Pól do chomhairle dhôbh uile bíadh chaitheamh, ag rádh; A sé so an ceathramhadh lá déug dhibh ag f••••∣reach bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bith do chaitheamh.

34 Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh, ôir is ní bheanus ré bhr sláinte é: Oír ní rachaidh ruáinne ci•••••• éunduine aguibh a mugha.

35 Agus ar rádh na neitheadh so dhô; agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh (a naráin] dô, do thionnsgain sé a ithe.

36 Ann sin ar ngabháil meisnighe chuca do chách uile, do chaitheadar bíadh mar an gcéudna.

37 Agus a sé uibhir dháoine do bhá∣mar sa luing, dha chéd sé fir dhég agus trí fichid.

38 Agus tar éis a saith bídh do chai∣theamh dhóibh, do éudromuigheadar an lung, ar dteilgean na croithneachda a∣mach fán bhfairge.

39 Agus ar néirghe don ló, ní raibh fios na tíre sin aca: achd tugadar ca∣ladh áirighe dha naire ann a raibh tráigh, ann ar àontuigheadar an lung do shathadh, dá madh éidir ríu.

40 Agus ar dtógbháil na nancaireadh dhôibh, do léigeadar [an lung] fán bhfair∣ge, agus ar sgáoileadh cheangluightheadh na sdiúire dhôibh mar an gcéudna, do thôgbhadar an príomhséol ris an ngáoith, agus do thrìalladar chum na trágha.

41 Agus ar dteagmháil a nionadh dhôibh ionar bhuáil da fháirge fá chéile, do bhuáileadar an lung sa thalamh: agus ar ndaingniughadh do thosach na luinge dfan sí gan chorrughadh, agus do sgaoileadh a deireadh ô chéile ré haimhneart na dtonn.

42 An sin do rinneadar na faigh∣diúiri do chomhairle na braighde do mharbhadh, deagla go mbéuradh a shnámh éunduine aca as:

43 Achd ar mbeith don chaiptín fonn∣mhar

Page [unnumbered]

ar Phól do shabháil, do thoirmisg se iad ón gcomhairlesi: agus do aithin sé don luchd do fhéud snámh, íad féin do théilgean amach ar tûs, agus dul a dtír:

44 Agus do chách eile, cuid díobh aìr chláraibh, agus cuid eile ar chotannaibh [brisde] âirighe don luing: agus tárrla mar sin go ndeachadar uile slán fá thír.

CAIB. XXVIII. Pòl ag slánughadh na neaslán ar a tslighe, 14 rainic an Roimh, 30 & theagaisc ann sin dá bhliadhan.

AGus ar dteachd dóibh slân, dó aith∣neadar ann sin gur Melita do bainm don oilén.

2 Agus níor bheag an dáonnachd do rinneadar na dáoine Barbartha o∣ruinn. Oír ar bhfadógh teineadh dhóibh do ghabhadar sinn uile chuca, ar son an cheatha do bhi ag teachd, agus air son an fhùachda.

3 Agus ar gcruinniughadh mhoráin spriosan do Phól, agus ar na gcur dhó ar an dteine, táinic aithir nimhe amach as an teas, agus do leím sé ar a láimh.

4 Agus ar bhfaicsin na péisde croich∣de as a láimh do na dáoinibh bar∣bartha, a dubhradar r•••• ••••••••le; Go dei∣mhin is fear dúnmharbhtha é, dá nach bhfuilgeann dioghaltus [Dé] a bheith beó, giodh tháinic sé slán ón bhfairge.

5 Achd ar gcrothadh na péisde dhó∣san fa teini, níor airidh sé dochar ar bith.

6 Gidheadh do bhí súil acasan ré hat dó, nó ré na thuitim síos marbh go ho∣bann; achd ar mbeith dhóibh a bhfad ag fuireach, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar, Gur Dhía é.

7 Agus a dtimhcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noiléin, dár bhainm Publius, noch do ghabh finne chuige, & tug áoidheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail.

8 Agus tárlá go raibh athair Phuib∣liuis na luighe ré fíabhrus agus ré fluxa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, & ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuigh sé é.

9 Agus ar na dhéunamh so, tangadar an mhéid do bhí easlán sa noiléun chuige, & do shlánaigheadh íad:

10 Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór, agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus [orainn.]

11 Agus a gcionn thrí míos na dhiá∣igh sin, do sheólamar a luing [do lon∣gaibh] Alexándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, & a sé fâ comhartha dhi Castor agus Pollux.

12 Agus ar dteachd dúinn go Sira∣cúsa dfanamar ann trí lâ.

13 Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn láe na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:

14 Mar a bhfúaramar dearbhraith∣reacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus mar sin do thríalla∣mar romhuinn don Róimh.

15 Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na tri táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.

16 Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghi∣nerál na slógh? achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaigh∣diúir do choimhéudfadh é.

17 Agus tárla a gcionn thrí lá na dhiá∣igh sin, gur ghoir Pòl uaisle na Niù∣daigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu, A fheara [agus] a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Je∣rusalém a lámhaibh na Rómhanach.

18 Noch lér mhían tar éis mo theas∣daighe mo léigean fá sgáoil, do bhrigh nach raibh coir ar bith bháis orum.

19 Achd ar labhairt go contrárdha do na Iúdaighibh, do béigean damh dul fâ chomairce Shéasair, ní hé go bhfuil adhbhar ar bith agam sá a nei∣leóchainn mo chineadh.

20 Uime sin is sá a nadhbharsa do chuir mé fios oraibhse, chum bhar bhfaic∣siona, & labhartha ribh: Oír is ar son mhuiníghine Israél atáim ceangailte sa slabhradhsa.

21 Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fiu na leitre ó thír Jú∣daighe ad thimcheall: agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uilc ar bith ort.

22 Achd budh mían rinn a chlos uáit na neithe bhreathnuigheas tú: Oír do tháobh a nuirdse, is aithnigh dhúinn go dticthear na aghaidh sa nuile áit.

23 Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín, noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé mail∣le ré fíadhnuise do dhéunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na nei∣theadh do bhean ré Hiosa, a reachd Mháoisi agus ann sna fáidhibh, ó mhai∣din go hoidhche.

24 Agus do aontuigheadar cuid díobh do na neíthibh a dubhairt sé, agus cuid eile nar áontaigh.

25 Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chèile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól; Is

Page [unnumbered]

maith do labhair an Spiorad náomh tré san bhfáidh Esaías ré ar naithreachaibh∣ne,

26 Ag rádh; Imthigh romhad chum an phobailse, agus abair, Cluinfidh sibh ré bhur gclúasaibh, & ni thuigfidhe: agus do chifidh ré bhur súilibh, agus ní budh leir dháoibh.

27 Oír atá croidhe an phobailse ar na ramhrughadh, agus do bhádar a gcluasa bobhar chum éisdeachda, & do cháo∣chadar a súile; deagla go bhfaicfedís ré na súilibh, agus go gcluinfedís ré na gclúasaibh, agus go dtuigfedis ré na gcroidhthibh, agus go bhfillfedís, agus go slaineochainnse íad.

28 Uime sin bíodh a fhios agaibhse, go bhfuil an slánughadhsa Dé ar na ch•••• chum na gcineadhach, agus go gc••••in∣fid síadsan [é.]

29 Agus ar rádh na neitheannsa dhó, do imthigheadar na Júdaighe amach, agus do bhí iomad diosbóireachda aca eatorra féin.

30 Agus do chomhnuigh Pól dhá bhlía∣dhain go hiomlán a dtigh do réidhigh sé dhó féin: agus do ghabhadh ris na huile dháoine do thigeadh a steach chuige:

31 Ag seanmórughadh rioghachda Dé, agus ag teagusg na neitheann bhea∣nus ris an Dtighearna Jósa Críosd, maille ré gach uile chumus labhartha, gan toirmeasg.

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA ROMHANACH.

CAIB. I. Ag admhail a Absdoldacht, 21 dearbha Pôl gur ab peactha graineambla is ba∣cadh ar an Fhirinne.

POL searbhfhoghantuighe Iósa Críosd, do goireadh [chum bheith] na absdal, do toghadh chum soisgéil Dé.

2 [Noch do réimhgheall sé tré ná fháidhibh sna sgriobtúraibh náomhtha,]

3 A dtimcheall a mhic Jósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dáibhi do réir na féola:

4 Do foillsigheadh na mhac Dé a gcumhachdaibh, do réir Spioraid na náomhthachda, tré eiscirghe ó mhar∣bhaibh.)

5 Tré a bhfúaramairne grása & absdal∣tachd, chum umhlachda an chreidimh, a measg na nuile chineadhach ar son an∣masan:

6 (Eidir a bhfuil sibhsi leis ar bhur ngairm ré Híosa Críosd:)

7 Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, & bhur náomhaibh do réir gharma; Grása agus siothcháin maille ribh, ó Dhîa ar natháir, agus an Dtighearna Jósa Críosd.

8 Ar tús beirim buidheachus ré mo Dhîa féin tré Iósa Crîosd, ar bhur sonsa uile do bhrîgh go bhfuil túarasgbháil bhur gcreidmhe ar feadh an domhain uile:

9 Oír atá Dîa dfîadhnuise agum, dhá ndéanaim seirbhîs am spioraid a foisgéul a mhic, go mbîm gansgur ag teachd tho∣raibh,

10 Ag îarraidh do shîor am urrnaighe, a fhagháil do thoil Dé, asdar séunmhar ar chor éigin do dhéunamh fa dheóigh ré theachd chugaibhse.

11 Oîr atá ro fhonn oram sibhse dfaicsin, ar ghléus go roinnfinn ribh tiodhlacadh éigin spioradalta chum bhur neartuighe.

12 Eadhon, ionnus go bhfuighinn comhfhurtachd bhur bhfochairse tré chreideamh a cheile [eadhon] bhur gcrei∣deamhsa agus mo chreideamhsa.

13 Agus a dhearbhraithreacha, ní háill leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir mé romham go minic teachd chu∣gaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ri na cineadhachaibh eile.

14 Atáim am fhéitheamhnach do na Gréugachaibh & do na dáoinibh Barbár∣tha, do dháoinibh glioca & neimh∣ghlioca.

15 Ar a nadhbharsin an mhéid is éi∣dir leam, atáim ullamh chum an tsois∣géil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna, a bhfuiltí sa Róimh.

16 Oír ní bhfuil nàire óram fa shoisgéul Chrîosd, do bhrígh gur ab é cumnachd Dé é chum slánaighe, dâ gach áon chreideas, don Iúdaighe ar tús, & fós don Ghréugach.

17 Oîr as ann fhoillsighthear firéun∣tachd Dé, ó chreideamh go creideamh, amhail atá sgríobhtha; Do ghéubhaidh an firén beatha tré chreideamh.

18 Oír fhoillsighthear fearg Dé ó neamh anaghaidh gach uile neimh∣dhiadhachd, agus eagcóir na ndaóin∣eadh chongmhas a nfirinne a neimh∣fhireantachd:

19 Oír an mhéid déolus is éidir dfa∣gháil ar Dhía, atá sé go follus ionn∣tasan: óir do rinne Día follus dhóibh é.

20 Oir a neithesion nach éidir dfaic∣sin, [mar atá] a chumhachd síorraidhe agus a dhiadhachd, atáid síad soilléir sôthuigsighe ó chruthughadh an domhain treas na neithe do rinneadh: ionnus nach beith leithsgéul aca.

21 Do bhrígh ar naithniughadh Dé dhóibh, nach dtugadar glóir dhó mar Dhía, & nach rugadar buidheachus ris:

Page [unnumbered]

achd gur líonadar do dhiomháoineas an a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuighsionach.

22 Ag rádh gur dhaóine eagnuidhe sad féin, do rinneadh amadáin dhíobh.

23 Oír do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh, a gcosamh∣lachd iomháigh dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.

24 Ar a nadhbharsin tug Día íadsan mar an gcéudna dainmhíanaibh a gcroidheadh féin, chum a gcorp do shalchadh eatorra féin:

25 Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir & seirbhis don chreatúr, ag tréigean an chruthaighthéora, noch atá beannaighe go fiorraidhe. Amén.

26 Ar a nadhbharsa tug Día íad dainmhíanaibh gráineamhla: òir do athruigheadar a mná a ngnáthughadh nádùrtha, go ngnáthughadh mínádurtha:

27 Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ghnáthaighe nadùrtha na mban dóibh, do lasadar ann a nain∣míanaibh, an fear a naghaidh a chéile, na fir ag déunamh gráineamhlachda ris na searuibh, & fúaradar ionnta féin luái∣dheachd a seachráin, mar búdh cóir.

28 Agus amhail mar nár chuireadar sim a néolus Dé do chongmháil: as mar sin tug Dia îadsan dinntinn neimh∣chéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nár bhiomchubhaidh;

29 Ar na líonadh do nuile éugcóir, do mhailís, do dhrúis, do dhroich∣mhéin, do shaint, ar na lìonadh do thnúth, do dhúnmharbhadh, dó chean∣narraic, do mheabhail, do dhrochbhéu∣suibh, luchd siusarnuighe.

30 Luchd ithiomráidh, luchd fúathai∣ghe Dé, luchd tarcuisne, dáoine uáibh∣reacha, mórdhálacha, luchd comtha uile, easumhal daithreachaibh agus do mhaithreachaibh,

31 Eigcéillidhe, neamhchoingheallach, gan ghrádh nadúrtha, doriartha, neamh∣thrócaireach:

32 Noch ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuillid luchd na ngníomhsa do dhéunamh, bás) ní hé amháin fós iad féin dá ndéunamh, achd mar an gcéudna cáomhnuid siad luchd a ndéanta.

CAIB. II. G bfuil Juduighe & na cinidhe faoi don∣damnadh arson pheacaidh.

AR a nadhbharsin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine gidh bé ar bith thù dhamnuigheas [duine eile:] Oír ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáo∣radh tú thú féin; óir thusa dháorus [duine eile] do ní tú na neithe céadna.

2 Achd atá a fhios aguinne go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne, a naghuidh na muinntire do ní ionnsa∣mhail na neitheadh fin.

3 Agus an measann tusa so, O a dhuine dhamnuigheas an dream do ní a lei∣theid fúd, agus thú féin dá ndéunamh∣go racha tú as ó bhreitheamhnus Dé?

4 Nó an dtarcuisnidheann tú saidh∣bhreas a mhaitheasa, agus a fhoighide, agus fhoide a fhulaing, gan a fhios agad go dtréoruigheann maitheas Dé thú chum aithrighe?

5 Achd do réir do chruáis féin, agus do chroidhe neamhaithrigheach, taisgidh tú dhuit féin féarg, fá chomhair láoi na feirge, agus fhoillsighthe cheirtbhrei∣theamhnuis Dé:

6 Noch a bhéuras dá gach éinneach do réir a ghníomhartha:

7 Eadhon don druing íarrus tré fhoi∣ghid na deaghoibre, glóir, agus onóir agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach:

8 Achd don dreim atá ceannairceach, agus nach umhluigheann don fhírinne, achd chreideas do néagcóruigh, [do bhéurthar] diomdha agus fearg.

9 Trioblóid agus doghruing air anam gach áonduine do ní olc, na Júdaidhe ar tús, agus an Ghréugaigh mar an gcéudna.

10 Achd glóir, agus onóir, & sioth∣cháin do gach áon do ní maith, don Júduighe ar tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna.

11 Oír ní bhfuil cion ag Día ar phear∣sain seach a chéile.

12 Oír an mhéid do pheacuigh gan an dligheadh, rachuid a mugha gan an dli∣gheadh: & an mhéid do pheacuigh sa dligheadh, daiméontar íad leis a ndli∣gheadh,

13 (Oír ní híad luchd éisdeachda an dlighidh atá na bhfirénchuibh a bhfiadh∣nuisi Dé: achd luchd choimhlíonta an dlighidh a síad sháorfuidhear.

14 Oír na cineadhacha ag nach bhfuil an dligheadh, do níd sìad ó nádúir na neithe bheanas ris an dligheadh, íad so ag nach bhfuil an dligheadh aca, atáid síad na ndligheadh dhóibh féin.

15 Noch fhoillsigheas obair an dli∣ghidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar mbeith dá gcogús ag déunamh fíadh∣nuise má ráon ríu, & a smuáintighthe ag éiliughadh a chéile, nò fós ag gabháil a leisgéil.)

16 Ann sa lá an a mbéura Día breith ar sheicréidibh na ndáoine tré Josa Críosd, do réir mo shoisgéilsi.

17 Féuch, goirthear Júduidhe dhíotsa agus múinighidh tú as a ndligheadh, & do ní tú mordháil as Día,

18 Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbeith foghlomtha dhuit ón dligheadh:

19 Agus atáoi dóchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,

20 A tfior múinte na ndáoine neimh∣eagnuidhe, ad theagasgóir na leanabh, ar son go bhfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dligheadh.

Page [unnumbered]

21 Thusa ar a nadhbharsin mhúineas duine eìle, créd nach múineann tú thú féin? thusa sheanmóireas Gan ghoid do dhéunamh, a ndéunann tú féin goid?

22 Thusa a deir Gan adhaltrannas do dhéanamh, a ndéanann tú féin adhal∣trannas? thusa agá bhfuil gráin ar na hiodhaluibh, an sladann tú a neaglais?

23 Thusa do ní mórdháil as a ndli∣gheadh, an dtabhair tú easonóir do Dhia tré bhriseadh an dlighe?

24 Oír masluighthear ainm Dé thríbh∣si eidir na cineádhachuibh, mar atá sgríobhtha.

25 Oír is tarbhach an timcheallghear∣radh go deimhin má coimhéudann tú an dligheadh: achd más fear bhrisde an dlighidh thú, atá do thimcheallghear∣radh gan bheith na thimcheallghear∣radh.

26 Ar a nadhbharsin má choiméudann an neamhthimcheallghearradh ordaighe an dlighe, a né nách measfuighthear a neamhthimcheallghearradh do bheith na thimcheallghearradh.

27 Agus a né nach daiméona an neamhthimcheallghearradh atá ó nadúir, má choimhéudann sé an dligheadh, thusa atá ad fhior sáruighe an dlighe trés an litir & trés an dtimcheallghearradh.

28 Oír ní hé an tí atá go follas, is Júduighe ann; ná fós an dtimcheall∣ghearradh atá go follas sa bhfeóil, is timcheallghearradh:

29 Achd an té atá ós íseal na Júdui∣dhe, agus timcheallghearradh an chroi∣dhe, ann sa spioruid, agus ní sa litir: agá bhfuil a mholadh, ní ó dhaóinibh, achd ó Dhía.

CAIB. III. O sharuigh na Juduighe an Reachd, 28 sé Creideamh is didean dòibhsi, & do na cineadhàchaibh.

MAseadh créd é an bárr atá ag an Júduidhe, nó créd é tarbha an timcheallghearrtha?

2 Is mór é ar gach áonchor; a chéad∣air, do bhrígh gur ríusan do tháobh∣adh bríathra Dé.

3 Oír créd é an chúis má nár chreid∣eadar dream áirighe dhíobh? a ndéu∣na a neamhchreideamhsa fírinne Dé gan eifeachd?

4 Nár léige Día sin: achd bíodh Día firinneach, agus gach uile dhuine bréu∣gach, mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh, an tan bheireas tú breith.

5 Achd má neartuigheann ar néag∣cóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Dìa éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)

6 Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?

7 Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigs chum a ghlòiresion, créd fá a ndamantar misi fós mar pheacach?

8 Agus créd fá nach déanamáoid uilc, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, & mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnadh ò cheart, go nabramáoid?

9 Créd eile má seadh? an bhfuilmíd∣ne ar breith bháirr? ní bhfuilmíd ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Júduighe agus na Gréaguigh uile do bheith fá pheacadh.

10 Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fòs ní bhfuil áonnduine:

11 Ní bhfuil neach ann thuigeas, ni bhfuil neach íarrus Día.

12 Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh míthar∣bhach: ní bhfuil neach ann do dhén∣nadh maith, ní bhfuil go héinneach.

13 As uáimh osguilte a sgórnach, do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, [atá] neimh na naithreach neimhe fa na bpusuibh.

14 Agá bhfuil a mbéul lán do mhal∣lachadh agus do shearbhas.

15 Atáid a gcosa lùath chum fola dhórtadh:

16 Agá bhfuil briseadh croidhe agus anshógh ann a slighthibh:

17 Agus níor aithnigheadar slighe na siothchána:

18 Ní bhfuil eagla Dé a bhfíadhnui∣si a súl.

19 Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labh∣rus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.

20 Ar a nadhbharsin ní sáorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibri∣ghibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.

21 Achd a nois a néagmhuis a dli∣ghe atá ceart Dé ar na dhéunamh fol∣las, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh.

22 Ceart Dé [a deirim] tré chrei∣deamh Jósa Críosd dá gach áonduine, agus ar gach áon chreideas: óir ní bhfuil eidirdhealughadh ann.

23 Oír do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé.

24 Agus atáid ar na sáoradh a nais∣gidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúas∣gladh do rinneadh lé Híosa Críosd:

25 Noch do órduigh. Día na cheann réidhtigh tré chreideamh ann a fhuil, chum a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn,

26 A bhfoighid Dé, chum a fhi∣réantachda féin dfoillsiughadh ann fa naimsirsi do lathair: ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Jósa.

27 Ar a nadhbharsin, cáit a bhfuil an mhórdháil? atá sí ar na cur amach.

Page [unnumbered]

Cía an dligheadh [lér cuireadh amach í?] an [tré dhligheadh] na noibreacha? Ní headh, ach tré dhligheadh an chreidimh.

28 Measamuid ar a nadhbharsin, gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.

29 An leis na Júdaighibh amháin Dia? a né nach leis na cineadhachuibh é mar an céadna? go deimhin [a sé Día] na gcineadhach é leis.

30 Oír is éin Ndía sháorfas an tim∣cheallghearradh ó chreideamh, agus an neamhthimcheallghearradh tré chrei∣deamh.

31 Uime sin a ndéunmáoid an dli∣ghéadh neamhthábhachdach tré san gcreideamh? Nár léige Dìa sin: achd fós neartuighemíd an dligheadh.

CAIB. IV. Gurab tré Chreideamh amhàin, do mheasadh gach duine, Firinneach.

UIme sin créd a déaram fuáir Abra∣ham ar nathair, do réir na féola?

2 Oír más ó oibreacha do sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhfeachuis aige, achd ní a dtáobh De.

3 Oir créd a deir an sgriobtûr? Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh sin dó már fhíréantachd.

4 Achd don té do ní obuir, ní do réir ghrás mheasdar túarasdal dó, achd dó réir fhíach:

5 Achd don té nach déineann obair, ach chreideas ann sa tí sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chrei∣deamh mar fhíréantachd.

6 Amhail a deir Dáibhí mar an gcéud∣na, Gur beannuighe an duine dhá mea∣fann. Día fíréantachd gan oibreacha: [ag rádh,]

7 Is beannuighe an dream agá bdfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach:

8 Is beannuighe an té ag nach ccuírfi an Tighearna peacadh na leith.

9 Ar a nadhbharsin an ann sa tim∣cheallghearradh amháin atá an beanna∣chadhsa, nó fós ann sa neamhthimcheall∣ghearradh? óir a deirmíd gur measadh a chreideamh Dábraham mar fhíréantachd

10 Maseadh cionnas do measadh dhó é? a né a núair do bhí sé sa timcheall∣ghearradh, nó a núair nach raibh? Ní ann sa timchillghearradh, achd ann sa neimhthimchillghearradh.

11 Agus do ghlac sé comhartha an timchillgheartha, féula firéantachda an chreidimh do bhí aige an sa neamh∣thimcheallghearradh, ionnus go mbeith sé na athair ag gach áon do chreidfeadh fan neimhthimchillghearradh, do chum go measfuidhe fíréantachd dhóibhsean mar an gcéudna:

12 Agus na athair an timchillgearrtha, ní bé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéud∣na don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neimhthimchillghearradh.

13 Oír ní tré san dligheadh [do rinneadh] an gealladh Dabraham nó dhá shliochd, go mbiadh sé na oighre ar an domhan, achd tré fhíréantachd an chreidimh.

14 Oír má atá muinntir an dlighe na noidhrighibh, atá an creideamh ar na dhéunamh diomháoin, agus an gealladh neamhthábhachdach.

15 Do bhrígh go noibrigheann an dli∣gheadh fearg: óir gidh bé áit nach bhfuil dligheadh, ní bhfuil briseadh dlighe ann sin.

16 Uime sin is ó chreideamh [atá a noidhreachd,] ionnus [go mbíadh sí] tré ghrásuibh, chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile: ní hé amhain don chuid [atá] don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid [atá] do chreideamh Abraham, atá na athair aguinne uile.

17 (Mar atá sgríobhtha, Do órduigh me thú ad athair do chineadhachuibh iomdha,) a bhfíadhnuisi Dé dar chreid sé, noch a bhéodhuigheas na mairbh, agus ghoireas na neithe nach bhfuil, amhail as do bheidis ann.

18 [Abraham] noch do chreid sa dhó∣chus a naghuidh dóchuis, go mbiadh sé na athair iomad cineadhach, do réir mar a dubhradh; Is mar sin bhías do shiolsa.

19 Agus ar mbeith neimhmeirbh dhó a gcreideamh, níor chuir sé íona suim go raibh a chorp féin cheana gan spracadh, ar mbeith dhó a dtimcheall chéd blíadhan, na [fós] a neimhmbriogh∣mhuireachd bhronn Shára.

20 Agus níor chuir sé cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh: achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía:

21 Agus do bhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur cumh∣achdach é ar choimhlíonadh.

22 Ar a nadhbharsin do measadh so dhó mar fhíréantachd.

23 Gidheadh ní ar a shonsan amháin do scrìobhadh gur measadh so dhó

24 Achd mar an gcéudna air ar soinne dá measfuighear é, ma chreidmíd ann sa té do dhùisigh Josa ar Dtighearna ó mharbhuibh.

25 Noch do bhásuigeadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.

CAIB. V. Toradh na Saoirsinne trè Chreideamh; 12 & Coimhshíneadh Adhaimh & Chriosd re chéile.

AR a nadhbharsin tar éis ar saortha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día, tré ar Dtighearna Jósa Críosd:

2 Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid agus a ndéanmáoid gáirdeachas fá mhuiníghin ghlóire Dé.

Page [unnumbered]

3 Agus ní hé amháin, achd do nimìd gáirdeachus mar an gcéadna a dtriob∣lóidibh, do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid, foighid:

4 Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóchus:

5 Achd ní adhnáirgheann an dóchus, do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad náomh atá ar na thabhairt dúinn.

6 Oír do fhulaing Críosd bás na am féin ar son na ndaóineadh neimhdhía∣dha, an tan do bhámar fós anbhann.

7 Oir go deimhin is decair go bhfui∣leongadh duine bás ar son fhírénuigh: óir dob éidir go lamhthadh duine éigin bás dfulang ar son dhuine mhaith:

8 Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne [ann so,] do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.

9 Ar a nadhbharsin tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mòr choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.

10 Oír má réidheadh eadruinne agus Día tré bás a mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh: is mó ná sin go mór ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn choimhéadfuighthear sinn tré na bhea∣thasan.

11 Agus ni hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd màoidheamh a Ndía. tré ar Dtighearna Jósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinn∣teardhas.

12 Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáogal tré áonduine amháin, agus an bás trés an bpeacadh: is mar, sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile.

13 Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuir∣thear an peacadh a leith dhuine a nuáir nách bíonn dligheadh ann.

14 Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndreim fós nar pheacaigh do réir chosamhlach∣da easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té ûd do bhí chum teachda

15 Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh; óir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dê, & an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Jósa Críosd, do mhórán.

16 Agus ní mar an táoduine do pheacuigh [atá] an tabhartas: óir [thái∣nic] an breitheamhnus tre áonchoir a∣mháin chum dámanta: achd [táinic] an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha.

17 Oír más do bhrígh áonchoire a∣mháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine, is mó ná sin go mór do ghéubha an mhuinntir ghlacas fairsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda, rioghachd a mbeatha tré áon [eadhon] Jósa Críosd.

18 Ar a nadhbharsin amhail as tré aónchoir amháin [tháinic bréithea∣mhnus] air ná huile dhaóinibh chum damanta: is mar sin [tháinic an tabhar∣tus] tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine, chum sáortha na beatha.

19 Oír mar is tré easumhlachd éunduine amháin, do rinneadh peacuigh do mhorán, is mar sin tré umhlachd éun∣duine amháin, do dhéantar firéanuigh do mhórán.

20 Achd tháinic an dligheadh, ionn go méideóchthaói an choir: achd sa bhall ar mhéuduigh an peacadh [is ann] rug an grás bárr.

21 Ionnas dó réir mar do thighearnuigh an peacadh chum báis, go dtighearó∣chadh grás mar an gcéudna tré fhí∣réantachd chum na beatha marthanuighe, tré Josa Críosd ar Dtighearna.

CAIB. VI. As chum peacadh do scrios, 4 aithghintear duine tré Baisde, 12 & fhásas ê a Gcríosd.

AR a nadhbharsin créd a déurum? an bhfanfum a gcomhnuidhe a bpeac∣adh, ionnus go líonfadh grás [Dè?]

2 Nár leige Día sin. Cionnas do fhéadfamaóisne atá marbh don pheacadh, fuireach béo fós ann?

3 A né nach bhfuil a fhios agaibh, an mhéid dhínne do baisdeadh a Níofa Críosd, gur baisdeadh sinn ann a bhàs san?

4 Ar a nadhbharsin atámuid adh∣laice máráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Criosd ó mharbhaibh, chum glóire a Nathar: gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a nuáidheachd beatha.

5 Oír dá raibh sinn air ar bplann∣dughadh maráon rision a gcosmhuileas a bháis: bíam mar an gcéadna a gcos∣mhuileas a eiséirghe:

6 Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadhmaráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaó•••• seirbhís ó so fúas don pheacadh.

7 Oír an tí fuàir bás, is sáor é ó pheacadh.

8 Agus má fúaramar bás mar áon ré Críosd, creidmid go mairfeam mar an gcéudna maráon ris.

9 Ar mbeith a fhios aguinn, ar néirghe do Chríosd ó mharbhaibh nach bhfuighe sé bás ní sa mhó: ní bhfuil tighearnus feasda ag an mbás air.

10 Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.

11 Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bfuiltí marbh don pheacadh, agus béo do Dhía, tré Jósa Críosd ar Dtighearna.

12 Ar a nadhbharsin na biodh rio∣ghachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp sómharbhtha, ionnus go dtiubhradh sibh umhlachd dó ann ainmhíanaibh.

Page [unnumbered]

13 Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar [dhruing] atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.

14 Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh, do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.

15 Créd eile maseadh? a ndéanam peacadh, ar a nadhbhar nách bhfuilmid faói an dligheadh, achd faòi ghrásuibh? nar léige Día sin.

16 An é nach bhfuil a fhios aguibh; gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum umhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí dá numhlaighthí, más do pheacadh chum báis, nó dumhlachd chum firéantachda?

17 Achd buidheachas ré Día go ra∣bhabhair bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, achd dumhlaigh fibh ó chroídhe don fhoirm theaguisg do tugadh dhíbh.

18 Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh do rinneadh seirbhìsigh don fhiréuntachd dhaóibh.

19 Is mar dhuine labhrum, ar son anbhfainne bhur bhféolasa: Oìr do réir mar thugabhair bhur mbaill na seirbhisea∣chuibh do neamhghloine agus do bhri∣seadh na naitheantadh chum éagcóra: tabhruidh a nois mar an gcéudna bhur mbaill na seirbhìseachuibh don fhiréan∣tachd chum náomhthachd.

20 Oir an tan do bhí fibh bhur seir∣bhíseachuibh ag an bpeacadh, do bhí sibh sáor ó fhíréuntachd.

21 Ar a nadhbharsin créd é an toradh fúarabhair a nuáirsin ann sna neithibh fá a bhfuil náire a nois oraibh? Oír as é as críoch dhóibh bás.

22 Achd a nois ar mbeith dhaóibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, & ar bhur ndéunamh bhur seirbhíseachuibh do Dhía, atá toradh aguibh chum náomh∣thachda, agus an chríoch dheigheanach, an bheatha mharrthanach.

23 Oír asé as túarasdal don pheacadh, bás: achd [asé] tabhartus Dé, an bheatha mharrthanach, tré Josa Críosd ar Dtighearna.

CAIB. VII. Gu bfuil duine, marbh don Rêachd (noch fhêuchas a choire dhô, nach eidir leis a chlaòí, trê chath na mbaill re na inntinne;) 25 ach beó tré Chreidimh Chríosd.

A Né nach bhfuil a fhios aguibh a dhearbhraithre, (óir as ris an luchd agá bhfuil fios an reachda labhrum) go bhfuil cumhachda ag an reachd ar dhuine, ar feadh a sháoghail?

2 Oir an bhean atá pósda ré fear, atá si ceangailte dhe feadh a sháoghail, do réir an reachda: gidheadh dá bhfaghadh a sear bás, atâ sise saot ó reachd a nfir.

3 Uime sin ré sâoghal a fir dá raibh sí ag fear eile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghadh a fear bás, atá sí sàor ón reachd, ionnus nach meir∣dreach í, ar fon í bheith ag fear eile.

4 Ar a nadhbharfin a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd: ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum toraidh do thabhairt dúinn do Dhia.

5 Oír an tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh trés an reachd ag oibriughadh ann ar mballaibh, chum toraidh do thabhairt chum báis.

6 Achd a nois atámaid air ar sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér congmhadh sinn, marbh: ionnus go ndéa∣namaóis seirbhís a nuáidheachd na spio∣raide, & ní an narsaigheachd na leitre.

7 Ar a nadhbharsin créud a déuram? a né gur peacadh an reachd? nar léige Día sin. Gidheadh ní raibh fios peacaigh agum achd trés an reachd: Oír ní bhíadh éolus air mhíangus agum, muna nabradh an reachd, Na biodh míanghus ort.

8 Agus ar ngabháil chionfátha don pheacadh trés a naithne, do oibrigh sé ionnum gach uile ghné mhíanghuis, óir a bhféugmhuis an reachda [do bhí] an peacadh marbh:

9 Agus do bhí misi ar uáiribh beó a bhféugmhais an reachda: achd ar dteachd do náithne, do aithbhéodhaidh an peacadh, agus fuáir misi bás.

10 Agus a náithne úd [do hórduigheadh] chum beatha, fríth dhamhsa í chum báis.

11 Oír ar ngabháil chionfàtha don pheacadh trés a náithne, do mheail sé mé, agus lé sin do mharbh sé mé.

12 Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharas náomhtha, & a náithne náomhtha, & comhthrom, agus maith.

13 Uime sin, an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mbíadh sé follus na pheacadh, doibrigh fé bás ionnum, trés a ní maith, do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.

14 Oir atá a fhios aguinn go bhfuil an reachd sbioradálta, achd atáimse col∣laighe ar mo reic faói pheacadh.

15 Oir ní thuigim an ní do nìm: óir ní hé an ní is mían rìom do nìm, achd a ní fúathaighim, a sé do ním.

16 Agus má sé a ní nach mían riom, dó ním, tigim ris an reachd gur maith é.

17 Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaìgheas ionnum.

18 Oír atá a fhios agam nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir atá an toil a bhfogus damh, achd ní fhaghuim [slighe ar bith] chum na maitheasa do chriochnughadh.

19 Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním.

20 Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum.

Page [unnumbered]

21 Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam.

22 Oír atá fonn agam a reachd Dé, do réir an duine táobh asdigh:

23 Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh, noch atá am bhallaibh.

24 Uch mo thrnaighe: cía sháorfus mé ó chorp an bháis so?

25 Beirim buidheachus ré Día tré Jósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé, achd am fheóil do reachd an pheacaidh.

CAIB. VIII. Saôirse & stor-dhòchas na ndaôine mhaireas fa reachd na Spioruide.

AR a nadhbharsin ní bhfuil damnu∣ghadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola, achd do réir na Spioruide.

2 Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd, misi ó dhligheadh an pheacaidh agus an bháis.

3 Oír an ní nár bhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dhó anbhfann trés an bfeól, ar gcur a mhic féin do Dhía a gcosamhlachd cholla an pheac∣uigh, ar son peacaigh, do dhamnuighe sé an peacadh sa ccoluinn.

4 Ionnus go gcoimhlionfuidhe ceart an dlighe ionnuine, nach siobhlann do réir na colla, achd do réir na Spioruide.

5 Oìr an dream atá do réir na féola, smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil: achd an dream atá do réir na Spioruide, na neithe bheanas ris an Spioruid.

6 Oír is bás gliocas na feóla: achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide:

7 Oír is námhadus a naghuidh Dé gliocas na féola, óir ní umhluigheann sé do dhligheadh Dé: agus fós ní héidir leis.

8 Ar a nadhbharsin an dream atá do réir na féola, ní héidir leó toil Dé do dhéunamh.

9 Achd ní bhfuiltísi do réir na féola, achd do réir na Spioruide: má atá Spiorad Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd gidh bé nach bhfuil Spiorad Chríosd aige, ní lé Críosd an duine sin.

10 Agus má atá Críosd ionnuibh, [ata] an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh: achd [is] beatha an Spiorad tré fhiréantachd.

11 Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh: an té do dhúisigh Criosd ó mharbhuibh, béodhachaigh sé bhar gcuirp sho-mharbhthachasa mar an gcéudna, tré na Spioruidsion chomhnui∣gheas ionnuibh.

12 Uime sin a bhráithreacha, ní don fheóil atámaòid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola.

13 Oír màs do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha.

14 Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad.

15 Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla, achd do ghabhabhair chuguibh Spiorad athar∣ghadh na cloinne, tré ngoirmíd Abba a athair.

16 Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioruidne, gur clann do Dhía sinn.

17 Agus más clann, is oidhrighe fó sinn: oidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhoidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd [ris,] ion∣nus go mbemis a ccomhghlóir [ris.]

18 Oír measuim nach fiu na neithe fhuilngemíd sa naimsirse a láthair, an ghlóir fhoillséochthar dhùinn.

19 Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé.

20 Oír atá an creatúir fá mhursan∣tachd an diomhaòinis, ní dhá thoil féin, achd ar son an té dó chuir fá mhur∣santachd é;

21 A muinighin go sáorfuidhe an crea∣túir séin ó, sheirbhís na truáillidhéa∣chda, go sáoirsi ghlóire chloinne Dé.

22 Oír atá a fhios aguinn go bhfuil a nuile chreatúir ag osnaighe, agus a bpéin mar mhnaói ré cloinn má ráo rinne gus a nuáirse.

23 Agus ní [hiadsan] amháin, achd sinne féin agá bhfuilid céadthórtha na Spioruide, bímíd ag osnaighe ionnuinn féin ag feitheamh re athargadh na cloinne, fuasgladh ar gcuirp.

24 Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta; achd má chíthear an dóigh, nì dóigh í: Oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach ris an ní do chí sé?

25 Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.

26 Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: Oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadh∣maóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse,

27 Achd atá a fhios ag sgrúdaigh∣eóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide óir is do réir [thola] Dé ghuidheas sé ar son na náomh.

28 Agus atá a fhios aguinn go gcomh∣oibrigheann gach uile ní chum maithea∣sa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do réir òrduighesion.

29 Oír an dream do réumhaithin sé, do réumhórduigh sé a mbeith comhchosmhuil díomháigh a mhic féin, ar chor go mbeith

Page [unnumbered]

seisean na chédghein éidir mhórán dearbh∣bhrathar.

30 Agus an dream do thogh sé roimh láimh, do ghoir sé íad mar an gcédna: & an dream do ghoir sé, do sháor sé íad mar an gcéudna: & an dream do sháor sé, Tug sé glóir dhóibh mar an gcéudna.

31 Uime sin créd a dèaram fa na nei∣thibhsi? má [atá] Día linn, cia [fhéa∣dus bheith] ar naghuidh?

32 An té nar choigill a mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluigfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?

33 Cìa chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? [a fé] Día sháoras.

34 Cía dhaimeonas? Críósd fúair bâs: Agus fós do rinne a neiséirghe: noch atá ar deis Dé, & fós ghuidheas air ar soinne.

35 Cía dhealóchas sinn ó ghrádh Chriosd? trioblòid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiría∣cuil, nó cloidheamh?

36 (Mar atá fgríobhtha; Is ar do shon∣sa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atá∣máoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)

37 Achd buáidhemíd ionnta so uile, trés an té do ghrádhuigh sinn.

38 Oír atá a dheirbhfhios agam, nach bádh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, nà lé húachdaranachduibh, ná lé cumhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda,

39 Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhealughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dti∣ghearna.

CAIB. IX. Nar fùaradur na Jùduidhe roimhesi sochair do thuille ar na Geintleachaibh, amhluidh bheir Diá cuibhrionn ghrása is éifeachdaigh ddonduine no do dhuine eile.

A Deirim a nfírinne a Gcríold, ní dhéunuim brég, ar mbeith dom cho∣gús ag déunamh fíadhnuise dhamh tres an Spiorad náomh,

2 Go bhfuil tuirsi mhór oram, agus doilgheas a gcomhnuidhe ar mo chroidhe

3. Oír do ordeóchuinn mé féin do bheith dealuighthe ó Chríosd ar fon mo dhear∣bhraithreach, mo dhàoine gáoil do rér na feóla.

4 Noch atá na Nisrahéluibh: ag ar leó athargadh na cloinne, agus an ghlóir, agus an tiomna, agus órdughadh an reachda, agus seirbhís Dé, agus na geal∣lamhnacha.

5 Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go siorruidhe. Amén.

6 Gidheadh ní héidir bríathar Dé a bheith gan éifeachd: óir ní hé gach éun∣duine [thig] ó Israhél, atá na Israhélach.

7 Agus ní ar son go bhfuilid síad na siol ag Abraham, [atáid] síad uile na gcloinn: achd A Nisaac ain∣mneochar dhuit síol.

8 A sé sin ré a rádh; Ní híad clann na féola, clann Dé: achd clann na geal∣lamhna mheastar mar shíol.

9 Oir a sí so bríathar na geallamhna; Tiocfuidh mé fá namsa a rís, agus biáidh mac ag Sára.

10 Agus ní hé amháin, achd Rebec∣ca mar an gcéudna a nuáir do thoircheagh í ó neach áirighe [eadhon] Isáac ar nathairne,

11 Oir suil rugadh [na leinibh] agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seashmhach, ní ó oibreachuibh achd ôn té ghoireas,

12 A dubhradh ría, Go ndéanadh an té is seine seirbhís don té ís. óige.

13 Mar atá sgríobhtha; Do ghrádhuigh mé Jácob, agus do fhúathuigh mé Esau.

14 Uime sin créd a déaram? An [bhfuil] éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.

15 Oír a deir sé ré Máoise; Do dhéa∣na mé trócaire, ar an té ar a ndéu∣na mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.

16 Ar a nadhbharsin, ní ón té lér ab áill, ná on té riothas [atá an togha] achd ó Dhía do ní trócaire.

17 Oír a deir an sgrioptúr ré Pharáo; Is chuige so féin do thóig mé súas thú, ar chor go bhfoillseóchuinn mo chu∣mhachda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feadh na talmhan uile.

18 Uime sin do ní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáidhighe sé an té Is áill leis.

19 Achd a déará tú riom; Maseadh créud fá bhfuil fearg air? óir cía chuir a naghuidh a thola?

20 Achd ó a dhuine, cía thusa thagrus a naghuidh Dé? a naibeôra an ní do cumadh ris an té do chum é, Créd fá a ndearnuidh tú mé mar so?

21 A né nach bhfuil cumhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, & soitheach eile chum neamhonóra déan∣ádhbhar amháin?

22 Achd má dfulaing Dìa, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chu∣mhachà do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge do hórduigheadh chum damanta?

23 Agus do chum go bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féín do shoithi∣ghibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire?

24 [Eadhon] dúinne noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fòs as na cineadhachuibh.

25 Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin don poba

Page [unnumbered]

nár leam: agus mo ghrádh féin don mhnáoi nach raibh am ghradh.

26 Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa, go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhí.

27 Agus éighidh Esaías ar Israhél; Bíodh go mbeith uimhir chloinne Israhel mar ghaineadh na fairge, sláinéochthar a bhfuighleach.

28 Oír do dhéana sé cúnntas, & cuir∣fidh sé a naithghearr é maille ré comh∣throm: óir is cúntas aithghearr do dhéa∣na an Tighearna ar an dtalamh.

29 Agus mar a dubhairt Esaías roi∣mhe, Muna bhfágbhadh Tighearna na slúagh síol aguinn, do dhéantáoi sinn mar Shodom, agus do bhíadhmáois cosmhuil lé Gomorra.

30 Ar a nadhbharsin créd a déaram? go rugadar na cineadheacha nár lean don fhíréantachd, ar an bhfíréntachd, [1.] an fhíréntachd atá ón chreideamh.

31 Achd Israhél do lean reachd na fíréntachda, ni rangadar go reachd na fíréantachda.

32 Créd uime? Do bhrígh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó oib∣righthibh an reachda [do íarradar í:] óir fúaradar oilbhéim sá chloich na hoil∣bhéime.

33 Mar atà sgríobtha; Féuch, cuirim a Síon cloch oilbhéime agus carruic thuislidh, agus gidh bé chreideas ann, ní bhfuighe sé náire.

CAIB. X. Gu bfuil fireantacht an Dlighe, sa nduine, & a Nisrael amhain; ach fireantacht an Chreidimb, a Ccriosd, ag rochtain na nuile chineadh.

A Bhraithre, go deimhin atá deagh∣thoil mo chroidhe agus murnuighe chum Dé ar son Isráel, chum a slánuigh∣the.

2 Oír do ním dfiadhnuisi dhóibh, go bhfuil teas ghrádha Dé aca, achd ní do réir éoluis.

3 Oír ar mbeith ainbhfeasach dhóibh a bhfiréantachd Dé, & ag íarruidh a bhfireantachd féin do sheasadh, níor ísli∣gheadar íad féin dfiréantachd Dé.

4 Oír a sé Críosd foircheann an reachda chum fíreantachda dá gach áon a chreideas.

5 Oír sgríobhuidh Màoise ar an bhfí∣reantachd [thig] ón reachd; Gidh bé duine dhéanus íad, mairfidh sé tríotha.

6 Achd an fhíréantachd [thig] ó chrei∣deamh, is mar so a deir si; Na habair ann do chroidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin agus Críosd do thbhairt a núas.

7 Nò, cía rachas síos don dubhaigén? is ionann sin agus Críosd do thabhairt a rís ó mharbhuibh.

8 Achd créd a deir sí? Atá an bhría∣thar a ngar dhuit, ann do bhéul agus an do chroidhe, a sí so bríathar an chrei∣dimh do nimíd do sheanmóir.

9 Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chroidhe gur thóg Día é ó mhar∣bhuibh, sláinéochthar thú.

10 Oír is ris an gcroidhe chreidthear chum fíréantachda, agus leis an mbéul do nithear admháil chum slánaighe.

11 Oír a deir an sgríoptúr; Gidh bé chreideas annsan, ní bhfuighe sé náire.

12 Oir ní bhfuil diffir ar bith eidir an Iúduidhe agus an Gréugach ann: Oír is éin Tighearna dhóibh uile, atá saidh∣bhir dá gach uile dhuine ghuidheas é.

13 Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainna an Tighearna, slainéochthar é.

14 Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh?

15 Agus cionnas do dhéanuid síad seanmóir, muna chuirthear [chuige] íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréagh∣achd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothcháin, shoisgéulas neithe maithe.

16 Achd nîor umhluigheadar uile don tsoisgéul: Oîr a deir Esaîas; A Thi∣ghearna, cía chreid dar seanmóirne?

17 Uime sin is tré éisdeachd [thig] an creideamh, agus an téisdeachd tré bhréithir Dé.

18 Achd a deirimse; A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhuin.

19 Achd a deirim; A né nách raibh a fhios ag Israhél? a deir Máoisi ar tús; Cuirfidh mé tnúth oruibh lé [ci∣neadh] nach bhfuil na chineadh: lé cineadh mío-thuigseach cuirfidh mé fearg oruibh.

20 Agus atá Esaîas dána, agus a deir sé; Fríth mé leis a ndreim nach ar íarr mé: Do rinneadh follus mé don dreim nár íarr mo thúarasgbháil.

21 Achd a deir sé a naghuidh Isra∣hél; Do shín mé amach mo lámha feadh an làoi chum pobuil easumhuil, labhrus am aghaidh.

CAIB. XI. Ata fuighioll do thoradh Israel ar na dtogh; 16 ach iompochtar fos lan-thoradh dbiodh.

UIme sin fiafruighim, Nar theilg Día a phobal féin úadha? nár léige Día sin: Oîr is Israhélach misi féin do shliochd Abraham, do threibh Bhenjamin.

2 Nîor theilg Dîa uáidh a phobal féin do aithin sé ó thús. A né nách bhfuil a fhios aguibh créd a deir an scrioptúr a dtimcheall Elîas: cionnas do nî sé casáoide ré Dîa a naghaidh Isra∣hél ag rádh:

3 A Thighearna, do mharbhadar thfaidhe: agus do leagadar sîos hal∣tóracha: agus do fágbhadh misi am áonar, agus atáid sîad ag îarruidh manma.

Page [unnumbered]

4 Achd créd é an fhreagra do bheir Día air? Do choimhèd mé dhamh féin seachd mile fear nár fhill a nglúine do Bhaal.

5 Ar a nadhbarsin is mar sin do fágbhadh faoilleac ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngás.

6 Agus más tré ghrás, ní ó oibrigh∣thibh [atá sé] fealda, nó ní grás an grás náidh sin amach. Achd más ó oib∣righthibh, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.

7 Créd eile máseadh? an ní íarrus Israhél, ní fhuáir sé é: achd fúaradar na dáoine toghtha [é,] agus do dalladh an chuid eile.

8 Mar atá sgríobhtha; Tug Día spio∣rad chollatach dhóibh: súile chum nach ccluinfedís gus a niugh.

9 Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhul, & mar ghléus ga∣bhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh.

10 Bíodh a súile dall chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndrom∣anna a gcomhnuidhe.

11 Uime sin fíafraighim, An bhfúa∣radar tuisleagh chum go tuitfedís? nar léigidh Día sin: Achd sé a dtuitimsion slánughadh na ccineadhach, chum tnú∣tha do chur orrthasan.

12 Agus más é a dtuitimsion saidh∣bhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na gcineadhach: a né nach mó ni sin a líonmhuireachd?

13 Oir is ribhsi na cineadhuigh labh∣ruim, do bhrígh gur me easbal na gci∣neadhach, onoruighim moifig féin.

14 Dá fhéuchuin an bhféudfuinn ar chor ar bith tnúth do chur ar mo chomh∣gháol féin, agus cuid éígin díobh do shlánughadh.

15 Oír más é a ndíultadhsan is réiteach don domhan, créd é a nathghabháil, achd beatha ó mharbhuibh?

16 Oír má [atáid] na céadthórrtha náomhtha [atá] an chuid eile [náomhtha] mar an gcéudna: agus má [atá] an fhrémh náomhtha, [atáid] na géuga leis.

17 Achd má atá cuid éigin do na géu guibh ar na ngearradh dhe, & gur cui∣readh thusa na nionad, agus gur roin∣neadh frémh agus súgh chroinn na hola fìre ríot, ar mbeith duit ad chrann ola fhíadháin:

18 Ná bíodh uáill ort a naghuidh na ngég: achd ma bhíonn uáill ort, ní tusa iomchras an fhrémh, ach an fhrémh thusa.

19 Uime sin a déara tú, Do gearradh na géuga dhe chum go bplainntéoch∣tháoi misi [ná náit.]

20 Is maith sin: is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh: ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort.

21 Oír ma nar choigill Día na géu∣ga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéo∣ladh sé thusa mar an gcéadna.

22 Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe do tháobh na muinntire do thuit, achd a thoirbheartas duitsi, dá bhfa∣na tú ann a thoirbheartus: nó gearr∣fuidhear thusa mar an gcéudna.

23 Agus plainntéochthar ìad súd a rís, achd muna bhfanuid fíad a mí∣chreideamh: óir is éidir lé Día a gcur a steach a ris.

24 Oír má gearradh thusa don chrann ola do bhí fiodháin ó nadúir, agus gur cuireadh thusa a naghuidh nadúra a gcrann na fíorola: a né nach mó na sin chuirfidhear na: géugasa atá nadúrtha ann a gcrann ola féin.

25 Oir ní háill leam, a bhráithrea∣cha, ainbhfios na seicréidesi do bheith oruibh, do chum nach bíadh sibh glic ann bhur mbaramhluibh féin:) go dtárr∣la daille air chuid Dìosráel, nó go dtí iomláine na gcineadhach a steach.

26 Agus mar sin sláinéochthar Isráel uile: mar atá sgríobhtha, Tiocfa an fear sáortha as Sìon, agus fillfidh sé neimh∣dhiadhachd ò Jácob.

27 Agus a sé so mo chunnradh ríu, an tan thoigubhas mé a bpeacuigh úatha.

28 Uime sin do tháobh an tsoisgéil, [atáid siad] na náimhdibh ar bhur son∣sa: achd do tháobh na toghtha, [atáid siad] grádhaighe ar son na naithreach.

29 Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.

30 Oir do réir mar nach ttugabhair∣se a nallód umhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a nois, tré na neas∣umhlachdsan:

31 As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan da bhur dtrócairesi, ion∣nus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna.

32 Oir do dhúin Día íad uile a neimh∣chreideamh, do chum trócaire do dhéu∣namh orrtha uile.

33 O créd é doimhne shaidhbhris eag∣na agus éolais Dé. Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, & lorg a shligheadh do leanmhuin.

34 Oír cìa agá raibh fios inntinne an Tighcarna? nó cía bá comhair∣leach dhó?

35 Nò cía thug dhó ní ar tùs, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?

36 Oír is úadhasan, agus thrídsion, agus ar a shonsan [atáid] na huile neithe. Glóir dhó féin go síorruidhe. Amén.

CAIB. XII. Ata adhra umhal Dé, maille re gradh charad & namhad, fúagartha orrainn trid shompla thrócaire Chriosd.

AR a nadhbharsin firim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré thrócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, gheana∣mhail do Dhía, bhur seirbhís réusún∣ta:

Page [unnumbered]

2 Agus na cumaidh sibh féin ris a tsáoghalsa, achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh, créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.

3 Oir a deirim ré gach áon eadruibh∣se, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuig∣sin: achd a thuigsi do bheith réir mhea∣sarrdhachda, amhail as do roinn Dia ré gach áoinneach miosúr creidimh.

4 Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunchorp amháin, agus nach éunoifig amháin atá ag na huile bhal∣laibh sin:

5 As mar an gcéudna atámaóidne mo∣rán ar néanchorp a Gcríosd, & gach áon fo leith ar mballaibh agá chéile.

6 Uime sin ar mbeith do thiodhlai∣cibh éugsámhla aguinn, do réir na ngrás tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd [atá aguinn, déanam faidhedóireachd] do réir mhéud an chreidimh:

7 Nó más oifig [atá aguinn, tugam aire] don oifig: nó an té theaguisgeas, [tugadh aire] dha theagusg:

8 Nó an té do bheir foirceadal, úadha, [tugadh aire] dhá fhoirceadal, an tí roinneas [an déirc,] roinneadh í maille ré neamhurchóid: an tí agá bhfuil cean∣nus ós cionn cháich, [déunadh é] maille ré dùthrachd; an ti do ní trócaire, [déunadh í] maille ré subhachus.

9 [Bíodh bhur] ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc, [agus] ceangluigh don mhaith.

10 Biodh toil aguibh dhá chéile maille ré grádh bráithreamhuil; Ag tabhairt onóra uáibh, gach áon ag dul roimhe a chéile.

11 Na [bighidh] leisgeamhuil a ngno∣thuighibh. [Bíghidh] ar fiuchadh ann bhur spioraid: ag déanamh seirbhísi don Tighearna:

12 Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas: foighideach a mbuáidhear∣thuibh: comhnuigheach a núrnaighe:

13 Ag comhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh: ag gnáthughadh luchd áoidheachd a do ghlacadh.

14 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbreas sibh; tabhruidh bhur mbeannachd dóibh, & na malluidhe íad.

15 Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, & bíghídh ag caói maráon ris an muinn∣tir do ní caói.

16 Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Na [bíghidh] áirdinntinneach, achd cu∣maidh sibh féin ris a ndreim is ísle: Na bíghidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.

17 Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine.

18 Mas féidir é, an mhéid thig dhíbh∣se dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh.

19 A [chairde] grádhacha, ná déu∣naidh dioghaltus ar bhur son féin; achd fanaidh ris an bhfeirg, óir atá sgríobh∣tha, Is leamsa an dioghaltus, do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Ti∣ghearna.

20 Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair biadh dhó; dá raibh tart aír, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit, cárnfuidh tú grío∣sach ar a cheann.

21 Na beireadh an tolc buáidh ort: achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.

CAIB. XIII. Ʋmhlachd, íonthabharta duachdaránaibh cneasta, 4 ag caitheamh ar ceirte, 8 & Gràdh do gach aònduine.

BIodh gach uile anum umhal do na cumhachdaibh atá ós a chionn Oir nì bhfuil cumhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cumhachda atá ann, a ó Dhía do hórduigheadh íad.

2 Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chumhachda, cui∣ridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh, ga∣bhaid damnughadh chuca féin.

3 Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroichghniomharthadh. Uime si an mían riot bheith gan eagla an chu∣mhachda ort? déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh.

4 Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasa. Achd da ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla ort: óir ní go diomh∣áoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhio∣ghaltóir feirge ar an tí do ní olc.

5 Uime sin as éigean bheith umhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar fon coinnsiáis.

6 Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.

7 Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduál∣ghus do na huile dháoinibh: cánachus don tì [dar dúal] cánachus: cusdam don tí [dar dúal] cusdum: eagla ré san tí [ré ar cóir] eagla: onóir do tí [dár côir] onóir.

8 Ná bíodh fíacha ag áoinneach oraibh achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oir an tí ghrádhaigheas a cho∣mharsa, do choimhlíon se an dligheadh.

9 Oír [na haitheantasa,] Na déna adhaltranus, na déuna dúnmharbhadh, na déuna goid, na déun fíadhnuisi bhréige, na déuna saint, & gach aithne eile [dha bhfuil ann,] atáid go haithghearr fi bhrígh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.

10 Nì dhéanann grádh olc don cho∣mharsain: ar a nadhbharsin [a fé] an grádh coimhlíonadh an dlighe.

Page [unnumbered]

11 Agus sin ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chod∣ladh: óir is goire dhùinn a nois ar slá∣nughadh, na a nuáir do chreideamar.

12 Do chuáidh a noidhche thorainn, & do dhruid an lá rinn. Uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuiream umainn éideadh an tsolais.

13 Siubhlam go cubhaidh amhail sa ló: ní a gcráos, ná a misge, ná a seómradóireachd, ná a macnus, ná a gceannarraic, ná a dthúth.

14 Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Crìosd, agus ná bíodh cúram na colla oraibh a miangusuibh.

CAIB. XIV. Gan oilbheim thabhairt don aithearrach, rè neithibh eidir-mheadhonach.

GAbhaidh chugaibh an tí atá éag∣cruáidh sa gcreideamh, [achd] ní chum ímreasan diosbóireachda.

2 Creididh neach gur féidir gach uile bhíadh dithe: agus ithidh neach eile bhios éugcruáidh, luibheanna.

3 Ná tugadh an té itheas, tarcuisne ar an tí nach itheann; & ná beireadh an tí nach itheann, breath ar an tí itheas. Oír do ghabh Día leis.

4 Cia thusa bheireas breith ar shear∣bhfhoghantuidhe dhuine eile? as dá Thi∣ghearna féin sheasus nó thuiteas sé, Agus coingéubhthar súas é: Oír is éidir lé Día a chongmháil na sheasamh.

5 Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá [mar a chèile.] Biodh gach éunduine sáindearbhtha ann a inntinn féin.

6 An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é: agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tigh∣earna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé; óir beiridh sé buidheachus ré Día: & an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, & beiridh a bhuidhe ré Día.

7 Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éun∣duine aguinn bás.

8 Oir más beó dhùinn, as don Tigh∣earna atámaid beó: agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh. Uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.

9 Oir is chuige so fuáir Críosd bás, & do eiséirghe sé, & do aithbheódhaidh sé chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh, agus ar mharbhaibh.

10 Achd créd sá mbeiteann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhráthair? óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithí∣reach bhreitheamhnuis Chríosd.

11 Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, & sléachdfuidh gach uile ghlùn damh, & do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía.

12 Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dìnn cunntus ar a shon féin do Dhía.

13 Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh breitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime ná tuitme do thabhairt da bhur ndear∣bhrathair.

14 Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainní neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan.

15 Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná coir amugha réd bhiádh an té agá bhfuáir Críosd bás ar a shon.

16 Ar a nadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith do mhaslughadh.

17 Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé, achd firéantachd, & siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad náomh.

18 Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi, atà gean ag Día air, & is dearbhtha ré dáoinibh é.

19 Uime sin leanum na neithe bheanus ré siothcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

20 Ná cuir amugha obair Dé ar son bídh. Go deimhin atá a nuile bhíadh glan: achd téid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim.

21 As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainní tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é.

22 Atá creideamh agadsa: bíodh sé agad leachd féin a bhfíadhnuise Dé. As beannaighe an ti nach damnuigheann é féin, fá an ní ré dtig sé.

23 Achd an tí ar a mbí amhrus, dá nithidh sé, atá sé damanta do bhrígh nach ó chreideamh [itheas sé:] óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh, is peacadh é.

CAIB. XV. Ni fulàir don laìdir a nCcreidimh, an anbfann do Nearthughadh, mar dhearnadh le Criosd.

ATá dfiachaibh orainne an dream atá láidir, éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agas gan ar dtoil féin do leanmhuin.

2 Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum fol∣lamnuighe.

3 Oí ní hí a thoil féin do rinne Criosd, achd do réir mar atá sgríobhtha: Do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa, oramsa.

4 Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so, is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad: ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chumhfhurtachd na sgríobtúr.

5 Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cumhfhurtachda dhaóibh, bheith dháoininntin a dtáobh a chéile, do réir Iósa Críosd.

6 Ionnus go madh héidir libh go háon∣tadhach ré hén bhél amháin, Día athair

Page [unnumbered]

ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.

7 Uime sin gabhaìdh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críod sinne chuige chum glóire Dé.

8 Agus a deirim go raibh Iósa Críosd na mhinistir an timchillghearrtha, ar son fhírinne Dé, chum geallamhnach na naithreach do dhaingniughadh.

9 Agus ionnus go molfadh na ci∣neadhacha Día, ar son a thrócaire: do réir mar atá sgríobhtha; Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm.

10 Agus a deir sé a rís; Déunaidh gáirdeachus, a chineadhacha, maille ré na phobal.

11 Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é.

12 Agus a rìs a deir Esaías; Biàidh frémh Jesse ann, agus an ti éireochas chum na ccineadhach do sdiúradh, cuir∣fid na cineadhacha a ndóthchas ann.

13 Agus go líonaidh Día an dóthchais, sibhse, do gach uile gháirdeachus agus shiothcháin ó chreideamh dháobh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chumhachdaibh an Spiorad náoimh.

14 Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhur dtáobhsa, go bhsuiltí lán do mhaith, ar mbeith dháoibh lìonta do gach uile eólas, & go dtig dháoibh fós a chéile do tbeagusg.

15 Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgrîobh mé chugaibh a gcáil maille ré gné dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an ngrás tugadh dhamh ó Dhía.

16 Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na gcineadhach, ag miniosdralachd foisgêil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha, trés an Spio∣rad náomh.

17 Uime sin atá [adhbhar] gáir∣deachais agam a Niòsa Críosd a ttáobh Dé.

18 Oír ní bhía mé dána ar éainní do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum umhlachda na gcineadhach a mbréithir agus a ngniomh.

19 Maille ré cumhachd chomharthadh, & mhíorbhaileadh, tré neart Spioraide Dé: ionnus gur choimhlîon mé soisgéil Chríosd, ó Jerusalem agus na timcheall, go soithe Illiricum.

20 Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin chum an tsoisgéil do sheanmóru∣ghadh, ní sa nionadn ionar hainmni∣gheadh Críosd, deagla mobair do thog∣bháil damh ar fhunndameint dhuine eile.

21 Achd do réir mar atá sgriobhtha, Do chifid an dream nach bhfuáir a thuarasgbháil è: agus an drong nach ccúalaidh, tuigfid siad.

22 Ar a nadhbharsin fós do cuireadh toirmeasg oram go minic fá theachd dar coinnesi.

23 Achd a nois ó nach bhfuil ionadh ní sa mhó agam sna críochuibhse, agus to fhonn oram ré morán bliadhana, teachd dar nionnsuighse.

24 An tan thríallfus mé don Sháins, tiocfadh mé dá bhur cionn: ôir atá súil a∣gum rê sibhse dfaicsin ag gabhail seacha dhíbh, agus sibhse do theachd riom dom sheóladh don nionadh fin: achd go raibh mé saitheach a gcáil da bhur gcuideachdasa.

25 Achd a nois atáim ag dul go Híarusalém, do dhéanamh miniosdrá∣lachda do na náomhaibh.

26 Oír do bhádar [luchd] Mhacedó∣nia agus Achaia fonnmhar, ar chomh∣ruinn do dhéanamh ris na naomhaibh atá a Niarusalém.

27 Oir bá rothoil rîu é, agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca: Oír má roinneadh ris na cineadhachaibh a neithe sbioradáltasan, atá dfiachaibh orthasan mar an gcêudna miniosdrá∣lachd do dhéanamh dhóibhsion, sna neithibh bheanus ris an gcolainn.

28 Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéula dhamh ar an toradhsa dhôibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn.

29 Agus as deimhin leam ar dteachd dhamh chugaibhse, go dtiocfaidh mé maille re beannachadh líonmhar shois∣géil Chriosd.

30 Agus íarruim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ar Dtighear•••• Iósa, Críosd, agus ar son ghrádha na Spioraide, bhur ndithcheall do dhé∣namh ma ráon riom, a nurnaighibh chum Dé ar mo shon.

31 Chum mo sháortha ón druing ata easumhal a dtír Iúdaighe, agus chum go mbiadh mo sheirbhís taitneamhach ag na náoimh a Níarusalém.

32 Ionnus go madh héidir lean teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh ma ráon ribh.

33 Agus Dia na siothchána maille ribh uile. Amen.

CAIB. XVI. Tar éis fàiltiughadh do mhòran, 17 chuir Pól na mfaireach íad a ttaobh dhaoine connsboideach, contrarrdha.

AChd táobham ribh Phébe ar ndeirbh∣shíur, noch as searbhfhoghantuidhe don neagluis atá a Gcenchreá:

2 Do chum go ngabha sibh ría sa Dtighearna, mar as cubhaidh do náomh∣aibh & cungnamh ría an gach adhbhar iona mbía bhur riachdanus uirthe. Oír tug sí áoidheachd do mhorán, agus dàmhsa féin mar an gcéudna.

3 Fáiltighidh do Phriscilla agus do Acuila, mo luchd cungánta a Níósa Criosd;

4 (Noch do chuir a muinêul féin fios ar son manmasa: dá nach misi amháin do bheir buidheachas, achd fós eag∣luiseacha

Page [unnumbered]

na gcineadhach go hiomlán.)

5 Agus do neagluis atá iona dtigh. Fáiltighidh do Epenetus, as ionmhuin liomsa, agar ab é céudthoradh na Hachaía a Gcriosd.

6 Fáiltighidh do Mhuire noch do rinne sáothar mhór ar dtimcheillne.

7 Fáiltighidh do Andronicus agus Júnia, mo dhaoine gáoil, agus mo chum∣pána príosúin, noch atá oirdheirc eidir na habstalaibh, noch fós do bhí a Gcríosd romhamsa.

8 Fáiltighidh do Amplias mo dhiogh∣raiseach sa Dtighearna.

9 Fáiltighidh do Urbánus ar bhfear cabhartha a Gcríosd, agus do Stachis mo [dhearbhrathair] ionmhuin.

10 Fáiltighidh do Apelles, [noch atá] dearbhtha a Ccríosd. Fáiltighidh do luchd éntighe Aristoboluis.

11 Fáiltighidh do Heródion, mo bhrathair. Fáiltighidh do luchd éntighe Narcissuis, noch atá sa Dtighearna.

12 Fáiltighidh do Thriphéna agus do Thriphósa, mná shaothruigheas sa Dti∣ghearna, Fáiltighidh doPhersis ionmhuin, noch do rinne móran sáothair sa Dtigh∣earna.

13 Fáiltighidh do Ruphus, [duine] toghtha sa Dtighearna, agus da mhá∣thair agus do mo mháthairse.

14 Fáiltighidh do Asincritus, Phlegon, Hermas, Phatrobas, Her∣mes, agus do na dearbhraithribh atá na bhfarradh.

15 Fàiltighidh do Philológus, agus do Julias, do Nereas, agus dà dheirbh∣shiáir, agus do Olimpas, agus do na náomhuibh uile na bhfarradh.

16 Beannaighe féin dá chéile, maille ré póig naomhtha. Cuirid eagluiseacha Chríosd beatha agus sláinte chugaibh.

17 Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma, agus is ciontach ré hoilbhéim do thabhairt úatha, con∣trarrdha don theagasg do fhoghluim sibh: agus seachnaidh íad.

18 Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin: agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré clúain, croidhthe na ndáoine neamh∣urchóideach.

19 Oír ráinic [tuarasgbháil] bhur numhlachdsa, na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maith∣easa, agus neamhurchoidheach a dtaobh a nuilc.

20 Agus bruithfidh Día na síoth∣chána Sátan fàoi bhur gcosaibh go hath∣ghoird. Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.

21 Cuiridh Timotéus mo chompá∣nach, agus Lúcius, agus Jáson, agus So∣sipater, mo dháoine gáoil, beatha agus sláinte chugaibh.

22 Cuirimsi Tertius noch do sgríobh an eipistilse, beatha agus sláinte chu∣gaibh sa Dtighearna.

23 Cuiridh Gaius mósdóir féin agus na heagluisi uile, beatha agus sláinte chu∣gaibh. Cuiridh Erastus prócadóir na caithreach, beatha agus sláinte chugaibh, agus an dearbhrathair Quartus.

24 Grása ar Dtighearna Jósa Críosd maille ribh uile. Amén.

25 Agus a nois don té lér féidir sibh do dhaingniughadh do réir mo shoisgeilsi, agus sheanmóra Iósa Críosd, do réir fhoillsighe na seicréide noch do congmhadh go folaigheach ó thús an domhain:

26 Achd a nois atá ar na nochdadh, agus ar na fhoillsiughadh do na huile chineadhachaibh, tré sgrioptúraibh na bhfaidheagh do réir aithne Dé bhioth∣bhùain, chum umhlachda an chreideimh.

27 Don náoindía eagnaidhe amháin glóir go síorruidhe tré Jósa Críosd. Amén.

O Chorintus do sgriobhadh an eipis∣dilse chum na Romhanach, agus lé Phébe searbhfhoghantuighe eagluisi Chénchrea do cuireadh í.

CEUD EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA CCORINTHIANACH.

CAIB. I. Los cointinne do chosc, 1 S goiridh sè ô shaoibh-cheill an tsaghailse iad, go gliocas na-croiche cêasaidh.

POl, Absdal Jósa Críosd do réir gharma, tre thoil Dé, agus Sostenes [ar] ndearbh∣bhrathaír.

2 Chum eagluise Dé atá a Gcorintus, chum na druinge atá ar na náomhadh a Niósa Criosd, náoimh do réir ghar∣a, maille ris na huile [dháoinibh] ghoireas ann gach éaináit air ainm ar Dtighearaa Iósa Críosd, noch as Tigh∣earna dhoibhsean agus dûínne;

3 Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar nathair, agus ón Dtighearna, Jósa Críosd.

4 Beirim a bhuidhe do ghnáth ré mo Dhía ar bhur sonsa, do tháobh ghrás Dé do tugadh dhíbh a Niôsa Críosd.

5 Ar a nadhbhar go bhfuil sibh ar bhur ndéanamh saidhbhir sna nuile nèi∣thibh thrídsion, ann gach uile urlabhra, & an gach uile eólas.

Page [unnumbered]

6 Do réir mar do dhaingnidheadh fíadhnuisi Iósa Criosd ionnuibh.

7 Ionnas nach bhfuil riachdanas én tiodhluice oraibh, ag fuireach dhibh ré teachd ar Dtighearna Jósa Críosd.

8 Noch fós dhaingneóchas sibh go foircheann [bhur mbeatha, ionnus go mbía sibh] neimhchiontach a ló ar Dtighearna Jósa Críosd.

9 Atá Día díleas tres ar goireadh sibh chum cumuinn a mhic Jósa Crìosd ar Dtighearna.

10 Agus íarruim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ainm ar Dti∣ghearna Iósa Críosd, sibh uile do la∣bhairt éainneithe amháin, & gan siosma do bheith bhur measg: achd a bheith ceangailte dhá chéile go diongmhalta a náoinintinn, agus a náoin chéill.

11 Oír a dhearbhraithreacha do foill∣sigheadh dhamh oraibhsi re luchd tighe Chlóé, go bhfuilid imreasana eadraibh.

12 Ag so a ní a deirim go nabair gach áon agaibhsi; Gabhaimse ré Pól, gabhaimsi ré Hapollos, gabhaimsi ré Céphas, gabhaimsi ré Críosd.

13 An bhfuil Críosd ar na roinn? an é Pòl do céusadh ar bhur son? nò na nainm Phòil do baisdeadh sibh?

14 Beirim a bhuidhe ré Día nár bhaisd mé áoinneach agaibh,, achd Crispus agus Gaius.

15 Deagla go naibeóradh éainneach, gur a mainm féin do bhaisd mé.

16 Gidheadh fós do bhaisd mé muinn∣tir Steapháin: ós a chionn sin ní feasach dhamh gur bhaisd mé áoinneach eile.

17 Oír ní chum baisdigh do dhéunamh do chuir Críosd mé, achd chum an tsoisgéil do sheanmórughadh; ní re gliocas briathar, deagla croichthe Chríosd do chur a neimbrígh.

18 Oír as amadanachd don dreim théid a mugha, briathar na croichthe; achd dhúinne ata air ar slánughadh, as é cumhachda Dé é.

19 Oír atá sgríobhtha, Sgriossaidh mé eagna na ndáoineadh eagnaighe, agus cuirfidh mé ar gcúl tuigse na ndáoineadh dtúigsionach.

20 Cá bhfuil an teagnuidhe? Cá bhfuil an scriobuighe? Cá bhfuil fear tagartha an tsáoghailsi? a né nach dearna Día aimhgliocas do ghliocas an dómhainsi?

21 Oír a neagna Dé, ó nár aithin an sáoghal Día tré eagna, bá toil lé Día tré éigcríonnachd na seanmóra, an dream chreideas do shlánughadh.

22 Agus bíodh go níarraid na Iú∣duighe comhartha, agus go sirid na Gréu∣gaidh eagna.

23 Gidheadh fós do nímidne Críosd ar na chéusadh do sheanmórughadh, na oilbhéim do na Iùduighibh, agus na éigcrìonnachd do na Gréugaibh.

24 Achd don druing atá ar na ngairm eidir Iúdaighe & Ghréugach, Críosd, cumhachd Dé, agus eagna Dé.

25 Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meir∣bheas Dé náid dáoine.

26 Oír, a dhearbhraithreacha, do chi sibh bhur ngairm, nach iomdhá [dhibh] eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cumhachdach, ní hiomdha uasal.

27 Achd do thogh Día neithe éigcrí••••∣na an tsáoghail, chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe: agus thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail, chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara:

28 Agus do thogh Día neithe an∣uaisle an tsáoghail, agus na neithe tar∣cuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbrígh:

29 Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.

30 Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhia dhúinne, na eagna, agus na shi∣réuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhuasgladh:

31 Ionnus do reir mar atá sgriobhtha, An tí do ní máoithfeachus, déunadh sè máoithfeachas sa Dtighearna.

CAIB. II. Gur fearr thuigthear Criosd ar na cheasadh, le obair Spioraid Dé ar an chroidhe, & lé mirbhuilibh; no le ûrlabhra millse.

UIme sin ar dteachd damhsa ch∣gaibh, a dhearbhráithreacha, ní ré hóradh-bríathar, na re gliocas tháinic me dfoillsiughadh fíadhnuise Dé dhibh.

2 Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh.

3 Agus do bhí mé bhur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcriothnughadh mhór.

4 Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóira millseachd bhríathar an ghlio∣cais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chumachda na Spioraidei

5 Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhfa a ngliocas na ndáoine, ach a gcumhachd Dé.

6 Gidheadh fôs lábhramáoid go heag∣nuidhe a measg na ndáoineadh iomlána; bíodh nach do réir eagna an tsáoghailse, nó phrionnsadh an tsáoghailse atá ag dul amugha.

7 Achd labhramáoid eagna Dé a sei∣creid, a neagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne.

8 A neagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth.

9 Ach do réir mar atá sgriobhtha Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas agus nír smuáin croidhe duine, na nei∣the do ullmhuigh Día don druing ghrá∣dhaigheas é.

Page [unnumbered]

10 Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne [íad] tré na Spioraid: Oír sgrúdaigh an Spiorad na huile neithe, agus fòs neithe doimhne Dé.

11 Oír cía hé an neach aga bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd amháin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní bhfuil fios na neitheann is ré Dia ag áoinneach, achd amháin ag Spi∣oraid Dé.

12 Gidheadh ní hé spiorad an tsáo∣ghail do ghabhamairne chugainn, achd an Spiorad atá ó Dhía: ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tiodhlaiceadh dhúinn ó Dhía.

13 Noch fhoillsighemíd mar an gcéad∣na ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbrîathraibh theaguisgeas an Spiorad náomh, ag coimh∣theangal na neitheann spioradálta ré chéile.

14 Achd ni feas don duine nádúrtha na neithe thig ó Spiorad Dé; Oír as aimhghliocas ris íad: agus fós ní féi∣dir leís a bhfios do bheirh aige, do bhrígh gur go sbioradálta aitheantar iad.

15 Gidheadh is léir don duine sbio∣radalta na huile neithe, agus fós ní bhfuil féin sa bhreith áonduine.

16 Oír cía daithin inntinn an Tigh∣earna, noch dó bheuradh teagusg dhó? achd atá inntinn Chríosd aguinne.

CAIB. III. Is comhluchd oibre do Dhia, na Mínisdridh; 11 ach Criosd fein bunait an Chreidimh.

AGus, a dhearbhraithreacha, níor bhféidir leamsa labhairt ribhse mar dháoinibh sbioradálta, achd mar dháoinibh colluidhe, amhuil náoidh∣eanuibh a Gcríosd.

2 Do bheathaidh mé sibh re bainne agus ní ré bíadh: óir níor bhfeidir libh fós [a ghabhail chugaibh:] agus a nois féin ní féidir libh.

3 Oír atá sibh fós colluidhe: Oír ó atá tnúth, agus imreasain, agus aimh∣reiteach eadruibh, a né nach bhfuiltí colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?

4 Oír an tan a deir neach, As lé Pól misi, a né nach bhfuiltí colluidhe?

5 Oír cía hé Pól? agus cía hé Apollos, achd na minisdrí tré ar chrei∣deabhair, agus do réir mar tug an Ti∣ghearna da gach áoinneach?

6 Do phlanndaigh misi, do chraith Apollos an tuisge: achd a sé Día tug an fás.

7 Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroi∣theas an tuisge, achd a Ndía do bheir an fás.

8 Agus is ionnann an tí phlanndai∣gheas, agus an tí chroitheas an tuisge: agus do ghéubhaidh gach áon a thúa∣rasdal do réir a sháothair.

9 Oir is comhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus àit∣reabh Dé.

10 Do reir ghrás Dé tugadh dhamh∣sa do chuir mé an fhonndameint, mar mhaighisdir íulmhar oibre, & tógbhuidh neach eile obair air: Gidheadh tabhradh gach áon dá aire cionnus thógbhus sé a nobair.

11 Oir ní héidir ré háoinneach fonnda∣meint ar bith eile do chur, táobh amuigh [don fhonndameint] atá ar na chur cheaná, eadhon Iósa Críosd.

12 Agus dá dtògbhuidh áoinneach ar an bhfonndameintsi, ór, airgead, clocha uáisle, adhmad, féur, nó connlach:

13 Do dhéuntar obair gach áonduine follus: óir foillseochaidh an lá é do bhrígh go madh léir é ris an dteine. Agus soillseócháidh an teine cionnus bhías obair gach éunduine.

14 Da nanaidh obair áonduine noch do thóg sé ar [an bhfonndameint] do ghéu∣bhaidh sá túarasdal:

15 Má loisgear obair éunduine, ra∣chaidh a sháothar amugha; gidheadh sáorfuighthear é féin, achd sin fós amhuil tré theine.

16 A né nach bhfuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go gcomh∣nuigheann sbiorad Dé ionnaibh?

17 Má thruáilligheann einneach team∣poll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin: óir atá teampoll Dé náomhtha, noch as sibhse.

18 Na mealladh éinneach é féin: má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa sáoghalsa, bíodh sé na a∣madán, ionnus go mbíadh se glic.

19 Oír is aimhghliocas ré Dia glioc∣as an tsáoghalsa: Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin.

20 Agus a rís, Atá a fhios ag an Dtighearna gur díomháoineach smuáin∣tighe na ndáoineadh glioc.

21 Uime sin na déunadh áoinneach máoithfeachas ar dháoinibh: óir is libhse na huile neithe:

22 Da madh é Pol é, nó Apollos, nó Céphas, nó an sáoghal, nó beatha, nó bás, nò na neithe atá do lathair, nó na neithe atá chum teachda, is libhse íad uile.

23 Agus as lé Críosd sibhse, agus as le Día Críosd.

CAIB. IV. Pôl na scàthan dheagh-fheadhmantaigh na Heagluise.

GO madh hamhluidh mheasfus duine sinne mar mhinisdridh Chríosd, agus mar fheadhmantachaibh rùin∣díamhradh Dé.

2 Tuilleadh eile, íarrthar ar na feadhman∣tachaibh go bhfuighthidh neach díleas.

3 Ar mo shonsa, is ro bheag mo shuim a mbreitheamhnus do dhéunamh dháoi∣bhsa oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós ní bheirim breath oram féin.

Page [unnumbered]

4 Oír ní feasach dhamh ní ar bith dhom tháobh féin: gidheadh ní sháo∣rann sin mé: achd a sé an Tighearna an tí is breitheamh oram.

5 Uime sin ná beiridh breith ar áoinnì roimh a nam, nó go dtí an Ti∣ghearna; noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, & nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ô Dhía.

6 Agus a dhearbhraithreacha, do thar∣ruing mé na neithesi chugum fein agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa: chum sibhse dhá fhoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.

7 Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fa ndéanann tú glóir as, mar nach glacfá é?

8 Atá sibh a nois sáitheach: atá sibh a nois ar bhur ndéunamh sáidh∣bhir: do ghnodhaigheabhair rioghachd ionar bhféugmhaisne: agus do bfearr leam go bhfaghadh sibh rioghachd, ionnas go mbeidhmísne fós ar rióghaibh maille ribh.

9 Oír measuim gur chuir Día inne na habsdail dheireannacha amach, mar dhruing atá ar na dteilgean chum báis: óir do rinneadh sgáthán dhínn don tsaoghal, agus dainglibh, agus do dháoinibh.

10 As amadáin sinne ar son Chríosd: achd atá sibhse glic a Gcríosd; atamáoidne éugcruáidh, achd atá sibhse láidir: atá sibhse ag fagháil onóra, agus sinne ag fagháil easonóra.

11 Gus a namsa féin atámáoid ag fagháil ocaruis, agus iótan, & atámáoid lomnochdaigh, agus gabhthar do dhor∣naibh orainn, agus ní bhfuil ionadh comhnuidhe ar bith áirighe aguinn.

12 Agus atámáoid ag fagháil sháo∣thair ag déunamh oibre ría ar lámhuibh féin; an tan mhallaighthear sinn, do bheirmíd ar mbeannachd uáinn: an tan ghérleantar sinn, do bheirmid fulang uáinn.

13 An tan mhaslaighthear sinn, nío∣máoid úrnaighe: atamáoid air ar ndéu∣namh mar shalchar an domhain, mar sgim na nuile nitheann gus a niugh.

14 Ní chum sibhse do náiriughadh sgríobhuim na neithesi, achd mar mo chloinn ionmhuin theagusgim sibh.

15 Oir bíodh go bhfuil deich mile do luchd teaguisg agaibh a Gcriosd, ní híom∣dha fos bhur naithre. Oír is misi do ghin sibh a Niôsa Críosd trés an tsoisgéul.

16 Uime sin íarruim dathchuinge oraibh mo lorg féin do leanmhuin.

17 As chuige so do chuir mé Timo∣teus chugaibh, atá na mhac ghrádhach agum, agus dileas sa Dtighearna, noch chuirfeas a gcuimhne dhíbh mo shlighesi a Gcríosd, do réir mar theaguisgim 〈◊〉〈◊〉 huile eagluifibh an gach éaináit.

18 Achd mar nach dtiocfuinn ní 〈◊〉〈◊〉 mhó chugaibh, atá dream [aguibh] ar nat sùas.

19 Gidheadh do thoil an Tighear•••• ticcfuidh mé chugaibh go haithgheart, agus aitheónuidh mé, ní híad briathra na druinge sin atá ar nat súas, achd a gcumhachda.

20 Oír ní a mbríathraibh atá rioghachd Dé, achd a gcumhachdaibh.

21 Crèud is áill libh? an lé sgú••••fa thiucfas mé chugaibh, no ré gradh, agus ré spioraid cheannsa?

CAIB. V. An duine colach do choinneal-bhàthadh, 8 drochmhein do chlaói thríd amach, 〈◊〉〈◊〉 ghabhthar an cumaóineach.

ATá sé dhá aithris go coitcheann 〈◊〉〈◊〉 bhfuil sdríopachas eadruibh, agus a ionnshamhuil do sdríopachas nach ai∣mnighthear a measg na gcineadhach fé••••, eadhon go mbíadh bean a nathar ag an mac.

2 Agus atá sibh ar nat súas, ag•••• nior ghabh dóbrón sibh mar budh coir, chum fhir déunta an ghníomhasa do thogbháil as bhur lár.

3 Oír go deimhin do bhreathnuigh misi cheana, mar neach nách bhfuil a láthair a bpearsuinn, achd atá a lathair a sbioraid, amhuil mar do bhéinn a láthair, an tí do rinne mar so an gniomhsa.

4 Ar mbeith dhíbhse & dom spioraidse cruinn a bhfochair a chéile a nainm ar Dtighearna Iósa Críosd, maille ré cumhachd ar Dtighearna Jósa Críosd,

5 Ionnshamhail a nfirsin do thoirbhrt do Shátan, chum na colla do cháochludh, iónnus go saorfuidhe an sbiorad a ló as Tighearna Jósa.

6 Ní bhfuil bhur ngáirdeachus ion∣mholta. A né nach bhfuil a fhios aguibh go ngéruigheann beagán laibhín as táos uile?

7 Uime sin sgriosaidh uáibh an sean láibhín, ionnus go mbíadh sibh bhur dtáos núadh, amháil atá sibh gan laibh•••• Oîr fuáir Críosd ar [núan] cásgne, a iodhbairt air ar son.

8 Ar a nadhbharsin déunam an fhês∣da choimhéud, ni ré seanlaibhín, na ré laibhín uilc agus droichmhéine: achd ré harán fhíorghloine agus fírinne ga laibhín.

9 Do sgríobh mé chugaibh a leitir, ga bheith dhibh a gcaidreabh sdríopach:

10 Achd ní híad sdríopacha an tsáo∣ghailse go huilidhe, nâid a dháoine fann∣tacha, naid a luchd sracaireachda, náid a luchd iodhaladhruidh: óir da madh íad, do chaithfeadh sibh an saoghal dfágbhail.

11 Achd a nois do sgriobh mé cha∣gaibh gan chaidreabh do dhéanamb, ná bhíonn éainneach dá ngoirthear dear∣bhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine

Page [unnumbered]

shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, 〈◊〉〈◊〉 na fhear misge, nó na fhear fúad∣••••ghe; ná caithidh fíu an bhídh na fho∣hair.

12 Oír créud í mo chuidse do bhrei∣••••eamhnus do thabhairt ar an druing atá ••••••••igh? a né nách air an druing atá a ••••gh do bheir sibhse breitheamhnus?

13 Achd do ní Día breitheamhnus ar an ••••••ing atá amuigh. Uime sin tógbhuidhsi ••••bh as bhur lár an drochdhuine sin.

CAIB. VI. ••••reagthar agardais chur fa bhreith na neimh∣chreidmheach, 15 & trúailleadh an chuirp, noch is teampall Spioradalta do Chriosd.

AN lamhann éinneach aguibh, agá bhfuil cúis a naghaidh dhuine elle, 〈◊〉〈◊〉 dul sáoi bhreithehmhnus na náomh, achd na ndáoine míochothrom?

2 A né nách bfuil a fhios aguibh go béuraid na náoimh breath ar an do∣han? & más ribhse bheirthar breath ar 〈◊〉〈◊〉 domhan, a né nach fíu sibh bheith ••••••r mbreitheamhnuibh ar na hadhbha∣raibh is lugha?

3 Nach fios díbh go mbéaramne brei∣theamhnus ar na hainglibh? créud fá ach mó ná sin ar na neíthibh bheanus ris an mbeathaidh si?

4 Uime sin ó tá sibh a nionadh brei∣theamhnuis do dhéunamh ar na neithibh bheanus ris an mbeathaidh so, cuiridh na suidhe chum bhreitheamhnuis an dream atá fá tharcuisne sa neagluis.

5 As do chur adhnáire oraibh do labh∣ruim. An mar sin nach bfuil go fìu éunduine amháin eagnuidhe eadruibh dá dtiocfadh breitheamhnus do dhéunamh eidir a dhearbhráithre.

6 Achd téid dearbhráthair chum dli∣ghe ré dearbhráthair [eile], agus sin fós a lathair dháoine gan chreideamh.

7 Uime sin a nois atá lochd go cinnte ionnuibh, tré dhul díbh chum dlighe ead∣ruibh féin. Créd fá nách bhfuilngthí éug∣cóir ní as táosga? créd fa nách bhfuil∣agthí bhur mealladh ní as luàighthe?

8 Gidheadh fós do ní sibh féin éug∣cóir agus díoghbháil, agus sin ar bhur dearbhráithribh.

9 A né nach bhfuil a fhios aguibh, nach bhfaghuid luchd déanta na heugcóra sealbh rioghachda Dé? ná mealltar sibh. Ní bhfuighidh sdríopthacha, na luchd io∣dhaladhruidh, na luchd adhaltrannais, nà dáoine macnusacha, ná dáoine míona∣dúrtha.

10 Ná gaduighthe, ná dáoine sanntacha, nà luchd misge, na luchd imdheargtha, ••••áid sracaireadha, oidhreachd rioghach∣da Dé.

11 Agus mar so do bhí cuid agaibhse: achd atá sibh ar bhur nionnladh, achd atá sibh ar bhur náomhadh, achd atá sibh ar bhur sáoradh, a nainm an Tighearna Jósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.

12 Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd ní bhfuilid uile tar∣bhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní béarthar fáoi chumh∣achda éinneithe mé.

13 An bíadh don bholg agus an bólg don bhíadh: gidheadh sgriosfuidh Día íad ar áon. Achd ní do sdrìopachas [do hórduigheadh] an corp, achd don Tigh∣earna, agus an Tighearna don chorp.

14 Agus do thóg Día, an Tighearna súas, agus tóigeabhaidh sé sinne súas ré na chumhachdaibh féin mar an gcéadna.

15 A né nach bhfuil a fhios aguibh gur boill do Chríosd bhur gcuirp? uime sin an dtoigeubháidh misi boill Chríosd chum ball sdríopaidhe do dhéunamh dhíobh? nár léige Día sin.

16 A né nách bhfuil a fhios aguibh, an tí atá ceangailte do sdríopaidh, gur éunchorp [ria] é? óir Bíaidh, ar sé, días na naóinfheóil.

17 Gidheadh an tí atá ceangailte don Tighearna, is áoinspiorad [ris] é.

18 Seachnuidh sdríopachas. Atá gach peacadh dá ndéanann duine leith amuigh don chorp: achd an tí do ní sdríopachas, do ní sé peacadh a naghaidh a choirp féin.

19 A né nach bhfuil a fhios águibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh féin sibh?

20 Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glôir do Dhía, ré bhur gcorp, agus ré bhur Spioraid, óir is lé Día íad.

CAIB. VII. Freagra na'cceisde attaobh posadh, 18 Ghairnt nó oifige dhuine, 25 & Gheanmnuidheachd.

TUilleadh eile a dtáobh ná neitheann do sgríobh sibh chugam: is maith dfear gan buáin ré mnáoi.

2 Gidheadh do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, & a fear féin ag gach éunmhnáoi.

3 Tugadh an fear a dúalghus féin don mhnáoi: águs an bhean don fhior mar an gcéudna.

4 Ni ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.

5 Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh, agus dúrnaighe: agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhghean∣mnuidheachd.

6 Achd is mar chomhairle a deirim so ribh, agus ní mar áithne.

7 Oír do bfearr leam go mbíadh na huile dháoine mar mé féin: gidheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach mar so, agus ag neach eile mar súd.

8 Uime sin a deirim ris an druing nach bhfuil pósda, agus ris na bain∣treabhachaibh

Page [unnumbered]

gur maith dhóibh mà fha∣nuid síad mar fhanuimse.

9 Gidheadh muna féidir ríu íad féin do chongmháil geanmnuidh, pósadh síad: óir as fearr pósadh ná bheith ar la∣sadh.

10 Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealugh∣adh ré na fear.

11 Achd má dhealuigheann sí [ris] fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear; agus ná ligeadh an fear a bhean.

12 Achd a deirimsi re cách, [agus] ní hé an Tighearna: Dá raibh bean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, & go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.

13 Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é.

14 Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha.

15 Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuigh∣the: ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbh∣shíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: ach is chum siothchána do ghoir Día sinn.

16 Oír gá fios duit a bhean, nach sláineochthá an fear? nó gá fios duit a fhir, nách slainneochthá an bhean?

17 Achd do réir mar do roinn Día [a thiodhlaice] ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.

18 An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha? ná híar∣radh sé a bheith neimhthimchillghearr∣tha: an bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha? ná timchillghéarrthar é.

19 Ní bhfuil éifeachd sa timchillghear∣radh, & ní fhuil éifeachd sá neimhthim∣chillghearradh, achd a gcoimhéud ai∣theantadh Dé.

20 Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.

21 Nar goireadh thû ad shearbhfho∣ghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.

22 Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna, is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm ar mbeith dhó sáor, as fearbhfhoghantui∣dhe do Chríosd é.

23 Do ceannchadh sibh ar lúach, ná bí∣ghidh bhur séirbhiseachuibh do dháoínibh

24 A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.

25 Achd a dtáobh na maighdean, bhfuil áithne an Tighearna agam: g•••• eadh do bheirim comhairle, mar n fuáir trócaire ón Dtighearna ré b díleas.

26 Uime sin sáoilim gur maith so son an riachdanuis atá do lathair, óir maith do dhuine bheith mar sin.

27 An bhfuil tú ceangailte do mh na híarr dealadh [ría.] An bhfuil sgáoilti ó mhnáoi? ná híarr bean.

28 Achd fós ma phósann tú, ni bh peacadh dhuit ann: & má phósann ma••••••∣dean, ní bhfuil peacadh dhi ann: gidh do gheubhaid a leithid so buáidhirt 〈◊〉〈◊〉 tháobh na feóla: achd atáimse dá h•••••• ccoigilt.

29 As uime a deirim so, a dhearbh••••∣threacha, do bhrígh na haimsire •••• bheith aithghearr: ionnus go mbíadh •••• drung agá bhfuilid mná, mar nach b•••••• [mná] acá:

30 Agus an dream do ní cáoi, na dhruing nach déun cáoi; agus an dre do nî gáirdeachus, mar luchd nach dé gáirdeachus: agus an dream cheanoc•••• mar dháoinibh gan sealbh aca:

31 Agus an dream chaitheas an saogh mar dhruing nach ccaitheann é: óir in∣thigh sgéimh an tsáoghailse thart.

32 Agus bá mian leam sibhse do bhe•••• gan rochùram. An té nach bí pósda, 〈◊〉〈◊〉 cúram na néitheann bheanus ris •••• Tighearna air, cionnus budh fhéidir ri toil an Tighearna do dhéunamh:

33 Achd an té bhíos pósda, bí cúr na neitheann sáoghalta air; cion búdh fhéidir leis toil a mhná do d namh: atá dithfir eatorra.

34 Agus bí curam na neitheann bh∣nus ris an Dtighearna ar an mnáoi & 〈◊〉〈◊〉 an maighdin nach bì pósda, ionnus •••• mbíadh sí náomhtha a gcorp agus spioraid: achd bí cùram na neithea bheanus ris an sáoghal ar an mn•••••• bhíos pósda, cionnus búdh fhéidir a toil a fir do dhéunamh.

35 Agus is ar mhaith libhse a deii na neithesi: ní chum bhur ngabhala a ndul, achd ionnus go cceangalfadh f••••h don Tighearna go cneasda gan triobl••••d.

36 Achd dá sáoilidh éinneach nach io∣chubhaidh dhá mhaighdin bláth a hai∣sire do léigean tháirrsi, & gur cóir a dhéa∣namh mar sin: déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pòsdar íad.

37 Achd an tí atá dearbhtha a a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachda, agus fhéudus a thoil fèin do chea••••∣ghadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe, a mhaighdean do choimhé••••, is maith do ní sé é.

38 Uime sin is maith do ní an té do bheir dfior [î:] achd is fearr do n a té nách tabhair dfior [í.]

39 Atá an bhean ceangailte ó dhligh∣eadh ar feadh sháoghail a fir: gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá si

Page [unnumbered]

sáor ré pósadh ris an tí as áill ría: mháin sa Dtighearna.

40 Achd do réir mar sháoilimse, as ó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.

CAIB. VIII. Gu bbfuil ar Neòlas insdiûradh le Grádhglan.

TUilleadh eíle a dtàobh na neith∣eann iodhbarthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn go bhfuil éolus aguinn uile. Arduighe an teólus inntìnn dhuine, achd do ní an grádh follamnughadh.

2 Achd màs dóigh ré héunduine fios é••••eithe do bheith aige, ní feas dó fós éinní, do réir mar búdh chóir fios do bheith aige.

3 Achd dá dtuguidh éinneach grádh do Dhía, as eólghach dhô é.

4 Uimesin a dtáobh ithe bhídh iodh∣barthar diodhaluibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil éifeachd ar bith a nio∣dhail, agus nach bhfuil Día eile ann, achd an táon Día.

5 Oír bíodh go bhfuilid [neithe ann] dá ngoirthear Dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad Dée, agus iomad tighearnadh.)

6 Gidheadh [ní bhfuil] aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó bhfuilid a huile neithe, & sinne annsan: & éin-Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, & sinne thrídsion.

7 Gidheadh ní fhuil an teòlus sin ag gach éunduine: Oir atá dream áirighe agâ bhfuil fios na hiodhaile gus a nois, itheas é mar ní iodhbarthar diodhaluibh: agus ar mbeith dà ccoinnsiàs éugcruàidh, salaighthear é.

8 Achd ní moltar sinn ar son bídh a bhfíadhnuise Dé: òir dà nítheam, ní saidhbhride sinn é eagus muna nitheam, ní dàibhride sinn é.

9 Gidheadh tugaidh bhur naire ribh ach biàidh an cumhachdasa atà aguibh, a gcàil ar bith, na adhbhar oilbhéime don druing atà lag.

10 Oír da bhfaicidh éunduine thusa agà bhfuil eólas, ad shuidhe ar bhórd a dteampoll na niodhal, a né nach neirteó∣thar connsías an tî atà meiribh, chum na neitheann iodhbarthar diodhaluibh ithe?

11 Agus do bhrígh heóluise, an ra∣chaidh an dearbhràthair éugcruáidh a∣mugha, agà bhfúair Críosd bàs ar a shon?

12 Agus mar sin ag peacughadh dhíbh a naghaidh na ndearbhraithreach, & ag lot a ccoinnsiàis éugcruàidh, do ní sibh peacadh a naghaidh Chríosd.

13 Uime sin dà dtugaidh bíadh adh∣bhar oilbhéime dom dhearbhràthair, ní osaídh mé feóil go bràth, ionnus nach ••••iubhrainn adhbhar oilbhéime dom dhearbhràthair.

CAIB IX. Camas na Neasbal. 7 Beathughadh na Minisdreadh, 24 & an bheathasa mar choimbliong.

A Né nách easbal misi? a né nach bhfuilim sàor? a né nach bhfacaidh mé Jósa Críosd ar Dtighearna? a né nach sibhse mobair sa Tighearna?

2 Bíodh nach easbal mé do dháoinibh eile, go dearbhtha a seadh dháoibhse: Oír as sibhse séula mabsdaltachda sa Ti∣ghearna.

3 A sí so mo fhreagra don druing chuirfeas ceisd oram,

4 A né nach bhfuil cumhachd ithe & ibhthe aguinne?

5 A né nach bhfuil cumhachd aguinn bean ná deirbhshiúr do bhreith linn fá gcuairt, amháil do níd an chuid eile do na habsdalabh, & bráithreacha an Ti∣ghearna, & Céphas?

6 Nó an bhfuilimse amháin agus Bar∣nabas gan chumhachd aguinn bheith sáor ó obair?

7 Cîa théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamh∣uìn, & nach itheann féin dá toradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?

8 An mar dhuine labhrum na neithe∣so? a né nach abair an reachd na nei∣thesi mar an gcéudna?

9 Oír atá sgriobhtha a reachd Mháoisi; Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhri∣seas an tarbhar. An bhfuil cúram damh ar Dhía?

10 Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a deir sé [so?] go deimhin as air ar soinne atá sé sgríobhtha: Oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire, treabhadh do dhéanamh: & don bhuáil∣teóir [búaladh,] a muinighin go bhfui∣gheadh sé tairbhe a dhóthchais.

11 Má shiólchuir sinne neithe sbiora∣dálta dháoibhse, an mór [libhsi] sinne do bhuáin bhur neitheann sáoghaltasa?

12 Má gheibhid dáoine eile toradh an chumhachdasa uáibh, créud fá nách bhfui∣ghemisne é ní sa mhò? gidheadh nìor chuireamar na cumhachdasa a ngnás: achd iomchramáoid na huile neithe, ionnus nach dtiocfadh dhínn toirmeasg ar bith do chur ar shoisgéul Chríosd.

13 A né nách bhfuil a fhios aguibh, an dream sháothruigheas a dtimcheall na neitheann náomhtha, go níthid siad do neithibh an teampoill? agus an dream bhíos do ghnáth ag fritheoladh na hal∣tóra, go bhfaghaid cuid ranna don naltóir?

14 As mar an gcéudna do órdaigh an Tighearna don druing fhoillsigheas an soisgéul, a mbeatha dfaghàil on tsoisgéul.

15 Gidheadh níor chuir misi éinní dhíobh so a ngnás. Agus fós ní huime do sgríobh mé na neithesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: Oir do bhfearr leam bás dfagháil, ná go ccuirfeadh éainneach mo mháoithfea∣chus a neimbrígh.

16 Oír bíodh go ndéanuinn an sois∣géul

Page [unnumbered]

do sheanmôrughadh, ní bhfuil [adh∣bhar] máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; Agus as trúagh dhamh muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh.

17 Oír más ó thoil do ním so, atá lúaidheachd agam: achd más a nadh∣aigh mo thoile, atá [fós] a chúram ar na léigean táobh ríom.

18 Uime sin créd í mo lùaidheachd? Go firinneach soisgéul Chríosd do tha∣bhairt uáim a naisgidh an tan sheanmó∣ruim é, do chum gan na cumhachda atà agam sa tsoisgél dísliughadh.

19 Oír bìodh go bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, do rinne mé searbh∣fhoghantuidhe dhíom féin do na huile dháoinibh, chum ní sa mhó do gno∣dhughadh dhamh:

20 Agus do bhí mé mar Júduighe do na Júduighibh, chum na Niúduigheadh do ghnodhughadh: don druing atá fáoi an reachd, amhuil [mar bheinn] fáoi an reachd chum na druinge atá fáoi an reachd do ghnódhughadh dhamh:

21 Don druing atá gan reachd, mar [do bhéinn] gan reachd (bíodh nach bhfuilim gan reachd do tháobh Dé, achd umhal do reachd Chríosd) chum na druinge gan reachd do ghnodhughadh dhamh.

22 Do bhí mé do na dáoinibh anbhfann mar dhuine anbhfann, amhuil [mar do bheinn] meirbh, chun na ndáoine anbh∣fann do ghnodhughadh dhamh: Do bhí mé sa nuile chruth do na huile dhaói∣nibh, chum go sáorfuinn cuid éigin ar gach uile chor.

23 Agus as ar son an tsoisgéil do ním so, ionnus go mbíadh cuid agum dhe màráon ribhse.

24 A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhrith ré chéile, go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh.

25 Agus gach áon chleachdussbáirn, is measardha é sna huile neithibh: Agus is uime do níd siadsan sin, chum coróine truáillighe dfagháil: achd inne chum coróine neamhthruáillighe.

26 Uime sin as amhluidh riothaimsi, ní mar fá thuáirim: as amhluidh do nim sbáirn, ní mar neach bhuáileas an taiéur.

27 Achd sgíursaim an cholann, agus do bheirim fâ umhlachd í: deagla ar éun∣chor ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, go ccuirfidh mé féin air ccúl.

CAIB. X. Gurab peacadh uaibhreach, & iodholadhradh, fleadh na ndeamhan; 21 Creideamh & Grádh, bord Chríosd.

TUilleadh eile fós a dhearbhraithrea∣cha, ní háill leam bheith dhibh ainbhfeasach, go rabhadar ar naithre uile fáoi an néul, agus go ndeachadar uile thríd a bhfairge:

2 Agus gur baisdeadh íad uile lé Má•••••• sa néull, agus sa bhfáirrge:

3 Agus gur itheadar uile áon bhia•••• amháin sbioradálta:

4 Agus gur ibheadar uile dáoind•••••• amháin sbioradálta: Oír do ibhead•••• don charruic sbioradálta do lean [íad] agus dob í an charruic sin Críosd.

5 Achd ní raibh Día réidh ré mó∣rán aca: óir do sgriosadh íad sa bhfásach.

6 Atáid na neithesi a nois na neí∣siompláiribh aguinne, ionnus nách bía•••• fonn droichneithe orainne, amhail do bhí orrthasan.

7 Uime sin na bíghidhsi bhur 〈◊〉〈◊〉 iodhaladhruigh, mar do bhí dream aca∣san, amhail atá sgríobhtha; Do sh•••••• an pobal sios chum ithe, agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh ch•••• súgartha.

8 Agus ná déanaimne sdríopachas, a∣mhuil do rinneadar cuid acasan, agus •••• thuiteadar a néunló, trí mhíle s••••∣chiot [pearsa.]

9 Agus ná cuireamne cathughadh a Chríosd, amhuil do chuireadar cuid aca∣san, agus do sgriosadh íad ré haithrea∣chaibh neimhe.

10 Agus na déunaidhsi munmhur, a∣mhuil do rinneadar cuid acasan, & do sgriosadh íad ris an sgriosdóir.

11 Agus tárla na neithesi uile dhóib∣sion na neisiompláraibh: agus is chu fógartha do thabhairt dúinne, at a rug deireadh an domhuin, do sgr••••∣bhadh íad.

12 Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh, tugadh aire ris féin, deagla go∣bhfuigheadh sé leagadh.

13 Ní thárla cathughadh [ar bith] dhíbh, achd an cathughadh leanus gach áon: & atá Dìa firinneach, nách bhfi∣leóngaidh cathughadh do chur oraibh •••• cionn bhur neirt, achd do dhéuna sé slighe dhíbh ann sa gcathughadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.

14 Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.

15 Labhruim, mar [laibheóruinn] ré dáoinibh tuigsionacha: beiridh fé•••• breith air a ni labhruim.

16 A nê nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd, do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoi choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?

17 Oír as áonarán, agus áonchorp sinne [bíodh go bhfuilmíd] morán, do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.

18 Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nach bí cuid ronna don naltóir, ag an druing itheas na hiódhbartha?

19 Uime sin créud a deirim? a né go bhfuil éifeachd sa niodhail, nó go bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar dio∣dhaluibh?

Page [unnumbered]

20 Achd [a deirim] gur do dhia∣bhlaibh iodhbruid na cineadhacha na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.

21 Ni héidir libh cupán an Tighearna ibhe, agus cupán na ndeamhan: ní héi∣dir libh comhruinn bhuird an Tighear∣na dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

22 An bhfuilmíd ag brosdughadh an Tighearna chum feirge? an treisi linne nà leision?

23 Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní bhfuilid uile tar∣bhach: atáid na huile neithe dlisdea∣nach dhamh, gidheadh ní fhollamnui∣ghid uile.

24 Nár ab é a ní bheanus ris féin shir∣seas neach ar bith, ach fireadh gach áon a ní rachus a sochar dá chomharsuin.

25 Ithidh gach ní reacthar sa margadh, gan cheisd ar bith do tháoibh choinnsiáis.

26 Oir as leis an Dtighearna an ta∣lamh, gon a lionmhaireachd.

27 Agus dá dtugaidh éunduine don dru∣ing atá gan chreideamh, cuíreadh dhíbh, & go madh toil libh dul riu: Ithidh gach ní churthar bhur bhfíadhnuisi, gan cheisd ar bith do chur do tháobh coinnsiáis.

28 Gidheadh dá nabrudh éunduine ribh, Is diodhaluibh do híodhbradh so, ná háthidh [é,] ar son an ti do fhoillsigh dhíbh é, & ar son coinnsiás: Oír as leis an Tighearna an talamh, gon a líon∣mhaireachd.

29 Agus ní hé do choinnsiás a deirim, achd choinnsías an duine eile sin: Oír créud fá a ndaimeóntáoi mo sháoirse ré coinnsías dhuine eile.

30 Agus más tré ghrás Dé ránntar riom∣sa é, créud fá labharthar go holc oram, ar son a neithe fá dtugam buidheachas?

31 Uime sin mas ithe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéa∣na sibh na huile neithe.

32 Ná tábhruidh adhbhar oilbhéime do na Júduigheadhaibh, ná do na Gréu∣gachaibh, ná deagluis Dé.

33 Do réir már do nímse toil gach áoin sna huile neithibh, agus ni díar∣raidh eudála dhamh féin, achd do mhorán, chum a slánaighthe.

CAIB. XI. Ceann an fhir do nochdadh sa neireachd, 5 ceann na mná fá fholach. 21 cleachda ne∣amh-naomhtha an chumainigh 23 ar na athdhorghadh.

BIghidh bhur luchd leanmhana dhamhsá, do réir mar atáimse do Chríosd.

2 Agus moluim sibh a dhearbhrái∣threacha, fá choimhne do bheith aguibh oram sna huile neithibh, agus fá bheith dhíbh ag coimhéud na norduightheadh, amhuil tug mé dhíbh [íad.]

3 Gidheadh as mian riom a fhios do bheith aguìbh, gurab é Criosd ceann gach fir: & gur ab é an fear ceann na mná: & gur ab é Día ceann Chríosd.

4 Gach uile fhear agá mbí folach ar a cheann, ag urnaighe dhó, nó ag fáidhea∣dóireachd, do bheir sé easonóir dhá cheann.

5 Gidheadh gach bean agá mbí a ceann nochdaighe, ag urnaighe nó ag fáidhea∣dóireachd dhi, do bhéir sí náire dhá ceann, óir is ionann sin agus a bheith beárrtha dhi.

6 Oir muna raibh folach ar cheann na mná, beárrthar í mar an gcéudna: achd mas gránna do mhnáoi bheith beárrtha, nó lom, cuireadh si folach uirthe.

7 Oír ní cóir don fhior a cheann dfo∣lach, do bhrìgh gur ab é iomháigh ghlóire Dé é: achd a sí an bhean glóir an fhir.

8 Oír ní ón mhnáoi an fear: achd ón fhior an bhean.

9 Oír ní ar son na mná do cru∣thuigheadh an fear: achd an bhean ar son a nfir.

10 Uime sin, is cóir don mhnáoi folach do bheith ar a ceann, arson na naingeal.

11 Gidheadh ní [bhfuil] an fear a néugmhais na mná, ná an bhean a néug∣mhais a nfir, sa Dtighearna.

12 Oír amhail mar is ón bhfear an bhean, mar an gcéudna as tríd an mnáoi an fear: achd is ò Dhía na huile neithe.

13 Measaidh ionnuibh féin, an cubhaidh do mhnáoi gan folach [ar a ceann,] Dia do ghuidhe?

14 A né nach bhfuil an nádùr féin dá theagusg dhìbh, gur nár dfior gruág fhada do bheith air?

15 Gidheadh dá raibh grúag fhada ar mhnáoi, as glóir dhi é: òir is mar fho∣lach tugadh a grúag dhi.

16 Ach ma bhíonn éanduine cointin∣neach, ní bhfuil a leithid sin do ghnás aguinne, nó ag eagluisibh Dé.

17 Agus agá fhoillsiughadh so dhamh, ní mholaim sibh, fá theachd a gceann a chéile dhibh, ní chum bhur leasa, ach chum bhur naimhleasa.

18 Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siosmadha eadruibh, agus creidim é a ccáil.

19 Oír is éigin fòs Eiriceachd do bheith bhur measgsa, chum na druinge atá dearbhtha eadruibh bheith follus,

20 Uime sin ar gcruinniughadh dhibh a gceann a chéile, ní hé sin suipéir an Ti∣ghearna do chaitheamh.

21 Oir ithidh gach á on a shuipéir féin air tûs, & bí ocarus ar dhuine aguibh, & duine eile ar misge.

22 A né nach bhfuil tighthe aguibh chum ithe, agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluifi Dé, & ag tabhairt náire don druing atá gan éainni? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.

23 Oìr is ón Dtighearna fuàir misi a ni thug mé dhîbhse mar an gcéudna,

Page [unnumbered]

gur ghlac an Tighearna Josa arán sa noidhche ionar braitheadh é:

24 Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé [é,] agus a dubhairt sé, Gla∣caidh, ithidh: a sé so mo chorpsa bhris∣dear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa.

25 Agus an cupán mar an gcéudna tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa trém fhuilse: déunaidh so, dhá mhioncachd ibthi [é,] mar choimhniughadh oramsa.

26 Oír ní bhfuil dá mhionca íosas sibh an taránsa, agus iobhthas sibh an cupánsa, nach bhfoillsigheann sibh bás an Tighearna, go teachd dhó.

27 Uime sin gidh bhé íosas an ta∣ránsa, nó íobhthas cupán an Tighearna go neimhiomchubhaidh, biáidh sé cionn∣tach do chorp & dfuil an Tighearna.

28 Ar a nadhbharsin dearbhadh gach áonduine é féin, agus mar sin itheadh sé do naránsa, & ibheadh don chupánsa.

29 Oír gidh bé itheas agus ibheas go neimhiomchubhaidh, ithidh agus ibhidh sé damnughadh dho féin, an tan nach déun sé eidirdhealughadh eidir chorp an Tighearna [agus bhíadh eile.]

30 Dá bhrígh so atáid morán meirbh agus ar dhíth neirt eadruibh, agus mo∣rán ar néug.

31 Oír dá mbeith breathnughadh a∣guinn oruinn féin, ni bhéarthaoi breath oruinn.

32 Gidheadh an tan bheirthear breath oruinn, is ris an Tighearna smachdaigh∣thear sinn, deagla ar ndamnaighthe maille ris a tsáoghal.

33 Uime sin a dhearbhràithreacha, ar dteachd díbh a gceann a chéile chum ithe, fuirighidh ré chéile.

34 Agus dà ràibh ocarus ar éinneach, itheadh sé agá thigh, deagla theachd dàoibh a gceann a chéile chum dam∣naighthe: agus ar dteachd damh cuirse mé gach ní eile a nórdughadh.

CAIB. XII. Gu bfuil na ticdhluicte neimh-ionann arson tairbhe na nuile, 12 mar bhallaibh an chuirp nadurdha.

AChd a dtáobh neithibh spioradálta, a dhearbhràithreacha, ní hàill leam bheith dhàoibh ainbhfeasach.

2 Atà a fhios aguibh, go rabhabhair bhur gcineadhachaibh, ar bhur dtarruing go hiodhaluibh balbha, do réir mar do treóruigheadh sibh.

3 Uime sin foillsighim dhàoibh, nach abair éinneach labhrus ó Spioruid Dé, Jó∣sa do bheíth mallaighe: agus nach féidir dáoinneach a ràdh gur bé Jósa an Tighear∣na, achd trés an Sbiorad nàomh.

4 Atàid tiodhlaice éugsamhla ann, achd ni bhfuil achd ein Sbiorad amh∣áin.

5 Agus atáid miniosdràlachda éug∣samhla ann, gidheadh ní bhfuil achd éin Tighearna amhàin.

6 Agus atà oibriughadh éugsamhla ann, gidheadh a sé an táon Ndía o•••• righeas na huile neithe, sna huilibh.

7 Agus do gheibh gach áon foill••••∣ghadh na Sbioraide, chum tairbhe.

8 Oír do gheibh neach brìathar ea•••••• trés an Sbioruid, agus neach eile br••••∣thar eóluis trés an sbioraide chéudna:

9 Neach eile creideamh trés an Sbio∣ruid chéudna: agus neach eile tabhart leighis, trés an Sbioruíd chéudna: ag•••• neach éile oibriughadh míorbhuileadh: & neach eile faidheadóireachd: ag•••• neach eile breathnughadh sbiorad:

10 Agus neach eile [morán] do gh••••••∣thibh teangthadh: agus neach eile mí∣niughadh teangthadh.

11 Agus as Aoinsbiorad amháin oib∣righeas na neithesi uile, ag roinn ré gach àon só leith, do réir mar as á•••• ris.

12 Oír amhuil mar as àon an corp, agus moràn do bhallaibh aige, & bui•••• a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amhàin, as mar an gcéudna atà Críosd.

13 Oír is tré Aoinsbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, màs Iúduighe sinn, nó Gréugaigh, màs sàor nó daor sinn: agus tugadh deoch dhúinn uile r a hibhe chum éin Sbioruide.

14 Oir ní héanbhall an corp, achd moràn.

15 Dà nabradh an chos, Do bhrígh nàch mé an lámh, ni don chorp mé: a né nach don chorp í ar a shon sin?

16 Agus dà nabradh an chlúas, Do bhrígh nàch mé an tsúil, ní don chorp mé: a né nàch don chorp í ar a shon sn?

17 Dà [mbíadh] an corp uile na shúil, cà hàit [a mbiadh] an téisdeachd? dà [mbíadh sé] uile na éisdeachd, cà hàit a mbíadh an boltanus?

18 Achd a nois do chuir Día na bill sa gcorp, gach ball díobh fó léith, do réir a thola féin.

19 Achd dà mbeidís uile na néunbhall, cà háit [a mbiadh] an corp?

20 Gidheadh a nois [atàid síad] na moràn ball, [bíodh nach bhfuil] achd énchorp amhàin.

21 Agus ní héidir ris an tsúil a ràdh ris an làimh, Ní bhfuil feidhm agum ort: nó a rís don cheand ris na cosaibh, Ní bhfuil féidhm agum oraibhse.

22 Achd go mórmhór buill an chuirp, ré ar cosmhuile bheith ró lag, atà seidhm orrtha.

23 Agus is ar bhallaibh an chuirp noch shàoilmid do bheith neamhonó∣rach, as mò chuirmíd donóir: agus ar na [ballaibh] as neimhdheisi aguinn, as mô chuirmid do dheisi.

24 Oír ní bhí ar mbuill deasa na riachdanus: achd do chomuisg Día an corp ar a chéile, ar dtabhairt na honóra as mó don chúid ó dteas∣daigh si.

25 Ionnus nach bìadh siosma sa

Page [unnumbered]

gcorp, achd go mbíadh an cúram céud∣na ag na ballaibh ar son a chéile.

26 Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buill uile; nó dá bhfa∣ghuidh éunbhall onóir, do níd na buill ••••lè gáirdeachas má ráon ris.

27 Agus as sibhse corp Chríosd, agus buill fó leith.

28 Agus do órduigh Día dream áiri∣ghe sa neagluis, ar tús absduil, na dhiáigh fin sáidhe, an treas uáir luchd teaguisg: a rís luchd míorbhuile do dhéunamh, na dhiáigh sin luchd leighis, luchd co∣bhartha, luchd ríaghalta, [agus iomad] do ghnéithibh teangthadh.

29 An bhfuilid uile na nabsdaluibh? an bhfuilid uile na bhfáidhibh, an bhfui∣lid uile na luchd teaguisg?

30 An cumhachdach íad uile [ar mhíorbhuilibh do dhéunamh?] an bhfui∣lid tiodhlaice leighis aca uile? an labh∣naid uile ré teangthuibh? an ndéanuid uile eidirmhiniughadh?

31 Achd bíodh mían na subhailceadh as fearr oraibh: agus foillseochaidh mé slighe dhibh ré mbéura sibh bárr.

CAIB. XIII. Buaidh, & scathan na Carthanachda.

GIodh go laibhéoruinn ré teangthuibh dháoine agus aingeal, agus gan grádh ionnam, ní bhfuilim achd mar phrás ag déunamh fuáime, nó mar chimbal ag cluigineachd.

2 Agus bíodh go mbeith fáidheadói∣reachd agam, & go mbeith fios na nuile ruindíamhradh, & gach uile éolas agam: agus bíodh go mbeith an créideamh uile agam ar ghléus go bhféudfuinn sléibhte athrughadh, agus mé bheith gan ghrádh, ní bhfuil éiseachd ionnam.

3 Agus biodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtiubhruinn mo chorp féin da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.

4 Atá an grádh fadfhoighideach, deagh∣chroidheach: ní ghabhann an grádh tnúth: ní dhéanann ní ar bith go neamh∣chóir: ní máoithmheach é.

5 Ní dhéanann ní ar bith ré tarcuisne: ní iarrann sé na neithe bheanus ris féin: ní sobhrosduighe é chum feirge: ní smuáineann sé ar a nolc:

6 Ní dhéanann gáirdeachus sa néug∣córaidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne:

7 Fuilngidh sé na huile neithe: crei∣digh sé na huile neithe: bí muinighin aige as na huile neithibh: iomchraidh ris na huile neithibh.

8 Ní théid an grádh ar gcúl choidh∣che: bíodh go rachaidh fáidheadóir∣eachd ar gcúl, & go gcoisgfid na teahg∣tha, agus go gcuirfighthear an téolas ar gcúl.

9 Oír ní bhfuil [a nois] aguinn achd né éoluis, agus gné fáidheadóireachda.

10 Achd an tan thiucfus a ní iom∣lán, cuirfighthear an tansin a ní easbhui∣dheach ar gcúl.

11 An tan do bhí mé am náoidhean, do labhair mé mar náoidhean, do thuig mé mar náoidhean, as cíall náoidhin do bhí agum: achd ar dteachd damh go háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl.

12 Oír is radharc spéucláire dorcha atá aguinn a nois, achd a nuáirsin [bíam] ar aghaidh a chéile: a nois, atá gné aithne agàm, achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram.

13 Agus a nois fanaid na trí neithe∣si, creideamh, dóthchas agus grádh: gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.

CAIB. XIV. Labhartha choitchionn na Heagluise ar na riaghlughadh.

LEanuidh an grádh, agus bíodh mían na neitheann sbioradálta oraibh; achd go madh mó go ndéanadh sibh fáidheadóireachd.

2 Oír an tí labhrus a dteanguidh [choimhthighe] ní ré dáoinibh labhrus sé, ach ré Día. Oír ní thuigeann éunduine é bíodh go labhrann sé ruindíamhradh san Sbioruid.

3 Achd an tí do ní fáidheadóir∣eachd as ré dáoinibh labhrus sé chum follamnuighthe, chum teaguisg, & chum comhfhurtachda.

4 An tí labhrus a dteanguidh [choimh∣thighe] a sé féin fhollumnuigheas sé achd an tí do ní fáidheadóireachd, follamnuighidh sé a neagluis.

5 Agus do bsearr leam go labhradh sibh uile ré teangthuibh, achd bá fonn∣mhaire leam ná sin, sibh do dhéunamh fáidheadóireachda: óir is mó an tí do ní fáidheadoireachd, ná an tí labhrus ré teangthuibh, achd muna ccuiridh sé a gcéill íad, chum follamnuighthe dfa∣gháil don neagluis.

6 Agus á nois, a dhearbhráithreacha, dá dtigidh mé chugaibh ag labhairt ré teangthuibh, créud é an sochár do dhéunad dibh, muna labhra mé ribh a bhfoillsiughadh, nò a néolas, nó a bhsái∣dheadóireachd, nó a dteagusg?

7 Tuilleadh eile fós, na neithe gan anam do ní fuáim, mas píob, nó cláir∣seach, muna ndéarna síad eidirdhea∣lughadh ann a ngothuibh, cionnus do géubhthar a fhios créud shinntear ar an bpíob, nó ar an gcláirsigh?

8 Mar an gcéudna má bheir an trompa fuáim neimhchinnte úadh, cía uillmhéochas é fèin chum catha?

9 As amhluidh sin sibhse, muna la∣bhartháoi bríathra sothuigsiona tres an dteanguidh, cionnus aithéontar a ní la∣bharthar? oir is fá a naiéur laibhéo∣rus sibh.

10 Atáid (do réir már thárrla ann) a noiread sin do ghnéithibh gothann sa domhan, agus ní bhfuil éunghuth dhíobh gan chéill.

Page [unnumbered]

11 Uime sin muna dtuige mé brígh an ghotha, biáidh mé barbartha ag an ti labhrus, agus biáidh an tí labhrus barbartha agumsa.

12 As mar sin sibhse mar an gcéadna, do bhrígh go sanntuigheann sibh neithe sbioradálta, íarraidh bárr do bhreith chum follamnuighthe na heagluisi.

13 Uime sin an tí labhrus a dtean∣guidhe [choimhthighe] guidheadh sé go madh eidir leis ni éidirmhíniughadh.

14 Oír má ním urnuighe a dteanguidh [choimhthighe,] do ní mo sbiorad ur∣nuighe: gidheadh atá mo thuigsi neamh∣thoruidheach.

15 Créud eile maseadh? do dhéuna mé urnuighe ris an Sbioruid, gidheadh do dhéana mé urnuighe ris a tuigsi mar an gcéudna: do dhéuna mé céol ris an Sbioruid, achd fós do dhéuna mé céol ris an tuigse.

16 Nó má bheir tú buidheachas ris an Spioruid, cionnus a déuruidh an ti atá a náit an túata, Amén, ré breith bhuidheachais duitsi, agus nach feas dó créud a deir tù?

17 Oír go deimhin as maith bheireas tusa buidheachas, gidheadh ní fhaghann neach eile a fhollamnughadh.

18 Beirim a bhuidhe rém Dhía gur mó labhruim do theangthuibh ná sibh uile.

19 Gidheadh do bfearr leam cúig fo∣cail maille rém thuigsi do labhairt sa neagluis, chum daóineadh eile do thea∣guisg mar an gcéudna, na deich míle focal a dteanguidh [choimhthighe.]

20 A dhearbhráithreacha, na bíghidh bhur leanbuibh a dtuigsi: achd a dtáobh dhrochmhéine bighidh bhur leanbuibh, gidheadh a dtúigse bigidh foirfe.

21 Atá sgriobhtha sa reachd: Laibhéo∣ra mé ris an bpobalsa a dteangthuibh, agus a nurlabhra eile: agus mar sin fós ní chluinfid mé, a deir an Tighear∣na.

22 Uime sin, as mar chomhartha a∣táid na teangtha [coimhthigheacha,] ní don druing chreideas, ach don druing atá air dhíth creidimh: gidheadh ní don druing atá gan chreideamh [fhoghnus] saidheadóireachd, ach don druing chrei∣deas.

23 Uime sin da gcruinnighe a neagluis uile a gceann a chéile, agus go laibhéo∣ruid uile ré teangthuibh [coimhthighea∣cha,] agus go dtiucfuid túatadha nó dáoine ar dhíth creidimh a sdeach, a né nach aibéoruid síad Go bhfuil sibh air buile?

24 Gidheadh dá rabhuid uile ag fáidhe∣dóireachd, & duine gan chreideamh, nò túata do theachd a sdeach, sbreagthar úatha uile é, [agus] do níd uile brei∣theamhnus air.

25 Agus mar sin foillsighthear neithe folaigheacha a chroidhe, & amhluidh sin ar dtuitim ar a aghaidh dhò, do bhéura fé onóir do Dhía, ag foillsiughadh go bhfuil Día eadruibhse go firinneach.

26 Maseadh créd é sin, a dhearb∣ráithreacha? ar dteachd a gceann a chéile dhíbh, atá falm, atá teagusg, atá tea∣guidh, atá foillsiughadh, atá míniugha•••• ag gach duine agaibh: déuntar na huile neithe chum follamnuighthe.

27 Dá labhruidh áonduine a dteanguidh [choimhthighe, labhradh] dias no t•••••• an chuid is mo dhe, agus sin a ndiágh a chéile: agus déunadh áon éidirmhí∣niughadh.

28 Achd muna mbiáidh fear éidirmhí∣nighthe ann, bíodh sé na thochd sa neagluis, agus labhradh ris féin agus ré Día.

29 Agus labhradh dìas nó tríur do na fáidhibh, agus déunadh an chuid eile breitheamhnus.

30 Achd má ghéibh [sáidh] eile shuidheas na naice, taisbéunadh, bíodh a céudduine na thochd.

31 Oír is féidir libh uile fó leith fáidheadóireachd do dhéunamh, chum foghlama agus comhfhurtachda dfagháil díbh uile.

32 Agus atáid Sbiorada na bhfaidh∣eadh, umhal do na fáidhibh.

33 Oír ní hé Día [ughdar] na buái∣dheartha, achd na siothchana, mar (a léir) a nuile eagluisibh na náomh.

34 Bíodh bhur mná na dtochd fna heagluisibh: óir ní ceaduigheach dhòibh labhairt, achd a bheith umhal, amhil a deir an reachd mar an gcéudna.

35 Agus dá raibh fonn éinneithe dfoghluim orrtha, fiafruighidís a stigh dhá bhfearaibh (é,) óir as nár do mhnaói labhairt sá neagluis.

36 An uáibhse tháinic bríathar Dé? nó an chugaibhse amháin ráinic sí?

37 Más dóigh ré héinneach gur fáidh, nó [duine] sbioradálta é féin, bíodh a fhios aige na neithe sgríobhuimse chu∣guibh, gur ab íad aitheanta an Tighear∣na íad.

38 Achd an tí atá ainbhfeasach, bíodh ainbhfeasach.

39 Uime sin, a dhearbhráithre, bíodh ro fhonn oruibh fáidheadói∣reachd do dhéunamh, agus ná cuiridh toirmeasg fá labhairt ré teangthuibh.

40 Déuntar na huile neithe go deagh∣mhaiseach, agus do réir orduighe.

CAIB. XV. Dearbhadh na Heiseirghe, 35 & sambuil na ccorp do bhias ag na daóinibh.

TUilleadh eile, a dhearbhráithre, atáim ag foillfiughadh an tsoisgéil díbh, noch do sheanmóir mé dhíbh [cheana,] noch do ghabhabhair chugaibh, agus ann a seasbhuighe mar an gcéudna:

2 [Agus tré a slánaighthear sibh fós, dá gcongmhuidh sibh an bhríathar io∣nar sheanmóir mé dhíbh [é:] munat chreideabhair go diomhaóin.

3 Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir mé mar an gcéadna, eadhon go

Page [unnumbered]

bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidh∣ne, do réir na sgriobtúr:

4 Agus gur hadhlaiceadh é, & gur éridh sé an treas lá do réir na fgríob∣túr:

5 Agus go bhfacas é ré Céphas, agus na dhiáigh sin ris an dá fhear dhéug.

6 Ná dhiáigh sin fuáir ós cionn chuig céud dearbhràthair radharc air a naóin∣sheachd: agá bhfuil a lán díobh na mbeathaidh gus a nois, agus dream eile na gcodladh.

7 Na diáigh sin do chonnairc Séumus é: a rís na habsduil uile.

8 Agus na ndiáigh uile, do chonn∣airc misi féin é, mar neach rugadh a nanamm.

9 Oír as mé as lugha do na hab∣sdaluibh, & ní fíu mé absdal do ghairm dhîom, do bhrígh go ráibh mé ag gérleanmhuin eagluisi Dé.

10 Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibh a ghrásasan [do tiodhlaiceadh] dhamh, gan bhrígh; óir is mó an saothar do rinne mé ná iadsan uile: biodh nach misi fós, achd grás Dé maille riom.

11 Uime sin giodh bé dhînn, misi nó íadsan, as amhluidh so do nímid sean∣móir, agus as amhluidh so do chrei∣deabhairsi.

12 Agus má nithear Críosd a shean∣móir, gur éiridh sé ó mharbhuibh, Cion∣nus a deir cuid aguibhse nach bhfuil éiseirghe na marbh ann?

13 Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, níor éiridh Críosd fós.

14 Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmóir∣ne, agus as diomhaóineach bhur gcrei∣deamhsa mar an gcéudna.

15 Agus geibhthear sinne fós ar bhfín∣né bréige ar Dhía: óir do rinneamar fiadhnuisi do tháobh Dé, gur dhúisigh sé Críosd [ó mharbhuibh:] an tí nár dhuisigh sé, muna neiséirghid na mairbh.

16 Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd fèin fós.

17 Agus munar éiridh Críosd, as dío∣mhaóin bhur gcreideamhsa: atá sibh fós ann bhur bpeacadhaíbh.

18 Agus mar sin an mhéid do cho∣dail a Gcríosd, atáid ar ndul amugha.

19 Más sa mbeathasa amháin atá dóth∣chas aguinn as Críosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.

20 Achd a nois do eiféirghidh Criosd ó mharbhuibh: do rinneadh céudthor∣adh na druinge do bhí na gcodladh dhe.

21 Oír do bhrígh gur tré dhuine [thái∣nic] an bás, as tré dhuine mar an gcéud∣na [thig] eiséirghe na marbh.

22 Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádham, as mar an gcéud∣na do dhéuntar íad uile daithbhéodhugh∣adh a Gcríosd.

23 Gidheadh gach áon ann a ordu∣ghadh féin: Críosd an céud thoradh, na dhiáighsin, an luchd bheanus ré Críosd, agá theachd:

24 Ann sin bhías an chríoch dhei∣gheanach, ar dtabhairt na rioghachda súas dó a láimh Dhé athar: an tan chuireas sé ar gcúl gach uile úachdará∣nachd, agus gach uile chumhachd, agus gach uile neart.

25 Oír as éigean dó bheith na Rî nó go gcuiridh sé a naimhde uile faói na chosaibh.

26 A sé an bás an námhuid dhei∣gheanach, sgriosdar.

27 Oír do chuir sé na huile neithe faói na chosaibh: Gidheadh an tan a deir sé gur cuireadh na huile neithe faói, as follus nach beanann an rádh so ris an tí do chuir na huile neithe faói.

28 Agus an tan chuirfidhthear na huile neithe faói, biáidh an mac féin ann sin faói an tí do chuir na huile neithe faói, chum Dé do bheith na uile sna huilibh.

29 Nó créud dhéunus an dream atá ar na mbaisdeadh air son na marbh? muna neirghid na mairbh air éunchor, tréud fá mbaisdear íad air fon na marbh?

30 Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir?

31 Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói.

32 Más do réir nóis dáonna do chomh∣ruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na mairbh? Itheam, agus ibheam: óir do ghéubham bás a márach.

33 Ná mealltar sibh: Truáillidh droch chomhráite béusa maithe.

34 Mùsgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh: óir ní bhfuil éo∣lus Dé ag cuid [aguibh:] as chum adh∣náire do chur oraibh a deirim so.

35 Achd a déuraidh neach éigin; Cion∣nus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad?

36 O a dhuine mhichéillidh, an síol chuireas tusa, ní bhéodhthuighear é, mu∣na bhfaghuidh sé bás air tús.

37 Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías, do shiolchuireas tú, ach grán lom, eadhon, cruithneachda, nó d'arbhar éigin eile.

38 Ach do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith.

39 Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil, achd atá feóil ar leith ag dáoi∣nibh, agus feóil ar leith ag ainmhitibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag. éunlaith.

40 Agus [atáid] cuirp neamhdha[ann,] agus cuirp thalmhuídhe: gidheadh atá glòir ar leith ag na [corpuibh] neamh∣dha, agus glóir ar leith ag na [cor∣puibh] talmhuidhe.

41 Atá glóir ar leith ag an

Page [unnumbered]

ngréin, agus glóir ar leith ag an ngea∣luidh, agus glóir ar leith ag na réul∣tuibh: óir atá dithfir ghlóire eidir réult, agus réult [eile.]

42 As mar an gcédna [bhías] eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighe agá chur, [agus] éirghidh sé neamhthruail∣lidh.

43 As neamhonòrach é agá chur, [&] éirghidh sé maille ré glóir: bí gan neart agá chur, [agus] éirghidh sé maille ré neart: bí sé na chorp nadùr∣tha agá chur, [agus] éirghidh sé na chorp sbioradálta.

44 Atá corp nádúrtha ann, & corp sbioradálta.

45 Amhuil fós atá sgriobhtha: Do rinneadh an céuduine Adhamh na an∣am béo: an Tádhamh deigheanach na Spiorad bheódha:

46 Gidheadh ní hé an ní sbioradálta do bhí air tús, achd an ní nadúrtha: na dhiáigh sin an ní sbioradálta.

47 An céudduine talmhuidhe, ón dtalamh: an dara duine, an Tighearna ó neamh.

48 Mar atâ an duine talmhuidhe, as mar sin atáid an drung thalmhui∣dhe: agus amhuil [atá] an neach neamhdha, as amhluidh sin [atáid] an drung neamhdha.

49 Agus amhuil do iomchramar iomháigh an duine thalmhuidhe, iom∣chóram fós iomháigh an duine neamh∣dha.

50 Ag so an ní a deirim, a dhear∣bhráithre, do bhrígh nach féidir ré feóil & ré fuil oighreachd ríoghachda Dé dfaghàil: ná ré truáilleadh bheith na oighre ar neamhthruáilleadh.

51 Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, ach cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile, a mó∣meint, ré silleadh na súl, ré [guth] an sduic dheigheanaigh.

52 Oír séidfidh an sdoc, & dúiseo∣char na mairbh, neamhthruáillighe, & cuirfighthear sinne a naithearrach cro∣tha.

53 Oír as éigean don ní truáillighesi, neamhthruáilleadh do ghabháil uime, & don ní shomharbhthasa, neamhmarbh∣thachd do ghabháil uime.

54 Agus an tan ghéubhus a ní truáil∣lighesi, neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa, neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh; Do sluigeadh an bás a mbuáidh.

55 O, a bháis, gà háit a bhfuil do cháilg? ó uáimh, gá háit a bhfuil do bhuáìdh?

56 A sé an peacadh cáilg an bháis: & a sé an reachd neart an pheacaidh.

57 Gidheadh a bhuidhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtghearna Jósa Críosd.

58 Uime sin, a dhearbhraithre grá∣dhacha, bíghidh comhnuigheach, neamh∣chorrach, ag méudughadh do shior a no∣bair an Tighearna, ar mbeith a fhi•••• aguibh nach diomháoin bhur sáoth•••• sa Dtighearna.

CAIB. XVI. Tar eis brosdughadh chum daonnachd, 16 chuir se beatha & slainte chum na mbra∣thar.

TUilleadh eile a dtáobh an chr••••••∣nighe fá chomhair na náomh, do réir mar do órduigh mé deagluisibh na Galátia, déunaidhsi fós mar an gcéudha.

2 Gach éun chéud [lá] don tseachd∣mhuin cuireadh gach áon aguibh air leith leis féin do réir mar as áill leis: ionnus nach biáidh tionól ré dhéunamh, ar dteachd dámhsa.

3 Agus ar dteachd damh, gidh bé ar bith dream mholfas sibhse ré bhur l∣reachuibh cuirfidh mé íad do bhreith bhur ccarthannachd go Hiarusalém.

4 Agus más iomchubhaidh fôs mé féin imtheachd, rachuid síadsan am chuideachda.

5 Agus géubhuidh mé chugaibhsi, tar éis mé dhul tré Mhácedónia: (Oír géa∣bhuidh mé tré Mhacedónia.)

6 Agus dob éidir go bhfanfuinn, nò fós go ccaithfinn an geimhreadh bh•••• bhfochairsi, ionnus go rachadh sibh tam••••••l do shlighe leam, gidh bé áit a rachaidh mé.

7 Oír ní mían ríom dul bhur bhséa∣chain a nois don dulsa: gidheadh atá súil agum fuireach bhur bfochair feadh tamuill, do chead an Tighearna.

8 Agus do dhéuna mé comhnuidhe a Nephesus go cingcís.

9 Oír do hosgladh dorus mór éifeachd∣ach dhamh, agus naimhde iomdha.

10 Agus dá dtigidh Timotéus, tugaidh aire ribh go mbiáidh sé gan eagla bhur bhfochair: óir sáothruidhe sé a nobair an Tighearna, amhuil do nîmse.

11 Uime sin ná tugadh éanduine neimhchion air: ach tréoruidhe uáibh a siothcháin é, chum teachd chugamsa dhó, óir atá súil agum ris maille ris na dear∣bhraithribh.

12 Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air, teachd chugaibhse maille ris na dearbh∣ráithribh, ach ní raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse: gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé am iom∣chubhaidh.

13 Déunaidh faire, seasaidh sa gcrei∣deamh, bíghidh fearrgha, bighidh láidir.

14 Déanaidh na huile neithe maille ré grádh.

15 Agus íarruim dathchuinghe oruibh, a dhearbhráithre, (ós aithnidh dhíbh muinntir thighe Steapháin, gurab íad céadthoradh na Hachaía, agus go dtu∣gadar íad féin do dhêanamh minios∣drálachd do na náomhuibh.)

16 Bighidhse fós umhal da leithid

Page [unnumbered]

sin, & dá gach àon do ní obair & sáothar maille rinn.

17 Agus atá lúathgháire oram tré theachd Steapháin, agus Fhortunátuis, & Achaicuis, do bhrígh go ndearnadar bhur nionadhsa dhamh.

18 Oír tugadar furtachd dom sbio∣ruidse, agus do bhur sbioruidsi. Uime fin bíodh meas aguibh ar a samhuil sin.

19 Cuirid eagluisidhe na Hásia beatha agus slâinte chugaibh. Cuiridh Acuilas, agus Priscilla maille ris a neagluis atá ann a dtigh, beatha agus sláinte go dú∣thrachtach sa Dtighearna chugaibh.

20 Cuirid na dearbhraithre uile beatha agus sláinte chugaibh. Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha.

21 Beatha agus sláinte uáimse Pól ré mo láimh féin (chugaibh.)

22 Gidh bé nach grádhuigheann an Tighearna Jósa Críosd, bíodh sé malluighe go síorruidhe.

23 Grása ar Tighearna Jósa Críosd maille ribh.

24 Mo ghrádhsa maille ribh uile a Níosa Críosd. Amén.

DARA EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA CCORINTHIANACH.

CAIB. I. Nach bfuil triobloid ar bith gan cháil sóluis leis;

POL Absdal Jósa Críosd, tré thoil Dé, agus an dearbhráthair Timotéus, chum eagluisi Dé noch atá a Gcorintus, maille ris na huile náomhuibh atá ar feadh na Hachaìa;

2 Grása maille ribh, agus síothchain ó Dhía ar nathair, agus ón Dtighearna Jósa Críosd.

3 Glóir agus moladh do Dhía, eadhon, athair ar Dtighearna Jósa Críosd, athair na tròcaire, agus Día na huile fhur∣tachda:

4 Do bheir furtachd dùinn ann ar nuile thriublóid: ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfagh∣maóid féin furtachd ó Dhía.

5 Oír amhuil mar líonus páis Chriosd ionnuinn: as amhluidh fin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.

6 Agus más buáidhirt dùinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa, agus-bhur slánuighe: nó màs furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfu∣lang a namhghair chéudna fhuilnge∣míd féin.

7 Atá muinighin dhaingean aguinn asuibhsi: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn, mar do gheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, go bhfuighe sibh bhur gcuid don tsògh mar an gcéudna.

8 Oír ní háill linn ainbhfeas do bheith oruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brughadh tar mhogh sinn ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amh∣arus aguinn fós air a bheith béo.

9 Ach do bhreathnuigheamar ion∣nainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúi∣sigheas na mairbh;

10 Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus' [sinn:] as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna.

11 Ar mbeith dhíbhse ag comhchung∣namh ré chéile a núrnuighe air ar son, ionnus go ttiubhradh mórán bui∣dheachus air ar soinne, do bhrigh an tiodhlaice [fúaramar] air son mhóráin.

12 Oír a sé so ar ngáirdeachaisne, Fíadhnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neamhur∣chóid agus á bhfíorghloine dhíadha, & nach a ngliocas colluidhe, ach maille ré grás Dé, do bhí ar gcoinbhearsaid sa sáoghal, agus go mórmhór ead∣ruibhsi.

13 Oír nì neithe eile sgríobhamaóid chugaibh, ach na neithe léigheas sibh, nó fós agá bhfuil a bhfios dearbhtha aguibh: agus atá súil agam go mbiáidh sibh deimhneach asda go dteachd don chrích dhéigheanuidh.

14 Amhuil do admhuigh sibh a gcáil, Gur sinne bhur ngáirdeachas, mar as sibhse ar ngáirdeachaisne, a ló an Ti∣ghearna Jósa.

15 Agus ris an dóthchassa bá mían riom teachd chugaibh roimhe so, ionnus go bhfuigheadh sibh grása dúbalta:

16 Agus gabháil uaibhse go Macedó∣nia, agus teachd a rís ó Mhacedónia chugaibh, agus sibhse do theachd riom dom shéoladh go tír Júdaighe.

17 Uime sin ar na cur so romham dhamh, an raibh éadruime oram? nó an do réir na féola chuirim romham na neithe chuirim romham, ionnus go mbíadh aseadh, agus ní headh agum?

18 Achd mar atá Día fírinneach, níor bhé ar ccomhrádh ribhse, aseadh, agus ní headh.

19 Oír mac Dé Jósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus, agus Timóteus, níor bhá aseadh, agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.

20 Oír geallamhna Dé go huilidhe,

Page [unnumbered]

a seadh annsan íad, agus Amén annsan chum glóire Dé dhar dtáoibhne.

21 Agus [a sé] Día dhaingnigheas sinne maille ribhse a Gcríosd, agus do ung sinn.

22 Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.

23 Agus goirim Día dfiadhnuisi a naghuidh mhanma, gur do ghabháil aguibhse, nach dtáinic mé fós go Co∣rintus.

24 Ní hé gur Tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cun∣gnanta sinn do bhur ngáirdeachas: Oír is tré chreideamh sheasus sibh.

CAIB. II. Maitheamhnas & meisneach thabhairt do nduine choluigheach, déis a aithreachas.

ACH do smuáin mé so riom féin, gan teachd a rís chugaibh a ndoil∣gheas.

2 Oír má chuirimse doilgheas oraibh∣se, cia hé chuireas solás oram féin, achd an tí atá fá dhoilgheas dom tháobh?

3 Agus as chuige do sgríobh mé a ní so féin chugaibh, deagla ar dteachd dhamb, go ngéubhadh doilgheas air muin doilghis mé fán muinntir, agár chóir dhamh gáirdeachas do bheith oram dhá dtáobh: ar mbeith dhamh mui∣nighineach asaibh uile, gur ab é mo gháirdeachasa, bhur ngáirdeachasa uile.

4 Oír is as buáidhirt mhóir, agus as doilgheas croidhe do sgríobh mé chu∣gaibh maille ré hiomad déur: ní chum doilgheasa do chur oraibh, ach chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líon∣mhar atá agam dhíbh.

5 Ach má tháinic doilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé doilgheas oramsa achd a gcáilibh, ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile.

6 Is lór dhá leitheid sin do dhuine, an timdhearghadh [fuáir sé] ó mhó∣rán.

7 Ionnus [a nois] contrárrdha dhó sin, gur córa dhíbh maitheamhnus do thabhairt [dó,] agus sólás do chur air, deagla go sluigfidhe súas é lé hiomar∣cuidh doilghís.

8 Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh, bhur ngrádh do dhaingniugh∣adh dhá tháobh.

9 Oír as chuige so fós do sgríobh mé, chum go mbíadh fios dearbhtha agum oraibhse, an mbíadh sibh umhal sna huile neithibh.

10 Agus gidh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi mai∣theamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhur sousa [tug mé uáim é,] a bhfíadhnuisi Chríosd, deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas:

11 Oír ní bhfuil ainbhfios a shligh∣theadhsan oruinn.

12 Tuilleadh eile, ar dteachd damh go Tróas, air son shoisgéil Chríosd, bíodh gur hosgladh doras damh ón Dtighearna, ní bhfuáir mé suáimhneas dom sbioruid, do bhrígh nach dtárla dhamh mo dhearbhráthair Titus.

13 Achd ar ngabháil mo cheada aca∣san damh, do imthigh mé úatha go Macedónia.

14 Agus a bhuidhe ré Día, do bheir fá deara dhúinn buáidh do bhreith a gcomhnuidhe a Gcríosd; agus fhoill∣sigheas baladh a éolais féin thrídne fa nuile áit.

15 Oír is sinn deaghbhaladh Chríosd do Dhía, sa druing shlánuighthear, agus sa druing dhamnuighthear.

16 Do dhruing dhíobh, [atámuid] ar mbaladh báis, chum báis: agus don druing eile, ar mbaladh beatha, chum beatha: agus cía atá acfuinneach chum na neitheannsa?

17 Oír ní bhfuilmídne mar mhórán do thruáilligheas bríathar Dé: achd la∣bhrámaóid ar Chríosd, amhuil ó fhior∣ghloine, nó amhuil ó Dhía, a bhfíadh∣nuisi Dé.

CAIB. III. Gurab rogha minisdir Shoisgeil shoillier na saoirse, ar mhinisdir an reachda scaildhe, do bheir damnadh.

AN dtionnsgnamaóid a rís sinn féin do mholadh? nó an bhfuil riachd∣anus aguinn mar [atá] ag druing áiri∣ghe, re litreacha molta chugaibhse, nó litreacha molta uáibh?

2 A fí ar liteirne sibhsi sgríobhtha ionar gcroidhthibh, thuigthear & léigh∣thear ris na huile dhaóinibh:

3 Ar mbeith follus gur sibh eipisdil Chríosd, do friotholadh rinne, ar na sgríobhadh, ní ré dubh, ach ré Sbioruid Dé bhí: ní a gclaruibh cloiche, achd a gcláruibh féolmhara an chroidhe.

4 Agus atá a leitheid so do dhóth∣chas aguinn tré Chríosd, a Ndía.

5 Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin, mar uáinn féin: achd is ò Dhía atá ar gcumas:

6 Noch fós do rinne minisdrì iom∣chubhaidh dhínn don tiomna núadh, ní don litir, ach don Sbioruid: óir marbhuidh an litir, ach do bheir an Sbiorad beatha.

7 Agus má bhí miniosdrálachd an bháis a litribh, ar na tharruing a gclo∣chaibh, glórmhar, ionnas nar bhféidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi, tre dheallruigh a ghnúi∣si, noch do cuireadh ar gcúl:

8 Cionnus nach biáidh miniosdrálachd na Sbioruide ní sa ghlórmhuire?

Page [unnumbered]

9 Oír má [bhí] miniosdrálachd an amnuighthe glórmhar, as ro mhó ná 〈◊〉〈◊〉 bheireas miniosdrálachd na fíréan∣achda bárr a nglóir.

10 Oír a ni úd do rinneadh glórmhar, 〈◊〉〈◊〉 dhearnadh glórmhar é sa chás so, a ••••farradh na glóire is áirde.

11 Oír má [bhí] an ní sin curthar ar cúl glórmhar, as ro mhó ná sin [atá] an 〈◊〉〈◊〉 comhnuightheach glórmhar.

12 Uime sin, ar mbeith dhá samhuil so do mhuinighin aguinn, chleachdmaóid áachd mhór.

13 Agus ní [bhfuilmíd] mar Mhaóisi, do fholuidh a aghuidh, ionnus nach hléuchfadaóis clanna Israél go grinn air ••••••rích a neithe churthar ar gcúl.

14 Uime sin do dalladh a ninntinn: ••••r gus a niugh a léughthóireachd na ••••antiomna fanuidh an folach céadna gan ••••hrughadh, noch curthar ar gcúl ré Críosd.

15 Ach fós gus a niugh an tan léigh∣ear Maóisi, curthar an folach ar a roidhthibh.

16 Gidheadh an tan fhillfid sìad chum an Tighearna, toigéubhthar an dach [úatha.]

17 Achd as Sbiorad an Tighearna: agus gidh bé hionadh ann a bhfuil ••••iorad an Tighearna, [atá] sáoirse fa nionadh sin.

18 Agus ar mbeith dhúinn uile gan solach air ar nadhuigh ag féuchuinn ghlóire an Tighearna[amhuil do bhíadh] a sgathán, curthar a naithearrach crotha f•••••• sa niomháigh chéudna sin, ó ghlóir go glóir, ré Sbioruid an Tighearna.

CAIB. IV. Gareb soillier an fhirinne do nti is àill, 7 & gur mo comhfhurtacht no cumh∣gch an chreidimh.

AR a nadhbharsin ar mbeith don mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir ar fuaramar trócaire, ní theighmid i nanbhfuinne:

2 Ach do thréigeamar na neithe folai∣ghtheach an mhíomhacántuis, ní ag siubhal a cceilg, ná ag truáilleadh bhréithre Dé: ach maille ré foillsiughadh na fí∣rinne do nímid sinn féin ionmholta do gach áon, a bhfíadhnuisi Dé.

3 Uime sin má atá ar soisgéulne ar a fholach, is ar an druing théid ••••••gha atá sé ar na fholach:

4 Agár dhall día an tsáoghailse a ninn∣••••••, noch atá ar dhith creidimh, ion∣••••s nach bíadh soillse shoisgéil ghlór∣hair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag ealrughadh dhóibh.

5 Oír ní sinn féin do nímid do shean∣óir, achd Iósa Crîosd an Tighearna: gus sinn séin do bheith dhaóibhse ar ••••arbhfhoghantuighibh, ar son Iósa.

6 Oír a sé an Día do aithin don tsolas foillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum ••••••••si éolais ghlóire Dé [do thabhairt uainn] a ngnúis Jósa Críosd.

7 Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhear∣cuis an chumhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uáinn féin:

8 [Bímid] dar mbuáidhreadh ar gach táobh, gé nach ccurthar a gcumhgach sinn: [bímid] a gconntabhairt, gé nach dtéid sinn a néudóchas:

9 Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn: teilgthear sios sinn, gidheadh ní théighmid amugha.

10 Iomchramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitibh, bás an Tighear∣na Jósa, ionnus go mbeith beatha Jósa mar an gcéudna follus ann ar gcorp.

11 Oír sinne atá béo, bímid do shíor dar ccur chum báis ar son Jósa, ionnus go mbeith beatha Jósa follus mar an gcéudna, ann ar bhfeóil shómharbhtha.

12 Uime sin bí an bás ag oibriugh∣adh ionnuinne, agus an bheatha ion∣nuibhsi.

13 Agus do bhrígh gur ab áon chrei∣deamh atá aguinn, do réir a neithe atá sgríobhtha: Do chréid mé, [agus] ar a nadhbharsin do labhair mé: creidmidne fós, agus ar a nadhbharsin labhramaòid mar an gcéudna.

14 Ar mbeith a fhios aguinn, an tí do thóg súas an Tighearna Jósa, go dtoigéubhaidh sé sinne mar an gcéadna tré Iósa, agus go dtìubhra sé sinn bhur lathairsé.

15 Oír is ar bhur sonsa [atáid] na huile neithesi, ionnus go líonfadh an grás ro lionmharsa chum glóire Dé, tré bhreith buidheachais mhórain.

16 Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfuinne: ach bíodh go dtruáilligh∣thear ar nduine leithimealach, athnúa∣dhaighthear fós an tí atá don táobh a stigh go làethamhuil.

17 Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éud∣rom neambúan, truime mharthanach ghlóire go ro líonmhar, dhúinn:

18 Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin: Oír is neambúan na neithe atá ré a bhfaicsin: agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.

CAIB. V. Go ttabhraid, croidhe glan ô ammhianaibh, & beatha nùa, ni is foigse do Chriosd sinn.

OIR atá a fhios aguinn dá sgaóil∣tear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lamhuibh, marthanach air neamh.

2 Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn.

3 Achd amháin go bhfaghthar éu∣duighthe sinn, agus ní lomnochd.

4 Oír bímidne luchd na boithesi ag ofnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar

Page [unnumbered]

nach mían rinn beith gan éudach, ach tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni so∣mharbhtha ré beatha.

5 Agus [a sé] Día do chruthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn co∣mhartha daingnighthe na Sbioruide.

6 Uime sin atámuid deighmheisnigh a gcomhnuidhe, agus a fhios aguinn an féadh bhíam coigcriche sa gcoluinn, go bhfuilmíd a dtír choimhthighe ó an Dtighearna:

7 (Oír as do réir chreidimh shiubhla∣máoid, agus ní do réir radhairc.)

8 Gídheadh atá deighmheisneach aguinn, agus is mó thig ré ar ninntinn an cholann dfágbháil, agus dul do chomhnuidhe a bhfochaír an Tighearna.

9 Uime sin fós cía bé aca bhiam ag fuireach, nà ag imtheachd, is ro∣fhonnmhar sinn air a thoilsean do dhéanamh.

10 Oír as éigean dúinn uile dul a la∣thair chaithíre bhreitheamhnuis Chríosd, ionnus go ngéubhadh gach éunduine chuige na neithé [do rinne sé] sa gcoluinn, do réir an ghníomha do rinne sé, maith nó olc.

11 Uime sin ar mbeith feasach dhíuinn air bhuirbe an Tighearna, táirngéamaóid daóine [chum creidmhe,] agus as follus do Dhía sinn: agus atá dóigh agam go bhfuilmid follas do bhur ccoinn∣siasuibhse mar an gcéudna.

12 Oír ní bhfuilmid a rís dar mo∣ladh féin ribhse, ach do bheirmíd féth gáirdeachais díbh dhár dtáobh: ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.

13 Oír má atámuid ar saóbh chéille, is do Dhía [atámuid ar saóbh céille:] nó más deaghchíall atá aguinn, is daóibhse atámuid [ar deaghchéill.]

14 Oír atá grádh Chríosd dár mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, [eadhon] má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfùaradar uile bás.

15 Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo, ó so amach béo dhóibh féin, ach don ti fuáir bás ar a son, agus do eiséirghe.

16 Uime sin ní haithne dhúinne ó só amach éunduine do réir na féola: agus bíodh go raibh aithne aguinn ar Chríosd do réir na féola, gidheadh ní haithne dhúinn a nois feasda é.

17 Ar a nadhbharsin má atá éun∣duine a Gcríosd, is créutúr núadh [é:] do imthigheadar na seinneithe tho∣ruinn, feuch, do rinneadh na uile neithe núadh.

18 Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Jósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin:

19 Oír go deimhin do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá na gcionntuibh, agus do chuir sé ion∣nuínne briathar an réitigh sin.

20 Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh Día impidhe [oruibhsi] thrídne, iarr∣maóidni dathchuinghe [oruibh] as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Dìa.

21 Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh, ionnus go ndéuntaói fìréuntachd Dé dhínne, annsan.

CAIB. VI. Go bfuil buille na bfiréin ag meudughadh 〈◊〉〈◊〉 subhailce & a nionnracus; 14 & go gcaidrigh Dia ag an fhear sheachnas cu∣mann dhaoine gan chreideamh.

AGus ar mbeith dhúinne ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe [oruibh] gan ghrás Dé do ghabháil chu∣guibh go díomhaóin.

2 (Oír a déir sé; Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit féuch, a nois an tam iomchubhaidh, féuch, a nois lá an tslánaighthe.)

3 Ni thabhramaoid adhbhar ar báth oilbhéime uáinn a néinní, deagla go mbeith an mhiniosdràlachd dá diomoladh:

4 Achd do nímid sinn féin ionmholta fa nuile ní, mar mhinisdribh Dé, ré foighid fhada, a mbuáidhearthuibh, a riachdanus, a namhghar.

5 A mbuillidhibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó áit go háit, a sáothar, a bhfaire, a dtroisgibh.

6 A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macánta, maille ri an Sbiorad náomh, maille ré grádh neamhfhallsa.

7 Maille ré bréithir na fírinne, maille ré cumhachd Dé, maille ré harmuibh fíréuntachda, air ar láimh dheis, & chlé.

8 Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh agus íad fírinneach:

9 Mar dhruing nach aitheantar, agus íad aitheanta: mar dhruing ag fagháil bháis, agus féuch, atámuid béo mar dhruing smachduighthear, agus gan a marbhadh:

10 Mar dhruing ag déunamh doil∣gheasa, ach do ghnáth ag déunamh gáirdeachais: mar dhaóinibh bochda, gidheadh do ní morán saidhbhir: mar dhaóinibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.

11 O a Chorinthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar gcroidhe ar na dhéunamh fairsing.

12 Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcumhgach, achd atá sibh cumhang ann bhur ninnibh féin.

13 Achd [dfagháil] an chúitigh chèud∣na (labhruim amhuil rém chloinn) bi∣ghidhse fairsing mar an gcéudna.

Page [unnumbered]

14 Ná hiomchruidh cuing mhiochomh∣rom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh. Oír créd é caidreabh na fréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndor∣chàdas?

15 No cionnus thig Críosd agus an íabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas, don tí nach ccreideann?

16 Nó créd é an ceangal [do híadh] ag teampoll Dé, agus ag iodha∣••••bh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí: do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chomhnuidhe ionnta, agus ••••bhólad na measg: agus biáidh mé um Dhía aca, agus beid síadsan na bpobal agamsa.

17 Uime sin taguidh amach as a lár, & dealuighe ríu, a deir an Tighearna: •••• ná bíodh buáin aguibh ré ní neamh∣ghlan: & géubhuidh misi chugam sibh:

18 Agus biáidh mé aguibh um athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna a nuile chumhachd.

CAIB. VII. 〈◊〉〈◊〉 mèuduigheann doilgheas diagha, deagh ghníomh.

UIme sin a [dhearbhráithre] grá∣dhacha, ar bhfagháil na ngeallamh∣••••chsa dhúinn, glanum sinn féin ó ••••le shalchar na féola, agus na spio∣ride, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.

2 Gabhuidh sinne chuguibh: ní dhear∣namar eugcóir ar éunduine, ní thruáil∣leamar éunduine, ni dhearnamar édail ar éunduine.

3 Ní chum [sibhse] dháoradh a dei∣rim so: óir a dubhairt mé roimhe, go bhfuiltí ann ar gcroidhibhne, chum báis & beatha dfagháil a bhfochair a chéile.

4 As mór an dánachd do ním ••••uibh: is mór mo gháirdeachas ar hur son: atáim lán do mheanma: is o líonta mé do gháirdeachas ann ar ••••ile bhuáidhirt.

5 Oìr ar dteachd dúinn go Macedó∣nia, ní bhfuáir ar bhféoil suáimhneas ar bth, achd air buáidhreadh air gach táobh: comhraic don táobh a muigh [dhínn,] agus eagla don táobh a sdigh.

6 Ach Día do bheir surtachd do na daóinibh anbhfanna, tug sé furtachd ••••inne ré teachd Thítuis.

7 Agus ní ré na theachdsan amháin ach mar an gcéudna ris an bhfurtachd áir seision uáibhse, an tan do aith∣ris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur gcaóineadh, bhur dteasgrádh dhamhsa: ionnus gur mòide do ghabh gáirdeachas mé.

8 Oír ge gur chuir mé doilgheas ó∣raibh rém litir, ní bhfuil sé na aith∣reachas oram, ge go raibh sé na aith∣reachas oram: Oír do chím gur chuir an litir sin doilgheas oruibhsi, bíodh nár [chuir] achd ar feadh tamuill.

9 Atá gáirdeachas a nois oram, ná ar son doilghis do bheith oruibhsi, ach fá dhoilgheas do bheith oruibh, chum na haithrighe: óir is do réir Dé do bhí doilgheas oruibh, ionnas nach dear∣nadh díoghbháil díbh ar éunchor dár dtáoibhne.

10 Oír an doilgheas bhíos do réir Dé, oibrighe sé aithrighe chum slá∣naighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáoghail, bás.

11 Oír féuch, a níse féin, doilgheas do bheith oruibh do réir Dé, créd é méd na dúthrachda do oibrigh sé ionnuibh, & fós an leisgéil, agus fós an reachd feirge, agus na heagla, agus fós an romhíanghuis, agus fós an teas grádha, agus fós an dioghaltuis? do fhoillsi∣gheabhair sibh féin ar gach éunchor do bheith glan sa nadhbharsa.

12 Uime sin bíodh gur sgríobh mé chuguibh, ní ar son an tí do rinne a néugcóir [do sgrìobh mé,] ná ar son an tí ar a ndearnadh a néugcóir: achd ionnus go mbíadh ar ndúthrachdne bhur dtimcheallsa, follus daóibh a bhfía∣dhnuisi Dé.

13 Ar a nadhbharsa, fúaramar comh∣fhúrtachd, do bhrígh na furtachda fúa∣rabhairse: ach bá ro mhó ná sin do bhí gáirdeachas oruinn, fá gháirdeachas Thí∣tuis, do bhrígh gur meanmnuigheadh a spiorad uáibhse uile.

14 [Agus) do bhrìgh má rinne mé mórdháil a néinní rision bhur dtáobhsa, nár cuireadh adhnáire oram: achd amhuil do labhramar ribhse na huile neithe a bhfírinne, gur ab amhluidh sin mar an gcédna frith ar mórdháil [asuibhse] ré Títus, na fhírinne.

15 Agus as líonmhuire ná sin atá toil a chroidhesion daóibhse, ag coimh∣niughadh bhur numhlachd uile dhó, mar do ghabhabhair chugaibh é, maille ré faitcheas & ré criothnughadh.

16 Uime sin atá gáirdeachas oram, do bhrígh gur féidir leam bheith dána asuibh sa nuile ní.

CAIB. VIII. Gur sbor ghér chum daonachd, Sompla na Macedonach, 9 & Josa Críosd.

TUilleadh eile a dhearbhráithre, foill∣sigheamaóid grás Dé dhaóibh, noch tugadh deagluisibh na Macedónia.

2 Badhon a ngáirdeachas líonmhar, sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh íad, agus gur líon a mbochduine ro mhór, chum saidhbhris a ndáonachd.

3 Oír (do ním dfíadhnuisi dhòibh) do bhádar toilteanach do réir a nac∣fuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne:

4 Dhá íarruidh go gér dathchuinghe oruinne, an grása, agus comhruinn sa miniosdrálachd a dtimcheall na náomh, do ghabháil oruinn.

5 Agus ní do réir mar bhí dóigh aguinn, ach tugadar íad féin ar tús don Tighearna, & na dhiáígh sin dúinne do thoìl Dé:

Page [unnumbered]

6 Chum impidhe do chur ar Thìtus dùinn do réir mar thionnsguin sé, go gcuirfeadh sé críoch eadruibhse fós air an ngrás céudna.

7 Uime sin amhuil atá sibh iomlán sna huile neithibh, a gcreideamh, & a mbréithir, agus a néolas, agus sa nuile dhùthrachd, agus a ngrádh dár dtaóibhne, gur mar sin bhías fibh iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.

8 Ní tré cheannus [oruibh] a deirim so, ach do bhrígh dhúthrachd dhaói∣neadh eile, agus do dhearbhadh chinéil bhur ngrádhsa.

9 Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Jósa Críosd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go ndearnadh duine fíorbhochd de ar bhur sonsa: chum sibhse do dhéunamh saidhbhir, ré na bhochdainesion.

10 Agus foillsighim minntinn sa níse: Oír téid so a sochar dhaóibhsi, noch do thionnsguin cheana, ní hé a∣mháin a dhéunamh, ach bheith fonn∣mhar fós daóibh, bliadhain ó shin.

11 Uime sin, a nois cuiridh críoch ar a dhéunamh, ionnus mar do bhábhair ó thoil ro ullamh chum a dhéunta, go madh hamhluidh sin mar an gcéadna chuirfeas sibh a gcrích é, don ní atá aguibh.

12 Oír dá raibh inntinn fonnmhar ag neach ar tús, gabhthar sin úadh, do réir a neithe atá aige, agus ní do réir a neithe nach bhfuil aige.

13 Agus ni huime [a deirim so,] chum socamhuil [do bheith] ag daói∣nibh eile, agus sibhse do bheith fá dhaóirsi: achd ar chonnradh chomh∣throm, chum bhur nacfuinnesi a nois [dfóirighthin] a riachdanuision:

14 Ionnus go bhfóirfeadh a nacfuinn∣sean ar bhur riachdanusa mar an gcéad∣na, ar ghléus go mbíadh comhthrom [eadruibh:]

15 Do réir mar atá sgroíbhtha, An tí [do chruinnigh] morán, ní raibh iomarcuigh aige: & an ti [do chruin∣nigh] beagán, ni raibh easbhuidh air.

16 Agus a bhuidhe ré Día do chuir an dúthrachd céudna a gcroidhe Thítuis bhur dtimcheallsa.

17 Oir do ghlac sé go deimhin an brosdugh chuige: agus ar mbeith dhó ní sa dúthrachduigh ná sin, do thriall sé dhá thoil féin chuguibh.

18 Agus do chuireamar leis, na chui∣deachda, an dearbhrathair ar a bhfuil deaghtheisd sa soisgéul, trés na huile eagluisibh.

19 (Agus ní hé amháin, ach do to∣ghadh é mar an gcéudna, ris na hea∣gluisibh, mar fhear comhaisdir aguinne, do tháobh an ghrássa do nímid a mhin∣iosdrálachd chum glóire an Tighearna, agus chum [go bhfoillfeóchthaói] bhur ninntinn ro ullamhsa.)

20 Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta do neach ar bith, sa bhfair∣singesi do níthear do mhiniosdrálachd rinn.

21 Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfiadh∣nuisi an Tighearna, achd a bhfiadh∣nuisi na ndaóine mar an gcéudna.

22 Agus do chaireamar ár ndear∣bhráthair ma ráon rîu, noch do dhear∣bhamar go minic do bheith dúthrachdach a morán do neithibh, agus a nois ní sa dhuthrachduighe ná sin, do bhrigh an rodhóchuis atá aige asuibhse.

23 Achd a dtaóibh Thítuis, [a sé] mo chompánachsa é, agus mo chomhoi∣brighe bhur dtáobhsa: nò a dtáobh ar ndearbhráithreach, [a siad] teachdairighe na neaglúiseadh íad, [agus] glóir Chríosd.

24 Uime sin cuiridh dearbhthachd bhur ngrádha, agus ar mordháilne asuibhse, a numhail doibh, a bhfiadh∣nuisi na neagluiseadh.

CAIB. IX. An barr meanmnughadh chum féile & dire.

OIr a dtáobh mhiniosdrálachda do dhêunamh do na náomhuibh, as iomarcach dhamh sgríobhadh chuguibh.

2 Oir atá fios ullmhachda bhur ninn∣tinne agum, as a ndéanuim mórdháil asuibhse ris na Macedònachaibh, [ag rádh] Go bhfuil blíadhuin ó bhí Achaía ullamh: ionnas gur bhrosduigh bhur niomthnúthsa morán.

3 Agus do chuir mé na dearbhráith∣reachasa ar siubhal, ionnus nach bíadh mo mhórdhail asuibhsi diomhaóin sa gcàilsi; agus go mbíadh sibhse ullamh, mar a dubhairt mé.

4 Deagla má thigid na Macedó∣naigh riom, agus go bfuighid sîad sibhse neamhullamh, go mbíadh adhnáire oruinne, gan teachd oruibhsi, fa mhéd na mordhálasa.

5 Uime sin do bhreathnuidh mé gr ríachdanach, na dearbhráithre bhrosdu∣ghadh, chum teachd chugaibhsi dhóibh ar tús, agus bhur nalmsana air ar labhradh cheana do chrîochnughadh roimh láimh, ionnus go mbîadh sí ullamh, mar nî [gheibhthear] tré dháon∣nachd, agus ní ré crúadháil.

6 Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, an tí shîolchuireas go tana, is go tana bheanfus sé: & an tí shíolchuireas go tiugh, is go tiugh bheanfus sé.

7 [Tabhradh] gach áon [úadh] do réir thogra a chroidhe: ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: Oír is ion∣mhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.

8 Agus as cumusach Día ar sibhse do lîonadh do na huile ghrásaibh: ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go lionfadh sibh chum gach uile dheaghoibre.

9 (Do réir mar atá sgríhbhtha; Do leathnidh sé, [agus] tug sé do na

Page [unnumbered]

bochdaibh: mairidh a fhiréuntachd go ••••ruidhe.

10 Agus an tî do bheir fíol don ••••••ladôir, agus arán chum beatha, go ••••guidh agus go méuduighe sé bhur ••••chursa, agus go dtuguidh sé do thórth∣dh bhur bhfiréuntachda fás.)

11 Ar mbeith dhaóibh ar bhur ndéu∣••••h saidhbhir sa nuile chás, chum na ••••le dháonnachda, noch do bheir fó deara ••••dne, buidheachas do bhreith ré Dîa.

12 Oír do bheir miniosdrálachd na ••••rálasa, ní hé amháin fòirighin do ••••chdanusaibh na náomh, ach líonuidh 〈◊〉〈◊〉 mar an gcéudna tré mhorán buidh∣••••chais do bhreith ré Día;

13 Ar mbeith dhóibh tré dhearbh∣••••chd na miniosdralachdasa ag moladh é, do bhrígh bhur numhlachdasa an a ••••fil sibh admhálach do shoisgéul Chríosd, agus do bhrígh bhur gcumuinn ••••íonnachduigh ríu féin, agus ris na ile [náomhuibh.]

14 Agus ann a núrnuighe ar bhur ••••sa, noch atá bhur níarruidh ar son ••••ràs Dé líonas ionnuibh.

15 Uime sin buidheachas ré Día ar 〈◊〉〈◊〉 a thiodhlaice, nach dtig ré teanguidh cill siughadh.

CAIB. X. 〈◊〉〈◊〉 & éideadh sbioradalta na Nccriosdui∣gheadh.

TUilleadh eile, sirimse Pól dath∣chuinge oraibh, tré mhacántus, g•••• cheannsachd Chíosd, noch ar ••••eith dhamh do láthair, [bhíos] íseal ••••••ibh, ach do ní dánachd oruibh 〈◊〉〈◊〉 tan nach bím bhur lathair:

2 Achd iarruim oruibh gan [sibh dom ••••••nghadh,] an tan bhías mé bhur lá∣••••ir, chum bheith teann damh, leis a ••••inachd céudna ré a saóilthear mé eith teann a nadhuigh dhruinge righe, mhéusas sinn, mar do bheimís 〈◊〉〈◊〉 subhal do réir na féola.

3 Oír ar mbeith dhúinn ag siubhal sa ••••seóil, ní do réir na féola na nímid gadh:

4 (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar d, ach cumhachdach ó Dhía, chum ••••gneach do leagadh sios;)

5 Ag cur theilgin na hinntinne ar íl, & gach uile áirde, dá nárduigheann 〈◊〉〈◊〉 féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag reith gach uile smuáintighe a mbráigh∣eanus chum umhluighthe do Chríosd.

6 Agus agá bhfuil díoghaltus ullamh 〈◊〉〈◊〉 dhéunamh ar a nuile easumhlachd, an a choimhlíontar bhur numhlachdsa.

7 An do réir a bhfaicseana mheasas 〈◊〉〈◊〉 neithe? má atá dóchas ag aóinneach féin, gur lé Críosd é, smuáineadh so a rís úadha féin, amhuil is ré ••••íosd eision, gur lé Críosd sinne fós r an gcéudna.

8 Oír biodh go ndéanuinn nî éigin sa mhó do mhòrdháil as na cumh∣chdnìbh atá aguinn, tug an Tighearna ••••ian, chum bhur bhfollamnuighthesi, agus ní chum bhur gcurtha ar gcul, ní bhíadh adhnáire oram.

9 Achd ionnus nach measfuighe mé mar bhéinn ag cur eagla oruibh rém litribh.

10 Oir atáid na litreacha (a deirid siad) nimhneach, láidir: achd is meirbh a phearsa a láthair, agus ní bhfuil éifachd na bhríathruibh.

11 An tí atá amhluidh sin, smuái∣neadh sé ar so, Do réir mar bhímid a mbréithir tré litribh ar mbeith dhúinn as láthair, go mbîam mar an gcéudna dá réir sin a ngníomh, an tan bhíam a láthair.

12 Oír ní lamhmaóid sinn féin do cheangal, nó chur a gcomórtus re druing áirighe bhíos dá moladh féin: gidheadh ní thuigid síad, Gur dá dto∣mhas féin ríu féin bhíd síad, agus dá gcomórtus féin ré chéile.

13 Achd nì dhéunmaóidne mórdháil as na neithibh théid thar ar dtomhas: ach do réir mhiosúir na riaghla, noch do thomhuis Día dhúinn, miosúr ré rochduin fós go soithe sibhse.

14 Oír ní shínemíd sinn féin tar mhogh mar nach dtiucfadh dhínn roch∣duin chuguibhsi: óir rangumar fós chuguibh maille ré soisgéul Chríosd.

15 Ní ag déunamh mórdhala as na neithibh nar toimhseadh dhuinn, as sáothruibh dhaóineadh eile: achd as doigh linn, ar mbeith dá bhur gcreid∣emhsa ag fás ionnuibh, go léigfigh∣thear tuilleadh fairsinge chuguinn sa ní do toimhseadh dhúinn.

16 Chum an tsoisgéil do sheanmóir sna críochaibh atá don táobh amuigh dhaóibhsi: ní chum mordhala dhéa∣namh as riaghuil dhuine eile, as nei∣thibh atá ullamh cheana.

17 Achd an tí do nî mórdháil, déu∣nadh mórdháil as an Dtighearna.

18 Oír ní hé an tí mholás é féin, atá ionmholta, achd an ti mholtar òn Dtighearna.

CAIB. XI. Ʋrraim na Firinne ag Pól tar na dall∣absdoluibh meabhlach; 22 a leigeul fós, & a fhulang.

DO bsearr leam go niomchradh sibh beagán rém leimhe: agus fós iomchruidh leam.

2 Oír atáim éudmhar ribh, ré héud díadha: óir do ullmhuigh mé sibh déinfhear amháin, chum bhur dtabhartha mar óigh fhíorghloin do Chríosd.

3 Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbha ré na mheabhail, go dtruáillfidhe bhur ninn∣tinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.

4 Oír dá dtigidh neach do shean∣mórughadh Jósa elle, nach dearnamairne sheanmóir; nó da nglacuidh sibh spio∣rad eil nár ghlacabhair chuguibh, dob iondéunta dhíbh a fhulang.

5 Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.

Page [unnumbered]

6 Agus bíodh go bhfuilim tútamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néo∣las: ach dó rihneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.

7 A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhár∣dughadh, tré bheith dhamh ag soisgéu∣lughadh shoisgéil Dé dhaóibhsi a naisge?

8 Do shlad mé eagluiseacha eile, ag glacadh túarasduil [úatha] chum seir∣bhíse do dhéunamh dhíbhsi.

9 Agus an tan do bhí mé bhur lá∣thair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mha∣cedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruíbhsi, agus fós coimhéudfad.

10 Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.

11 Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhìbhse? atá a fhios sin ag Día.

12 Ach a ní do ním, do dhéanad fós é: ionnus nách dtiubhruinn cion∣fátha don druing ler mían cionfatha dfaghàil, chum a bhfaghála comhchos∣mhuil rinne, sa ní as a ndéanuid siad maóithfeachus.

13 Oír atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre fhallásach, meabhlacha, dá gcur séin a bhfoirm absdal Chríosd.

14 Agus ní hiongnadh sin: óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse.

15 Uime sin ní mór an ní é, dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcédna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda, agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.

16 A deirim a rís, Na tugadh éun∣duine meas dhuine gan chéill oram: nó fós gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórdhála asam féin.

17 A ní labhrum, ní do réir an Tighearna labhrum é, ach mar neach ar a bhfuil díth céille a ndóthchas na mórdhálasa.

18 Do bhrígh go ndeanuid morán mórdháil do réir na féola, do dhéunsa mórdháil mar an gcéudna.

19 Oír fuilngidh sibh daóine gan chéill go toilteanach, do bhrígh go bhfuil sibh féin céillidhe.

20 Oir iomcharthaói dá mbeire neach a ndaóirsi sibh, dá sluige neach sibh, dá mbeana neach [bhur gcuid] díbh, da nârduighe neach é féin, dá mbuáile neach sibh ar a nadhuigh.

21 As a dtáobh easonóra a deirim so: amhuil mar bhéimisne annbhfan: mâ seadh fós gidh bé ar bith ní as a bhfuil neach eile dána, (labhrum go mícheillidhe) atáimse mar an gcéudna dána as.

22 An Eabhruidhe ìadsan? a seadh misi mar an gcéudna. An Isráeluidh íad? a seadh misi fós. An do shíol Abràham íad? a seadh misi mar an gcéadna.

23 An minisdrí do Chríosd íad? (la∣bhruim mar dhuine michéillidhe) atăim ós a gcionn [sa cháil sin.] Níos líon∣mhuire a sáothruibh, a mbuilleadhuibh níos ro mhó, a bpríosúnuibh níos mi∣onca, a nguais bháis go minic.

24 Fuáir mé dhá fhichchead buille achd a háon, cúig huáire ó na Júdaighibh.

25 Do gabhadh do shlatuibh oram trí huáire: do gabhadh oram éunuáir do chlochuibh: dfulaing mé luingbhri∣seadh trí huáire: do bhí mé ló gon oidhche a ndubhaigéun na fairrge:

26 A naisdribh go minic, a ngábhadh aibhneadh, a mbáoghal biothamhnach, a mbáoghal ó mo chineadh, a mbáo∣ghal ó na cineadhachuibh, a mbáoghal sa gcathruidh, a mbáoghal sa bhfâsach▪ a mbáoghal sa bhfairrge, a mbáoghal a measg dhearòhráithreach bhfállsa.

27 A dtuirse agus a mbríseadh croidhe, a bhfaire go minic, a nocarus agus a niotuin, a dtroisgthibh go minic, a bhfúachd agus a lomnochduighe.

28 Os cionn na neitheannsa don táobh amuigh, an ní thig oram go láetheamhuil, Cúram na nuile eagluiseadh,

29 Cía bhíos lag, agus nach bímse lag? cía gheibh oilbhéim, agus nach bímse dom losgadh?

30 Más éigean mordháil do dhé∣namh, is as na neithibh bheanas ré•••• éugcrúas do dhéun mórdháil.

31 Atá a fhios ag Día, eadhon athair ar Dtighearna Jósa Críosd atá bean∣nuighe do shior, nach bhfuilim ag déunamh bréige.

32 A Ndamascus, do chuir nachd∣arán an phobuil faói an Rí Aréta, coimhéud ar chathair na Ndamascenach, a ndóigh misi do ghabháil:

33 Achd do léigeadh sios mé a gclíabh tré fhuinneóig ris an mballa, & [mar sin] do chuáih mé as a lámhuibh.

CAIB. XII. Gur tarbhoighe cáil thrìobloid, no tré∣ghlòir, sa bheathaidhse.

GO deimhin ní hiomchubhaidh dhamhsa mórdháil do dhéanamh: óir tiucfuidh mé chum taibhreadh agus taisbèunadh an Tighearna.

2 As aithnidh dhamh neach a Gcríosd ós cionn cheithre mblíadha deug ó shin, (más ann sa gcoluinn, 〈◊〉〈◊〉 eadar: nó as an gcoluinn, ní eadar: atá a fhios ag Día,) noch do fúad••••∣gheadh súas gus an treas neamh.

3 Agus as aithnidh dhamh a leith i sin do neach, (más ann sa gcoh•••••• no as an gcoluinn, ni eádair mé: at a fhios ag Día,)

4 Gur fuáduigheadh é go Pârrth•••• agus go gcúaluidh sé bríathra rúind••••∣mhracha

Page [unnumbered]

nach cóir do dhuine labhairt.

5 Do dhéun mordháil as a shamhuil 〈◊〉〈◊〉 do neoch: gidheadh ní dhéun mór∣••••••il asam féin, muna [dhearnad é] as ••••••hecrúasuibh.

6 Oír dá raibh na mhían oram mór∣••••áil do dhéunamh, ní bhiáidh mé neimh∣éillidhe: óir déura mé a nfirinne. Gi∣eadh atáim ag congmhail oram féin, ••••••gla éunduine dom mheas, thar mar do ••••í sé mé, nó mar do chluin sé uáim.

7 Agus deagla áirde inntinne dom ••••reith tar mhodh, tré iomad sgéimhe na ••••••ísbéuntadh, fuair mé sgolb ann ••••eóil, aingeal Shátáin, chum gabhála 〈◊〉〈◊〉 dhornuibh oram, deagla áirde inn∣••••••e dom bhreith tar mhodh.

8 Dá tháobh so do chuir mé impidhe a 〈◊〉〈◊〉 Dtighearna fo thrí, fá na dhul uáim.

9 Achd a dubhairt sé riom: Is lór ••••ait mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo ••••mhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh 〈◊〉〈◊〉 mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh 〈◊〉〈◊〉 méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh ••••••hachd Chríosd comhnuidhe ionnam.

10 Uime sin bí sáimhe oram a néu∣••••nfuibh, a nimdheargthuibh, a ríachd∣••••suibh, a ngérleanmhanuibh, a namh∣••••••ruibh ar son Chríosd: óir a núair 〈◊〉〈◊〉 lag, bím láidir an tan sin.

11 Atáim mícheillidhe ré déunamh ••••••dhála: is sibhse do choimhéignidh 〈◊〉〈◊〉. Oir bá cóir dhamh mo mholadh ••••••hse: óir nì raibh mé a gcáil ar bith 〈◊〉〈◊〉 an luchd dob áirde do na habsda∣••••••h, bíodh nach bhsuil éifeachd ionnam.

12 Go deimhin do hoibrigheadh co∣brthaigh absduil eadruibhse maille 〈◊〉〈◊〉 a nuile fhoighid, a gcomharthuibh, 〈◊〉〈◊〉 a niongantasuibh, & a gcumhachd∣••••h.

13 Oír créud í an cháil a rabhabhair 〈◊〉〈◊〉 eagluisibh eile, muna bé nár léig ••••fi mo throm oruibh? tuguidh maith∣••••••hnas damh sa néugcóirse.

14 Féuch, is ullamh a nois mé an as uáir chum teachd chuguibh, & fós i chuirfe me mó throm oruibh: óir ní 〈◊〉〈◊〉 bhur máoin íarruim, ach sibh féin: ••••r ní har an gcloinn ata dfíachuibh ••••nmhus do chruinniughadh fá chomhair 〈◊〉〈◊〉 naithreach, achd ar na haithribh fá ••••omhair na cloinne.

15 Agus budh ro mhían leamsa ••••itheamh ribhsi, agus mé féin fós do ••••abhairt ar son bhur nanmann: bíodh ••••á mhéud ghráidhighim sibh, gur lu∣haide bhur ngrádh dhamh é.

16 Ach bíodh nár chuir mé muirighin ••••ibh, gidheadh ar mbeith dhamh glic, 〈◊〉〈◊〉 ghabh mé sibh rém ghliocas.

17 A ndearna mé éudáil oruibh a ••••ioibh éunduine dhár chuir mé ••••••guibh?

18 Do íarr mé dathchuinge ar Thítus ••••el dhar nionnsuidhe] agus do chuir mé ••••arbhráthair maille ris: a ndearnuidh ••••••s eadáil oruibh a ní ar bith? a né nach a náon spioruid amháin do shiubhla∣mar? a né nach éùnlorg amháin do leanamar?]

19 An sáoilti a rís go bhfuilmíd ag gabháil ar léisgéil ribh? as a bhfíadh∣nuisi Dé labhramáoid a Gcríosd; achd an tiomlán, a chairde, chum bhur bhfol∣lamnuighthese.

20 Oír as eaguil leam ar dteachd damh, nach bhfuighe mé sibh mar as mian riom, agus nách bhfuighe sibhse mìsi mar is mían ribh. Agus go [mbiáidh] imreasuin, tnúth, fearg, consbóid, ithiomradh, siusarnach, lionadh [droch∣mhéine, agus] ceannarruic, [eadruibh.]

21 Deagla ar dteachd a rís chuguibh dhamh, go nísleóchuidh mo Dhía mé eadruibh, & go gcáoinfe mé morán don druing do pheacuidh cheana, agus nach dearna aithrighe sa neamhghloine, agus sa sdríopthachas, & sa mionáire do rinneadar.

CAIB. XIII. Bagra na gêr-slaite ar dhaoinibh, do-smach∣duighe.

AG so an treas uáir dhamh ag teachd chuguibh. A mbéul dheisi no trir fínné, biáidh gach uile bhría∣thar ar bun.

2 Do réumhráidh mé, & réumhráidhim an dara huair, amhuil as do bhéinn bhur láthair, & ar mbeith dhamh as bhur lathair, sgríobhuim a nois chum na druinge do pheacuidh roimhe so, agus chum na coda eile uile, Dá dtigidh mé a rís, ní choigeólad [sibh:]

3 atá sibh ag íarruigh doarbhadh ar Chríosd labhrus ionnam, noch da bhur dtáobhsa nach blifuil éugcruáidh, achd atá cumhachdach ionnuibh.

4 Oír bíodh gur céusadh é tré éug∣crúas, mairidh sé fós tré chumhachd Dé: Oír atámuidne fòs éugcruáidh maille rision: gidheadh bíam beó maille ris tré chumhachd Dé bhur dtáobhsa.

5 Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh: cúartuighe sibh féin: A né nach feasach sibh oruibh féin, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh? ach muna dáoine éidearbhtha sibh.

6 Achd atá súil agum go mbiáidh a fhios aguibh, nach dáoine éidearbhtha sinne.

7 Agus íarruim dathchuinghe ar Dhía, gan sibhse do dhéanamh uilc ar bith: ní chum go measfuidhe sinne do bheith dearbhtha, achd chum sibhse do dhéunamh neithe iomchubhaidh, bíodh go mbeimisne éidearbhtha.

8 Oír ní féidir linn ní ar bith dhéa∣namh a nádhuigh na firinne, achd ar son na fírinne.

9 Oír bí lúathgháir oruinn an tan bhímid féin éugcruáidh, agus sibhse lái∣dir: agus íarrmuid so dathchuinghe [ar Dhía] mar an gcéudna, eadhon sibhse do bheith diongmhálta.

Page [unnumbered]

10 As uime sin sgríobhuim na neithe so ar mbeith dhamh as bhur láthair, dea∣gla mo bheith borb ar mbeith a lathair dhamh, do réir na gcumhachd tug an Tighearna dhamh. chum follamnuighthe, agus ní chum sgriosda.

11 An cuid eile dhe, a dhearbhráith∣reacha, biodh gáirdeachas oruibh: bighidh diongmhálta: bíodh deaghmheisneach aguibh: bíghidh dhéininntinn: leanuidh don tsíothcháin: & biáidh Día an ghra∣dha, agus na fiothchána maille ribh.

12 Teannuídh féin ré chéile maille ré póig náomhtha. Cuírid na náoimh 〈◊〉〈◊〉 a mbeannachd chuguibh.

13 Grása an Tighearna Jósa Críod, agus grádh Dé, & cumann an Sbiorui naoimh maille ribh uilé. Amén.

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA NGALATIANACH.

CAIB. I. Muintir na Galatia corrach, diombuân a Gcreidimh.

POL absdal (ní ó dháoinibh, ná tré dhuine, ach tré Jósa Críosd, agus tré Dhía a∣thaîr, noch do thóg suas é ó mharbhuibh.)

2 Agus na dearbhráith∣reacha uile atá maille riom, chum eag∣luiseadh na Galátia:

3 Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía athar, agus ó ar Dtighearna Jósa Críosd:

4 Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar saortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheaghthoile Dé, ea∣dhon ar nathairne;

5 Agá [bhfuil] glóir go sáoghal na saoghal. Amén.

6 As iongnadh leam bheith ar niom∣pógh dhíbh comhlúath sin chum soisgéil eile, ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd:

7 Ag nách [soisgéul] eile é: achd amháin go bhfuil dream áirighe dhá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur a neimbrígh.

8 Ach biodh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh soisgéul eile do shean∣móir dháoibh, tar an [tsoisgéul] do rínneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.

9 Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a ris mar an gcéudna; Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh, leith amuigh dhe sùd do gha∣bhabhair chuguibh, bíodh sé malluighe.

10 Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a nì toil na ndáoi∣ne íarruim a dhéunamh? go deimhin dà mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfho∣ghantuidhe ag Críosd.

11 Agus do bheirim a fhios dhìbh a dhearbhráithre, an soisgéul do sean∣móradh leamsa, nách do réir dhuine atá sé.

12 Oír ní ó dhuine fuáir mé é, ná do theaguisgeadh mé, ach tré thais∣béunadh Jósa Críosd.

13 Oír do chúalabhair mo choinbhear∣sáid a nallód a gcreideamh na Niùdui∣gheadh, eadhon go raibh mé ag gér∣leanmhuin eagluisi Dé tar mhogh, agu dá sgrios.

14 Agus gur mó tháinic mé ar madhuigh a gcreideamh na Niuduigheadh ná moran dom mhaca samhla a measg mo chinidh, ar mbeith dhamh ní as dúth∣rachduighe ag leanmhuin luirg mo shio∣sear.

15 Gidheadh an tan do thoguir Dí, (noch do chuir air leith mé ó bhruin mo mháthar, agus do ghoir mé tré na ghrás,)

16 A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, ionnus go mbéinn dá sheanmóir a meas na gcineadhach: air a nuáirsin ní dearna mé comhairle ré fuil agus ré feóil:

17 Agus nior fhill mé go Hiaru∣salem, chum na druinge [do bhí] na napsdaluibh romham: ach do imthigh mé go Harábia, & táiic mé ar mais a rís go Damascus.

18 Na dhiáigh sin a gcionn th•••• mbliadhan do fhill mé go Híarusalém, dféucháin Pheadair: agus dfan mé na fhochair cúig lá dhéug.

19 Agus ní fhaca mé neach ar bith eile do na hapsdaluibh, achd amhái Séumus dearbhráthair an Tighearna.

20 Agus sna neithibh sgriobhui•••• chuguibh, féuch, tógbhuim Dia dfíadh∣nuisi, nách bréug do ním.

21 Na dhiáigh sin tháinic mé go críochaibh na Síria agus Cilicia.

22 Agus ni raibh eólas oram do réir mfaícsiona ag eagluisibh thíre Júdaighe noch do bhí a gcríosd.

23 Achd amháin do chualadar, an t do bhí dár ngérleanmhuin roimhe so, go bhfuil sé a nois ag soisgéulughadh an chridimh, do sgrios sé roimhe.

24 Agus tugadar glóir do Dhía don tháobh.

CAIB. II. Pòl ag leanmhuin ar a thuras 4 & ag dei∣mhniughadh an tsoisgeil. 7 mar theach∣daire na Gcineadhach; amhuil Peadar, n Niúduigheach.

AGus a gcionn cheithre mblíadhan déug na dhiáigh sin, do chuáidh mé súas a rís go Hiarusalem ma ráon ré Barnabas, ar mbreith Thítuis riom mar an gcéudna um chuideachda.

Page [unnumbered]

2 Agus is do réir thaisbéunta do ••••áidh mé súas, agus do chuir mé a ••••éill dóibh an soisgéul do ním a shean∣••••••r a measg na gcineadhách: achd 〈◊〉〈◊〉 druing dob oirdheirce aca air ••••th, deagla a gcáil ar bith go rioth∣••••••n go diomhaóin, no gur riothas.

3 Ach fós nîor cuireadh dfiachuibh 〈◊〉〈◊〉 Thítus do bhí um chuidheachda, a ••••••••cheallgearradh, bíodh go raibh sé 〈◊〉〈◊〉 Ghréugach.

4 Agus sin ar son na ndearbhrái∣••••reach bhfallsa, do bhí ar dteoltógh a ••••each, noch do théultóigh a steach do rath na saóirse atá aguinn a Gcriosd ••••m ar mbreith fá dhaóirse:

5 Dá nach dtugamar urraim ar feadh ••••e amháin, ionnus go bhsanfadh fî∣••••••e an tsoisgéil aguibhse.

6 Agus ón druing air a saóiltear cáil ••••in oirdhearcuis do bheith, (gidh bé 〈◊〉〈◊〉 do bhádar roimhe so, ní bheanann 〈◊〉〈◊〉 dhamhsa: ní ar phearsainn dhuine 〈◊〉〈◊〉 meas ag Dìa; Oír) an dream ••••••iltear do bheith oirdheirc, níor ••••••readarr bárr ar mo theagusgsa.

7 Ach go contrârdha dhó sin, ar ••••••irsin dóibh gur tàobhadh soisgéul an ••••••hthimchillghearrtha leamsa, mar 〈◊〉〈◊〉 táobhadh soisgéul] an timchioll∣••••artha lé Peadar:

8 (Oir an té do oibrigh do Pheadar 〈◊〉〈◊〉 absdaltachda an timchillghearr∣••••a, doibrigh sé dhamhsa mar an ••••••dna do tháobh na gcineadhach.)

9 Agus ar naithne do Shéumus & 〈◊〉〈◊〉 Chéphas, agus Déoin, ar a bhfuil ••••eas bheith na bposduighibh, an grás 〈◊〉〈◊〉 tugadh dhamh: tugadar a lámh ••••eas [a ccruth] chumainn damhsa 〈◊〉〈◊〉 do Bharnabas; chum sinne dim∣••••achd chum na ccineadhach, agus 〈◊〉〈◊〉 féin chum an timchíllghearrtha.

10 Achd amháin go mbíadh cuimhne ••••inn ar na bochduibh: an ní céudna 〈◊〉〈◊〉 raibh mé féin dùthrachdach chum 〈◊〉〈◊〉 dhéunta.

11 Agus an tan tháinic Peadar go ••••••tíochia, do sheas mé a nadhuigh a ••••din, óir do thuill sé a spreagadh.

12 Oír sul tangadar dream áirighe 〈◊〉〈◊〉 Shéumas, do chaith sé bíadh a ••••sochair na gcineadhach: ach tár éis ••••chd dóibh, do théultó sé agus do 〈◊〉〈◊〉 sé [ríu,] ar mbeith eaglach dhó ••••••mh an luchd do bhí don timchioll∣••••earradh.

13 Agus do bhádar an chuid eile do 〈◊〉〈◊〉 Júduighibh mar an gcéadna ag cluái∣eachd na fhochair: ionnas gur ••••••irrngeadar Barnabas fos ré na ••••áin.

14 Achd an tan do chonnairc misi, ••••ch í an tslighe dhíreach do shiubhladar ••••••m firinne an tsoisgéil, a dubhairt mé 〈◊〉〈◊〉 Peadar na bhfiadhnuisi uile; Má atà sa, agus tú ad Jùduighe, ag caitheamh 〈◊〉〈◊〉 bheatha réir na gcineadhach, & ní réir na Níuduigheadh, créd fá gcuireann tú dfiachuibh ar na cineadhachuibh, aithris do dhéunamh ar na Júduighibh?

15 Inne, atá ar Níuduighibh ó na∣dúir, agus nî ar bpeacthachuibh do na cinéadhachuibh,

16 Ar mbeith fhios aguinn, nach sáorthar duine tré oibrighibh an reach∣da, ach tré chreideamh Jósa Críosd; do chreideamairne a Níos Críosd, mar an ccéudna, ionnus go sáorfuighe sinn tré chreideamh Chríosd, agus ní tré oibrighibh an reachda: do bhrígh nach sáorfuighthear feóil ar bith tré oibri∣ghibh an reachda.

17 Agus má gheibhthear sinne ar bpeacthachuibh, [agus sinn] ag íarruidh ar sáortha a Gcriosd, A né go bhfuil Críosd na mhinisdir ag an bpeacadh? Nar léige Día sin.

18 Oír má thógbhuim súas a rís na neithe do leag mé sios, do ním cion∣tach mé féin.

19 Oír atáimse trés an reachd, marbh don reachd, ionnus go mbéinn béo do Dhía.

20 Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim béo, bíodh nach misi feasda, ach Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn, is tré chreideamh mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.

21 Ni ag cur ghrás Dé ar gcúl atáim: Oír má [thig] trés an reachd, firéuntachd, is gan adhbhar fuâir Críosd bás.

CAIB. III. Tugadh Dlighe Mhaos 19 Chum peacadh do bheagughadh, & do nochdadh; 24 ach is tré Chreideamh Chríosd atà ar sáoradh uatha thrid amach.

O A Ghalatianacha gan chéill, cía rinne piosòga dhaóibh, as nách géillseadh sibh don fhírinne: agar thaisbéunadh Jósd Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?

2 Bá mían rióm so amháin dfogh∣luim uáibh, An ó oibrighthibh an reachdá fúarabhair an Spiorud, ná ó éisdeachd an chreidimh?

3 An bhfuiltí coimhmíchéillidhe sin, ar dtosughadh dhaóibh sa Spioruid, go mádh mían ribh a nois bhur gcríochnu∣ghadh sa bhfeóil?

4 An go diomhaóin dfuiling sibh a noirid sin do neithibh? achd fós más diomhaóin.

5 Uime sin an tí do bheir an Sbiorad go fairsing dhaóibh, agus oibrigheas subhailcighe miorbhuileacha ionnuibh, An tré oibrighthibh an reachda, no tré éisdeachd a chreidimh [do bheír sé íad?]

6 Amhuil do chreid Abraham do Dhia, agus do measadh dhó é mar fhiréantachd.

7 Uime sin is tuigthe dhaóibh, an

Page [unnumbered]

drung [atá] don chreideamh, gur ab íad sin clann Abraham.

8 Oír ar na fhaicsin roimhe don sgriobtùir, go sáorsadh Día na ci∣neadhacha tré chreideamh, do shoisgéíl sé roimhe láimh Dábraham, [ag râdh] Biáidh na huile chineadhacha ar na mbeannughadh ionnadsa.

9 Uimé sin an dream [atá] don chreideamh, atáid síad beannuighthe maille ré Hábraham deaghchreidmheach.

10 Oir an mhéid atá do tháobh oib∣rightheadh an reachda, atáid siad faoi an mallachd: Oîr atâ sgriobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnui∣gheann sna huile neithibh atá sgríobh∣tha a leabhar an reachda, chum a ndéunta.

11 Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadhnuisi Dé: óir As tré chreideamh mhairfeas an firéun.

12 Gidheadh ní ón chreideamh atá an reachd: Achd an tí dhéunas íad, mair∣fidh sé thriothadh.

13 Ach dfuasguil Críosd sinne ó mhallachd an reachda, ar mbeith dhó ar na dhéunamh na mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann.

14 Ionnus go dtiucfadh beannachadh Abraham chum na gcineadhach a Niófa Críosd, chum sinne dfagháil geallamhna na Spioruide tré chreideamh.

15 A dhearbhráithre, is do réir nóis daonna labhruim: bíodh nach biadh ann achd connradh duine, ar mbeith dhó daingnighthe, ní chuireann éinneach ar gcúl é, agus ní curthar tuil∣leadh ar bith leis.

16 Máseadh is Dábraham agus dá shîol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar [do bhíadh sé ag labhairt] ar mhórán: ach mar do [laibheóradh sé] ar áon [ag rádh] Agus dod shíolsa, agár ab é Críosd é.

17 Agus a deirim so, nách ccuireann an reachd, noch do thosuigh a gcionn cheithre gcéud & dheich mblíadhan bfi∣chead na dhiaigh, an connradh do daingnigheadh roimhe ré Día a dtáobh Chriosd, a neimbrígh, ionnas go gcuir∣feadh sé an gheallamhuin ar gcúl.

18 Oîr más ôn reachd [tig] a noi∣ghreachd, ní [thig sí] feasda ón ngeal∣lamhuin: ach tug Día [í] go sáor Dábraham tré ghealladh.

19 Uime sin créud é an reachd? is uime do hórduigheadh é ar son shár∣uighthe na naitheantadh, go teachd don tsíol dá ndearnadh an gealladh: ar na órdughadh ris na hainglibh, tré láimh eidirmheadhontóra.

20 Achd an teidirmheadhanthóir, ní ré háon é: achd is áon é Día.

21 Uime sin an bhfuil an reachd a nadhuigh gheallamhnacha Dé? a bhfad uainn sin do râdh. Oír da mbeith reachd ar na thabhairt, lér bhféidir beatha do thabhairt úadha, go deimhin is trés an reachd do thiucfadh fíréuntachd.

22 Ach dfág an sgriobhtuir na huile dháoine dúnta fáoi pheacadh, ionnus go dtiubhartháoi an gheallamhuin ó chrei∣deamh Jósa Criosd, don druing chreideas.

23 Ach suil tháinic an creideamh, do congmhadh sinn fà smachd an reachda: [agus] do dúnadh oruinn chum an chrei∣dimh, do bhí ré hadhuigh a fhoillsighthe.

24 Uime sin a sé an reachd fá sgol∣mhaighistir dhúinn go Críosd, ionnus go sáorfuidhe sinn tré chreideamh.

25 Achd ar dteachd dón chreideamh, ní bhfuilmîd feasda fáoi sgolmhaighis∣dir.

26 Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día, trê chreideamh a Niófa Críosd.

27 Oír an mheid aguibh do bais∣deadh a Gcríosd, do chuireabhair Críod iomuibh.

28 Ní bhfuil Júduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear 〈◊〉〈◊〉 bean: ôir is áon sibh uile a Niósa Críosd.

29 Agus más lé Críosd sibh, as sibh síol Abraham gan amhras, agus oigh∣righe do réir na geallamhna.

CAIB. IV. Bhadar daoine fà reachd Mhaoise mar oig•••••• fa fhear-coimhead: 22 gidheadh is ••••el saoirse theachd ar shliocht Shàra.

GIdheadh a deirim, ar feadh bh•••••• an tôighre na leanbh, nach bhfu•••• dithfir ar bith eidir é agus shearbhfho∣ghantuidhe, bíodh go bhfuil na Thigh∣earna ós cionn gach neithe:

2 Ach bí fáoi luchd a choimhéuda, agus fán luchd ar a mbí a chúram, go teachd na haimsire do órduigh an ta∣thair.

3 As mar an gcéudna sinne, an tan do bhámar ar leanbuibh, do bháma a ndáoirse fáoi chéadthosuighibh a tsáoghail.

4 Achd ar gcoimhlíonadh na haim∣re, do chuir Día a mhac féin uadh, do gineadh ó mhnáoi, [agus] do gineadh fáoi an reachd.

5 Chum na druinge do bhí fáoi an reachd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne áit cloinne.

6 Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthibh Spiorad a mhic féin, ghoi∣reas Abbá, Athair.

7 Uime sin ní searbhfhoghantuidhe thù feasda, ach mac: agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.

8 Achd an tan sin ar mbeith dháoibh gan eólas Dé aguibh, do bhíodh sibh ag

Page [unnumbered]

seirbhîs do na déeibh, nach bhfuil na déeibh ó naduir.

9 Achd a nois ó atá eólas Dé aguibh, ó fós eólas Dé oruibh, cionnas fhilleas ••••••h a rís ar na céudthosuighibh eug∣áidhe uireasbhacha, dár mían ribh heith a rís fá dháoirse?

10 Bí coimhéud aguibh ar laethibh, ••••••s ar mhíosuibh, agus ar aimsearuibh, agus ar bhlíadhanuibh.

11 Atá eagla oram bhur dtimcheall, r go diomháoin do thuirsigheas mé féin ribh.

12 Iarruim dathchuinge oruibh a earbhráithre, bíghidh mar misi, do hrígh go bhfuilimse mar sibhse. Ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.

13 Agus atá a fhios aguibh gur tré ••••gcrúas na feóla do sheanmóir mé ••••áoibh an soisgéul ar tús:

14 Agus ní raibh tarcuisne ná gráin guibh air mo chathughadhsa um fheóil; ••••ch do ghabhabhair chuguibh mé mar ••••••geal Dé, [nó fós] mar Jósa Críosd.

15 Uime sin créd í an cháill sho∣•••••• do bhí oruibh? óir do ním dfíadh∣••••••e dháoibh, go mbeanfadh sibh, da adh éidir é, bhur súile féin amach ré dtabhairt damhsa.

16 Ar a nadhbharsin an bhfuilim um ••••nhuid aguibh fán bhfirinne dinnsin ••••bh?

17 Ní ré máith atá teasghrádh acadh∣••••n dáoibh, ach bá mían ríu sinne do ••••••r amach uáibhse, ionnus go mbíadh easghrádh aguibhsi dhòibh féin.

18 Achd as maith an teasghrádh ré heith go fiorruidhe a ní mhaith, & ní é amháin an tan bhímse bhur lathair.

19 A chlann bheag, agá bhfuilim a rís é níodhnuibh bhur dtimcheall, nó go ••••ealbhthar Críosd ionnuibh.

20 Agus do bfearr leam go mbéinn ••••••r láthair a nois, chum mo ghotha dá∣rughadh; óir atáim amharusach oruibh.

21 Innifigh dhamh, a dhream lér ••••an bheith fáoi an reachd, An gcluin h an reachd?

22 Oìr atá sgríobhtha, go rabha∣r días mac ag Abraham; mac aca hinnilt, agus mac eile ré mnáoi ••••••••r.

23 Agus an mac do bhí ris a ninnilt, do réir na feóia rugadh é: achd an ac do bhi ris an mnáoi sháoir, as do ••••igh na geallamhna rugadh é.

24 Atá ní eile ré thuigsin as na ••••thibhse: Oír a síad so an dá thiom∣•••• tiomna dhíobh agár ab é Agar ó shliabh Sína, bheireas clann chum ••••••rse.

25 Oir as ionann Agar agus Sína, ••••bh sa Narábia: agus as cosmhuil sis a Niàrusalém atá a nois ann, 〈◊〉〈◊〉 atá fí fá dhàoirse maille ré na ••••nn.

26 Achd ata an Tiarusalém atâ shúas r, noch as máthaír dhùinne uile.

27 Oír atá sgríobhtha, Biodh gair∣deachas ort a bhean aimrid nách bei∣reann clann: réub amach agus éigh, a bhean nach bhfuil ré-níodhnuibh: óir is lía clann na mná tréigthe, ná na mná agá bhfuil fear.

28 Uime sin a dhearbhraithre, is sinne clann na geallamhna do réir Isaac.

29 Achd amhuil do bhí a nuáirsin an tí rugadh do réir na feóla ag gérlean∣mhuin ar an tí [rugadh] do réir na Sbioruide: is mar sin atá a nois mar an gcéudna.

30 Gidheadh créd adeir an sgriobtúir? Teilg amach a ninnilt agus a mac: óir ní bhíaidh mac na hinnilte na oighre máráon ré mac na mná sàoire.

31 Go deimhin a dhearbhráithre, ní clann don innilt sinne, ach don mhnáoi sháoir.

CAIB. V. Saóirse na Gcreidmheach trê Chrìosd; ag coimhsheasamh, 3 ní a ngnás an tsein∣reachd, & pheacaidh, 5 ach a ngradh Spioruid Dé, & ionnracuis.

UIme sin seasuidh sa tsáoirse, léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing na dáoirse.

2 Féuch, a deirimse Pól ribh, Dá dtimchillghearthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd.

3 Oír do ním dfíadhnuisi a rís do gach áon thimchillghearrthar, go bhfuìl dfía∣chuibh air, an reachd uile do choìmh∣lionadh.

4 Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an reachd ar bhur ndealughadh ré Críosd; do thuiteabhair ó ghrás.

5 Oír atámuidne trés an Sbioruid ó chreideamh, ag fuireach ré dóthcha na fíreuntachda.

6 Oír a Niósa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neimhthimchillghearradh: achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.

7 As maith do riothabhair; cía chuir toirmeasg oruibh, fá bheith umhal don fhírinne?

8 Ní on tí ghoireas sibh, [tháinic] an brosdughadh so.

9 Géuruldhe beagán laibhín an táos uile.

10 Atá muinighin agumsa asuibh sa Dtighearna, nách bíadh sibh ar athar∣rach inntinne: gidheadh an tí chuireas buáidhreadh oruibh, biáidh sé fá bhreith dhamanta, gidh bé ar bith é.

11 Agus a dhearbhráithre, má nímse mar an gcéudna an timchillghearradh do sheanmóir, créud fá bhfuil gérlean∣mhuin fós dá dhéunamh oram? go deimhin atá sgannuil na croithe ar na cur ar gcúl.

12 Do bfearr leam fós an drung chuireas míoshuaimhneas oruibh, go mbeidís ar na ngearradh uáibh.

13 Oír a dhearbhráithre, as chum

Page [unnumbered]

sáoirsi do goireadh sibh: amháin ná [déunuidh] an tsáoirse na cionfátha don choluinn: ach bíghidh féin ag seirbhís da chéile tré ghrádh.

14 Oîr coimhliontár an reachd uile a náoinbhréithir amháin, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

15 Ach dá raibh sibh ag crinn agus ag slugadh a chéile, tabhruidh aire ribh nách ccnáoithear sibh ré chéile.

16 Uime sin a deirim, Siubhluidh sa Sbioruid, agus ní choimhlionfuidh sibh míanghus na colla.

17 Oír bí míanghus na colla a na∣dhuigh na Sbioruide, agus na Sbioruide a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile, ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.

18 Agus ma treóruighthear sibh ris an Sbioruid, ní bhfuilti fáoi an reachd.

19 Tuilleadh eile, is follas oibreacha na colla, mar atá Adhaltrannas, sdríop∣thachas, néamhghloine, macnas.

20 Jodhaladhradh, piseóga, námhadas, imreasuin, comórtus, miosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd.

21 Tnúth, dúnmharbhadh, misge, cráos, agus a samhail sin, ar a la∣bhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe; nách bhfuighe an drung do ní a samhail so, oighreachd rioghachda Dé.

22 Achd a sé as toradh don Spio∣ruid. Grádh, gáirdeachas, síothcháin, foighid fhada, ceannsachd, rún maith∣easa do dhéunamh, creideamh, macántas measárdhachd.

23 Ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

24 Oír an drung as le Críosd, do chéusadar an cholan, maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.

25 Más beó dhúinn sa Sbioruid, siubhlam mar an gcéudna sa Sbio∣ruid.

26 Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ar a chéile, ag tnuth ré chéile.

CAIB. VI. Tríd Thrócaire, 6 Cheirte, 14 Fhulang, 15 & Bheatha nùa, aitheantar clann Dé.

ADhearbhráithre, má ghreamuighthear neach a gcoir ar bith go hobann, tu∣guidhse a dhream spioradálta a shamhuil sin, do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda: ag tabhairt aire leachd féin [a dhuine] nach ccuirfidhe cathu∣ghadh ortsa mar an gcéudna.

2 Iomchruidh úaluidhe a chéile; agus mar sin coimhlíonfuidh reachd Chríosd.

3 Oír dá sáoilidh éunduine é féin do bheith éifeachdach, ar mbeith dhó gan éi∣feachd, atá se meallta ann a inntinn féin.

4 Ach déunadh gach áon a obair féi dearbhtha: & mar sin biáidh adhbhar gáirdeachais aige dhá tháobh féin amh∣áin agus ní do tháobh dhuine eile.

7 Oir iomchoruidh gach áon a úalach féin.

6 Tugadh an tí theaguisgthear fa mbréithir, don tí theaguisgeas é, roin dá uile mhaitheasuibh.

7 Ná mealltar sibh: ni ghabhann Día sgi∣ge chuige: Oír gídh bé ní shiolchuire•••• neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.

8 Oír an tí shíolchuireas don choluinn, buainfigh sé truailligheachd don cho∣luinn: achd an ti shiolchuireas d•••••• Sbioruid, buáinfidh se an bheatha mhar∣thanach don Sbioruid.

9 Achd ag déunamh maitheasa, 〈◊〉〈◊〉 bímid tuirseach: Oír beanfum iona 〈◊〉〈◊〉 féin, muna ndeacham a neimbrígh.

10 Uime sin an feadh atá an tí aguinn, déunam maith do na huile dh•••••• nibh, agus go môrmhór do luchd é•••• tighe an chreidimh.

11 Do chí sibh fairsinge na litre do sgríobh mé chuguibh ré mo láimh féin.

12 An mhéid lér mían iad féin do thaisbéunadh go sgíamhach sa ccoluinn, cuirid dfíachuibh oruibhse an timchill∣ghearradh do ghabhail chuguibh, amhái deagla go ndéantáoi gérleanmhuin orr∣tha ar son chroithe Chríosd.

13 Oír an dream sin féin atá timchi••••∣gheartha ní choimhéuduid siad reachd: achd as mían ríu sibhse bheit timchillgheartha, chum mórdhála do dhéunamh dhóibh as bhur bhfeóil.

14 Gidheadh nár léige Día go ndéa∣nuinnse mordháil, achd as croith ar Dti∣ghearna Jósa Críosd, tré a bhfuil an sa∣ghal céusda agumsa, agus misi ag a tsáoghal.

15 Oír a Níosa Críosd ní bh•••••• éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, a neimhthimchillghearradh, ach sa gcruthughadh núadh.

16 Agus an mhéid shiubhalfus ré na riághlachsa, síothcháin agus trócai orrtha, agus ar Israel Dé.

17 O so amach ná cuireadh é•••• duine míoshuáimhneas oramsa: o iomchruim um chorp comharthadha a Tighearna Jósa.

18 Grása ar Dtighearna Jôsa Críos maille ré bhur spioruid, a dhearbhr thre. Amén.

Epistil PHOIL Absdail chum na NEPHESIANACH

CAIB. I, Jarruidh Pól ar Dhía, iad do thuigsin gur thogha iad ná noighre ar a Ghlòir.

POL absdal Jósa Críosd tré thoil Dé, chum na náomh a Nephesus, agus chum na druinge chreideas a Niós Críosd.

2 Grása maille ribh agus síothch•••••• ó Dhía ar nathair, agus ón Dtighear Josa Críosd.

Page [unnumbered]

3 Glóir agus moladh do Dhía, eadhon thair ar Dtighearna Jósa Críosd, noch bheannuidh sinn lé gach uile bheanna∣dh sbioradálta, sna neithibh neamh∣••••, a Gcríosd:

4 Amhuil do thogh sé sinn annsan, sul chruthuigheadh an domhan, ionnus mbéimís náomhtha & neimhchion∣ch, dhá lathairsion a ngrádh.

5 Agus do réimhchinn fé dhùinne eith aige féin a náit cloinne, tré Jósa ••••osd, ar a shon féin, do réir dheagh∣••••inn a thola féin.

6 Chum molta glóire a ghrás, tré a ••••éarna sé sinne grásamhuil an a [mhac] ••••••dhach,

7 Iona bhfuil fuásgladh aguinn, tré na ••••d, (maithmheachas na bpeacadh) réir sháidhbhris a ghrássan:

8 Tré ar líon sé chuguinne, a nuile ••••na agus thuígse:

9 Ag foillsiughadh dhúinne ruindia∣air a thola, do réir a dheaghfhuinn 〈◊〉〈◊〉, noch do chuir sé roimhe ris féin,

10 A miniosdralachd choimhlíonta na ••••••sire, na huile neithe noch atá ar ••••••h & ar talamh do chruinniughadh gceann a chéile a Gcríosd.

11 Ann a bhfuilmidne toghtha, air ar ••••hchinneadh réir órduighthe an tí ••••righeas na huile neithe, réir chomh∣••••le a thola féin.

12 Ionnas go mbéimísne, lér tosui∣eadh dóigh do bheith aguinn a críosd, chum molta a ghlóiresion.

13 Ann a bhfuil bhur ndóighse mar céudna, ar gclos bhréithre na fi∣•••••••• dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe, ér cuireadh fós séula oruibh, íar gcrei∣••••mh dháoibh, tré Sbiorad náomhtha geallamhna:

14 Agár ab é is geall connartha dar ••••ghreachdne, go teachd dúinn a seilbh sáoirsi, chum moltá a ghlóiresion.

15 Uìme sin ar gclos dámhsa mar an ••••dna, an chreidimh atá aguibhse sa ••••ighearna Jósa, agus an ghrádh do na ••••le náomhuibh.

16 Ni sguirim dá bheith ag breith huidheachais ar bhur son, ag coimh∣••••ghadh oruibh um urnuighibh:

17 Ionnus go dtîubhradh Día ar Dti∣hearna Jósa Críosd, Athair na glóire, ••••iorad eagna agus foillsighe dháoibh, ••••m eision dadmháil.

18 Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe: um a fheasa do bheith aguibh créud muinighin a ghármasan, agus créd é ••••dhbhreas ghlóire a oighreachda sna omhuibh:

19 Agus créd é roimhéud a chumhachd ••••r dtáoibhne, an dream chreideas, do ••••ir oibriughadh a mhóirneirt.

20 Noch do oibrigh sé a Gcríosd, an 〈◊〉〈◊〉 do thóg sé sùas ó mharbhuidh, a∣•••• do shuighidh sé é ar a dheis féin air ••••mh.

21 Go hárd ós cionn gach uile nachdaránachda & chumhachd, & neirt agus Thighearnuis, & gach uile anma dá nainmnighthear, ní sa sáoghalsa amháin, ach mar an gcéudna sa sáoghal atá chum teachda.

22 Agus do chuir sé na huile neithe síos fá na chosuibh, agus tug sé na cheann é ôs cionn na nuile, don neagluis,

23 Noch atá na corp aige, na coimh∣líonadh ag án tí choimhlíonas na huile sna huilibh.

CAIB. II. Olcmhas staid dhuine ò Nàdur, 13 ach gu rug Crìosd abfogus do dheagh-bheatha, 18 & do Dhia, é.

AGus [dó bheôdhuigh sé] sibhse, ar mbeith díbh marbh a gcionntuibh agus a bpeacuighibh:

2 Ann a rabhabhair a nallód ag siu∣bhal, do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cumhachda a nai∣éir, [agus] na sbioruide oibrigheas a nois a gcloinn na heasumhlachda.

3 Agá rabhamairne uile mar an gcéud∣na nar gcoinbhearsaid a nallód, a nain∣mhíanuibh na colla, ag tabhairt a tola féin don choluinn agus do na smuáinti∣ghibh: agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge mar chách.

4 Ach Día noch atá saidhbhir a dtró∣caire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn,

5 Ar mbéith dhúinn fòs marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd; is lé grásuibh shlánaighthear sibh.

6 Agus do chomhthóg sé súas, agus do chomhshuighidh sé [sinn] air neamh a Niósa Críosd.

7 Ionnus go bhfoillseóchadh sé sna haimsearuibh atá chum teachda saidh∣bhreas rolionmhar a ghrás, tré mhai∣theas dhár dtáobhne a Niósa Críosd.

8 Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh: (agus ní uáibh féin so: achd tiodhlacadh Dé.

9 Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéa∣nadh áonduine uáill as féin.

10 Oír as sinne a obairsion, air ar gcruthughadh a Niósa Criosd chum deaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiu∣bhal ionnta.

11 Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur gci∣neadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an neimhthimchillghearradh ris an [druing] da ngoirthear an timchillghear∣radh do níthear lé lámhuibh sa bhfeóil,

12 Go rabhabhair sa naimsirsin a néug∣mhais Chríosd, ar mbeith dháoibh gan buáin aguibh ré maitheas puiblidhe Is∣raél, agus bhur gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith dibh gan muinighin, agus gan Dia ar bith aguibh.

Page [unnumbered]

13 Achd a nois a Niósa Críosd, atá sibhse do bhi ar uáiribh neamhchomh∣gharach, ar bhur ndéunamh comhgha∣rach, tré fhuil Chríosd.

14 Oír as eision ar siothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla meadhónach na teóruinne:

15 Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheôil, [eadhon] reachd na naitheantadh maille ris na hórduigh∣thibh, ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déu∣namh siothchána.

16 Agus go ndéanadh réidh ar áon iad ré Día a náonchorp tres an gcroith, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl.

17 Agus ar dteachd dhó do shois∣géil sé siothcháin dibhse nách raibh na chomhghar, agus don druing do bhí na chomhghar.

18 Oìr is trídsion atá ar slighe ar áon, ré dhul a steach chum a Nathar, a náoin Spioruid.

19 Uíme sin, nì bhfuiltí ní sa mhó bhur gcoimhightheachuibh, nâ bhur gcoi∣gcríochuibh: achd bhur luchd áonchai∣threach do na náomhuibh, agus bhur luchd tighe Dé:

20 Ar mbeith díbh áitighthe ar fhonndameint na nabsdal, agus na bhfái∣dheadh, ar mbeith Diósa Críosd féin na chloich chinn ag an ccuáinne:

21 As a bhfâsann an teaghuis uile súas, ar mbeith dhó go ceart ceanguilte dhá chéile annsan, chum [bheith na] theam∣poll náomhtha fa Dtighearna:

22 Ann a bhfuil sibhse mar an gcéudna ar bhur gcomhthógbháil súas, ionnus go mbíadh sibh bhur dtea∣ghuís chomhnuidhe ag Día trés an Spioruid.

CAIB. III. Gradh Chríosd ro jongantach, a nsoillstughadh na Ccineadhach ainbfiosach.

AR a nadhbharsa, atáimse Pól um bhráighe Diósa Críosd, ar bhur sonsa, a chineadhacha;

2 Má chualabhair feadhmanntas ghrás Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa.

3 Oir gur fhoillsigh sé dhamh do réir thaisbéunta, an rúindíamhair, mar do sgríobh mé roimhe go haithghearr:

4 As ar féidir libh ar na léughadh dhíbh, meólussa a rúindíamhair Chríosd do thuigsin.

5 Noch sna haimsearruibh eile nár foillsigheadh do chlannuibh na ndàoine, do réir mar atà sé a nois ar na fhoillsiughadh dá absdaluibh nàomhtha, agus da fháidhibh, trés an Spioruid.

6 [Eadhon] go mbeidís na cineadha∣cha na gcomhoighridhibh agus na gcomhchorp, agus rannpháirteamhuil ann a gheallamhnasan a Gcríosd, trés an soisgéul:

7 Ar a ndearnadh minisdir dhíomsa, réir thiodhluice ghrás Dé tugadh dhamh, maille ré hoibriughadh bríogh¦mhar a chumhachdsan:

8 Dhamhsa, an tí as lugha do hùile náomhuibh, do tugadh an grás •••• [eadhon] saidhbhreas dóchúartuighth Chríosd do shoisgéulughadh a measg •••• gcineadhach.

9 Agus a fhoillsiughadh do na h•••• dháoinibh, créd é cumann nà rúindiamh ra, noch do bhí folaighthe ó thús •••• domhain a Ndía, noch do chruth•••••• na huile neithe tré Jósa Críosd:

10 Ionnus go ndéantàoi a nois foll trés a negluis, eagna éugsamhuil D dúachdarànuibh agus do chumhach uibh ar neamh:

11 Do réir an réimhchinnidh sháor ruidhe, noch do rinne sé a Nió•••• Críosd ar Dtighearna.

12 As a bhfuil dánachd aguinn, ag•••• slighe ré dhul a steach maille ré d chas, tré chreideamh annsan.

13 Uime sin iarruim dathchuingh gan sibh do dhul a nanbhfuinne tré 〈◊〉〈◊〉 bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch a glóir dháoibhse.

14 Ar a nadhbharsa filleam n ghlúine Dathair ar Dtighearna Jós Críosd:

15 As a nainmnighthear a nuile ath•••• dhachd air neamh agus air talamh.

16 Ionnus go dtiubhradh sé dhibh, d réir shaidhbhris a ghlóire, bheith l•••••••• neartmhar tré na Sbioruid, sa duine do tàobh a stigh.

17 Ionnus go ndéanadh Críos comhnuidhe tré chreideamh ann bh•••• gcroidhthibh:

18 Ionnas ar mbeith dibh ar bh•••• bhfréumhughadh agus ar bhur bhfo•••• dameantughadh a ngrádh, go madh •••• dir libh a choimsiughadh maille ris huile náomhuibh, créd é an leithead, an fad, agus an doimhne, agus a airde:

19 Agus eólas ro oirdheirc ghrád Chríosd do bhéith aguibh: chum 〈◊〉〈◊〉 lionfuidhe sibh ré huile iomlàine Dé.

20 Uime sin don tí lér féidir huile neithe do dhéunamh go hiomar¦cach tar mar iarrmuid, nó mar s••••á nemid, do réir an chumhachd 〈◊〉〈◊〉 righeas ionnainn,

21 Don tí sin, glóir sa neagluis, 〈◊〉〈◊〉 Jósa Críosd, ó dhíne go díne, go saoghá na sàoghal. Amén.

CAIB. IV. Brosdadh ua nCcineadhaeh ehum ondac eatorra fein, 17 & scur ò na seang•••••• thaightibh miotharbhach, mionáireach.

UIme sin sirimse air mbeith 〈◊〉〈◊〉 bhráighe ar son an Tighearna, da•••• chuinghe oruibh, siubhal dàoibh 〈◊〉〈◊〉 is iomchubhaidh don ghairm chum a goireadh sibh,

2 Maille ris a nuile umhlachd innti•••• & cheannsachd, maille ré foighid fha•••• ag iomchur ré chéile a ngrádh:

Page [unnumbered]

3 Ag déunamh díthchill air áondachd Sbioruide do choimhéud, a gcoimh∣eangal siothchána.

4 Eunchorp, & éin Sbiorad atá ann, huil fós do goireadh sibh a néun∣••••••inighin bhur ngarma.

5 Eintighearna, éinchreideamh, éun ••••••sdeadh,

6 Eín Ndía, & Athair na nuile, noch •••• ós cionn na nuile, agus trés na hui∣h, agus ionnuibhse uile.

7 Ach tugadh gràs dá gach áon ••••••nn do réir mhiosúir thiodhlaice ••••ríosd.

8 Uime sin a deir sé, Ar ndul dó súas náirde, go rug sê an bhruid a ••••ràighdeanas ris, agus tug sé tiodh∣e do dhàoinibh.

9 Achd go ndeachuidh sé súas, créd cíall dò ach go ndeachuidh sé síos tús mar an gcéudna go hionaduibh chdaracha na talmhan?

10 An tí do chuáidh síos, a sé an each céudna do chuàidh súas go hárd na huile neamhuibh, chum na nuile •••• líonadh dhó.

11 Uime sin tug sé drung áirighe na ••••sdaluibh, agus drung eile na bhfái∣ibh, agus drung eile na soibhisgéu∣••••bh, agus drung eile na nàodhairi∣••••bh agus na luchd teaguisg:

12 Chum na náomh do cheangal go ••••gmhálta ré chéile, chum oibre na, ••••••sdràlachda, [agus] chum follam∣••••ghthe chuirp Chríosd:

13 Go teachd dúinn uile a nàondachd •••• chreidimh, agus eólais mhic Dé, mar ••••ne iomlàn, [agus] do réir mhiosúir ••••e iomlàine Chriosd:

14 Ionnus nách beimís ó so amach ar ••••buibh, dár mbogadh agus dár nglúa∣chd fà gcuáirt ré gach uile shuinnéun guísg, ré cleasradh dàoineadh, & ris ngliocas ceilge ann a mbíd ag lui∣eachan chum mealltóireachd:

15 Achd ar mbeith dhúinn ag lean∣••••in don fhírinne a ngrádh, fàsam sna ••••e neithibh chum an tí as ceann ann, ••••dhon] Críosd:

16 O na bhfaghann an corp uile, ar ••••eith dhó go ceart coimhcheanguilte, 〈◊〉〈◊〉 dluthaighthe rè chéile tré choimh∣••••angal na nuile bhall ré a gcoimhlíon∣é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar réir mhiosúir gach éunbhuill, fàs iom∣bhaidh cuirp, chum a fhollamnuighthe •••• a ngràdh.

17 Uime sin a deirim so, agus tóg∣••••im an Tighearna dfíadhnuise air, •••• sibhse do shiubhal feasda, mar shiu∣••••d na cineadhacha eíle, a ndio∣••••••neas a ninntinne,

18 Agà bhfuil a dtuigse ar na ••••adh, ar mbeith dhóibh na gcoi∣••••ghtheachuibh do bheatha Dé, do ••••gh a nainbhfis atà ionnta, tré ••••as a gcroidhe.

19 Noch ar mbeith dhóibh gan mo∣••••ghadh ionnta, tug iad féin do mhío∣nàire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré sainnt.

20 Ach ní mar sin fuarabhairse fogh∣luim Chríosd:

21 Má chúalabhair é, agus má tea∣guisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfí∣rinne a Níosa,)

22 Gur còir dhàoibh do réir na céud choinbhearsàide an seanduine do chur dhíbh, noch atâ ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachràin:

23 Agus bheith dháoibh ar bhur nath∣núadhughadh a sbioruid bhur nintinnne.

24 Agus an duine núadh do chur íom∣uibh, noch atá ar na chruthughadh do réir Dé, a bhfiréuntachd, agus a bhfior∣nâomhthachd.

25 Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon a∣guibh a nfirinne ré na chomharsuin: óir as buill dà chéile sinn.

26 Bíodh fearg oruibh, gidheadh nà déunuidh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fàoi:

27 Agus nà tuguidh àit don Diábhal.

28 An tí do rinne goid, ná gadadh ní sà mhó: ach go madh luáithe dhéa∣nas sé saothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbiadh ní aige ré thabhairt don tí air a bhfuil ríachdanus.

29 Ná tigeadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul: ach gidh bé [bríathar] fhoghnas chum fol∣lamnuighthe, ionnus go dtîubhradh grása don luchd éisdeachda.

30 Agus nâ cuiridh doilgheas ar Sbio∣ruid nàomhtha Dé, lér cuireadh séula oruibh go là an fhúasluighthe.

31 Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, & gach gàrrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbhàil uàibh, maille ris a nuile olc.

32 Bighidh sochroidhtheach, trócair∣each dhà chéile, ag tabhairt maith∣eamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dâoibhse a Gcrîosd.

CAIB. V. Gu bhfuil Josa inleanmhuinne, a ngrâdh & a nglan dleasdanas do gach neach; 25 & an pôsadh na scathan ar cheangal & ionnanus Chriosd ré na Eagluise.

UIme sin bighidhse bhur luchd lean∣mhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh.

2 Agus siubhluidh a ngràdh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son, na ofràil agus na iodh∣bairt dheaghbhaluidh do Dhía.

3 Gidheadh sdriópachas, nó neamh∣ghloine ar bith, nó sáinnt, nâ hainmnigh∣thear amháin bhar measg iad, mar as iomchubhaidh do náomhuibh:

4 Ná gáirrseamhlachd, na comhràdh báoth, ná cnáid chainte, noch is neithe neamhchubhaidh: ach go madh fearr [libh] breith bhuidheachais.

Page [unnumbered]

5 Oir atà a fhios so aguibh, nach bhfuil oighreachd a ríoghachd Chriosd & Dé, ag sdríopuidh ar bith, nà ag duine sanntach, noch as fear iodhaladhruigh.

6 Nà mealladh éainneach sibh ré bría∣thruibh diomhàoineacha: óir tig fearg Dé ar son na neitheannsa ar chloinn na heasumhlachda.

7 Uime sin ná bíghidh na gcumann.

8 Oír do bhàbhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár solas sa Dtighearna: siubhluidh mar chloinn an tsolais.

9 (Oír atà toradh na Sbioruide sa nuile mhaith, agus fhiréuntachd agus fhirinne.)

10 Ar mbeith dhàoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deaghthoil an Tighearna.

11 Agus ná biodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dor∣chaduis, ach go madh luáithe ribh dhá lochdughadh.

12 Oir as gràineamhuil ré a ninni∣sin amháin, na neithe do níd síad ós íseal;

13 Gidheadh bíd na huile neithe fol∣las, ar mbeith dhóibh diomolta ón tso∣las▪ óir a sé an solas do ní gach ní foillsighe.

14 Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine atà ad chodladh, agus éirigh ad sheasamh ó mharbhuibh, agus do bhéu∣ra Críosd solas duit.

15 Uime sin tabhruidh dà bhur naire cionnas do thiucfadh ribh siubhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, ach mar dhruing eagnuidhe:

16 Ag suasgladh na haimsire, do bhrígh go bhsuilid na laethe go holc.

17 Uime sin na bíghidh neimhghlic, ach tuigidh créd í toil an Tighearna.

18 Agus na bíghidh ar misge ò fhíon iona bhfuil cráos: ach bíghidh ar bhur lionadh don Sbioruid:

19 Ag labhairt ré chéile a salmuibh, agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcainn∣ticibh sbioradálta, ag seinm, agus ag déu∣namh ceóil don Tighearna ann bhur gcroidhthibh.

20 Ag breith bhuidheachais do shíor ré Día Athar, a nainm ar Dtighearna Jòsa Crìosd, ar son na nuile nei∣theann.

21 Ag déunamh umhlachda dhá chéile a neagla Dé.

22 A mhná, bíghidh umhal dà bhur bhfearuibh féin, amhuil [do bhíadh sibh] don Tighearna;

23 Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mnà, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is è slànaighth∣eóir an chuirp é.

24 Uime sin amhuil atà a neagluis umhal do Chriosd, go madh hamh∣luidh sin [bhias] na mnà dá bhfearuibh féin an gach éinní.

25 A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air à son:

26 Ionnus go ndéanadh náomhtha í, ar na glanadh dhó a nighe uisge, tré an mbréithir:

27 Chum a déunta dhó féin na heag∣luis ghlórmhuir, gan cháidhe gan cha∣sadh, ná ní as cosmhuil ríu sin: achd ionnus go mbíadh sí nàomhtha neimh∣chionntach.

28 As amhluidh sin as cóir do na sea∣ruibh a mnà do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean, a sé féin ghrádhuigheas sé.

29 Oír ní thug éunduine ríamh fós fúath dhá fheóil féin, ach do bheir bea∣tha & clúdhadh dhi, do réir mar do bheir an Tighearna don neagluis.

30 Oír as buill dá chorpsan sinne, dá fheóil agus dà chnámhuibh.

31 Dá bhrígh so fúigfidh duine a a∣thair & a mhathair, & bíaidh sé cean∣guilte dhá mhnáoi, & béid a ràon na náoin sheóil.

32 As seicréid mhór so, achd as air Chrìosd & air a neagluis a labhruimse.

33 Uime sin gràidheadh gach áon a∣guibh a bhean, mar é féin: achd go mbí∣adh an bhean eaglach riomh an bhféar.

CAIB. VI. Ríaghlaighte Tigheadhais. 10 & naomb-airm chothuighthe na beatha cogthachsa.

A Chlann bíghidh umhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtighearna: óir as cóir so.

2 Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair, (noch as é an chéud áithne maille ré geallamhuin.)

3 Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an da∣lamh.

4 Agus a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge, ach tógbhuidh súas íad a dteagusg, agus a bhfoirchea∣dal an Tighearna.

5 A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh umhal dá bhur maighisdribh do réir na feóla, maille ré faitcheas & ré crioth∣nughadh, a bhfiorghloine bhur gcroidh∣eadh, amhuil [do bhíadh sibh,] do Chríosd.

6 Ni ag déunamh seirbhíse don tsú••••, mar an luchd do ní toil na ndáoine, ach mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chroidhe:

7 Maille ré deaghthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil don Tighearna, agus n do dháoinibh:

8 Ar mbéith a fheasa aguibh, gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtighearna, más dáo nó sáor é.

9 Agus a mhaighisdri, déunuidhse nà neithe céudna dhóibhsion, ag cur bha∣gair ar gcúl: ar mbeith a fheasa aguibh, go bhfuil bhur maighisdir féin air neamh mar an gcéudna, agus nach bhfuil féuch•••• do phearsuinn seach a chéile aige.

Page [unnumbered]

10 Fá dheóigh a dhearbhràithreacha, ••••ghidh neartmhar sa Dtighearna, agus gcumhachd a neirtsion.

11 Cuiridh iomuibh armàil Dé go ••••lidhe, ionnus go madh féidir libh ••••asamh a nadhuigh shlightheadóireachd 〈◊〉〈◊〉 Díabhail.

12 Oir ní ré fuil agus ré feóil do íomuid Sbáirn, ach ré huáchdara∣••••bh, ré cumhachduibh, ré prionnsui∣••••ibh an domhuin, dhorchaduis an ••••oghailse, ré drochsbioraduibh, noch atà ••••a hionaduibh árda.

13 Uime sin glacuidh chuguibh armàil Dé go huilidhe, chum go madh féi∣er libh cur na nadhuigh a ló an íachdanuis, & seasamh ar gcríochnu∣adh na nuile neitheann dàoibh.

14 Uime sin seasuidh, ar mbeith dà hur leasrachuibh ar na gcreasrughadh ré sirinne, agus ar gcur éidigh ochda a fíreantachda iomuibh:

15 Agus bróga ullmhuighthe shoisgéil ra siothchàna fà bhur gcosaibh.

16 Agus tar gach uile ní, glacuidh dguibh, sgíath an chreidimh, tré na incfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruide do mhúchadh.

17 Agus gabhuidh chuguibh clogud na àinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.

18 Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shìor, ré gach àoin ghné úrnuighe & athchuinghe trés an Sbioruid: agus ag faire sa nì gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile nàomh.

19 Agus ar mo shonsa; ionnus go dtiubharthàoi dhamh cumas labhartha a nosgladh mo bhéil maille ré dánachd, chum seicreide an tsoilgéil do fhoill∣siugadh dhamh:

20 Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn dà∣nachd labhartha as, mar as éigean damh labhairt.

21 Achd ionnus go mbíadh fios a∣guibhse air na neithibh bheanas riomsa [agus] créd do nim, foillseóchuidh Ti∣chicus dearbhráthair gradhach, agus minisdir díleas sa Dtighearna, na huile neithe dhíbh:

22 Noch do chur mé chuguibh a∣dtimchioll a nadhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtiubhradh comhfhur∣tachd dà bhur gcroidhthibh.

23 Siothchàin ris na dearbhráithribh, agus gràdh maille ré creideamh ó Dhía-Athar, agus ón Dtighearna Jósa Críosd.

24 Grása maille ris na huile dháoi∣nibh ghradhuigheas ar Dtighearna-Jósa Críosd maille ré neamhthruaill∣eadh. Amén.

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA BHFILIPPIANACH.

CAIB. I. uidhe arson mêudughadh seirce & sair-eòluis 27 & impidhe ar bi cruadalach croidhe∣trên fa leathtrom.

POl agus Timotéus searbhshoghan∣tuighidh Jòsa Críosd, chum na nuile àomh a Niósa Críosd noch atà a Bhfi∣ppi, maille ris na heasbuguibh agus ris na deochanuibh:

2 Grasa maille ribh agus síothcháin Dhia ar nathair, agus on Dtighearna Ja Críosd.

3 Beirim buidheachas ré mó Dhía ach uáir choimhnighim oruibhse,

4 Ag sírdhéunamh úrnuighe maille é gàirdeachas, um uile ghuidhe ar bhur nnsa uile.

5 Do bhrígh bhur gcumuinn ris a ••••isgéul, ón gcéud lá gus a nois.

6 Ar mbeith dhamh dearbhtha as an 〈◊〉〈◊〉 céudnasa, eadhon an tì do thionnsguin hair mhaith ionnuibh, go gcuirfe sé noch uirrthe, go là Jósa Críosd:

7 Màr as cóir dhamh an breathnu∣hadhsa do bheith agum oruibh uile, do hrigh go bhfuil sibh agam um chroidhe, 〈◊〉〈◊〉 rabhabhair uile pàirteach ré mo ghrà∣ a ré linn mo ghéibheann, & mo chosanta de mo dhaingnighthe ar a tfoisgéul.

8 Oír atà Día dfíadhnuise agum, ar∣mhéud mo dhúile ionnuibh uile ó fhréu∣mhach mo chroidhe a Niósa Crìosd.

9 Agus íarruim so dathchuinghe, bhur ngrádhsa do líonadh fós ní sa mhó nà chéile, a neólas agus a nuile thuigsé:

10 Ionnus go ndearbhadh sibh na nei∣the as fearr, as go mbíadh sibh fíor∣ghlan gan tuisleadh ar bith go lá Chríosd:

11 Ar mbeith líonta do thórrthuibh fíréuntachda, noch tré Jósa Críosd [ho∣nus.] chum glóire agus molta Dé.

12 Agus as mían riom a fhios do bheith aguibh, a dhearbhràithre, na neithe thárrla dhamh gur éirídh ríu barr oirr∣dhearcuis do chur ar a tsoisgéul:

13 Ionnas go bhfuilid mo chuibhrigh∣these ar son Chríosd óirdheirc ar feadh an Phaláis uile, agus sua huile [áitibh] eile:

14 Ionnas gur móide dànachd na eo∣da as mó do na dearbhraithribh sa Dtighearna, chum na bréithre do labh∣airt go neimheaglach, an mheisneach do ghabhadar chuca as mo chuibhrigh∣thibhse.

15 Do ní dream àirighe go dearbhtha

Page [unnumbered]

Crìosd do sheanmórughadh tré thnúth agus tré chonsbóid, agus dream eile tré dheaghthoil:

16 Do ní dream aca Críosd do shean∣mórughadh tré chonsbóid, ní ó inntinn ghloin, ag sáoilsin dóibh go gcuirfid tuilleadh buáidheartha a gceann na gcui∣bhreach atá oramsa:

17 Ach dream eile ó ghrádh, ar mbeith a fheasa aca, go bhfuilimse ar mo chur chum seasda ar son an tsoisgéil.

18 Créd eile máseadh? atá Críosd fós dá sheanmórughadh ar gach éunchor, más a riochd [fírinne] nó fós a bhfí∣rinne féin: agus do nímse dhá bhrígh so gáirdeachas, agus fós do dhéunad gáirdeachas.

19 Oir atá a fhios agum go rachuid so chum slánuighthe dhamh tré bhur úrnuighthese, agus tré chungnadh iom∣lán Sbioruide Jósa Críosd:

20 Do réir mar atá mo shúil agus mo mhuinighin go géur ris, nàch ccuirfigh∣thear adhnáire oram a náoin ni, ach maille ré gach uile dhóchas, amhuil [do tharrla dhamh] a ríamh, go náirdeo∣char Críosd a nois mar an gcéudna um chorp, más tré bheatha nó tré bhàs [é.]

21 Oir as éudáil damhsa Críosd, más beatha nó bás damh.

22 Agus dà [dteagmhuigh dhamh] bheith beó sa gcoluinn, [biáidh sé] tar∣bhach dhamh: agus créd do bhéuruinn do roghain, ní eadair mé.

23 Oír atàim a gcumhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith fá réír, agus ar bheith a bhfo∣chair Chríosd: oir ní bhfuil ann ni as fearr ná sin.

24 Gidheadh as riachdanuigh dhibhse mé fhuireach sa gcoluinn.

25 Agus atá a fhios dearbhtha so agum, go bhfanfad agus go ndéunad comhnuidhe bhur bhfochairse uile, chum sibhse chur ar bhur nadhuigh, agus chum gáirdeachais creidimh:

26 Ionnus go lionfadh bur luathgháirse a Niósa Críosd dom tháobhsa, ó bheith dhamh a rís a láthair agaibh.

27 Amháin iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd, ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, go bhfuighead fgéu∣la oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile dhéininn∣tinn a gcreideamh an tsoisgéil:

28 Agus ná bíodh eagla na druinge chuireas bhur nadhuigh oruibh a gcáil ar bith: noch is comhartha fgriosda dhóibhsion, ach slàinte dhíbhse, agus sin ó Dhía.

29 Oír tugadh dhíbhse a naisgidh ar son Chriosd, ni hé amháin creideamh dhíbh ann, ach mar an gcéudna fu∣lang ar a shon:

30 Ar mbeith don chomhrac chéud∣na aguibhse, noch do chonncabhair ionn∣amsa, & a nois do chluintí [bheith]ionnam.

CAIB. II. Impidhe chum Ionnanus, 8 Ʋmhlachd; 12 & Slainte an anam do shaóthrughadh le dithchioll.

UIme sin ma atá comhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá solás ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire:

2 Coimhlíonuidh mo ghàirdeachasa, ré bheith díbh dèninntinn, dáonghcádh, dêuntoil, [agus] déinbhreitheamhna.

3 Gan éinní tré chonnsbóid, nà tré ghlóir dhíomháoin, achd a numhlachd inntinne measadh gach àon gur fearr neach eile naeacute; féin.

4 Nár ab íad na neithe bheanas ris féin bheuras gach àon dá aire, ach gach àon, na neithe fós bheanas ré dàoi∣nibh eile.

5 Uime sin bíodh a ninntinn chéda ionnuibh noch do bhí fós a Niósa Críosd:

6 Noch ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimhionnun ré Día:

7 Achd do chuir sé é féin a neamh∣shuím, ar ndul dó a riochd shearbhso∣ghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh,

8 Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh umhal gus an mbás, eadhon bás na croiche.

9 Ar a nadhbharsin do àrduigh Dí é go ro ârd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó òs cionn gach uile anma.

10 Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Jòsa, [eadhon glúine] na neitheann atà ar neamh, agus ar talamh, agus fàoi an dtalamh:

11 Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Jósa Críosd an Ti∣ghearna, chum glóire Dé Athar.

12 Uime sin a chàirde, amhuil tug sibh umhlachd uàibh a gcomhnuidhe, ní hé amhàin dom làthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféug∣mhuis, sàothruighe bhur slànughadh fein maille ré faitcheas & ré criothnughadh.

13 Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh, do réir a dheagh∣thola.

14 Dèunuidh na huile neithe g•••• mhonbhar agus gan challóid:

15 Iondus go mbiàidh sibh neimh∣chiontach, & neamhurchóideach, bh•••• gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhs•••• sibh ag déallrughadh mar lóchranuih soillse sa tsàoghal.

16 Ag lineadh bhréithre na beatha uàibh amach, ionuus go dtiucfadh dhîom∣sa mórdhàil do dhéunamh a ló Chríosd, nàr rioth mé go dîomhàoin, agus air shàothruidh mé go díomhàoin.

17 Ach fós bíodh go bhfuilim doen iodhbairt ar muin iodhbartha agus sheir∣bhíse

Page [unnumbered]

bhur gcreidimhse, atá luathgháir m agus gáirdeachas má ráon libhse e.

18 Ar son a nadhbhair chéudna déa∣••••ghse fós luathgháir agus gáirdeachas 〈◊〉〈◊〉 ráon riomsa.

19 Agus atá muinighin agum sa Dti∣••••earna Jósa, ré Timoteus do chur chu∣••••••h go haithghearr: ionnus go mbéinn ••••eighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa ••••••d as cor dhíbhse.

20 Oír ní bhfuil a shamhuil agum ar eabhus a inntinne, do neoch ar a ••••adh cúram na neitheann bheanas ••••hse go dúthrachdach.

21 Oír síad na neithe bheanas ríu, féin ••••ruid na huile, [agus] ní híad na neithe ••••••eanas ré Híosa Críosd.

22 Achd atá fios a dhearbhthachdsan ••••bhse, eadhon ga ndearna fé minios∣cilachd um fhochairse sa soisgéul, a∣hail do dhéunadh mac a bhfochair a athar.

23 Uime sin atá súil agum ris a hfearsa do chur [chuguibh,] comhlúath ••••us bhías a fhios agum créud bhus cor ••••amh féin.

24 Agus atá muinighin agum sa Dti∣hearna, go dtiucfuidh mé féin mar an ••••céndna chuguibh go háithghearr.

25 Gidheadh do mheas mé gur riachd∣••••ach, mo dhearbhráthair Epaphroditus do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, & bhur ••••eachdairese, agus an tî do fhóir oram nám mo riachdanuis.

26 Oír do bhí fonn a chroidhe ion∣••••bhse uile, agus do lionadh é do thuir∣se tré na chlos dáoibhse go raibh sé ag.

27 Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Dia trócaire air, agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus ath bìadh doilgheas ar muin doilghis ram.

28 Uime sin bá móide mo dhuthrachd fi na chur chuguibh, ionnus ar na fhaic∣sin a rís daóibh go ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lughaide mo dhoil∣gheassa é.

29 Ar a nadhbharsin gabhuidh chu∣gibh é sa Dtighearna maille ris a nuile gháirdeachas: & bíodh cion mór aguibh ar a shamhuilsion.

30 Do bhrìgh go dtáinic sé go gar don bhs ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go coimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do hí oramsa a dtaobh bhur seirbhísse.

CAIB. III. ••••odh gur choimhed Pôl an Dlighe tar cbách, nior tháobh sé ris; achd mheasadh na dhioghbhail é, & gach einní eile arson Chríosd do tharbhughadh.

TUilleadh eile a dhearbhraithre, déu∣nuidh gáirdeachas sa Dtighearna. Go deimhin ní leisg leam na neithe céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.

2 Coimhéuduigh sibh féin ar mhadrui∣ghibh: coimhéuduigh sibh féin ar dhroch∣luchd oibre: coimhéuduigh sibh féin ar an gcoimhghearradh.

3 Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbioruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil:

4 Bíodh gur féidir leamsa fós bheith muinighneach as an bhfeóil. Má shaói∣leann éinneach eile go bhféudann sé muinighin do chur sa bhfeóil, as mó ná sin fhéudaimse,

5 Ar mbeith dhamh timchillghearr∣tha an tochdmhadh lá, do chineadh Isráel, do threibh Bhenjamin, am Eabh∣raidhe do na Heabhruighibh, am Fhairi∣síneach do réir an reachda.

6 Ré hiomad grádha do rinne mé gérleanmhuin air a neagluis: do réir an cheirt atá sa reachd, do bhí mé neimh∣chiontach.

7 Ach na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd.

8 Agus fòs go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirrdheirc Jósa Críosd mo Thighear∣na: agár léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodh∣achuinn Críosd:

9 Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin [thig] ón reachd agam, achd a nfiréuntachd [thig] tré chréideamh Chríosd, an fhí∣réantachd [atá] ó Dhìa tré chreideamh:

10 Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chumhachd a eiséirghe agus ar chumann a pheannuide, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamh∣lachd chrotha ré na bhás:

11 [Dá fhéuchain] an dtiucfadh dhíom ar éunchor, rochdain go heiséirghe na marbh:

12 Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fós ar dteachd chum crí∣che; achd atáim ag rioth [dféucháin] an dtiucfadh dhíom fós breith [uirrthe,] do bhrígh go rugadh oram cheana ré Jósa Criosd.

13 A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe.

14 Ach [do ním] éin ni▪ amháin: ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá ar mo chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romh∣am, riothuim go dían chum an cho∣mhartha, do mhían luáidheachda árd∣ghárma Dé a Niosa Críosd.

15 Uime sin an mhéid dhínn atá diong∣mhalta, bíodh a ninntinnse aguinn: ach má tá sibh ar atharrach inntinne foillséochuidh Día a ní céudna dhíbh.

16 Gidheadh siubhlam air ar nadhuigh

Page [unnumbered]

sa ní chum a dtangamar, do réir áon ríaghla amháin, [agus] bímid déininn∣tinn:

17 A dhearbhráithre, bíghidh ré chéile bhur luchd leanmhana agumsa, agus tabhruidh aire don druing shiubhlas do réir na heasumlára do bheirmídne dhibh.

18 Oír atáid mórán ag siubhal, sár labhair mé ribh go minic, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin dibh, gur naimhde íad do chroich Chríosd:

19 Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach: [agus] agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá [dtéid] an ghlòir a náire dhóibh, noch smuáineas ar nei∣thibh talmhuidhe.

20 Achd as ar neamh atá ar gcoinbhear∣sáidne, an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an tslánaighthéora, an Ti∣ghearna Jósa Críosd:

21 Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a natharrach crotha, chum a dhéunta comhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.

CAIB. IV. Na neithe móra inleanmhana, 11 & sàsugh∣adh Phòil ris gach ein inmhe.

UIme sin a dhearbhraithre grádhacha, dá bhsuil toil mo chroidhe, mo sholás agus mo choróin, seasuidh mar so a Dtighearna, a [dhcarbhráithre] grá∣dhacha.

2 Sirim dathchuinghe ar Ebhódias, agus guidhim Sintiche, bheith déininn∣tinn sa Dtighearna.

3 Agus sirim dathchuinge ortsa mar an gcéudna, a chompanuigh chartha∣naigh, cungnamh ris na mnáibh, noch do rinne díthchioll maille riomsa sa soisgéul, agus maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá [bhfuilid] a nanmanna a leabhar na beatha.

4 Déunuidh gáirdeachas do shíor sa Dighearna: a deirim a ris, Déunuidh gáirdeachas.

5 Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. [Atá] an Tighearna láimh ribh.

6 Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh: ach fa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía, a nur∣nuighe agus a nathchuinghe maille ré breith bhuidheachais.

7 Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sharuigheas a nuile thuigse, bhur gcroidh∣the agus bhur ninntinneacha a Niosa Críosd.

8 Tuilleadh eile a dhearbhraithre, gidh bé ar bith neithe atá firinneach, gidh bé neithe [atá] trómgha, gidh bé neithe [átá] ceart, gidh bé neithe [atá] glan, gidh bé neithe as fíu grádh, gidi bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd, mà tá subhailcighe ar bith, agus má tá moladh▪ go madh hiad bhías sibh a smuáineadh.

9 Ná neithe fós do fhoghluim sibh, agus do ghlacabhair, & do chùalabhair, agus do chonncabhair ionnamsa, dén∣nuidh íad: agus biáidh Día na síoth∣chána maille ribh.

10 Agus do ghabh gáirdeachas go mór sa Dtighearna mé, do bhrìgh gur éiridh dhibh fá dheireadh mo chúramsa do bheith oruibh, fós an nì do bhí na chás oruibh, ach nach bhfúrabhair ám.

11 Ní tré riachdanas a deirim so; óir do shoghluim misi bheith sásuigh ris a staid a bhfuilim.

12 As éol damh bheith uiríseal, agu as éol damh bheith lomlán: fa nuile áit, agus sna huile neithibh do teaguis∣geadh mé, ré bheith sáitheach agus ré bheith ocarach, ré bheith líonta agus ré bheith a riachdanas.

13 Tig dhíom na huile neithe do dhéunamh, tré Chríosd noch do near∣tuigheas mé.

14 Thairis sin is maith do rinnea∣bhairse bheith páirteach rém bhuáidhirt∣se.

15 Agus fós atá a fhios aguibhse a Philippíanacha, a dtosach an tsoisgéil an tan do fhág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar bith rium a gcunntus tabhar∣tha agus gabhala, ach sibhse amháin.

16 Oír [ar mbeith dhamh] fós a Dtessalonica, do chuireabhair chugam uáir nó dhó, fóirighin mo riachdanui.

17 Ní hé go bhfuilim ag íarruidh tabhartuis, achd amháin ag íarruidh to∣ruidh ro líonmhuir chum bhur gconn∣tuifle.

18 Fuáir mé a nois na huile neithe, agus atá mo theannsháith agum: do lio∣nadh mé ar nglacadh dhamh ó Epaphro∣ditus na neithe [tháinic] uáibhse, an baladh dheaghbhaluidh, an niodbbairt thaitneamhach, ar a bhfuil gean ag Día.

19 Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse, do réir a sháidhbhris maille ré glóir, a Niosa Críosd.

20 Agus glóir do Dhía, eadhon ar Nathairne go sáoghal na sáoghal. Amen.

21 Teannuidh ribh gach uile náomh a Níosa Críosd. Cuirid na dearbhraithre atá um fhochairse a mbeannachd chuguibh.

22 Cuirid na naóimh uile a mbeannachd chuguibh, agus go mórmhór an dream atá do luchd tighe Shéusair.

23 Grása ar Dtighearna Jósa Críosd maille ribh uile. Amen.

Page [unnumbered]

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA GCOLOSSIANACH.

CAIB. I. An Criosd firinneach, 18 ceann na Heagluise; 26 neach a nallod bhi diamhar ar na cineadhachaibh.

POl absdal Jósa Crîosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Ti∣motéus,

2 Chum na náomh agus na dearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd, a Gcolosse; Grása maille ribh, agus sioth∣cháin ó Dhía Athair, agus ón Dtighear∣na Jósa Críosd.

3 Beirmíd a bhuidhe ré Día, agus ré Hathair ar Dtighearna Josa Criosd, ag déunamh urnuighe do shior ar bhur sonsa:

4 On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, & bhur grádh do na huile náomhuibh:

5 Ar son ná muinìghne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfúarabhair a túarasgbháil roimhe, mbréithir fhírinne an tsoisgéil,

6 Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile: agus do bheir to∣radh ùadha, mar do bheir bhur measg∣sa ón lá fá gcúalabhair agus fá bhfúa∣rabhair éolas air ghrás Dé go fírinneach.

7 Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcoimhshearbhfoghantuidh grádhach, noch atá ar bhur sonsa na hinisdir díleas ag Críosd.

8 Noch fós do fhoillsigh dhúinne bhur grádhsa trés an Sbioruid.

9 Uime sin ón lá fá gcúalamar, ní guirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, & ag athchuinghe sibhse do bheith ••••••ta déolas a thoilesion, a nuile eagna agus thuigse sbioradalta;

10 Ionnus go siubhalfadh sibh mar as tubhaidh don Tighearna, maille ré na thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dhea∣ghobair, agus ag fás a néolas Dé:

11 Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart tré na chumhachd glór∣mharsan, chum na huile fhoighide agus shulaing maille ré gàirdeachas:

12 Ag breith bhuidheachais ris a Na∣thair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda doighreachd na náomh sa tsoillse.

13 Noch do sháor sinn ó chumhachd∣ibh an dorchaduis, & do atharruigh fnn go rioghachd a mhic ionmhuin féin:

14 Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, [eadhon] maithmheachas a bpeacadh.

15 Noch atá na iomháigh don Día dofhaicsigh, na chéidghin na nuile threatùr:

16 Oír is leisean do cruthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh agus ar talamh, sóf haicsigh, agus dófhaicsigh: más árdchaithireacha íad, nó Tighearn∣is, nó úachdaránachd, nó cumhachda, as leision, agus ar a shonsan do cruthu∣gheadh íad uile.

17 Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trîdsion sheasaid na huile neithe a bhfochair a chéile.

18 Agus as eision ceann chuirp na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh, chum airdchean∣nuis do bheith aige ós cionn na nuile.

19 Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine do chomhnuidhe annsan:

20 Agus na huile neithe do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean, mas air talamh íad, no air neámh.

21 Agus sibhse do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur naimh∣dibh, ann bhur ninntinn tré drochoib∣righibh, do réidhigh sé a nois daóibh,

22 A gcorp a fhéola féin, tré bhás: chum bhur ndéunta náomhtha glan, agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:

23 Má chomhnuigheann sibh go fonn∣dameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhibh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tfoisgéil do chúalabhair, [agus] do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfui∣limse Pòl am mhinisdir.

24 Noch do ní a nois gáirdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur fonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidhear∣tha Chríosd am fheóil, ar son a chuirp∣sion, eadhon a neagluis:

25 Dá ndearnadh minisdir dhiom, do réir fheadhmanntuis Dé, tugadh dhamh bhur dtáobhsa. chum breithre Dé do choimhlionadh.

26 An ruindiamhair do bhí solaighthe ó thús an domhuin, agus ó ré na sinn∣sear, achd a nois atá ar na fhoillsiugh∣adh, dhá naómhuibhsion,

27 Dar thogair Día a fhoillsiughadh, créd é saidhbhreas ghlóire an ruindia∣mhairse a measg na gcineadhach, agár ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:

28 Noch do nímidne sheanmóir, ag tabhairt fógra dá gach áon, agus ag teagusg gach aóin, sa nuile eagna, chum gach áon do thabhairt a láthair iomlán a Nìosa Críosd:

29 A ní chum a bhfuilimse ag déu∣namh díthchill, ar mbeith dhamh ag sbáirn do réir mar oibrigheas a oi••••iu∣ghadhsan ionnam go cumhachdach.

CAIB. II. Diosbòireachd chealgach, lê bêulaireachd & geasrogadh dhaoine, 20 & gnathaighte an reachd, do sheachna.

OIr do bfearr leam go mbíadh a fhios aguibh, créd é méud mo chomhruic ar bhur sonsa, agus ar son na druing atá a Laodicéa, agus ar son na méide nach bhfacuigh madhuigh sa bhfeóil:

Page [unnumbered]

2 Ionnus go mbíadh sólás air a ccroidh∣thibh, ar mbeith dhóibh dluthuighe ré chéile a ngrádh, agus a nuile shaidh∣bhrios sháirdhearbhthachd tuigse, chum éolais rúindiamhra Dé eadhon a Nathar, agus Chríosd:

3 Ann a bhfuilid na huile ionnmhusa eagna agus éolais, folaighe.

4 Achd a deirim so, deagla go meall∣fadh éunduine sibh ré hóradh bríathar:

5 Oír bíodh nach bhfuilim bhur láthair sa gcoluinn, gidheadh atáim bhur láthair sa sbioruid, ag déunamh gáirdeachais & ag féuchain bhur nórduighe, agus dhaingne bhur gcreidimh a Gcriosd.

6 Uime fin amhuil do ghabhabhair an Tighearna Jósa Críosd chuguibh, siubhluidh annsan:

7 Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréu∣mhughadh agus ar bhur bhfollamnugh∣adh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do thea∣guisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuidheachais.

8 Tabhruidh bhur naire ribh, nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsamh∣nachd agus tré mhealltóireachd dhio∣mhaóin, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosigheadh an domhuin, agus ní do réir Chríosd.

9 Oír atá a nuile iomláine dhíaghachda na comhnuidhe annsan go corparrdha.

10 Agus atâ sibhse ar bhur lomlío∣nadh annsan, noch as ceann don uile achdaranachd, agus do na huile chu∣mhachduibh.

11 Ann a bfuiltí mar an gcéudna timchillgearrtha, ré timchillghearradh nach lá imhdhéunta, ag cur chuirp phea∣cuidh na féola dhíbh, tré thimchill∣ghearradh Chríosd.

12 Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.

13 Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rision, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh, agus a neimhthimchill∣ghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;

14 Ar sgríos sgríbhinne na nordui∣gheadh do bhí ar nadhuighne, dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg sé as a tslighe í, agá greamadh don chroich:

15 Ag fadhbhadh na nuachdaránachd agus ná gcumhachd dó, do thaisbéin sé go follas [íad] ar ndul dó ann féin go caithréimeach ós a gcionn.

16 Uime sin ná damnuigheadh éin∣neach sibh ar son bhìdh ná dhighe, ná a dtáobh láe saóire, ná fàn Ré nuáidh, ná a dtáobh na sabbaideadh:

17 Nach bhfuil ach na sgáile do na neithibh atá chum teachda: achd is lé Críosd an corp.

18 Ná mealladh éunduine sibh, a numhlachd inntinne & a dtabhairt onóra dainglibh, dhá sháthadh féin sna neithibh nach bhfacuidh sé ríamh, ar na lìonadh go diomhaóin ré hinntinn a cholla féin:

19 Agus nach ccongmhann sé an ceann, as a bhfaghann an corp uile, ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dluthuighe ré chéile tré altuibh agus tré choimh∣cheangaltuibh, fás tré fhás Dé.

20 Uime sin má fúarabhair bás má ráon ré Críosd, ó chéudthosuighibh an domhain: créd fá bhfuil sibh mar dhaói∣nibh chaitheas a mbeatha sa sáoghal, ag leanmhuin dórduighthibh,

21 Ná bean ris, na blais, na láimh∣sigh?

22 Noch théid uile a dtruáilleagh ré na gcleachdadh, do réir aitheantadh agus theaguisg na ndaóine.

23 Neithe agá mbí cáil eagna orrtha, sa seirbhis chumuid daóine úatha féin, agus a numhlachd inntinne, agus a neamhchoigilt an chuirp, ní a nonóir air bhith do shásadh na colla.

CAIB. III. Na seanbhéusa do chur far ceùl, 18 & caitheamh ar reachd tighe na necreid∣mheach, lé núa-beatha.

UIme sin má deiséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionadh ann a bhsuil Críosd na shuidhe ar deis Dé.

2 Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, & ní sna neithibh atá air talamh.

3 Oír atá sibh marbh, agus atá bh•••• mbeatha folaighthe má râon ré Críosd a Ndía.

4 An tan fhóillséochar Críosd, ar mbeathainne, soillséochar sibhse fós an tan sin a nglóir má ráon ris.

5 Uime sin claóidhigh bhur mbui•••• thalmhuidhe, sdrìopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus faín•••••• noch as iodhaládhradh:

6 Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloi•••• na heasumhlachda.

7 Ann a rabhabhairse fós ag sinbhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.

8 Achd a nois cuiridh uáibh na nei∣thesi uile, fearg, buirbe, droichmém, comhradh salach as bhur mbéul.

9 Ná déunuidh bréug ré chéile, ó chuireabhair an seanduine dhíbh maille ré na ghníomharthuibh:

10 Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhu∣ghadh a néolas, do réir íomháighe an ti do chruthaidh é:

11 Mar nach bhfuil Gréugach agus Júduighe, timchillghearradh & neamh∣thimchillghearradh, duine barbartha & Scitían, dàor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh.

12 Uime sin cuiridh iomuibh, mar [chloinn] thoghtha náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, umhlachd inntinne, ceannsachd agus foighid:

13 Ag tabhairt íomchair dhá chéile,

Page [unnumbered]

agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh ar oile: a∣hil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin [dhéuna] sibh∣e.

14 Achd ós cionn na neitheannsa uile, [biodh aguibh] carrthannachd, noch as toimhcheangal diongmháltachda ann.

15 Agus bíodh siothcháin Dé ag ríagh∣••••ghadh bhur gcroidheadh, chum a ••••••••ltí fòs ar bhur ngairm a néunchorp: agus bíghidh buidheach.

16 Bíodh bríathar Chríosd na comh∣••••idhe ionnuibh go sáidhbhir sa nuile eagna: dá bhur múnadh agus dá bhur 〈◊〉〈◊〉 féin a salmuibh, agus a bhfon∣••••bh molta Dé, agus a gcainticibh ••••oradálta, ag déunamh ceóil don Ti∣hearna ann bhur gcroidhthibh maille é gean.

17 Agus gidh bhé ar bith ní dhéun∣ói, a mbreithir nó a ngníomh, [déantar íad] uile a nainm an Tighearna Jósa ag breith bhuidheachais dibh ré Día ••••dhon an Tathair, thrídsion.

18 A mhná, bíghidh umhal do bhur hfearuibh, mar is cubhaidh sa Dti∣phearna.

19 A fhiora, grádhuighe bhur mná, ags ná bíghidh searbh dhóibh.

20 A chlann, bíghidh umhal do bhur ••••thribh agus do bhur máithribh sna ••••••le neithibh: óir as mór gean an Ti∣phearna ar so.

21 A aithreacha, na brosduighe bhur ••••lann chum feirge, deagla a meisnighe 〈◊〉〈◊〉 chur ar gcúl.

22 A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh ••••hal sna huile neithibh don druing is ••••••ghisdridhe oruibh do réir na feóla, 〈◊〉〈◊〉 a seirbhís súl, mar luchd do ní toil 〈◊〉〈◊〉 ndóine, ach maille ré neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roi∣••••he Dhía.

23 Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroidhe, amhuil don Tighearna, agus ní do dhaóinibh:

24 Ar mbeith a fheasa aguibh, go bhfuighe sibh ón Dtighearna luáidheachd ••••ghreachda: óir as don Tighearna Críosd do ní sibh seirbhís.

25 Achd gidh bé ní eugcóir, do ghéu∣bhuidh sé luach saothair na héugcóra o rinne sé: agus ni bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile.

CAIB. IV. Dìa do ghuidhe arson na minisdreadh; 5 & scubhal go haireach fa chomhair na mi∣chreidmheacha.

AMhaighisdrighe, déunuidh cóir agus comhthrom rè bhur searbhshoghan∣tuighibh: ar mbeith a fheasa aguibh, go bhfuil maighisdir aguibh féin mar an g••••udna ar neamh.

2 Bíghidh búan a núrnuighe, ag faire innte maille ré breith bhuidheachais.

3 Ag úrhuighthe mar an gcéudna air ar soinne, chum Dé dfosgladh dho∣ruis na hurlabhra dhúinn, as go lai∣bhéoramis rúindíamhair Chríosd, tré a∣bhfuilim fós a gcuibhrighthibh:

4 As go bhfoillséochuinn í, amhuil as cóir dhamh labhairt.

5 Siubhluidh go heagnuidhe a dtáobh na druinge atá a muith, ar mbeith dhíbh ag fúasgladh na haimsire.

6 Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann: ionnas go mbíadh a fhios aguibh ciònnas as cóir dhíbh gach áon do fhreagra.

7 Foillféochuidh Tichicus dearbhrá∣thair grádhach, agus minisdir díleas, & comhshearbhfhoghantuidhe sa Dtighear∣na, mo chorsa uile dhíbh:

8 Noch do chuir mé chuguibh fá a nadhbhar chéudna, ionnus go mbíadh a fhios aige créd as cor dhaóibh, agus go dtiubhradh furtachd dá bhur gcroidh∣thibhse:

9 Má ráon ré Honesimus dearbhrá∣thair díleas grádhach, noch as díbh féin, Foillséochuid dhíbh na huile neithe atá ann so.

10 Cuiridh Aristarchus mo choimh∣phríosúnach beatha agus sláinte chuguibh, agus Marcus bráthair Bhárnabais, agá bhfúarabhair áitheanta dhá tháobh: Má thig sé chuguibh, gabhuidh leis.

11 Agus Jósa da ngoirthear Justus, noch as don timchillghearradh: a síad amháin mo luchd cungantasa do chum ríoghachda Dé, [agus] a síad bá fhur∣tachd damh.

12 Cuiridh Epaphras searbhfhoghan∣tuidhe Chríosd nochis díbh féin, bean∣nachd chuguibh, ag déunamh sbárna do shíor a núrnuighibh ar bhur son, chum seasda dhíbh go diongmhálta agus líonta a nuile thoil Dé.

13 Oír do ním dfíadhnuise ris, go bhfuil teasgrádh aige dhíbhse, agus do luchd Laodicéa, agus do luchd Híera∣pólis.

14 Cuiridh Lucás an liáigh grádhach, agus Démas, beannachd chuguibh.

15 Beiridh beannachd chum na ndear∣bhráthar atá a Laodicéa, agus chum Nimpháis, agus chum na heagluise atá ann a thigh.

16 Agus an tan léighfighthear a nei∣pisdilse eadruibh, tuguidh fá deara a léaghadh mar an gcéudna a neagluis na Laodicéanach: agus léighidhse fós a nei∣pisdil ò Laodicéa.

17 Agus abruidh ré Harchippus, Ta∣bhaire haire leachd fán miniosdrálachd fuáir tú sa Dtighearna, do choimhlíonadh.

18 Beatha agus sláinte [chugaibh] ré mo láimhse Pól. Bíodh cuimhne aguibh ar mo ghéimhleachuibh. Gràsa maille ribh. Amén.

Page [unnumbered]

CEUD EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA DTESSALONICANACH.

CAIB. I. Ata díthcheall na Dtessalonicenseach, 6 ionà scàhan do na huile Chriosduighibh.

POl agus Silbhánus agus Timotéus chum eagluise na Dtessalónica∣nach a Ndía Athar, & sa Dti∣ghearna Jósa Críosd, Grása maille ribh agus siothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Jòsa Críosd.

2 Bermíd buidheachas ré Día do shíor ar bhur sonsa uile, dá bhúr gcoimh∣niughadh ann ar núrnuighibh:

3 Gan sgur dá bheith ag coimhniugh∣adh bhur nobair creidimh agus sáothar carrthannachda, agus soighide [bhur] mhuinighne ann ar Dtighearna Jósa Críosd, a bfiadhnuisi Dé eadhon ar Na∣thair.

4 Ar mbeith fios bhur dtoghasa aguinn, a dhearbhráithre as ionmhuin ré Día.

5 Oir ní a mbréithir amháin do bhí an soisgéul do rinneamar a sheanmóir dhaóibhse, achd a gcumhachd mar an gcéudna, agus sa Sbiorad náomh, agus a láindearbhthachd: do réir mar as aithnigh dhibh an gléus ann a rabhamar bhur measg ar bhur sonsa.

6 Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne agus don Tighearna dhibh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuái∣dhirt mhóir, maille ré gáirdeachas an Sbiorad naóimh:

7 Ionnas go rabhabhair bhur neisiomp∣liribh don mhéid agá bhfuil creideamh a Macedónia agus a Nachaía.

8 Oir do clos fuáim bhréithre an Ti∣ghearna uáibhse amach, ní hé amháin a Macedónia agus a Nachaía: ach do leathnuidh bhur gcreideamh a Ndía sa nuile àit mar an gcéudna, ionnas nach bhfuil na ríachdanas oruinne éinní la∣bhairt.

9 Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chùamar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhse ó iodhaluibh chum Dé, chum seirbhise do dhéunamh don Día bhéo shírinneach:

10 Agus chum fuireach ré na mhac ó neamh, noch do thóg sé suas ó mhar∣bhuibh, [eadhon] Jósa, sháorus sinne ón bhfearg atá chum teachda.

CAIB. II. Somola an foir-theagaisc, 13 & na ndeagh luchd èisdeachd.

OIr atá a fhios aguibh féin, a dhear∣bhráithre, nár dhíomhaóin ar ndul a steachne chuguibh:

2 Ach fós ar bhfulang dhúinn roimhe, agus tar éis ar masluighthe a Bhsilipi, do réir mar as aithnigh dhíbhse, do rinneamar dánachd as ar Ndía féin, ré soisgéul Dé do sheanmórughadh dhíbhse maille ré hiomad Sbárna.

3 Oír ní raibh ar dteaguísgne tré mhealltóireachd, ná tré neamhghloine, ná tré cheilg:

4 Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cùram an tsoisgéil do chur oruinn, as dá réir sin labhramaóid, ní mar dhruing do ní toil na ndaoineadh, ach [toil] Dé, dhearbhus ar gcroidhthe.

5 Oir nî dhearnamar ríamh slíoma∣dóireachd bhríathar, mar as aithnigh dhibhse, na leithsgéul sainte: [atá] Dia∣dfiadhnuise air.

6 Agus níor íarramar glóir ó dhaói∣nibh, ná uáibhse, ná ó dhaòinibh eile: biodh gur bhféidir linn trom do léigean [oruibhse,] mar absdaluibh Chríosd.

7 Ach do bhámar caóin bhur measg.

8 Agus amhuil do bhíadh buime ag altrom a cloinne, is mar sin, ar mbeith dhúinne fonnmhar ionnuibhse, bá mían rinn nî hé amháin soisgéul Dé do roinn ribh, achd ar nanmanna féin mar an gcéudna, do bhrígh go rabhabhair ro∣ionmhuin dhúinn.

9 Oír as cumhain libh, a dhearbh∣ráithre, ar sáothairne agus ar nanshógh: óir ar mbeith dhúinn ag déunamh sáo∣thair do ló agus doidhche, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguibhse, do rinneamar soisgéul Dé do sheanmóir dhaóibh.

10 As fiadhnuisighe sibhse agus Día, créd é a náomhtha, agus a chomh∣thruime, agus a neamhlochduíghe do iomchramar sinn féin eadruibhse, an drung chreideas.

11 Mar as aithnigh dhíbh cionnas do bhímis ag teagasg agus ag furtachd agus ag guidhe gach aóin fó leith a∣guibh, amhail [do dhéunadh] athair ré na chloinn,

12 Ionnus go siubhalfadh sibh go cu∣bhaidh do Dhía, noch do ghoireas fibh chum a ríoghachda agus a ghlóíre féin.

13 Ar a nadhbharsin, bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhui∣dheachais ré Día, do bhrígh ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúa∣labhair uáinne, gur ghabhabhair cha∣guibh é, nî mar bhréithir dháonna, ach (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse, an drung chreideas.

14 Oir a dhearbhráithre, do rinneadh dhíbhse luchd leanmhana eagluiseadh Dé noch atá a dtír Iúdaighe a Niosa Críosd: do bhrigh gur fhulaing sibh na neithe céudna ó bhur luchd éintíre féin, amhuil [do fhuilngeadarsan] ó na Iúduighibh:

15 Noch fós do chuir an Tighearna Iósa chum báis, agus na fáidhe do bhi

Page [unnumbered]

aca féin, agus do rinne gérleanmhuin cruinne: agus nach dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrdha do na huile dhaóinibh:

16 Ag toirmeasg oruinne labhairt ris a cineadhachuibh chum a slánuighthe, chum bheith dhóibh ag sirlíonadh a bpea∣chuigibh: òir táinic a nfearg orrtha go siorruidhe.

17 Agus ar mbeith dhúinne dealuighe ribh a dhearbhráithre, ar feadh tamuill bhig, a bpearsuinn, ní a gcroidhe, as móide do rinneamar dithcheall é, chum bhur naighthe dfaicsin maille ré hiomad míana.

18 Uime sin bá mían rinn teachd chu∣guibh, (riumsa Pól go háirighe) uáir o dhó, ach do chuir Sátan toirmeasg ocuinn:

19 Oír créd í ar muinighin, nó ar ngairdeachas, nó ar gcoróin ghlóire? a né nach sibhse [íad] a bhfiadhnuise ar Dtighearna Iósa Críosd, agá theachd?

20 As sibh go deimhin ar nglóir agus ar ngáirdeachas.

CAIB. III. Athchoinghe Phòil, 10 arson meudughadh creideamh dhôibh.

AR a nadhbharsin ó nar bhféidir linn congmháil oruinn ní búdh faide, do chonncas dúinn gur bhindéunta ar bhfagbháil a Nátens ar náonar.

2 Agus do chuireamar Timotéus ar ndearbhráthair, agus minisdir Dé, agus ar bhfear cabhartha a soisgéul Chríosd, chum sibhse neartughadh agus do theag∣••••g do tháobh bhur gcréidimh:

3 Ionnus nach bíadh énnduine aguibh sobhogtha sna buáidhearthuibhse: óir atá a fhios aguibh féin gur hórdui∣gheadh sinn chuige so.

4 Oir an tan do bhámar bhur bhfo∣chair, dinniseamar dhibh roimh láimh, go néiréochadh buáidhirt dhúinn, do réir mar thárrla, agus atá a fhios aguibhse.

5 Ar a nadhbharso, ó nár bhféidir leamsa congmháil oram ní budh fhaide, do chuir mé [eision] chuguibh, chum seasa bhur gcreidimh dfagháil, deagla gur chuir an cathuigheóir cathughadh oruibh a gcás ar bith, agus go mbíadh ar sáothairne díomhaóin.

6 Achd a nois go déigheanach, ar dteachd do Thimotéus uáibhse chuguin∣ne, agus ar dtabhairt dheaghtheisde ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrádh dhúinn dò, agus go bhfuil deaghchoimh∣ne aguibh oruinn, ar mbeith dhíbh do shíor fonnmhar ar sinne dfaiesin, amhuil atámuidne fós ribhse.

7 Dá bhrígh sin a dhearbhráithre, fúaramar furtachd bhur dtáobh ann ar nuile bhuáidhirt agus ríachdanas, tré bhur gcreideamh:

8 Oir atámuidne a nois béo, dá seasuidh sibhse sa Dtighearna.

9 Oir créd é an buidheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do Dhía ar bhur sonsa, do bhrígh a nuile gháirdeachais thríbhse a bhfiadh∣nuise ar Ndé féin,

10 Dá íarruidh dathchuinghe go ro dhithchiollach do ló agus doidhche bhur nadhuigh dfaicsin, agus uireas∣bhuidh bhur gcreidimh do leasughadh?

11 Agus go dtréoruidhe Día féin eadhon ar Nathair, agus ar Dtighear∣na Iósa Críosd sinn sa slighe dhírigh chuguibhse.

12 Agus go méuduighe an Tighear∣na sibh, agus go dtuguidh fó deara dhíbh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse.

13 Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimhchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtighearna Iósa Críosd maille ré na nuile náo∣mhuibh.

CAIB. IV. Iarrfa sê orra, 11 a ngnothuighe féin do dbea∣namh, 13 & gan na marbh do ro-chaòineadh.

TUilleadh eile a dhearbhráithre, cuirmíd dimpidhe agus dath∣chuinge oruibh trés an Dtighearna Iósa, sibh theachd ar bhur nadhuigh ní sa mhó ná chéile, do réir mar fúarabhair uáinne an gléus air ar cóir dhaóibh siubhal, agus toil Dé do dhéu∣namh.

2 Oír atá a fhios aguibh créd íad na haitheanta thugamar dhaóibh trés an Dtighearna Iósa.

3 Oír a sí so toil Dé, sibhse do bheith náomhtha, ionnus go seachno∣chadh sibh sdríopachas:

4 Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chong∣mháil a náomhthachd agus a nonóir:

5 [Agus] ní a bhfonn ainmhíanach, amhuil [do nid] na cineadhacha, ag nach bhfuil êolas Dé.

6 Gan leathtrom. na meabhail do dhéunamh [déinneach] air a dhearbh∣rathair, óir do ní Día díoghaltus sna nei∣thibhse uile, do réir mar a dubhramar chea na ribh, agus do rinneamar dfíadh∣nuisi.

7 Oír ní chum neamhghloine do ghoir Día sinn, ach chum náomhthachda.

8 Ar a nadhbharsin an tí chuireas a neamhshuim[na neithesi,] ní a nduine atá neamhshúim aige, ach a Ndía, noch fós tug dhúinne a Sbiorad náomhtha féin.

9 Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ni bhfuil sibhfe a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do ghrádhughadh.

10 Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhráithribh ar feadh na Macedónia uile: Gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh a dhearbhráithre, teachd ar bhur nadhuigh ní sa mhó na chèile:

11 Agus bhur ndithchioll do dhéu∣namh

Page [unnumbered]

ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugam∣airne dhíbh:

12 Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge [atá] don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.

13 Agus a dhearbhráithre, ní háill leam ainbhfios do bheith oruibh a dtáobh na muintire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin.

14 Oír má chréidmíd go bhfuáir Jósa bás agus gur eiséirghe sé, as amhluidh sin fós bhéuras Día an drung chodlus a Níosa, ma ráon ris.

15 Oir a deirmíd so ribh a mbréi∣thir an Tighearna, nách rachmuidne an luchd atá béo, do fáigeadh go teachd an Tighéarna, roimh an luchd atá na gcodladh.

16 Oír tiucfuidh an Tighearna féin a nùas ó neamh, maille ré gáir, ré guth a narchaingil, agus ré sdoc Dé: agus eireóchuid na mairbh a Gcríosd ar tús.

17 Na dhíaigh sin inne fhúigfighear béo, fuáidéochar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluibh, chum teagmhála don Tighearna sa naíeur: agus mar sin bhíam go siorruidhe a bhfochair an Tighearna.

18 Uime sin tuguidh furtachd dhá chéile ris na bríathruibhse.

CAIB. V. An ghné umhuighte is fearr, 11 fa choinne an lá dheireannuigh.

GIdheadh a dhearbhráithre, ní bhfuil na ríachdanus oruibh sgríobhadh chuguibh, a dtáobh aimsireadh agus mhóimenteadh.

2 Oír atá a sháirfhios aguibh féin, go dtiucfuidh lá an Tighearna, mar ghaduighe sa noidhche.

3 Oír an tan déuruid síad, Síoth∣cháin agus neambáoghal: tiucfuidh sgrios obann orrtha an tan sin, mar thig iodhana go mnaói thorruidh, agus ní bhéuruid îad féin as.

4 Gidheadh a dhearbhráithre, ní bhfuil sibhse a ndorchadas, ionnus go dtiucfadh an lá sin oruibh mar ghaduidhe.

5 As clann na soillse sibh uile, agus clann an laói: ní clann do noidhche, ná don dorchadas sinn.

6 Uime sin ná déunam codladh do nós cháich, ach déunam faire agus bíom measárrdha.

7 Oír an dream chodlas, is ann sa noidhche chodluid síad: agus an dream ar a mbi misge, is an sa noidhche bhíd ar misge.

8 Gidheadh sinne atá ar gcloinn ag an lá bímid meassárrdha, ar gcur éi∣digh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn, agus mhùinighne an tslánuighthe mar chlogaid.

9 Oír ní chum feirge dórduigh Día sinn, ach chum an tslánaighthe do ghno∣dhughadh tré ar Dtighearna Jósa Críosd,

10 Noch do fuáir bás aír ar son, ionnus, mas dúsachd nó codladh dhúin, go mairfemís na fhochairsion.

11 Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

12 Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhr measg, agus atá ós bhur gcionn fa Dtighearna, agus theaguisgeas sibh:

13 Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh, ar son a noibre. Bíghidh síothchánta eadruibh féin.

14 Agus guidhemid sibh a dhearbh∣ráithre, teagusgaidh ná daóine míría∣ghalta: tugaidh furtachd don lagchroi∣dheach: iomchraidh ris a nanbhfann: bighidh foighideach ris a nuile dhuine.

15 Tuguidh aire ribh nách dé•••• éinneach olc a nadhuigh uilc ar bith: ach leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.

16 Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.

17 Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.

18 Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.

19 Ná múchaidh an Sbiorad:

20 Ná tuguidh neamhshùim a bhfái∣dheadóireachd.

21 Dearbhuidh na huile neithe: congmhuidh an ní [bhías] maith.

22 Seachnuidh gach uile chosamh∣lachd uilc.

23 Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomhtha sibh go hiomlán: agus go gcoimheudthar bhur spiorad, agus bhur nanam, agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh, go teachd ar Dtighearna Jósa Críosd.

24 As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas [sin.]

25 A dhearbhráithre, déanuidh ùr∣nuighe air ar soinne.

26 Teannuidh ribh na dearbhráithre uile maille ré póig náomhtha.

27 Cuirim dúalach oruibh a bhfíadhnuise an Tighearna, a neipisdilse do léughadh do na dearbhráithribh náomhtha uile.

28 Grása ar Dtighearna Jósa Crìosd maille ribh. Amen.

Page [unnumbered]

DARA EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA DTESSALONICANACH.

CAIB. I. 〈◊〉〈◊〉 diola na bfirèin, 5 a néaraic a mbuài∣••••readh, re teachd Chríosd.

POL agus Silbhánus & Timo∣téus, chum eagluise na Dtes∣salónicánach, a Ndía ar Nath∣air, agus sa Dtighearna Jósa Críosd.

2 Grása maille ribh agus síothcháin Dhìa ar Nathair, agus ón Dtighearna ••••sa Críosd.

3 A tá dfíachuibh oruinn buidheachas o bhreith ré Día do shíor, ar bhur snsa a dhearbhráithre, mar as iomchu∣bhaidh, do bhrìgh go bhfuil bhur ••••reideamh ag fás go líonmhar, agus rádh gach aóin aguibh uile ag éudughadh dhá chéile:

4 Ionnas go ndéunmaóidne féin órdhâil bhur dtáobhsa a neagluisibh Dé, ar son bhur bhfoighide agus ••••••r gcreìdeimh ann gach gérleanmhuin, gach buáidhirt iomchras sibh;

5 Comhartha follas ar cheart bhrei∣••••eamhnuis Dé, ionnus go measfuidhe 〈◊〉〈◊〉 fiu sibhse ríoghachd Dè, ar son a huiltí fós ag fulang:

6 Oír as ní ceart ag Día, malairt báidheartha do thabhairt don druing bháidhreas sibh:

7 Agus suáimhneas díbhse fhuilngeas ••••áidhirt má ráon rinne, an tan fhoill∣séochas an Tighearna Jósa é féin ó neamh, maille ré na ainglibh cumhachdacha.

8 A dteine lasarrdha, ag déunamh díoghaltuis ar a ndruing ag nach bhfuil éolas Dé, & nách dtabhair umhlachd do shoisgéul an Dtighearna Jósa Críosd:

9 Noch ghéubhus pionús an damn∣nuighthe shíorruidhe, ó adhuigh an Ti∣ghearna, agus ó ghlóir a chumhachd:

10 An tan thiucfus se chum glòire dfagháil ann a náomhuibh, agus chum a dhéunta iongantach sna huile dhaóinibh chreideas (do bhrígh gur chreideadh a nfiadhnuisi do rinneamairne eadruibhse) sa lá sin.

11 An tádhbhar fá ndéunmuidne fós úrnuighe do shíor ar bhur sonsa, ionnus go measfadh ar Ndía gur fiu an ghairmse sibh, & go gcoimhlionfadh sé deagh∣thoil a mhaitheasa go huilidhe, & obair an chreidimh maille ré cumhachduibh.

12 Ionnas go ndéantaói ainm an Dti∣ghearna Jôsa Criosd glórmhar ionnuibhsi, agus sibhse annsan, do réir ghrás ar Ndé, agus an Tighearna Jósa Críosd.

CAIB. II. Tairrghir a ttaobh 3 thosach, 4 fhùs, 8 & scrios an Aintichriosd.

AGus íarrmuid dathchuinghe oruibh a dhearbhráithre, trè theachd ar Dtighearna Jòsa Críosd, agus ar gcomh∣chruinnighne chuigesion.

2 Gan bheith dhibh go hobann so-bhog∣tha ó ninntinn [atá aguibh,] ná bheith buái∣dheartha, ó fpioruid, ná ó bhréithir, ná ó litir, mar [do thiucfadh sí] uainne a∣mhuil do bhíadh lá Chríosd do láthair.

3 Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ní thiucfa an lá sin] muna dtiucfaidh tréigean ar tús, & go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe,

4 An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onórughadh: ionnas go suighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin.

5 A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhsochair, go ndubh∣airt mé na neithese ribh?

6 Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann, chum a fhoill∣sighthe ann a ám féin.

7 Oír atá rúindíamhair na neimhdhía∣ghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois, [cuirfidh sé toir∣measg,] nó go dtógaibhthear as lár é.

8 Agus foillséochar an tan sin an duine neimhdhíaghasin, noch chlaóiseas an Tighearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriossus sé ré déallradh a theachd:

9 [Eadhon an ti] agá bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin, maille ris a nuile chumhachd, & ré comharrthuibh, agus ré hiongantuibh bréige:

10 Agus maille ris a nuile mheall∣tóireachd eugcóruidh, a measg na druinge théid a mugha: do bhrígh nár ghabhadar grádh na sírinne chuca, chum a slánaighthe

11 Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar seachráin, ionnus go ccreidfidís an bhréug.

12 Ionnus go ndaimeontaói an méid uile nár chreid a nfírinne, ach agá raibh a ndúil a néugcóir.

13 Gidheadh atá dfiachuibh oruinne, buidheachas do bhreith do shíor ré Día ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtighearna, ar a nadhbhar gur thogh Dia sibh ó thosuigh chum slánaighthe, tré náomhthachd na Spioruide, agus tré chreideamh na fírinne:

14 Chum ar ghoir sé sibh tré ar soisgélne, chum gnodhuighe ghlóire ar Dtighearna Jósa Críosd.

15 Uime sin a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, & congmhuídh na toirbhear∣ta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir nó tré ar neipisdilne.

16 Agus gó dtuguidh an Dtighearna féin Iósa Críosd, agus Día eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus

Page [unnumbered]

tug [dhúinn] comhfhurtachd siorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás,

17 Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dhéaghobair.

CAIB. III. Beatha, 7 mhiriaghaltach, 10 díomhaòin, 14 & droch comhlùadar, do sheachna.

TUilleadh eile a dhearbhrâithre, guidhidh oruinne, ionnus go mbiadh cumus reatha ag bréithir an Tighearna, agus go ndéuntaói glórmhar é, do rèir mar (atá] aguibhse:

2 Agus chum sinne sháoradh ó dhroch∣dhaóinibh, gan fharas: Oír ní ag gach éinneach [atá] crèideamh.

3 Gidheadh atá an Tighearna dileas, noch dhaingnéochas, agus choimhéudfus sibh ó olc:

4 Agus atá muinighin aguinn sa Dtighearna bhur dtáobhsa, go ndéunann, agus go ndéunfa sibh na neithe áith∣nighmid díbh.

5 Agus go dtréoruidhe an Tighear∣na bhur gcroidhthe sá tslighe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feithcheamh go foighideach ré Críosd.

6 Agus do bheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithre, a nainm ar Dtighearna, Jósa Críosd, sibh féin do dhealu∣ghadh ré gach dearbhráthair shiubhlus go miríaghalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne.

7 Oír atá a fhios aguibh féin cionnas as cóir sinne leanmhuin: óir níor iomchramar sinn féin go míríaghalta eadruibhse.

8 Agus ní a naisgidh do itheamar arán ó aóin neach: ach maille ré sáothar agus ré hanshógh, ag déunamh oibre do ló agus doidhche, deagla ar dtruim do leigean ar áon neach aguibhse.

9 Ní hé nach bhfuil úghdarrás aguinn: achd ionnus go ndéunamaóis eisiompláir dhinn féin díbhse, chum sinne leanmhuin.

10 Oír fós an tan do bhámar eadruibh, do áithneamar so dhíbh, eadhon Má atá aóinneach ris nách àill obair do dhéun∣amh, ná hitheadh bíadh mar an gcéudna.

11 Oír do chluinmíd go bhfuilid daóine áirighe ag stubhal eadruibh go míriaghal∣ta, nách déun obair ar bith, ach sháitheas íad féin a neithibh nach beanann ríu.

12 Do bheirmid fógra dhá samhuil sin, agus íarrmuid orrtha tré ar Dtighearna Iósa Chríosd, a narán féin dithe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré suáimhneas.

13 Agus ná bighidhse a dhearbhrái∣thre, tuirseach do dhéunamh maitheasa.

14 Agus má atá duine ar bith nach dtabhair umhlachd dár mbréithirne sa neipisdilse, cuiridh comhartha air: agus seachnuidh a chomhlúadar, ionnus go mbíadh adhnáire air.

15 Tairis sin, ná biodh meas námhad aguibh air, ach teaguisgidh é mar dhear∣bhráthair.

16 Agus go dtuguidh Tighearna na siothchána féin siothcháin dhìbh do shíor ar gach éunchor. An Tighearna màille ribh uile.

17 Beatha agus sláinte [chuguibh] re mo láimhse Pól, noch as comhartha ann gach éin eipisdil: is mar so sgrio∣bhuim.

18 Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.

CEUD EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM TIMOTEUS.

CAIB. I. Teagasg miotharbhach do sheachna; 15 & adhbhar theachd Críosd don tsaoghail, do sheanmbrughadh.

POL absdal Jósa Críosd do réir órduigh Dé ar slánaightheóir, agus an Ti∣ghearna Jósa Críosd, ar muinighin.

2 Chum Timotéuis mo mhac grádhach sa gcreideamh: grása [maille riot,] tròcaire. agus siothcháin ó Dhía ar Na∣thair, & ó Jósa Críosd ar Dtighearna.

3 Amhuil do chuir mé dimpidhe ort, comhnuidhe a Nephesus, ar ndul go Macedonia dhamh, ionnus go dtiubhar∣thá fógra uáit do dhruing áirighe, gan atharrach teaguisg do thabhairt úatha:

4 Ná aire do thabhairt do chuma∣dóireachd sgéul, ná do sheanchufuibh neimhchriochnuighthe, noch bhrosdui∣gheas ceasdanna ní sa mhó na follam∣nughadh díagha tre chreideamh.

5 Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chroidhe ghlan, & ó choinnsías mhaith, & ó chreideamh neamhfhallsa.

6 Na neithe ó ndeachuidh dream ái∣righe ar seachrán, agus do fhilleadar chum díomháoinis cainte:

7 Bá mían ríu bheith na ndoctúiribh an dlighe, agus fós ní thuigid créd a deirid féin, ná na neithe dheimhnighid síad.

8 Gidheadh atá a fhios aguinne gur maith an dligheadh, dá leanuidh duine go dlisdeanach é.

9 Ar mbeith fhios so aige, nach do dhuine cheart órduighthear an dligheadh, ach don druing aindligh∣theach easumhal, do dháoinibh neamh∣dhíagha agus do pheacthachuibh, do dháoinibh neamhnáomhtha agus neamh∣ghlana, do luchd fionghuile do dhéunamh ar a naithreachuibh agus a maithrea∣chuibh, do luchd dúnmharbhtha.

10 Do sdriopthachuibh, do dháoinibh míonádúrtha, do ghaduighibh dáoineadh, do dháoinibh bréugacha, do luchd néithigh, agus má tá ní ar bith eile contrárdha do theagusg fhalláin.

11 Do réir shoisgéil ghlórmhair Dé bheannuighthe, do fágbhadh táobh riumsa:

12 Ar a nadhbharsin beirim buidhea∣chas ris an tí do neartuigh mé, Jósa

Page [unnumbered]

Críosd ar Dtighearna: do bhrígh gur nheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd.

13 Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, & um fhear gérleanmhana do dhéunamh [ar a neagluis,] agus um dhuine eugcórach; ach do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhith creidimh.

14 Ach do mhéuduigh grása ar Dti∣ghearna go ro lionmhar [ionnam,] maille ré creideumh, agus ré grádh a Niosa Críosd.

15 As firinneach an rádh, agus as f•••• é ar gach éunchor gabháil ris: go dtáinic Jósa Criosd ar a tsáoghal chum peacthach do shlánughadh, agá bhfuilimse m cheann orrtha.

16 Gidheadh as uime so do rinneadh trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfadh Iósa Críosd ionnamfa ar tús, a nuile shoighid, chum go mhéinn um eisiom∣pláir don druing chreidfeas annsan, chum na beatha marrthannuigh.

17 Uime sin don Ri shíorruidhe, mharr∣thannach, dhofhaicsigh, don Día atá na áonar eagnuidhe, [go raibh] onóir agus glóir, go sáoghal na sáoghal. Amén.

18 Fágbhuim a náithnese agad, Thi∣motéuis a mhic, do réir na bhfaidhea∣doireachda do rinneadh ort roimhe só, troid mhaith do dhéunamh dhuit thrío∣tha.

19 Ar mbeith chreidimh agus chogúis mhaith agad: noch ar na thréigean do dhruing áirighe, do luingbhriseadar fan ccreideamh.

20 Agar ab díobh Himenéus, agus Alexandar: noch tug misi uâim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachd∣nighe, go bhfoghlamaidiís gan blais∣phéime do labhairt.

CAIB. II. Onoir duochdaranuibh; 9 Culaidh iomchubhuidh, 11, & ciunas na mban ó theagusg choitchionn do thabhairt uatha.

UIme sin teaguisgim thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, ur∣nuighe, [agus] altughadh ar son na nuile dháoineadh.

2 Ar son na Ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cumhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go suaimh∣neach siothchánta dhùinn, a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd:

3 Oír is maith agus is geanamhuil so a bhfiadhnuise Dé ar slánaightheóir.

4 Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fìrinne.

5 Oír is áoin Ndía [atá ann,] & áon eidirmheadhonthóir eidir Dhía agus dháoinibh, [eadhon] an duine Iósa Críosd.

6 Noch tug é féin na fhúafgladh ar son na nuile [dháoineadh:] mar fhiadh∣nuise a nám iomchubhaidh:

7 Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh & um absdal, (lábhruim a nfîrinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug) um fhear teaguisg na gcinea∣dhach, a gcreideamh & a bhfírinne.

8 Uime sin as mían rium na ••••r do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg, gan amharus.

9 Agus na mná mar an gcéud∣na do chur éuduigh iomchubhaidh iompa maille ré hadhnáire & ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré culuigheachuibh mór∣luáidh;

10 Ach (mar is críbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh.

11 Déunadh an bhean foghluim a gcíunus maille ris a nuile umhlachd.

12 Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, ach bheith na tochd.

13 Oír a sé Adhamh do cruthui∣gheadh ar tús: agus na dhiàigh sin Eúbha.

14 Agus ní hé Adhamh do meal∣ladh; achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh, a sí bâ ciontach ré briseadh na háithne.

15 Gidheadh slaineóchar í ré breith chloinne, dâ gcomhnuighid siad a gcrei∣deamh, & a ngrádh, & a náomhthachd maille ré macántus.

CAIB. III. Deagh choinghiolla mhinisdreadh na Heag∣luise.

AS rádh fírinneach so, Má atá fonn ar áoinneach oifig Easbuig do ghlacadh, íarruidh sé obair mhaith.

2 Uime sin as cóir Deasbog a bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na dhuine fhaireach, mheassarrdha, mhacánta dháonnachdach, réidh chum teaguisg:

3 Gan bheith rofhonnmhar a bhfion, gan bheith buâilteach, gan dúil do bheith aige a neudáil neamhghloin: ach bheith ceann∣saigh, neamhcheannaireach, neamh∣shanntach:

4 Agus na dhuine ríaghluigheas a thigh féin go maith, agá mbî a chlann fá umh∣lachd maille ris a nuile thrómghachd:

5 (Oír munab eól do neoch a thigh fein do riaghlughadh, cionnas bhías cúram eagluise Dé air?

6 Gan bheith dhó na noibhíseach, deagla ar mbeith dhó lionta dúabhar, go dtuit∣feadh sé a ndamnughadh an díabhail.

7 As cóir dhó fós deaghtheisd do bheith air ag an druing atá a muith: deagla go bhfuigheadh se sgannuil, & go dtuitfeadh sé a ndul an díabhail.

8 Mar an gcéudna [as cóir] do na deochánuibh bheith trómdha, gan a dteanguidh liom, leachd; gan bheith ro fhonnmhar a bhfion, ná dúil do bheith aca a néudáil neamhghloin:

9 Ag congmháil sheicréide an chrei∣dimh a geoinnsías ghlan.

Page [unnumbered]

10 Agus déuntar íad so do dhearbhadh mar an gcéudna ar tús, ná dhíaigh sin déunuid miniosdrálachd, má gheibhthear neamhlochdach íad.

11 A mná már an gcéudna trómgha, neamhthatháoireach, suaimhneach, ion∣ruic sna huile neithibh.

12 Bíodh na deocháin na bhfea∣ruibh áon mhná, ag ríaghlughadh a gcloinne agus a dtightheadh féin go cubhaidh.

13 Oír an dream do ní miniosdrá∣lachd go maith, gnodhuighid síad céim maith dhóibh féin, agus dánachd mhór trés an gcreidheamh atá a Niósa Criosd.

14 Sgríobhuim na neithese chugad, ar mbeith dhamh muinighneach ré theachd go haithghearr a ttionnsuighe.

15 Ach ma nìm muill ré theachd, chum a fheasa do bheith agad, cionnas as cóir dhuit thû féin diomchar a dtigh Dé, eadhon eagluis Dé bhí, posda agus daingean na fírinne.

16 Agus gan amharus as mór seicréid na dîaghachda: Do rinneadh Día follas sa ccoluinn, do foillsigheadh é na fhiréun san Sbioruid: do chonncas é ré hainglibh, do rinneadh a shean∣móir do na cineadhachuibh, do crei∣deadh dhó fa sáoghal. [agus] do gabhadh sùas é chum glóire.

CAIB. IV. Tairrgir attáobh fhuarchreideamh, & chra∣bhadh choimhigheach na naimsire deigh∣ionnach.

AChd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an crei∣deamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachrá∣nacha, & do theagusguibh deamhan,

2 Tré chlúainereachd luchd labhartha na bréige, ar mbeith dá ccoinnsíasuibh ar na losgadh ré híarann dearg,

3 Noch thoirmisgèas pòsadh, an bíadh do sheachna, noch do chruthuigh Día chum a chaithmhe maille ré haltughadh, don druing chreideas agus agá bhfuil fios na sírinne.

4 Oír as maith gach ní do chruthuigh Día, agus ní cóir éinní deiteach, ach go ngabhthar é maille ré breith bhui∣dheachuis.

5 Oír do níthear náomhtha é tré bhréi∣thir Dé, agus tré urnuighe.

6 Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill do na dearbhráithribh, biáidh tù ad mhinisdir mhaith Diósa Crîosd, ar mbeith dhuit oilte a mbríathruibh an chreidimh, agus an teagusg mhaith, dhár lean tú.

7 Gidheadh seachain sgéula fábhuill neamhdhíagha, caillchúla: agus cleachd thú féin chum díaghachda.

8 Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tar∣bhach an díaghachd chum na nuile nei∣theann agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.

9 As rádh fírinneach so, agus atá sé ionghabhála ris ar gach éunchor.

10 Oír as uime do nimíd sáothar, & imdheargthar sinn, do bhrígh go bhfuil ar muinighin a Ndîa bhí, agar ab é as fear sáortha do na huile dháoinibh, go mòrmhór don druing chreideas.

11 Fógair agus teaguisg na nei∣these.

12 Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige, ach bí mar eisiompláir dón druing agá bhfuil creideamh, a mbréi∣thir, a gcoinbhearsáid, a ngrádh, a sbio∣ruid, a gcreideamh, [agus] a bhfíor∣ghloine.

13 Go teachd damhsa tabhair haire do léughthóireachd, do theagusg, [agus] dfoirceadal.

14 Ná léig faillidhe sa dtíodhlacadh atá ionnad, noch tugadh dhuit tré fai∣dheadóireachd maille ré leagadh lámh na sinnsear.

15 Smuáin ar na neithibhse, comh∣nuigh ionnta: ionnus go mbíadh do theachd ar hadhuigh follas do na huile dháoinibh.

16 Tabhair aire dhuit féin, agus do theagusg: comhnuigh ionnta: Oír dá ndéuna tú sin, sáorfuidh tú thú féin, & an drong éisdeas riot.

CAIB. V. Modh thabharta na nachmhasan: 3 onóir fós is cubhaidh do bhaintreabhachaibh diadha, 17 & do Shinnsearaibh na Heagluise.

NA himdhearg seanóir, ach teaguisg é mar athair: [agus] na hogá∣nuih mar dhearbhráithre:

2 Na mná áosda, mar mháithre, agus na mná óga, mar dheirbhsheathracha, maille ris a nuile fhíorghloine.

3 Tabhair onóir do bhaintreabha∣chuibh, noch ata na mbaintreabhacha dhá ríribh.

4 Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann, no clann chloin∣ne, déunuidís soghluim ar tús, ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtigh∣thibh féin, & ar mhalairt do thabhairt dà dtuismightheóiribh: óir is ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.

5 Agus an bhean atá na baintreabh∣uigh dhá ríribh, agus ar na fagbháil na háonar, cuiridh sí a muinighin a Ndía, agus comhnuidhe sí do ló & doidhche a nguidhe agus a núrnuighibh.

6 Achd an bhaintreabhach do bheir í féin do mhacnus, aír mbeith dhí beó, atà sí marbh.

7 Uime sin, áithin na neithese dhíobh, ionnus go mbeidís neamhlochdach.

8 Agus mà atá aonduine nàch déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mòr∣mhór do luchd a thighe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.

9 Toghthar baintreabhach nach bí ní sa lugha ná trí fichid bliadhan dáois, do bhí ná mnàoi éinfhir:

Page [unnumbered]

10 Ar a raibh teisd mhaith as a deagh∣••••brighthibh: má rinne sí a clann doil∣mhuin, má ghlac sí dáoine air áoi∣••••heachd, má dionnuil sí cosa na náomh, 〈◊〉〈◊〉 thug sì fóirighthin do luchd anshóigh, ná lean sí do ghnáth gach deaghobair.

11 Ach diúltuigh na baintreabha∣chá óga: óir ar mbeith dhóibh mac∣asach a nadhuigh Chríosd, is mían 〈◊〉〈◊〉 pósadh;

12 Agá bhfuil damnughadh na ionn, do bhrígh gur thréigeadar an ••••d chreideamh.

13 Agus fôs ar mbeith dhóibh dío∣háoin, foghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tigh: agus ní hé amháin bheith díomháoin, ach bíodánach mar an gcéudna, agus dá sáthadh féin sna eithibh nach beanann ríu, ag rádh éitheann nach bî ionnráidh.

14 Uime sin as toil leam na mná óga, fir do phòsadh, clann do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tighe, [agus] gan cionfátha ar bith do habhairt do náidhbherseóir ré labhairt o holc.

15 Oír do fhilleadar dream áirighe theana ar a nais a ndiáigh Shatáin.

16 Má atá fear nó bean don druing threideas, agá bhfuilid baintreabhacha, tugaidís dóibh fóirighin a ríachdanuis, & ná bíodh a muirighin ar a neagluis, ionnus go mbíadh go lór aice ré thabhairt do na fiorbhaintreabhachuibh.

17 Na sinnsir riaghluigheas go aith, bíodh meas orrtha gur fíu onóir ••••••balta íad: go mórmhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir agus a ••••eagusg.

18 Oîr a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrifios an tarbhar. Agus As fíu an toibrighe lúach a sháothair.

19 Ná gabh casáoid a nadhuigh shea∣nóra, gan fíadhnuisi deisi nó trír.

20 An dream pheacuidheas, imdhearg íad a bhfíadhnuisi cháich uile, ionnus go ngéubhadh eagla an chuid eile mar an gcéudna.

21 Cuìrim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tighearna Jósa Críosd, agus na naingeal toghtha, na neithese choimhéud, gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan nî ar bith dhéunamh dhuit go cláon.

22 Ná cuir lámha go hobann ar aóin∣neach, & ná bí pártach ré péacuighibh dhàoineadh eile: connaimh thú fêin glan.

23 Ná hibh uìsge ní sa mhó, ach cleachd beagan fíona ar son do ghaile, agus héugcruás minic.

24 Bíd peacuighe dhàoineadh áirighe follas roimh láimh, ag dul rompa chum breitheamhnuis: leanuid a bpeacuidh dream eile:

25 Mar an gcéudna fós bíd deagh∣oibre follas roimh láimh: agus na boibreacha atá ar ghléus eile, ní féidir a bhfolach,

CAIB. VI. Luchd na teaguisg eattrom, 4 do sheachna, 6 ach èadail na diaghachd do ghnothu∣ghadh.

TUgadh gach a bhfuil do shearbhfho∣gantuighedhibh faói chuing, meas gur fiu a maighisdreagha a nuile onóir [dfagháil,] ionnus nach bhfuigheadh ainm Dé agus a theagusg sgannail.

2 Agus an dream agá bhfuilid maigh∣isdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh tarcuisne aca [orrtha] do bhrígh gur dearbhráithre íad: ach go madh móide dhéanuid seirbhís, do bhrigh go bhfui∣lid síad deaghchreidmheach, grádhach, agus pártach sa dtiodhlacadh. Múin & teaguisg na neithese.

3 Dá dtabhruidh áoinneach atharrach teaguisg úadha, agus nach dtabhair áon∣ta do bhríathruibh falláin ar Dtighearna Jósa Críosd, agus don teagulg, atà réir dhíaghachda,

4 Atá sé uáibhreach gun fios áoin∣neithe aige, achd é ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann, agus imreasan focal: tré na dtig miosguis, connsbóid, anchaint, droch bharamhla,

5 Diosbóireachd chíapálach dhaóineadh truáilligh na ninntinn, agus atá dealuigh∣the ris a nfírinne, agus shaóileas gur díaghachd a néudáil. Dealuidh ré na samhuil sin do dhaóinibh.

6 Gidheadh is éudáil mhór díaghachd, maille ré neach a bheith sásuigh ré na staid féin.

7 Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.

8 Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail, go madh lór linn é.

9 Ach an dream lér mían bheith faidhbhir, tuitid síad a gcathughadh agus a ndul, agus a niomad ainmhían éigcéillidhe dioghbhalacha, noch mhúch∣as daóine a sgríos agus a milleadh.

10 Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shanntughadh, do chúadar ar seachrán ón gereideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad doilghis.

11 Ach tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese: agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, [agus] do cheannsachd.

12 Déun comhrac maith sa gcreideamhs beir greim ar an mbeatha mharrthan∣nuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuidh tú admháil mhaith a lá∣thair mhòráin dfíaghnuibh.

13 Aithním dhíot a bhfiadhnuisi Dé bhéodhuigheas na huile neithe, & Jósa Críosd noch do rinne fiadhnuisi [agus] admháil mhaith a láthair Phuinc Phío∣laid:

14 Na haitheantasa do choimhéud gan

Page [unnumbered]

cháidh gan lochd, go teachd ar Dtigh∣earna Jósa Críosd.

15 Noch fhoillseochas na ám féin an tí atá beannuighe, eadhon an Coimh∣dhe cumhachdach na áonar, Rí na righ∣theadh, & Tighearna na dtighearnadh:

16 Agá bhfuil an neamhmarbhthachd na áonar, atá na chomhnuidhe sa tsoillse nách féidir a rochduin, nách bhfacuidh duine riamh, agus nách bhféudann fhaicsin: onóir agus cumhachd síor∣ruidhe dhó. Amen.

17 Fógair don druing atá sáidhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, ach sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neithe chum a ccaithmhe.

18 Maith do dhéunamh, bheith sáidh∣bhir a ndeaghoibrighthibh, éusguidh a na gcuid do thabhairt úatha, agus do roinn maille ré cumann:

19 Cisde chur a dtaisge ar fhon∣daimeint mhaith dhóibh féin, ré ha∣ghuidh na haimsire atá chum teachda, chum na beatha marrthannuigh do ghnodhughadh dhóibh.

20 O a Thimotéuis, coimhéid an ní fágbhadh táobh riot, [agus] seachain cíapáil bhriathar neamhdhíagha gan éifeachd, & conntrarrdhachd ealadhan, nâch bhfuil ach na hainm ealadhna.

21 Noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá hadmháil, do chúadar ar seachrán a dtimchioll an chreidimh. Grása maille riot. Amén.

DARA EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM TIMOTEUIS.

CAIB. I. Grasa Dè do bhiodhgadh sùas tré chleach∣dadh, agus urnuighe; 13 agus Sompla na mbriathar fhallain attaobh creideamh agus gradh, do chonmhàil.

POL absdal Jósa Críosd tré thoil Dé, do réir gheall∣amhna na beatha, atá a Níosa Críosd.

2 Go Timotéus an mac ionmhuin, grâsa, trócaire, [agus] síothcháin ó Dhía Athar, agus ó Jósa Críosd ar Dtighearna.

3 Bheirim buidheachas ré Día da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, sá chuimhne bheith agam ortsa do ghnáth am úrnuighibh do ló agus doidhche:

4 Ar mbeith dhamh fonnmar an thusa dfaicsin, an tan chuimhnighim ar do dhêuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdeachas:

5 Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chomhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, & ann do mhá∣thair Eunice: agus is deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.

6 Ar a nadhbharsa cuìrim a gcoimhne dhuit, tiodhlacadh Dé atá ionnad, tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.

7 Oir ní Sbiorad eagla tug Dhía dhúinne, ach [Sbiorad] cumhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.

8 Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtighearna, ná am thim∣chiollsa as priosúnach ar a shon: ach bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chumhachd Dé;

9 Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha: ní réir ar noibrightheadh, ach réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Crîosd roimh chruthughadh an domhuin:

10 Achd atá a nois ar na fhoillsiughadh tré theachd deallruigheach ar Dtighearna Jósa Críosd, noch do dhíbir an bás, agus tug beatha & neamhthruàilleadh chum soillse trés an tsoisgéul.

11 Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, agus um dhoctúr na gcineadhach.

12 An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adh∣náire oram: Oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, & as deimhin leam gur fêidir leis an ní dfág mé táobh ris, do choimhéud fa chomhair an láoi úd.

13 Bíodh agad sompla fírinneach na mbríathar bhfalláin do chualuidh tù uáimse a gcreideamh agus a ngrádh a Niósa Críosd.

14 Coimhéid an taisge mhaith do fágbhadh agad, trés an Sbiorad náomh chomhnuigheas ionnuinn.

15 Atá a fhios so agad gur thréi∣geadar luchd na Hásia uile misi: agár ab dhíobh Phigellus, agus Her∣mogenes.

16 Go dtuguidh an Tighearna trô∣caire do thigh Onesiphoruis: óir tug sé fúaradh go minic dhamhfa, agus níor ghabh adhnaire é fam shlábhradh.

17 Achd ar mbeith dhó sa Róimh, do lorgair sé mé go ro dhíthchiollach, agus fuáir sé mé.

18 Go dtuguidh an Tighearna dhósan trócaire dfághail ón Dtighearna sa ló úd. Agus atá a sháirfhios agadsa, créd é a mhéud do fhoir sé oram a Nephesus.

CAIB. II. Cûram, 6 foighide 22 geanmnuidheachd, 24 & ceannsachd na Minisdreadh.

UIme sin a mhic, bíse láidir sa ngrás atâ a Níosa Críofd.

2 Agus na neithe do chúaluidh tú uáimse a lâthair mhoráin dfiaghnuibh,

Page [unnumbered]

táobh na neithe céudna ré dáoinibh dísle och bhías foirtill ar dháoinibh eile do ••••eagusg mar an gcéudna.

3 Uime sin fulaingse anshógh mar ••••aighdîur maith Jósa Críosd.

4 Ní chreaplughear éinneach dá leanann an cugadh, ré gnothuighthibh na bea∣hasa, ionnus go ndéanadh toil an tí do chogh é na shaighdiúr.

5 Agus fós má ní áoinneach Sbáirn, 〈◊〉〈◊〉 curthar coróin air, muna dhearna sé ••••áirn go dlisdionach.

6 As éígean don treàbhthach sáothar do dhéunamh suil do gheibh sé na tórtha.

7 Smuáin ar na neithibh a deirim: & o dtuguidh an Tighearna tuigsi dhuit a huile neithibh.

8 Cuimhnigh gur eiséirghe Jôsa Críosd ó mharbhuibh, do shíol Daibhí, do réir mo shoisgèilse:

9 Ar son a bhfuilim ag fulang uilc go géibheannuibh, mar fhear drochghníomha gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.

10 Uime sin iomchruim na huile neithe ar son na druinge atá ar na dogha, chum an tslánaighe atá a Niósa Críosd do ghnodhughadh dhóibhsion mar an gcéudna, maille ré glóir shior∣ruidhe.

11 As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn na fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:

12 Má nimíd fulang, bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceud∣na:

13 Má nách ccreidmídne, fanaidh seision díleas; ní féidir leis é féin do shéuna.

14 Cuir na neithesi a gcuimhne [dhóibh,] agus aithin díobh a bhfîadh∣nuisi àn Tighearna, gan bheith ag cíapáil a dtimchioll focal, gan tairbhe air bith, ach buaidhreadh don druing éisdeas.

15 Déun díthchioll ar thú féin do thaisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnáire do bheith air, ag gearradh bhreithre na fírinne go comhthrom.

16 Toirmisg ciapáil bhríathar neamh∣dhíagha gan éifeachd: oir tiucfuidh ar a nadhuigh chum tuillidh neimhdhia∣gachda.

17 Agus biáidh a mbríathar ag cnáoi mar chancar: agár diobh Himenéus agus Philétus:

18 Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcomhartha, ag rádh Go ndeachuidh a neiseirghe thoruinn cheana: & sgriosas creideamh dhruinge áirighe.

19 Gidheadh fanuidh fonndameint dhaingean Dé ar bun, aga bhfuil an séulasa, [eadhon] Go bhfuil fios a mhuin∣ntire féin ag an Dtighearna; agus gach áon ghoireas ar ainm Chriosd, seachnadh sé a néugcóir.

20 Gidheadh a dtigh mór bíd, ní hé amháin soithighe óir agus airgid, ach fós soithighe croinn agus críadh: cuid díobh chum onóra, agus cuid eile chum neamh∣onóra.

21 Uime sin, dá nglana neach ar bith é féin ùatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh nàomhtha, oireamhnach don Tighearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.

22 Seachuin mar an gcéudna ainmía∣na na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shîothcháin maille ris an druing ghoireas air an Dti∣ghearna ó chroidhe ghlan.

23 Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannar∣ruic.

24 Oír ní cóir do shearbhfhoghan∣tuidhe an Tighearna bheith ceannarrai∣ceach, ach bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháoinibh:

25 Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn, maille ré ceannsachd: dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith, chum na fírinne dadmháil:

26 Agus teachd ar a nais, ó dhul an díabhail, agá bhfuilid gabhtha, mar is áill leis féin.

CAIB. III. Na haimseara baoghlach ré teachd. 16 Fòs ùghdar & eifeachd na nSgriobtúr.

AGus biodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara bàoghlacha sna laethibh déigheanacha.

2 Oír béid dáoine rocheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, ith∣iomráiteach, easumhal dá naithribh & dá máithribh, dombuidheach, neamh∣náomhtha.

3 Gan ghrádh nadúrtha, luchd droch∣choinghill, luchd éilighe bréugacha, neímh∣meassardha, borb, gan ghrádh don mhaith,

4 Luchd bratha, mearrgánta, áird∣inntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó ná Día:

5 Leigeas orrtha féin bheith díagha, ach do dhíult do chumhachd na díaghachda. Agus seachainse a samhuil sin.

6 Oír is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruigh∣thear ré hainmhíanuibh éugsamhla:

7 Ag foghluim do shíor, agus go bráth gan teachd dhóibh chum eólais na fírinne.

8 Agus do réir mar do chuir Jannes agus Jambres a nadhuigh Mhaói∣si, as mar an gcéudna chuirid an dreamsa a nadhuigh na firinne: luchd inntinne truâillighe, mearuighe a dtáobh an chreidimh.

9 Gidheadh ní bhéuruid buáidh ní sa mhó: óir biáidh a gcuthach follas do na huile dháoinibh, amhuil do bhí a gcuthach sùd mar an gcéudna.

10 Ach do lean tusa mo theagusgsa,

Page [unnumbered]

réim mo bheatha, mo rún, mo chrei∣deamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, [agus] mfoighid,

11 An ghérleanmhuin, an pháis a dfu∣laing mé a Nantióchia, a Nicónium, [agus] a Lisdra: créd é méid na gér∣leanmhana diomchuir mé: ach do sháor an Tighearna mè ùatha uile.

12 Agus fós an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd, fuileónguid síad ger∣leanmhuin.

13 Ach na drochdháoine, agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agus ar na mealladh dhóibh.

14 Ach comhnuighse sna neithibh do fhoghluim tú, agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía òr fhoghluim tú [íad.]

15 Agus ó bhí tú ad leanabh, go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh eagnuidhe chum slánaighe, trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.

16 Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na firéuntachda.

17 Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, & ullmhuighe go hiomlán chum na huile dheaghoibre.

CAIB. IV. Oifig bhuachaille na Heagluise, 7 agus caithreim dheireannach Phóil, tar êis bùadhughadh.

UIme sin cuirim dúalach ort a bhfiadhnuise Dé, agus an Tigh∣earna Josa Criosd, noch bhéuras breath ar bheóodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach, agus ann a ríoghachd:

2 Déuna an bhríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám: spreag, smachduighe, [agus] teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.

3 Oír tiucfuidh aimsir nach biíidh fulang aca ar theagusg fhalláin: achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do tho∣chas, cruinneóchuid siad dhóibh féin do réir a nainmían, iomad teagusgóir.

4 Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfirinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.

5 Gidheadh déunsa faire sna huile neithibh, fulaing anshógh, déin obair shoibhisgéil, tabhair fá deara do mhi∣niosdrálachd do bheith dearbhtha.

6 Oir atáimse a nois féin dom íodhbairt, agus is fógas damh aimf•••• mimtheachda.

7 Do chomhraic mé comhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creideamh,

8 O so amach atá coróin fhíréun∣tachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tighearna an brei∣theamh comhthrom dhamh, sa ló úd: agus ní dhamhsa amháin, ach mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhui∣gheas a theachd.

9 Déun deithneas ré theachd chugam go haithghearr.

10 Oír do thréig Démas mé, ar dtabhairt ghrádha don tsáoghalsa a lá∣thair, agus do imthigh sé go Tessalonica, Crescens go Galátia, Titus go Dal∣mátia.

11 Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhamhfa é chum miniosdrálachda.

12 Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.

13 An tan thiucfas tú tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leabhair, go háirighe na meamruim.

14 As mór dolc do rinne Alexander an céard copair oram; go dtu∣guidh an Tighearna dhó réir a ghnío∣mharthadh.

15 Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air: óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.

16 Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, ach do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.

17 Gidheadh do sheas an Tighearna láimh rium, & do neartuigh sé mé, ion∣nus go mbíadh seanmóir [an tsoisgéil] dearbhtha thríomsa, agus go gcluinfedís na cineadhacha uile [í:] & do saoradh mé ó bhéul a leomhain.

18 Agus sáorfa an Tighearna mé ó gach uíle dhrochobair, & coimhéud∣fuidh mé chum a ríoghachda neamhdha féin: glóir dhósan go saoghal na sáoghal. Amén.

19 Beir beannachd chum Phrisca a∣gus Acuila, agus chum luchd tighe Onesiphoruis.

20 Do chomhnuidh Erastus a Gco∣ríntus. Agus dfàg mé Trophimus a Milétum go héugcruáidh.

21 Déun deithneas ré theachd roimh an ngéimhreadh. Cuiridh Eubulus, agus Pudens, & Línus, & Cláudia, & na dear∣bhráithre uile a mbeannachd chugad.

22 [Go raibh] an Tighearna Jósa Criosd maille réd sbioruid. Grása maille ribh. Amén.

Page [unnumbered]

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM TITUIS.

CAIB. I. ••••odha na ndeagh easbog & na seanóireadh; 12 re peacadh dùthaidh na Gcrèidnuigh, in imdheargadh.

POL searbhfhoghantuigh Dé, agus absdal Josa Críosd, do réir chrei∣dimh dháoine thoghtha Dé, & admhála na firinne, noch atá réir dhíaghachda.

2 Chum muinighne na beatha mar∣thanuighe, noch do gheall Día, ris nach féidir bréug a dhéunamh, suil do cru∣••••••igheadh an domhan.

3 Ach do fhoillsigh sé a bhríathar a ném iomchubhaidh, tré sheanmóir [an ••••oisgeil] do fágbhadh táobh riumsa, do ••••r áithne Dé ar slánaightheóra:

4 Chum Tìtuis mo mhac ionmhuin, do réir an chréidimh choitchinn, grása, tro∣caire, agus siothcháin ó Dhía Athair, a∣gus ón Dtighearna Jósa Críosd ar slá∣naightheòir.

5 A sé adhbhar fár fhág mé thù a Gcréta, ionnus go leanfá do cheartughadh na neitheann atá fós gan cheartughadh, & go nóirdeócha fagairt ann gach cathair, do réir mar do aithin mé dhíot.

6 Má atá neach ar bith neamhlochdach, na fhior éun mhná, agá bhfuil clann ionnruic, nach féidir éiliughadh fá neamhmeasarrghachd, ná easumhal.

7 Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag rioth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin:

8 Ach na fhear tighe áoidheadh do chongmháil, grádhach air dháoinibh maithe, na dhuine aireach, chomhthrom, náomhtha, mheasarrgha:

9 Ag congmháil na bréithre dísle go daingean do réir theaguisg, ionnus go madh féidir léis teagusg do thabhairt úadh maille ré foirceadal falláin, a∣gus an dream labhrus na adhuigh do bhréugnughadh.

10 Oír atáid iomad do dháoinibh easumhla ann, labhras go diomhaoin, & na mealltóiridh, go háirighe an luchd atá don timchillghearradh.

11 Dár ab éigean a mbéul do stopadh: dream chuireas tighthe go huilidhe fa chéile, ag teagusg neitheann nach cóir, do ghrádh eudála neamhghloine.

12 A dubhairt neach áirighe dhíobh féin, a bhfáidh díleas féin; Bréugairigh do ghnáth na Crétánuigh, droch ain∣mhiteadha, builg mhall.

13 As fíor an fhíadhnuisese: uime sin spreag íad go géur, chum a mbeith diongmhálta sa gcreideamh:

14 Agus gan aire do thabhairt do sgéuluibh fábhuill na Níuduigheadh, agus daitheantuibh dáoineadh atá ar niom∣pôgh on bhfírinne.

15 [Atáid] na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: ach don druing atá salach agus gan chreideamh ni bhfuil éinní glan, ach fós atá a ninn∣tinn agus a ccoinnsías salach.

16 Admhuighid síad eòlas do bheith aca air Dhía, gidheadh séunuid a ngnío∣mharthuibh [é,] ar mbeith dhóibh adh∣uathmhar, easumhal, agus mearuighthe a dtáobh gach uile dheaghoibre.

CAIB. II. Teagusc & eisiomlar Thituis rê bheith 11 do reir sholuis an Tsoisgeil, do nuile châil dhaóine.

ACH labhairse na neithe thig ré teagusg fallain:

2 [Eadhon] dáoine áosda do bheíth aireach, trómgha, measárgha, diong∣mhálta a gcréideamh, a ngrádh, [agus] a bhfoighid:

3 Na mnà áosda mar an gcéudna a naibíd iomchubhaidh do náomhthachd, gan [bheith] na luchd éilighe go héug∣cóir, gan iad féin do thabhairt go hiom∣arcach dfion, na luchd teaguisg nei∣theann maith:

4 As go dtiubhradáois fo deara do na mnáibh óga bheith súaimhneach ann a ninntinn, grádhach air a bhfearuibh & air a gcloinn.

5 Measarrgha, geanmnuidh, comh∣nuigheach na dtighthibh, maith, umhal dá bhfearuibh: deagla bhréithre Dé do mhaslughadh.

6 Teaguisg na hóganuidh mar an gcéudna fá bheith suáimhneach na ninntinn

7 Taisbein thú féin sna huile neithibh, ad eisiompláir dheaghoibrightheadh, maille ré teagusg neamhthruáillighe, trómgha.

8 Briathar fhalláin nách féidir a loch∣dughadh: ionnus go mbíadh adhnáire ar an ti chuireas bhur nadhuigh, ar mbeith dhó gan droch ní ar bith aige ré a radh bhur dtáobhso.

9 [Teaguisg] na searbhfhoghantuighidh fá bheith umhal dá maighisdrighibh, fá na dtoil do dhéunamh sna huile neithibh gan cur a nadhuigh a mbriathar:

10 Gan éinni dhá gcuid do théultògh úatha, achd a nuile choinghioll maith do tháisbéunadh dhoibh, ionnus go ndéunai∣dìs teagusg Dé ar slánaightheóra tait∣neamhach ar gach éunchor.

11 Oír do shoillsigh grás Dé go deallruigheach, do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh:

12 Ag tabhairt teagusg dhúinne, fá neamhdhíaghachd & ainmhían a tsáo∣gháilse do sheachna, & fá ar mbeatha do

Page [unnumbered]

chaitheamh dhúinn go measarrgha, agus go comhthrom, agus go díagha, sa tsáo∣ghalsa a láthair.

13 Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, & re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir, ea∣dhon ar slánaightheóra Jósa Críosd.

14 Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta, ionnus go mbeimís ar pobal geanamuhil aige féin, ag leánmhuin go dúthrachdach do dheaghoibrighibh.

15 Labhair, agus teaguisg na nei∣these: agus ceartuigh maille ris a nuile úghdarrás. Ná tarcaisnigheadh éun∣duine thù.

CAIB. III. Feile Dé, agus deagh oibrighe do chur a gcuimhne; 9 ach ni hiad ceasda êigcéillidhe.

CUir a gcuimhne dhóibh bheith umhal dúachdarànachduibh agus do chumhachduibh, urruim do thabhairt ùatha, bheith ullamh chum gach uile dheaghoibre:

2 Gan neach ar bith do mhaslughadh, gan bheith brúighneach, [ach] suaimh∣neach, ag taisbéunadh na huile cheann∣sachda do na huile dháoinibh.

3 Oír do bhámairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easumhal, ag dul ar sea∣chràn, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnûth, fúathughadh a chéile:

4 Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar slánaigheóra do dháoinibh,

5 Ní do réir na noibrightheadh bhfi∣réunnda do rinneamairne, ach do réir a thrócaire fein do sháor sé sinn, tré ionn∣adh na haithghineamhna, & tré ath∣núadhughadh an Spiorad náoimh.

6 Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir, tré Jósa Críosd ar Dtighearna:

7 Ionnas ar mbeith dhúinn air ar sáo∣radh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.

8 As fírinneach an rádh so, & is áill leam thú dheimhniughadh na neitheasa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía, ro dhíthchiollach a ndeaghoibri∣ghibh do dhéunamh. As iad so na neithe théid a sochar & a dtarbha do dháoi∣nibh.

9 Ach toirmisg ceasda éigcéillidhe, & seanchuis, agus connsbóid, & imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan êifeachd.

10 An tí atá na eiriceach, tair éis fógra no dhó thabhairt dó, seachuin é:

11 Ar mbeíth a fheasa agad go bhfuil a shamhuil sin do neoch ar ndul fá chéile, agus go bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó damnuighe úadh féin.

12 An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deithneas ré theachd chugam go Nicopolis; óir is ann sin do chuir mé romham an geimh∣readh chaitheamh.

13 Soól uáid go dúthrachdach sa tslighe Sénas an fear dlighe, agus A∣pollo, ar ghléus nách biáidh uireasbhuidh éinneithe orrtha.

14 Agus déunuid an dream as dìnne mar an gcéudna foghluim ar dheaghoibrighibh do dhéunamh chum na ngnáthuightheadh riachdanach, ionnu nach beidís neamhthoruidheach.

15 Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcrei∣deamh. Grása maille ribh uile. Amen.

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM PHILEMOIN.

CAIB. I. Impidhe ar Philemoin, maitheamhnas fhior-Chriosduighe thabhairt dá òglach annsa dioghbhail do dhearnadh.

POL priosúnach Jósa Críosd, agus an dearbhrathair Ti∣moteus chum Philémoin ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha:

2 Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum na heagluisi atá ad thigh:

3 Grása maille ribh, agus siothcháin ó Dhía ar nathair, agus ón Dtighearna Jósa Críosd.

4 Beirim buidheachus rém Dhía, ag fior chuimhneadh ortsa am urnuighibh.

5 (Do bhrígh go gcluinim iomrádh do ghrádhasa, agus an chreidimh atá agad a dtàobh an Tighearna Jósa, agus a dtáobh na nuile náomh:)

6 Ionnus go mbíadh cumann do chrei∣dimh éifeachdach, a nadmhail na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Jósa Críosd.

7 Oír is môr an gáirdeachas agus an sólás atá aguinn ann do ghrádhsa, do bhrígh go bhfuaradar innighe na náomh furtachd thriodsa, a dhearbhrathair.

8 Uime sin bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd, ris an ní atá iomchubhaidh dáithniughadh dhíot:

9 Gidheadh cheana tré ghrádh, is usa liomimpidhe chur[ort,] ar mbeith dhamh mar Phól fhoirfe agus à nois fós um phríosúnach ar son Jósa Críosd.

10 Guidhim thu air son mo mhic Onesimus, noch do ghein mé a ngéibh∣eannuibh.

11 An tí do bhí ar uaiibh reamh∣tharbhach dhuit, ach a nois atá ró-thar∣bhach dhuitse agus dámhsa.

12 Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroidhe féin:

Page [unnumbered]

13 Noch bá mían riumsa a chong∣háil um fhochair féin, ionnus go déunadh sé miniosdralachd damh a tio∣••••dsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil.

14 Gidheadh níor áontuigh mé éinní ••••éunamh gan do thoilse, ionnus nach hádh do mhaithse amhuil tré éigean, ch do réir do thola féin.

15 As dóigh gur ab uime dimthigh f'ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é 〈◊〉〈◊〉 síorruidhe;

16 Ní mar shearbhfhoghantuighe feas∣a, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, 〈◊〉〈◊〉 dhearbhráthair ghrádhach, go háiri∣e dhamhsa: a né nach mó ná sin duitse gcoluinn, & sa Dtighearna?

17 Uime sin mâ atà cumann ea∣rad agus misi, gabh chugad é mar é féin.

18 Agus má rinne sé dioghbháil 〈◊〉〈◊〉 bith dhuit, nó má dhligheann tú ••••••ú dhe, bíodh sé um leithse.

19 Misi Pól do sgríobh [so] rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin, díot.

20 A seadh, a dhearbhráthair, fa∣ghuim gáirdeachas uáid sa Dtighearna. Comhfurtuigh mo chroidhe sa Dtighearna

21 Do sgríobh mé chugad ar mbeith dhamh muinighneach as humhlachd, ar mbeith a sheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.

22 Agus maille ris sin, ullmhuigh lóisdìn damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh mé tré bhur nur∣nuighíbh,

23 Cuiridh Epaphras (mo chomhphrió súnach a Niósa Críosd;)

24 Marcus, Airistarchus, Démas, [agus] Lucás, mo chomhluchd cabhartha, a mbeannachd chugad.

25 Gràsa ar Dtighearna Jósa Críosd ré bhur sbioruid. Amén.

EPISTIL PHOIL ABSDAIL CHUM NA NEABHRUIGHEADH.

CAIB. I. 〈◊〉〈◊〉 bfuil Jósa Criosd ineísdeachd ris; a dhó bheith oscionn na bfágh & na ••••ingeal.

DIA, noch do labhair a nallód go mi∣nic & ar mhoghuibh éugsamhla 〈◊〉〈◊〉 na haithreachuibh tres na fàidhibh,

2 Do labhair sé rinne sna laéthibh eigheanachasa trés an mac, do órduigh é na oighre air a niomlàn, tré ar hruthuigh sé fós an domhan:

30 Noch ar mbeith dhó na dheallradh lóire, & na iomháigh fhíre a phear∣nnsan, & ag congmháil súas na nuile eitheann ré breithir a chumhachd féin, 〈◊〉〈◊〉 nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd ••••in, do shuigh sé ar láimh dheis na órghachda sna hàrduibh.

4 Ar mbeith dhó ar na dhéunamh ní a ro ôirrdhearca ná na haingil, ar gur 〈◊〉〈◊〉 oirrdhearca an tainm fuáir fé ná adsan.

5 Oir cía do na hainglibh ré a ndu∣hairt sè ríamh, As tù mo mhac, a ••••ngh do ghin mé thú? & a rís, Biáidh é um Athair aige, águs biáidh seision a Mhac agumsa?

6 Agus a rís an tan do bheir sé a leach an chéidghin don domhan, a leir sé; Agus tuguid aingil Dé uile nóir dhó.

7 Agus a deir sé a dtáobh na nain∣••••al, Do ní sé a theachdaireadha do a sbioraduibh, agus a mhinisdreadha on teine lasarrgha.

8 Ach ris an mac [a deir fé, A Dhía, [máiridh] do chathàoir ríoghasa go sáoghal na sáoghal: is slat chomhthruim slat do rioghachdasa.

9 Do grádhuigh tú an fhiréuntachd agus do fhúathuigh thú a néugcóir: uime sin do ung Día do Dhía féin thú ré hola an gháirdeachuis ós cionn do chompánach.

10 Agus as tusa, a Thighearna, tug fonndameint dhaingean don talamh ó thús, agus a síad na flaitheamhnuis oibreacha do lámh.

11 Rachuid siadsan as a gcruth, ach fanuidh tusa: agus rachuid uile a gcai∣theamh mar éudach.

12 Agus fillfighear ar a chéile íad mar bhrat, agus béid siad ar na gclàoch∣lúgh: achd as tusa an neach céudna, agus ní rachuidh críoch ar do bhlíadh∣nuibh.

13 Agus cía do na haínglibh ré a ndubhairt sé ríamh; Suidh ar mo dheis, nó go gcuiridh mé do naimhde na sdól cos fúd?

14 A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrá∣lachda ar son na druinge gheubhus oigh∣reachd an tslánaighthe?

CAIB. II. Ata Críosd fos ion-ùmblughadh dô, 7 bhrígh gur ghabh ar nadur breòite go brai∣threamhail chuige, 14 mar budh fhèudh∣mamhail.

AR a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do tha∣bhairt do na neithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrinn dúinn uáir ar bith.

Page [unnumbered]

2 Oìr má bhí an bhríathar do labh∣radh tres na hainglibh seasmhach, agus má fuáir gach uile choir agus casumh∣lachd an lúach sáothair do dhligheadar:

3 Cionnas rachmáoidne as má bhíonn neamhshuim aguinn ann a chomhór so do shlánughadh? noch do tionnsgnamh do sheanmôrughadh ar tús ris an Dtighearna féin, [agus] do deimhnigheadh dhúinn ris an druing do chúaluldh é:

4 Ar mbeith do Dhía ag déunamh coimhfhíadhnuise ríu maille ré comhar∣thuibh, agus ré hiongantuibh, agus ré subhailcibh éugsamhla, agus ré tiodh∣laicibh an Sbiorad náoimh, do réir a thola féin.

5 Oir ní thug sé do na hainglibh ceannas an tsáogháil atá chum teachda, ar a bhfuilmidne ag labhairt libh.

6 Ach do rinne neach a nionadh áirighe fiadhnuise, ag rádh; Créd é an ní an duine go mbeith coimhne agad air: nó mac an duine, go mbíadh dúil agad ann?

7 Do rinne tú é feadh seuluid bhig ní sa ísle ná na haingil: do chuir tú coróin ghlóire agus onòir air, agus do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh.

8 Do chuir tú na huile neithe síos fá na chosuibh: Oír ar gcur na nuile nei∣theann fáoi dhó, níor fhág sé éinní gan chur fáoi: gidheadh ní fhaicmíd a nois go fóill na huile neithe fá umhlachd dó.

9 Ach do chímid Jósa ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinueadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil, tré fhulang an bháis: ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.

10 Oír dob iomchubhaidh don tí ar son [a bhfuilid] na huile neithe, agus tré [a bhfuilid] na huile neithe, ar dtabhairt mhóráin cloinne dhó chum glóire, ceannurra a slánaighthe do dhéu∣nah iomlán tré bhuáidhearthuibh.

11 Oír an tí náomhus, agus an dream do nithear náomhtha, is ó aon íad uile: Uime sin ní ghabhann adhnáire é fa dhearbhráithribh do ghairm dhíobh,

12 Ag rádh; Foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhráithribh, molfuidh mé thú maille ré ceól a meadhón na heagluise.

13 Agus a rís; Cuirfe mé mo mhuini∣ghin ann. Agus a rís; Féuch, misi & an chlann tug Día dhamh.

14 Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid diobh sin chuige, chum an ti agá bhsuil cumhachd an bhais, eadhon an diabhal, dionnar∣budh dhó tré bhás:

15 Agus chum sáoirsi do tha∣bhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse.

16 Oir go deimhin, ní hé [nadúir] na naingeal do ghabh sé uime, achd a sé nadúir Abraham do ghabh sé uime.

17 Air a nadhbharsin bá cóir dhó bheith cosmhuil ré na dhearbhráithribh sna huile neithibh, ionnus go mbíadh sé trócaireach, agus na ardshagart dileas sna neithibh [bheanas] ré Día, chum an phubail do ghlanadh ó na bpeacai∣dhibh maille ré na iodhbairt.

18 Oír do bhrígh air fhulaing sé, an tan do cuireadh cathughadh air, is féidir leis cabhair do thabhairt don druing ar a gcurthar cathughadh.

CAIB. III. Muna ccreidiom Dîosa, neach rug barr ar Maòi∣si, 7 budh truime dhùinne, na an smachd fuáir Israel crúadh-chroidheach.

UIme sin a dhearbhráithre náomh∣tha, aga bhfuil bhur gcuid ranna don ghairm neamhdha, tuguidh dhá bhur naire absdal agus árdshagart ar nadmhála, eadhon Jósa Críosd:

2 Noch do bhí díleas don tí do ór∣duigh é, amhuil do bhí Máoisi fós ann a thighsean uile.

3 Oír measdar gur fíu an fearsa glóir as ôirdhearca ná Máoisi, an mhéid gur mò onóir an tí thógbhas an tigh, ná an tighe féin.

4 Oír ní bhfuil tigh ar bith nach duine éigin thógbhus é: agús an tí do thóg na huile neithese, sé Día é.

5 Agus go deimhin [do bhí] Máoise dileas ann a thighsean uile, mar shearbh∣fhoghantuigh, chum fíadhnuise na nei∣theann do bhí chum a labhartha:

6 Achd atá Críosd mar mhac a gcean∣nas a thighe féin: agár ab sinne a thigh, má chungbhamuid go daingean go teachd don chrích dheigheanuigh, dóth∣chas agus gairdeachas na muinighne.

7 Uime sin amhuil a deir an Sbiorad náomh: A niugh má chluin fibh a ghuth,

8 Ná crúaidhighe bhur ccroidhthe a∣mhuil a ló na díbhfeirge, eadhon lá an chathaighe sa bhfasach:

9 Sa náit ar chuireadar bhur naith∣reacha cathughadh oram, ar dhearbha∣dar mé, agus a bhfacadar moibreacha ar feadh dhá fhichead blíadhan.

10 Uime sin do bhì ro fhearg oram ris an gcineadh sin, agus a dubhairt mé: Atáid siad do ghnáth ar seachràn ann a gcroidhe, agus ní bhfúaradar eólas mo shligheadhsa.

11 Ionnus go dtug mé mionna um fheirg, nách rachdáois a steach am shuáimhnios.

12 Tuguidh aire ribh a dhearbhráithre nách biaidh droch chroidhe gan chrei∣deamh ag énneach aguibh uáir ar bith, ré dtuitfeadh sibh ón Día bheó:

13 Ach teagusguidh a chéile go láe∣theamhuil, an feadh ghoirthear an lá niugh dhe: deagla éanduine aguibh do dhul a gcrúas tré mhealltóireachd an pheacuidh.

14 Oir atá ar gcuid do Chríosd aguinn, má chongmhamáoid go diongmhàlta

Page [unnumbered]

céudthosach na substainte go teachd don chrích dheigheanuidh.

15 An feadh a deirthear, A niugh má chluin sibh a ghuth, ná cruaidhighe bhur ccroihthe amhuil a ló na díbhfeirge.

16 Oír ar na chluinsin do dhruing áirighe, do bhrósduigheadar [an Tigh∣earna] chum féirge: biodh nách [dear∣nadar] uile an mhéid tháinic as a Néi∣gipt tré Mháoise [mar sin.]

17 Ach cía an dream ré a raibh a fhearg ar feadh dhá fhichead blíadhan? an é nàch ris an druing do pheacuidh, agár thuiteadar a gcuirp sa bhfasach?

18 Agus cìa an dream dhà dtug sé mionna nách rachdaois a steach dhá shuáimhnios, achd amháin don luchd do bhí easumhal?

19 Agus do chímid nar bhféidir ríu dul a steach tré mhíchreideamh.

CAIB. IV. Coimshineadh Shabbàide na Niuduigheach, & na Nccreidmheach, rê a chèise.

UIme sin biodh faitcheas oruinn, deagla ar dtréigean na geallamhna náir ár bith ré dhul a steach na shuáimh∣nios, go measfuidh áoinneach agulbhse bheith air fágbhail.

2 (Oír do seanmóruigheadh an soisgéul dúinne, amhuil do rinneadh dhóibhsion mar an gcéudna: gidheadh ní dhea∣chuidh an bhrìathar do chúaladar a dtar∣bha dhóibh, do bhrígh nách raibh sí ar na cumusg ré creideamh sa druing do chùaluidh [í.]

3 (Oir téighemidne an dream chreid∣eas a steach sa tsuáimhnios) do réir mar a dubhairt sé; ár a nadhbharsin Tug mé mo mhionna um fheirg, Nach ra∣chuid síadsan a steach am shuáimhnios; bíodh gur críochnuigheadh na hoibrea∣cha ó thús an domhuin.

4 Oír do labhair sé a nionadh áirighe ar an seachdmhadh lá mar so; Agus do chomhnuigh Día an sechdmhadh lá do á oibribh uile.

5 Agus sa nionadhsa a rís, Ní rachuid siad a steach am shuáimhnios:

6 Uime sin do bhrígh go dtuigthear as so go rachuidh dream áirighe a steach ann, agus nach deachuidh an dream dhár seanmóruigheadh an soisgéul ar tús a steach, tré easumhlachd:

7 Orduighe sé a rís lá airighe, A niugh, ag rádh a Ndáibhi; a ndiáigh a comh∣fhad fin daimsir (mar a dubhradh,) A niugh má chluin sibh a ghuth, ná crúáidhighe bhur gcroidhthe.

8 Oír dá dtugadh Iósua suáimhneas dóibh, ní laibheóradh sé na dhiáigh so air lá eile.

9 Uime sin fágthar lá suáimhniosa ag pobal Dé.

10 Oír an tí do chuáidh a steach dhá shuàimhneas san, do chomhnuidh sé mar an gcéudna ón oibreachuibh, amhuil do chomhnuigh] Día òn a oibreachuibh éin.

11 Uime sin déunam dìthchioll ré dhul a steach sa tuaimhnios sin, deagla éunnduine thuitim sa neisiompláir chéudna easumhlachda.

12 Oír [atá] bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ni sa ghéire ná cloidneamh ar bith dhá fháobhar, & téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smuaintighibh, agus ar bhreathnui∣ghibh an chroidhe.

13 Agus ní bhfuil creatúr ar bith, nach bhfuil follas na fhíadhnuisision, ach na huile neithe nochduighe soilléir do shúilibh an tí ar a bhsuilmidne ag labhairt.

14 Uime sin ó atà árdshagart mór aguinn, do chúaidh a steach sna neamh∣uibh, Iósa mac Dé, congmham go dain∣gean a nadmháil.

15 Oír ní bhfuil árdshagart aguinn, ris nách féidir ar néugcruais a mho∣thughadh, achd air ar cuireadh ca∣thughadh sna huile neithibh a gcosamh∣lachd [rinn,] gan pheacadh.

16 Ar a nadhbharsin déunam maille ré dochas go hardchatháoir na ngrás chum trócaire do ghnodhughadh, agus ghrás dfaghail dúinn, chum furtachda a nám riachdanais.

CAIB. V. Oirdhearcus Shagartachd Jôsa Criosd oscionn na nuile.

OIr gach uile árdshagart, thógthar ó dháoinibh, Is ar son dáoineadh orduighear é, a dtaobh na neitheann bheanas ré Día, chum ofràla agus iodh∣bartha do dhéunamh ar son peacadh.

2 Noch agá bhfuil cumas lórthruai∣ghe do bheith aige don druing atá ainbhfiosach agus ar seachrán, do bhrígh go dtimchiollthar é féin mar an gcéud∣na déugcrúas:

3 Agus dà bhrígh so atá dfiachuibh air iodhbairt do dhéunamh ar son na bpeacadh, ar son an phubail, agus ar a shon féin mar an gcéudna.

4 Agus ní ghabhann éunduine a nonóirse chuige fein, achd an tí atá ar na ghairm ó Dhia, amhuil Aáron.

5 As mar an gcéudna ni úadh féin do ghabh Críosd a nonóirse chuige, go ndeuntáoi árdshagart de, achd ón ti a dubhairt ris; As tú mo mhac, a niugh do ghein misi thú.

6 Do réir mar a deir sé fós a náit eile; As sagart thú go síorruídhe, do réir uird Mhélchisedec.

7 Noch a laethibh a fheóla, do fho∣ráil úrnuighe agus guidhe maille ré heighmhe laidir agus ré déuruibh, ar an tí agá raibh cumhachda a sháortha ó bhás, agus do heisdeadh ris mar an gcéudna tré na dheaghfhaitches:

8 Agus bíodh gur, bé an mac é, dfoghluim sé umhlachd as na neithibh do fhulaing sé:

Page [unnumbered]

9 Agus ar mbeith dhó ar na dhéu∣nam iomlán, do rinneadh úghdar an tslánuighe shíorruidhe dhe do na huile dhàoinibh umhlaigheas dó:

10 Ar mbeith dhó ar na ghairm ó Dhía, na árdshagart do réir uird Mhel∣chísedec.

11 Ar a bhfuil mórán aguinn re a labh∣airt do neithibh atà dóchurtha amach, do bhrígh go bhfuil muill éisdeachd a oruibhse

12 Oír sibhse dár chóir bheith bhur luchd teaguisg do rèir aimsire, as riachda∣nus dàoibh a rís sinne bhur dteagusg a gcéudthosuighibh bhréithre Dé: & tàrr∣la dhibh beith sa riochdsin gur mó atá bainne duireasbhuidh oruibh, ná bíadh láidir.

13 Oír gach áon chleachdas bainne, a∣tá sé neimhíulmhar a mbréithir na fi∣réuntachda: (óir is náoidhe é.)

14 Achd is don luchd thig chum áoisi fhoghnas an biàdh laidir, agâ bhfuilid a gcéudfadha tré ghnáthughadh fhada ar na gcleachdadh chum eidirdhealuighe maitheasa agus uilc.

CAIB. VI. Mór-Chuntabhairt cláonadh go neimh-Chreideamh, [& a ràdh, Go b'airidh Crîosd ar a chèusadh, mar mhealltoir ö Shatân, Math. 7.22. c. 12.24, 31.] Tar èis do dhuine mhioghràiseach, Crîosd a admhail, no Spiorad na míorbhuilteadh dfaghâil uaidh.

UIme sin ar léigean thoruinn dúinn theaguisg chéudthosuigheadh Chríosd, tigeam air ar nadhuigh chum bheith diongmhálta: gan bheith dúinn a rís ag cur fhonndameint na Haithrighe ó oib∣reachuibh marbha, & Chreidmhe a dtáobh Dé,

2 Theagusg na Mbaisdeadh, & Lea∣guidh na làmh, & Eiséirghe na marbh, & an Bhreitheamhnnis shíorruidhe.

3 Agus do dhéunam so, do chead Dé.

4 Oìr an dream atà ar na foillsiu∣ghadh áon uáir amhàin, agus fuáir blas an tiodhluice neamhgha, agus lér roinneadh an Spiorad náomh,

5 Agus do bhlais deaghbhríathar Dé, & subhailcidhe an tsàoghail atá chum teachda,

6 Agus atá ar dtuitim, ní féidir a nathnuadhughadh a ris chum aithrighe: do bhrígh go bhfuilid ag céusadh mhic Dé a rís dhóibh féin, & ag sgige fáoi.

7 Oír an talamh shúigheas a nfear∣thuinn thig go minic air, agus do bheir luibhionna úadha théid a dtárbha don druing shàothruigheas é, do gheibh sé beannachd ó Dhía:

8 Achd an talamh do bheir sgeathach & driseach ûadha, as diomolta, & is fogus é dá bheith malluighe, agar ab é a chríoch a losgadh.

9 Gidheadh a cháirde, atámuid deimh∣neach asuibhse fá neithibh is fearr ná sin, agus as foigse don tslánughadh, bíodh go lábhramáoid mar so.

10 Oír ní bhfuil Día neamhchomh∣throm, go mbíadh dearmud aige ar bhur nobair, agus air shàothar bhur ngrádha, noch do fhoillsigheabhair dhá ainm, sa miniosdrálachd do rinneabhair, & fós do ni sibh do na náomhuibh.

11 Agus as mían rinn gach áon a∣guibh do thaisbéunadh na dùthrachda céudna chum láindearbhtha an dóthchais go deireadh.

12 Ionnas nách biáidh sibh lefgeamhuil, ach bhur luchd leanmhana ag an druing agá bhfuil oighreachd na ngeallamhnach tré chreideamh & tré fhoighid.

13 Oír an tan thug Día gealladh Dábraham, bhrígh nàr bhféidir leis neach bà mó do thabhairt mar mhíonnuibh, tug sé é féin mar mhion∣nuibh,

14 Ag rádh; Go deimhin ag bean∣nughadh beannócha mé thusa, agus ag méudughadh méideócha mé thú.

15 Agus mar sin ar bhfuireach go foighideach dhó, fuàir sé 'toradh na geallamhna.

16 Oír go deimhin do bheirid dàoine an tí is mó [na íad féin] mar mhionnuibh, & as críoch air gach imreasain dóibh∣sion, mionna chum deimhnighthe.

17 As mar an gcéud na ar mbeith do Dhía fonnmhar ar a chomhairle neamh∣chorruidh dfoillsiughadh go ro fhoirr∣leathan doighribh na gallamhna, do dhearbhuidh sé é ré mionnuibh:

18 Ionnas tré dhà ní dhó-atharruidh, ann nach féidir lé Día bréug do dheu∣namh, go mbeith meanma làidir aguinne ag rioth chum greamuighthe don dóth∣chas atá romhuinn:

19 Noch atá aguinn mar ancaire dain∣gean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat.

20 Sa nàit a ndeachuidh an céidrea∣thuighe air ar soinne [éadhon] Jósa, dá ndearnadh àrdshagart síorruidhe do réir uird Mhelchísedec.

CAIB. VII. Sagartacht Chríosd do rèir Mhelchisedec, oird∣heirc tar ûird Aaroin.

OIr an Melchisedecsa Rí Shálem, sagart an Dé is áirde, tharrla sé Dàbraham ar mbéith dhó ag fil∣leadh air ais ó àr na ríghtheadh, agus do bheannuigh sé é:

2 Agus tug Abraham deachmhuigh na nuile neitheann dó: noch dhà ngoirthear ar tús ar na eidirmhíniughadh, Rí na firéuntachda, & na dhiáigh sin mar an gcéudna, Rí Shálem, eadhon Rí na sioth∣chána:

3 Gan athair, gan mhàthaír, gan chi∣neadh, gan tosach laetheadh, nà deireadh beatha aige: achd ar na chur a gco∣samhlachd mhic Dé, fanuigh sé na sha∣gart go fíorruídhe.

Page [unnumbered]

4 Tuguidh a nois do bhur naire créd é méud an duinese, dhá dtug Abraham féin an príomhathair deachmhuigh na héudála.

5 Agus go deimhin an dream do chloinn Lébhi ghabhus an tsagartachd chuca, atá áithne aca réir an reachda, deachmhuigh do ghabháil ón bpobal, eadhon ó na ndearbhráithribh féin, bíodh go dtangadar ó leasrach Abraham.

6 Achd an tí nach áirmhighthear a bheith déinchineádh ríusan, do ghlac sé deachmhuigh ó Abraham, & do bhean∣nuigh sé an tí agá rabhadar na geallamh∣nacha.

7 Agus gan imreasuin ar bith, bean∣buighthear a ní is lugha ón ní is mo.

8 Agus ann so glacuid na dáoine gheibh bás, deachmhuigh: achd ann súd, an tí ré ndearnadh fíadhnuise, go maireann sé.

9 Agus (do rádh na fírinne) tug Lébhi féin, noch ghlacas an deachmhuigh, deachmhuigh úadha a Nábraham.

10 Oir do bhí sé fós a leasrach a athar an tan thárla Melchísedec dhó.

11 Ar a nadhbharsin dá dtigeadh iom∣láine tré shagarthachd na Lebhíti, (óir is ré linn na sagarthachda sin tugadh an reachd don phobal,) créd fá raibh riach∣danus nî sa mhó ré sagart eile éirghe ann, do réir uird Mhelchísédec, agus gan bheith dhó ar na ghairm do rêir uird Aáron?

12 Oír ar mbeith don tsagartachd ar na athrughadh, is éigean an reachd da∣thrughadh mar an gceudna.

13 Oir an tí air a labharthar na nei∣these, is ré treibh eile bheanas sé, dá nach dearnuigh éinneach miniosdralachd ag a naltóir.

14 Oír as ní follas gur do [threibh] Júda do éirigh an Dtighearna, treabh ar nar labhair Máoise éinní a dtáobh na sagartachda.

15 Agus fós is móide as follás é, do bhrigh go bhfuil sagart eile ar néirghe ann a gcosamhlachd Mhelchísedec,

16 Dá nách dearnadh [sagart] réir reachd na háithne colluidhe, ach réir chumhachd na beatha síorruidhe.

17 Oir do ní [Día] fíadhnuise: As sagart thú go fíoruuidhe, réir uird Mhel∣chísedec.

18 Oír a náithne do bhí roimhe ann, atá sí ar na cur ar gcúl, do bhrígh a meirbhe & a neamhtharbhuidhe.

19 Oír ní dhéarna an reachd ní ar bith iomlán, ach teachd a steach na muinighne as féarr, tré na dtigmíd a bhfogus do Dhía.

20 Agus an mhéid nach gan mhion∣nuibh, (óir do rinneadh sagairt díobh∣san gan mhionnuibh:

21 Achd don fhearsa, maille ré mion∣nuibh, trés an tí a dubhairt ris; Tug an Tighearna mionna, & nì ghéubhuidh aith∣reachas é, As sagart thú go síorruidhe réir uird Mhelchísedec.)

22 Do rinneadh go fíu a noirid sin, rra an chonnartha is feárr, Diosa.

23 Agus do rinneadh iomad díobhsan na sagartuibh, do bhrígh gur thoirmisg an bás íad fhuireach:

24 Ach do bhrígh go maireann an fearsa go sìorruidhe, atá sagartachd shíorruidhe aige.

25 Ionnus gur féidir leis, an dream thig chum Dé thríd féin, do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéu∣namh ar a son.

26 Oir a sé shamhuil sin dárdshagart dob iomchubhaidh dhúinne [do bheith aguinn, noch atá] náomhtha, neimh∣chiontach, gan cháidhe air bith, ar na sgaradh ré peacthachuibh, agus do rinn∣eadh níos áirde ná na flaithis:

27 Ar nách bhfuil riachdanus go láe∣theamhuil, mar [do bhí] ar na hárdsha∣gartuibh úd, iobhbartha do dhéunamh ar tús ar son a pheacuigheadh féin, na dhi∣áigh sin [ar fon pheacuigheadh] an pho∣bail: óir do rinne sé so éunnuáir amháin, an tan do rinne sé iodhbairt de féin.

28 Oir do ní an reachd árdshagairt do dháoiníbh bhíos eugcruáidh; ach do ní bríathar na mionn a ndiáigh an reachda [ardshagart] don mhac, noch atá críoch∣nuigh go síorruidhe.

CAIB. VIII. Sagartachd shiorraidh Chrìosd, 7 & Connradh biothbhùan an Tsoisgel, ar gcur sagartachd Aa∣roin & connradh aimsiordha na naithreach, far gcùl.

AGus [a sé so] suim na neitheann a deirmìd; Atá a shamhuil sin dárd∣shagart aguinn, noch do shuigh ar deis árdchatháoire na môrdhachda sna flai∣thís,

2 Atá na mhinisdir [sna hionaduibh náomhtha, agus don Tabearnácail fhí∣rinnigh ùd, noch do shuighidh an Tigh∣earna, agus ní duine.

3 Oír as chuige órduighthear gach uile àrdshagart chum na dtabhartus & na niodhbarthadh dforáil: ionnas gur bhéi∣gin don fhiorsa mar an gcéudna ní éi∣gin do bheith aige ré a iodhbairt.

4 Oír ní bhíadh sé na shagart, dá mbîadh sé ar an dtalamh, an feadh a∣táid sagairt ann, fhoràileas tabhartuis do réir an reachda,

5 Noch do ní seirbhís do shompla & do sgáile na neitheann neamhdha, amhuil do fhógair Dia do Mhàoise, ar mbeith dhó ar tî an Tabearnacail do chríoch∣nughadh; Tabhair haire riot, àr sé, go ndéa∣ne tù na huile neithe do réìr an tsompla do taisbéunadh dhuit sa tsliabh.

6 Achd a nois fuáir sé oifig as óirr∣dhearca ná sin, an mhéid go bhfuil sé na eidirmheadhonthóir an chonnartha as féarr, noch atá ar na dhaing∣niughadh ris na geallamhnachaibh is fearr.

7 Oír dá mbeith an céudchonnradh úd neamhuireasbhach, ní shirfidhe ionadh don dara connradh.

Page [unnumbered]

8 Oír a deir sé dhà néiliughadhsan: Tiucfuidh na laethe a deir an Tighearna ann a gcriochnóchuigh mé connradh núadh ré tigh Israél agus ré tigh Iúda:

9 Ní réir an chonnartha do rinne mé ré na naithribh, fa lâ ann a rug mé ar làimh orrtha, chum a dtreó∣ruighthe as talamh na Héigipte: óir níor fhanadar a mbun mo chonnartha, & ní raibh càs agumsa iónntadhsan, a deir an Tighearna.

10 Uime sin ag so an connradh do dhéuna me ré tigh Israél a ndiàigh na laetheadhsin, a deir an Tighearna: Cuirfe mé mo dhlighthe ann a ninntinn, & sgriobhthad íad ann a gcroidhe, & biàidh mé um Dhia aca, & béid siad∣san na bpobal agumsa.

11 Agus ní bhiàidh gach áon fó leith ag teagusg a chomharsan, agus gach àon so leith [ag teagusg] a dhearbhráthar, ag rádh, Bíodh aithne air an Dtighear∣na agad: óir biáidh eòlus aca uile oram∣sa ón mbeag gus an mór.

12 Oir biáidh mé trócaireach da néu∣gcóruibh, & cuirfe mé a bpeacuidhe agus a naindlighthe as mo choimhne feasda.

13 An tan a deir sé [An connradh] núadh, do chuir sé an seanchonnradh a neimbrígh: agus an nî atà ar na chur a neimbrígh, agus atâ sean, as fogus dô bheith ar dtéurnógh.

CAIB. IX. Iodhbairt fola Chriosd ni is uàisle nô fuil iodhbartha an reachd.

UIme sin do bhàdar fós ag an gcéud [chonnradh] órduighthe a dtáobh sheirbhise Dé, agus náoimhiosdadh sâo∣ghalta.

2 Oír do tógbhadh an Tabearnacail, ann a raibh sa gcéud iosdadh dhe, an coinnleóir & an bórd, agus arán na fíadhnuise, ré ráidhtear nàomhtha.

3 Agus [do bhi] tàobh a stigh don dara brat, an tabearnácail dá ngoirthear an náomh [iosdadh] Ro Náomhtha.

4 Sa náit a raibh an túisèir orrgha, agus áirc an chonnartha ar na folach timchioll ré hór, ann a raibh an pota órrgha ann a raibh an Manna, agus slat Aàróin noch do sgeith, agus cláir an chonnartha:

5 Agus ós cionn na háirce [do bhà∣dar] na Cherubini glórmhar, ag cur sgátha ar fholach na háirce: neithe ar nach féidir leam labhait fó leith a nois.

6 Agus ar mbeith do na neithibhse òrduighthe mar so, do théighedis na sa∣gairt do ghnáth a steach don chéud Thabernácail, do choimhlíonadh sheir∣bhise Dé:

7 Ach don dara [Tabernácail do theigheadh] an tàrdshagart na àonar áon úair amhàin gacha blíadhna, ni gan fhuil, noch do fhoràileadh sé ar a shon féin, & [ar son] sheachráin an pbobail,

8 Ar mbeith don Sbiorad nàomh dhà fhoillsíughadh so, nár hosgladh fós an tslighe chum a [niosda ro] náomhtha, an feadh do bhí an céud thabearnàcail na sheasadh:

9 Noch as sompla don naimsirsi a làthair, ann a bhfuil tabhartuis agus iodhbartha dhá bhforàil, lé nár féidir an ti do ní an tseirbhís sin, do náomhadh a dtáobh a choinnsiàis:

10 [Ar mbeith dhóibh] amháin a mbiadhuibh, agus a ndeochuibh, agus a nionlatuibh éugsamhla, & a ngnàthuigh∣thibh colluidhe, do cuireadh orrtha duá∣lach, go teachd aimsire an cheartuighe.

11 Achd ar dteachd do Chríosd na árdshagart na neitheann maith do bhí chum teachda, tré thabearnácail bà mô agus bà diongmhálta, nàch dearnadh ré làmhuibh, ionann finn ré rádh agus, nach don nobairse,

12 Agus fós ní tré fhuil ghabhar na láodh, ach tré na fhuil féin, do chuàidh sé a steach éun uáir amháin sna [hiofda∣dhuibh] náomhtha, ar bhfagháil fúasluigh∣the shíorruidhe [dhúinne.]

13 Oír má ní fuil tharbh agus ghabhar, & luàithreadh seachbhuidh, ar na cro∣thadh ar an druing neamhghloin, a náo∣mhadh a dtàobh ghlanta na feóla,

14 A né nâch ro mhó nà sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhia trés an Sbioruid shíor∣ruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ô oi∣breachuibh marbha, chum seirbhìse do dhéunamh don Día bheó?

15 Agus ar a shon so a seision ei∣dirmheadhonthóir an chonnartha nuáidh, ionnas trés an mbás do fhulaing sé chum fúasluighthe sháruighthe na naitheantadh do bhi sa gcéudchonnradh, go bhfuighe∣dís an dream atá ar na ngairm, gealla∣mhuin na hoighreachda siorruidhe.

16 Oír sa náit ann a bhfuil tiomna, as éigean bás an tí do rinne an tiomna do bheith [ann.]

17 Oír bí an tiomna diongmhálta an tán bhíd dáoine ar néug: óir atá sí fós gan bhrígh an feadh mhaireas an tí do rinne í.

18 Uime sin níor daingnigheadh an chéud [thíomna] féin gan fhuil.

19 Oír an tan do labhair Màoise na huile aitheanta ris an bpobal uile réir an reachda, ar nglacadh fola laodh, agus gabhar dhò maille ré huisge agus ré ho∣luinn phurpair & ré híosóip, do chraith sé [í] ar an leabhar, & ar an bpobal uile mar an gcéudna.

20 Ag rádh; A si so fuil na tiomna noch do aithin Día dhíbh.

21 Agus fós do chraith sé a nfuil chéud∣na ar an Tabeàrnácail, & ar shoithi∣ghibh na miniosdrálachda náomhtha uile.

22 Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda, & ní faghthar maitheamhnas ar bith gan dórtadh fola,

Page [unnumbered]

23 Uime sin dob éigin sompla na nei∣theann atá ar neamh, do ghlanadh ríu fo: ach na neithe neamhgha fein ré híodhbarthuibh as fearr ná íad so.

24 Oír ní dheàchuidh Críosd a steach don naôimhiosdadh do rinneadh ré lá∣mhuibh, noch bá heisiompláir do na [hios∣dadhuibh] chum é féin do thaisbéunadh a nois a bhfiadhnuise Dé air ar soinne.

25 Agus ní chum é féin diodhbairt go minic; amhuil do théigheadh an tardsha∣gart a steach don náoimhiosdadh gacha bliadhna, ré fuil nar leis féin:

26 (Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang go minic ó thús an domháin,) achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsaoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.

27 Agus amhuil atá a ndán do dhaói∣nibh bás dfagháil áonnuáir amháin, agus na dhiáigh sin an breitheamhnus:

28 As mar an gcéudna fuáir Críosd á iodhbhairt éunuáir amháin, chum peacuidh mhóráin do sgríos dó, [agus] búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris, chum slánuighthe.

CAIB. X. Admhàil chreidimh Chríosd (neach shàruigh ar an uile) 19 do chongmhail go foighi∣deach, focrach.

OIr ar mbeith do sgáile na neitheann maith do bhí chum teachda ag an reachd, agus ní dealbh fíre na neitheann féin, ní féidir leis choidhche na druinge thig chuige, do náomhadh, ris na hiodh∣barthuibhsin bhíd fhoráil do ghnáth gacha bliadhna:

2 Nó go deimhin do choifgfeidís dá bheith dhá bhforáil, do bhrigh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil, ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca.

3 Ach sna [hiodhbarthuibh] sin, [do níthear] athchoimhniughadh na bpeacadh gacha blíadhna.

4 Oir ní féidir dfuil tharbh agus gha∣bhar na peacuigh chur ar gcúl.

5 Uime sin ag teachd dó chum a tsáogháil, a deir sé; Níor bháil leachd iodhbairt ná ofráil, ach do chum tú corp dhamhsa.

6 A niodhbarthuibh loisge, agus [a níodhbarthuibh] ar son pheacuidh, ní raibh fonn agad.

7 A dubhairt misi an tan sin, Féuch atáim ag teachd (a dtosach an leabhair atá sgríobhtha oram) chum do tholasa do dhéunamh, a Dhé.

8. Ar na rádh shúas dó; Níor bháil leachd iodhbairt ná ofráil, ná iodhbartha loisge, ná iodhbartha ar son pheacuigh, agus Ni raibh fonn agad [ionnta:] (noch do nithear fhoráil réir an reachda.)

9 A dubhairt seision an tan sin, Féuch, ataim ag teachd chum do tholasa, a Dhé, dho dhéunamh. Cuiridh sé an céud ní ar gcúl, chum an dara neithe do sheas∣adh dhó.

10 An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha, tré iodhbairt chuirp Jósa éunuáir amháin.

11 Agus seasuidh gach sagart go láetheamhuil ag miniosdrálachd agus ag ofráil na níodhbarthadh gcéudna go minic, ris nach féidir choidhche peacuidh chur ar gcúl;

12 Achd ar bhforáileadh éin iodhbar∣tha amháin ar son na bpeacadh don tí∣se, do shuigh sé ar deis Dé go síor∣ruidhe:

13 Ag fuireach ó shin amach, nó go gcurthar a naimhde na sdól cos faói.

14 Oír do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin, an dream atá ar na náomhadh.

15 Agus do ní an Sbiorad náomh mar an gcéudna fíadhnuise dhúinn: óir ar na rádh dhó roimhe,

16 Ag so an connradh dhéunas mé ríu a ndiáigh na laetheadh úd, a deir an Tighearna, Cuirfe mé mo dhlighthe ann a gcroidhthibh, agus sgríobhthad íad ann a ninntinneachuibh:

17 Agus cuirfe mé a bpeacuidh agus a naindlighthe as mo choimhne feasda.

18 Agus sa nàit ann a bhfuil mai∣theamhnas na neitheannso, ní bhfuil iodhbairt ar son pheacuidh ann ní sa mhó.

19 Ar a nadhbharsin a dhearbhráith∣re, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naòimhiosdadh tré fhuil Iósa,

20 An tslighe núadh bhéo noch do ullmhuigh sé dhúinn ré na bhás, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh agus, tré na fheóil féin,

21 Agus tré shagart mór, agá bhfuil ceannas thighe Dé:

22 Druideam air ar naghaidh maille ré croidhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroidh∣ibh ar na ccrothadh ó dhrochchoinn∣sías.

23 Agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan, congmham gan chorrui∣dhe admháil ar muinighne, (óir as dileas an tí thug gealladh dhúinn.)

24 Agus tugam aire dhá chéile, ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

25 Gan tréigean an chomhchruin∣nighe do nìomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe: ach ag teagusg [a chéile,] agus go madh móide [dhéanam sin] an mhéid as leir dhíbh an lá úd ag drud [rinn.]

26 Oìr dá bpeacuigheam déuntoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chu∣guinn, ní fhagthar iodhbairt [aguinn] ní sa mhó ar son na bpeacadh:

27 Ach feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus, agus ré teas na tei∣neadh, noch shluigfeas an námhuid.

28 An tí do bheir tarcuisne air reachd Mhaóise, do gheibh sé bás gan

Page [unnumbered]

truáighe tré fhiadhnuise deise nó thír:

29 An é nach dtuillfidh (do réir bhur mbaramhlasa) an tí shaltras mac Dé fá na chosuibh, agus mheasas fuil an chonnartha lér náomhadh é [bheith] neamhghlan, agus do bheir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró mhó ná sin?

30 Oír as aithnigh dhùinn an tí a dubhairt, Is leamsa dioghaltus do dhéu∣namh: do bhéur cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus a rís, Do dhéa∣na an Tighearna breitheamhnus ar a phobal.

31 As ní robháoghlach tuitim a lá∣mhuibh an Dé bhí.

32 Bìodh athchoimhne aguibh a rís ar na laethibh do chuáidh thoruibh, ann a rabhabhair tar éis bhur foillsighe ag ful∣ng throda móire á mbuáidhearthuibh.

33 Cuid de, an tan do rinneadar cách sgathán díbh, maille ré masla agus ré buáidhearthuibh; agus cuid eile an tan do rinneadh sibh bhur gcompánuibh don druing do bhí sa riochd chéudna sin.

34 Oír do bhabhair ag fulang má ráon ríomsa um ghéibheannuibh, agus do ghabhabhair chuguibh go luathghái∣reach fádhbhadh bhur maóine, ar mbeith a fheasa aguibh ionnuibh féin go bhfuil maóin shíorruidhe as fearr (ná sin) a∣guibh ar neamh.

35 Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil mór∣lúach saothair.

36 Oír atá foighid na ríachdanus o∣ruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh [toradh] na geallamhna.

37 Oír sealad ro bheag go fóill, tiuc∣faidh an ti atá chum teachda, agus ní dhéuna sé muill.

38 Agus mairfidh an fíréun tré chrei∣deamh: gidheadh má théid sé air ccúl, ní bhfuighe manamsa fonn ann.

39 Gidheadh ní sinne an drung théid air ccúl chum dámnuighthe, ach chrei∣deas chum a nanma shlànughadh.

CAIB. XI. Nadur an Chreidimh; 7 & a Neart, ar na dhearbhadh rè iliomad sompla.

AGus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhsuil dóigh, [agus] as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.

2 Oír as tríd, fúaradar na sinnsir deaghtheisd.

3 As tré chreideamh thuigmíd gur cruthuigheadh an domhan tré bhréithir Dé, ionnas go ndearnadh neithe sófhaic∣sigh do na neithibh dófhaicsigh.

4 As tré chreideamh do fhoráil Abel do Dhia iodhbairt ní as féarr ná Cáin: tré a ndéarnadh fiadhnuise dhó go raibh sé na fhìréun, ar mbeith do Dhía ag déunamh fiadhnuise dhá thiodhlaicibh: agus trés an gcreideamhfin, ar bhfagháil bháis dó, lábhruidh sé fós.

5 As tré chreideamh do háthruigheadh Enóch, chum nach bhfaicfeadh sé an bás, agus ní frith é, do bhrigh gur áthruigh Día é: Oír súil do hathrui∣gheadh é, do rinneadh fíadhnuise ris gur thaitin sé ré Día.

6 Achd a bhféugmhuis chreidimh ní féidir taitneamh ris: Oír an tí thig chum Dé, is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhair sé lúach sáo∣thair don druing íarras é.

7 As tré chreideamh, ar bhfagháil fógartha ó Dhía do Naòi a dtimchioll na neitheann nach raibh fós ré na bhfalc∣sin, ar ngabháil fhaitchis dó, dullmhuigh sé a náirc, do shábháil a thighe féin; trér dhamnuigh sé an domhan, agus do rinneadh oighre na fíréuntachda atá tré chreidimh, dhe.

8 As tré chreideamh dumhlaigh Abra∣ham ar na ghairm, ag imtheachd go hio∣nadh, noch do gheubadh sé na dhiáigh sin, doighreachd: agus do thríall sé roimhe gan a fhios aige cá háit ann a raibh sé ag dul.

9 As tré chreideamh do chomhnuigh sé a dtír na geallamhna, amhuil a dtír choimhighthe, ar ndéunamh comhnui∣ghe dhó a mbothuibh maille ré Hisaac agus ré Jácob, comhoighreadha na geal∣lamhna céudna.

10 Oír do bhí a shúil ris an geath∣ruigh úd, agá bhfuil fonndameint, agár ab é Día a sáor agus a cruthaigh∣theôir.

11 As tré chreideamh mar an gcéud∣na fuáir Sára féin neart chum síl do ghabháil di, agus rug sí [mac] tar éis í dhul tar aóis [cloinne bhreith,] do bhrígh gur mheas sí gur bhfírinneach an tí tug an gealladh.

12 Uime sin do gineadh [sliochd] ó áon amháin, & é fós a riochd mhairbh, coimhlionmhar ré réultuibh nimhe, & ré gaineamh thragha na fairrge nach féidir áireamh.

13 As do réir chreidimh fúaradar so uile bás, bíodh nach bhfuaradar na neithe do ghealladh dhóibh, ach go bhfacadar íad a bhfad úatha, agus do theannadar riu [ìad,] agus do admhuigheadar go rabhadar féin na ndéoradhuibh agus na noilirtheachuibh ar an dtalamh.

14 Oír an dream a deir na neithese, cuirid síad a gcéill go follas, go bhfuilid síad ag íarruidh dúithche.

15 Agus dá mbeith an [dúithche] úd as a dtangadar amach, ar coimhne aca, do bhí ám aca ré filleadh air a nais:

16 Achd a nois átá a ndúil a ndúithche as féarr, eadhon sa [dúithche] neamh∣gha: Uime sin ní nár lé Día dhá dtáobhsan, A Ndía do ghairm dhe: Oír do ullmhuigh sé cathair dhóibh.

17 As tré chreideamh do fhoráil Abraham Isaac, an tan do dearbhadh é; agus an tí fuair na geallamhnacha do fhoráil sé a néinghin,

18 Lé a ndubhradh, Is a Nísáac

Page [unnumbered]

ghoirfighthear do shíol:

19 Ar mbreathnughadh dhó gur cu∣mhachdach Día air a thógbháil súas ó mharbhuibh: as ar ghlac sé é fós a gco∣samhlachd.

20 Achd tré chreideamh do bhean∣nuigh Isáac Jácob agus Esau, a dtáobh na neitheann do bhí chum teachda.

21 As tré chreideamh do bheannuigh Jácob ag fagháil bháis dó, dìas mac Jo∣seph: agus do rinne sé adhra ós ceann a bhata.

22 As tré chreideamh do chuir Jó∣seph a gcoimhne, ag faghàil bháis dó, imtheachd chloinne Isráel [as a Néi∣gipt:] agus tug sé áithne a dtimchioll a chnámh.

23 As tré chreideamh do cuireadh Máoise a bhfolach ré na athair agus ré na mhàthair feadh thrí míos an tan rugadh é, do bhrígh go bhfacadar lea∣nabh áluinn: agus ní raibh faitcheas roimh áithne an rígh orrtha.

24 As tré chreideamh do dhíult Maóise ar mbeith dhó mór, mac inghine Phàraro do ghairm dhe:

25 Ar mbreith dhó do roghain bheith ag fulang buáidheartha a bhfochair phubail Dé, tar bheith a sâimhe neamh∣mbúan an pheacuidh.

26 Ar na mheas dó, gur mhó an saidhbhreas masla Chríosd, ná ionn∣mhas na Héigipte: óir do bhí súil aige ris an lúach sáothair.

27 As tré chreideamh do thréig sé an Néigipt, gan fhaitcheas air roimh fheirg an rígh, óir do bhí sé comhláidir sin na inntinn, ionann agus do chífeadh sé an tí nach féidir dfaicsin.

28 As tré chreideamh dórduigh sé an [túan] cásg, agus an dórtadh fola, deag∣la go mbeanfadh an tí do sgríos gach céidghin, riusan.

29 As tré chreideamh do chúadar trés an muir ruáidh amhuil tré thiormach: an mhuir léur sluigeadh na Héigiptigh, ar dteachd dá teasdughadh dhóibh.

30 As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Jerico, tar éis gabhála na dtimchiol seachd lá.

31 As tré chreideamh nár sgriosadh an mheirrdreach Rahab a naóinfheachd ris an druing do bhí easumhal, ar dta∣bhairt aóidheachda uáithe don luchd bratha go siothchánta.

32 Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghe∣déon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Jephte, agus ar Dháibhi, agus ar Shamuel, agus ar na fáidhibh:

33 Noch tré chreideamh da bhúa∣dhuigh ríoghachda, do oibrigh firéun∣tachd, do ghnodhuigh na geallamh∣nacha, do sdop beóil na leomhan,

34 Do mhúch neart na teineadh, do chuáidh as ó fháobhar an chloidhimh, ugadh ó laige go láidireachd, do rin∣neadh neartmhar a gcath, do chúir a dteithcheamh sluáighe na neachdran∣nach.

35 Do ghlacadar na mná, a mairbh ó eiséirghe. Do céusadh drung eile mar an gcéudna, gan suim ann a sáo∣radh aca, chum eiséirghe budh féarr dfagháil dhóibh:

36 Agus do dearbhadh drung eile, ré sgige, águs ré sgíursuighibh, agus fós ré géibheannuibh, agus ré príosún.

37 Do clochadh íad, do gearradh ó chéile íad, do cuireadh cathughadh orr∣tha, do marbhádh ré cloidheamh íad, do bhádar ar seachrán a nunn sa nall, a gcroicnibh cáorach agus gabhar, ar mbeith dhóibh a ríachdanus, dá mbuái∣dhreadh, [agus] dá gcrádh.

38 Dream nár bhfíu an sáoghal, ag dul amugha a bhfásuighibh, agus a sléibhthibh, agus a dtuinighthibh, agus a núamhuibh talmhan.

39 Agus ar mbeith dhóibh so uile ar na ndearbhadh tré chreideamh, ní rugadar air an geallamhuin.

40 Ar mbeith do Dhia ag soláthar dhúinne an neithe as féarr, chum gan íadsan do bheith iomlán ar bhféug∣mhuisne.

CAIB. XII. Trè eisiomlar Chríosd & na Nàomh, lê fed∣bhas na Tiomna nuaidh tar an Tsein-tiomna, ata sair-dhiaghacht aga bhrosdughadh.

AR a nadhbharsin ó thárrla a chomh∣mór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gcéudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an phea∣cuigh leanus dínn go héusguidh, riotham maille ré foighid chum chinn na coimh∣leanga atá romhuinn:

2 Ag féuchuinn ar Jósa, ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh, noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair, do fhulaing céusadh na croi∣the, ag gcur na masla tugadh dhó a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.

3 Oîr smuáinigh ribh féin ar an tí úd do fhulaing a shamhuil sin do chaint do chur na adhuigh ó pheacachuibh, deagla dhul a dtuirse & a nanbhfainne dhíbh ann bhur ninntinnibh.

4 Níor sheasabhair fós go fuil, ag cathughadh a nadhuigh an pheacuidh.

5 Agus a né gur dhearmuid sibh an foirceadal labhras ribh, amhuil ré cloinn? A mhic, ná bíodh neamhshuim agad a smachd an Tighearna, agus ná téidh a nanbhfainne an tan chronuigheas sé thú.

6 Oír smachduighe an Tighearna an tí ghrádhuigheas sé: agus sgíursuidh sé gach mac ré ngabhann sé.

7 Dá bhfuilnge sibh smachdughadh, atá Día dhá fhoráileadh féin oruibh, amhuil air chloinn: Oír cía hé an mac nach smachduigheann an tathair?

Page [unnumbered]

8 Ach dá raibh sibh gan smachdu∣ghadh, roinntear ris na huilibh, go deimhin as clann bhasdaird sibh, agus ní clann dhíleas.

9 Do bhádar fos ar naithreacha col∣luidhe aguinn na luchd smachduighthe, agus do bheirmís urruim [dhóibh:] a né nach ro mhó ná sin bhéuram umh∣lachd Dathair na spiorad, & bíam béo?

10 Oír do bhádarsan dár smachdugh∣adhne beagan láethe, réir a dtola féin: achd chum ar leasa; eision ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san.

11 Ach ní cosmhuil smachdughadh aír bith ré headh na nuáire sin do bheith sólásach, ach dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh suáimh∣neach na firéuntachda don druing chleachdas é.

12 Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbra∣cadh:

13 Agus déunuidh céimniughadh dí∣reach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe, ach go madh táosga leighéosaidh é.

14 Leanuigh síothcháin ris na huile dhaóinibh, & náomhthachd: [òir] gan í, ní fhaicfidh éinneach an Tighearna.

15 Tabhruidh aire ribh fá gan áoin∣neach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé: fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan.

16 Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh.

17 Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós na dhiáigh sin an bhean∣nachd fhagháil mar oighreachd, gur díultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aith∣righe, bíodh gur íarr sé í maille ré déuruibh.

18 Oír ní chum an tsléibhe thanga∣bhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tineadh lasarrgha, ná chum na sdoir∣me, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain.

19 Ná chum fuaime an sduic, ná gho∣tha na mbríathar, agár shireadar an dream do chualuidh é, dathchuinge, gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó:

20 Oír níor bhfeidir ríu an ní do bhí ar na áithne dhiobh diomchur, agus dí mbeanuidh fiu a nainmhidhe féin ris a tsliabh, géubhthar do chlochuibh air, nó gheabhuidh sé a tholladh ré gath.

21 Agus do bhí an ní do chonncadar comhúathbhasach sin, go ndubhairt Maói∣se, Atáim lán dfaitcheas & do chríth.

22 Achd as chum sléibhe Sióin atá sibh ar dteáchd, & chum caithréach Dé bhí, chum na Hiarusalém neamhgha & chum cuideachda na milteadh angeal,

23 Agus chum coimhthionóil gacha céidghine noch atá sgríobhtha ar neamh, agus chum Dé breitheamh na nuile, agus chum spiorad na bhfiréun ndiongmhálta,

24 Agus chum Jósa eidirmheadhon∣thóir na tiomna nuáidhe, chum na fola do craitheadh, labhrus ní as féarr na Abél.

25 Tabhruidh dá bhur naire gan éura do thabhairt don tí lábhras [ribh:] óir muna dheachuigh an dream úd as, tug díultadh don tí labhair ríu as uchd Dé ar an dtalamh, a né nach lugha na sin rachmaóidne as, dá ndíultam don tí [atá] ó neamh?

26 Agár chríothnuigh an talamh a nuáir sin ré na ghuth: agus a nois tug sé gealladh úadh, ag rádh; Fós éunuáir eile cuirfe mé, ní hé aruháin an talamh ar crith, ach neamh mar an gcéudna.

27 Agus foillsighidh an rádh so, Fós éunuáir eile, áthrughadh na eitheann atá neimhsheasmhach, mar atá na neithe do rinneadh, ionnus go mbíadh na neithe doghlúaisde, comhnuigheach.

28 Uime sín ar bhfagháil ríoghachda dhúinn nach féidir a chorrughadh, bíodh grás aguinn, tré na bhféudfum seirbhís a dhéunamh do Dhía ann a mbíadh dúil aige, maille ré náire & ré faitcheas.

29 Oir as teine dhianloisgeach ar Ndíane.

CAIB. XIII. Búanughadh na naoimh-Theaguisg.

BIodh grádh bráithreamhuil go comh∣nuigheach [eadruibh.]

2 Ná dearmaduigh dáonnachd: óir dá réir so tugadar dream áirighe aòidheachd dainglibh gan fhios dóibh féin.

3 Bíodh cuimhne aguibh ar an druing atá ceangailte, amhuil coimhcheangail∣te ríu: [agus] ar an druing fhuilngeas anshógh, ar mbeith dhíbh féin fós sa gcoluinn.

4 [As] onórach an pósadh a measg na nuile, agus an lebuidh neamhsha∣lach: ach béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.

5 Seachnuidh sibh féin ar shaint: go madh lór libh na neithe atá a lathair a∣guibh: Oír a dubhairt an Tighearna, Ní dhealócha mé riot, agus ní thréig∣fead thú:

6 Ionnas gu féidir linn a rádh go dá∣na, Sé an Tighearna mfear cabhartha, agus ní bhiáidh eagla oram fá ní dhár féidir do dhuine dhéunamh oram,

7 Biodh cuimhne aguibh ar luchd bhur dtréoruighe, noch do labhair bríathar Dé ribh: [&] leanuidh dhá gcreideamh, ag tabhairt aire ré crioch a gcoinbhear∣sáide.

8 Jósa Críosd a né agus a niugh, agus go siorruidhe, an ecéudna.

9 Ná gluáisdear sibh fá gcuáitt ré teagusguibh éugsamhla coimhthigheacha: óir as maith an croidhe bheith diong∣mhálta a ngrás, ní a mbíadhuibh, nach

Page [unnumbered]

deachuigh a dtarbha don druing do ghnáthuigh íad.

10 Atá altóir aguinne, dá nach bhfuil a gcumhachdaibh na druinge do ní seirbhis don tabearnácail [ní] ithe.

11 Oír na hainmhinntighe agá mbei∣reann an tárdshagart a bhfuil leis a steach don niosdadh náomhtha ar son peacadh, loisgthear a gcuirp don tâobh a muigh don champa.

12 Uime sin do fhulaing Jósa an pháis mar an gcéudna don táobh amuigh don gheata, chum an phubail do naomh∣adh dhó ré na fhuil féin.

13 Ar a nadhbharsin imthigheam amach as an gcampa chuigesin, ag iom∣chur masla air a shon.

14 Oír ní bhfuil cathair chomhnui∣gheach aguinn ann so, achd atá íarruidh aguinn ar an [gcathruigh] atá chum teachda.

15 Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth iodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.

16 Ná dearmaduigh maith agus cu∣mann do dhéunamh, óir bí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.

17 Tabhruidh umhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin [dóíbh:] óir bìd siad ag faire bhur nan∣mann mar an luchd bhéuras conntas úa∣thadh: chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas, agus ní ré hosnai∣ghibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so.

18 Déunuidh urnuighe air ar soinne, óir is muinighneach sinn ar coinnsías maith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diomchar go cubhaidh sna huile neithibh.

19 Agus as móide shirim so oruibh, ionnus go madh lúathgide gheabhus sibh mé aiseag dhìbh a rís.

20 Agus Día na síothchana tug air ais ó mharbhuibh an Tighearna Jósa, árdaodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe.

21 Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe a geanamhuil na fhíadhnuíse, tré Jósa Críosd, dá bhfuil gloir go sáoghal na sáoghal. Amén.

22 Iarruim fós dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bríathar an tsóláis dfulang dhíbh: óir do sgríobh mé go haithghearr chuguibh.

23 Bíodh a fhios aguibh gur sgaói∣leadh an dearbhráthair Timotéus, an tí ré a racha mé bhur bhféuchain, (má thig sé go goirid.)

24 Teannuidh ribh bhur nuile luchd tréoruighe, agus na naóimh uile. Cuirid na Headáilligh a mbeannachd chuguibh a

25 Grása maille ribh uile. Amén.

EPISTIL GHINEARALTA SHEUMUIS ABSDAIL.

CAIB. I. Garab uáinn féin atá ar laíge, 6 ar luaimh∣neas a Gcreidimh, 13 ar nainmíanna, & ar bpeacadh.

CUiridh Séumus searbhf hoghan∣tuighe Dé agus an Tighearna Jósa Críosd, chum an dá threibh dhéug atá sgartha ó chéile, bea∣tha agus sláinte.

2 A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas, an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla.

3 Ar mbeith a fheasa aguibh go noi∣brigheann dearbhadh bhur gcreidimh, foighid.

4 Agus bíodh obair dhiongmhálta ag an bhfoighid, chum sibh féin do bheith diongmhalta, iomlan, gan uireasbhuidh aóinneithe.

5 Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuidh eagna, íarradh [í] air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh: agus do bhéurthar dho í.

6 Achd íarradh sé maille ré crei∣deamh, gan bheith amhrusach air éun∣chor: óir an tí ar a mbí amhrus, is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith, agus bhíos dá tiomáin a nunn sa nall.

7 Ná saóileadh an tí sin go bhfuighe sé aóinnì ón Dtighearna.

8 Fear dhá inntinne, neimhsheas∣mhach na uile shlighthibh.

9 Agus bíodh gáirdeachas ar an dearbhráthair atá íseal fá é féin árdu∣ghadh;

10 Agus ar an tsáidhbhir fá é féin ísliughadh: óir biáidh sé ag téurnógh mar bhláth na luibhe.

11 Oír [amhuil] sheargus an ghrían ar néirghe, an luibh ré teas, agus thui∣teas a bláth, agus théid maise a faic∣seana ar gcúl: is amhluidh sin shearg∣fus an duine saidhbhir ann a shligh∣thibh.

12 As beannuighe an tí iomchras cathughadh: óir tar éis a shaghála dearbhtha, do gheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an Tighearna don ndruing ghrádhuigheas é.

13 Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathugadh, Is ó Dhía churthar cathu∣ghadh oram: óir ní féidir cathughadla a nuile do chur air Dhía, agus ní chui∣reann sé cathughadh ar aóinneach.

14 Ach bi gach áon a gcathugh∣adh, an tan thairngeas, agus bhréugas a ainmhíana féin é.

15 Na dhiáigh sin ar ngabháil toirr∣cheasa chuige don nainmhían, beiridh

Page [unnumbered]

sé peacadh, agus an tan críochnuígh∣thear an peacadh, beiridh sé bás.

16 Ná bíodh seachrán oruibh a dhear∣bhráithre grádhacha.

17 As a núas atá gach deaghthabhar∣tus, agus gach tíodhlacadh diongmhálta, ag teachd ó Athair na soillse, ar nach dtéid athrughadh, ná fíu fgáile cláoch∣lóigh.

18 As dá thoil féin do aithghin sé sin∣ne ré bréithir na fírinne, chum bheith dhúinn ar gcéud tórthuibh dhá chreatú∣raibhsion.

19 Uime sin a dhearbhráithre grádh∣acha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge.

20 Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.

21 Uime sin ar gcur uaibh na huile neamhghloine, agus iomarcuidh mailíse, gabhuidh chuguibh maille ré ceann∣sachd, an bhríathar atá ar na plánndu∣ghadh ionnuibh, ler féidir bhur nan∣manna shlánughadh.

22 Agus bíghidh bhar luchd na bréi∣thre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amhain; dá bhur mealladh féin.

23 Oír dá néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duine bhíos ag breath∣nughadh a ghnúise nadúrtha a sga∣thán.

24 Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dear∣maduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuine:

25 Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na faóirle, agus chomhnuigheas [ann,] do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, ach fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé heannuighe ann a ghníomh féin.

26 Má atá aóinneach eadruibh lér cos∣mhuil bheith ríaghalta, [agus] nach ccuireann srían ré na theanguidh, ach bhios ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tise.

27 Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadhnuise Dé agus a Na∣thar, [eadhon] dul dféuchain na ndi∣leachdadh, agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neoch é féin do choimhéad gan cháidhe ón tsáoghal.

CAIB. II. Nach mar Abraham, ach cosmhuil re crei∣deamh eattrom na nDeamhan, creideamh gan deagh oibreachaibh.

ADhearbhráithre, ná bíodh creideamh ar Dtighearna ghlórmhar Jósa Críosd aguibh maille ré féuchain do phearsuin seach a chéile,

2 Oír dá dtí neach a steach dá bhur gcoimhthionól ar a mbiáidh fainne óir, a néudach lonnrach, agus go dtiucfuidh duine bochd mar an gcéudna a néu∣dach thruáillighe:

3 Agus go mbiáidh féuchain aguibh don tí ar a mbí an téudach lonnrach, agus go naibéora sibh ris, Suighse sa nionadh onórachsa: agus go naibéora sibh ris an duine bhochd, Seasaimhse ann sin thall, nó suigh ann so faói sdol mo chos:

4 A né nach bhfuil sibh ag breathnu∣ghadh eadruibh féin, agus do rinneadh breitheamhuin díbh air dhroch smuáin∣tighibh?

5 Eisdigh a dhearbhráithre grádha∣cha, a né nár thogh Día boichd an tsáoghailse, sáidhbhir a gcreideamh, & na noighrighibh na rioghachda, noch do gheall sé don druing ghrádhuigheas é?

6 Ach tugabhairse easonóir don bhoehd. A né nach déunuid na sáidhbhir ro io∣marcuigh oruibh, agus a né nach dtairr∣ngid sibh chum breitheamhnuis?

7 A né nach dtabhruid síad mafla don nainm óirdeirc as a nainmnigh∣thear sibh?

8 Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd riogha do réir an sgriobtúir; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin, as maith do ní sibh [é:]

9 Ach má bhíonn féuchain do phear∣suin seach a chéile aguibh, do ní sibh peacadh, [agus] éilighthear sibh ón reachd mar luchd sáruighe.

10 Oír gidh bé neach choimhlíonfus an reachd uile, agus gheubhas tuisleadh a néun áithne amháin, ata sé ciontach ionnta uile.

11 Oír an tí a dubhairt, Ná déun adaltrannas, a dubhairt sé mar an gcéud∣na, Ná déun dúnmharbhadh. Agus bíodh nach ndéun tú adhaltranas, ach go ndéun tú dúnmharbhadh, do rinneadh fear sáruighe an reachda dhíot.

12 Go madh hamhluigh laibhéorthaói, agus go madh hamhluidh dhéunas sibh, mar an luchd ar a ndéuntar breitheamh∣nus tré reachd na saóirsi.

13 Oír breitheamhnus gan trócaire don tí nach dearnadh trócaire: agus do ní an trócaire gáirdeachas a na∣dhuigh an bhreitheamhnuis.

14 Créd é an tarbha, a dhearbhráith∣re do neach a rádh go bhfuil crei∣deamh aige, agus gan oibreacha aige? an bhféudann an creideamh a sháoradh?

15 Oír da raibh dearbhráthair nò deirbhshíur lomnochduighe, agus a riach∣danas na beatha láetheamhla:

16 Agus go naibéora neach aguibhse ríu, Imthighe romhuibh a síothchain, goruidh sibh fein, agus líonuigh bhur mbuilg, agus gan sibh do thabhairt na neitheann atá na riachdanas ar an gcolainn dóibh, créd é a tharbha sin?

17 As amhluidh sin an chreideamh mar an gcéudna, muna bhfuilid oib∣reacha aige atá sé marbh ann féin.

18 Achd a déuruidh neach éigin, Atá creideamh agadsa, agus atáid oibreacha agumsa: taisbéinse dhamhsa do chrei∣deamh

Page [unnumbered]

a bhféugmuis hoibreacha, agus taisbéuneadsa mo chreidimh dhuitse as mhoibreachuibh.

19 Creidigh tusa go bhfuil áon Ndía ann: as maith do ní tú [sin:] creidid na deamhuin féin mar an gcéudna, agus criothnuighid síad.

20 Achd a dh ne dhíomaóin, an mían leachd a fhios dfagháil, gur marbh an creideamh gan oibreachuibh?

21 A né nach ó oibreachuibh do rinneadh ar nathair Abráham firéunta, an tan dforáil sé a mhac Isaac ar a naltóruigh?

22 A né nách léir dhuit go raibh an creideamh ag comhoibriughadh maille ré na ghníomharthuibh. agus gur ab as na gníomharthuibh do rinneadh an creideamh diongmhálta?

23 Agus do coimhlíonadh an sgriob∣túir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd, agus do ghoireadh caruid Dé dhe.

24 Ar a nadhbharsin do chí sibh gur ab as oibreachuibh do nithear duine fi∣réunta, & nach as creideamh amháin.

25 Agus mar an gcéudna fós an mheird∣reach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinneadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdairedhibh, & do chuir si uaithe íad a slighe eile?

26 Oír amhuil is marbh an corp a bhféugmhuis na spioruide, as amhluidh sin mar an gcéudna bhíos an creideamh marbh gan oibreachuibh.

CAIB. III. Gu bhfuil maith no olc adhbhal-môr sa nteangaidh, do rêir mar a ghéubhas stiuradh.

ADhearbhráithre, ná déunuidh iomad maighisdreachda, ar mbeíth a fheasa aguibh gur móide an breith∣eamhnus ghlacfamaóid.

2 Oír ciontuighemid uile a móran do neithibh. Gidh bé nach cciontui∣gheann a mbreithir, as duine diong∣mhálta é, lér féidir fos srían do chur ris an gcoluinn uile.

3 Féuch, cuirmíd srianta a mbéo∣luibh na neach chum íad umhlughadh dhúinn, agus do bheirmid air a gcorp uile iompógh fá gcuairt:

4 Eéuch, mar an gcéudna na longa, bíodh go bhfuilid ro mhór, agus go ngluáisdear íad ré gáothuibh garbha, fós iompoighthear íad fá gcuáirt ré sdiúir ro bhig, gidh bé ar bith árd a dtogrann fear na sdiúire:

5 As amhluidh sin as ball beag an teanguidh, agus do ní mordháil mhór: féuch, créd é méud a nadhbhair lasas ré teine bhig.

6 Agus as teine an teanguidh, do∣mhan na héugcóra: as mar sin áta an teanguidh ar na suigheadh a measg ar mhall, go salchann an corp uile, agus go gcuireann air lasadh sdaid ar mbea∣tha ò gheintear sinn, agus is ó ifrion lastar í.

7 Oír ceannsuighthear, & do rinneadh ceannsa ris a nadúir dhaonna, gach uile nadúir ainmhinnteadh nallta, & éunlaithe, & na neitheann shnámhas an talamh agus a nfairge:

8 Ach ní héidir daóinneach an tean∣guidh cheannsughadh: olc dóríartha lán do nimh mharbhthuigh.

9 Do bheirmid ría glóir do Dhía agus don Nathair, agus bímid ag mal∣lughadh na ndaóine ría, noch do cruth∣uigheadh do réir chosamhlachd Dé.

10 Tig mallughadh agus beannughadh as éun bhéul amháin. A dhearbhráithre, nî cóir na neithese bheith mar so.

11 An gcuireann tiubruid uáithe amach as éin tslighe amháin, [uisge] milis agus searbh?

12 An féidir a dhearbhráithre, do chrann fige, càora chrainn ola thabhairt ùadh, nó do chrann fíneamhna figighe? is a mhluidh sin nach [féidir] do thiub∣ruid ar bith uisge sáile agus fioruisge do thabhairt úadh.

13 Cía [atá] na dhuine eagnuidhe îulmhar eadruibh? taisbéunadh sé a oi∣breacha féin as a choinbhearfáid mhaith, maille ré ceannsachd eagna.

14 Gidheadh má bhíonn séarbhus tnù∣tha, agus brosdughadh feirge aguibh ann bhur gcroidhthibh, ná déunuidh mór∣dháil, ná bréug a nadhuigh na firinne.

15 Ní ò neamh thig a neagnasa, achd atá sí talmhuighe, colluidhe, diabhluidhe.

16 Oír sa náit ann a bhfuil tnúth agus consbóid, bí buáidhirt ann, agus gách uile dhroichghníomh.

17 Achd a neagna úd ó neamh, atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síoth∣chánta, ceannsuigh, sotheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon gan fhallás.

18 Agus síolchurthar toradh na fireuntachda a síothcháin, do luchd déunta na síothchána.

CAIB. IV. Gur ó chath na hanntola sa nduine féin, fhàsas a nuile choinntinne eidir ê & cách.

CRéd as [á nèirghid] cogtha agus comhruic eadruibh? a né nach úadh so, eadhon ó bhur nanntoluibh féin bhíos ag cathughadh ann bhur mballuibh?

2 Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sibh ag marbhadh agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní sibh comhrac agus cogadh, agus ní bhíonn ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh.

3 Járruidh sibh, agus ní gheibh sibh éinní, do bhrígh go níarrthaói go holc, ionnus go mbíadh sibh ag caitheamh ré bhur míangusaibh féin.

4 A fhiora agus a mhná a nadhal∣trannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a nadhuigh Dé, cairdeas

Page [unnumbered]

an tsáoghailse? uime sin gidh bé rér mían au sáoghal bheith na charuid aige, do ní sé namhuid Dé dhe féin.

5 An saóileann sibh gur díomhaóin a deir an sgriobtúir, Go mbi an spiorad chomhnuigheas ionnuinn fonnmhar a dtnúth?

6 Gidheadh do bheir úadha grása ní sa mhó, uime sin a deir sé; Cuiridh Día a nadhuigh na nuáibhreach, ach do bheir grâsa do numhal.

7 Uime sin umhluighe sibh féin do Dhía, cuiridh a nadhuigh an díabhail, agus teithfidh sé uáibh.

8 Druidigh ré Día, agus druidfe sé ribh: glanuidh bhur lamha a pheacacha, agus glanuidh bhur gcroidhthe a luchd na dá intinne.

9 Euilngidh anshógh, agus déunuidh caóith, agus gul: Iompoighthear bhur ngáire a ndoilgheas, agus bhur ngáirdea∣chas a ndóbrón.

10 Islighe sibh féin a bhfiadhnuise an Tighearna, agus âirdéocha sé sibh.

11 Ná lábhruidh go holc ar a chéile, a dhearbhráithre: An tí lábhras go holc ar a dhearbhráthair, agus an tí dhamnuigheas a dhearbhráthair, lábhruigh sé go holc ar an reachd, agus dam∣nuighe sé an reachd: Agus má dhamn∣uigheann tú an reachd, ni fear coimh∣líonta an reachda thú, ach breitheamh.

12 Atá áon ann do bheir reachd úadha, agá bhfuil cumhachda sáortha agus sgriosda: cía thusa dhamnuigheas neach eile?

13 Súd chuige, sibh a nois a dhream a deir, Racham a niugh nó a márach dhá samhail so do chathruigh, agus do dhéunam comhnuighe innte feadh blíadhna, agus bíam ag reic agus ag ceannach, agus ag faghail eudála.

14 Agus fós gan a fhios aguibh créd é [bhur ccor] a márach: Oír créd lér cosmhuil bhur mbeatha? ré gal bhíos ré fhaicsin ar feadh tamuill, agus na dhiáigh sin théid air neimhní.

15 Sa náit ar chóir dhíbh a rádh, Do thoil an Tighearna, agus Dá rabhum béo, dhéunam so nó súd.

16 Achd a nois do ní sibh mordháil as bhur núabhar féin: is olc gach mór∣dháil dá shamhuil sin.

17 Uime sin an tí atá iúlmhar ar mhaith do dhéunamh, agus nach déun í, as peacadh dhó é.

CAIB. V. Dighaltas na ndaôine saidhbhir eugcôrach; 14 & tábhachd urnuighe na bfìrein.

AG súd chuige sibh a nois a dhaóine saidhbhre, déunuidh gul agus uáill∣feartach, ar fon na namhgar thiucfus oruibh.

2 Atá bhur saidhbhrios lobhtha, atá bhur gculuigheacha ar na nithe ò mhíoluibh críona.

3 Atá bhur nór agus bhur náirgead ar nglacadh meirge, agus biáidh a meirg na fhíadhnuise bhur nadhuigh, & cnaói∣fidh sí bhur bhfeóil mar theine: do rinneabhair cisde fá chomhair na laétheadh ndeigheanach.

4 Féuch, atà túarasdal an luchd oibre do bhean bhur nguirt, do chunnaimh sibh úatha, ag éighmhe, agus do chúadar éighmhe an luchd búana a steach a gcluasaibh Thighearna na slógh.

5 Do chaitheabhair bhur mbeatha a sáimhe agus a macnuis ar an dtalamh: tugabhair oileamhuin dá bhur gcroidh∣thibh amhuil a ló fhéusda.

6 Do dhamnuigh [agus] do mharbh sibh an firéun, [agus] níor chuir sé bhur nadhuigh.

7 Uime sin a dhearbhráithre, bíghidh foighideach go teachd an Tighearna. Féuch bí an treabhach ag fuireach ré toradh mórluáidh na talmhan, agus fanuidh sé ris maille ré foighid, nó go bhfaghann sé fearthuin na maidne, agus an trátha nóna.

8 Bíghidhse mar an gcéudna foighid∣each, [agus] neartuighe bhur gcroidhthe, óir is fogus dúinn teachd an Tighearna.

9 Ná bíghidh ag gnúsuchduigh ar a chéile, a dhearbhráithre, deagla bhur ndamnuighthe: Féuch, atá an breitheamh na sheasamh ag an doras.

10 Gabhuidh chuguibh, a dhearbhrái∣thre, na fáidhe do labhair a nainm an Tighearna, mar eisiompláire fulaing anshòigh, agus foighide imchéine.

11 Féuch, measmaóid gur sona an drong bheir fulang úatha. Do ch••••∣labhair teachd air fhoighid Jób, agus do chonnairc sibh críoch an Tighearna: Oír atá an Tighearna lán do thruáighe, agus do thrócaire.

12 Agus roimh na huile neithibh, a dhearbhráithre, ná tabhruidh mionna, mar atá neamh, ná talamh, ná mionna ar bith eile: ach go madh hé bhur [gcomhrádh] Aseadh, aseadh, agus Ní headh, ní headh: deagla tuiteam dhibh a ndamnughadh.

13 An bhfuil éinneach eadruibh ar na bhuáidhreadh? déunadh sé urnuighe. An bhuil subhachas ar éinneach? canadh sé sailm.

14 An bhfuil éinneach éugcruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsea∣ruibh na heagluise, agus déunuidís guidhe ar a shon ar na ungadh dhoibh ré hola a nainm an Tighearna.

15 Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tighearna súas é, agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maith∣eamhnas ionnta.

16 Admhuighe [bhur] gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh: [Oír] as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfiréin.

17 Do bhí Elías na dhuine anbhfann cosmhuil rinne, agus do ghuidh sé

Page [unnumbered]

go dúthrachdach fá gan fhearthuinn do bheith ann: & ní dhearnadh fearthuin ar an dtalamh feadh thrí mbliadhan agus shé míos.

18 Agus do ghuidh sé a rís, agus tug neamh fearthuin úadha, agus tug an lalamh a thoradh.

19 A dhearbhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfirinne, & gur impóigh éinneach é,

20 Bíodh a fhios aige go sáorfuidh an tí do iompóigh an peacach ó shea∣chrán a shligheadh, anam ó bhás, & go gcuirfe folach ar iomad peacadh.

CEUD EPISTIL GHINEARALTA PHEADAIR ABSDAIL.

CAIB. I. Nach núatheagasc, ach sean tairrghire, slainte tré Chriosd. 13 uime sin, nach fulair ar nathchuma do reir bheatha Josa, neach do ghoir sinn.

PEadar absdal Jósa Críosd, chum na gcigcrioch atá sgartha ò chéile ar feadh Phontus, Ghalá∣tia, Chappadócia, na Hásia, agus na Bitínia.

2 Ar na dtogha do réir réimhfhios Dé Athar, chum náomhthachda na Sbior∣uide, tré umhlachd agus chrothadh fola Jósa Críosd: grása agus siothcháin go o líonmhar maille rib.

3 Glòir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Jósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire, chum béomhuinighne, tré eiseirghe Jósa Críosd ó mhaibhuibh,

4 Chum oighreachda neamhthruail∣ligh gan cháidhe, nach dtéid a seirge, choimhéudtar ar neamh fá bhur gcomh∣airse.

5 Chumhduighthear ré neart Dé tré chreideamh, chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh

6 An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhsuil sibh a nois ré sealad (má atá na riachdanus) fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla:

7 Ionnus go bhfuighthigh dearbhadh bhur gcreidimh is rouáisle na ór théid air neimhnì, bíodh go ndearbhthar é lé teine, na mholadh, agus na onóir, agus na ghlóir an tan fhoillseóchas lósa Críosd é féin:

8 An tí dhá dtugabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é: ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é: [agus as] a ndéuntaói gairdeachas ré suathgháire dhófhaisnéis, ghlórmhar:

9 Ag glacadh chríche bhur gcreidimh sláinte na nanmann.

10 An slánughadh ar a ndearnadar na fáidhe lórgaireachd & cúartughadh noch do rinne faidheadóireachd ar an ngrás [do thiucfadh] chuguibhse,

11 Ag cúartughadh créd í a nuáir nó a náimsir do fhoillséochadh Spiorad Chríosd noch do bhí ionntadh, ag déu∣namh réimhfiadhnuise air na neithibh do bhí a ndán do Chríosd fhulang, agus an ghlóir romhór do leanfadh dhíobh:

12 Dár foillsigheadh, nach dóibh féin ach dúinne do dhéunaidis miniosdrálachd na neitheann atá a nois ar na bhfoill∣siughadh dhíbhse leis an druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trés an Spiorad náomh do cuireadh ó neamh a núas: na neithe is mían ris na hainglibh fhaicsin.

13 Uime sin ar gcreafrughadh leas∣ruigh bhur ninntinne dhíbh, maille ré measarrghachd, bíodh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá ar na thabhairt chuguibh a dtaisbéunadh Jósa Críosd;

14 Mar chloinn na humhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh [do ghnáthuigh sibh] roimhe, ann bhur nainbhfios.

15 Ach do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhear∣sáid.

16 Do bhrígh go bhfuil sgríobh∣tha, Bíghidhse náomhtha, óir atáimse náomhtha.

17 Agus dá ngoiridh sibh Athair don tí do ní breitheamhnus do réir gníomha gach aóin, gan féuchain do phearsuinn seach a chéile, caithidh aimsir bhur noilirthe maille ré faitcheas.

18 Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé [neithibh] truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh sibh ó bhur gcoin∣bhearsaid dhíomaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear:

19 Ach ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe, gan lochd.

20 Noch do hórduigheadh roimh chruthughadh an domhain, ach do foillsigheadh sna haimsearuibh deighea∣nacha ar bhur sonsa.

21 Noch thrídsean chreideas a Ndía, do thóg suas é ó mharbhuibh, agus tug glóir dhó, ionnus go mbeith bhur gcreideamh agus bhur muinighin a Ndía.

22 O rinneabhair bhur nanmanna glan a numhlachd na fírinne trés an Spiorad, chum grádha bráithreamhuil gan fhallás, bíodh grádh díoghrai∣seach aguibh dhá chéile ó chroidhe ghlan:

23 Ar mbeith dhíbh ar bhur naith∣ghineamhuin ó shíol, nach truáillighe, ach néamhthruáillighe, tré bhréithir

Page [unnumbered]

Dé, mhaireas, agus chomhnuigheas go sìorruidhe.

24 Oír [atá] a nuile fheóil mar an bhféur, agus a nuile ghlóir dhàonna mar bhlàth a nféir: Searguidh an féur, agus tuitigh a bhláth dhe:

25 Ach fanuigh bríathar an Ti∣ghearna go síorruidhe: agus á sí so an bhríathar do soisgéulughadh dhíbhse.

CAIB. II. A naitreabh do thógbhail ar Josa, an phriomh chloch uilinn.

UIme sin ar gcur na huile aingidh∣eachda, agus mheabhla, agus fhalláis, agus thnutha, agus a nuile ithiomráidh uáibh,

2 Mar naóidheanibh nuâidhbhear∣tha, bíodh fonn aguibh a mbainne fhíorghlan na bréithre, chum bheith dhíbh ag fás ris:

3 Má bhlaiseabhair créd é millse an Tighearna.

4 An tí chum a bhfuil sibh ar dteachd, noch is cloch bhéo, do díultadh ó dhaóinibh, achd atá toghtha, mórluáidh ag Día:

5 Agus bíghidhse mar bhéochloch∣aibh, tógtha súas bhur dtigh spio∣radálta, bhur sagartachd náomhtha, chum iodhbarthadh spioradálta dfo∣ràil ar a mbiáidh gean ag Día tré Jósa Críosd.

6 Uíme sin atá sgríobhtha sa sgrobtuir; Féuch, cuirím a Síon priomh∣chloch an chuáinne, toghtha, mór∣luáidh; agus an ti chreideas innte ní bhfuighe sé náire.

7 Ar a nadhbharsin [atá sí] na honóir dhíbhse agá bhfuil creideamh: ach don druing atá easumhal, don chloich úd do dhíultadar na saóir do rinneadh cloch chinn an chuáinne;

8 Agus cloch oilbhéime, agus car∣ruic thuislidh don druing bhíos easu∣mhal, do gheibh oilbhéim, fán mbréithir chum ar hórduigheadh fós íad.

9 Achd [is] cinéul toghtha sibhse, sagarthachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith: ionnus go bhfoillséo∣chadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iong∣antuigh féìn.

10 Noch a nallód nach raibh bhur bpobal, achd a nois as pobal do Dhía sibh: a dhream nach bhfuáir trócaire, atá sibh a nois ar bhfagháil trócaire.

11 A cháirde, íarruim dathchuinghe oruibh, mar dhéoruidhibh & oilírthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cathughadh a nadhuigh a nanma,

12 Bíodh deaghchoinbhearsáid aguibh a measg na gcineadhach, ionnas a náit a nithiomráidh do níd oruibh mar luchd mighníomh, go madh héidir ríu as na deaghoibribh do chífid síad, glóir do thabhairt do Dhìa, sa lá na bhféuchfuidh orrtha.

13 Uime sin bíghidh umhal dá gach uile chréutúr dáonna ar son an Ti∣ghearna: nì hé amháin don Rí, mar an ti agá bhfuil áirdcheannas:

14 Ach do na húachdaránuibh mar an gcéudna, mar an luchd curthar ùadh, chum díoghaltuis ar luchd na míghnímh, agus chum molta luchd na ndeighghníomh.

15 Oír is mar sin ag déunamh maith∣easa dhíbh, as toil lé Día srían do chur ré hainbhfios na ndaóineadh éigcéillidhe.

16 Mar dhaóine sáora, agus ní mar an druing agá bhfuil an tsaóirse na brat foluidhthe a nuilc, ach mar shearbhfhoghantuighidh Dé.

17 Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráith∣re. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don Rí.

18 A shearbhfoghantuighidh, bíghidh umhal dá bhur maighisdribh maille ris a nuile fhaitcheas, ni hé amháil do na [maighisdribh] maithe deagh∣chroidheacha, ach fós do na droch mhaighisdribh.

19 Oir is ní so is fiu buidheachas, dá niomchruidh neach doilgheas ar son coinnsiáis Dé, ag fulang na héug∣córa.

20 Oír créd é mar ádhbhar molta, dá niomchra sibh gabháil do dhór∣nuibh oruibh, ar ndéunamh peacuigh dhíbh? ach dá bhfuilnge sibh go foighi∣deach, agus sibh ag déunamh maitheafa, as ní sin dá bhfuil Día buidheach.

21 Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhuluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fágbháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg.

22 An tí nach dearnuidh peacadh, agus ag nach fríth meabhail na bhéul.

23 An tì nach dearnuidh anchaint a nadhuigh na hanchainte do rinneadh air: nach dearnuidh bagar, ag fulang dhó: ach tug [é féin] a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart.

24 An tì diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhùinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfiréun∣tachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.

25 Oír do bhábhair mar chàorchuibh seachráin, achd a nois do filleadh sibh go háodhaire agus go heasbog bhur nanmann.

CAIB. III. Ʋmhlachd na mban da mfearaibh. 7 & iom∣char íulmbar na mfear da mnáibh.

BIódh na mná mar an gcèudna umhal dá bhfearuibh, ionna go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair

Page [unnumbered]

umhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhear∣sáid na mban,

2 An tan chífid síad bhur gcoin∣bhearsáid gheanmnuidh maille re fait∣cheas.

3 Nar go foiriomlach bhías a maise, a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chuluigheach orrtha:

4 Ach [go madh hé a maise] duine foluigheach an chroidhe, a neamh∣thruáilleadh spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé.

5 Oír is mar so níódh a nallód na mná náomhtha do chuireadh a munighin a Ndia, íad féin do dheagh∣mhaisiughadh, ar mbeith dhóibh umhal dá bhfearuibh:

6 Amhuil tug Sára umhlachd Dá∣braham, g gairm Tighearna dhe: dárob ingheana sibhse, an feadh do ní sibh maith, agus nach, ccriothnui∣ghthear sibh ré faitchios ar bith.

7 A fhiora mar an gcéudna, déu∣midh comhnuighe a bhfochair bhur mban, mar is cubhaidh do dhaóinibh ilmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcomhoigh∣ribh ghrás na beatha, deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.

8 Fá dheóigh, [bíghidh] uile déininn∣tinn, ag comhfhulang ré chéile: bíodh grádh bráthargha eadruibh: [bíghidh] trócaireach, sóchaidridh:

9 Ná déunuigh olc a nadhuigh ile, ná anchaint a nádhuigh anchain∣te: ach go contrárgha dhó sin, tu∣guidh bhur mbeannachd, ar mbeith a fheasa aguibh, gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.

10 Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabhuil a labhairt:

11 Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith: iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.

12 Oír [atáid] súile an Tighearna ar na fircunuibh, agus a chlúasa of∣guilte dhá nurnuighe: achd [atá] gnúis an Tighearna a nadhuigh na druinge do ní na huilc.

13 Agus cía dhéunas olc oruibh má leanann sibh don mhaith?

14 Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atâ sibh bean∣nuighe: agus ná bíodh eagla [mar] a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha.

15 Ach náomhuigh an Tighearna Dí ann bhur gcroidhthibh; Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach hireas oruibh réusún na muinighne atá aguibh, maille ré ceannsachd agus ré faitcheas,

16 Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas an tan labhruid go holc oruibh mar luchd míghniomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil loch∣da ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd.

17 Oír is fearr [dhíbh,] mas amhluidh as toil lé Día é, fulang ag déunamh maitheasa, ná ag déu∣namh uile.

18 Oír do fhuluing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun: ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé: do bhásuigheadh é a dtáobh na col∣la, ach do béodhuigheadh é ris an Spioruid.

19 Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir do na spioraduibh a bprío∣sún;

20 Noch do bhí easumhal a nal∣lód, an tan do fhan foighid fhada Dé a láethibh Náoi, an feadh do bhí a náirc dha hullmhughadh, ionar cáomhnadh beagán, eadhon ochd bpear∣sanna, tré uisge.

21 A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáorthar sinne a nois, ag freagra na heisiomplára sin, (ní hé cur uáinn shal∣chair na colla, ách fiarfuidhe dheagh∣choinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Jósa Críosd.

22 Noch atá ar deis Dé, tar éis dul ar neamh, dá bhfuilid na haingil, agus na cumhachda, agus na subhailcidhe fá umhlachd.

CAIB. IV. Gur brosdughadh go deagh ghniomh, fulang Chriosd air ar son, 7 & crioch an domhain bheith ag drud rinn.

UIme sin ó dfulaing Críosd air ar soinne sa gcoluinn, cuiridhse an smuáineadh céudna na arm iomuibh, eadhon an tí dfulaing sa gcoluinn, gur sguir sé ó pheacadh,

2 Ionnus nách ccaithfeadh sé feasda fuigheall na haimsire [atá aige] sa gcoluinn, réir ainmhían na ndaóineadh, ach réir thola Dé.

3 Oír is lór dhúinn an mhéid do chuáidh thoruinn dár mbeatha do chaitheamh réir thola na gcineadhach, ar mbeith dhúinn ag siubhal a macnas, a nainmhíanuibh, a misge, a gcráos, a bpótaireachd, agus a níodhaladhradh aindlightheach.

4 An ní ann a bhfaghuid iongnadh, gan sibhse rioth ríu sa neimhmea∣sarrghachd chéudna, ag labhairt go masluigheach oruibh:

5 An dream bhéuras conntas ûatha don tí atá ullamh chum breitheamh∣nuis do dhéunamh air bhéodhuibh & air mharbhuibh.

6 Oír as chuige so do seanmòrui∣ghadh

Page [unnumbered]

an soisgéul do na marbhuibh mar an gcéudna, chum breitheamhnuis do dheunamh orrtha réir dhaóineadh sa gcoluinn, agus chum marthana dhóibh réir Dé sa spioruid.

7 Agus atá críoch na nuile nei∣theann ag druid rinn: Uime sin bíghidh measarrgha, agus déunuigh; faire a nurnuighibh.

8 Agus roimh na huile neithibh bíodh gradh ro dhíoghraiseach aguibh dhá chéile: òir cuirsidh an grádh solach ar iomad peacadh.

9 Tuguidh aóidheachd dá chéile gan mhonmar.

10 Ag déunamh miniosdralachd dá chéile, gach áon réir an tiodhlaice fuáir sé, mar fheadhmanntacha maithe ghrás éugsamhuil Dé.

11 Má labhrann éanneach, [lábhradh] mar bhríathra Dé: má ní éainneach mi∣níosdrálachd [déunadh í] réir na hac∣fuinne bheir Día úadh: ionnus go bhfuighe Día glóir sna huile neithibh tré Jósa Críosd, agá bhfuil gloir agus cumhachda go sáoghal na sáoghal. Amén.

12 A cháirde, ná bíodh iongnadh aguibh sa dteasdughadh tinntighe, do nithear oruibh chum bhur ndearbhtha, amhuil do theigéumhadh ní éigin coimhthigheach dhibh:

13 Ach go madh haóibhinn libh sibh féin do bheith pártach ré buáidhearth∣uíbh Chríosd, ionnus go mbiáidh gáird∣eachas agus neanma mhòr oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.

14 Má mhasluighthear sibh ar son anma Chríosd, atáthaói beannaighe: óir do ní Sbiorad na glóire, agus Dé comhnuighe orúibh: [noch] do gheibh masla dha dtáobhsan, agus glóir dá bhur dtáobhsa.

15 Ach cheana ná fuilngeadh éun∣duine aguibh mar fhear dúnmharbhtha, nó mar bhitheamhnach, nó mar fear míghníomh, nó mar neach shaitheas é féin a neithibh nach beanann ris:

16 Ach má [fhuilngeann sé] mar chríosduighe, ná gabhadh náire é: ach tugadh glóir do Dhía dhá tháobh.

17 Oír [tháinic] aimfir an bhrei∣theamhnuis do tosughadh ó thigh Dé: Agus más uáinne thosuighthear é, créd bhus críoch don druing atá easumhal do shoisgéul Dé?

18 Agus más air éigin sháorthar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neimhdhíagha agus an peacach é féin?

19 Uime sin an dream fhuilngeas réir thola Dé, táobhaidis a nanmanna ris mar chruthaightheóir dileas, a ndéunamh na maitheasa.

CAIB. V. An Minisdir do ríaghladh an phobail le neart Bhreithre Dé, & ni re foirrneirt làimbe, mar thighearnadhaibh saoghalta.

JArruim dathchuinghe ar na sean∣óiribh bhur measg, ar mbeith dhamh féin fós um sheanóir, agus um fhíadhnuise ar na neithibh do fhulaing Críosd, agus um phártuighe a dtáobh na glóire atá ré hadhuigh a fhoillsighe,

2 Beathuighidh tréud Dé do fágbhadh táobh ribh, ar mbeith dhá churam orubh, ní tré éigean, ach go toilteanach: ní ar son éudala neamhghloine, ach maille ré hinntinn ullaimh.

3 Ní mar do bhíadh sibh bhur Dti∣ghearnaidhibh ós cionn eagluise Dé, ach mar dhruing atá na neisiompláire don tréud.

4 Agus an tan fhoillféochar an tárdáodhaire, do gheubha sibh coróin mharthannach ghlóire:

5 Mar an gcéudna a dhaóine óga, tuguidh umhla do na sinnsearuibh: & bíghidh uile umhal dá chéile: Déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó umhlachd inntinne: óir Cuiridh Día a nadhuigh na nuáibhreach, agus do bheir grása do numhal.

6 Uime sin umhluidhe sibh féin faói láimh chumhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh.

7 Téilgidh bhur nuile chúram airsion, óir is cúramach é bhur dtimchioll.

8 Bíghidh measarrgha: déunuidh faire: óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fa gcuáirt dá fhéuchain cía shluigfeadh sé.

9 Cuiridhse na adhuigh [ar mbeith dhibh] láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buái∣dheartha céudna sa gcuid eile dá bhur dearbhraithribh atá sa tsáognal.

10 Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidhear∣tha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh ìomlán; go neartuighe, go láid∣righe, agus go ndaingnighe sé sibh.

11 Glóir agus cumhachd dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.

12 Ré Silbhanus dearbhráthair dileas do réir bharamhla, do sgríobh mé go haithghearr chuguibh, ag teagusg, agus ag déunamh fiadhnuise gur ab é so fiorghrás Dé ann a bhfuil sibh ag seasamh.

13 Cuiridh a [neagluis] atá sa Mbaibilóin do toghadh má ráon ribh, agus mo mhac Marcus, beatha agus sláinte chuguibh.

14 Teannuidh sibh féin ré chéile maille ré póig charthannachda. Síoth∣cháin maille ribh uile an mhéid aguibh atá a Níosa Críosd. Amén.

Page [unnumbered]

DARA EPISTIL GHINEARALTA PHEADAIR ABSDAIL.

CAIB. I. Antogha do dheanamh cinnteach dhoibh fein, tre shubhailce Chriosd do leanmhuin; 16 neach do dhearbhadh na Mhac Dé, ó na Habsdaluibh, ón Athar, & ó na Faighibh.

SImón Peadar searbhfhoghan∣tuigh agus absdal Jósa Crîosd, chum na druinge fuáir crei∣deamh comhmórluáidh rinne, tre fhiréuntachd ar Ndé a∣gus ar slánaightheóra Jósa Crîosd.

2 Grása agus síothchain go ro líon∣mhar maillé ribh, tré eólas Dé, agus Jósa ar Dtighearna;

3 Mar do thiodhluic a chumhachd día∣ghasan na huile neithe dhuinne [bheanas] ré beatha agùs ré díaghachd, tré eólas an tí do ghoir sinn chum glóire agus subhailce.

4 Tré a dtug sé dhûinn geallamhna∣cha o mhóra mórluáidh, ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ammhían.

5 Agus fós ar ndéunamh na huile dhú∣thrachda dhíbhse dhá tháobh so, cuiridh subhailcidhe ré bhur gcreideamh, agus eólas ré bhur subhailcidhibh.

6 Agus measarrghachd ré bhur neólas, agus foighid ré bhur measarrghachd, & díaghachd ré bhur bhfoighid.

7 Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd, águs grádh re bhur gcáoineas.

8 Oír má bhíonn na neithese eadruibh, agus iad ag líonadh, do bhéuruid oruibh gan bheith díomháoin, ná neamh∣thórthach a neólas ar Dtighearna Iósa Críosd.

9 Oír an tí atá gan na neithese aige, atá sé dall, agus ní léir dhó ní ar bith a bhad úadh, ar na dhear∣mud dó gur glanadh é ó na shean∣pheacuighibh.

10 Uime sin a dhearbhráithre, go madh móide dhéunas sibh dúthrachd, ré bhur ngairm agus re bhur dtogha do dhéunamh diongmhalta: óir má ní sibh na neithese, ni bhfuighe sibh leagadh choidhche.

11 Oír as ámhluidh so gheabhus sibh go fairsing slighe ré dhul a steach a rioghachd shiorruidhe ar Dtíghearna & ar slánaightheóra Jósa Críosd.

12 Ar a nadhbharsa ní dhéuna mé faíllidhe ré bheith ag síorchuir na nei∣theannsa a gcuimhne dhíbh, bíodh go bhfuil sibh iúlmhar agus daingean sa bhsírinne atá a lathair.

13 Ach cheana measuim gur cóir an feadh bhías mé sa mboithse sibhse do dhúsachd ré bhur gcur a gcoimhne:

14 Ar mbeith a fheasa agum gur fogas damh ám sgáoilte mo bhoithe amhuil fós do thaìsbéin ar Dtighearna Jósa Críosd dhamh.

15 Agus fós do dhéun mo dhith∣chioll do ghnath tair éis mimtheachd, go madh héidir ribhse na neithese chuimhniughadh.

16 Oír ní ag leanmhuin do sgéul∣tuibh ealadhanta fabhuill do bhámar, an tan do fhoillsigheamar dhíbhse cu∣mhachda agus teachd ar Dtighearna Jósa Crîosd: ach do chonncamar ré ar súilibh féin a mhórghachd.

17 Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Dhía Athair, an tan tháinic a shamhuil so do ghuth chuige ón nglóir mhórghasin Ag so mo mhac grádhachsa, ann a bhfuil mo dheaghthoil.

18 Agus do chualamairne an guth sa tháinic ó neamh, ar mbeith dhúinn na fhochairsean ar a tslíabh náomhtha.

19 Agus atá aguinn bríathar na bhfaidheadh as deimhnighe [ná sin], dan a maith do ní sibh aire do thabhairt, amhuil do lóchrann shoillsigheas a nionadh dhorcha, go soillsiughadh an láoi, agus go héirghe do réult na maidne ann bhur gcroidhthibh.

20 Ar mbeith fhios so aguibh ar tús, nach bhfuil fáidheadóreachd ar bith don sgriobtúr, ó eidirmhíniughadh [thig ó dhuine] féin.

21 Oír ní réir thola duine thái∣nic an fháidheadoireachd a nallód, ach do labhráidís dáoine náomhtha Dé, réir mar do seóltuighe íad ón Spiorad náomh.

CAIB. II. Tairrghir ioma lionmhaireachd, nâdur, cleas∣radh, & smachd na bfâighe fallsa.

AGus do bhádar mr an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tighearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.

2 Agus leanfuid morán a dteaguisg damnuighthe, ré maislecchar slighe na fírinne.

3 Agus tré shaint béid dá bhur nim∣cheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda; dream dhár [cinneadh] fada ó shin damnughadh nách dtéid a shîneadh, agus ní ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.

Page [unnumbered]

4 Oír monar choigil Dia na haingil do pheacuidh, ach ar na dteilgean sios go hifrionn dó, go dtug ìad do shlabhraidhibh an dorcha∣duis chum a gcongmhála ris an mbrei∣theamhnus:

5 Agus monar choigil sé an sean∣domhan, ach gur sháor sé Náoi an tochdmhadh [pearsa] seanmóntuighe na firéuntachda, ar dtabhairt na díleann dó ar a ndomhan na ndáoineadh neimhdhíagha;

6 Agus ag déunamh luáithridh do chaithreachuibh Shoduim agus Ghomorra, do dhamnuigh sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunamh na neisiompláir don druing do chaithfeadh a mbeatha go neimhdhíagha;

7 Agus do shàor sé Lot an fir∣éun do tuirsigheadh rè coinbhearsaid neamhghloin na ndáoineadh neimh∣dhíagha:

8 (Oír ar mbeith don fhiréun úd na chomhnuidhe eatorra, fuáir a anam firéunta a phíanadh ó lá go lá ré na ngníomharthuibh neimhdhlis∣dionacha, dá bhfaicsin agus dá gcluinn∣sin dó.)

9 As eól don Tighearna na dáoine díagha sháoradh ó chathughadh, agus na dáoine neimhfhiréunta choimhéud go lá an bhreitheamhnuis a bpeannuid:

10 Agus go mòrmhór an dream leanus ainmhíana na colla a neamh∣ghloine, agus do bheir neimhchion ar uachdaránachd; [ar mbeith dhóibh] an∣dána, lán asda séin, ní bhíonn faitcheas ortha fá anchaint do dhéunamh ar an luchd atá a gcumhachduibh árda.

11 An tan nach beirid na hain∣gil féin atá ós a gcionnsan a neart agus a gcumhachduibh, breath mhaslui∣gheach na nadhuigh a bhfíadhnuise an Tighearna.

12 Ach bhíd an dreamsa, mar ain∣mhinntibh brúideamhla leanas dá ndú∣chas, noch do cruthuigheadh chum a ngabhàla agus a sgriosda, ag labhairt go masluigheach air na neithibh nach aithnidh dhóibh, sgriosfuighthear íad an a dtruáilleadh féin.

13 Agus do ghéubhuid síad túarasdal na héugcóra, mar an druing mheasas gur sáimhe sógh gach láoi; buill cháidheacha shalcha, bhíos lán dfonn ann a meall∣tóireachd féin, an tan bhíd bhur bhfo∣chair ar fhéusduidhibh.

14 Agá bhfuilid súile lán dadhal∣trannas, agus nach bhfeudann sgur do pheacadh, ag mealladh na nanmann neimhsheasmhach: agá bhfuilid croidh∣the do bheir íad féin do ghnáth do shaint, clann na mallachd:

15 Noch do sheachuin an tslighe dhí∣reach, agus do chuáidh ar seachrán, ag leanmhuin luirg Bhálaaim mhic Bósoir noch tug grádh do thuarusdal na héugcóra.

16 Ach fuáir sé: achmhusán ar son a pheacuigh: do labhair an beathach balbh do ghlór dháonna, agus do thoirmisg sé an mhíchiall do bhi ar an bhfáidh.

17 As tobair gan uisge íad so, neóill dá dtiomáin ré sdoirm gháoi∣the: agá bhfuil an dorchadas fìor∣dhorcha dhá thaisge fá a gcomhair go síorruidhe.

18 Oír ar mbeith dhóibh ag la∣bhairt bhríathar uáibhreach gan éifeachd, mealluid siad ré hainmhia∣nuibh macnusacha na colla, an dream do dhealuigh beagán ré luchd an tseachráin do leanmhuin:

19 Ag geallamhuin sáoirsi dhóibh, a∣gus gan ionntadh féin ach seirbhísigh don truáilleadh: óir gidh bé ní bheireas buáidh ar neach, do ní an ní céudna fós seirbhíseach dhe.

20 Oír tar éis dealuighe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse, tré eólas an Tighearna agus an tslanaightheóra Iòsa Críosd, dá gcraiplighthear íad a rís innte, ar na sárughadh, as measa a gcrioch dheigheanach ná dtosach.

21 Oir do bhfearr dhòibh gan eólas do bheith aca ar shlighe na firéuntachda, ná tar éis eólais dfa∣ghail, impógh dhòibh ó náithne náomhtha tugadh dhóibh.

22 Gidheadh do éiridh dhóibh do réir an tseanfhocail fhírinnigh: Do fhill an madradh tar a ais chum aithsgeathruighe, agus an mhuc do bhí ar na nighe, chum a húnfurtaigh sa laithigh.

CAIB. III. Ge môr sgige na daoine bolgaeh uime s••••, tiocfuidh Críosd ina ló fein do bhreith bhreitheamhnuis orra.

AG so a nois an dara heipifdil sgríobhuim chuguibh, a chairde, ré bhfuilim ag togbháil súas bhur ninntine fhíorghloin, dá bhur gcur a gcuimhne.

2 Ionnus go mbíadh cuimhne aguibh air na bríathruibh do labhradar na fáidhe náomhtha roimhe so, & air a náithne tugamairne absdail an Tighearna & an tslánaightheóra uáinn.

3 Ar mbeith fhios so aguibh ar tús, go dtiucfuid sna laéthibh deighea∣nacha, luchd sgige, leanfus dá nain∣míanuibh féin:

4 Agus a déuruid, Ca háit a bhfuil geallamhuin a theachda? óir ón tráth fá ndeachadar na haithreacha dhéug, fa∣nuid na huile neithe a néunsdaid ó thús an chruthuighe.

5 Oír atáid na ainbhfios so déun∣toisg, go raibh neamh ann fada ó shin tré bhréithir Dé, agus an talamh sheasas go daingean as a nuisge agus ann sa nuisge.

6 Uime sin an domhan a nuáirsin, do sgriosadh é, ar dteachd don dile thairis.

Page [unnumbered]

7 Achd neamh agus talamh a nois atáid dá dtaisge ris an mbréithir gcéudna dá gcoimhéud fá chomhair teineadh, go lá damnuighe & sgriosda na ndáoineadh neimhdhíagha.

8 Agus a cháirde, ná biodh an táoin íse na ainbhfios oruibh, go bhfuil éun∣lá amháin ag an Dtighearna mar mhíle blíadhan, agus míle bliadhain mar eunlá amháin.

9 Ní cuireann an Tighearna muill ar a gheallamhuin (mar mheasuid dream airighe muill) achd atá sé foigh∣deach rinne, do bhrígh nach mían ris ••••nneach dhul amugha, ach na huile dhàoine theachd chum aithrighe.

10 Gidheadh tiucfuidh lá an Tigh∣arna mar ghaduighe sa noidhche, ann a rachuidh neamh thoruinn maille ré tor∣án, & ann ambéid na dúile ag lea∣hadh ré teas, & ann a loisgfighthear 〈◊〉〈◊〉 talamh, & na hoibreacha atá air.

11 Uime sin ós éigin na neithese ••••le do sgáoileadh ó chéile, créd an ochd ann ar cóir dháoibhse bheith, dá hur síriomchar féin go náomhtha agus o díagha.

12 Maille ré bheith dhíbh ag fui∣••••ach agus ag déunamh deithnis ré 〈◊〉〈◊〉 Dé theachd, ann a sgáoilfighthear eamh ó chéile, ar mbeith dhó tré heinidh, agus ann a mbéid na dúile ag leaghadh ré teas:

13 Achd atá sùil aguinne, do réir a gheallamhnasan, ré neamhuibh núadha agus ré talamh núadh, ann a gcomh∣nuigheann an fhiréuntachd.

14 Uime sin a cháirde, ó atá súil ris na neíthibhse aguibh, bíghidh dúth∣rachdach chum bhur bhfághála dhósan gan cháidhe gan chiontuibh a siothcháin.

15 Agus measuidh foighid fhada ar Dtighearna mar shlánughadh, amhuil do sgríobh fós ar ndearbhráthair grá∣dhach Pól chuguibh, do réir na heagna tugadh dhó:

16 Amhuil fós ann a éipisdlibh uile, ag labhairt ionntadh ar na neithibhse, an a bhfuilid neithe áiridhe atá dothuigsi∣ghe, noch iompoighid an dream neamh∣fhoghlomtha, neimhsheasmhach ón gcéill dhírigh, amhuil [do níd] an chuid eile do na sgrioptúruibh mar an gcéudna, chum a ndamnuighthe féin.

17 Ar a nádhbharsin a cháirde, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.

18 Ach bíghidh ag fás a ngrás, a∣gus a neólas ar Dtighearna agus ar slanaightheóra Jósa Criosd: glóir dhòsan a nois agus go síorruidhe Amén.

CEUD EPISTIL GHINEARALTA EOIN ABSDAIL.

CAIB. I. ••••mann dhuine ré Dia, 6 ar na dhearbhadh le beatha shoillier ghlan.

AN ní do bhí ann ó thús, an ní do chúalamar, an ní do chonncamar ré ar súilibh féin, an ní air ar fhéuchamar, & do ghlaca∣dar ar lámha, a dtáobh hréithre na beatha;

2 (Oir do foillsigheadh an bheatha, & o chonncamairne, agus do do nimid fiadhnuise, agus foillsighemid díbhse a bheatha mharthannach úd, noch do hí ag a Nathair, agus atá ar na foill∣nghadh dhúinne.)

3 A ni do chonncamar agus do chúa∣••••ar, atámáoid dhá fhoillsiughadh íbhse, ionnus go mbíadh cumann uibhse mar an gcéudna rinne: agus ar ••••mainne fós ris a Nathair, agus ré na shac Jósa Críosd.

4 Agus sgrîobhamáoid na neithese ••••guibh, chum bhur ngáirdeachais do heith iomlán.

5 Agus a sí so an teachdairéachd do ••••alamar úadhasan, agus fhoillsighea∣••••áoid dhíbhse, eadhon Gur solas é ía, agus nach bhfuil dorchadus ar ith ann,

6 Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndor∣chadus, do nîmid bréug, agus ní lean∣máoid an fhírinne.

7 Ach da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéile, agus glanuidh fuil Jósa Críosd a mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

8 Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn.

9 Dá nadmham ar bpeacuidh, atá sei∣sion fírinneach ceart, ré ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus rér nglanadh ó nuile neimhfhiréuntachd.

10 Dá nabram nach dearnamar peacadh, bréugnuidhmíd eisean, agus ní bhfuil a bhríathar ionnuinn.

CAIB. II. An uile pheacadh tre laige, atáid liaighisle re tuillteanas Chriosd.

A Chlann bheag, sgríobhuim na nei∣these chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh: Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéun.

2 Agus is seision an réidhteach

Page [unnumbered]

air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháin, ach air son an do∣mhuin uile mar an gcéudna.

3 Agus is as so is deimhin linn aithne do bheith aguinn air, dà gcoimhéudam a aitheanta.

4 An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus nî bhfuil fírinne ann:

5 Achd an tí choimhéudus a bhría∣thar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd finn féin do bheith ann∣san.

6 An tí a deir go bhfuil sé na chomhnuighe annsan, atá dfíachuibh air siubhal, réir mar do shiubhail sei∣sion.

7 A dhearbhràithre, ní háithne nùadh sgríobhuim chuguibh, achd an tsean∣áithne do bhí aguibh ó thosuigh: A sí an tseanáithnese an bhríathar úd do chúalábhair ó thosuigh.

8 A rís sgrìobhuim áithne núadh chuguibh, noch atá firinneach annsan, agus ionnuibhse: óir atá an dorcha∣das ag imtheachd thoruinn, agus atá an solas fìrinneach a nois ag foill∣siughadh.

9 An tí a deir é féin do bheith sa solas, agus fhuaithigheas a dhear∣bhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

10 An tí ghrádhuigheas a dhearbhrá∣thair, atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.

11 Achd an tí fhuáithigheas a dhear∣bhráthair, atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an dorchadas a shúile.

12 Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuiid bhur bpeac∣uidh ar na maitheamh dhîbh ar son a anmasan.

13 Sgríobhuim chuguibh, a aithrea∣cha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buaidh ar an droch [Spio∣ruid.]

14 Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an Tathair. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil briathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go ru∣gabhair buáidh ar an droch [Spio∣ruid.]

15 Ná tuguidh grádh don tso∣ghal, ná do na neithibh atá sa tsáo∣ghal: Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.

16 Oír gach ní atá sa tsáoghal, [mar atá] ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na bea∣tha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.

17 Agus atâ an sàoghal ag im∣theachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé, mairidh sé go siorruidhe.

18 A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an Tainti∣críosd, atáid a nois cheana morán Dainntícríosduibh ar néirghe ann: ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair.

19 Do chúadar amach as ar measgne, gidheadh ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidis go deimhin má ráon rinn: ach dimthighea∣dar [uainn] ionnus go madh follas nach dínne íad uile.

20 Gidheadh atá ungadh aguibhse òn neach náomhtha, agus atá eôlas aguibh ar na huile neithibh.

21 Ní huime sgríobh mé chuguibh, do bhrígh go raibh sibhse ainbhfiosach sa bhfirinne; achd ar a nadhbhar go bhfuil a heólus aguibh, & nach bhfuil bréug ar bith ón bhfirinne.

22 Cía atá na bhréugaire, achd an tí shéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? a sé so an Tainticríosd, noch shéunus an Tathair agus an Mac.

23 Gidh bé shéunas an Mac, ní bhfuil an Tathair aige: gidh bé admhui∣gheas an mac, atá an Tathaìr aige mar an gcéudna.

24 Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh, ionnuibh: dá gcomhnuighidh an ní do chùalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcomhnuighe sa Mac agus sa Nathair.

25 Agus a sé so an gealladh do gheall sé dhúinn, [eadhon] an bheatha mharthannach.

26 Do sgríobh mé na neithese chu∣guibh a dtimchioll na druinge bhíos da bhur mealladh.

27 Achd atá an tungadh do ghla∣cabhair úadhasan, na chomhnuighe ionnuibh: agus ní bhfuil na riachdanus oruibh neach ar bith bhur múnadh, ach mar mhúineas an tungadh fin sibh a dtáobh na nuile neitheann, agus as fí∣rinneach é, agus ní bhfuil bréug ann: & do réir mar do mhúin sé sibh, do dhéunuidh sibh comhnuighe annsan.

28 Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan, ionnas an tan fhoillseóchar é, go mbiáidh dá∣nachd aguinn, agus nach biáidh náire oruinn na fhiadhnuise, an tan thiuc∣fas sé.

29 Más feasach sibh eision do bheith firéunta, bíodh fios aguibh gur uadha∣san gheintear gach áon leanas don fhiréuntachd.

Page [unnumbered]

CAIB. III. Gurab suàithneas chîoinn Dé, gràdh, & gnîomh glan.

TUguidh dá bhur naire créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: Is uime so nach aithnidh don tsáoghal finn, do bhrígh nach aithnidh dhó tisean.

2 A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, ach ní léir fós crèd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris: óir do chífeam é do réir mar atá sé.

3 Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seision glan.

4 Gidh bé neach do ní peacadh, sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: óir a sé as peacadh ann, Sárughadh an reachda.

5 Agus atá a fhios aguibh gur ab ime do foillsigheadh eision, chum ar bpeacuighne do chur ar gcúl, agus ní bhfuil peacadh ar bith annsan.

6 Gidh bé neach chomhnuigheas annsan, nì pheacuigheann sé: gidh bé each do ní peacadh, ní fhacuidh sé eision, agus ní raibh aithne aige air.

7 A chlann bheag, ná mealladh éin∣neach sibh: an tí leanas do nfiréun∣tachd, as firéun é, do réir mar atá seision ná fhiréun.

8 An tí do ní peacadh, as ón diabhal atá sé: óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach: as chuige so do foillsigheadh mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an día∣bhail.

9 Gidh bé neach gheintear ó Dhía, i dhéuna sé peacadh: óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: & ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.

10 Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díàbhail: gidh bé nach leanann do nfiréuntachd, ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.

11 Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.

12 Ní do nós Chain noch do bhí ón droch [spioruid,] agus do mharbh a dhearbhráthair: Agus créd é an tádhbhar fár mharbh sé é? do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus [oibreacha] a dhear∣bhráthar firéunta.

13 A dhearbhráithre, ná bíodh iongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh.

14 Atá a fhios aguinne gur hath∣ruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh: an tí nach grádh∣uigheann a dhearbhrathair, comhnuighe sé a mbás.

15 Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair, as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha mharthannach comhnuighe a bhfear dùnmharbhtha ar bith.

16 Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuíbh oruinne ar nanmanna do chur sios ar son ar ndearbhraithreach.

17 Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhear∣bhráthair a ríachdanas, agus nach déun trùaighe dhó, cionnus chomhnuigheas grádh Dé ann?

18 A chlann bheag, nár ab a mbréithir ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh, achd a ngníomh agus a bhfî, rinne.

19 Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnigh∣the na fhíadhnuisesion.

20 Oír dá ndàoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus atá fios na nuile neitheann aige.

21 A cháirde, muna ndáoruigh ar gcroidhe sinn, as éidir linn bheith dána ar Dhía.

22 Agus gach ní shirmid, do gheibhmíd úadha é, do bhrigh go gcoimhéudamaóid a aitheanta, agus go ndéunamaóid na neithe ar a bhfuil gean aige.

23 Agus a sí so a áithne go ccreid∣feadh sinne a nainm a mhic Jósa Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, réir na háithne tug seision dúinn.

24 Oír an tì choimhéudas a aithean∣ta, comhnuighe sé ann, agus eisean annsan: agus is as so aithnighemid eisean do bheith na chomhnuighe íonn∣uinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn.

CAIB. IV. An teagasg admhuigheas Críosd na Mhac Dé, na Shlánaigheoir dhaôine, & na fhear mùinte na firinne, gur ô Dhia atá.

A Cháirde, ná creidigh gach éin Spiorad, ach dearbhuidh na Spio∣ruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar moràn dfáidhibh fallsa amach fán domhan.

2 Is as so is aitheanta dhibh Spiorad Dé, gach Spiorad admhuigheas go dtainic Jósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.

3 Ach gach Sbíorad nach admhui∣gheann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn, ní ó Dhía atá sé: achd a sé [Sbiorad] a Nainnticríosd é, air a gcúalabhair iomrádh go dtiucfadh sé, agus atá sé a nois cheana sa domhan.

4 A chlann bheag, as ó Dhìa atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrtha∣san:

Page [unnumbered]

óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.

5 As don tsáoghal íadsan, uime sin labhruid neithe sáoghalta, agus do bheir an sáoghal éisdeachd dóibh.

6 As ó Dhía atámuidne: an tí atá a neólas Dé, éisdigh sé rinn: an tí nach bhfuil ó Dhía, ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemid Sbiorad na fírinne & sbiorad an tseachráin.

7 A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an grádh: agus gidh bé neach ghrádhuigheas, atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Dîa.

8 An tí nach grádhuigheann, ní bhfuil eólas Dé aige: óir as grádh é Día.

9 An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.

10 As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhia, ach go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir ùadha a mhac féin na iodhbairt réitigh air son an bpeacuighne.

11 A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruinne mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.

12 Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chomhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.

13 Is as so aithnighemíd sinn do bheith ar gcomhnuighe annsan, & eisean ionnuinne, do bhrígh go dtug sé dhúinn tiodhluice na Sbioruide.

14 Agus do chonncamar, agus do nío∣muid dfíadhnuise, gur chuir an Tathair an Mac úadh, na shlánaightheóir an do∣mhuin.

15 Gidh bé aidmheóchas gur ab é Jósa mac Dé, atá Día na chomhnuighe ann, agus eision a Ndía.

16 Agus do aithneamar, agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día: & an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.

17 As tríd so atá an grádh ar na choimhlíonadh ionnuinne, ionnus go mbíadh dánachd aguinn a ló an bhreì∣theamhnuis, do bhrígh gur do réir mar atá seision, atàmuidne fós sa tsáoghalsa.

18 Ní bhfuil eagla sa ngrádh, ach cuiridh an grádh diongmhálta eagla a∣mach uadh: óir ata pían ceanguilte don neagla, uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh,

19 Bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur ghrádhuigh sé sinn ar tús.

20 Dá nabra éinneach, Atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oir cionnas is éidir don tí nach grádhui∣gheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?

21 Agus atá a náithnese aguinn úádhasan, An tí ghrádhuigheas Día, go grádhughadh sé a dhearbhráthar mar an gcéudna.

CAIB. V. Gur comhartha gradh Dê, gradh bheith ar chloinn Dè & coimhead a aitheanta, noch ata soidheanta tar an seinreachd.

GIdh bé chreideas gur ab é Jósa an Críosd, atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: & gach áon ghrádhuigheas an tuismightheóir, grádhuidhe sé mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.

2 As air so aithnigheamáoid go bhfuil gràdh aguinn do chloinn De, An tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéu∣damàoid a aitheanta.

3 Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choiméud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.

4 Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía, buáidh ar a tsaoghal; agus a sí so an bhúaidh rug buáidh ar a tsaoghal, [eadhon] ar gcreideamhne.

5 Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?

6 A sé só an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iòsa Críosd: ní tré uisge amháin, ach tré uisge agus tré fhuil: & a se an Spiorad do ní dfíadhnuise gur fírinne an Spiorad.

7 Oír atá tríur ar neamh do ní fíadh∣nuise, an Táthair, an Bhríathar, agus an Sbiorad náomh; agus atáid an trîur∣sa na náon.

8 Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an Sbiorad, agus an Tuisge, agus an Fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon nì.

9 Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé, noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.

10 An tí chreideas a Mac Dé, atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día, do rinne fé bréugach dhe, do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.

11 Agus a sí so an fhìadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthan∣nach dhúinne: agus is ann a Mhac atá an bheathasa.

12 An tí agá bhfuil an Mac aige, atá an bheatha aige: an tí ag nach bhfuil mac Dé, ní bhfuil an bheatha aige.

13 Do sgríobh mé na neithese chu∣guibhse, a dhream chreideas a nainm mhic Dé: chum a fheasa do bheith aguibh, go bhfuil an bheatha mhar∣thannach aguibh, & ionnus go gcreid∣feadh sibh a nainm Mhic Dé.

14 Agus a sé so an dôchas atá aguinn as, eadhon Ma íarrmuid éinni air do réir a thola, go néisdeann sé rinn.

Page [unnumbered]

15 Agus má atá a fhios aguinn go ••••isdeann sé sinn fá gach ní dá sirmîd, tá a fhios aguinn, go bhfuilid na híar∣ratais do îarramar air, ar faghàil a∣guinn.

16 Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhrá∣thair ag peacughadh a bpeacadh nach [bhfuil] chum-báis, iarraidh fé, agus do héura sé beatha don tí nach déun peac∣dh chum báis. Atà peacadh ann chum báis í air a shon sin a deirim leis, guidhe.

17 As peacadh gach uile eugcoir: gidheadh atá peacadh ann nach [bhfuil] chum báis.

18 Atá a fhios aguinn, gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía, nach bpea∣cuigheann sé: achd an tí atà ar na thuis∣meadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, & ní bheanann an droch [spiorad] ris.

19 Atà a fhios aguinn gur ab ò Dhía atámuid, & go bhfuil an sàoghal uile na luidhe sa nolc.

20 Achd atá a fhios aguinn go dtái∣nic Mac Dé, & go dtug sé tuigse dhúinn ris an Día fhíre daithniughadh: agus atámuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Jósa Críosd. A sé so an fîr-Dhía, & an bheatha mharthannach.

21 A chlann bheag, coimhéuduigh fibh féin air iodhaluibh. Amen.

DARA EPISTIL EOIN ABSDAIL.

Grádh a mbeathaidh, & fîorghloine a ttea∣gusg, ionchoimheud.

AN seanóir chum na bainntighearna toghtha, & chum a cloinne, dá bhfuil no ghrádh go fírinneach, & ní hé no ghràdhsa amhàin, ach grádh na mile mar an gcéudna, noch fuáir eólas ar an bhfirinne:

2 Ar son na fírinne chomhnuigheas ionuinn, agus bhías maille rinn go síor∣nidhe:

3 Grása, trocaire, & síothchàin maille ribh, ó Dhía Athar, & ón Dtighearna Jósa Crìosd Mac a Nathar, maille ré fí∣tine & ré gràdh.

4 Do bhí gàirdeachas mór oram, do bhrígh go bhfuàir mé [cuid] dod chloinnse ag siubhal do réir na fírinne, amhuil fiaramar áithne ó Nathair.

5 Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntighearna, (ní mar do bhéinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chu∣gad, ach [na háithne] do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghradh∣aghadh dhúinn.

6 Agus a sé so an gràdh, eadhon, Sinn do shiubhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, do réir mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siu∣bhal innte.

7 Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa domhan, nach admhuigheann Jósa Criosd do theachd a gcoluinn. Gidh bé atà mar sin, as mealltóir agus Ainnti∣críosd é.

8 Tuguidh aire ribh féin nach ligf•••••• amugha na neithe do shaothruigheamar, ach go madh héidir linn lànlúach sao∣thair do ghlacadh.

9 Gidh bé neach shàruigheas, agus nach comhnuigheann a dteagusg Chríosd, ní bhfuil Día aige: an tí chomhnuighea a dteagusg Chríosd, atà an Tathair & an Mac aige.

10 Dá dtigidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusgsa, na gabhuidh chuguibh a stéach é, agus na beannuighe dhó.

11 Oír an tí bheannuigheas dó, atá sé pártach ré na dhrochghníomharthuibh.

12 Bíodh go raibh móràn do nei∣thibh agum ré a sgríobhadh chuguibh, níor bháil leam sgríobhadh ré papéur agus ré dubh: achd atá súil agum ré theachd chuguibh, agus ré labhairt [ribh] béul ar bhéul, chum ar ngáir∣deachais do bheith iomian.

13 Cuirid clann do dheirbhsheathar toghtha, beatha agus slàinte chugad. Amén.

TREAS EPISTIL EOIN ABSDAIL.

aius na scàthan ar an Aoidheachd, 9 & Diotrephes na sheuclar ar na doctuiribh ilghiosach, ardcheannach.

AN feanóir chum Gàiuis ghràdhuigh, dà bhfuil mó ghrádh go fírinneach:

2 A [dhearbhrathair] ghrádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthà séun & sláinte, amhuil atá sé un ar thanam.

3 Oír do ghabh gàirdeachas mór mé, an tan thangadar na dearbhràithre, a∣gus do rinneadar fiadhnuise don fh∣rinne atá ionnadsa, do réir mar shiubh∣las tú sa bhfírinne.

4 Nì bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so, eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag siubhal sa bhfírinne.

5 A [dhearbhràthair] ghrádhuigh, is deighchreidmheach dò ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráithribh, & do dheóraidhibh,

6 Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh

Page [unnumbered]

a láthair na heagluise: Is maith do dhéunas tú mà bheir tù fâ shlighe íad mar is fíu Día.

7 Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na cineadhachuibh.

8 Uime sin atà dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabhàil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcomhluchd cabhartha don fhírinne.

9 Do sgríobh mé chum na heagluise: ach Diotréphes, rér mían àirdcheannas do bhéith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.

10 Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomh∣artha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus nî lór leis sin, ach ní ghabhann sé féin na dearbhràithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuiridh sé amach as a neagluis [íad.]

11 A [dhearbhràthair] ghrádhuigh, na lean don nolc, ach don mhaith: an tí do ní an mhaith, is ó Dhìa atà sé: achd an tì do ní an tolc, ni fhacuidh sé Dìa.

12 Atá deaghtheisd ar Dhemétrius ag na [dearbhraithribh] uile, agus ag an bhfirinne féin: agus do níomuidne fós fíadhnuise [ris:] agus atá a fhios aguibhse gur fìrinneach an fhìadhnuise do níomuid.

13 Do bhì móràn agum ré a sgrìo∣bhadh, ach nì háill leam a sgrìobhadh chugad ré dubh agus ré peann.

14 Oír atà súil agum ré thusa dfaic∣sin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul.

15 Sìothcháin maille riot. Cuirid na càirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.

EPISTIL GHINEARALTA JUDAIS ABSDAIL.

Ag gríosadh banus a Gcreidimh, Tairrghir∣ionn sê deire dòlasach na Bhfaigheadh cluâineach.

IUdas searbhf hóghantuighe Jósa Criosd & dearbhráthair Shéumuis, chum na druinge atá ar na ngairm, ar na nào∣mhadh ó Dhía Athar, & ar na gcoi∣mhéijd fá chomhair Jósa Críosd:

2 Trócaire, síothcháin, agus grádh, go raibh maille ribh go ro lionmhar.

3 A [dhearbhráithre] grádhacha, ar ndéunamh a nuile dhithchill damh ar sgríobhadh chuguibh, a dtimchioll an tslánuighte choitchinn, do bhí na riachdanus oram sgríobhadh chuguibh, chum bhur dteaguisg fà chathughadh go dithchiollach ar son an chreidimh tugadh éunuáir amháin do na náomhuibh.

4 Oír tangadar dáoine àirighe neimh∣dhíagha ar téultógh a steach, noch do bhí fada ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iom∣poigheas gràs ar Ndé a neamhghloine, & shé••••as an táon mhaighisdir, Día, agus ar Dtighearna Jósa Críosd.

5 Ar a nadhbharsin, is mían leam bhur ccur a gcuimhne, ar bhfagháil a f heasa so éunàir amháin, an tan do sháor an Tighearna an pobal ó Néi∣gipt, gur sgrios sé na dhiàigh sin an dream nár chreid.

6 Na haingil mar an gcéudna nár choimhéid an chéud sdaid ann a ra∣bhadar, ach do fhág a nionadh comh∣nuighe féin, do choimhéid sé íad a ngeimhlibh siorruidhe fà dhorchadas, chum breitheamhnuis an láe mhóir,

7 Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtim∣chioll, noch do lean do dhrúis air an modh céudna sin, agus do lean dain∣mhíanuibh coimhthigheacha na colla, ar na gcur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh síorruidhe.

8 Ach fós mar an gcéudna, saluighid an dreamsa tré na gcodladh an cho∣lann, agus cuirid úachdaránachd a dtarcuisne, agus do níd anchaint ar an luchd agá bhfuil áirdcheannas.

9 Gidheadh Míchael an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé a nadhuigh an dìa∣bhail, agus do rinne sé diosbóireachd a dtimchioll chuirp Mhàoise, níor lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd a dubhairt sé, Go nimdhearga an Tighearna thú.

10 Ach do níd an dreamsa anchaint ar na neithibh nach aithnidh dhóibh: agus gidh bé neithe ar a bhfuil eólas nadúrtha aca, do réir na nain∣mhinnteadh gan réusun, truáillid íad féin ionnta.

11 Budh hanáoibhinn dóibh: óir do lea∣nadar lorg Chàin, agus do chúadar amugha tré mhealitóireachd thúarasduil Bhálaaim, agus do sgriosadh lad tré bheith dhóibh comhchonntrardha ré Córe.

12 As buill cháidheacha íad so ann bhur bhféusduighibh grádha, an tan bhíd ar fhéusda maille ribh, dá mbea∣thughadh féin gan fhaitcheas ar bith: neóill gan uisge dà mbreith fá gcuáirt ris na gáothuibh: crainn do mheath, ar nach bhfuil toradh, do éug fá dhó, ar na mbuáin as a bhfréumhach;

Page [unnumbered]

13 Garbhthonna fairge, sgeitheas a náire fèin amhuil chubhar; réulta sea∣chráin, fá chomhair a bhfuil an dor∣chadas fìordhorcha dà thaisge go sìor∣ruidhe.

14 Agus do rinne Enoch fós an eachdmhadh [pearsa] ó Adhamh fáidh∣cadóireachd ar a samhuil so, ag rádh; Féuch, atá an Tighearna ag teachd gon a mhíltibh náomh:

15 Chum breitheamhnuis do dhéu∣namh ar na huile dháoinibh, agus dim∣dheargadh gach a bhfuil neimhdhíagha na measg ar son na nulle ghníomhar∣thadh neimhdhíagha do rinneadar, & ar son gach uile dhroch fhocal dar labhradar na peacuich neimhdhíagha na adhuigh.

16 As luchd monmhuir agus gearáin an dreamsa, bhíos ag siubhal reir a nain∣mhían féin: agus agá labhrann a mbéul neithe aidhbhéil, maille ré bheith dhóibh ag déunamh iongantuis do phear∣sanuibh dáoineadh do ghrádh éudala.

17 Gidheadh bíodh coimhne aguibhse a cháirde, ar na bríathruibh noch do labhrádar apsduil ar Dtighearna Jósa Críosd roimhse só,

18 [Eadhon] go ndubhradh ribh, go mbíadh luchd sgige sa naimsir dheighea∣nuigh, ag siubhal do réir a nainmhían neimhdhíagha féin.

19 A síad so an dream sgaras íad féin ré cách, [agus íad] colluidhe, gan an Spiorad.

20 Achd ar mbeith dhíbhse, a cháirde, dhà bhur bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ro náomhtha, maille ré bheith dhíbh ag urnuighe sa Sbio∣rad nàomh,

21 Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar Dtighearna Jósa Criosd, chum na beatha marthannuigh.

22 Agus bíodh truáighe aguibh do dhruing àirighe, ar ndéunamh eidirdhea∣luighe dhíbh eatorra:

23 Agus sáoruidh dream eile ré fait∣cheas, dá dtarruing as an dteine: & fós bíodh fùath aguibh don néudach atá ar na shalchadh ón gcoluinn.

24 Fà dheóigh, don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfaghàil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghloire féin gan choir ar bith maille ré rogháir∣deachais,

25 Don náon Ndía eagnuighe na áonar ar slánaightheóir, glóir & morghachd, neart agus cumhachda, a nois & go sáo∣ghal na saoghal. Amén.

TAISBEUNADH A NAPSDUIL AGUS AN TSOISGEULUIDH EOIN AN DIAGHAIRE.

CAIB. I. eachdáireachd Chríosd chum na 7 Neagluisibh tré Eòin.

TAisbéunadh Jósa Críosd, noch tug Día dhò, chum na neitheann is igean do bheith ann go lúath, dfoill∣f••••ghadh dhá shearbhf hoghantuighibh: agus ar gcur theachdair eáchda úadh ré na aingeal dó, do thaisbéin sé dà shear∣bhfhoghantuighe Eóin;

2 An tí do rinne fiadhnuile do bhréi∣thir Dé, & dfíadhnuise Jósa Críosd, agus dá gach ní dhá bhfacuidh sé,

3 As beannuighe an ti léigheas, agus an dream éisdeas bríathra na fáidhea∣dóireachd so, agus choimhéudus na neithe atá sgríobhtha innte: Oír atá a naim∣fir a láthair.

4 EOIN, chum na seachd neagluiseadh atá sa Násia; grása maille ribh, agus fíothcháin, ón tí atá, agus do bhí, agus bhías: agus ó na seachd spiora∣duibh noch atá a bhfíadhnuise a árdcha∣tháoiresion:

5 Agus ó Jósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan: an tí do ghrádhuigh sinn, agus do ion∣nail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin:

6 Agus do rinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá Athair: glóir agus cumhachda dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.

7 Féuch, atá sé ag teachd maille ré néulluibh, agus do chìfidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise: as amhluidh [bhías,] Amén.

8 As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Ti∣ghearna, an tí atá, & do bhí, agus bhías, an tí atá uile-chumhachdach.

9 Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhrá∣thair, agus bhur gcomhchompánach a dtáobh bhuáidheartha agus rioghachda agus fhulaing Jósa Críosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Jósa Críosd.

10 Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chualuidh mé don táobh shíar dhiom, guth mór mar [fhuáim] sduic,

11 Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach & a neach deighea∣nach, agus sgríobhsa a leabhar an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluiseadh atá sa Násia, chum Ephe∣suis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, a∣gus

Page [unnumbered]

chum Sardis, agus chum Philadel∣phia, agus chum Laodicea.

12 Agus do iompoigh mé ar mo chúl, chum an ghotha do labhair riom dfaic∣sin: agus ar niompógh dhamh, do chonnairc mé seachd gcoinnleóirigh órrgha:

13 Agus a meadhón na seachd gcoinn∣leóir sin, [neach bá] cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic sìos go a sháluibh, agus crios òrrgha thairis a dtimchioll a chíoch.

14 Agus [do bhí] a cheann agus a ghrúag coimhgheal ré holuinn ghil, nó ré sneachda: agus a shúile cosmhuil ré lasair theineadh.

15 Agus bá cosmhuil a chosa ré fionn∣bhruine, amhuil ar na ndeargadh a nuáimh thineadh: & bá cosmhuil aghuth ré fuáim mhoráin duifgidhibh.

16 Agus do bhí aige na láimh dheis seachd réulta: agús cloidheamh géur dhá fháobhar ag teachd amach as a bhéul: & a ghnúis, amhuil dheallruigheas an ghrían ann a láin-neart.

17 Agus an tan do chonnairc mé é, do thuit mé síos agá chosuibh a riochd mhairbh, & do chuir seision a lámh dheas oram, ag rádh riom; Ná biodh eagla ort: as mise an céidneach agus an neach deigheanach,

18 Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh: agus féuch, atáim beó go sáoghal na sáoghal. Amén. Agus a∣táid eochracha ifrinn agus an bháis agam.

19 Sgríobh na neithe do chonnairc tú, agus na neithe atá ann, agus na neithe thiucfus na dhiáigh so.

20 Rúindiamhair na seachd réult do chonnairc tú um láimh dheis, agus na seachd gcoinnleóir órrgha: a síad na seachd réulta, seachd naingil na neaglui∣seadh: agus na seachd gcoinnleóir do chonnairc tú, a síad na seachd neag∣luiseacha íad.

CAIB. II. Minisdreadh Eagluise, 8 Smirna, 12 Pergamos, 18 & Tiatira, ar na moladh a gcail, & diomolta a gcàil.

SGríobh chum aingil eagluise Ephesuis, Ag so na neithe a deir an ti chong∣mhas na seachd réulta na láimh dheis, noch shiubhlas a meadhón na seachd gcoinnleóir órrgha:

2 As aithnidh dhamh hoibreacha, & do sháothar, & thfoighid, & nách éidir leachd iomchar ris na drochdháoinibh: agus gur dhearbh tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus nach eadh, agus fuáir tú bréugach íad.

3 Agus do cuireadh eire ort, agus iomchruidh tú go foighideach: & ar son mhanmasa do rinne tú sáothar, & níor tuirsigheadh thú.

4 Gidheadh atá agum a tadhuigh, Cur thréig tú do chéudghrádh.

5 Uime sin bíodh coimhne agud, cá hionadh as ar thuit tú, agus bíodh aith∣reachas ort agus déun na céudoibreacha: nó tiucfuidh mé ad choinne go haith∣ghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionadh, mona ndearna tú ai∣thrighe.

6 Gidheadh atà so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícolái∣teach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.

7 An tí agà bhfuil clúas, éifdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisibh: Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhòn Phárr∣thais Dé.

8 Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna: Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach, noch fuàir bás, agus atà beó.

9 As aithnidh dhamh hoibreacha, & do bhuáidhirt, agus do bhochdaine (gi∣dheadh atá tú sáidhbhir) agus an mha∣sla do bheir an dream, noch a deir gur Júduigheadh íad féin, & ní headh, ach Sinagóig Shátain.

10 Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfui∣leónguidh tú, ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bprìosûn, chum bhur ndearbhtha: agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deach lá. Bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.

11 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorud ris na heaglui∣sibh: An tí bheireas buáidh, ní bhfuighe sé dochar ón dara bás.

12 Agus sgriobh chum aingil na heagluise atá a Bpergamus: Ag so na neithe a deir an tí agá bhfuil an cloi∣dheamh géur dhá fháobhar.

13 As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, a náit a bhfuil ardchatháoir Shátain, agus coimhéudann tú mainmse, agus níor shéun tú mo chreideamh, sna laethibh fòs ionar marbhadh Antipas mfiadhnuise fhíre eadruibhse, sa nionadh na bhfuil Sátah na chomhnuighe.

14 Gidheadh atá beagan agum a ta∣dhuigh, Go bhfuil agud sa náit sin dream leanas do theagusg Bhálaam, an tí do theaguisg Bálac fá adhbhar oilbhéime do chur roimhe chloinn Israél, ionnus go níosdáois na neithe do bhí ar na niodh∣bairt diodhaluibh, agus go ndéunaidís sdriopachas.

15 As amhluidh sin atá agudsa mar an gcéudna, dream leanas do theagusg na Nicoláiteach, an ní air a bhfuil fúath agumsa.

16 Déun aithrighe: nó tiucfa mé ort go haithghearr, & troidfead ríu ré cloidheamh mo bhéil.

17 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heaglui∣sidhibh: Do bhéurad don tí bheireas buidh, ní ré a ithe don Mhanna fholui∣gheach:

Page [unnumbered]

agus do bhéur dhó cloch gheal, & ainm núadh sgríobhtha air an gcloich, nách aithnidh daóin neach achd amháin don tí ghlacas í.

18 Agus sgríobh chum aingil na heag∣luise atá a Dtiatira: Ag so na neithe a deir Mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar lasair theineadh, agus a chosa cos∣mhuil ré fionnbhruine.

19 As áithnidh dhamh hoibreacha, & do ghrádh, & do mhiniosdràiachd, agus do chreideamh, & dfoighid, agus do ghníomhartha, agus gur líonmhuire íad fá dheireadh ná ó thosuigh.

20 Gidheadh atá beagán agum a ta∣dhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Jesabel, a deir gur bafháidh í féin, tea∣gusg do thabhairt uáithe, agus mo shear∣bhfhoghantuigheadhsa do mhealladh, chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodh∣bairt diodhaluibh ithe.

21 Agus tug mé aimsir dhi chum aith∣righe dhéunamh a dtáobh a sdríopachais: & ní dhearna sí aithrighe.

22 Féuch, teilgfe mé í a leabuidh, & an dream do ní drúis ría, a mbuáidhirt ro mhóir, muna dhearnuid siad aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.

23 Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás: & tuigfid na heagluiseacha uíle gur misi sgrúduigheòir na ndubhán agus na gcroidhtheach: agus do bhéur dá gach àon aguibhse réir bhur ngnío∣mharthadh.

24 Agus a deirim ribhse, agús ris an gcuid eile do luchd Thiatíra, an mhéid nach ccongmhann an teagusgsa, agus dà nach feas doimhne Shátain, mar a deirid síad: ní cuirfead oruibh úalach eile.

25 Gidheadh congmhuigh an ní atá aguibh, go teachd damhsa.

26 Agus an tí bheireas buáidh, agus thongmhus moibeachasa gus an gcrích dheigheanuidh, do bhéur cumhachda dhó ós cionn na gcineadhach:

27 Agus do dhéunuidh a rìaghlughadh ré slait íaruinn; [agus] do dhéuntar a gcoimbriseadh, mar shoithighe críadh, amhuil as do ghlac mise fós óm Athair:

28 Agus do bhèur dhó réult na maidne.

29 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh fe, créd a deir an Sbiorad ris na heag∣luisibh.

CAIB. III. Riaghlóirighe Eagluise 1 Sardis, 8 Philadel∣phia, 15 & Laodicea ar na gcomhairliu∣ghadh.

AGus sgríobh chum aingil na heag∣luise atá a Sardis: Ag so na neithe a deir án tí agá bhfuilid seachd sbiora∣da Dé & na seachd réulta: As aithne dhamh hoibreacha, go bhfuil ainm ort bheith beó, gidheadh atà tú marbh.

2 Bí ad dhúsachd, agus neartuigh an chuid eile atá a mbáoghal báis: oir ni bhfuàir mé hoibreacha iomlán a bhfi∣adhnuise Dé.

3 Uime sin bíodh na neithe do ghlac, agus do chúala tú, ar coimhne agad, agus connaimh íad agus déun aithrighe. Ach cheana muna dhearna tú faire, tiucfa mé ort mar ghaduighe, & ní bhiáidh fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.

4 Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis, nár shaluidh a néuduighe: a∣gus siubhóluid síad má ráon riomsa a [néuduighibh] gléigheala: óir as fíu sin íad.

5 An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na eudughadh déuduighibh gléigheala: agus ni sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, & a bhfíadhnuise a aingeal.

6 An tí agá bhfuil cluas, éisdeadla sé, créd a deir an Sbiorad ris na heag∣luisibh.

7 Agus sgríobh chum aingil na heag∣luise atá a Bphiladelphia: Ag so na nei∣the a deir an neach náomhtha fírin∣neach, agá bhfuil eochair Dháibhi: an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, & ní osglann éunduine.

8 As aithnidh dhamh hoibreacha: Féuch, do chuir mé doras osguilte ro∣mhad, agus ní héidir déinneach a dhú∣nadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhria∣tharsa, agus nar shéun tú mainm.

9 Fèuch, do bhéura mé air an druing do shinagóig Shátain noch a deir gur Júdaigheadh íad féin, agus nach eadh, ach do níd bréug, féuch do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéu∣namh ag ad chosuibhse, agus biáidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.

10 Do bhrígh gur choimhéid tú bría∣thar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choi∣mhéud ar aimsir an chathuighe, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an ta∣lamh.

11 Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneach do choróin uáit.

12 Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach as: agus cuirfead ainm mo Dhé sgríobhtha air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Jaru∣salém nùadh, noch thig a núas ó neamh ó mo Dhía, agus mainm núadh féin.

13 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na hea∣gluisibh.

14 Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa: Ag so na neithe a deir A∣men, an fhíadhnuise dhílea f••••rinneach tosach chreatúr Dé.

Page [unnumbered]

15 As aithne dhamh hoibreacha, nach bhfuil tú fúar nà teith: do bfearr leam go mbeitheá fúar nó teith.

16 Uime si, do bhrígh go bhfuil tú boigtheith gan bheìth teith no fúar, atá fúm do sceith amach as mó bhéul.

17 Oir a deir tù, atàim saidhbhir, & líonta do mhàoin, agus ní bhfuil uireas∣bhuidh éinneithe oram: agus gan a fhios agad go bhfuil tú dearóil, agus ad thruaghan, agus bochd, agus dall, agus lomnochd.

18 Do bheirim do chomhairle dhuit, ór a cheannach uáimse do dearbhadh a dteine, ionnus go mbeitheá saidhbhir: & éuduighe geala, chum a gcur iomad, ionnus nach budh léir gràineamhlachd do lomnochduighe: agus ung do shúile ré sobhairt na súl, ionnus go madh lér dhuit.

19 An mhéid is ionmhuin leamfa, cronuighim agus smachduighim [íad.] Uime sin bíodh teasghrádh agad, agus déun aithrighe.

20 Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhà bhuáladh: mà éisdeann ein∣neach rém ghuth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, & íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maille riomla.

21 Do bhéur cead don tí bheireas buáidh, fuidhe maille riom um chathàoir riogha, amhuil fós rug mise buàidh, agus shuighim a bhfochair Mathair ann a chatháoir ríoghasan.

22 An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heag∣luisibh.

CAIB. IV. Atà Rí, ceann, & ardbhùachaille na Heag∣luise, ar na onórughadh lê a Minisdribh.

NA dhiaigh so do fhéuch mé, agus féuch, doras ar neamh, agus an céud ghuth do chúaluidh mé, mar [fhu∣aim] sduic ag labhairt riom, ag rádh; Gabh a níos ann so, agus foillseóchad dhuit na neithe as éigean do dhéunamh na chiáigh so.

2 Agus do bhí mé gan fhuireach san fbioruid, & féuch, do bhí catháoir río∣gha ar na suigheadh ar neamh, agus do bhi neach na shuidhe sa gcatháoir.

3 Agus an tí do shuigh, bá cosmhuil é ré na fhéuchain, ré cloich Iaispis agus Shardis: agus [do bhí] bogha uisge a dtimchioll na cathâoire fà gcuàirt, bá cosmhuil ré nà fhéuchain ré [cloich] Smaragad.

4 Agus a dtimchioll na catháoireach fá gcuàirt, [do bhádar] ceithre cathàoi∣reacha fichead: agus do chonnairc mê sna catháoireachuibh sin na suidhe cea∣thrar ar fichid seanóir umâ raibh éudui∣ghe gléigheala: agus do bhadar coróna ôrrgha aca ar a gceannuibh.

5 Agus tàinic amach ón gcatháoir sin, tinnteach, agus tóirrneach, agus go∣thanna: agus [do bhádar,] seachd lam∣puighe teineadh ar dearglasadh a bhfîa∣dhnuise na catháoireach, agarob íad seachd Sbiorada Dé iad.

6 Agus [do bhí] a bhfíadhnuise na cathaóireach, fairrge ghloine bá cosmhuil ré criosdal: agus eidir an gcathaóir & na neithe do bhí na timchioll, [do bhádar] ceithre beathuigh lán do shúi∣libh rompadh agus na ndiáigh.

7 Agus bá cosmhuil an céud bheathach ré leomhan, agus an dara beathach cos∣mhuil ré laodh, agus ag an dtreas ea∣thach do bhí adhuigh mar dhuine, agus bá cosmhuil an ceathramhadh beathach ré hiolar ag eitealluidh.

8 Agus do bhí ar gach beathach só leith do na ceithre beathuighibh sin, sé sgiatháin fá gcuáirt, agus íad don táobh a stigh lán do shúilibh: agus níor sguireadar do ló ná doidhche dà bheith ag ràdh; [Is] náomhtha, náomhtha, náo∣mhtha, an Tighearna Día uile chumh∣achdach, an té bhí, agus atá, agus bhías.

9 An tan thugadar na beathuidh sin glóir, onóir agus buidheachas don té bhí na shuidhe sa gcatháoir, noch a mhaireas go saoghal na sáoghal,

10 Do léigeadar an ceathrar air fhi∣chid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise an té do shuigh fa gcathaóir, agus tu∣gadar onóir don té mhaireas go sàoghal na sáoghal, agus do theilgeadar a gco∣rónacha a bhfiadhnuise na catháoire, ag ràdh;

11 As fíu thú a Thighearna, glóir, & onóir, agus cumhachda dfagháil: óir as tú do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thoilse atáid, agus do cruthui∣gheadh íad.

CAIB. V. Leabhar riaghailte & Fhreasduil Chriosd, dùnta.

AGus do chonnairc mé ar láimh dheis an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir, leabhar sgríobhtha do táoibh a stigh agus don táobh a muigh, do daingni∣gheadh ré seachd séula.

2 Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar, noch do sheanmóruigh do ghuth árd; Cía atá iomchubhaidh chum an leabhair dfosgladh, agus chum a shéuluighe sgáoileadh?

3 Agus nior bhféidir ré héinneach air neamh, ná air talamh, ná fàoi an dtalamh an leabhar dfosgladh, ná fós séuchain air.

4 Ann sin do cháoì mise go mó, do bhrígh nach raibh éinneach air fagháil, do bf íu an leabhar dosgladh ná a léu∣ghadh, na fós féuchain air.

5 Agus a dubhairt neach do na sea∣nóiribh riom, Ná guil, féuch, rug an leo∣mhan do threibh Iúda, fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh do sgáoileadh.

6 Uime sin do fhéuch mé, agus féuch, a meadhôn na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uan na sheasamh amhuil tar éis a

Page [unnumbered]

mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadh∣ca, agus seachd súile, agar ab íad seachd sbiorada Dé íad, do cuireadh a∣mach feadh na talmhan uile.

7 Agus táinic sé, agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an tí do bhí na shuighe sa gcathaóir.

8 Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh, agus an ceathrar ar fhichid seanóir, íad féin sios a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith, lán do dheagh∣bhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na áomh íad.

9 Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh; As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin, as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh:

10 Agus go ndearna tú ríghthe agus sagairt dínn dár Ndîa féin: agus bíam ag ríaghlughadh air an dtalamh.

11 Do fhéuch mé an tan sin, agus do chúaluidh mé guth mhórain daing∣libh a dtimchioll na cathaòireach agus a sé lion do bhádar ann, míle ar mhíle do mhíltibh aingeal:

12 Ag rádh do ghuth árd; As fíu an Túan do mharbhadh, cumhachda agus saidhbhrios, agus eagna, agus neart, & onóir, agus glóir, agus moladh dfa∣gháil:

13 Agus do chúala mé gach uile threatúir dá bhfuil ar neamh, agus ar talamh, agus faói an talamh, agus da bhfuil sa bhfairge, agus gach a bhfuil ionnta, ag rádh; Moladh, agus onóir, agus glóir, agus cumhachda don té atáa na shuidhe sa gcathaóir, agus don Uan, go sáoghal na saoghal.

14 Agus a dubhradar na ceithre bea∣thuigh, Amén. Agus do léigeadar an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin sios ar a naighthibh, & tugadar onóir don té mhaireas go sáoghal na sáoghal.

CAIB. VI. O leabhair an Ʋain, osguilte uaidh fêin amhain, orduightear breitheamhnas Dè do chur a ccrich, a bfeadh mhaireas an sào∣ghal.

NA dhiáigh sin do chonnairc mé, an tan do fhosguil an Tùan, an ceid shéula do na séuluighibh, agus do chúaluidh mé beathach do na ceithre beathuighibh ag rádh mar fhuáim toirr∣nighe; Gabh a leith, agus féuch.

2 Agus do fhéuch mé, agus féuch, each bán: agus an tí do shuigh uirr∣the, do bhí bogha aige: agus tugadh coróin dó, agus do chuáidh sé amach maille ré buáidh, agus chum buáidhe do bhreith dhó.

3 Agus an tan do fhosguil sé an dara séula, do chúaluidh mé an dara beath∣ach ag rádh; Gabh a leith, agus féuch.

4 Agus do chuáidh each eile rúadli amach: agus tugadh cumhachda don té do bhí na shuidhe uirrthe, sìothcháin na talmhan do bhreith ris, ionnus go dtiubhradh orrtha a chéile mharbhadh: agus tugadh dhò cloidheamh mór.

5 Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, do chúaluidh mé an treas beathach ag rádh; Gabh a leith, agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus féuch, each dubh, agus an té do bhî na shui∣ghe uirrthe, do bhí meadh aige na láimh.

6 Agus do chúaluidh mé guth a mea∣dhón na gceithre mbeathach, ag rádh; Miosúr cruithneachda air phighin, agus trí miosùir éorna ar phighinn: agus ná mill ola ná fíon.

7 Agus an tan do fhosguil sé an ceathramhadh séula, do chúala me guth an cheathramhadh beathuigh ag rádh; Gabh a leith, agus féuch.

8 Agus do fhéuch mé, agus féuch, each glasbhán, agus a sé dob ainm don tí do bhí na shuidhe uirrthe, an Bás: a∣gus do lean ifrionn é: agus tugadh cumhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloi∣dheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na tal∣mhan.

9 Agus an tan do fhosguil sé an cùi∣geadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do mar∣bhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar.

10 Agus do éigheadar do ghuth árd, ag rádh: Cá fad bhîas tú a Thighear∣na náomhtha fhírinnigh, gan breitheamh∣nus do bhreith, agus dioghaltus do dhèunamh ar son ar bhfolainne, ar an druing áitigheas ar an dtalamh?

11 Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala, agus a dubhradh ríu sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith [uibhir] a gcoimh∣shearbhfhoghantuigheadh & a ndearbh∣raithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré hadhuigh a marbhtha mar íadsan.

12 Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, & féuch, do chriothnuigh an talamh go mór, agus do rinneadh an ghrían comh∣dhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cosmhuil ré fuil:

13 Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a ubhla anabuidh, an tan bhogthar é ré gaóith thréin.

14 Agus do imthigh neamh thoruinn, mar leabhrán fhilltear ar a chéile: a∣gus do hathruigheadh gach slíabh agus gach oiléun as a nionaduibh féin:

15 Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, & na daóine móra, agus na daóine saidhbhre, agus na hárd∣chaiptínighe,

Page [unnumbered]

& na daóine cumhachdach, & gach searbhfhoghantuighe, & gach duine sáor, íad féin a dtuinthighibh, agus a measg charrag na sléibhtheadh:

16 Agus a dubhradar ris na sléibhtibh agus ris na cairrgibh, Tuitidh oruinn, agus folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcathaóir, agus ó fheirg a Nuáin:

17 Oír táinic lá mór a fheirge, agus cía fhéudus seasamh?

CAIB. VII. Sgir na 4 naingil atá òs 4 chorruibh na talmhan, ò mhilleadh, nô gur sêuladh 144000 dfirèunaibh Israel.

AGus na dhiáigh sin do chonnairc mé ceithre haingil na seasamh ar chei∣thre corruibh na talmhan, ag cong∣mhàil cheithre ngáotha na talmhan, ionnus nach sèidfeadh an gháoth ar an dtalamh, ná ar an bhfairge, ná ar chrann ar bith.

2 Agus do chonnairc mé aingeal eile ag éirghe ón áird a nsoir agá raibh seula Dé bhí: agus do éigh sé do ghuth árd ar na ceithre hainglibh dá dtu∣gadh cumhachda an talamh agus a nfairge mhilleadh.

3 Ag rádh; Na déunuidh dochar don talamh, ná don fhairrge, ná do na crannuibh, nó go gcuiream séula ar fearbhfhoghantuighibh ar Ndé a gclàruibh a néudan.

4 Agus do chúala mé uihhir na druinge air ar cuireadh an séula: agus do shéu∣luigheadh céud ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhíltibh, do threabhuibh chloinne Israel uile.

5 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Júda: do séuluigheadh dhá mhile dhéug do threibh Rúben: do séu∣luigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ghad:

6 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Aser: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Nephthali: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Mhanasses:

7 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Lébhi: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar:

8 Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shabulón: do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ióseph: do féuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Bhenjamin.

9 Tar a éise sin do fhéuch mé, agus féuch, buidhean mhór nár bhéidir déin∣neach áireamh, do gach uile chíneadh, agus threibh, agus phubail, agus thean∣guidh, na seasamh a bhfiadhnuise na cathaóireach, & a bhfiadhnuise a Nuáin, umá rabhadar róbuidhe fada gleigheala: agus pailm ann a lámhuibh.

10 Agus do éigheadar do ghuth árd, ag rádh; Slánughadh dár Ndíane atá na shuidhe sa gcathaóir, agus do Núan.

11 Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanòirigh, agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháo∣reach, agus tugadar onóir do Dhía,

12 Ag rádh, Amén: moladh, agus glóir, agus eagna, agus buidheachas, a∣gus onóir, agus cumhachda, & neart dár Ndíane go sáoghal na sáoghal. Amén.

13 Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom; Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala, agus cá hionadh as a dan∣gadar?

14 Agus a dubhairt mise ris: A Thi∣ghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa; Ag so an dream tháinic as buáidhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe fada, agus do ghea∣luidh íad a bhfuil a Nuáin.

15 Uime sin atáid siad a bhfíadh∣nuise árdchathaóire Dé, agus do níd seirbhís dòsan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atà na shuighe sa gcatháoìr, áiteochuidh sé na measg.

16 Ni bhiáidh ocarus ná tart feasda orrtha, agus ní luighfidh an ghrían orrtha, ná teas ar bith.

17 Oír do dhéuna an Túan atá a mea∣dhón na catháoireach íadsan do bhea∣thughadh, agus do dhéunuidh a dtreò∣rughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó 〈◊〉〈◊〉 fúilibh.

CAIB. VIII. Amhluadh mór dèis séideadh cheithre, do na seachd sdocaibh.

AGus an tan do fhosguil sé an seachd∣mhadh séula, do bhí cíunas ar neamh túairim leathuáire.

2 Agus do chonnairc mé na seachd naingil do sheas a bhfíadhnuise Dé, & tugadh seachd sduic dhoibh.

3 Agus táinic aingeal eile, agus do sheas sé a bhfíadhnuise na haltóra, agà raibh sionnsa órrgha: agus tugadh mo∣rán do neithibh deaghbhaluidh dhó, chum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar a naltóir órrgha do bhí a bhfíadhnuise na catháoire,

4 Agus do chuáidh deatach na nei∣theann ndeaghbhaluidh sin, maille ré hurnuighibh na náomh, as láimh a nain∣gil, a bhfíadhnuise Dé.

5 Agus do ghlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do theine na haltóra, agus do theilg sé fán dtalamh é: agus do éirigh gothanna, agus tóirneach, agus tinnteach, agus crith talmhan ann.

6 Agus do ullmhuigheadar na seachd naingil agá rabhadar na seachd sduic íad féin, chum na sdoc do shéideadh.

Page [unnumbered]

7 Agus do shéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloichshneachda agus teine ann, ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeadh íad fón dtalamh: & do dhói∣gheadh an treas cuid do na crannuibh, agus do dóigheadh an féur glas uile.

8 Agus do shéid an dara haingeal a sdoc, agus do teilgeadh cosamhlachd sléi∣bhe móir tré theinidh fán bhfairge: agus do rinneadh fuil don treas cuid don fhairge.

9 Agus fuáir an treas cuid do na creatúiribh do bhí sa bhfairge, ann a raibh anam, bás: agus do haídhmhil∣leadh an treas cuid do na longuibh.

10 Agus do shéid an treas aingeal a sdoc, agus do thuit réult mhór ó neamh ar dearglasadh mar lóchrann sholasda, agus do thuit sé sa treas cuid do na haibhnibh, agus sna tiubruidibh.

11 Agus a fé ainm ghoirthear don réult sin, Mormónta: agus do hiompoi∣gheadh an treas cuid do na huisgidh∣ibh a mormónta: agus fúaradar morán bás ô ná huisgidhibh, tré go rabhadar searbh.

12 Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh: ionnas go ndearnadh an treas cuid díobh dorcha, agus nior dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.

13 Agus do chonnairc mé, agus do chúaluidh mé, aingeal na áonar ag ei∣tealluidh a meadhón neimhe, ag rádh do ghuth árd; As mairg, mairg, mairg don druing áitigheas an talamh ar son ghothann sdoc na dtrí naingeal atá fós chum teachda, ar ti a sdoc do shéideadh.

CAIB. IX. Tuille doghrainn tar êis séideadh an 5 & an 6 sduic.

AGus do shéid an cúigeadh aingeal a sdoc, agus do chonnairc mé réult ag tuitim ó neamh chum na talmhan, agus tugadh dhó eochair an phuill dubhai∣géin.

2 Agus do fhosguil sé an poll dubhai∣géin. Agus do éiridh deatach as an bpoll amhuil as úamhuigh mhóir thei∣neadh: agus do rinneadh an ghrían agus an taiéur dorcha ó dheatuigh an phuill.

3 Agus tangadar lócusduighe amach as an deatuigh ar an dtalamh, agus tu∣gadh cumhachda dhóibh, do réir na gcumhachd atá ag aithreachuibh nimhe na talmhan.

4 Agus a dubhradh riu, Gan dochar do dhéunamh dféur na talmhan, ná do ní glas ar bith, ná do chrann ar bith, ach do na daóinibh amháin ag nach bhfuil séula Dé a gcláruibh a néudan.

5 Agus tugadh dhóibh gan a mar∣bhadh, ach bheith dhá bpíanadh feadh chúig míos: agus a bpìan [do bheith] mar phéin aithir nimhe, an tan chail∣geas si duine.

6 Agus ann sna laethibh sin béid daóine ag íarruidh báis, agus ní bhfuighid e▪ agus budh mían ríu bás dfagháil, agus teithfidh an bás úatha.

7 Agus bá cosmhuil faicsin na bpíafd sin ré heachuibh ullamh chum catha: agus ar a gceannuibh mar do bhíadh corónacha cosmhuil ré hór, & a naigh∣the cosmhuil ré haighthibh daóine.

8 Agus do bhí grúag orrtha cosmhuil ré gruáig bhan: agus bá cosmhuil a bhfiacla ré [fiacluibh] leomhan.

9 Agus do bhádar lúireacha orrtha cosmhuil ré lúireachuibh íaruinn: agus fuáim a sgiathán cosmhuil ré fuáim carbad iomad each ag rioth a gceann chatha.

10 Agus do bhádar earbuil orrtha cosmhuil ré haithreachuibh nimhe, & do bhí cailg ann a nearbluibh: agus a sé bá cumhachda dhóibh, bheith ag gortughadh dhaóineadh feadh chúig míos.

11 Agus do bhí Rí aca ós a gcionn, aingeal an dubhaigéin, dárob ainm a Neabhrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm dhó, Apollion.

12 Do chuáidh áon truáighe amháin thoruinn, agus féuch, atá dhá thruáighe fós chum teachda na dhiáigh so.

13 Agus do fhéid an seiseadh ain∣geal a sdoc, agus do chúaluidh mé guth áirighe ó cheithre hadharcuibh na haltóra órrgha, noch atá a bhfiadhnui∣se Dé,

14 Ag rádh ris an seiseadh aingeal agá raibh an sdoc; Sgaóil na ceithre haingil noch atá ceanguilte ag a na∣bhuinn mhóir Euphrátes.

15 Agus do sgaóileadh na ceithre haingil, noch do bhí ullamh duáir, agus do ló, agus do mhí, agus do bhlíadhain, chum an treas coda do na daóinibh do mharbhadh.

16 Agus a sé uibhir an mharc∣shluáigh, fithche míle uáire deich míle: óir do chúaluidh mé a nuibhir.

17 Agus as amhluidh so do chonnair mé na heich a dtaibhse, agus an luchd do bhí ar a muin, umá rabhadar lúi∣reacha tinntighe agus ar dhath na Hiacinth agus na ruibhe: agus bá cos∣mhuil cinn na neach, ré ceannuibh leo∣mhan: agus táinic teine, agus deatach, agus ruibh as a mbéuluibh amach.

18 As ris na trí pláighibhse do mar∣bhadh an treas cuid do na daóinibh, ris an dteine, agus ris a ndeatuigh, agus ris an ruibh tháinic as a mbéu∣luibh amach.

19 Oir is ann a mbéul atá a gcu∣mhachda, agus ann a nearbluibh: òir is cosmhuil a nearbuill ré haithreachuibh

Page [unnumbered]

nimhe, agus atáid cinn ar na hearb∣luibhsin ré a néunuid dochar.

20 Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláigh∣ibhse, ní dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodha∣luibh óir, & áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir a∣mharc, ná éisdeachd, nà siubhal.

21 Agus ní dhearnadar aithrighe ar son a ndúnmharbhtha, ná ar son a bpi∣séog, ná ar son a sdriopachais, ná ar son a ngaduigheachda.

CAIB. X. Tug treun-aingeal ioma raibh neull, leabhar Deóin; bhí milis, ag teachd ar fùascladh na Heagluise as an inmhe shearbh a nraibh roimhe.

AGus do chonnairc mé aingeal neart∣mhar eile ag teachd a nùas ó neamh, ar na éudughadh do néul, agus an bogha uisge ar a cheann, agus a aghuidh mar an ngréin, agus a chosa cosmhuil ré co∣lamhnuibh teineadh:

2 Agus do bhí leabhrán osguilte aige ann a láimh: agus do chuir sé a chos deas ar muir, agus a chos chlí ar tír.

3 Agus do éigh sé do ghuth árd, amhuil bhéiceas leomhan: agus an tan do éigh sé, do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna féin.

4 Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgríobhadh: ach do chúaluidh mé guth ó neamh ag rádh riom; Cuir féula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.

5 Agus do thòg an taingeal do chon∣nairc mé na sheasamh ar muir agus ar tír, a lámh súas chum nimhe,

6 Agus tug sé an tí mhaireas go sáo∣ghal na saoghal, noch do chruthuigh neamh & na neithe atá ann, agus an talamh agus na neithe atá ann, agus a nfairge agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda:

7 Achd a láethibh ghotha an seachd∣mhadh aingeal, an tan shéidfeas sé a sdoc, biáidh rúindíamhair Dé ar na chríochnughadh, do réir mar do fhoill∣sigh sé dhà shearbhfhoghantuighibh féin, na fáidhe.

8 Agus do labhair an guth do chúaluidh mé ó neamh, a rís riom, agus a dubhairt: Imthigh romhad, glac an leabhrán os∣guilte úd a láimh a naingil sheasas air muir agus air tír.

9 Agus do imthigh mé chum a nain∣gil, agus a dubhairt mé ris: Tabhair dhamh an leabhrán. Agus a dubhairt sei∣sion riom: Glac agus sluig é: agus do dhéuna sé do bhruinn searbh, ach biáidh lé ad bhéul comhmilis ré mil.

10 Agus do ghlac mé an leabhrán as láimh a naingil, agus do shluig mé é: agus do bhi sé um béul comhmilis ré mil: achd an tan do shluig mé é, do rin∣neadh sé mo bhruinn searbh.

11 Agus a dubhairt sé riom; is éigean duit fáidheadóireachd do dhéunamh a rís a bhfiadhnuise phuibleach, agus chi∣neadhach, agus theangtha, agus mhoráin ríghtheadh.

CAIB. XI. Eiseirghe dhà fhiaghnaise na Firinne (a Nrigheachd & a Neagluis) 15 re seieadh na 7 sdic.

AGus tugadh dhamh giolcach cosmhuil ré slait, agus do sheas an taingeal láimh riom, agus a dubhairt; Eindh, agus tomhais teampoll Dé agus a nal∣tóir, agus an dream do ní seirbhís ann.

2 Ach teilg amach an chúirt atá don táobh amuigh don teampoll, agus ná tomhais í: óir tugadh í do na cineadh∣achuibh: agus do dhéunuid an chathair náomhtha shaltairt fá na gcofuibh, ré headh dhá mhíos agus dá fhichead.

3 Agus do bhéura mé dom dhía fíadh∣nuisighe, agus béid siad ag fáidheadói∣reachd, míle, dhá chéud agus trí fichid lá, ar na néudughadh déuduighibh róin.

4 Ag so an dá chrann ola agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfíadhnuise Thighearna na talmhan.

5 Agus cia bé lér mían dochar do dhéu∣namh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cìa bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigeana mhar∣bhadh.

6 Atá do chumhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach biáidh sear∣thuin ann, a laethibh a bhfáidheadói∣reachda: agus atá cumhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil: agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.

7 Agus an tan chriochnóchuid síad a bhfiadhnuise, do dhéunuidh an tainmhidhe éirgheas ón bpoll dubhaigéin cogadh ríu, agus béuruidh sé buáidh orrtha, agus muirfidh sé íad.

8 Agus [béid] a gcuirp [sinte] ar shráidibh na caithreacha móire, dá ngoirthear go spíoradalta, Sódom agus a Néigipt, sa nionadh fós ann ar céusadh ar Dtighearna.

9 Agus do chífid [cuid] do na trea∣bhuibh, agus do na puibleachuibh, agus do na teangthuibh, agus do na cineadh∣achuibh, a gcuirp feadh thrí lá go leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúa∣muighibh.

10 Agus do dhéunuid áitreabhuidh na talmhan gáirdeachas ós a gcionn, agus biáidh luathgháir orrtha: agus cuirfid tabhartuis chum a chéile: do bhrígh gur phíanadar an dá fhaighse áitrea∣bhuigh na talmhan.

Page [unnumbered]

11 Achd a gcionn thrí lá go leith, do chuáidh Spiorad na beatha ó Dhía ionnta, agus do sheasadar air a gcosuibh, agus do ghabh eagla mhór an dream do chonnairc ìad.

12 Agus do chualadar guth árd ó neamh, ag rádh ríu; Tigidh a níos ann so. Agus do chuadar súas ar neamh a néull: agus do chonnairc a naimhde íad.

13 Agus ar a nuáirsin féin do bhí crioth mór talmhan ann, agus do thuit an deachmhadh cuid don chathruigh, agus do marbhadh seachd míle pearsa ris an gcríth talmhan sin, agus do ghabh eagla an chuid eile, agus tugadar glóir do Dhía neimhe.

14 Do chuáidh an dara truàighe tho∣ruinn, agus féuch, tiucfuidh an treas truáighe go haithghearr.

15 Agus do shéid an seachdmhadh ain∣geal a sdoc, agus do bhádar gothanna móra ar neamh, ag rádh: Is lé ar Dti∣ghearnainne, agus lé na Chríosd riogh∣achda an domhuin, agus biáidh seisean na Rí go sáoghal na sáoghal.

16 Agus do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir noch do bhí na suidhe a bhfíadhnuise Dé ann a gcaithíreachuibh, íad féin síos ar a naighthibh, agus tuga∣dar onóir do Dhía,

17 Ag rádh; Beirmíd buidheachas riotsa, a Thighearna a Dhé uile chumh∣achduigh, noch atá, agus do bhí, agus bhías, óir do ghabh tú chugad do mhòr∣chumhachda féin, agus do ghnodhuigh tú do ríoghachd.

18 Agus do ghabh fearg na cineadha∣cha, agus táinic thfeargsa, agus aimsir bhreitheamhnuis na marbh, agus luái∣dheachda do thabhairt dod shearbhf ho∣ghantuighibh, do na fáidhibh, agus do na náomhuibh, agus don luchd ar a mbí eagla hanma, eidir bheag agus mhór: agus sgreasda na druinge sgriosus an talamh.

19 Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus bá léir áirc a chonnar∣tha ann a theampoll: agus do bhí tinn∣teach, agus gothanna, agus tóirrneach, agus crioth talmhan, & cloichshneach∣da mór ann.

CAIB. XII. Cath Choimheaduighe na Heagluise Absdalta, anadbaidh Dheamhan, & a nadhradh.

AGus do taidhbhreadh comhartha mór iongantach ar neamh: bean ar na héudughadh ris an ngréin, agus an ghca∣lach fá na cosuibh, agus coróin dhá réult déug air a ceann.

2 Agus ar mbeith dhí torrach, do éigh fí ré tineas leinbh, agus do píanadh í do mhían a toirrcheasa do bhreith.

3 Agus do taidhbhreadh comhartha iongantach eile ar neamh: agus féuch, dragún mór rúadh, air a rabhadar seachd gcinn, agus deich nadharca: agus seachd gcorónacha ar a cheannuibh.

4 Agus do tharruing a earball an treas cuid do réultuibh nimhe, agus do theilg iad chum na talmhan: agus do sheas an dragún a bhfíadhnuisi na mná do bhí ré hadhuigh a toirrcheasa do bhreith, chum a leinbh do shlugadh dhó ar na bhreith.

5 Agus rug sí mac, riaghlóchus na huile chineadhacha ré slait íarruinn: agus do tógbhadh súas a mac chum Dé agus chum a chathaóireach.

6 Agus do theith an bhean chum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit dhí chum a beathuighe ann sin, ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.

7 Agus do bhí cath ar neamh: do chathùigh Michéul agus a aingil ris an dragún, agus do chathuigh an dragún agus a aingil [riusun:]

8 Gidheadh ní rugadar buáidh, agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

9 Agus do theilgeadh amach àn dra∣gún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoir∣thear an dìabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile, do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.

10 Agus do chúala mé guth mór ar neamh, ag rádh; A nois atá slánughadh agus neart agus ríoghachd ar Ndéine, agus cumhachda a Chriosdsan: óir do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbh∣ráithreach, noch do bhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfiadhnuise ar Ndé.

11 Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhía∣dhnuise: agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.

12 Uime sin a fhlaitheamhnasa, bíodh gáirdeachas oruibh, agus oruibhse a luchd áitreabhas ionnta. As mairg don ta∣lamh agus do nfairge, óir táinic an día∣bhal a nsúas chuguibh lán do chuthach feirge, ar mbeith a fheasa aige gur ab aithghearr a aimsir.

13 Agus an tan do chonnairc an dra∣gún gur teilgeadh síos ar an dtalamh é, do rinne sé gérleanmhuin air an mnaói rug an leanabh mic.

14 Agus tugadh don mhnaói dhá fgia∣thán iolair mhóir, chum dul dí ar ei∣tealluigh fán bhsásach dá hionadh féin, sa náit a noiltear í, feadh aimsire agus aimsiorach agus leithe aimsire, ó amharc a naithir nimhe.

15 Agus do theilg a naithir nimhe uisge mar shruth as a béul a ndiáigh na mná, ionnus go dtiubhradh só deara dhi imtheachd ré fánuigh ris an tsruth.

16 Ach tug an talamh cabhair don mhnaói, agus dfosguil an talamh a bhéul, agus do shluig sé an sruth do theilg an dragún as a bhéul.

17 Agus do ghabh fearg an dragún ris an mnaói, agus do imthigh sé do dhéu∣namh coguidh ris an gcuid eile dhá siol, choimhéudas aitheanta Dé, agus agá bhfuil síadhnuise Jósa Criosd.

Page [unnumbered]

18 Agus do shéas mise air ghaineamh na fairge.

CAIB. XIII. Ainticriosd, & a luchd seasmhadh a nadh∣radh na nìodhol.

AGus do chonnairc mé ainmhidhe ag éirighe as an bhfairge, air a rabha∣dur seachd gcinn agus deich nadharca: agus deich gcorónacha ar a adharcuibh, & ainm blaisphéime air a cheannuibh.

2 Agus bá cosmhuil an tainmhidhe do chonnairc mé ré Liopard, agus bá cos∣mhuil a chosa ré [cosuibh] mhathgha∣mhuin mhóir, agus bá cosmhuil a bhéul ré [béul] leomhain; agus tug an dra∣gún a neart féin, agus a chathaóir, agus cumhachda móra dhó.

3 Agus do chonnairc mé ceann dá cheannuibh, amhuil do bhíadh cneadh bháis air: agus do leigheasadh a chneadh bháis: agus do ghabh iongnadh an ta∣lamh uile a ndiáigh a nainmhidhe.

4 Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, & tugadar onóir don nainmhidhe, ag rádh; Cia as cosmhuil ris a nainmhidhe? cáa fhéudus cogadh dhéunamh ris?

5 Agus tugadh béul dó labhrus neithe móra agus blaisphéimigh: agus tugadh cumhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.

6 Agus do fhosguil sé a bhéul chum Dé mhaslughadh, chum a anma mhaslu∣ghadh, agus a thabernacail, & na druinge áitreabhas air neamh.

7 Agus tugadh dhó cogadh dhéunamh ris na náomhuibh, agus buáidh do bhreith orrtha: agus tugadh cumhachda dhó ós cionn gach uile threibhe, & theanguidh, agus chinidh.

8 Uime sin do bhéuruidh na huile dhaóine áitreabhas an talamh, onóir dhó, an luchd nach bhfuilid a nanmanna fgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin, do mharbhadh ó thosach an domhain.

9 Gidh bé agá bhfuil clúas, éisdeadh sé.

10 Cía bé bhéuras [neach] ris a mbruid, rachuidh sé féin a mbruid: cía bé mhar∣bhfas ré cloidheamh, is éigean é féin do mharbhadh ré cloidheamh. Is ann so atá Foighid agus Creideamh na náomh.

11 Agus do chonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh air a ra∣bhadar dhá adhairc cosmhuil ré [hadhar∣cuibh] uáin, ach do labhradh sé mar dhragùn.

12 Agus do rinne sé gach ní dár bhféidir ris an gcéud ainmhidhe dhéu∣nmh dhá lathair, agus tug sé air an dtalamh agus air an druing áitreabhas ann, onóir do thabhairt don chéud ain∣mhidhe, agár leigheasadh a chneadh bháis.

13 Agus do rinne sé miorbhuile móra, ionnas go dtug sé fó deara teine theachd a núas ó neamh chum na talmhan, a bhfiadhnuise na ndaóineadh.

14 Agus do mheall sè an luchd áitrea∣bhas an talamh, do bhrígh na miorbhui∣leadh tugadh dhó ré a ndèunamh láthair a nainmhidhe, ag ràdh ris an luchd áit reabhas an talamh, Iomháigh a dhéu∣namh don nainmhidhe, air a raibh an buille cloidhimh, agus do bhí béo.

15 Agus tugadh cumhachda dhó, sbio∣rad do thabhairt díomháigh a nainmhi∣dhe, ionnus go laibhéoradh iomháigh a nainmhidhe, agus go dtiubhradh fó deara an mhéid nach dtiubhradh onóir díomhaigh a nainmhidhe, do mhar∣bhadh.

16 Agus tug sé air a nuile dhuine ei∣dir bheag agus mhór, eidir shaidhbhir agus dhaidhbhir, eidir sháor agus dháor, comhartha do ghabháil chuca na láimh dheis, nó a gcláruibh a néudan:

17 Agus nach bíadh cumas ag éinneach reic nó ceannach achd amháin ag an tí ar a mbíadh an comhartha, nó ainm a nainmhidhe, nó uibhir a anma.

18 Ann so atá a neagna. An tí agá bhfuil inntleachd, áirmheadh sé uibhir a nainmhidhe: óir as uibhir dhuine é: agus a se as uibhir dhó, sé chéud trí fi∣chid agus a sé.

CAIB. XIV. Búaidh Ch••••osd ùan Dé fa dheóigh ar a uile naimhdibh, a bfoghmhair dheigheanach an tsáoghail.

AGus damhairc mé, agus féuch Uan na sheasamh ar sliabh Sióin, agus céud ceithre mhile agus dâ fhichid do mhíl∣tibh na fhochair, agá raibh ainm a Athar sgríobhtha a gcláruibh a néudan.

2 Agus do chúaluidh mé guth ó neamh mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúa∣luidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil rè na gclàirseachuibh:

3 Agus do chanadar mar do bhíadh céol núadh a bhfiadhnuise na cathaói∣reach, agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathach, agus na seanóireadh: agus níor bhféidir déinneach an céol sin dfogh∣luim, achd amháin don chéud agus do na ceithre mhíle ar dhá fhichead do mhíl∣tibh, do bhí ar na gceannach ón dta∣lamh.

4 A síad so an dream nár salchadh ré mnáibh: óir as ógha íad. A síad so an dream leanas an Túan gidh bé hio∣nadh a dtéid: atáid síad ar na gcean∣nach as meadhón na ndaóineadh, na ccéudthórtha do Dhía agus do Núan.

5 Agus ní fríth cealg na mbéul: óir atáid gan cháidhe a bhfíadhnuisi cha∣thaóire Dé.

6 Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh foisgéul siorruidhe, chum a shoif∣géulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh agus threibh, & theanguidh, agus phubal:

Page [unnumbered]

7 Ag rádh do ghuth árd; Bíodh eagla Dé oruibh, agus tuguidh glôir dhó: óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh umhla don tí do chruthuigh neamh, & talamh, & an fhairrge, agus na tiubruideacha uisge.

8 Agus do lean aingeal eile, ag rádh; do thuit, Do thuit an Bhábiloin, an chathair mhór; óir tug sí air na huiie chineadhachuibh fîon feirge a fdríopa∣chuis ibhe.

9 Agus do lean an treas aingeal íad, ag rádh do ghuth árd; Má bheir éinneach onóir don nainmhidhe & dá ío∣mháigh, & go ngéubha chuige a chomhar∣tha a gclár á éudain, nó ann a láimh.

10 Ibhfidh an tise fós dfion fheirge Dé, do nfíon ghlan liontar a gcupán a fheirge, agus do gheabhuidh a phíanadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na naingeal náomhtha, agus a bhfiadhnuise a Nuáin.

11 Agus biáidh deatach a bpeannuide ag érghe súas go sáoghal na sáoghal: agus ní bhiáidh suáimhneas do ló agus doidhche ag an drong do bheir onóir don nainmhidhe agus dá iomháigh, ná ag an tí ghabhus chuige comhartha a anmasan.

12 Is ann so atá foighid na náomh: is ann so [dhearbhthar] an dream choimhéudas aitheanta Dé, agus creid∣eamh Iósa.

13 Agus do chúala mé guth ó neamh ag rídh riom; Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtighearna: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid ••••d feasda dhá sáothar, agus leanuid a noibreacha íad.

14 Agus damhairc mé, agus féuch néull geal, agus [neach] na shuidhe air a néull cosmhuil ré Mac an duine, agá raìbh coróin órrgha ar a cheann, agus corrán géur aon a láimh.

15 Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighme do ghuth árd ar an tí do bhí na shuidhe air a néull, Sáith a steach do chorrán, & buáin: óir rug aimfir na buána ort: ôir atá foghmhar na talmhan apuidhe.

16 Agus do sháith an tí do bhí na shuidhe air a néull a chorrán a steach fán dtalamh: agus do beanadh an talamh.

17 Agus táinic aingeal eile amach as an teampull, noch átá ar neamh, ag a raibh iomorro, corran géur.

18 Agus táinic aingeal eile amach ón altóir, agá raibh cumhachda ós cionn na teineadh, & do éigh sé do ghuth árd air an ti agá raibh an corrán géur, ag rádh, Sáith a steach do chorrán géur, & cnúasuigh tarpáin fhíneamhna na tal∣mhan, óir atáid a cáora apuidhe.

19 Agus do sháith an taingeal a chor∣rán a steach fán dtalamh, agus do chúasuigh sé fineamhuin na talmhan, & do theilg é a numair mór fheirge Dé.

20 Agus do brughadh an tumar ré ••••luibh don táobh amuigh don chath∣ruigh: agus táinic fuil amach as a numar go sríantuibh na neach, feadh mhíle ar shé chéud sdáid.

CAIB. XV. Seachd plágha ô Dhia ar ti dortadh a mach ar an Impireachd fhoiregeantach, iodhol∣adhrach, ré seachd nainglibh.

DO chonnairc mé na dhiáigh sin co∣mhartha mór iongantach eile ar neamh: seachd naingil, agá rábhadar na seachd bplàgha deigheanacha, óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.

2 Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairge gloinidhe ar na cumasg ré teine, agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, & ar a chomhartha, agus ar uibhir a anma, na seasamh ag an bhfairge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca:

3 Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh: As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé uilechumhachduigh; is comhthrom firin∣neach do shlighese, a Rí na ccineádhach.

4 Cía air nach biáidh eagla romhad a Thighearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? óir as tú a táonar atá náomhtha: óir tiucfuid na huile chinea∣dhacha agus sléuchdfuid ad fhíadhnuise: óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.

5 Agus damhairc mé na dhiáigh sin, agus féuch, do hosgladh teampoll tha∣bernacuil na fíadhnuise ar neamh.

6 Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrughadh ré creasganuibh órrgha a dtimchioll a nochda.

7 Agus tug beathach do na ceithre beathaidhibh, do na seachd nainglibh, seachd soithighe órrgha, líonta dfeirg Dé, mhaireas go sáoghal na sáoghal.

8 Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chu∣mhachduibh: agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go ra∣bhadar seachd bplágha na seachd nain∣geal ar na gcríochnughadh.

CAIB. XVI. Do dhóirteadh soithighe feirg Dê, ar dbuthui∣ghibh na niodhal fada ô shin.

AGus do chúaa mé guth ard as an dteampoll, ag rádh ris na seachd nain∣glibh; Imthighidh romhuibh, & dóir∣tigh soithighe fheirge Dé ar an dtalamh.

2 Agus do imthigh an chéudaingeal roimhe, agus do dhóirt sé a shoitheach ar an dtalamh: agus do éiridh droch neasgóid nimhneach don druing ar a raibh comhartha a nainmhidhe, agus don luchd do onóruigh a iomháigh.

3 Agus do dhoirt an dara haingeal a shoitheach fán bhfairge, agus tárrla dhi bheith mar fhuil dhuine mhairbh: agus fuáir a nuile bheathach sa bhfairrge bás.

4 Agus do dhóirt an treas aingeal

Page [unnumbered]

a shoítheach sna haibhnibh agus sna tiubruidibh fioruisge: agus do rinneadh fuil diobh.

5 Agus do chúala mé aingeal na nuisgeadh ag rádh; Is comhthrom thú a Thighearna, noch atá, agus do bhí, agus bhías, tré go rug tú breath air na neithibhse.

6 Oir do dhóirteadarsan fuil na náomh & na bhfáidheadh & tug tusa fuil ré ól dóibh: óir do thuilleadar sin.

7 Agus do chúaluidh mé neach eile ó níosdadh náomhtha ag rádh; A seadh, a Thighearna a Dhé uile chumhachduigh, is firinneach comhthrom do bhreathasa.

8 Agus do dhóirt an ceathramhadh aingeal a shoitheach ar an ngréin, agus tugadh [cumhachda] dhó, daóine do phianadh re hainteas teineadh.

9 Agus do bhádar daóine ar fiuchadh ré hainteas mór, agus do mhasluigh∣eadar ainm Dé, agá bhfuil cumhachda ós na plághuibhsi: & ni dhearnadar aithrighe, chum glóire do thabhairt dósan.

10 Agus do dhóirt an cúigeadh aingeal a shoitheach ar chathaóir a nainmhidhe, agus do rinneadh a ríoghachd dorcha, agus do chognadar a dteangtha ré hiomad doilgheasa:

11 Agus do mhasluigheadar Día neimhe tré iomad a ndoilgheasa agus a neasgóideadh, agus ní dhearnadar aith∣righe ar son a noibreacha.

12 Agus do dhóirt an seiseadh ain∣geal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes, agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.

13 Agus do chonnairc mé trí spio∣rada neamhghlana bâ cosmhuil ré fro∣guibh [ag teachd amach] as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.

14 Oir is spiorada deamhan íad, bhíos ag déunamh comharthadh, [agus] théid amach go ríoghuibh na talmhan, & an domhuin uile, chum a gcomhchruin∣nighe a gceann chatha láe mhóir Dhé uilechumhachduigh.

15 (Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd mar ghaduighe.) Is beannuighe an tí do ní faire, & choimhéudus a éuduighe, deagla go siubhaladh sé lomnochduighe, agus go bhfáicfedís a náire.)

16 Agus do chruinnidh [Día] íad go háit dá ngoirthear a Neabhrais, Ar∣mageddon.

17 Agus do dhóirt an seachdmhadh aingeal a shoitheach fá a naiér: agus táinic guth árd amach as teampoll neimhe ón gcathaóir ag rádh; Atá sé déunta.

18 Agus do bhádar gothanna, agus teinteách, agus tóirrneach ann: agus tárrla crioth mór talmhan ann, nach raibh a leithid ann a ríamh ón trath fá rabhadar daóine ar an dtalamh, chomhmór sin do chrioth talmhan.

19 Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí ccotannuibh, & do thuiteadar caithreacha na gcineadhach, & tháinic an Bhabilóin mhór a gcuimhne a lathair Dé, ionnus go dtiubhradh sé cupán dfíon chuthuigh a fheirge dhi:

20 Agus do theith gach uile oiléun, agus ní raibh na sléibhthe air fagháil.

21 Agus do thuit cloichshneachda mór a núas ó neamh a gcomhthrom tal∣luinne air dhaóinibh: & do mhasluighea∣dar daóine Día, tré phláigh an chloichsh∣neachda sin: ôir do bhí a phláigh romhór.

CAIB. XVII. Bhreitheamhnus na Sdriopuigbe môire, noch tharraing tiortha oile go umbla a hio∣mhuighe greanta, lê na saidbhrios, neirt, & foghluim.

AGus táinic aingeal do na seachd nainglibh agá rabhadar na seachd foithighe, & do labháir sé riom, ag rádh; Gabh a leith, taisbéuna mé dhuit dámnu∣ghadh na méirrdrigh móire, atá na suidhe ár uisgedhibh iomdha:

2 Ré a ndearnadar ríghthe na tal∣mhan sdríopachas, agus agá bhfuilid áitreabhuidh na talmhan ar misge ó fhion a sdriopachais.

3 Agus rug sé ris mé fán bhfásach trés an spioruid, agus do chonnairc mé bean na suidhe ar ainmhidhe air dhath na sgárrlaóide, lán danmannuibh blaisphéimighe, ar a rabhadar seachd gcinn, agus deich nadharca.

4 Agus an bhean ar na héudughadh do phurpair agus do sgárrlaóid agus ar na hóradh ré hór, agus ré clochuibh morluâidh, agus ré péurluighidh, [agus] do bhí cupán órrgha aice na láimh, lán do ghráineamhlachd agus do neamh∣ghloine a sdríopachais.

5 Agus ainm sgríobhtha a gclár a héuduin, RUINDIAMHAIR, an Bha∣bilón mhór, mathair sdríopachais agus ghráineamhlachda na talmhan.

6 Agus do chonnairc mé an bhean sin air misge dfuil na náomh, agus dfuil mhairtíreach Jósa: agus ar na faicsin damh, do ghabh iongnadh romhór mé.

7 Agus dubhairt an taingeal riom, Créd fá ngabhann iongnadh thú? foill∣séochadsa dhuit rúindiamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, & deich nadharca.

8 An tainmhidhe do chonnairc tú, do bhi sé ann, agus ní bhfuil: agus eiréo∣chuidh sé a níos as an bpoll dubhaigéin, agus do gheubhuidh a sgrios: & budh hiongnadh ris an luchd áitreabhas an ta∣lamh (ag nach bhfuil a namanna sgrío∣bhtha a leabhar na beatha ó thús an do∣mhain) an tan do chífid an tainmhidhe, do bhí ann, & nach bhfuil, & fós atá.

9 Ann so atá a ninntinn aga bhfuil eagna. Na seachd gcinn úd, is seachd gcnuic íad, ar a bhfuil an bhean na suidhe.

10 As seachd righthe íad mar a gcéud∣na: do thuiteadar cúigfhear [dhíobh,]

Page [unnumbered]

agus mairidh áon, agus atá [áon] eile an teachd fós: & an tan thiucfus 〈◊〉〈◊〉 as goirid chaithfeas sé fuireach.

11 Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios.

12 Agus na deich nadharca do chonnairc tú, as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, ach ghea∣hus cumhachda chuca mar ríoghuibh, a náonúair ris a nainmhidhe.

13 Atáid so dhéunchomhairle, agus o bhéuruid a neart, agus a gcumhachda dón nainmhidhe.

14 Comhruicfid an dreamsa ris a Núan, agus béuruidh an Túan buáidh orrtha: óir a sé Tighearna na dti∣ghearnadh é, agus Rí na rightheadh: agus an luchd atá dhá tháobh, atáid ad ar na ngairm, agus ar na dtogha, agus ionnruic.

15 Agus a dubhairt sé riom; Na huisgeadha do chonnairc tù, sa nionadh a bhfuil an mheirrdreach na suidhe, as ••••ibleacha, & coimhthionóil, & cíneadha∣cha, agus teangtha iad.

16 Agus na deich nadharca do chon∣nairc tú air a nainmhidhe, biáidh fúath ca don mheirrdrigh, agus fúigfid fá∣fuighe nochduighe í, agus íosuid a feóil, agus loisgsid re teine í.

17 Oír do chuir Día na gcroidhthibh a thoil féin do dhéunamh, agus íad féin do bheith déuntoil, agus a rioghachd do thabhairt don nainmhidhe, go coimhlion∣fuighear bríathra Dé.

18 Agus an bhean do chonnairc tú, a sí an chathair mhór í, agá bhfuil noghachd ós ríoghuibh na talmhan.

CAIB. XVIII. ••••ibhneas na Naomb ioma thuitim Bhabiloin odhaladhrach, fhùar-chraibbteach (cia ar bith ì, Páganta nô Papanta.)

AGus a ndiáigh na neitheannsa, do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh cumhachda móra: agus do dheallruidh an talamh ré na ghlóir.

2 Agus do éigh sé go láidir do ghuth árd; Do thuit, do thuit an Bhabilóin mhór, agus do rinneadh áit comhnuighe deamhan di, agus ionadh congmhála gach spioruide neamhghloine, agus áit cumhduigh gach éin fhúathmhair neamhghloin,

3 Oir do ibheadar na huile cineadha∣cha dfion fheirge a sdríopachuis, agus do rinneadar ríghthe na talmhan sdrío∣pachas ría, agus atáid ceannuighthe na talmhan ar na ndéunamh saidhbhir ré hiomad a saimhe.

4 Agus do chúala mé guth eile ó neamh ag rádh; Tigidh amach aisde, mo phoballa, deagla bheith díbh pár∣tach ré na peacaidhibh, agus páirt dfagháil díbh dhá plághuibh.

5 Oír do leanadar a peacthuigh a cheile go neamh, agus do choimhnigh Día air a drochbheartuibh.

6 Tuguidh dhi do réir mar thug sise dhíbhse, agus tuguidh dhi go dú∣balta do réir a gníomhartha, líonuidh dhi go dúbalta an cupán do lîon sise dhíbhse.

7 Ionann agus do árduigh sí í féin a nglòir agus a naóibhneas, tuguidh dhi sa méid chéudna peannuid & doilgheas: óir a deir sí na croidhe, Atáim um shuidhe a nionadh bainnrioghna, agus ní bainntreabhach mé, agus ní fhaicfe mé doilgheas.

8 Uime sin a náon lá amháin tiuc∣fuid a plágha, bás, agus doilgheas, agus gorta: agus loisgfighthear í ré teine: óir is neartmhar an Tighearna Día bhéuras breath dhamnuighe uirrthe.

9 Agus béid ríghthe na talmhan ag gul agus ag caói ar a son, noch do chaith a mbeatha a nadhaltrannas agus a sáimhe maille ria, an tan chífid deatach na teineadh ré loisgfighthear í:

10 Agus feasfuid siad a bhfad uáithe ré faitcheas a peannuide, ag rádh; As trúagh, trúagh, an chathair mhór Babilón, an chathair thréun, óir a náonuáir amháin tháinic do bhreith∣eamhnus.

11 Agus béid ceannuighthe na tal∣mhan ag gul, agus ag caòi ós a cionn: do bhrígh nach cceannchan éunduine a nearradha ní sa mhó:

12 A nearradha óir, agus airgid, agus chloch mbuadha, agus pheurluidh∣eadh, & línéuduigh toghtha, & phurpair, & shíoda, agus sgàrlaóide, agus gach gné adhmuid Thine, agus gach gné shoithidh [nithear] dfiaclaibh Elephaint, agus gach gné shoithidh [níthear] dadh∣mad mhórluáidh, agus do phrás, agus díarann, agus do mharmar,

13 Agus cainéul, agus neithe deagh∣bhaluidh, agus oinnemeint, agus túis, agus fíon, agus ola, agus plur míngheal, agus cruithneachd, agus ainmhinntighe, agus caóiridh, agus éich, agus carbuid, agus searbhfhoghantuighidh, & anmanna daóineadh.

14 (Agus do imthigheadar na tórtha ann a raibh fonn ag thanam, uáid, agus do imthigheadar na huile neithe méithe maiseacha uáid, agus ní bhéid siad ar fagháil feasda agud.)

15 Seasfuid ceannuighthe na neith∣eannsa do rínneadh saidhbhir ría, a bhfad uáithe, ar eagla a peannuide, ag gul agus ag caói,

16 Agus ag rádh; As trúagh, trúagh, an chathair mhór, do bhí ar na héud∣ughadh do linéudach toghtha, agus do phurpaír, agus do sgárlaóid, agus do bhí ar na hóradh ré hór, agus ré cloch∣uibh búadha, & ré péurluighibh. Cionnas do cuireadh fá chéile a chomhmór sin do shaidhbhrios ré headh éunuáire.

17 Agus feasfuidh gach maighifdir

Page [unnumbered]

luinge, agus gach duine shéolas a lon∣guibh, agus na máirnéuluigh, agus an mhèid do gheibh sochar na fairrge, a bhfad uáithe.

18 Agus béid ag éighmhe, an tan chífid deatach na teineadh ré a loisg∣fightear í, ag rádh; Cía [an chathair bá] cosmhail ris an gcathair mhóirse?

19 Agus teilgfid luáithreadh ar a gceannuibh, agus béid ag éighmhe, ag gul, agus ag caói, ag rádh; As trúagh, trúagh, an chathair mhór, ré ndear∣nadh saidhbhir an mhéid agá rabhadar longa ar fairrge, do bhrígh a saidh∣bhriosa sin: óir do fasuigheadh î a néunuáir.

20 O a fhlaitheamhnuis, bíodh gair∣deachas ort dá táobh, agus oruibhse a apsdala agus a fháidhe náomhtha, óir do rinne Día dioghaltus uirrthe ar bhur sonsa.

21 Agus do thóg aingeal neart∣mhar áirighe cloch súas mar chloich mhóir mhuilinn, agus do theilg [í] sa bhfairrge, ag rádh; Is mar so teilg∣fidhthear an Bhabilón an chathair mhór sios ré foirrneart, agus ní bhiáidh air fagháil ní sa mhó.

22 Agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim chláirséoradh, ná luchd ciúil, ná phíobaireadh, ná thrompói∣readh: & ni bhiáidh éinfhear ceirde déincheird air bith air fagháil ionnad ní sa mhó, agus ní cluinfighthear ionnad ni sa mhó, fuáim chloichthe muilinn:

23 Agus ní shoillséochuigh solas coinnle nî sa mhó íonnad: agus ní cluinfigh∣thear guth fir ná mná nuadhphólda ní sa mhó ionnad: óir bá hiad do cheannuighthe. daóine móra na talmhan, agus is red phiséoguibh do mealladb na huile chineadhacha.

24 Agus is innte frith fuil na bhfaidh∣eadh, agus na náomh, & na nuile [dhaói∣neadh] do marbhadh ar an dtalamh.

CAIB. XIX. Caithreim ainglidhe arson cheirte Dê, a ndio∣ghla sola a nâomh ar a nluchd sáruighte.

AGus a ndiáigh na neítheannsa, do chúala mé guth árd buidhne móire ar neamh, ag rádh; Alleluía, slánughadh, agus glóir, agus onóìr agus cumhachda don Tighearna ar Ndíane.

2 Oir is firinneach comhthrom a bhrea∣thasan: óir do dhamnuigh fé an mheirr∣dreach mhór do thruáill an talamh ré na sdríopachas, agus do dhîoghail sé fuil a shearbhfhoghantuigheadh, [do dóirteabh] ré na lâimhse.

3 Agus a dubhradar an dara huáir, Alleluía: agus do éiridh a deatach súas go sàoghal na sáoghal.

4 Agus do léigeadar an cearthar ar fhichid seanóir, agus na ceithre bea∣thuigh íad féin sios, agus tugadar onóir do Dhía do bhí na shuidhe sa gcathaóir, ag rádh; Amén, alleluía.

5 Agus tàinic guth amách ón gcathaóir, ag rádh; Moluidh ar Ndía, a uile shearbh∣fhoghantuigheadha, agus a luchd air a bhfuil afhaitcheas, eidir bheag & mhór.

6 Agus do chúala mé amhuil guth budhne móire, agus amhuil fuáim uis∣geadh iomdha, agus amhuil fuáim tóirt∣nidh aintréin, ag rádh; Alleluía, óir a sé an Tighearna Dia uile chumhachdach as Rí ann.

7 Bíodh gáirdeachas agus lúathgháir oruinne, agus tugam glóir dhósan: òir táinic pósadh a Nuàin, agus do ullmhuigh a bhean í féin.

8 Agus tugadh dhi í féin do éudu∣ghadh do linéudach toghtha, glan deallruigheach: óir a sé is linéudach toghtha ann, Firéuntachd na náomh.

9 A dubhairt sé riom an tan siu; Scriobh, Is beannúighe an dream fuáir cuireadh shuipéir bhainnse a Nuáin. Agus a dubhairt riom; A siad so briathra firinneach Dé.

10 Agus do thuit mé síos agá cho∣fuibh, chum a onóruighthe: achd a dubhairt sé riom, Coimhéid nach déuna tú fin: as coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, & dod dhearbhráithribh, agá bhfuil fíadhnuise Jósa aca. Tabhair onóir do Dhia: óir a si fiadhnuise Jósa, Spiorad na fáidheadóireachda.

11 Agus do chonnairc mé neamh os∣guilte, agus féuch, each bán agus a sé dob ainm don ti do bhí na shuidhe uirrthe, An neac Díleas fírinneach, & is do réir cheirt do ní breitheamhnus agus cogadh.

12 Agus bá cosmhail a shúile ré lasair theineadh, agus [do bhádar] mórán coròineach ar a cheann: [agus] do bhí ainm sgríobhtha aige, nár mhaithne daóìneach ach dó féin.

13 Agus é ar na éudughadh déudach do tomadh a bhfuil: agus a sé ainm ghoirthear dhe, Bríathar Dé.

14 Agus do leanadar slóigh neimhe é air eachuibh bána, ar na néudughadh do líneudach toghtha, gléigheal glan.

15 Agus tháinic cloidheamh géur dhá fháobhar amach as a bhéul, chum na gcineadhach do bhúaladh ris: & do dhéunuidh sé a ríaghlughadh ré flait íaruinn: agus a sé shaltras fá na chosaibh umar fiona cuthuigh fheirge Dé uile chumhachduigh.

16 Agus do bhí ainm fgríobhtha aige air a éudach, agus air a shlíasaid, Ri na ríghtheadh, agus Tighearna na dtighearnadh.

17 Agus do chonnairc mé aingeal áirighe na sheasamh fa ngréin, noch do éigh do ghuth árd, ag rádh ris na huile éunlaith do bhí ag eitealluigh a lár neimhe; Tigidh, agus cruinnigh∣thear sibh chum suipéir Dé mhóir.

18 Chum féola ríghtheadh dithe-dhíbh,

Page [unnumbered]

agus féola árdchaiptíneadh, agus féola dhaóineadh cumhachdach, agus féola each, agus an mharcshluáigh bhías orr∣tha, agus féola na nuile, eidir sháor, & dháor, eidir bheag agus mhór.

19 Agus do chonnairc mé an tain∣mhidhe, agus ríghthe na talmhan, & a slóigh ar na gcruinniughadh a bhfochair a chéile, chum coguidh dhéunamh ris an tí do bhí ar muin a neich, & ré na shlùagh.

20 Agus do gabhadh an tainmhidhe, & an faidh fallsa maille ris, noch do rinne míorbhuileadh na fhíadhnuise, léur mheall sé an dream do ghabh comhartha a nainmhidhe chuca, & tug onóir dhá io∣mháigh: & do teilgeadh íad ar áon beó a loch teineadh ar dearglasadh lé ruibh:

21 Agus do marbhadh an chuid eile ré cloidheamh an tí do bhí air muin a neich, tháinic amach as a bhéul: & do sásadh na huile éunlaith ré na bhfeóil.

CAIB. XX. Sonas Séunmhar na Heagluise fhirinnigh ar an ttalamb, re aimfir fhada, tar êis seris na níodhal.

AGus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh eochar an phuill dubhaigéin, agus slabh∣radh mór ann a láimh.

2 Agus rug fé ar a ndrágún, an scanathair nimhe, noch is díabhal agus i Satán ann, agus do cheanguil sé é míle blíadhain.

3 Agus do theilg é sa bpoll dubhaigéin, & do dhún, & do chuir sé séulá air, ionnus nach meallsadh sé na cineadhacha ní sa mhó, go ccoimhlíonfuidh an míle blídhan: & na dhiáigh sin is éigean a sgaóileadh feadh aimsire aithghearra.

4 Agus do chonnairc mé cathaóireacha, & do shuigheadar [dream] ionnta, & do tugadh breitheamhnus dóibh: & [do chonnairc mé] anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhíadhnuise Jósa, & ar son bhreithre Dé, & nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, & nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná ńa láimh: & mairfid, & béid na ríoghuibh a bhfo∣chair Chríosd míle blíadhuin.

5 Agus an chuid eile do na mar∣bhuibh, ní búdh béo íad a rís, go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí sò an chéud eiséirghe.

6 Achd beannuighe, & is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: [óir] ni bhfuil cumhachda ag an dara bás orrtha so: ach béid síad na sagar∣tuibh do Dhía & do Chríosd, & béid na ríoghuibh na fhochairsean, míle blíadhuin.

7 Agus an tan chríochnóchar an míle blíadhan, fgaóilfighthear Satán as a phríosún,

8 Agus racha sé amach do mhealladh na gcineadhach, noch atá a gceithre corruibh na talmhan, Gog, & Magog, chum a gcnúasuigh a gceann a chéile chum catha, agá bhfuil a nuibhir amhuil ghaineamh na fairrge.

9 Agus do chúadar súas ar leithead na talmhan, agus do thimchiolladar campa na nâomh, agus an chathair ionmhuin: & táinic teine a núas ó neamh ó Dhía, agus do shluig sí íad.

10 Agus do theilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh & ruibhe, mar a bhfuil an beathach & an faidh fallsa, & béid síad dá bpíanadh do ló agus doidhche go fáoghal na sàoghal.

11 Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe, & ní fríth a náit.

12 Agus do chonnairc mé na mairbh eidír bheag agus mhór na seafamh a bhfiadhnuise Dé: agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon [leabhar] na Beatha: & rugadh breath ar na marbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.

13 Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhì innte: agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh.

14 Agus do teilgeadh an bás agus isearn a loch teineadh: a sé so an dara bás.

15 Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha, do teilgeadh é sa loch teineadh.

CAIB. XXI. Neamh núadh & talamh nûadh arson na bfirein.

AGus do chonnairc mé neamh núadh, & talamh núadh: óir do chúaidh an céidneamh & an céud thalamh thoruinn: & ní raibh fairrge ann ní sa mhó.

2 Agus do chonnairc mìsi Eóin, an chathair náomhtha Jerusalem núadh, ag teachd ó Dhía a núas ó neamh, ar na huimhughadh, amhuil ghléusas bean nùadhphósda í féin fá chomhair a fir.

3 Agus do chúala mé guth mór ó neamh, ag rádh; Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair: agus béid siadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion.

4 Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na súilibh: & ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe & ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.

5 Agus a dubhairt an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir; Féuch, do ním na huile neithe núadh. Agus a dubhairt sé riom, Sgríobh: óir is frinneach dileas na bríathrasa.

6 Agus a dubhairt sé riom; Atá sé déunta: as mise Alpha agus Omé∣ga, an tosach agus an deireadh. Do bhéura mé don tí ar a bhfuil tart [ní ré ibhe] do thobar uisge na beatha a naisgídh.

Page [unnumbered]

7 An tí bheireas buáidh, budh hoigh∣re é ar na huile neithibh: agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.

8 Ach go gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamh∣la, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhal∣trannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh, noch is dara bás ann.

9 Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh; Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.

10 Agus rug sé leis mé trés an sbio∣ruid chum sléibhe móir áird, agus do thaisbéin sé dhamh an chathair mhór, Jerusalém náomhtha, ag teachd ó Dhía a núas ó neamh:

11 Agá raibh glóir Dé: agus bá cosmhail an lonnradh do bhí innte ré cloich ro úasail, mar chloich Iaspis comhghlan ré Criosdal.

12 Agus do bhí balla mór árd aice ar a rabhadar dhá gheata dhéug, agus dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon [anmanna] dhá threabh dhéug chloinne Isráel.

13 [Do bhádar] trí gheata don táobh shoir: trí gheata don táobh thuáigh, trí gheata don táobh theas, [agus] trí gheata don táobh shíar.

14 Agus do bhádar dhá fhonnda∣meint déug ag balla na caithreach, & iontasan anmanna dhá absdail déug a Nuáin.

15 Agus do bhí ag an tí do labhair riom giolcach órrgha, chum na caith∣reach, agus a geatuigheadh, agus a balla do thomhas dó.

16 Agus do bhí an chathair ar na suighiughadh go ceathair-uilleannach, & dob ionann fad & leithead di: & do thomhais sé an chathair ris an ngiolcach, dhá mhile dhéug sdáid: & is ionann fad agus leithead agus áirde dhi.

17 Agus do thomhais sé a balla, céud & ceathair air dhá fhichead chubhad, do réir mhiosuir dhuine, eadhon a naingil.

18 Agus is ré [cloich] Iaspis do tóg∣bhádh súas a balla: agus bá hór glan an chathair féin, cosmhail ré gloine fiorghlan.

19 Agus [do bhádar] fonndameinn∣tíghe bhalla na caithreach ar na ndéu∣namh deaghmhaiseach ris a nuile gné chloch uasal, [Bá] Jaspis an céud fhun∣dameint: Saphir an dara [fonnda∣meint:] Chalcédoin an treas [fonnda∣meint:] Smaragaid an ceathramhadh [fonndameint:]

20 Sardónix an cúigeadh [fonnda∣meint:] Sardiuis an seiseadh [fonnda∣meint:] Chriosolit an seachdmhadh [fonndameint:] Berill an tochdmhadh [fonndameint:] Topáis an náomhadh [fonndameint:] Chrisophrasuis an deach∣mhadh [fonndameínt:] Jácint an tâonu∣ghadh [fonndameint] déug: Ametist an dara [fonndameint] déug:

21 Agus [do bhadar] an dà gheat dhéug na ndá bpéurla dhéug, agus is déinphéurla [do rinneadh] gach geata dhíobh fó leith: agus [do bhí] sráid na caithreach na hór ghlan, amhuil gloine dheallruigheach.

22 Agus ní fhacuidh mé teampoll innte: óir a sé an Tighearna Día uile chu∣mhachdach, & an Tûan as teampoll di.

23 Agus ní ríachdanach air an ccath∣ruighse grían ná gealach do shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, & a sé an Túan is sólas di.

24 Agus siubhalfuidh na cineadhacha ann a solas sin: agus béuruid ríghthe na talmhan a nglóir & nonóir chuice.

25 Agus ní dúnfuighthear a geatuidhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.

26 Agus béurthar glóir agus onóir na gcineadhach da hionnsuighe.

27 Agus ni racha a steach innte ní ar bíth neamhghlan, ná do ní gráineamh∣láchd, ná bréug: achd amháin an dream atá sgrìobhtha a leabhar bheatha a Nuáin.

CAIB. XXII. Foillsiughadh Pharrtháis neamhdha; 9 Gan adhradh daingiol ar bith; & Comhdhnadh an leabhair.

AGus do thaisbéin sé dhamh sruth glan duisge na beatha, coimh∣dheallruigheach ré criosdal, ag teachd amach ó chathaóir Dé, agus a Nuáin.

2 [Agus] a lár shráide na caith∣reachsin, & ar gach táobh don tsruth, [do bhí] crann na beatha, do bheireadh dhá thoradh dhéug úadha, & do bheireadh a thoradh úadha gacha míos: agus [do fhoghain] duille an chroinnsin chum leighis na gcineadhach.

3 Agus ní bhiáidh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: ach biáidh ca∣thaóir Dé, agus a Nuáin innte: agus do dhéunuidh a sheurbhfhoghantuigh∣eadha seirbhis dó.

4 Agus do chífid síad a adhuigh, & [biaidh] a ainm â gcláruibh a néudan.

5 Agus ní bhiáidh oidhche ann sin, agus ní bhfuil uíreasbhuidh Ióchruinn ná sholais gréine orrtha: óir do bheir an Tighearna Día solas dóibh, agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.

6 Agus a dubhairt sé riom; Is dí∣leas firinneach na bríathrasa: agus do chuir an Tighearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal úadha, dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh féin, na neithe is éigean do dhéunamh go haithghearr.

Page [unnumbered]

7 Féuch, tigim go lúath. Is beannui∣ghe an tí choimhéudus bríathra fáidhea∣doireachda an leabhairse.

8 Agus mise Eóin, an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala, agus do chonnairc [íad,] do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh.

9 Achd a dubhairt sé riom; Seachuin thú ar [sin do dhéunamh:] óir is coimh∣shearbf hoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh do na fáidhibh, & don druing choimhéudas bríathra an leabh∣airse: déun sléuchduin do Dhía.

10 A dubhairt sé riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadôireachda an leabhairse, óir atá a naimsir a lathair.

11 An tí do ní éugcóir, déunadh tugcóir do ghnáth: agus an tì atá neamhghlan, bíodh neamhghlan do ghnáth: agus bíodh an firéun, fir∣éunta do ghnáth: agus bíodh an náomh, náomhtha do ghnàth.

12 Agus féuch, is gearr go dtiucfa mé, agus mo luach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.

13 As misi Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéidneach agus an neach deigheanach.

14 As beannuighe an dream choi∣mhéudas a aitheanta, ionnus go mbí∣adh cumas chrainn na beatha aca, agus cumas dul a steach très na geataidhibh don chathruigh.

15 Oir don táobh amuigh [béid] na madruigh, & luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, & gach neach ghrádhuigheas, & do ní an bhréug.

16 Do chuir mise Jósa, maingeal uáim, chum fíadhnuise do dhéunamh dhibhse ar na neithibhse sna heagluiseachuibh. Is mise fréumh & slióchd Dháibhi, réult dheallruigheach na maidne.

17 Agus a deir an Sbiorad agus an bhean nûadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart: agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.

18 Oír do ním dfiadbnuise dá gach áon dá gcluin bríathra faidheadóireachda an leabhairse, Dá gcuiridh éinneach tuil∣leadh ríu so, go gcuirfe Día airsean na plágha atá sgriobhtha sa leabharsa:

19 Agus dá mbeanuidh éinneach do bhríathruibh leabhair na fáidheadói∣reachdsa, beanfuidh Dîa a chuidsion as leabhar na beatha, & as a gcathair náomhtha, & a na neithibh atà sgrío∣bhtha sa leabharsa.

20 A deir an Tí do nî fíadhnuise na neitheaunsa, Go deimhin is gearr go dtiucfa mé, Amén. Uime sin tárr a Thighearna Jósa.

21 Grása ar Dtighearna Jósa Críosd maille ribh uile. Amén.

FINID.
Do you have questions about this content? Need to report a problem? Please contact us.